Notice: This is a Juremy.com rendered version. Only European Union documents published in the Official Journal of the European Union are deemed authentic. Juremy accepts no responsibility or liability whatsoever with regard to the content of this document.
Base data © European Union, 1998-2024. Postprocessed and marked-up data © 2019-2024 Juremy.com, all rights reserved.
Render version: 0.1, render date: 2024-07-24
Europos Sąjungos
oficialusis leidinys
LT
Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh
GA
L serija
Sraith L
2024/1689
2024 7 12
2024/1689
12.7.2024
EUROPOS PARLAMENTO IR TARYBOS REGLAMENTAS (ES) 2024/1689
RIALACHÁN (AE) 2024/1689 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
2024 m. birželio 13 d.
an 13 Meitheamh 2024
kuriuo nustatomos suderintos dirbtinio intelekto taisyklės ir iš dalies keičiami reglamentai (EB) Nr. 300/2008, (ES) Nr. 167/2013, (ES) Nr. 168/2013, (ES) 2018/858, (ES) 2018/1139 ir (ES) 2019/2144 ir direktyvos 2014/90/ES, (ES) 2016/797 ir (ES) 2020/1828 (Dirbtinio intelekto aktas)
lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh. 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (an Gníomh um an Intleacht Shaorga)
(Tekstas svarbus EEE)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
EUROPOS PARLAMENTAS IR EUROPOS SĄJUNGOS TARYBA,
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
atsižvelgdami į Sutartį dėl Europos Sąjungos veikimo, ypač į jos 16 ir 114 straipsnius,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 16 agus 114 de,
atsižvelgdami į Europos Komisijos pasiūlymą,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
teisėkūros procedūra priimamo akto projektą perdavus nacionaliniams parlamentams,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
atsižvelgdami į Europos ekonomikos ir socialinių reikalų komiteto nuomonę (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
atsižvelgdami į Europos Centrinio Banko nuomonę (2),
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach (2),
atsižvelgdami į Regionų komiteto nuomonę (3),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún (3),
laikydamiesi įprastos teisėkūros procedūros (4),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (4),
kadangi:
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
šio reglamento paskirtis – pagerinti vidaus rinkos veikimą nustatant vienodą teisinę sistemą, visų pirma skirtą dirbtinio intelekto sistemų (toliau – DI sistemos) kūrimui, pateikimui rinkai, pradėjimui naudoti ir naudojimui Sąjungoje paisant Sąjungos vertybių, skatinti į žmogų orientuoto ir patikimo dirbtinio intelekto (toliau – DI) įsisavinimą kartu užtikrinant aukšto lygio sveikatos, saugumo, pagrindinių teisių, įtvirtintų Europos Sąjungos pagrindinių teisių chartijoje (toliau – Chartija), apsaugą, įskaitant demokratijos, teisinės valstybės ir aplinkos apsaugą, saugoti nuo žalingo DI sistemų poveikio Sąjungoje ir remti inovacijas. Šiuo reglamentu užtikrinamas laisvas DI grindžiamų prekių ir paslaugų tarpvalstybinis judėjimas, taip užkertant kelią valstybėms narėms nustatyti apribojimus DI sistemų kūrimui, teikimui rinkai ir naudojimui, nebent tai aiškiai leidžiama pagal šį reglamentą;
(1)
Is é is cuspóir don Rialachán seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le córais intleachta saorga (córais IS) a fhorbairt, a chur ar an margadh, a chur i seirbhís agus a úsáid san Aontas, i gcomhréir le luachanna an Aontais, chun glacadh na hintleachta saorga atá dírithe ar an duine agus iontaofa (intleacht shaorga) a chur chun cinn agus, ag an am céanna, ardleibhéal cosanta sláinte, sábháilteachta agus cearta bunúsacha mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint an chomhshaoil, chun cosaint a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas, agus chun tacú le nuálaíocht. Áirithítear leis an Rialachán seo saorghluaiseacht trasteorann earraí agus seirbhísí atá bunaithe ar an intleacht shaorga, rud a chuireann cosc ar na Ballstáit srianta a fhorchur ar fhorbairt, margaíocht agus úsáid córas intleachta saorga, ach amháin má údaraítear sin go sainráite leis an Rialachán seo.
(2)
šis reglamentas turėtų būti taikomas vadovaujantis Chartijoje įtvirtintomis Sąjungos vertybėmis, palengvinti fizinių asmenų, įmonių, demokratijos, teisės viršenybės ir aplinkos apsaugą, kartu skatinti inovacijas ir užimtumą ir užtikrinti, kad Sąjunga taptų patikimo DI įsisavinimo lydere;
(2)
Ba cheart an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir le luachanna an Aontais mar a chumhdaítear sa Chairt iad, rud a éascóidh cosaint daoine nádúrtha, gnóthas, an daonlathais, an smachta reachta agus cosaint an chomhshaoil, agus ag an am céanna a chuirfidh borradh faoin nuálaíocht agus faoin bhfostaíocht agus a fhágfaidh go mbeidh an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le glacadh na hintleachta saorga iontaofa.
(3)
DI sistemos gali būti lengvai įdiegiamos labai įvairiuose ekonomikos sektoriuose ir lengvai plisti visose visuomenės grupėse, taip pat tarpvalstybiniu mastu, ir jos gali lengvai cirkuliuoti visoje Sąjungoje. Tam tikros valstybės narės jau išnagrinėjo galimybę priimti nacionalines taisykles, siekdamos užtikrinti, kad DI būtų patikimas bei saugus ir kuriamas bei naudojamas laikantis su pagrindinėmis teisėmis susijusių pareigų. Skirtingos nacionalinės taisyklės gali lemti vidaus rinkos susiskaidymą ir gali sumažinti teisinį tikrumą DI sistemas kuriantiems, importuojantiems ar naudojantiems veiklos vykdytojams. Todėl, siekiant užtikrinti patikimą DI, visoje Sąjungoje reikėtų užtikrinti nuoseklią ir aukšto lygio apsaugą ir užkirsti kelią skirtumams, trukdantiems DI sistemoms ir susijusiems gaminiams ir paslaugoms laisvai cirkuliuoti vidaus rinkoje, taip pat jų inovacijoms, diegimui ir įsisavinimui vidaus rinkoje, nustatant vienodas pareigas veiklos vykdytojams ir garantuojant vienodą svarbių viešojo intereso tikslų ir asmenų teisių apsaugą visoje vidaus rinkoje, remiantis Sutarties dėl Europos Sąjungos (toliau – SESV) veikimo 114 straipsniu. Tiek, kiek šiame reglamente yra konkrečių taisyklių dėl asmenų apsaugos asmens duomenų tvarkymo srityje, susijusių su DI sistemų naudojimo apribojimais, taikomais nuotoliniam biometriniam tapatybės nustatymui teisėsaugos tikslu, DI sistemų naudojimu fizinių asmenų rizikos vertinimams teisėsaugos tikslu ir biometrinio kategorizavimo DI sistemų naudojimu teisėsaugos tikslu, tikslinga, kad šio reglamento pagrindas tų konkrečių taisyklių atžvilgiu būtų SESV 16 straipsnis; Atsižvelgiant į tas konkrečias taisykles ir rėmimusi SESV 16 straipsniu, tikslinga konsultuotis su Europos duomenų apsaugos valdyba;
(3)
Is féidir córais intleachta saorga a úsáid go héasca i raon leathan earnálacha den gheilleagar agus in go leor codanna den tsochaí, lena n-áirítear thar theorainneacha, agus is féidir iad a scaipeadh go héasca ar fud an Aontais. Tá fiosruithe déanta ag Ballstáit áirithe cheana féin maidir le rialacha náisiúnta a ghlacadh chun a áirithiú go bhfuil an intleacht shaorga iontaofa agus sábháilte agus go bhforbraítear agus go n-úsáidtear í i gcomhréir le hoibleagáidí i ndáil le cearta bunúsacha. Ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus laghdú ar an deimhneacht dhlíthiúil le haghaidh oibreoirí a fhorbraíonn, a allmhairíonn nó a úsáideann córais intleachta saorga, d’fhéadfadh an méid sin a bheith mar thoradh ar rialacha náisiúnta éagsúla a bheith ann. Ba cheart, dá bhrí sin, ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú ar fud an Aontais chun intleacht shaorga iontaofa a ghnóthú, agus dibhéirseachtaí a chuireann isteach ar shaorghluaiseacht, nuálaíocht, cur in úsáid agus glacadh na gcóras intleachta saorga laistigh den mhargadh inmheánach, mar aon leis na táirgí agus na seirbhísí a bhaineann leo a chosc trí oibleagáidí aonfhoirmeacha le haghaidh oibreoirí a leagan síos agus trí chosaint aonfhoirmeach cúiseanna sáraitheacha a ráthú a bhaineann le leas an phobail agus cosaint daoine ar fud an mhargaidh inmheánaigh ar bhonn Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Sa mhéid go bhfuil rialacha sonracha sa Rialachán seo maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta a bhaineann le srianta ar úsáid córas intleachta saorga le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ar úsáid córas intleachta saorga le haghaidh measúnuithe riosca ar dhaoine nádúrtha chun críoch fhorfheidhmiú an dlí agus ar úsáid córas intleachta saorga le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, is iomchuí an Rialachán seo a bhunú, a mhéid a bhaineann leis na rialacha sonracha sin, ar Airteagal 16 CFAE. I bhfianaise na rialacha sonracha sin agus iontaoibh Airteagal 16 CFAE, is iomchuí dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí.
(4)
DI – tai grupė greitai besivystančių technologijų, kurios duoda visokeriopą ekonominę, aplinkosauginę ir visuomeninę naudą įvairiose pramonės šakose ir socialinės veiklos srityse. Patobulinus predikciją, optimizavus operacijas ir išteklių paskirstymą, taip pat personalizavus asmenims ir organizacijoms prieinamus skaitmeninius sprendimus DI naudojimas įmonėms gali suteikti esminių konkurencinių pranašumų ir padėti siekti socialiniu požiūriu ir aplinkai naudingų rezultatų, pavyzdžiui, sveikatos priežiūros, žemės ūkio, maisto saugumo, švietimo ir mokymo, žiniasklaidos, sporto, kultūros, infrastruktūros valdymo, energetikos, transporto ir logistikos, viešųjų paslaugų, saugumo, teisingumo, išteklių ir energijos vartojimo efektyvumo, aplinkos stebėsenos, biologinės įvairovės ir ekosistemų išsaugojimo ir atkūrimo, klimato kaitos švelninimo ir prisitaikymo prie jos srityse;
(4)
Grúpa teicneolaíochtaí atá san intleacht shaorga atá ag athrú go tapa agus a chuireann le réimse leathan tairbhí eacnamaíocha, comhshaoil agus sochaíocha ar fud raon iomlán earnálacha agus gníomhaíochtaí sóisialta trí chéile. Trí fheabhas a chur ar thuar, oibríochtaí agus leithdháileadh acmhainní a bharrfheabhsú, agus réitigh dhigiteacha atá ar fáil do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí a phearsantú, is féidir le húsáid na hintleachta saorga príomhbhuntáistí iomaíocha a sholáthar do ghnóthais agus tacú le torthaí a rachaidh chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol, mar shampla i gcúram sláinte, talmhaíocht, sábháilteacht bia, oideachas agus oiliúint, na meáin, spóirt, cultúr, bainistiú bonneagair, fuinneamh, iompar agus lóistíocht, seirbhísí poiblí, slándáil, ceartas, éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh, faireachán comhshaoil, bithéagsúlacht agus éiceachórais a chaomhnú agus a athbhunú agus maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin.
(5)
kartu, priklausomai nuo aplinkybių, susijusių su konkrečiu DI taikymu, naudojimu, ir technologinės plėtros lygmeniu, DI gali kelti riziką ir padaryti žalos viešiesiems interesams ir pagrindinėms teisėms, kurių apsauga užtikrinama Sąjungos teisėje. Tokia žala gali būti turtinė arba neturtinė, įskaitant fizinę, psichologinę, visuomeninę ar ekonominę žalą;
(5)
Ag an am céanna, ag brath ar na himthosca maidir lena cur i bhfeidhm sonrach, lena húsáid agus le leibhéal na forbartha teicneolaíche, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint leis an intleacht shaorga agus d’fhéadfadh sí díobháil a dhéanamh do leasanna an phobail agus cearta bunúsacha atá faoi chosaint dhlí an Aontais. D’fhéadfadh an díobháil sin a bheith ábhartha nó neamhábhartha, lena n-áirítear díobháil fhisiceach, shíceolaíoch, shochaíoch nó eacnamaíoch.
(6)
atsižvelgiant į didžiulį poveikį, kurį DI gali daryti visuomenei, ir poreikį didinti pasitikėjimą, labai svarbu, kad DI ir jo reglamentavimo sistema būtų plėtojami vadovaujantis Sąjungos vertybėmis, įtvirtintomis Europos Sąjungos sutarties (toliau – ES sutartis) 2 straipsnyje, pagrindinėmis teisėmis ir laisvėmis, įtvirtintomis Sutartyse ir, pagal ES sutarties 6 straipsnį, Chartijoje. Būtina sąlyga – DI turėtų būti į žmogų orientuota technologija. Ji turėtų būti žmonėms skirta priemonė, kurios pagrindinis tikslas – didinti žmonių gerovę;
(6)
I bhfianaise an mhórthionchair a d’fhéadfadh a bheith ag an intleacht shaorga ar an tsochaí agus an gá le muinín a chothú, tá sé ríthábhachtach go bhforbrófaí an intleacht shaorga agus a creat rialála i gcomhréir le luachanna an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha a chumhdaítear sna Conarthaí agus, de bhun Airteagal 6 CAE, an Chairt. Mar réamhriachtanas, ba cheart an intleacht shaorga a bheith ina teicneolaíocht atá dírithe ar an duine. Ba cheart di feidhmiú mar uirlis do dhaoine, agus é mar aidhm dheiridh léi dea-bhail an duine a fheabhsú.
(7)
siekiant užtikrinti nuoseklią ir aukšto lygio viešųjų interesų, susijusių su sveikata, saugumu ir pagrindinėmis teisėmis, apsaugą, reikėtų nustatyti bendrąsias taisykles, taikomas didelės rizikos DI sistemoms. Tos taisyklės turėtų atitikti Chartiją, būti nediskriminacinės ir atitikti Sąjungos tarptautinės prekybos įsipareigojimus. Jomis taip pat turėtų būti atsižvelgiama į Europos deklaraciją dėl skaitmeninio dešimtmečio skaitmeninių teisių ir principų ir į Aukšto lygio ekspertų grupės dirbtinio intelekto klausimams (toliau – AI HLEG) parengtas patikimo DI etikos gaires;
(7)
Chun ardleibhéal comhsheasmhach cosanta a áirithiú do leasanna poiblí a mhéid a bhaineann le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha, ba cheart rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir le córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart na rialacha sin a bheith comhsheasmhach leis an gCairt, neamh-idirdhealaitheach agus i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta trádála an Aontais. Ba cheart dóibh an Dearbhú Eorpach maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha le haghaidh na Deacáide Digití agus na treoirlínte eitice le haghaidh intleacht shaorga iontaofa ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga a chur san áireamh freisin.
(8)
todėl reikia Sąjungos teisinės sistemos, kuria būtų nustatytos suderintos DI taisyklės, siekiant vidaus rinkoje skatinti kurti, naudoti ir įsisavinti DI, ir kuria tuo pat metu būtų užtikrinta viešųjų interesų, pavyzdžiui, sveikatos ir saugos, aukšto lygio apsauga ir pagrindinių teisių, įskaitant demokratiją, teisinę valstybę ir aplinkosaugą, apsauga, kaip pripažįstama ir saugoma Sąjungos teisėje. Kad toks tikslas būtų pasiektas, reikėtų nustatyti taisykles, kuriomis reglamentuojamas tam tikrų DI sistemų pateikimas rinkai, pradėjimas naudoti ir naudojimas, taip užtikrinant sklandų vidaus rinkos veikimą ir sudarant sąlygas tam, kad laisvo prekių ir paslaugų judėjimo principas suteiktų toms sistemoms naudos. Tos taisyklės turėtų būti aiškios ir tvirtos, kad būtų apsaugotos pagrindinės teisės, jomis turėtų būti remiami nauji novatoriški sprendimai, sudaromos sąlygos sukurti Europos viešųjų ir privačiųjų subjektų, kuriančių Sąjungos vertybes atitinkančias DI sistemas, ekosistemą ir išnaudoti skaitmeninės transformacijos potencialą visuose Sąjungos regionuose. Šiuo reglamentu, kuriuo nustatomos tokios taisyklės, taip pat priemonės, kuriomis remiamos inovacijos, ypatingą dėmesį skiriant mažosioms ir vidutinėms įmonėms (toliau – MVĮ), įskaitant startuolius, remiamas tikslas skatinti europinį į žmogų orientuotą DI ir tikslas pirmauti pasaulyje kuriant saugų, patikimą ir etišką DI, kaip nurodė Europos Vadovų Taryba (5), ir užtikrinama etikos principų apsauga, atsižvelgiant į specialų Europos Parlamento prašymą (6);
(8)
Dá bhrí sin, tá gá le creat dlíthiúil de chuid an Aontais lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga chun forbairt, úsáid agus glacadh na hintleachta saorga a chothú sa mhargadh inmheánach agus ag an am céanna ardleibhéal cosanta maidir le leasanna poiblí a bhaint amach, amhail an tsláinte agus an tsábháilteacht agus cosaint na gceart bunúsach, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus cosaint an chomhshaoil mar a aithnítear agus a chosnaítear faoi dhlí an Aontais. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart rialacha a leagan síos lena rialaítear cur ar an margadh, cur i mbun seirbhíse agus úsáid córas intleachta saorga áirithe, agus sa dóigh sin dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus ligean do na córais sin tairbhe a bhaint as prionsabal na saorghluaiseachta earraí agus seirbhísí. Ba cheart na rialacha sin a bheith soiléir agus láidir maidir le cearta bunúsacha a chosaint, ba cheart dóibh tacú le réitigh nuálacha nua, lena gcumasófar éiceachóras Eorpach de ghníomhaithe poiblí agus príobháideacha a chruthaíonn córais intleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais agus a bhaineann leas as acmhainneacht an chlaochlaithe dhigitigh fud réigiúin uile an Aontais. Trí na rialacha sin a leagan síos chomh maith le bearta chun tacú leis an nuálaíocht agus béim ar leith á leagan ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, tacaíonn an Rialachán seo leis an gcuspóir cur chuige Eorpach duinelárnach i leith na hintleachta saorga a chur chun cinn agus a bheith mar cheannaire domhanda i bhforbairt intleachta saorga atá slán, iontaofa agus eiticiúil mar a luaigh an Chomhairle Eorpach (5), agus áirithítear leis cosaint na bprionsabal eiticiúil, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa go sonrach (6).
(9)
didelės rizikos DI sistemų pateikimui rinkai, pradėjimui naudoti ir naudojimui taikytinos suderintos taisyklės turėtų būti nustatytos taip, kad derėtų su Europos Parlamento ir Tarybos reglamentu (EB) Nr. 765/2008 (7), Europos Parlamento ir Tarybos sprendimu 768/2008/EB (8) ir Europos Parlamento ir Tarybos reglamentu (ES) 2019/1020 (9) (t. y. naująja teisės aktų sistema). Šiame reglamente nustatytos suderintos taisyklės turėtų būti taikomos visuose sektoriuose ir, laikantis naujosios teisės aktų sistemos, neturėtų daryti poveikio esamiems Sąjungos teisės aktams, visų pirma dėl duomenų apsaugos, vartotojų apsaugos, pagrindinių teisių, užimtumo, darbuotojų apsaugos ir gaminių saugos, kuriuos šis reglamentas papildo. Todėl jokioms teisėms ir teisių gynimo priemonėms, pagal tokius Sąjungos teisės aktus numatytoms vartotojams ir kitiems asmenims, kuriems DI sistemos gali turėti neigiamą poveikį, be kita ko, kiek tai susiję su galimos žalos atlyginimu pagal Tarybos direktyvą 85/374/EEB (10), poveikis nedaromas ir jos visos yra visapusiškai taikomos. Be to, užimtumo ir darbuotojų apsaugos srityje šiuo reglamentu neturėtų būti daromas poveikis Sąjungos socialinės politikos teisei ir nacionalinei darbo teisei, atitinkančiai Sąjungos teisę, susijusią su įdarbinimu ir darbo sąlygomis, įskaitant profesinę saugą ir sveikatą ir darbdavių bei darbuotojų santykius. Šiuo reglamentu taip pat neturėtų būti daromas poveikis naudojimuisi valstybėse narėse ir Sąjungos lygmeniu pripažįstamomis pagrindinėmis teisėmis, įskaitant teisę ar laisvę streikuoti arba imtis kitų veiksmų, numatytų konkrečiose valstybių narių darbo santykių sistemose, taip pat derėtis dėl kolektyvinių susitarimų, juos sudaryti ir užtikrinti jų vykdymą ar imtis kolektyvinių veiksmų pagal nacionalinę teisę. Šiuo reglamentu neturėtų būti daroma poveikio nuostatoms, kuriomis siekiama pagerinti darbo skaitmeninėse platformose sąlygas, nustatytoms Europos Parlamento ir Tarybos direktyvoje dėl darbo skaitmeninėse platformose sąlygų gerinimo. Be to, šiuo reglamentu siekiama padidinti tokių esamų teisių ir teisių gynimo priemonių veiksmingumą nustatant konkrečius reikalavimus ir pareigas, be kita ko, susijusius su DI sistemų skaidrumu, techniniais dokumentais ir įrašų tvarkymu. Be to, įvairiems DI vertės grandinėje dalyvaujantiems veiklos vykdytojams pagal šį reglamentą nustatytos pareigos turėtų būti taikomos nedarant poveikio nacionalinei teisei, atitinkančiai Sąjungos teisę, kuria ribojamas tam tikrų DI sistemų naudojimas, kai tokia teisė nepatenka į šio reglamento taikymo sritį arba ja siekiama kitų teisėtų viešojo intereso tikslų nei tie, kurių siekiama šiuo reglamentu. Pavyzdžiui, šiuo reglamentu neturėtų būti daromas poveikis nacionalinei darbo teisei ir nepilnamečių (t. y. jaunesnių nei 18 metų asmenų) apsaugos teisei, atsižvelgiant į JT VTK bendrąją pastabą Nr. 25 (2021) dėl vaikų teisių, susijusiai su skaitmenine aplinka, jei ji nėra konkrečiai taikoma DI sistemoms ir ja siekiama kitų teisėtų viešojo intereso tikslų;
(9)
Ba cheart rialacha comhchuibhithe is infheidhme maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid a leagan síos i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9) (Creat Reachtach Nua). Ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha comhchuibhithe a leagtar síos sa Rialachán seo ar fud na n-earnálacha agus, i gcomhréir leis an gCreat Reachtach Nua, ba cheart iad a bheith gan dochar do dhlí an Aontais atá ann cheana, go háirithe maidir le cosaint sonraí, cosaint tomhaltóirí, cearta bunúsacha, fostaíocht, cosaint oibrithe, agus sábháilteacht táirgí, lena bhfuil an Rialachán seo comhlántach. Mar thoradh air sin, maidir leis na cearta agus na leigheasanna uile dá bhforáiltear leis an dlí sin de chuid an Aontais do thomhaltóirí, agus do dhaoine eile a bhféadfadh tionchar diúltach a bheith ag córais intleachta saorga orthu, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cúiteamh damáistí a d’fhéadfadh a bheith ann de bhun Threoir 85/374/CEE ón gComhairle (10), ní dhéanfar difear dóibh agus beidh siad infheidhme go hiomlán. Thairis sin, i gcomhthéacs na fostaíochta agus chosaint na n-oibrithe, níor cheart leis an Rialachán seo difear a dhéanamh do dhlí an Aontais maidir le beartas sóisialta agus dlí náisiúnta an tsaothair, i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le dálaí fostaíochta agus oibre, lena n-áirítear sláinte agus sábháilteacht ag an obair agus an caidreamh idir fostóirí agus oibrithe. Anuas air sin, níor cheart leis an Rialachán seo difear a dhéanamh d’fheidhmiú na gceart bunúsach mar a aithnítear sna Ballstáit agus ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an ceart nó an tsaoirse chun dul ar stailc nó gníomh eile a dhéanamh a chumhdaítear leis na córais shonracha caidrimh thionsclaíoch atá sna Ballstáit, chomh maith leis an gceart comhaontuithe comhchoiteanna a chaibidliú, a thabhairt i gcrích agus a fhorfheidhmiú nó gníomhaíocht chomhchoiteann a dhéanamh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Níor cheart leis an Rialachán seo difear a dhéanamh do na forálacha arb é is aidhm dóibh dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin a leagtar síos i dTreoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dálaí oibre a fheabhsú san obair ardáin. Thairis sin, is é is aidhm don Rialachán seo éifeachtacht na gceart agus na leigheasanna sin atá ann cheana a neartú trí cheanglais agus oibleagáidí sonracha a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le trédhearcacht, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead na gcóras intleachta saorga. Thairis sin, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a chuirtear ar oibreoirí éagsúla a bhfuil baint acu le slabhra luacha na hintleachta saorga faoin Rialachán seo gan dochar don dlí náisiúnta, i gcomhréir le dlí an Aontais, a bhfuil d’éifeacht acu úsáid córas intleachta saorga áirithe a theorannú i gcás ina dtagann an dlí sin lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo nó ina saothraíonn sé cuspóirí dlisteanacha maidir le leas an phobail seachas na cuspóirí a shaothraítear leis an Rialachán seo. Mar shampla, níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh don dlí saothair náisiúnta agus don dlí maidir le cosaint mionaoiseach, eadhon daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois, agus Barúil Ghinearálta Uimh. 25 (2021) ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh maidir le cearta an linbh i ndáil leis an timpeallacht dhigiteach á gcur san áireamh, sa mhéid nach mbaineann siad go sonrach le córais intleachta saorga agus go saothraíonn siad cuspóirí dlisteanacha eile maidir le leas an phobail.
(10)
pagrindinė teisė į asmens duomenų apsaugą visų pirma užtikrinama Europos Parlamento ir Tarybos reglamentais (ES) 2016/679 (11) ir (ES) 2018/1725 (12) ir Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2016/680 (13). Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2002/58/EB (14) dar papildomai saugomas privatus gyvenimas ir ryšių konfidencialumas, be kita ko, nustatant asmens ir ne asmens duomenų saugojimo galiniuose įrenginiuose ir prieigos prie jų sąlygos. Tais Sąjungos teisės aktais nustatomas tvaraus ir atsakingo duomenų tvarkymo pagrindas, įskaitant atvejus, kai duomenų rinkiniuose yra asmens ir ne asmens duomenų derinys. Šiuo reglamentu nesiekiama daryti poveikio esamų Sąjungos teisės aktų, kuriais reglamentuojamas asmens duomenų tvarkymas, taikymui, įskaitant nepriklausomų priežiūros institucijų, kompetentingų stebėti, kaip laikomasi tų priemonių, užduotis ir įgaliojimus. Juo taip pat nedaromas poveikis DI sistemų tiekėjų ir diegėjų, kaip duomenų valdytojų ar tvarkytojų, pareigoms, kylančioms iš Sąjungos arba nacionalinės teisės dėl asmens duomenų apsaugos, tiek, kiek DI sistemų projektavimas, kūrimas ar naudojimas apima asmens duomenų tvarkymą. Taip pat tikslinga paaiškinti, kad duomenų subjektai ir toliau naudojasi visomis teisėmis ir garantijomis, kurios jiems suteikiamos pagal tokią Sąjungos teisę, įskaitant teises, susijusias tik su automatizuotu individualių sprendimų priėmimu, įskaitant profiliavimą. Šiuo reglamentu nustatytos DI sistemų pateikimo rinkai, pradėjimo naudoti ir naudojimo suderintos taisyklės turėtų palengvinti veiksmingą įgyvendinimą ir sudaryti sąlygas naudotis duomenų subjektų teisėmis ir kitomis teisių gynimo priemonėmis, garantuojamomis pagal Sąjungos teisę dėl asmens duomenų ir kitų pagrindinių teisių apsaugos;
(10)
Cumhdaítear an ceart bunúsach maidir le cosaint sonraí pearsanta go háirithe le Rialacháin (AE) 2016/679 (11) agus (AE) 2018/1725 (12) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus le Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13). Ina theannta sin, le Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (14), cosnaítear an saol príobháideach agus rúndacht na cumarsáide, lena n-áirítear trí choinníollacha a chur ar fáil maidir le haon stóráil sonraí pearsanta agus neamhphearsanta i dtrealamh teirminéil nó rochtain ar na sonraí pearsanta nó neamhphearsanta sin ó threalamh teirminéil. Tá na gníomhartha dlí sin de chuid an Aontais ina mbunús le próiseáil sonraí inbhuanaithe agus fhreagrach, lena n-áirítear cásanna ina gcuimsítear le tacair sonraí teaglaim de shonraí pearsanta agus neamhphearsanta. Ní fhéachtar leis an Rialachán seo le difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais atá ann cheana lena rialaítear próiseáil sonraí pearsanta, lena n-áirítear cúraimí agus cumhachtaí na n-údarás maoirseachta neamhspleách atá inniúil chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-ionstraimí sin. Ina theannta sin, ní dhéantar leis difear d’oibleagáidí soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ina ról mar rialaitheoirí nó próiseálaithe sonraí a eascraíonn as dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta maidir le cosaint sonraí pearsanta a mhéid a bhaineann dearadh, forbairt nó úsáid córas intleachta saorga le próiseáil sonraí pearsanta. Is iomchuí a shoiléiriú freisin go leanann na hábhair sonraí de bheith ag tairbhiú de na cearta agus na ráthaíochtaí go léir a bhronntar orthu le dlí sin an Aontais, lena n-áirítear na cearta a bhaineann le cinnteoireacht aonair uathoibrithe amháin, lena n-áirítear próifíliú. Le rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a bhunaítear faoin Rialachán seo a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid, ba cheart cur chun feidhme éifeachtach chearta na n-ábhar sonraí a éascú agus feidhmiú na gceart sin agus leigheasanna eile a ráthaítear faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta agus cearta bunúsacha eile a chumasú.
(11)
šiuo reglamentu neturėtų būti daromas poveikis nuostatoms dėl tarpininkavimo paslaugų teikėjų atsakomybės, išdėstytoms Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) 2022/2065 (15);
(11)
Ba cheart don Rialachán seo a bheith gan dochar do na forálacha maidir le dliteanas na soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (15).
(12)
DI sistemos sąvoka šiame reglamente turėtų būti aiškiai apibrėžta ir glaudžiai suderinta su tarptautinių organizacijų, dirbančių DI srityje, veikla, siekiant užtikrinti teisinį tikrumą, sudaryti palankesnes sąlygas konvergencijai tarptautiniu lygmeniu ir plačiam pripažinimui, kartu suteikiant lankstumo prisitaikyti prie sparčių technologinių pokyčių šioje srityje. Be to, apibrėžtis turėtų būti grindžiama pagrindinėmis DI sistemų charakteristikomis, pagal kurias ji skiriasi nuo paprastesnių įprastų programinės įrangos sistemų ar programavimo metodų, ir neturėtų apimti sistemų, kurios grindžiamos tik fizinių asmenų nustatytomis taisyklėmis, skirtomis automatiškai vykdyti operacijas. Pagrindinė DI sistemų savybė yra jų gebėjimas daryti išvadas. Šis gebėjimas daryti išvadas yra procesas, kuriam vykstant gaunami išvediniai, pavyzdžiui, predikcijos, turinys, rekomendacijos ar sprendimai, kurie gali turėti įtakos fizinei ir virtualiai aplinkai, ir tai, kad DI sistemos geba išvesti modelius arba algoritmus (arba juos abu) iš įvedinių ar duomenų. Metodai, leidžiantys daryti išvadas kuriant DI sistemą, apima mašininio mokymosi metodus, pagal kuriuos iš duomenų mokomasi, kaip pasiekti tam tikrus tikslus, ir logika bei žiniomis grindžiamus metodus, kuriuos taikant daromos išvados iš užkoduotų žinių arba atliktinos užduoties simbolinio vaizdavimo. DI sistemos gebėjimas daryti išvadas apima daugiau nei bazinį duomenų apdorojimą ir sudaro sąlygas mokytis, argumentuoti ar modeliuoti. Sąvoka „mašina grindžiamas“ reiškia, kad DI sistemos veikia naudojant mašinas. Nuoroda į aiškius ar numanomus tikslus pabrėžiama tai, kad DI sistemos gali veikti pagal aiškius nustatytus arba numanomus tikslus. Konkrečiomis aplinkybėmis DI sistemos tikslai gali skirtis nuo numatytos DI sistemos paskirties. Šio reglamento tikslais aplinka turėtų būti suprantama kaip aplinkybės, kuriomis veikia DI sistemos, o DI sistemos sugeneruoti išvediniai atspindi skirtingas DI sistemų atliekamas funkcijas ir apima predikcijas, turinį, rekomendacijas ar sprendimus. DI sistemos projektuojamos taip, kad veiktų įvairiais autonomijos lygmenimis, t. y. kad jų veiksmai būtų tam tikru laipsniu nepriklausomi nuo žmogaus įsitraukimo ir kad jos galėtų veikti be žmogaus įsikišimo. Gebėjimas prisitaikyti, kurį DI sistema galėtų pademonstruoti ją įdiegus, reiškia savarankiško mokymosi pajėgumus, leidžiančius sistemai keistis jos naudojimo metu. DI sistemos gali būti naudojamos atskirai arba kaip gaminio komponentas, nepaisant to, ar sistema yra fiziškai integruota (įterpta) į gaminį ar padeda atlikti gaminio funkciją, tačiau į jį neintegruota (neįterpta);
(12)
Ba cheart an coincheap ‘córas intleachta saorga’ sa Rialachán seo a shainiú go soiléir agus ba cheart é a ailíniú go dlúth le hobair na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta atá ag obair ar an intleacht shaorga chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, comhchuibhiú agus glacadh forleathan a éascú, agus solúbthacht á soláthar ag an am céanna chun freastal ar na forbairtí tapa teicneolaíocha sa réimse sin. Thairis sin, ba cheart an sainmhíniú a bheith bunaithe ar phríomh-shaintréithe na gcóras intleachta saorga chun idirdhealú a dhéanamh idir é agus córais bogearraí traidisiúnta nó cuir chuige ríomhchlárúcháin níos simplí agus níor cheart a chumhdach leis córais atá bunaithe ar na rialacha arna sainiú ag daoine nádúrtha amháin chun oibríochtaí a chur i gcrích go huathoibríoch. Príomh-shaintréith de chórais intleachta saorga is ea a gcumas tuisceana. Maidir leis an gcumas tuisceana sin, is tagairt é don phróiseas atá ann aschuir a fháil, amhail tuartha, inneachar, moltaí, nó cinntí, ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla agus fíorúla, agus do chumas na gcóras intleachta saorga samhlacha nó algartaim a dhíorthú ó ionchuir nó ó shonraí. Ar na teicnící lena gcumasaítear an tuiscint sin agus córas intleachta saorga á thógáil, tá cuir chuige mheaisínfhoghlama a fhoghlaimíonn ó shonraí conas cuspóirí áirithe a bhaint amach, agus cuir chuige loighicbhunaithe agus eolasbhunaithe a fhaigheann an tuiscint ó eolas ionchódaithe nó ó léiriú siombalach, nó ón dá rud, ar an tasc atá le réiteach. Tá níos mó i gceist le cumas an chórais intleachta saorga tuiscint a bheith aige ná próiseáil sonraí bunúsacha sa mhéid is go gcumasaíonn sé foghlaim, réasúnaíocht nó samhaltú. Tagraíonn an téarma ‘meaisín-bhunaithe’ don fhíoras go mbíonn córais intleachta saorga ag feidhmiú ar mheaisíní. Leis an tagairt do chuspóirí sainráite nó intuigthe, cuirtear i bhfios go láidir gur féidir le córais intleachta saorga oibriú de réir cuspóirí sainráite nó cuspóirí intuigthe. Féadfaidh cuspóirí an chórais intleachta saorga a bheith éagsúil leis an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga i gcomhthéacs sonrach. Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart timpeallachtaí a thuiscint mar na comhthéacsanna ina n-oibríonn na córais intleachta saorga, ach a mhéid a bhaineann le haschuir arna nginiúint ag an gcóras intleachta saorga, léiríonn siad feidhmeanna éagsúla a dhéanann córais intleachta saorga agus áirítear leo tuartha, inneachar, moltaí nó cinntí. Tá córais intleachta saorga ceaptha chun oibriú le leibhéil éagsúla neamhspleáchais, rud a chiallaíonn go bhfuil méid áirithe neamhspleáchais gníomhaíochtaí acu ar rannpháirtíocht an duine agus méid áirithe neamhspleáchais cumais oibriú gan idirghabháil ón duine. An leibhéal oiriúnachta a d’fhéadfadh córas intleachta saorga a thaispeáint tar éis a bheith curtha in úsáid, is tagairt é sin do chumais féinfhoghlama, rud a fhágann gur féidir leis an gcóras athrú agus é á úsáid. Is féidir córais intleachta saorga a úsáid ar bhonn neamhspleách nó mar chomhpháirt táirge, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an córas comhtháite go fisiciúil sa táirge (leabaithe) nó ag freastal ar fheidhmiúlacht an táirge gan a bheith comhtháite ann (neamhleabaithe).
(13)
šiame reglamente nurodyta sąvoka „diegėjas“ turėtų būti aiškinama kaip bet kuris fizinis arba juridinis asmuo, įskaitant valdžios instituciją, agentūrą ar kitą įstaigą, naudojantis DI sistemą pagal savo įgaliojimus, išskyrus atvejus, kai DI sistema naudojama asmeniniais neprofesinės veiklos tikslais. Priklausomai nuo DI sistemos rūšies, sistemos naudojimas gali daryti poveikį ne tik diegėjui, bet ir kitiems asmenims;
(13)
Ba cheart an coincheap ‘úsáideoir gairmiúil’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a léirmhíniú mar aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige faoina údarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil. Ag brath ar an gcineál córais intleachta saorga, d’fhéadfadh úsáid an chórais difear a dhéanamh do dhaoine nach iad an t-úsáideoir gairmiúil iad.
(14)
šiame reglamente vartojama sąvoka „biometriniai duomenys“ turėtų būti aiškinama atsižvelgiant į biometrinių duomenų sąvoką, apibrėžtą Reglamento (ES) 2016/679 4 straipsnio 14 punkte, Reglamento (ES) 2018/1725 3 straipsnio 18 punkte ir Direktyvos (ES) 2016/680 3 straipsnio 13 punkte. Biometriniai duomenys gali padėti patvirtinti ar nustatyti fizinių asmenų tapatybę arba juos suskirstyti į kategorijas ir atpažinti fizinių asmenų emocijas;
(14)
Ba cheart an coincheap ‘sonraí bithmhéadracha’ a úsáidtear sa Rialachán seo a léirmhíniú i bhfianaise choincheap na sonraí bithmhéadracha mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (14) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 3, pointe (18) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus Airteagal 3, pointe (13) de Threoir (AE) 2016/680. Le sonraí bithmhéadracha, is féidir fíordheimhniú, sainaithint nó catagóiriú daoine nádúrtha a chumasú, chomh maith lena mothúcháin a aithint.
(15)
šiame reglamente nurodyta sąvoka „biometrinis tapatybės nustatymas“ turėtų būti apibrėžiama kaip automatinis žmogaus fizinių, fiziologinių ir elgsenos požymių, pvz., veido, akių judėjimo, kūno formos, balso, kalbėsenos, eisenos, laikysenos, pulso dažnumo, kraujo spaudimo, kvapo, klavišų paspaudimų, atpažinimas, siekiant nustatyti asmens tapatybę, palyginant to asmens biometrinius duomenis su informacinėje duomenų bazėje saugomais asmenų biometriniais duomenimis, neatsižvelgiant į tai, ar asmuo davė sutikimą, ar ne. Tai neapima DI sistemų, skirtų naudoti biometriniam tikrinimui, kuris apima autentifikavimą, kurių vienintelis tikslas – patvirtinti, kad konkretus fizinis asmuo yra tas asmuo, kuriuo jis prisistato, ir patvirtinti fizinio asmens tapatybę vieninteliu – prieigos prie paslaugos, prietaiso atrakinimo ar saugaus patekimo į patalpas – tikslu;
(15)
Ba cheart an coincheap ‘sainaitheantas bithmhéadrach’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainmhíniú mar aithint uathoibrithe ghnéithe fisiciúla, fiseolaíocha agus iompraíochta an duine amhail aghaidh an duine, gluaiseacht súl, cruth coirp, guth, prosóid, siúl, iompar coirp, ráta croí, brú fola, boladh, saintréithe eochairbhuille, chun críche céannacht duine aonair a bhunú trí shonraí bithmhéadracha an duine aonair sin a chur i gcomparáid le sonraí bithmhéadracha daoine aonair eile ar sonraí iad arna stóráil i mbunachar sonraí tagartha, gan beann ar thoiliú an duine aonair a bheith tugtha nó gan a bheith tugtha. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga atá beartaithe a úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach, lena n-áirítear fíordheimhniú, arb é an t-aon chuspóir atá leis a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann agus chun céannacht duine nádúrtha a dheimhniú chun rochtain a fháil ar sheirbhís, feiste a dhíghlasáil nó rochtain slándála a bheith aige ar áitreabh, agus an méid sin amháin.
(16)
šiame reglamente nurodyta sąvoka „biometrinis kategorizavimas“ turėtų būti apibrėžiama kaip fizinių asmenų priskyrimas konkrečioms kategorijoms remiantis jų biometriniais duomenimis. Tokios konkrečios kategorijos gali būti susijusios su tokiais aspektais kaip lytis, amžius, plaukų spalva, akių spalva, tatuiruotės, elgesio ar asmenybės bruožai, kalba, religija, priklausymas tautinei mažumai, seksualinė ar politinė orientacija. Tai neapima tų biometrinio kategorizavimo sistemų, kurios yra tik papildoma savybė, neatsiejamai susijusi su kita komercine paslauga, t. y. savybė, kuri dėl objektyvių techninių priežasčių negali būti naudojama be pagrindinės paslaugos, o tos savybės ar funkcijos integravimas nėra būdas išvengti šio reglamento taisyklių taikymo. Pavyzdžiui, internetinėse prekyvietėse naudojami filtrai, skirti suskirstyti į kategorijas pagal veido bruožus ar kūno savybes, galėtų reikšti tokią papildomą funkciją, nes jie gali būti naudojami tik teikiant pagrindinę paslaugą, kurią sudaro gaminio pardavimas, leidžiant vartotojui pačiam peržiūrėti, kaip atitinkamas gaminys ant jo atrodo, ir padėti vartotojui priimti sprendimą pirkti ar ne. Papildoma funkcija taip pat galėtų būti laikomi filtrai, naudojami teikiant internetines socialinių tinklų paslaugas, kategorizuojantys veido bruožus ar kūno savybes ir skirti tam, kad naudotojai galėtų pridėti ar pakeisti nuotraukas ar vaizdo įrašus, nes tokie filtrai negali būti naudojami be pagrindinės socialinių tinklų paslaugų teikiamos paslaugos – dalijimosi turiniu internete;
(16)
Ba cheart an coincheap ‘catagóiriú bithmhéadrach’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainmhíniú mar seo: coincheap lena sanntar daoine nádúrtha do chatagóirí sonracha ar bhonn a sonraí bithmhéadracha. D’fhéadfadh baint a bheith ag na catagóirí sonracha sin le raon gnéithe, amhail gnéas, aois, dath súl, dath gruaige, tatúnna, tréithe iompraíochta nó pearsantachta, teanga, reiligiún, ballraíocht i mionlach náisiúnta, gnéaschlaonadh nó claonadh polaitiúil. Ní áirítear leis sin córais catagóirithe bhithmhéadraigh ar gné choimhdeach amháin iad a bhfuil dlúthbhaint acu le seirbhís tráchtála eile, rud a chiallaíonn nach féidir an ghné a úsáid, ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla, gan an phríomhsheirbhís agus nach bealach é comhtháthú na gné sin chun dul timpeall ar infheidhmeacht rialacha an Rialacháin seo. Mar shampla, d’fhéadfadh scagairí a dhéanann aicmiú ar ghnéithe aghaidhe nó coirp a úsáidtear ar mhargaí ar líne a bheith ina ngné choimhdeach den sórt sin toisc nach féidir iad a úsáid ach amháin i ndáil leis an bpríomhsheirbhís arb é atá inti táirge a dhíol trí ligean don tomhaltóir réamhamharc a bheith aige nó aici den táirge air féin nó uirthi féin, rud a chuidíonn leis an tomhaltóir cinneadh ceannaigh a dhéanamh. Maidir le scagairí a úsáidtear ar sheirbhísí líonra shóisialta ar líne lena ndéantar gnéithe den aghaidh nó gnéithe den chorp a chatagóiriú chun gur féidir le húsáideoirí pictiúir nó físeáin a chur ann nó a mhodhnú, d’fhéadfaí a mheas gur gné choimhdeach iad toisc nach féidir an scagaire sin a úsáid gan príomhsheirbhís na seirbhísí líonra shóisialta arb é atá inti inneachar a chomhroinnt ar líne.
(17)
šiame reglamente nurodyta nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos sąvoka turėtų būti apibrėžiama funkciniu požiūriu, kaip DI sistema, skirta fizinių asmenų tapatybei nustatyti, jiems aktyviai nedalyvaujant, paprastai nuotoliniu būdu, palyginant asmens biometrinius duomenis su informacinėje duomenų bazėje esančiais biometriniais duomenimis, nepriklausomai nuo naudojamos konkrečios technologijos, procesų arba biometrinių duomenų rūšies. Tokios nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos paprastai tam, kad vienu metu būtų galima pastebėti kelis asmenis arba suvokti jų elgesį, kad būtų gerokai lengviau nustatyti asmenų tapatybę jiems aktyviai nedalyvaujant. Tai neapima DI sistemų, skirtų naudoti biometriniam tikrinimui, kuris apima autentifikavimą, kurių vienintelis tikslas – patvirtinti, kad konkretus fizinis asmuo yra tas asmuo, kuriuo jis prisistato, ir patvirtinti fizinio asmens tapatybę vieninteliu – prieigos prie paslaugos, prietaiso atrakinimo ar saugaus patekimo į patalpas – tikslu. Ta išimtis grindžiama tuo, kad tokios sistemos, tikėtina, daro nedidelį poveikį fizinių asmenų pagrindinėms teisėms, palyginti su nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemomis, kurios gali būti naudojamos daugelio asmenų biometriniams duomenims tvarkyti jiems aktyviai nedalyvaujant. Jeigu naudojamos tikralaikės sistemos, biometrinių duomenų rinkimas, lyginimas ir tapatybės nustatymas vyksta momentiškai, beveik momentiškai arba bet kuriuo atveju be didesnės delsos. Šiuo atžvilgiu neturėtų būti jokių galimybių apeiti šio reglamento taisykles dėl tikralaikio atitinkamų DI sistemų naudojimo numatant nedidelę delsą. Tikralaikės sistemos yra susijusios su medžiagos naudojimu tiesiogiai arba beveik tiesiogiai, pavyzdžiui, filmuotos medžiagos, sukurtos naudojant kamerą arba kitą panašią funkciją atliekantį prietaisą, naudojimu. Netikralaikių sistemų atveju, atvirkščiai, biometriniai duomenys jau buvo surinkti ir palyginimas bei tapatybės nustatymas atliekami po ilgos delsos. Ji apima medžiagą, pavyzdžiui, nuotraukas arba vaizdo medžiagą, sukurtą naudojant apsaugines vaizdo stebėjimo sistemas arba asmeninius prietaisus prieš pradedant naudoti sistemą atitinkamų fizinių asmenų atžvilgiu;
(17)
Ba cheart an coincheap ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainmhíniú ar bhonn feidhmiúil mar chóras intleachta saorga atá beartaithe chun daoine nádúrtha a shainaithint gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach, go cianda de ghnáth, trí chomparáid a dhéanamh idir sonraí bithmhéadracha an duine agus na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha, gan beann ar an teicneolaíocht, próisis nó cineálacha sonraí bithmhéadracha áirithe a úsáidtear. Is iondúil go n-úsáidtear na córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí sin chun roinnt daoine nó a n-iompar a bhrath ag an am céanna chun sainaithint daoine nádúrtha a éascú go suntasach gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga atá beartaithe a úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach, lena n-áirítear fíordheimhniú, arb é an t-aon chuspóir atá leis a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann agus chun céannacht duine nádúrtha a dheimhniú chun rochtain a fháil ar sheirbhís, feiste a dhíghlasáil nó rochtain slándála a bheith aige ar áitreabh, agus an méid sin amháin. Tá údar leis an eisiamh sin toisc gur dócha go mbeidh tionchar beag ag na córais sin ar chearta bunúsacha daoine nádúrtha i gcomparáid leis na córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí a d’fhéadfaí a úsáid chun sonraí bithmhéadracha líon mór daoine a phróiseáil gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach. I gcás na gcóras ‘fíor-ama’, déantar gabháil na sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint ar fad go meandrach, go meandrach nach mór nó in aon chás gan moill mhór. I dtaca leis sin, níor cheart aon fhéidearthacht a bheith ann dul timpeall ar rialacha an Rialacháin seo maidir le húsáid ‘fíor-ama’ na gcóras intleachta saorga lena mbaineann trí fhoráil a dhéanamh maidir le mionmhoilleanna. Bíonn úsáid ábhair ‘bheo’ nó ‘neasbheo’ i gceist le córais ‘fíor-ama’, amhail píosa scannánaíochta, arna ghiniúint le ceamara nó le feiste eile ag a bhfuil feidhmiúlacht chomhchosúil. I gcás na gcóras ‘iar-aimseartha’, i gcodarsnacht leis sin, tá na sonraí bithmhéadracha gafa cheana féin agus déantar an chomparáid agus an tsainaithint tar éis moill mhór. Is éard atá i gceist leis sin ábhar, amhail pictiúir nó píosa scannánaíochta arna nginiúint le ceamaraí teilifíse ciorcaid iata nó le gairis phríobháideacha, a gineadh roimh úsáid an chórais i leith na ndaoine nádúrtha lena mbaineann.
(18)
šiame reglamente nurodyta sąvoka „emocijų atpažinimo sistema“ sąvoka turėtų būti apibrėžiama kaip DI sistema, kurios paskirtis – atpažinti arba nuspėti fizinių asmenų emocijas ar ketinimus remiantis jų biometriniais duomenimis. Ši sąvoka apima tokias emocijas ar intencijas kaip laimė, liūdesys, pyktis, nustebimas, bjaurėjimasis, sumišimas, susijaudinimas, gėda, panieka, pasitenkinimas ir linksmumas. Ji neapima fizinių būklių, pavyzdžiui, skausmo ar nuovargio, įskaitant sistemas, naudojamas profesionalių pilotų ar vairuotojų nuovargiui nustatyti, siekiant užkirsti kelią nelaimingiems atsitikimams. Tai taip pat neapima paprasčiausio aiškiai matomų išraiškų, gestų ar judesių nustatymo, išskyrus atvejus, kai tai naudojama emocijoms atpažinti ar nuspėti. Šios išraiškos gali būti paprastos veido išraiškos, pavyzdžiui, suraukti antakiai ar šypsena, arba gestai, pavyzdžiui, plaštakų, rankų ar galvos judesiai, arba asmens balso savybės, pavyzdžiui, pakeltas balsas ar šnibždėjimas;
(18)
Ba cheart an coincheap ‘córais aitheanta mothúcháin’ dá dtagraítear sa Rialachán seo a shainmhíniú mar chóras intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó chun mothúcháin nó rúin a oibriú amach ar bhonn na sonraí sin. Tagraíonn an coincheap do raon mothúchán nó rún, amhail sonas, brón, fearg, iontas, déistin, náire, sceitimíní, aiféaltas, drochmheas, sásamh agus sult. Ní áirítear leis staideanna fisiciúla, amhail pian nó tuirse lena n-áirítear, mar shampla, córais a úsáidtear chun tuirse píolótaí nó tiománaithe gairmiúla a bhrath chun tionóiscí a chosc. Ní áirítear leis sin ach oiread gothaí gnúise, gothaí nó gluaiseachtaí atá ríshoiléir a bhrath, ach amháin má úsáidtear iad chun mothúcháin a aithint nó a thuiscint. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis na gothaí sin gothaí aghaidhe bunúsacha, amhail strainc nó miongháire, nó gothaí amhail gluaiseacht na lámh, na ngéag nó an chinn, nó tréithe guth duine, ar nós guth ard nó a bheith ag cogarnach.
(19)
šiame reglamente sąvoka „viešai prieinama erdvė“ turėtų būti suprantama kaip reiškianti bet kokią fizinę erdvę, prieinamą nenustatytam skaičiui fizinių asmenų ir, neatsižvelgiant į tai, ar ta erdvė priklauso viešam ar privačiam subjektui, neatsižvelgiant į veiklą, kuriai vykdyti ta erdvė gali būti naudojama, – kaip antai, prekyba, pavyzdžiui, parduotuvės, restoranai, kavinės, paslaugos, pavyzdžiui, bankai, profesinė veikla, svetingumo paslaugos, sportas, pavyzdžiui, baseinai, sporto salės, stadionai, transportas, pavyzdžiui, autobusai, metro ir geležinkelio stotys, oro uostai, transporto priemonės, pramogos, pavyzdžiui, kino teatrai, teatrai, muziejai, koncertų ir konferencijų salės), arba laisvalaikio ar kitokia veikla, pavyzdžiui, viešieji keliai ir aikštės, parkai, miškai, žaidimų aikštelės. Erdvė taip pat turėtų būti priskiriama viešai prieinamai erdvei ir tuo atveju, jei, nepaisant galimų pajėgumų ar saugumo apribojimų, tam, kad į ją patektum, taikomos tam tikros iš anksto numatytos sąlygos, kurias gali įvykdyti nenustatytas skaičius asmenų, pvz., reikia įsigyti bilietą ar teisę naudotis transportu, iš anksto registruotis arba būti tam tikro amžiaus. Tačiau erdvė neturėtų būti laikoma viešai prieinama, jei į ją patekti gali tik konkretūs ir apibrėžti fiziniai asmenys pagal Sąjungos arba nacionalinę teisę, tiesiogiai susijusią su viešuoju ar visuomenės saugumu, arba įgaliojimus dėl atitinkamos erdvė turinčiam asmeniui aiškiai išreiškus savo valią. Vien faktinė patekimo galimybė, pavyzdžiui, atrakintos durys ar atviri vartai užtvaroje, nereiškia, kad vieta yra viešai prieinama, jei esama požymių ar aplinkybių, pavyzdžiui, ženklų, kuriais prieiga draudžiama arba ribojama, iš kurių galima spręsti, kad yra kitaip. Įmonių ir gamyklų patalpos, taip pat biurai ir darbo vietos, į kuriuos turėtų patekti tik atitinkami darbuotojai ir paslaugų teikėjai, – tai vietos, kurios nėra viešai prieinamos. Kalėjimai ar pasienio kontrolės zonos neturėtų būti laikomi viešai prieinamomis erdvėmis. Kai kurias kitas erdves gali sudaryti ir viešai prieinamos, ir viešai neprieinamos erdvės, pavyzdžiui, privataus gyvenamojo pastato koridorius, per kurį galima patekti į gydytojo kabinetą, arba oro uostas. Tai netaikoma internetinėms erdvėms, nes jos nėra fizinės erdvės. Tačiau tai, ar atitinkama erdvė yra viešai prieinama, turėtų būti nustatyta kiekvienu konkrečiu atveju atsižvelgiant į konkrečios nagrinėjamos situacijos ypatumus;
(19)
Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an coincheap ‘spás atá inrochtana don phobal’ a thuiscint mar thagairt d’aon spás fisiciúil atá inrochtana do líon neamhchinntithe daoine nádúrtha, agus gan beann ar an spás atá i gceist a bheith faoi úinéireacht phríobháideach nó phoiblí, gan beann ar an ngníomhaíocht a bhféadfar an spás a úsáid ina leith, amhail le haghaidh tráchtála, mar shampla, siopaí, bialanna, caiféanna; le haghaidh seirbhísí, mar shampla, bainc, gníomhaíochtaí gairmiúla, fáilteachas; le haghaidh spóirt, mar shampla, linnte snámha, giomnáisiamaí, staideanna; le haghaidh iompair, mar shampla, stáisiúin bus, mheitreo agus iarnróid, aerfoirt, modhanna iompair; le haghaidh siamsaíochta, mar shampla, pictiúrlanna, amharclanna, músaeim, hallaí ceolchoirme agus comhdhálacha; nó le haghaidh fóillíochta nó eile, mar shampla, bóithre agus cearnóga poiblí, páirceanna, foraoisí, clóis súgartha. Ba cheart spás a aicmiú freisin mar áit atá inrochtana don phobal freisin más rud é, gan beann ar acmhainneacht nó srianta slándála a d’fhéadfadh a bheith ann, go bhfuil rochtain faoi réir coinníollacha réamhshocraithe áirithe ar féidir le líon neamhchinntithe daoine iad a chomhlíonadh, amhail ticéad a cheannach nó ticéad iompair a cheannach, clárúchán roimh ré nó aois áirithe a bheith slánaithe agat. Os a choinne sin, níor cheart a mheas go bhfuil spás inrochtana don phobal má tá rochtain teoranta do dhaoine nádúrtha sonracha agus sainithe trí dhlí an Aontais nó tríd an dlí náisiúnta a bhaineann go díreach le sábháilteacht nó slándáil phoiblí nó trí léiriú soiléir thoil an duine a bhfuil an t-údarás ábhartha aige ar an spás. Ní thugtar le tuiscint go bhfuil ar an spás inrochtana don phobal díreach toisc gur féidir rochtain a fháil uirthi, amhail doras nach bhfuil glas air nó geata oscailte i bhfál, agus comharthaí nó imthosca inti a thugann a mhalairt le fios, amhail comharthaí lena dtoirmisctear nó lena sriantar rochtain. Is spásanna iad áitribh chuideachta agus mhonarchan, chomh maith le hoifigí agus ionaid oibre nach bhfuil inrochtana don phobal, cé is moite d'fhostaithe ábhartha agus soláthraithe seirbhíse, mar a bheartaítear é. Níor cheart príosúin nó rialú teorann a áireamh i spásanna atá inrochtana don phobal. D’fhéadfadh roinnt spásanna eile a bheith comhdhéanta de limistéir atá inrochtana don phobal agus spásanna nach bhfuil inrochtana don phobal, amhail halla foirgnimh chónaithe phríobháidigh atá riachtanach chun rochtain a fháil ar oifig dochtúra nó an t-aerfort. Ní chumhdaítear spásanna ar líne, ós rud é nach spásanna fisiciúla iad. Cé acu atá spás a bhfuil rochtain ag an bpobal air nó nach bhfuil, áfach, ba cheart é sin a chinneadh ar bhonn cás ar chás, ag féachaint do shonraíochtaí an cháis aonair faoi chaibidil.
(20)
siekiant gauti didžiausią DI sistemų teikiamą naudą, kartu apsaugant pagrindines teises, sveikatą ir saugą, ir sudaryti sąlygas demokratinei kontrolei, tiekėjai, diegėjai ir asmenys, kuriems daromas poveikis, turėtų būti raštingi DI srityje, kad žinotų reikiamas sąvokas ir galėtų priimti informacija pagrįstus sprendimus dėl DI sistemų. Tos sąvokos gali skirtis atsižvelgiant į atitinkamas aplinkybes ir gali apimti supratimą apie tinkamą techninių elementų taikymą DI sistemos kūrimo etape, priemones, taikytinas jos naudojimo metu, tinkamus DI sistemos išvedinių aiškinimo būdus, o asmenų, kuriems daromas poveikis, atveju – žinias, būtinas norint suprasti, kokį poveikį jiems darys sprendimai, priimti naudojantis DI. Taikant šį reglamentą, raštingumas DI srityje turėtų suteikti visiems atitinkamiems DI vertės grandinės subjektams įžvalgų, kurių reikia siekiant užtikrinti tinkamą šio reglamento laikymąsi ir vykdymo užtikrinimą. Be to, platus raštingumo DI srityje priemonių įgyvendinimas ir ėmimasis tinkamų tolesnių susijusių veiksmų galėtų padėti gerinti darbo sąlygas ir galiausiai palaikyti patikimo DI konsolidavimą ir inovacijų trajektoriją Sąjungoje. Europos dirbtinio intelekto valdyba (toliau – Valdyba) turėtų remti Komisiją, kad paskatintų raštingumo DI srityje priemones, visuomenės informuotumą ir supratimą apie DI sistemų naudojimo naudą, riziką, apsaugos priemones ir teises bei pareigas. Bendradarbiaudamos su atitinkamais suinteresuotaisiais subjektais, Komisija ir valstybės narės turėtų padėti rengti savanoriškus elgesio kodeksus, kuriais būtų didinamas su DI kūrimu, veikimu ir naudojimu susijusių asmenų raštingumas DI srityje;
(20)
Chun na tairbhí is mó a fháil ó chórais intleachta saorga agus, ag an am céanna, cearta bunúsacha, sláinte agus sábháilteacht a chosaint agus rialú daonlathach a chumasú, ba cheart do litearthacht intleachta saorga na coincheapa is gá a thabhairt do sholáthraithe, d’úsáideoirí gairmiúla agus do dhaoine a ndéantar difear dóibh chun cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le córais intleachta saorga. D’fhéadfadh na coincheapa sin a bheith éagsúil maidir leis an gcomhthéacs ábhartha agus is féidir a áireamh leo tuiscint a fháil ar chur i bhfeidhm ceart na n-eilimintí teicniúla le linn chéim forbartha an chórais intleachta saorga, na bearta atá le cur i bhfeidhm le linn a húsáide, na bealaí oiriúnacha chun aschur an chórais intleachta saorga a léirmhíniú, agus, i gcás na ndaoine a ndéantar difear dóibh, an t-eolas is gá chun go dtuigfidh siad an tionchar a bheidh ag cinntí a dhéanfar le cúnamh na hintleachta saorga orthu. I gcomhthéacs chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart do litearthacht intleachta saorga na léargais is gá a sholáthar do na gníomhaithe ábhartha uile i slabhra luacha na hintleachta saorga chun comhlíonadh iomchuí agus forfheidhmiú ceart a áirithiú. Ina theannta sin, dá gcuirfí bearta litearthachta intleachta saorga chun feidhme go forleathan agus dá dtabharfaí gníomhaíochtaí leantacha iomchuí isteach, d’fhéadfaí rannchuidiú le feabhas a chur ar dhálaí oibre agus, ar deireadh, tacú le comhdhlúthú agus conair nuálaíochta na hintleachta saorga iontaofa san Aontas. Ba cheart don Bhord Eorpach um an Intleacht Shaorga (‘an Bord’) tacú leis an gCoimisiún litearthacht intleachta saorga, feasacht phoiblí agus tuiscint ar na tairbhí, na rioscaí, na coimircí, na cearta agus na hoibleagáidí i ndáil le húsáid córas intleachta saorga a chur chun cinn. I gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha, ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit tarraingt suas cód iompair deonach a éascú chun litearthacht intleachta saorga a chur chun cinn i measc daoine a bhíonn ag déileáil le forbairt, oibriú agus úsáid na hintleachta saorga.
(21)
siekiant užtikrinti vienodas sąlygas ir veiksmingą asmenų teisių ir laisvių apsaugą visoje Sąjungoje, šiame reglamente nustatytos taisyklės turėtų būti taikomos DI sistemų tiekėjams jų nediskriminuojant, nepaisant to, ar jie įsisteigę Sąjungoje, ar trečiojoje valstybėje, taip pat Sąjungoje įsisteigusiems DI sistemų diegėjams;
(21)
Chun cothrom na Féinne agus cosaint éifeachtach cearta agus saoirsí daoine aonair ar fud an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, gan beann ar iad a bheith bunaithe laistigh den Aontas nó i dtríú tír, agus maidir le húsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga atá bunaithe laistigh den Aontas.
(22)
tam tikros DI sistemos, atsižvelgiant į jų skaitmeninį pobūdį, turėtų patekti į šio reglamento taikymo sritį net jei jos neteikiamos rinkai, nepradedamos naudoti ir nenaudojamos Sąjungoje. Taip, pavyzdžiui, yra tuo atveju, kai Sąjungoje įsisteigęs veiklos vykdytojas sudaro sutartis su trečiojoje valstybėje įsisteigusiu veiklos vykdytoju dėl tam tikrų paslaugų, susijusių su veikla, kurią turi atlikti DI sistema, laikoma didelę riziką keliančia sistema. Šiomis aplinkybėmis veiklos vykdytojo trečiojoje valstybėje naudojama DI sistema galėtų tvarkyti duomenis, kurie buvo teisėtai surinkti Sąjungoje ir iš jos perduoti, ir pateikti Sąjungoje esančiam pagal sutartį veikiančiam veiklos vykdytojui, tos DI sistemos, kuri nebuvo pateikta rinkai, nebuvo pradėta naudoti ir nenaudota Sąjungoje, išvedinį, gautą tvarkant tuos duomenis. Siekiant užkirsti kelią šio reglamento reikalavimų apėjimui ir užtikrinti veiksmingą Sąjungoje esančių fizinių asmenų apsaugą, šis reglamentas turėtų būti taikomas ir trečiojoje valstybėje įsisteigusiems DI sistemų tiekėjams ir diegėjams (tiek, kiek šių sistemų sugeneruotus išvedinius ketinama naudoti Sąjungoje). Vis dėlto, siekiant atsižvelgti į dabartines taisykles ir specialius būsimo bendradarbiavimo su užsienio partneriais, su kuriais keičiamasi informacija ir įrodymais, poreikius, šis reglamentas neturėtų būti taikomas trečiosios valstybės valdžios institucijoms ir tarptautinėms organizacijoms, kai veikiama pagal Sąjungos arba nacionaliniu lygmeniu sudarytus bendradarbiavimo arba tarptautinius susitarimus teisėsaugos ir teisminio bendradarbiavimo su Sąjunga arba valstybėmis narėmis tikslais, jei atitinkama trečioji valstybė arba tarptautinės organizacijos užtikrina tinkamas su asmenų pagrindinių teisių ir laisvių apsauga susijusias apsaugos priemones. Kai aktualu, tai gali apimti subjektų, kuriems trečiosios valstybės pavedė atlikti konkrečias užduotis remiant tokį teisėsaugos ir teisminį bendradarbiavimą, veiklą. Toks bendradarbiavimo pagrindas arba susitarimai yra nustatyti dvišaliu pagrindu tarp valstybių narių ir trečiųjų valstybių arba tarp Europos Sąjungos, Europolo, kitų Sąjungos agentūrų ir trečiųjų valstybių bei tarptautinių organizacijų. Institucijos, pagal šį reglamentą kompetentingos vykdyti teisėsaugos ir teisminių institucijų priežiūrą, turėtų įvertinti, ar į tą bendradarbiavimo pagrindą ar tarptautinius susitarimus yra įtrauktos tinkamos su asmenų pagrindinių teisių ir laisvių apsauga susijusios apsaugos priemonės. Gavėjos nacionalinės institucijos ir Sąjungos institucijos, įstaigos, organai ir agentūros, kurie Sąjungoje naudojasi tokiais išvediniais, lieka atsakingi už tai, kad jų naudojimasis atitiktų Sąjungos teisę. Kai tie tarptautiniai susitarimai peržiūrimi arba ateityje sudaromi nauji susitarimai, susitariančiosios šalys turėtų dėti visas pastangas, kad tie susitarimai būtų suderinti su šio reglamento reikalavimais;
(22)
I bhfianaise a nádúr digiteach, ba cheart córais intleachta saorga áirithe a theacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo fiú nuair nach gcuirtear ar an margadh iad, nach gcuirtear i seirbhís iad, nó nuair nach n-úsáidtear san Aontas iad. Is amhlaidh atá, mar shampla, i gcás oibreoir atá bunaithe san Aontas a dhéanann conradh maidir le seirbhísí áirithe le hoibreoir atá bunaithe i dtríú tír i ndáil le gníomhaíocht atá le déanamh ag córas intleachta saorga a cháileodh mar ghníomhaíocht ardriosca. Sna himthosca sin, maidir leis an gcóras intleachta saorga a úsáideann an t-oibreoir i dtríú tír, d’fhéadfadh sé sonraí a bhailítear san Aontas agus a aistrítear amach as an Aontas go dlíthiúil a phróiseáil, agus aschur an chórais intleachta saorga sin atá mar thoradh ar an bpróiseáil sin a sholáthar don oibreoir conarthach san Aontas, gan an córas intleachta saorga sin a chur ar an margadh, a chur i seirbhís nó a úsáid san Aontas. Chun dul timpeall ar an Rialachán seo a chosc agus chun cosaint éifeachtach daoine nádúrtha atá lonnaithe san Aontas a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga atá bunaithe i dtríú tír, sa mhéid atá sé beartaithe an t-aschur arna tháirgeadh ag na córais sin a úsáid san Aontas. Mar sin féin, chun socruithe atá ann cheana a chur san áireamh chomh maith le riachtanais speisialta i gcás comhar le comhpháirtithe eachtracha amach anseo a ndéantar malartú faisnéise agus fianaise leo, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí tríú tír agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus iad ag gníomhú faoi chuimsiú an chomhair nó an chomhaontuithe idirnáisiúnta a tugadh i gcrích ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó leis na Ballstáit, ar choinníoll go gcuireann an tríú tír ábhartha nó na heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha coimircí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint. I gcás inarb ábhartha, féadfar a chumhdach leis sin gníomhaíochtaí na n-eintiteas ar chuir na tríú tíortha de chúram orthu cúraimí sonracha a dhéanamh chun tacú le forfheidhmiú an dlí agus leis an gcomhar breithiúnach sin. Bunaíodh an creat comhair sin nó na comhaontuithe sin go déthaobhach idir na Ballstáit agus tríú tíortha nó idir an tAontas Eorpach, Europol agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais agus tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Ba cheart do na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht a dhéanamh ar na húdaráis forfheidhmithe dlí agus ar na húdaráis bhreithiúnacha faoin Rialachán seo a mheas cé acu atá nó nach bhfuil coimircí leordhóthanacha i ndáil le cearta agus saoirsí bunúsacha daoine aonair a chosaint san áireamh sna creataí comhair nó sna comhaontuithe idirnáisiúnta sin. Údaráis náisiúnta is faighteoirí agus institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a bhaineann úsáid as an aschur sin san Aontas, leanann siadsan de bheith cuntasach chun a áirithiú go gcomhlíonann siad dlí an Aontais. Nuair a dhéanfar na comhaontuithe idirnáisiúnta sin a athbhreithniú nó nuair a thabharfar comhaontuithe nua i gcrích amach anseo, ba cheart do na páirtithe conarthacha a ndícheall a dhéanamh na comhaontuithe sin a ailíniú le ceanglais an Rialacháin seo.
(23)
šis reglamentas taip pat turėtų būti taikomas Sąjungos institucijoms, įstaigoms, organams ir agentūroms, kai jie veikia kaip DI sistemos tiekėjai arba diegėjai;
(23)
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin maidir le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus iad ag gníomhú mar sholáthraí nó úsáideoir gairmiúil córais intleachta saorga.
(24)
jei ir tokiu mastu, kokiu DI sistemos pateikiamos rinkai, pradedamos naudoti arba naudojamos, tokios sistemos, su pakeitimais kariniais, gynybos ar nacionalinio saugumo tikslais arba be jų, neturėtų patekti į šio reglamento taikymo sritį, neatsižvelgiant į tai, kokios rūšies subjektas vykdo tą veiklą, pavyzdžiui, ar jis yra viešasis ar privatus subjektas. Kalbant apie karinius ir gynybos tikslus, tokia išimtis pagrįsta tiek atsižvelgiant į ES sutarties 4 straipsnio 2 dalį, tiek į valstybių narių ir bendros Sąjungos gynybos politikos, kuriai taikomas ES sutarties V antraštinės dalies 2 skyrius, ypatumus, kuriems taikoma tarptautinė viešoji teisė, todėl tai yra tinkamesnė teisinė sistema DI sistemoms reguliuoti, kai naudojama mirtina jėga, ir kitoms DI sistemoms reguliuoti, kai vykdoma karinė ir gynybos veikla. Kiek tai susiję su nacionalinio saugumo tikslais, išimtis pagrįsta tiek atsižvelgiant į tai, kad pagal ES sutarties 4 straipsnio 2 dalį už nacionalinį saugumą atsakingos išlieka išimtinai valstybės narės, tiek į specifinį nacionalinio saugumo veiklos pobūdį bei veiklos poreikius ir tai veiklai taikomas konkrečias nacionalines taisykles. Vis dėlto, jei DI sistema, sukurta, pateikta rinkai, pradėta naudoti ar naudojama kariniais, gynybos ar nacionalinio saugumo tikslais, yra laikinai arba nuolat naudojama kitais tikslais pavyzdžiui, civiliniais ar humanitariniais tikslais, teisėsaugos ar visuomenės saugumo tikslais, tokia sistema patektų į šio reglamento taikymo sritį. Tokiu atveju subjektas, kuris DI sistemą naudoja ne kariniais, gynybos ar nacionalinio saugumo tikslais, turėtų užtikrinti, kad DI sistema atitiktų šį reglamentą, nebent ji jau atitinka šį reglamentą. Į šio reglamento taikymo sritį patenka DI sistemos, pateiktos rinkai arba pradėtos naudoti tikslu, kuriam netaikomas šis reglamentas, t. y. kariniu, gynybos ar nacionalinio saugumo tikslu, ir vienu ar daugiau tikslų, kuriems netaikomas šis reglamentas, pavyzdžiui, civilinių arba teisėsaugos tikslų, o tų sistemų tiekėjai turėtų užtikrinti, kad sistemos atitiktų šį reglamentą. Tais atvejais tai, kad DI sistema gali patekti į šio reglamento taikymo sritį, neturėtų daryti poveikio nacionalinio saugumo, gynybos ir karinę veiklą vykdančių subjektų (neatsižvelgiant į jų rūšį) galimybei nacionalinio saugumo, kariniais ir gynybos tikslais naudoti DI sistemas, kurių naudojimui šis reglamentas netaikomas. DI sistema, pateikta rinkai civiliniais ar teisėsaugos tikslais, kuri su pakeitimais arba be jų naudojama kariniais, gynybos ar nacionalinio saugumo tikslais, neturėtų patekti į šio reglamento taikymo sritį, neatsižvelgiant į tokią veiklą vykdančio subjekto rūšį;
(24)
Má dhéantar, agus a mhéid a dhéantar, córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse, nó a úsáid le modhnú nó gan modhnú na gcóras sin chun críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta, ba cheart iad sin a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin seo gan beann ar an gcineál eintitis atá i mbun na ngníomhaíochtaí sin, amhail más eintiteas poiblí nó príobháideach é. A mhéid a bhaineann le críocha míleata agus cosanta, tá údar leis an eisiamh sin de bharr Airteagal 4(2) CAE agus shonraíochtaí na mBallstát agus chomhbheartas cosanta an Aontais a chumhdaítear le Caibidil 2 de Theideal V CAE atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta phoiblí, arb é, dá bhrí sin, an creat dlíthiúil is iomchuí chun córais intleachta saorga a rialáil i gcomhthéacs úsáid fornirt mharfaigh agus córas intleachta saorga eile i gcomhthéacs gníomhaíochtaí míleata agus cosanta. A mhéid a bhaineann le cuspóirí slándála náisiúnta, tá údar leis an eisiamh toisc gurb iad na Ballstáit amháin atá freagrach as an tslándáil náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 4(2) CAE agus mar gheall ar chineál sonrach agus riachtanais oibríochtúla na ngníomhaíochtaí slándála náisiúnta agus rialacha náisiúnta sonracha is infheidhme maidir leis na gníomhaíochtaí sin. Mar sin féin, maidir le córas intleachta saorga a fhorbraítear, a chuirtear ar an margadh, a chuirtear i mbun seirbhíse nó a úsáidtear chun críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta, má úsáidtear an córas intleachta saorga sin lasmuigh de na críocha sin go sealadach nó go buan chun críocha eile, mar shampla chun críocha sibhialta nó daonnúla, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí nó na slándála poiblí, thiocfadh an córas sin faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Sa chás sin, ba cheart don eintiteas a úsáideann an córas intleachta saorga chun críocha eile seachas críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta a áirithiú go gcomhlíonann an córas an Rialachán seo, ach amháin i gcás go gcomhlíonann an córas intleachta saorga sin an Rialachán seo cheana féin. Maidir le córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh nó i seirbhís chun críocha eisiata, eadhon chun críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta agus chun críche amháin nó níos mó nach bhfuil eisiata, amhail críocha sibhialta nó forfheidhmiú an dlí, tagann siad faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus ba cheart do sholáthraithe na gcóras sin comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú. Sna cásanna sin, ós rud é go bhféadfadh córas intleachta saorga teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo, níor cheart dó difear a dhéanamh don fhéidearthacht go bhféadfadh eintitis gníomhaíochtaí slándála náisiúnta, cosanta agus míleata a dhéanamh, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin, córais intleachta saorga a úsáid chun críocha slándála náisiúnta, míleata agus cosanta, a bhfuil a n-úsáid eisiata ó raon feidhme an Rialacháin seo. Maidir le córas intleachta saorga a chuirtear ar an margadh chun críocha sibhialta nó fhorfheidhmiú an dlí agus a úsáidtear le modhnú nó gan mhodhnú chun críocha míleata, cosanta nó slándála náisiúnta, níor cheart dó teacht faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.
(25)
šiuo reglamentu turėtų būti remiamos inovacijos, turėtų būti gerbiama mokslo laisvė ir neturėtų būti pakenkta mokslinių tyrimų ir plėtros veiklai. Todėl į jo taikymo sritį reikia neįtraukti DI sistemų ir modelių, specialiai sukurtų ir pradėtų naudoti vien tik mokslinių tyrimų ir plėtros tikslu. Be to, būtina užtikrinti, kad šis reglamentas kitaip nedarytų poveikio su DI sistemomis arba modeliais susijusiai mokslinių tyrimų ir plėtros veiklai prieš juos pateikiant rinkai arba pradedant naudoti. Į gaminius orientuotų mokslinių tyrimų, bandymų ir plėtros veiklai, susijusiai su DI sistemomis arba modeliais, šio reglamento nuostatos taip pat neturėtų būti taikomos prieš tas sistemas ir modelius pradedant naudoti arba pateikiant rinkai. Tas netaikymas nedaro poveikio pareigai laikytis šio reglamento, kai DI sistema, patenkanti į šio reglamento taikymo sritį, kaip tokios mokslinių tyrimų ir plėtros veiklos rezultatas pateikiama rinkai arba pradedama naudoti, ir nuostatų dėl apribotų DI bandomųjų reglamentavimo aplinkų ir bandymų realiomis sąlygomis taikymui. Be to, nedarant poveikio netaikymui DI sistemoms, specialiai sukurtoms ir pradėtoms naudoti tik mokslinių tyrimų ir plėtros tikslu, šio reglamento nuostatos ir toliau turėtų būti taikomos bet kuriai kitai DI sistemai, kuri gali būti naudojama bet kokiai mokslinių tyrimų ir plėtros veiklai vykdyti. Bet kuriuo atveju bet kokia mokslinių tyrimų ir plėtros veikla turėtų būti vykdoma laikantis pripažintų moksliniams tyrimams taikomų etikos ir profesinių standartų ir turėtų būti vykdoma laikantis taikytinos Sąjungos teisės;
(25)
Ba cheart don Rialachán seo tacú leis an nuálaíocht, ba cheart dó saoirse na heolaíochta a urramú, agus níor cheart dó an bonn a bhaint de ghníomhaíocht taighde agus forbartha. Is gá, dá bhrí sin, córais agus samhlacha intleachta saorga a fhorbraítear agus a chuirtear i mbun seirbhíse go sonrach chun críche taighde agus forbartha eolaíche, agus chun na críche sin amháin, a eisiamh óna raon feidhme. Thairis sin, is gá a áirithiú nach ndéanfaidh an Rialachán seo difear ar shlí eile do thaighde eolaíoch agus do ghníomhaíocht forbartha ar chórais intleachta saorga nó ar shamhlacha intleachta saorga sula gcuirfear ar an margadh nó i seirbhís iad. A mhéid a bhaineann le gníomhaíocht taighde, tástála agus forbartha atá dírithe ar tháirgí maidir le córais nó samhlacha intleachta saorga, níor cheart feidhm a bheith ag forálacha an Rialacháin seo sula gcuirfear na córais agus na samhlacha sin i seirbhís nó sula gcuirfear ar an margadh iad. Tá an t-eisiamh sin gan dochar don oibleagáid maidir leis an Rialachán seo a chomhlíonadh i gcás ina gcuirtear córas intleachta saorga a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo ar an margadh nó i seirbhís mar thoradh ar an ngníomhaíocht taighde agus forbartha sin agus do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus tástáil i bhfíordhálaí. Thairis sin, gan dochar d’eisiamh na gcóras intleachta saorga a fhorbraítear agus a chuirtear i seirbhís go sonrach chun críche taighde agus forbartha eolaíche agus chun na críche sin amháin, ba cheart d’aon chóras intleachta saorga eile a d’fhéadfaí a úsáid chun aon ghníomhaíocht taighde agus forbartha a dhéanamh leanúint de bheith faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo. In aon chás, ba cheart aon ghníomhaíocht taighde agus forbartha a dhéanamh i gcomhréir le caighdeáin eiticiúla proifisiúnta aitheanta don taighde eolaíoch agus ba cheart í a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme.
(26)
siekiant nustatyti proporcingą ir veiksmingą DI sistemoms taikomų taisyklių rinkinį, reikėtų vadovautis aiškiai apibrėžtu rizika grindžiamu požiūriu. Laikantis to požiūrio tokių taisyklių rūšį ir turinį reikėtų pritaikyti prie rizikos, kurią gali sukelti DI sistemos, intensyvumo ir masto. Todėl būtina uždrausti tam tikrą nepriimtiną su DI susijusią praktiką, nustatyti didelės rizikos DI sistemoms taikomus reikalavimus, o atitinkamiems veiklos vykdytojams – pareigas, taip pat nustatyti skaidrumo pareigas tam tikroms DI sistemoms;
(26)
Chun tacar rialacha ceangailteacha atá comhréireach agus éifeachtach a thabhairt isteach maidir le córais intleachta saorga, ba cheart cur chuige rioscabhunaithe atá sainithe go soiléir a leanúint. Leis an gcur chuige sin, ba cheart cineál agus inneachar na rialacha sin a chur in oiriúint do dhéine agus raon feidhme na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le córais intleachta saorga. Is gá, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar chleachtais dho-ghlactha intleachta saorga áirithe, ceanglais a leagan síos maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí a leagan síos le haghaidh na n-oibreoirí ábhartha, agus oibleagáidí trédhearcachta a leagan síos maidir le córais intleachta saorga áirithe.
(27)
nors rizika grindžiamas požiūris yra proporcingų ir veiksmingų privalomų taisyklių pagrindas, svarbu priminti 2019 m. Patikimo DI etikos gaires, kurias parengė Komisijos paskirta nepriklausoma AI HLEG. Tose gairėse AI HLEG parengė septynis neprivalomus DI etikos principus, kuriais siekiama padėti užtikrinti, kad DI būtų patikimas ir atitiktų etikos normas. Tie septyni principai apima žmogiškąjį veiksnį ir žmogaus atliekamą priežiūrą, techninį patvarumą ir saugumą, privatumą ir duomenų valdymą, skaidrumą, įvairovę, nediskriminavimą ir teisingumą, visuomenės ir aplinkos gerovę, ir atskaitomybę. Nedarant poveikio teisiškai privalomiems šio reglamento ir bet kurios kitos taikytinos Sąjungos teisės reikalavimams, tomis gairėmis prisidedama prie nuoseklaus, patikimo ir į žmogų orientuoto DI projektavimo, laikantis Chartijos ir vertybių, kuriomis grindžiama Sąjunga. Pagal AI HLEG gaires žmogiškasis veiksnys ir žmogaus atliekama priežiūra reiškia, kad DI sistemos kuriamos ir naudojamos kaip priemonė, kuri tarnauja žmonėms, kuria gerbiamas žmogaus orumas ir asmens autonomiškumas ir kuri veikia taip, kad ją galėtų kontroliuoti ir prižiūrėti žmonės. Techninis patvarumas ir saugumas reiškia, kad DI sistemos kuriamos ir naudojamos taip, kad būtų užtikrintas patvarumas kilus problemoms ir atsparumas mėginimams pakeisti DI sistemos naudojimą ar veikimo efektyvumą, kad trečiosios šalys galėtų ją neteisėtai naudoti, ir kad būtų kuo labiau sumažinta nenumatyta žala. Privatumas ir duomenų valdymas reiškia, kad DI sistemos kuriamos ir naudojamos laikantis privatumo ir duomenų apsaugos taisyklių, kartu tvarkant aukštus kokybės ir vientisumo standartus atitinkančius duomenis. Skaidrumas reiškia, kad DI sistemos kuriamos ir naudojamos taip, kad būtų sudarytos sąlygos tinkamam atsekamumui ir paaiškinamumui, kartu informuojant žmones apie tai, kad jie bendrauja ar sąveikauja su DI sistema, taip pat tinkamai informuojant diegėjus apie šios DI sistemos pajėgumus ir ribotumus, o asmenis, kuriems daromas poveikis – apie jų teises. Įvairovė, nediskriminavimas ir teisingumas reiškia, kad DI sistemos kuriamos ir naudojamos taip, kad šiame procese dalyvautų įvairūs subjektai, ir kad būtų skatinama vienoda prieiga, lyčių lygybė ir kultūrų įvairovė, kartu išvengiant pagal Sąjungos ar nacionalinę teisę draudžiamo diskriminacinio poveikio ir nepagrįsto šališkumo. Visuomenės ir aplinkos gerovė reiškia, kad DI sistemos kuriamos ir naudojamos tvariu ir palankiu aplinkai būdu ir taip, kad jos būtų naudingos visiems žmonėms, kartu stebint ir vertinant ilgalaikį poveikį asmenims, visuomenei ir demokratijai. Tų principų taikymas, kai įmanoma, turėtų būti perkeltas į DI modelių projektavimą ir naudojimą. Bet kuriuo atveju jais turėtų būti remiamasi rengiant elgesio kodeksus pagal šį reglamentą. Visi suinteresuotieji subjektai, įskaitant pramonę, akademinę bendruomenę, pilietinę visuomenę ir standartizacijos organizacijas, raginami rengiant savanorišką geriausią praktiką ir standartus atitinkamai atsižvelgti į etikos principus;
(27)
Cé go bhfuil an cur chuige rioscabhunaithe mar bhonn do thacar comhréireach agus éifeachtach rialacha ceangailteacha, tá sé tábhachtach cuimhneamh ar threoirlínte Eitice 2019 le haghaidh intleacht shaorga iontaofa a d’fhorbair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, ar grúpa neamhspleách é arna cheapadh ag an gCoimisiún. Sna treoirlínte sin, d’fhorbair an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga seacht bprionsabal eiticiúla neamhcheangailteacha le haghaidh intleacht shaorga atá beartaithe chun a áirithiú go mbeidh an intleacht shaorga iontaofa agus fónta ó thaobh eitice de. Áirítear ar na seacht bprionsabal gníomhú daonna agus formhaoirseacht dhaonna; stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht; príobháideachas agus rialachas sonraí; trédhearcacht; éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime; dea-bhail shóisialta agus chomhshaoil agus cuntasacht. Gan dochar do cheanglais an Rialacháin seo atá ceangailteach ó thaobh dlí agus d’aon dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais, rannchuidíonn na treoirlínte sin le dearadh intleachta saorga atá comhleanúnach, iontaofa agus duinelárnach, i gcomhréir leis an gCairt agus leis na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe. De réir threoirlínte an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga, ciallaíonn gníomhú daonna agus formhaoirseacht dhaonna go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga mar uirlis a fhónann do dhaoine, a urramaíonn dínit an duine agus neamhspleáchas pearsanta, agus a fheidhmíonn ar bhealach ar féidir le daoine í a rialú agus a mhaoirsiú go hiomchuí. Ciallaíonn stóinseacht theicniúil agus sábháilteacht go ndéantar córais intleachta saorga a fhorbairt agus a úsáid ar bhealach lena gceadaítear stóinseacht i gcás fadhbanna agus athléimneacht i gcoinne iarrachtaí chun úsáid nó feidhmíocht an chórais intleachta saorga a athrú chun ligean do thríú páirtithe úsáid neamhdhleathach a bhaint as, agus díobháil neamhbheartaithe a íoslaghdú. Ciallaíonn príobháideachas agus rialachas sonraí go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga i gcomhréir leis na rialacha príobháideachais agus cosanta sonraí, agus próiseáil á déanamh ar shonraí a chomhlíonann ardchaighdeáin ó thaobh cáilíochta agus sláine de. Ciallaíonn trédhearcacht go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach lenar féidir inrianaitheacht agus inmhínitheacht iomchuí a dhéanamh, agus daoine á gcur ar an eolas ag an am céanna go ndéanann siad cumarsáid nó idirghníomhú le córas intleachta saorga, chomh maith le húsáideoirí gairmiúla á gcur ar an eolas go cuí faoi chumais agus teorainneacha an chórais intleachta saorga sin agus daoine dá ndéantar difear á gcur ar eolas faoina gcearta. Ciallaíonn éagsúlacht, neamh-idirdhealú agus cothroime go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach ina n-áirítear gníomhaithe éagsúla agus ina gcuirtear rochtain chomhionann, comhionannas inscne agus éagsúlacht chultúrtha chun cinn, agus tionchair idirdhealaitheacha agus claontachtaí éagóracha a thoirmisctear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta á seachaint ag an am céanna. Ciallaíonn dea-bhail shóisialta agus chomhshaoil go bhforbraítear agus go n-úsáidtear córais intleachta saorga ar bhealach atá inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus ar bhealach a théann chun tairbhe do gach duine, agus faireachán agus measúnú á ndéanamh ag an am céanna ar na tionchair fhadtéarmacha ar an duine aonair, ar an tsochaí agus ar an daonlathas. Ba cheart cur i bhfeidhm na bprionsabal sin a léiriú, nuair is féidir, i ndearadh agus in úsáid samhlacha intleachta saorga. Ba cheart dóibh fónamh, ar aon chuma, mar bhunús chun cóid iompair a dhréachtú faoin Rialachán seo. Moltar do na geallsealbhóirí uile, lena n-áirítear lucht tionscail, an saol acadúil, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí um chaighdeánú, na prionsabail eiticiúla a chur san áireamh, de réir mar is iomchuí, chun dea-chleachtais agus caighdeáin dheonacha a fhorbairt.
(28)
be daugybės naudingų DI panaudojimo būdų, juo taip pat gali būti piktnaudžiaujama ir ji gali suteikti naujoviškų ir galingų manipuliavimo, išnaudojimo ir socialinės kontrolės praktikos įrankių. Tokia praktika yra ypač žalinga, ja lengva piktnaudžiauti ir ji turėtų būti draudžiama, nes prieštarauja Sąjungos vertybėms, susijusioms su pagarba žmogaus orumui, laisve, lygybe, demokratija ir teisine valstybe ir su Chartijoje įtvirtintomis pagrindinėmis teisėmis, be kita ko, teisėmis į nediskriminavimą, duomenų apsaugą bei privatumą ir vaiko teisėmis;
(28)
Cé is moite de na húsáidí tairbhiúla éagsúla a bhaineann leis an intleacht shaorga, d’fhéadfaí í a mhí-úsáid freisin agus uirlisí úra cumhachtacha a sholáthar le haghaidh cleachtais ionramhálacha dhúshaothraithe agus cleachtais smachta sóisialta. D’fhéadfaí dochar ar leith a dhéanamh agus droch-íde ar leith a thabhairt, leis na cleachtais sin, agus ba cheart iad a thoirmeasc toisc go dtagann siad salach ar luachanna an Aontais maidir le meas ar dhínit an duine, an tsaoirse, an comhionannas, an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha arna gcumhdach sa Chairt, lena n-áirítear an ceart chun neamh-idirdhealaithe, an ceart chun na cosanta sonraí, an ceart chun príobháideachais agus cearta an linbh.
(29)
DI grindžiami manipuliavimo metodai gali būti naudojami siekiant įtikinti asmenis atlikti nepageidaujamus veiksmus arba juos apgauti, skatinant juos priimti sprendimus taip, kad būtų trukdoma ir kenkiama jų autonomiškumui, sprendimų priėmimui ir laisvam pasirinkimui. Tam tikrų DI sistemų pateikimas rinkai, pradėjimas naudoti arba naudojimas siekiant iš esmės iškreipti arba iškreipiant žmogaus elgesį, galbūt sukeliant didelę žalą, visų pirma darančią pakankamai didelį neigiamą poveikį fizinei, psichologinei sveikatai ar finansiniams interesams, yra ypač pavojingas ir todėl turėtų būti draudžiamas. Tokiose DI sistemose naudojami pasąmonę veikiantys komponentai, pavyzdžiui, garso, paveikslėlių, judamo vaizdo stimuliacijos, kurių žmonės negali suvokti, nes tos stimuliacijos priemonės yra žmogui nesuvokiamos, arba kiti manipuliavimo ar apgaulės metodai, kuriais trukdoma arba kenkiama asmens autonomiškumui, sprendimų priėmimui ar laisvam pasirinkimui tokiais būdais, kad žmonės sąmoningai nesuvokia tų priemonių, jei jas ir suvokia, vis tiek yra apgaunami arba negali jų kontroliuoti ar joms pasipriešinti. Tą galėtų palengvinti, pavyzdžiui, mašinos ir smegenų sąsajos arba virtualioji realybė, nes jos leidžia geriau kontroliuoti, kokios stimuliacijos pateikiamos žmonėms, tiek, kiek jos gali iš esmės iškreipti jų elgesį labai žalingu būdu. Be to, DI sistemos taip pat gali kitaip išnaudoti asmens arba konkrečios asmenų grupės pažeidžiamumą dėl jų amžiaus, negalios, kaip tai suprantama Europos Parlamento ir Tarybos direktyvoje (ES) 2019/882 (16), arba konkrečios socialinės ar ekonominės padėties, dėl kurios tuos asmenis yra lengviau išnaudoti, pavyzdžiui, ypač skurdžiai gyvenančius asmenis, etnines ar religines mažumas. Tokios DI sistemos gali būti pateiktos rinkai, pradėtos naudoti arba naudojamos siekiant iš esmės iškreipti arba iškreipiant asmens elgesį tokiu būdu, kuris sukelia arba pagrįstai manoma, kad gali sukelti didelę žalą tam ar kitam asmeniui arba asmenų grupėms, įskaitant žalą, kuri laikui bėgant gali didėti, ir todėl turėtų būti draudžiamos. Gali būti neįmanoma daryti prielaidos, kad ketinama iškreipti elgesį, kai iškreipimą lemia su DI sistema nesusiję veiksniai, kurių tiekėjas ar diegėjas negali kontroliuoti, t. y. veiksniai, kurių DI sistemos tiekėjas ar diegėjas negali pagrįstai numatyti ir dėl to negali sušvelninti jų poveikio. Bet kuriuo atveju nebūtina, kad tiekėjas ar diegėjas ketintų sukelti didelę žalą, jeigu tokia žala vis tiek atsiranda dėl manipuliavimo ar išnaudojimo pasitelkiant DI grindžiamas praktiką. Tokios DI praktikos draudimai papildo Europos Parlamento ir Tarybos direktyvos 2005/29/EB (17) nuostatas, visų pirma tai, kad nesąžininga komercinė praktika, daranti ekonominę ar finansinę žalą vartotojams, yra draudžiama bet kokiomis aplinkybėmis, nepaisant to, ar ji vykdoma naudojant DI sistemas ar kitaip. Šiame reglamente nustatyti manipuliavimo ir išnaudojimo praktikos draudimai neturėtų daryti poveikio teisėtai praktikai, susijusiai su medicininiu gydymu, pavyzdžiui, psichologiniu psichikos ligos gydymu ar fizine reabilitacija, kai tokia praktika vykdoma laikantis taikytinos teisės ir medicinos standartų, pavyzdžiui, gavus aiškų asmenų arba jų teisinių atstovų sutikimą. Be to, įprasta ir teisėta komercinė praktika, pavyzdžiui, reklamos srityje, kuri atitinka taikytiną teisę, neturėtų būti savaime laikoma DI grindžiama žalinga manipuliavimo praktika;
(29)
Is féidir teicnící ionramhálacha atá cumasaithe ag intleacht shaorga a úsáid chun a chur ina luí ar dhaoine dul i mbun iompraíocht neamh-inmhianaithe, nó chun iad a mheabhlú trí thathant orthu cinntí a dhéanamh ar bhealach a threascraíonn agus a chuireann isteach ar a neamhspleáchas, a gcinnteoireacht agus a saor-roghanna. Maidir le córais intleachta saorga áirithe a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid a bhfuil sé mar chuspóir leo iompraíocht an duine a shaobhadh go hábhartha, nó a bhfuil d’éifeacht acu iompraíocht an duine a shaobhadh go hábhartha, sa chaoi is gur dócha go ndéanfaí díobháil shuntasach, a dhéanfadh go leor dochair, go háirithe, go fisiciúil, go síceolaíoch nó do leasanna airgeadais, tá siad thar a bheith contúirteach agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a thoirmeasc. Imscarann na córais intleachta saorga sin comhpháirteanna fothairseachúla, amhail spreagthaigh fuaime, íomhá, físe nach féidir le daoine a bhrath ós rud é go bhfuil siad lasmuigh de dhearcadh an duine nó teicnící eile ionramhála nó meabhlacha a threascraíonn nó a chuireann isteach ar neamhspleáchas, ar chinnteoireacht nó ar shaor-rogha daoine ar bhealaí nach bhfuil daoine ar an eolas faoi na teicnící sin go comhfhiosach, nó, i gcás ina mbíonn siad ar an eolas fúthu, gur féidir an dallamullóg a chur orthu mar sin féin nó nach bhfuil smacht acu orthu nó nach bhfuil siad in ann diúltú dóibh. D’fhéadfaí é sin a éascú, mar shampla, trí chomhéadain meaisín-inchinn nó réaltacht fhíorúil toisc go gceadaíonn siad leibhéal níos airde smachta ar an spreagadh a thugtar do dhaoine, sa mhéid go bhféadfaidís a n-iompar a shaobhadh go hábhartha ar bhealach atá an-díobhálach. Ina theannta sin, féadfaidh córais intleachta saorga leas a bhaint as leochaileachtaí duine nó grúpa shonraigh daoine mar gheall ar a n-aois, a míchumas de réir bhrí Threoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), nó staid shóisialta nó eacnamaíoch shonrach ar dócha go mbeidh na daoine sin níos leochailí i leith an dúshaothraithe dá barr, amhail daoine atá ag maireachtáil faoi fhíorbhochtaineacht, mionlaigh eitneacha nó reiligiúnacha. Is féidir na córais intleachta saorga sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid leis an gcuspóir nó an éifeacht iompar duine a shaobhadh go hábhartha agus ar bhealach a ndéantar díobháil shuntasach nó ar dócha go ndéanfar díobháil shuntasach don duine sin nó do dhuine eile nó do ghrúpaí daoine, lena n-áirítear díobháil a d’fhéadfaí a charnadh le himeacht ama agus ba cheart, dá bhrí sin, iad a thoirmeasc. Ní gá go bhféadfaí glacadh leis go bhfuil sé beartaithe iompraíocht a shaobhadh i gcás ina n-eascraíonn an saobhadh as fachtóirí lasmuigh den chóras intleachta saorga nach bhfuil smacht ag an soláthraí ná ag an úsáideoir gairmiúil orthu, eadhon fachtóirí nach bhféadfaí a thuar go réasúnta agus, dá bhrí sin, nach bhféadfadh soláthraí ná úsáideoir gairmiúil an chórais intleachta saorga iad a mhaolú. I gcás ar bith, ní gá go mbeadh sé ar intinn ag an soláthraí ná ag an úsáideoir gairmiúil díobháil fhisiciúil nó shíceolaíoch a dhéanamh, ar choinníoll gur as na cleachtais ionramhála nó dhúshaothraithe atá cumasaithe ag intleacht shaorga a eascraíonn an díobháil sin. Tá na toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga sin comhlántach leis na forálacha atá i dTreoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), go háirithe go dtoirmisctear i ngach cás cleachtais tráchtála éagóracha as a n-eascraíonn díobháil eacnamaíoch nó airgeadais do thomhaltóirí, gan beann ar iad a bheith curtha i bhfeidhm trí chórais intleachta saorga nó ar bhealach eile. Níor cheart leis na toirmisc ar chleachtais ionramhála agus dhúshaothraithe sa Rialachán seo difear a dhéanamh do chleachtais dhleathacha i gcomhthéacs cóireála leighis, amhail cóireáil shíceolaíoch do ghalar meabhrach nó athshlánú fisiciúil, nuair a dhéantar na cleachtais sin i gcomhréir leis an dlí is infheidhme agus leis na caighdeáin leighis is infheidhme, mar shampla toiliú sainráite ó na daoine aonair nó óna n-ionadaithe dlíthiúla. Ina theannta sin, níor cheart cleachtais tráchtála choiteanna agus dhlisteanacha, mar shampla i réimse na fógraíochta, atá i gcomhréir leis an dlí is infheidhme a mheas, iontu féin, mar chleachtais ionramhála dhíobhálacha atá cumasaithe ag intleacht shaorga.
(30)
turėtų būti draudžiamos biometrinio kategorizavimo sistemos, grindžiamos fizinių asmenų biometriniais duomenimis, pavyzdžiui, asmens veidu ar pirštų atspaudu, siekiant nuspręsti dėl ar padaryti išvadas dėl asmens politinių pažiūrų, narystės profesinėse sąjungose, religinių ar filosofinių įsitikinimų, rasės, lytinio gyvenimo ar seksualinės orientacijos. Tas draudimas neturėtų būti taikomas pagal Sąjungos ar nacionalinę teisę gautų biometrinių duomenų rinkinių teisėtam ženklinimui, filtravimui ar kategorizavimui pagal biometrinius duomenis, pavyzdžiui, paveikslėlių rūšiavimui pagal plaukų arba akių spalvą, kurie, pavyzdžiui, gali būti naudojami teisėsaugos srityje;
(30)
Ba cheart toirmeasc a chur ar chórais chatagóirithe bhithmhéadracha atá bunaithe ar shonraí bithmhéadracha daoine nádúrtha, amhail aghaidh nó méarlorg duine aonair, chun tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, cine, saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine aonair a aimsiú nó a chur in iúl. Níor cheart a chumhdach, leis an toirmeasc sin, lipéadú, scagadh nó catagóiriú dleathach tacar sonraí bithmhéadracha a fhaightear i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta de réir sonraí bithmhéadracha, amhail sórtáil íomhánna de réir dath gruaige nó dhath na súl, ar féidir iad a úsáid, mar shampla, i réimse fhorfheidhmiú an dlí.
(31)
viešų arba privačių subjektų naudojimasis DI sistemomis, kurių paskirtis yra vykdyti fizinių asmenų socialinį reitingavimą, gali duoti diskriminuojančių rezultatų, o tam tikros grupės gali patirti atskirtį. Taip gali būti pažeista teisė į orumą ir nediskriminavimą ir lygybės bei teisingumo vertybės. Tokios DI sistemos vertina arba klasifikuoja fizinius asmenis arba jų grupes remdamosi daugybe duomenų taškų, susijusių su jų socialiniu elgesiu įvairiomis aplinkybėmis arba žinomomis, numanomomis ar nuspėjamais asmeniniais arba asmenybės bruožais tam tikrais laikotarpiais. Tokių DI sistemų sukurtas socialinio reitingavimo rezultatas gali lemti žalingą arba nepalankų elgesį su fiziniais asmenimis arba ištisomis jų grupėmis ir tai gali būti daroma socialinėmis aplinkybėmis, kurios nėra susijusios su aplinkybėmis, kuriomis duomenys buvo iš pradžių sugeneruoti arba surinkti, arba žalingą elgesį, kuris yra neproporcingas arba nepagrįstas atsižvelgiant į jų socialinio elgesio rimtumą. Todėl DI sistemos, taikančios tokią nepriimtiną reitingavimo praktiką ir lemiančios tokius žalingus ar nepalankius rezultatus, turėtų būti draudžiamos. Tas draudimas neturėtų daryti poveikio teisėtai fizinių asmenų vertinimo praktikai, vykdomai konkrečiu tikslu laikantis Sąjungos ir nacionalinės teisės;
(31)
D’fhéadfadh sé go mbeadh torthaí idirdhealaitheacha agus eisiamh grúpaí áirithe ann de thoradh scóráil shóisialta daoine nádúrtha ag gníomhaithe poiblí nó príobháideacha, rud a sholáthraítear le córais intleachta saorga áirithe. D’fhéadfadh sé go sárófaí leo an ceart chun dínite agus an ceart chun neamh-idirdhealaithe agus luachanna maidir le comhionannas agus an ceartas. Déanann na córais intleachta saorga sin meastóireacht nó aicmiú ar dhaoine nádúrtha nó ar ghrúpaí díobh bunaithe ar iliomad pointí sonraí a bhaineann lena n-iompraíocht shóisialta i gcomhthéacsanna éagsúla nó saintréithe pearsanta nó pearsantachta intuigthe nó tuartha thar thréimhsí áirithe ama. De thoradh an scóir shóisialta arna fháil ó na córais intleachta saorga sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfí go neamhfhabhrach nó go díobhálach le daoine nádúrtha nó grúpaí iomlána daoine nádúrtha i gcomhthéacsanna sóisialta nach bhfuil aon bhaint acu leis an gcomhthéacs inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach báire nó d’fhéadfadh sé go gcaithfí leo go díobhálach ar bhealach atá gan údar nó díréireach le tromchúis a n-iompraíochta sóisialta. Ba cheart, dá bhrí sin, córais intleachta saorga lena mbaineann na cleachtais scórála neamh-inghlactha sin a thoirmeasc, ar córais iad a mbíonn torthaí díobhálacha nó neamhfhabhracha den sórt sin mar thoradh orthu. Níor cheart don toirmeasc sin difear a dhéanamh do chleachtais mheastóireachta dhleathacha daoine nádúrtha a dhéantar chun críche sonraí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
(32)
DI sistemų naudojimas dėl tikralaikio nuotolinio biometrinio fizinių asmenų tapatybės nustatymo viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslu itin riboja atitinkamų asmenų teises ir laisves, nes tai gali daryti poveikį didelės gyventojų dalies privačiam gyvenimui, sukelti nuolatinį sekimo jausmą ir netiesiogiai atgrasyti nuo naudojimosi susirinkimų teise ir kitomis pagrindinėmis teisėmis. DI sistemų, skirtų nuotoliniam fizinių asmenų biometriniam tapatybės nustatymui, techniniai netikslumai gali lemti šališkus rezultatus ir daryti diskriminacinį poveikį. Tokie galimi šališki rezultatai ir diskriminacinis poveikis yra ypač svarbūs amžiaus, etninės kilmės, rasės, lyties arba negalios atžvilgiu. Be to, poveikio betarpiškumas ir ribotos galimybės atlikti tolesnes patikras ar taisymus, susijusius su tokiomis tikruoju laiku veikiančiomis sistemomis, kelia didesnę riziką atitinkamų asmenų, kurių atžvilgiu vykdoma teisėsaugos veikla arba kuriems ji daro poveikį, teisėms ir laisvėms;
(32)
Maidir le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach ‘fíor-ama’ daoine nádúrtha i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, cuireann sí isteach go mór ar chearta agus saoirsí na ndaoine lena mbaineann, sa mhéid go bhfuil féidearthacht ann go ndéanfaí difear do shaol príobháideach cuid mhór den phobal, go nginfí mothúchán go bhfuiltear faoi fhaireachas leanúnach agus go ndéanfaí feidhmiú saoirse tionóil agus cearta bunúsacha eile a dhíspreagadh. Maidir le míchruinnis theicniúla i gcórais intleachta saorga atá beartaithe le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine nádúrtha, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaithe. Na torthaí claonta agus na héifeachtaí idirdhealaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann, tá siad ábhartha go háirithe maidir le haois, eitneacht, cine, gnéas nó míchumais. Thairis sin, i bhfianaise neasacht an tionchair agus na ndeiseanna teoranta atá ann maidir le seiceálacha agus ceartuithe breise i ndáil le húsáid na gcóras sin a oibríonn i bhfíor-am, bíonn rioscaí níos mó ann i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine lena mbaineann i gcomhthéacs gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí, nó a mbíonn tionchar ag gníomhaíochtaí forfheidhmithe dlí orthu.
(33)
todėl šių sistemų naudojimas teisėsaugos tikslu turėtų būti draudžiamas, išskyrus išsamiai išvardytas ir tiksliai apibrėžtas situacijas, kai sistemas naudoti tikrai būtina siekiant apginti esminį viešąjį interesą, kurio svarba nusveria riziką. Šios situacijos apima tam tikrų nusikaltimo aukų, įskaitant dingusius asmenis, paiešką, tam tikras grėsmes fizinių asmenų gyvybei arba fiziniam saugumui arba teroristinio išpuolio grėsmes ir šio reglamento priede išvardytų nusikalstamų veikų vykdytojų arba įtariamųjų buvimo vietos arba tapatybės nustatymą, jei už tas nusikalstamas veikas atitinkamoje valstybėje narėje pagal tos valstybės narės teisę baudžiama laisvės atėmimo bausme arba priimant sprendimą dėl įkalinimo ne trumpiau nei ketveriems metams, ir kaip jos apibrėžtos tos valstybės narės teisėje. Tokia nacionalinėje teisėje nustatyta laisvės atėmimo bausmės arba sprendimo dėl įkalinimo riba padeda užtikrinti, jog tam, kad būtų galima pateisinti tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimą, nusikalstama veika turi būti pakankamai rimta. Be to, šio reglamento priede pateiktas nusikalstamų veikų sąrašas yra grindžiamas 32 nusikalstamomis veikomis, išvardytomis Tarybos pamatiniame sprendime 2002/584/TVR (18), atsižvelgiant į tai, kad kai kurios iš tų veikų praktiniu požiūriu gali būti svarbesnės palyginti su kitomis, taigi tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimas gali būti būtinas ir proporcingas (labai įvairiu mastu) norint praktiškai nustatyti įvairių išvardytų nusikalstamų veikų vykdytojo arba įtariamojo buvimo vietą arba tapatybę, kartu atsižvelgiant į tikėtinus žalos arba galimų neigiamų pasekmių rimtumo, tikėtinumo ir masto skirtumus. Neišvengiama grėsmė fizinių asmenų gyvybei arba fiziniam saugumui taip pat galėtų kilti dėl didelio ypatingos svarbos infrastruktūros, kaip apibrėžta Europos Parlamento ir Tarybos direktyvos (ES) 2022/2557 (19) 2 straipsnio 4 punkte, sutrikimo, kai tokios ypatingos svarbos infrastruktūros sutrikimas arba sunaikinimas sukeltų neišvengiamą grėsmę asmens gyvybei arba fiziniam saugumui, be kita ko, dėl didelės žalos būtiniausių prekių tiekimui gyventojams arba valstybės pagrindinės funkcijos vykdymui. Be to, šiuo reglamentu turėtų būti išsaugota galimybė teisėsaugos, sienų kontrolės, imigracijos ar prieglobsčio institucijoms atlikti tapatybės patikrinimus dalyvaujant atitinkamam asmeniui, laikantis Sąjungos ir nacionalinėje teisėje tokiems patikrinimams nustatytų sąlygų. Visų pirma teisėsaugos, sienų kontrolės, imigracijos ar prieglobsčio institucijos turėtų turėti galimybę naudotis informacinėmis sistemomis pagal Sąjungos arba nacionalinę teisę, kad nustatytų asmenų, kurie tapatybės patikrinimo metu atsisako leisti nustatyti jų tapatybę arba negali nurodyti ar įrodyti savo tapatybės, tapatybę, nereikalaujant pagal šį reglamentą gauti išankstinį leidimą. Tai galėtų būti, pavyzdžiui, asmuo, dalyvavęs vykdant nusikaltimą, nenorintis arba negalintis dėl nelaimingo atsitikimo ar sveikatos būklės atskleisti savo tapatybės teisėsaugos institucijoms;
(33)
Ba cheart, dá bhrí sin, toirmeasc a chur ar úsáid na gcóras sin chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin maidir le cásanna atá liostaithe go cuimsitheach agus sainithe go cúng, cásanna lena bhfuil dianghá le húsáid na gcóras sin chun freastal ar leas substaintiúil maidir leis an bpobal, ina meastar gur mó a dtábhacht ná na rioscaí. Baineann na cásanna sin le cuardach íospartach áirithe coireachta, lena n-áirítear daoine ar iarraidh; bagairtí áirithe ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha nó ionsaí sceimhlitheoireachta; agus logánú nó sainaithint dhéantóirí nó amhrastach na gcionta coiriúla a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás ina bhfuil na cionta coiriúla sin inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse ceithre bliana ar a laghad agus mar a shainítear iad i ndlí an Bhallstáit sin. An tairseach sin maidir leis an bpianbhreith choimeádta nó ordú coinneála i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, rannchuidíonn sí chun a áirithiú gur cheart an cion a bheith tromchúiseach go leor le húdar a thabhairt le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’. Thairis sin, tá liosta na gcionta coiriúla dá bhforáiltear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo bunaithe ar na 32 chion choiriúla a liostaítear i gCinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle (18), á chur san áireamh gur dócha go mbeidh cuid de na cionta sin níos ábhartha ná a chéile, i gcleachtas, sa mhéid is go bhféadfadh sé go mbeadh gá ar leibhéil éagsúla go hintuartha le hiontaoibh cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ agus go mbeadh sé comhréireach ar leibhéil éagsúla den chur chun cinn praiticiúil maidir le logánú nó sainaithint duine faoi dhrochamhras nó dhéantóirí na gcionta coiriúla éagsúla a liostaítear agus ag féachaint do na héagsúlachtaí dóchúla maidir le tromchúis, dóchúlacht agus leibhéal na díobhála nó na hiarmhairtí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann. D’fhéadfadh garbhagairt ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha a bheith mar thoradh freisin ar shuaitheadh tromchúiseach ar bhonneagar criticiúil, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Threoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19), i gcás ina mbeadh garbhagairt ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil duine mar thoradh ar shuaitheadh nó scriosadh an bhonneagair chriticiúil sin, lena n-áirítear trí dhíobháil thromchúiseach do sholáthar soláthairtí bunúsacha don daonra nó d’fheidhmiú phríomhfheidhm an Stáit. Ina theannta sin, ba cheart go gcaomhnófaí leis an Rialachán seo cumas na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó na n-údarás tearmainn seiceálacha aitheantais a dhéanamh i láthair an duine lena mbaineann i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i ndlí an Aontais agus sa dlí náisiúnta maidir leis na seiceálacha sin. Go háirithe, ba cheart d’údaráis forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn a bheith in ann úsáid a bhaint as córais faisnéise, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, chun daoine a shainaithint a dhiúltaíonn a bheith sainaitheanta nó nach bhfuil in ann a gcéannacht a shonrú nó a chruthú, gan ceangal a bheith orthu leis an Rialachán seo réamhúdarú a fháil. D’fhéadfadh a bheith i gceist leis sin, mar shampla, duine a raibh baint aige le coir, nó duine nach bhfuil toilteanach, nó nach bhfuil ar a chumas, mar gheall ar thimpiste nó riocht sláinte, a aitheantas a nochtadh d’údaráis forfheidhmithe dlí.
(34)
siekiant užtikrinti, kad tos sistemos būtų naudojamos atsakingai ir proporcingai, taip pat svarbu nustatyti, kad kiekvienoje iš šių išsamiai nurodytų ir tiksliai apibrėžtų situacijų būtų atsižvelgiama į tam tikrus aspektus, visų pirma susijusius su situacijos, dėl kurios pateikiamas prašymas, pobūdžiu ir tokio naudojimo pasekmėmis visų susijusių asmenų teisėms ir laisvėms, taip pat su tokiu naudojimu susijusiomis apsaugos priemonėmis ir sąlygomis. Be to, tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslu turėtų būti diegiamos tik tam, kad būtų patvirtinta konkrečiai tiriamo asmens tapatybė, ir turėtų neviršyti to, kas tikrai būtina, kiek tai susiję su laikotarpiu, taip pat geografine ir subjektine taikymo sritimi, atsižvelgiant visų pirma į įrodymus arba požymius, susijusius su grėsmėmis, aukomis arba nusikalstamos veikos vykdytoju. Tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemą viešai prieinamose erdvėse turėtų būti leidžiama naudoti tik tuo atveju, jei atitinkama teisėsaugos institucija yra atlikusi poveikio pagrindinėms teisėms vertinimą ir, jei šiame reglamente nenumatyta kitaip, yra užregistravusi sistemą duomenų bazėje, kaip nustatyta šiame reglamente. Kiekvienoje iš pirmiau nurodytų situacijų kiekvieno panaudojimo atveju turėtų būti pasirenkama tinkama informacinė asmenų duomenų bazė;
(34)
Chun a áirithiú go n-úsáidtear na córais sin ar bhealach freagrach comhréireach, tá sé tábhachtach freisin a shuí gur cheart eilimintí áirithe a chur san áireamh i ngach ceann de na cásanna a liostaítear go cuimsitheach agus a sainítear go cúng, go háirithe a mhéid a bhaineann le nádúr an cháis is cúis leis an iarraidh agus iarmhairtí na húsáide i leith chearta agus shaoirsí na ndaoine uile lena mbaineann agus na coimircí agus coinníollacha dá bhforáiltear leis an úsáid. Thairis sin, maidir le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, níor cheart sin a dhéanamh ach amháin chun céannacht an duine aonair spriocdhírithe a dheimhniú agus ba cheart an úsáid sin a bheith teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis maidir leis an tréimhse ama, chomh maith leis an raon feidhme geografach agus pearsanta, ag féachaint go háirithe don fhianaise nó do na tásca maidir leis na bagairtí, na híospartaigh nó an déantóir. Níor cheart úsáid an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal a údarú ach amháin má tá measúnú tionchair ar chearta bunúsacha curtha i gcrích ag an údarás ábhartha forfheidhmithe dlí agus, mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, má chláraigh sé an córas sa bhunachar sonraí mar a leagtar amach sa Rialachán seo. Ba cheart bunachar sonraí tagartha na ndaoine a bheith iomchuí lena úsáid i ngach ceann de na cásanna a luaitear thuas.
(35)
kiekvieną kartą viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslu naudojant tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemą reikėtų gauti aiškų ir konkretų valstybės narės teisminės institucijos arba nepriklausomos administracinės institucijos, kurios sprendimas yra privalomas, leidimą. Toks leidimas iš esmės turėtų būti gautas prieš pradedant naudoti DI sistemą tam, kad būtų nustatyta asmens ar asmenų tapatybė. Turėtų būti leidžiama netaikyti tos taisyklės tinkamai pagrįstose neatidėliotinose situacijose, t. y. situacijose, kuriose poreikis naudoti atitinkamas sistemas yra toks, kad faktiškai ir objektyviai neįmanoma gauti leidimo prieš pradedant naudoti DI sistemą. Tokiose neatidėliotinose situacijose DI sistemos naudojimas turėtų apsiriboti tik tuo, kas absoliučiai minimaliai būtina, ir turėtų būti taikomos tinkamos apsaugos priemonės ir sąlygos, kaip apibrėžta nacionalinėje teisėje ir kaip konkrečiai nurodė pati teisėsaugos institucija, atsižvelgdama į kiekvieną individualų neatidėliotino naudojimo atvejį. Be to, tokiose situacijose teisėsaugos institucija turėtų paprašyti tokio leidimo, kartu nurodydama priežastis, dėl kurių negalėjo leidimo paprašyti anksčiau, nepagrįstai nedelsdama ir ne vėliau kaip per 24 valandas. Jei tokį leidimą atsisakoma išduoti, su tuo leidimu susietų tikralaikio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimas turėtų būti tuojau pat nutrauktas ir visi su tokiu naudojimu susiję duomenys turėtų būti pašalinti ir ištrinti. Tokie duomenys apima įvesties duomenis, kuriuos DI sistema tiesiogiai gauna naudojant tokią sistemą, taip pat su tuo leidimu susieto naudojimo rezultatus ir išvedinius. Jie neturėtų apimti pagal kitą Sąjungos arba nacionalinės teisės aktą teisėtai gautos įvesties. Bet kuriuo atveju, remiantis vien nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos išvediniu neturėtų būti priimtas joks sprendimas, kuris sukeltų asmeniui nepalankų teisinį poveikį;
(35)
Gach úsáid a bhaintear as córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart don úsáid sin a bheith faoi réir údarú sonrach sainráite ó údarás breithiúnach nó ó údarás riaracháin neamhspleách de chuid Ballstáit a bhfuil a chinneadh ceangailteach. Ba cheart, i bprionsabal, an t-údarú sin a fháil sula n-úsáidfear an córas intleachta saorga d’fhonn duine nó daoine a shainaithint. Ba cheart eisceachtaí ar an riail sin a cheadú i gcásanna a bhfuil údar cuí leo ar fhoras práinne, eadhon, cásanna ina bhfuil sé dodhéanta go héifeachtúil agus go hoibiachtúil, de thairbhe úsáid an chórais intleachta saorga, údarú a fháil sula n-úsáidfear an córas i dtrácht. Sna cásanna práinneacha sin, ba cheart úsáid an chórais intleachta saorga a theorannú don íosmhéid a bhfuil géarghá leis agus í a bheith faoi réir na gcoimircí agus na gcoinníollacha iomchuí, de réir mar a chinntear leis an dlí náisiúnta agus a shonraítear i gcomhthéacs gach cáis phráinnigh ar leith ag an údarás forfheidhmithe dlí féin. Ina theannta sin, ba cheart don údarás forfheidhmithe dlí an t-údarú sin a iarraidh sna cásanna sin agus na cúiseanna a thabhairt nach raibh sé in ann é a iarraidh níos luaithe, gan moill mhíchuí agus laistigh de 24 uair an chloig ar a dhéanaí. Má dhiúltaítear an t-údarú sin, ba cheart deireadh a chur, láithreach, le húsáid córas sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama atá nasctha leis an údarú sin agus ba cheart na sonraí uile a bhaineann leis an úsáid sin a chur i leataobh agus a scriosadh. Áirítear leis na sonraí sin sonraí ionchuir arna bhfáil go díreach ag córas intleachta saorga agus an córas sin á úsáid chomh maith le torthaí agus aschuir na húsáide atá nasctha leis an údarú sin. Níor cheart ionchur a fhaightear go dlíthiúil i gcomhréir le dlí eile de chuid an Aontais nó le dlí náisiúnta eile a áireamh ann. I gcás ar bith, níor cheart aon chinneadh a mbeidh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil aige ar dhuine a dhéanamh bunaithe ar aschur an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí amháin.
(36)
kad atitinkama rinkos priežiūros institucija ir nacionalinė duomenų apsaugos institucija galėtų atlikti savo užduotis pagal šiame reglamente ir nacionalinėse taisyklėse nustatytus reikalavimus, joms turėtų būti pranešama apie kiekvieną tikralaikio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos naudojimą. Rinkos priežiūros institucijos ir nacionalinės duomenų apsaugos institucijos, kurios buvo notifikuotos, turėtų pateikti Komisijai metinę tikralaikio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimo ataskaitą;
(36)
Chun a gcúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna rialacha náisiúnta, ba cheart fógra a thabhairt don údarás ábhartha faireachais margaidh agus don údarás náisiúnta cosanta sonraí maidir le gach úsáid a bhaintear as an gcóras sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama. Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh agus do na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí dá dtugtar fógra tuarascáil bhliantúil maidir le húsáid córas sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
(37)
be to, laikantis šiame reglamente nustatytos išsamios sistemos, tinkama numatyti, kad toks naudojimas valstybės narės teritorijoje pagal šį reglamentą turėtų būti įmanomas tik tais atvejais ir tik tiek, kiek atitinkama valstybė narė yra nusprendusi savo išsamiose nacionalinės teisės taisyklėse aiškiai numatyti galimybę leisti tokį naudojimą. Todėl valstybės narės pagal šį reglamentą gali apskritai nenumatyti tokios galimybės arba numatyti ją tik kai kuriais tikslais, kuriais būtų galima pagrįsti pagal šį reglamentą nustatytą leistiną naudojimą. Apie tokias nacionalines taisykles Komisijai turėtų būti pranešta per 30 dienų nuo jų priėmimo;
(37)
Thairis sin, is iomchuí a fhoráil, laistigh de chreat uileghabhálach an Rialacháin seo, nár cheart an úsáid sin ar chríoch Bhallstáit i gcomhréir leis an Rialachán seo a bheith indéanta ach amháin i gcás inar chinn an Ballstát lena mbaineann, agus sa mhéid gur chinn an Ballstát lena mbaineann, foráil a dhéanamh go sainráite go bhféadfaí an úsáid sin a údarú ina rialacha mionsonraithe den dlí náisiúnta. Dá réir sin, beidh sé de shaoirse ag na Ballstáit faoin Rialachán seo gan foráil a dhéanamh in aon chor maidir le féidearthacht mar sin nó gan foráil a dhéanamh maidir le féidearthacht mar sin ach amháin i leith cuid de na cuspóirí a bhfuil sé de chumas acu údar a thabhairt le húsáid údaraithe a shainaithnítear sa Rialachán seo. Ba cheart fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na rialacha náisiúnta sin laistigh de 30 lá tar éis a nglactha.
(38)
viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslu naudojant DI sistemas dėl tikralaikio nuotolinio biometrinio fizinių asmenų tapatybės nustatymo neišvengiamai tvarkomi biometriniai duomenys. Šio reglamento taisyklės, kuriomis, išskyrus tam tikras išimtis, draudžiamas toks naudojimas, grindžiamos SESV 16 straipsniu, turėtų būti taikomos kaip lex specialis, atsižvelgiant į biometrinių duomenų tvarkymo taisykles, nustatytas Direktyvos (ES) 2016/680 10 straipsnyje, taip išsamiai reguliuojant tokį naudojimą ir atitinkamų biometrinių duomenų tvarkymą. Todėl toks naudojimas ir tvarkymas turėtų būti įmanomi tik tiek, kiek tai suderinama su šiuo reglamentu nustatyta sistema, už kurios taikymo ribų kompetentingos institucijos, veikdamos teisėsaugos tikslu, negalėtų naudoti tokių sistemų ir tvarkyti su tuo susijusių tokių duomenų, remdamosi Direktyvos (ES) 2016/680 10 straipsnyje išvardytais pagrindais. Atsižvelgiant į tai šiuo reglamentu nesiekiama nustatyti asmens duomenų tvarkymo pagal Direktyvos (ES) 2016/680 8 straipsnį teisinio pagrindo. Tačiau tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimas viešai prieinamose erdvėse kitais nei teisėsaugos tikslu, įskaitant atvejus, kai tai daro kompetentingos institucijos, neturėtų patekti į konkrečios sistemos, susijusios su tokiu naudojimu teisėsaugos tikslu, kuri nustatyta šiame reglamente, taikymo sritį. Todėl tokiam naudojimui kitais nei teisėsaugos tikslais neturėtų būti reikalaujama leidimo pagal šį reglamentą ir taikomas išsamias nacionalinės teisės taisykles, pagal kurias gali būti įgyvendinamas tas leidimas;
(38)
Is gá sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun córas intleachta saorga a úsáid le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach fíor-ama daoine nádúrtha i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí. Na rialacha sa Rialachán seo maidir le toirmeasc a chur ar an úsáid sin, faoi réir eisceachtaí áirithe, atá bunaithe ar Airteagal 16 CFAE, ba cheart feidhm a bheith acu mar lex specialis i leith na rialacha atá in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 maidir le próiseáil sonraí bithmhéadracha, agus dá bhrí sin an úsáid sin agus an phróiseáil sonraí bithmhéadracha lena mbaineann a rialáil go cuimsitheach. Dá bhrí sin, níor cheart an úsáid agus an phróiseáil sin bheith indéanta ach a mhéid atá siad comhoiriúnach leis an gcreat a leagtar amach leis an Rialachán seo, gan féidearthacht a bheith ann, lasmuigh den chreat sin, do na húdaráis inniúla, agus iad ag gníomhú chun críche fhorfheidhmiú an dlí, na córais sin a úsáid agus na sonraí sin lena mbaineann a phróiseáil ar na forais a liostaítear in Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680. Sa chomhthéacs sin, níl an Rialachán seo beartaithe a bheith ina bhunús dlí leis an bpróiseáil sonraí pearsanta faoi Airteagal 8 de Threoir (AE) 2016/680. Maidir le húsáid córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch eile cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear úsáid ag údaráis inniúla, níor cheart í a chumhdach, áfach, leis an gcreat sonrach maidir leis an úsáid sin chun críoch fhorfheidhmiú an dlí a shocraítear leis an Rialachán seo. An úsáid sin chun críoch eile cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí, níor cheart, dá bhrí sin, í a bheith faoi réir an cheanglais údaraithe faoin Rialachán seo ná na rialacha mionsonraithe is infheidhme sa dlí náisiúnta lena dtabharfaí éifeacht don údarú sin.
(39)
bet koks biometrinių duomenų ir kitų asmens duomenų, susijusių su DI sistemų naudojimu biometrinio tapatybės nustatymo tikslais, naudojimas, išskyrus atvejus, kai viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslu naudojamos tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos, kaip nustatyta šiame reglamente, turėtų ir toliau derėti su visais reikalavimais, taikomais pagal Direktyvos (ES) 2016/680 10 straipsnį. Kitais nei teisėsaugos tikslais pagal Reglamento (ES) 2016/679 9 straipsnio 1 dalį ir Reglamento (ES) 2018/1725 10 straipsnio 1 dalį draudžiama tvarkyti biometrinius duomenis, kuriems taikomos tuose straipsniuose numatytos ribotos išimtys. Taikant Reglamento (ES) 2016/679 9 straipsnio 1 dalį, nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo naudojimui kitais nei teisėsaugos tikslais jau buvo taikomi nacionalinių duomenų apsaugos institucijų sprendimai dėl draudimo;
(39)
Maidir le próiseáil sonraí bithmhéadracha agus sonraí pearsanta eile a bhaineann le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh sainaithint bhithmhéadrach, ach amháin i ndáil le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críoch fhorfheidhmiú an dlí mar a rialáiltear leis an Rialachán seo, ba cheart an phróiseáil sin leanúint de bheith i gcomhréir leis na ceanglais atá mar thoradh ar Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680. Chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí, toirmisctear le hAirteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 próiseáil sonraí bithmhéadracha faoi réir eisceachtaí teoranta dá bhforáiltear sna hAirteagail sin. Agus Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 á chur i bhfeidhm, bhí úsáid cian-sainaitheanta bithmhéadraí chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí faoi réir cinntí toirmisc cheana féin arna ndéanamh ag na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí.
(40)
pagal prie ES sutarties ir SESV pridėto Protokolo Nr. 21 dėl Jungtinės Karalystės ir Airijos pozicijos dėl laisvės, saugumo ir teisingumo erdvės 6a straipsnį Airijai nėra privalomos šio reglamento 5 straipsnio 1 dalies pirmos pastraipos g punkte, tiek, kiek jis taikomas biometrinio kategorizavimo sistemų naudojimui vykdant veiklą policijos bendradarbiavimo ir teisminio bendradarbiavimo baudžiamosiose bylose srityje, 5 straipsnio 1 dalies pirmos pastraipos d punkte, tiek, kiek jis taikomas DI sistemų naudojimui, kuriam taikoma ta nuostata, 5 straipsnio 1 dalies pirmos pastraipos h punkte, 5 straipsnio 2–6 dalyse ir 26 straipsnio 10 dalyje nustatytos taisyklės, priimtos remiantis SESV 16 straipsniu, kurios yra susijusios su valstybių narių vykdomu asmens duomenų tvarkymu vykdant veiklą, kuriai taikomas SESV trečiosios dalies V antraštinės dalies 4 arba 5 skyrius, tais atvejais, kai Airijai nėra privalomos taisyklės, kuriomis reglamentuojamos teisminio bendradarbiavimo baudžiamosiose bylose ar policijos bendradarbiavimo, kurį vykdant turi būti laikomasi pagal SESV 16 straipsnį nustatytų nuostatų, formos;
(40)
I gcomhréir le hAirteagal 6a de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na rialacha a leagtar amach in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (g), a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir le húsáid córas catagóirithe bhithmhéadraigh le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (d), a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga arna gcumhdach leis an bhforáil sin, Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h), Airteagal 5(2) go (6) agus Airteagal 26(10) den Rialachán seo arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 16 CFAE a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar Éirinn nuair nach mbeidh na rialacha ina gceangal uirthi lena rialaítear cineálacha an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla nó cineálacha an chomhair phóilíneachta a cheanglaíonn na forálacha a leagtar síos ar bhonn Airteagal 16 CFAE a chomhlíonadh.
(41)
pagal prie ES sutarties ir SESV pridėto Protokolo Nr. 22 dėl Danijos pozicijos 2 ir 2a straipsnius Danijai nėra privalomos ar taikomos šio reglamento 5 straipsnio 1 dalies pirmos pastraipos g punkte, tiek, kiek jis taikomas biometrinio kategorizavimo sistemų naudojimui vykdant veiklą policijos bendradarbiavimo ir teisminio bendradarbiavimo baudžiamosiose bylose srityje, 5 straipsnio 1 dalies pirmos pastraipos d punkte, tiek, kiek jis taikomas DI sistemų naudojimui, kuriam taikoma ta nuostata, 5 straipsnio 1 dalies pirmos pastraipos h punkte, 5 straipsnio 2–6 dalyse ir 26 straipsnio 10 dalyje nustatytos taisyklės, priimtos remiantis SESV 16 straipsniu, kurios yra susijusios su valstybių narių vykdomu asmens duomenų tvarkymu atliekant veiklą, kuriai taikomas SESV trečiosios dalies V antraštinės dalies 4 arba 5 skyrius;
(41)
I gcomhréir le hAirteagal 2 agus 2a de Phrótacal 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (g), a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir le húsáid córas catagóirithe bhithmhéadraigh le haghaidh gníomhaíochtaí i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (d), a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga arna gcumhdach leis an bhforáil sin, Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h), (2) go (6) agus Airteagal 26(10) den Rialachán seo arna nglacadh ar bhonn Airteagal 16 CFAE a bhaineann le sonraí pearsanta a bheith á bpróiseáil ag na Ballstáit agus gníomhaíochtaí á gcur i gcrích acu a thagann faoi raon feidhme Chaibidil 4 nó Chaibidil 5 de Theideal V de Chuid a Trí de CFAE, níl siad ina gceangal ar an Danmhairg.
(42)
laikantis nekaltumo prezumpcijos, fiziniai asmenys Sąjungoje visada turėtų būti vertinami pagal jų faktinį elgesį. Fiziniai asmenys niekada neturėtų būti vertinami pagal DI nuspėtą elgesį remiantis vien jų profiliavimu, asmenybės savybėmis ar bruožais, pavyzdžiui, pilietybe, gimimo vieta, gyvenamąja vieta, vaikų skaičiumi, skolos dydžiu ar automobilio modeliu, nesant pagrįsto įtarimo, kad tas asmuo dalyvauja nusikalstamoje veikloje, remiantis objektyviais patikrinamais faktais ir be žmogaus atliekamo vertinimo. Todėl turėtų būti draudžiama atlikti rizikos vertinimus, susijusius su fiziniais asmenimis, siekiant įvertinti tikimybę, kad jie gali padaryti nusikaltimą, arba nuspėti, kad bus padaryta faktinė ar potenciali nusikalstama veika, remiantis vien jų profiliavimu arba asmenybės savybių ir bruožų vertinimu. Bet kuriuo atveju tas draudimas nėra susijęs su rizikos analitika, kuri nėra grindžiama asmenų profiliavimu ar asmenų asmenybės savybėmis ir bruožais, pavyzdžiui, DI sistemomis, kuriose rizikos analitika naudojama įmonių finansinio sukčiavimo tikimybei įvertinti remiantis įtartinais sandoriais arba rizikos analitika, skirta numatyti tikimybę, kad muitinės gali nustatyti narkotikų ar neteisėtų prekių buvimo vietą, pavyzdžiui, remiantis žinomais neteisėtos prekybos maršrutais;
(42)
I gcomhréir le toimhde na neamhchiontachta, is de réir a n-iompraíochta iarbhír ba cheart daoine nádúrtha san Aontas a mheas i gcónaí. Níor cheart daoine nádúrtha a mheas riamh de réir iompraíocht atá tuartha ag an intleacht shaorga bunaithe ar phróifíliú, ar a dtréithe nó ar a saintréithe pearsantachta, amhail náisiúntacht, áit bhreithe, áit chónaithe, líon leanaí, leibhéal fiachais nó cineál gluaisteáin, agus orthu sin amháin, gan amhras réasúnach go bhfuil an duine sin rannpháirteach i ngníomhaíocht choiriúil bunaithe ar fhíorais infhíoraithe oibiachtúla agus gan measúnú daonna a dhéanamh ar na nithe sin. Dá bhrí sin, ba cheart measúnuithe riosca a thoirmeasc a dhéantar maidir le daoine nádúrtha i dtaobh an dóchúlacht atá ann go ndéanfaidís cion a mheas nó lena thuar go ndéanfaí cion coiriúil iarbhír nó féideartha, bunaithe ar phróifíliú nó ar mheasúnú ar a dtréithe agus a saintréithe pearsantachta, agus orthu sin amháin. I gcás ar bith, ní thagraíonn an toirmeasc sin d’anailísíocht riosca ná ní bhaineann sé le hanailísíocht riosca nach bhfuil bunaithe ar phróifíliú daoine aonair ná ar thréithe ná saintréithe pearsantachta daoine aonair, amhail córais intleachta saorga a úsáideann anailísíocht riosca chun an dóchúlacht go ndéanfadh gnóthais calaois airgeadais a mheas bunaithe ar idirbhearta amhrasacha nó a úsáideann uirlisí anailíseacha riosca chun an dóchúlacht go bhfuil támhshuanaigh nó earraí aindleathacha á logánú ag údaráis chustaim a thuar, mar shampla bunaithe ar bhealaí aitheanta gáinneála.
(43)
turėtų būti draudžiama pateikti rinkai, pradėti naudoti tuo konkrečiu tikslu arba naudoti DI sistemas, kuriomis kuriamos arba plečiamos veido atpažinimo duomenų bazės, netikslingai renkant veido atvaizdus iš interneto arba apsauginės vaizdo stebėjimo sistemos (AVSS) įrašų, nes ta praktika prisideda prie masinio sekimo jausmo ir gali lemti šiurkščius pagrindinių teisių, įskaitant teisę į privatumą, pažeidimus;
(43)
Ba cheart toirmeasc a chur ar chórais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid, ar córais iad lena gcruthaítear nó lena leathnaítear bunachair sonraí aghaidh-aitheanta trí íomhánna den aghaidh a chnuaschóipeáil gan spriocdhíriú ón idirlíon nó ó thaifid TCI, toisc go gcuireann an cleachtas sin le braistint ollfhaireachais agus go bhféadfadh mórsháruithe ar chearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun príobháideachais, a bheith mar thoradh air.
(44)
didelį susirūpinimą kelia DI sistemų, kuriomis siekiama nustatyti emocijas arba daryti dėl jų išvadas, mokslinis pagrindas, visų pirma dėl to, kad emocijų raiška įvairiose kultūrose ir situacijose, taip pat net ir vieno asmens atveju, labai skiriasi. Vienas iš pagrindinių tokių sistemų trūkumų yra ribotas patikimumas, specifiškumo stoka ir ribotos galimybės apibendrinti. Todėl DI sistemos, pagal kurias nustatomos fizinių asmenų emocijos ar ketinimai arba daromos dėl jų išvados remiantis jų biometriniais duomenimis, gali lemti diskriminuojančius rezultatus ir gali riboti atitinkamų asmenų teises ir laisves. Atsižvelgiant į galios disbalansą darbo arba švietimo srityje ir į tai, kad šios sistemos yra ribojančio pobūdžio, tokios sistemos galėtų lemti žalingą arba nepalankų elgesį su tam tikrais fiziniais asmenimis arba ištisomis jų grupėmis. Todėl turėtų būti draudžiama pateikti rinkai, pradėti naudoti arba naudoti DI sistemas, skirtas naudoti siekiant nustatyti asmenų emocinę būklę situacijose, susijusiose su darbo vieta ir švietimu. Tas draudimas neturėtų būti taikomas DI sistemoms, kurios pateikiamos rinkai tik dėl medicininių ar saugumo priežasčių, pavyzdžiui, sistemoms, skirtoms naudoti terapijoje;
(44)
Tá imní mhór ann faoi bhunús eolaíoch na gcóras intleachta saorga arb é is aidhm dóibh mothúcháin a shainaithint nó a chur in iúl, go háirithe ós rud é go bhfuil éagsúlachtaí móra ann i measc cultúir agus cásanna, agus fiú laistigh de dhuine aonair, maidir le mothúcháin a léiriú. I measc phríomheasnaimh na gcóras sin tá an iontaofacht theoranta, an easpa sainiúlachta agus an inghinearálaitheacht theoranta. Dá bhrí sin, maidir le córais intleachta saorga lena ndéantar mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint nó a bhaint as a gcuid sonraí bithmhéadracha, d’fhéadfadh torthaí idirdhealaitheacha eascairt astu agus d’fhéadfaidís cur isteach ar chearta agus ar shaoirsí na ndaoine lena mbaineann. I bhfianaise éagothroime na cumhachta i gcomhthéacs na hoibre nó an oideachais, in éineacht le cineál ionrach na gcóras sin, d’fhéadfadh sé go gcaithfí go díobhálach nó go neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí iomlána díobh mar thoradh ar na córais sin. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar chórais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse, nó a úsáid, ar córais iad atá beartaithe lena n-úsáid chun staid mhothúchánach daoine aonair a bhrath i gcásanna a bhaineann leis an ionad oibre agus leis an oideachas. Níor cheart córais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh ar chúiseanna leighis nó sábháilteachta, agus ar na cúiseanna sin amháin, a chumhdach leis an toirmeasc sin, amhail córais atá beartaithe le haghaidh úsáid theiripeach.
(45)
šiuo reglamentu neturėtų būti daromas poveikis praktikai, kurią draudžia Sąjungos teisė, įskaitant duomenų apsaugos teisės aktus, nediskriminavimo teisės aktus, vartotojų apsaugos teisės aktus ir konkurencijos teisės aktus;
(45)
Leis an Rialachán seo níor cheart difear a dhéanamh do chleachtais a thoirmisctear le dlí an Aontais, lena n-áirítear an dlí cosanta sonraí, an dlí neamh-idirdhealaitheach, an dlí maidir le cosaint tomhaltóirí agus dlí na hiomaíochta.
(46)
didelės rizikos DI sistemos Sąjungos rinkai turėtų būti pateikiamos, pradedamos naudoti arba naudojamos tik jeigu jos atitinka tam tikrus privalomus reikalavimus. Šiais reikalavimais turėtų būti užtikrinama, kad Sąjungoje prieinamos didelės rizikos DI sistemos arba sistemos, kurių išvedinys kitaip naudojamas Sąjungoje, nekeltų nepriimtinos rizikos svarbiems Sąjungos interesams, kurie pripažįstami ir saugomi pagal Sąjungos teisę. Remiantis naująja teisės aktų sistema, kaip paaiškinta Komisijos pranešime „2022 m. Mėlynasis vadovas dėl gaminius reglamentuojančių ES taisyklių įgyvendinimo“ (20), bendra taisyklė yra ta, kad vienam gaminiui gali būti taikoma daugiau nei vienas teisės aktas iš Sąjungos derinamųjų teisės aktų, pavyzdžiui, Europos Parlamento ir Tarybos reglamentai (ES) 2017/745 (21) ir (ES) 2017/746 (22) arba Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2006/42/EB (23), nes pateikti rinkai arba pradėti naudoti galima tik tada, kai gaminys atitinka visus taikytinus Sąjungos derinamuosius teisės aktus. Siekiant užtikrinti suderinamumą ir išvengti nereikalingos administracinės naštos ar išlaidų, gaminio, kuriame yra viena ar daugiau didelės rizikos DI sistemų, kurioms taikomi šio reglamento ir šio reglamento priede išvardytų Sąjungos derinamųjų teisės aktų reikalavimai, tiekėjai turėtų būti lankstūs, kiek tai susiję su veiklos sprendimais dėl to, kaip optimaliai užtikrinti gaminio, kuriame yra viena ar daugiau DI sistemų, atitiktį visiems taikytiniems Sąjungos derinamųjų teisės aktų reikalavimams. DI sistemos, kurios įvardytos kaip keliančios didelę riziką, turėtų apimti tik tas sistemas, kurios daro didelį žalingą poveikį Sąjungoje esančių asmenų sveikatai, saugumui ir pagrindinėms teisėms, ir tokiu apribojimu turėtų būti kiek įmanoma sumažintas galimas tarptautinės prekybos suvaržymas;
(46)
Níor cheart córais intleachta saorga ardriosca a chur ar mhargadh an Aontais, a chur i mbun seirbhíse ná a úsáid ach amháin má chomhlíonann siad ceanglais shainordaitheacha áirithe. Leis na ceanglais sin, ba cheart a áirithiú, maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá ar fáil san Aontas nó a n-úsáidtear a n-aschur san Aontas ar shlite eile, nach mbeadh rioscaí neamh-inghlactha ag baint leo do leasanna tábhachtacha poiblí an Aontais mar atá aitheanta agus faoi chosaint ag dlí an Aontais. Ar bhonn an Chreata Reachtaigh Nua, mar a soiléiríodh san fhógra ón gCoimisiún ‘An “Treoir Ghorm” maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais maidir le táirgí 2022’ (20), is é an riail ghinearálta go bhféadfadh feidhm a bheith ag níos mó ná gníomh dlí amháin de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, amhail Rialacháin (AE) 2017/745 (21) agus (AE) 2017/746 (22) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), maidir le táirge amháin, ós rud é nach féidir an cur ar fáil nó cur i mbun seirbhíse a dhéanamh ach amháin nuair a chomhlíonann an táirge an reachtaíocht chomhchuibhithe uile is infheidhme. Chun comhsheasmhacht a áirithiú agus chun ualaí riaracháin neamhriachtanacha nó costais neamhriachtanacha a sheachaint, ba cheart do sholáthraithe táirge ina bhfuil córais intleachta saorga ardriosca amháin nó níos mó, a bhfuil feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo agus ag ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir leo, ba cheart solúbthacht a bheith acu maidir le cinntí oibríochtúla maidir le conas a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge ina bhfuil córas intleachta saorga amháin nó níos mó ceanglais uile is infheidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ar bhealach optamach. Ba cheart córais intleachta saorga a shainaithnítear mar chórais ardriosca a theorannú dóibh siúd a bhfuil tionchar suntasach díobhálach acu ar shláinte, ar shábháilteacht agus ar chearta bunúsacha daoine san Aontas agus, ba cheart, leis an teorannú sin, aon srian a d’fhéadfadh a bheith ann ar thrádáil idirnáisiúnta a íoslaghdú.
(47)
DI sistemos galėtų daryti neigiamą poveikį asmenų sveikatai ir saugai, visų pirma tais atvejais, kai tokios sistemos veikia kaip gaminių saugos komponentai. Atsižvelgiant į Sąjungos derinamųjų teisės aktų tikslus, kuriais siekiama palengvinti laisvą gaminių judėjimą vidaus rinkoje ir užtikrinti, kad tik saugūs ir kitus reikalavimus atitinkantys gaminiai patektų į rinką, svarbu, kad būtų tinkamai užkirstas kelias saugos rizikai, kurią gali sukelti visas gaminys dėl savo skaitmeninių komponentų, įskaitant DI sistemas, ir tokia rizika būtų tinkamai mažinama. Pavyzdžiui, vis savarankiškesni robotai, veikiantys gamybos ar asmeninės pagalbos ir priežiūros srityje, turėtų sugebėti saugiai veikti ir atlikti savo funkcijas sudėtingomis sąlygomis. Taip pat sveikatos sektoriuje, kuriame pasekmės gyvybei ir sveikatai yra itin rimtos, vis dažniau naudojamos sudėtingos diagnozavimo sistemos ir žmonėms sprendimus padedančios priimti sistemos turėtų būti patikimos ir tikslios;
(47)
D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar neamhfhabhrach ag córais intleachta saorga ar shláinte agus sábháilteacht daoine, go háirithe i gcás ina n-oibríonn na córais sin mar chomhpháirteanna sábháilteachta táirgí. I gcomhréir le cuspóirí reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais, chun saorghluaiseacht táirgí sa mhargadh inmheánach a éascú agus chun a áirithiú nach gcuirfear ach táirgí atá sábháilte agus comhlíontach ar bhealach eile ar an margadh, tá sé tábhachtach go ndéanfar na rioscaí sábháilteachta a sheachaint nó a mhaolú go hiomchuí, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar tháirge ina iomláine de thoradh a chomhpháirteanna digiteacha, lena n-áirítear córais intleachta saorga. Cuir i gcás, róbait uathrialaitheacha a bhfuil a n-uathriail ag dul i méid de réir a chéile, cé acu i gcomhthéacs monaraíochta nó cúnaimh phearsanta agus cúraim atá sé, ba cheart iad a bheith in ann oibriú agus a bhfeidhmeanna a dhéanamh go sábháilte i dtimpeallachtaí casta. Ar an gcuma chéanna, san earnáil sláinte, áit a bhfuil go leor i ngeall léi maidir le beatha agus sláinte, ba cheart córais diagnóisice agus córais a thacaíonn le cinntí daonna, ar córais iad atá ag éirí níos sofaisticiúla, a bheith iontaofa agus cruinn.
(48)
DI sistemos keliamo neigiamo poveikio mastas pagal Chartiją saugomoms pagrindinėms teisėms yra ypač aktualus tuomet, kai DI sistema priskiriama didelės rizikos sistemoms. Šioms teisėms priklauso teisė į žmogaus orumą, teisė į privatų ir šeimos gyvenimą, teisė į asmens duomenų apsaugą, saviraiškos laisvė ir teisė gauti informaciją, susirinkimų ir asociacijų laisvė, teisė į nediskriminavimą, teisė į švietimą, vartotojų apsauga, darbuotojų teisės, asmenų su negalia teisės, lyčių lygybė, intelektinės nuosavybės teisės, teisė į veiksmingą teisių gynimą ir teisingą bylos nagrinėjimą, teisė į gynybą ir nekaltumo prezumpcija ir teisė į gerą administravimą. Be šių teisių, svarbu akcentuoti tai, kad vaikai turi specialias teises, įtvirtintas Chartijos 24 straipsnyje ir Jungtinių Tautų vaiko teisių konvencijoje ir išplėtotas JT VTK bendrojoje pastaboje Nr. 25 dėl skaitmeninės aplinkos; pagal abu šiuos dokumentus reikia atsižvelgti į vaikų pažeidžiamumą ir suteikti jiems tokią apsaugą ir priežiūrą, kuri yra būtina jų gerovei užtikrinti. Vertinant žalos, kurią gali sukelti DI sistema, įskaitant žalą asmenų sveikatai ir saugai, rimtumą taip pat reikėtų atsižvelgti į pagrindinę teisę į aukšto lygio aplinkos apsaugą, kuri yra įtvirtinta Chartijoje ir įgyvendinta Sąjungos politikoje;
(48)
Tá ábharthacht ar leith ag baint le fairsinge thionchar díobhálach an chórais intleachta saorga ar na cearta bunúsacha atá faoi chosaint ag an gCairt, go háirithe agus córas intleachta saorga á aicmiú mar chóras ardriosca. Áirítear ar na cearta sin an ceart chun dínit an duine, maidir le meas ar an saol príobháideach agus ar shaol an teaghlaigh, ar chosaint sonraí pearsanta, chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, chun saoirse comhthionóil agus comhlachais, an ceart chun neamh-idirdhealaithe, an ceart chun oideachais, cearta cosanta tomhaltóirí, cearta oibrithe, cearta daoine faoi mhíchumas, comhionannas inscne, cearta maoine intleachtúla, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa, ceart na cosanta agus toimhde na neamhchiontachta, agus an ceart chun dea-riaracháin. I dteanna na gceart sin, tá sé tábhachtach a chur i dtábhacht go bhfuil cearta sonracha ag leanaí mar a chumhdaítear in Airteagal 24 den Chairt agus i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, a forbraíodh a thuilleadh i mBarúil Ghinearálta Uimh. 25 ó UNCRC a mhéid a bhaineann leis an timpeallacht dhigiteach, ós rud é go gceanglaítear leis an dá cheann breithniú ar leochaileachtaí na leanaí agus an chosaint agus an cúram is gá a sholáthar ar mhaithe lena ndea-bhail. An ceart chun ardleibhéil cosanta don chomhshaol a chumhdaítear sa Chairt agus a chuirtear chun feidhme i mbeartais an Aontais, ba cheart é a chur san áireamh freisin agus measúnú á dhéanamh ar dhéine na díobhála ar féidir córas intleachta saorga a dhéanamh, lena n-áirítear i ndáil le sláinte agus sábháilteacht daoine.
(49)
dėl didelės rizikos DI sistemų, kurios yra gaminių arba sistemų saugos komponentai, arba pačios yra gaminiai arba sistemos, patenkantys į Europos Parlamento ir Tarybos reglamento (EB) Nr. 300/2008 (24), Europos Parlamento ir Tarybos reglamento (ES) Nr. 167/2013 (25), Europos Parlamento ir Tarybos reglamento (ES) Nr. 168/2013 (26), Europos Parlamento ir Tarybos direktyvos 2014/90/ES (27), Europos Parlamento ir Tarybos direktyvos (ES) 2016/797 (28), Europos Parlamento ir Tarybos reglamento (ES) 2018/858 (29) taikymo sritis, Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/1139 (30) ir Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2019/2144 (31), yra tikslinga iš dalies pakeisti šiuos aktus, siekiant užtikrinti, kad Komisija, remdamasi kiekvieno sektoriaus techniniais ir reglamentavimo ypatumais ir nesikišdama į esamus valdymo, atitikties vertinimo ir vykdymo užtikrinimo mechanizmus ir jais nustatytus įgaliojimus, atsižvelgtų į šiame reglamente nustatytus privalomus reikalavimus didelės rizikos DI sistemoms, kai remdamasi šiais išvardytais aktais ji priima susijusius deleguotuosius ar įgyvendinimo aktus;
(49)
A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (24), Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (25), Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (26), Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (27), Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (28),Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (29), Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (30), agus Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (31), is iomchuí na gníomhartha sin a leasú chun a áirithiú, ar bhonn sainiúlachtaí teicniúla agus rialála gach earnála, agus gan cur isteach ar shásraí rialachais, measúnaithe comhréireachta agus forfheidhmithe atá ann cheana agus na húdaráis arna mbunú iontu, go gcuirfidh an Coimisiún san áireamh na ceanglais shainordaitheacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a leagtar síos sa Rialachán seo agus aon ghníomh ábhartha tarmligthe nó cur chun feidhme á ghlacadh aige amach anseo ar bhonn na ngníomhartha sin.
(50)
dėl DI sistemų, kurios yra gaminių saugos komponentai arba kurios pačios yra gaminiai, patenkantys į tam tikrų Sąjungos derinamųjų teisės aktų, išvardytų šio reglamento priede, taikymo sritį, pagal šį reglamentą yra tikslinga jas priskirti didelės rizikos sistemoms, jeigu atitinkamam gaminiui taikoma atitikties vertinimo procedūra, kurią pagal tą atitinkamą Sąjungos derinamąjį teisės aktą atlieka trečiosios šalies atitikties vertinimo įstaiga. Tokie gaminiai visų pirma yra mašinos, žaislai, liftai, įranga ir apsaugos sistemos, skirtos naudoti potencialiai sprogioje aplinkoje, radijo įranga, slėginiai įrenginiai, pramoginių laivų įrenginiai, lynų kelio įrenginiai, dujinį kurą deginantys prietaisai, medicininiai prietaisai, in vitro diagnostiniai medicinos prietaisai, automobiliai ir aviacija;
(50)
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí nó córas iad, nó is táirgí nó córais iad féin, a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe de chuid an Aontais a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca faoin Rialachán seo má chuirtear an nós imeachta um measúnú comhréireachta i bhfeidhm ar an táirge lena mbaineann le comhlacht tríú páirtí um measúnú comhréireachta de bhun na reachtaíochta comhchuibhithe ábhartha sin de chuid an Aontais. Go sonrach, is éard atá i gceist leis na táirgí sin innealra, bréagáin, ardaitheoirí, trealamh agus córais chosanta atá ceaptha lena n-úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh a bheith pléascach, trealamh raidió, brú-threalamh, trealamh le haghaidh árthaí áineasa, suiteálacha cábla-bhealaigh, fearais a dhónn breoslaí gásacha, feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, mótarfheithiclí agus eitlíocht.
(51)
DI sistemos priskyrimas didelės rizikos sistemoms pagal šį reglamentą nebūtinai turėtų reikšti, kad gaminys, kurio saugos komponentas yra DI sistema, arba pati DI sistema kaip gaminys, yra laikomas didelės rizikos pagal atitinkamame Sąjungos derinamajame teisės akte nustatytus kriterijus, kurie taikomi gaminiui. Tai visų pirma pasakytina apie reglamentus (ES) 2017/745 ir (ES) 2017/746, kuriuose numatyta galimybė trečiajai šaliai atlikti vidutinės rizikos ir didelės rizikos gaminių atitikties vertinimą;
(51)
Maidir le haicmiú córas intleachta saorga mar chóras ardriosca de bhun an Rialacháin seo, níor cheart gá a bheith ann go gciallódh sin go measfar an táirge a bhfuil an córas intleachta saorga ann mar chomhpháirt sábháilteachta, nó an córas intleachta saorga féin mar tháirge, a bheith ina tháirge ardriosca faoi na critéir a bhunaítear sa reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha de chuid an Aontais a bhfuil feidhm aici maidir leis an táirge. Is amhlaidh atá, go háirithe, i gcás Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746, ina ndéantar foráil do mheasúnú comhréireachta tríú páirtí le haghaidh táirgí meánriosca agus ardriosca.
(52)
atskiras DI sistemas, konkrečiai, didelės rizikos DI sistemas, išskyrus sistemas, kurios yra gaminių saugos komponentai arba kurios pačios yra gaminiai, tinkama klasifikuoti kaip keliančias didelę riziką, jeigu, atsižvelgiant į jų numatytąją paskirtį, jos kelia didelę žalos asmenų sveikatai ir saugumui arba pagrindinėms teisėms riziką, atsižvelgiant į galimos žalos dydį ir jos pasireiškimo tikimybę, ir į tai, kad šios sistemos naudojamos įvairiose šiame reglamente iš anksto konkrečiai apibrėžtose srityse. Tų sistemų identifikavimas grindžiamas ta pačia metodika ir kriterijais, kurie yra numatyti ir bet kuriems būsimiems didelės rizikos DI sistemų sąrašo pakeitimams, kuriuos Komisija turėtų būti įgaliota priimti deleguotaisiais aktais, kad būtų atsižvelgta į spartų technologinės plėtros tempą ir galimus DI sistemų naudojimo pokyčius;
(52)
A mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga neamhspleácha, eadhon córais intleachta saorga ardriosca cé is moite de na córais is comhpháirteanna sábháilteachta táirgí iad, nó is táirgí iad féin, is iomchuí iad a aicmiú mar chórais ardriosca más rud é, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, go bhfuil ardriosca díobhála ag baint leo do shláinte, sábháilteacht nó cearta bunúsacha daoine, agus déine na díobhála féideartha agus an dóchúlacht go dtarlódh an díobháil á gcur san áireamh agus más rud é go n-úsáidtear iad i roinnt limistéir réamhshainithe shonracha a shonraítear sa Rialachán seo. Tá sainaithint na gcóras sin bunaithe ar an modheolaíocht chéanna agus ar na critéir chéanna atá beartaithe freisin maidir le haon leasú a dhéanfar amach anseo ar liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca ar cheart an Coimisiún a chumhachtú chun iad a ghlacadh, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, chun mearluas na forbartha teicneolaíche a chur san áireamh, chomh maith leis na hathruithe ionchasacha ar úsáid na gcóras intleachta saorga.
(53)
taip pat svarbu paaiškinti, kad gali būti konkrečių atvejų, kai DI sistemos, naudojamos šiame reglamente iš anksto konkrečiai apibrėžtose srityse, nekelia reikšmingos žalos rizikos pagal tas sritis saugomiems teisiniams interesams, nes jos nedaro reikšmingos įtakos sprendimų priėmimui arba reikšmingos žalos tiems interesams. Šio reglamento tikslais DI sistema, kuri nedaro reikšmingos įtakos sprendimų priėmimo proceso rezultatams, turėtų būti suprantama kaip DI sistema, kuri nedaro reikšmingo poveikio žmogaus ar automatizuotai priimamų sprendimų esmei, taigi, ir rezultatams. DI sistema, kuri nedaro reikšmingos įtakos sprendimų priėmimo proceso rezultatams, galėtų būti sistema, naudojama situacijose, kai tenkinama viena ar daugiau iš toliau nurodytų sąlygų. Pirmoji tokia sąlyga turėtų būti ta, kad DI sistema būtų skirta atlikti siaurą procedūrinę užduotį, pavyzdžiui, nestruktūrizuotus duomenis paversti struktūrizuotais ar gaunamus dokumentus klasifikuoti pagal kategorijas, arba turėtų būti naudojama tam, kad tarp daugybės taikomųjų programų nustatytų identiškas programas. Tos užduotys yra tokio siauro ir riboto pobūdžio, kad kelia tik nedidelę riziką, kuri nepadidėja naudojant DI sistemą aplinkybėmis, kurios šio reglamento priede pateikiamame sąraše išvardytos kaip didelės rizikos naudojimas. Antroji sąlyga turėtų būti ta, kad DI sistemos atliekama užduotis turėtų pagerinti veiklos, kurią anksčiau atlikdavo žmogus ir kuri gali būti svarbi šio reglamento priede pateikiamame sąraše išvardytų kaip didelės rizikos naudojimo atvejų tikslais, rezultatus. Atsižvelgiant į tuos ypatumus, DI sistema tik šiek tiek papildo žmogaus veiklą, todėl ir jos keliama rizika atitinkamai yra mažesnė. Ta sąlyga, pavyzdžiui, būtų taikoma DI sistemoms, skirtoms patobulinti dokumentų, kuriuos anksčiau rengdavo žmogus, kalbą, pavyzdžiui, profesinį toną ar akademinį kalbos stilių, arba suderinti tekstą su tam tikro prekės ženklo skleidžiama žinia. Trečioji sąlyga turėtų būti ta, kad DI sistema turėtų būti skirta nustatyti sprendimų priėmimo modelius arba nukrypimus nuo ankstesnių sprendimų priėmimo modelių. Rizika sumažėtų dėl to, kad DI sistema būtų naudojama po to, kai žmogus jau būtų atlikęs įvertinimą, kurio ji negalėtų pakeisti ar paveikti be tinkamos žmogaus atliekamos peržiūros. Tokios DI sistemos yra, pavyzdžiui, tos, kurios, atsižvelgiant į tam tikrą mokytojo vertinimo modelį, gali būti naudojamos ex post patikrinti, ar mokytojas galėjo nukrypti nuo vertinimo modelio, kad nustatytų galimus neatitikimus ar anomalijas. Ketvirta sąlyga turėtų būti ta, kad DI sistema būtų skirta atlikti užduotį, kuri būtų tik parengiamoji prieš atliekant vertinimą, svarbų šio reglamento priede išvardytų DI sistemų tikslais, todėl galimas sistemos išvedinių poveikis būtų labai mažas kalbant apie riziką vertinimui, kurį reikia atlikti. Ši sąlyga, be kita ko, apima išmaniuosius bylų tvarkymo sprendimus, apimančius įvairias funkcijas – nuo indeksavimo, paieškos, teksto ir kalbos apdorojimo arba duomenų susiejimo su kitais duomenų šaltiniais, arba DI sistemas, naudojamas pirminiams dokumentams versti. Bet kuriuo atveju DI sistemos, šio reglamento priede pateikiamame sąraše išvardytos kaip didelės rizikos naudojimo atvejai, turėtų būti laikomos keliančiomis reikšmingą žalos sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms riziką, jei jos apima profiliavimą, kaip tai suprantama Reglamento (ES) 2016/679 4 straipsnio 4 punkte arba Direktyvos (ES) 2016/680 3 straipsnio 4 punkte, arba Reglamento (ES) 2018/1725 3 straipsnio 5 punkte. Siekiant užtikrinti atsekamumą ir skaidrumą, tiekėjas, manantis, kad DI sistema nėra didelės rizikos DI sistema, remdamasis pirmiau nurodytomis sąlygomis, turėtų parengti vertinimo dokumentus prieš pateikdamas tą sistemą rinkai arba prieš pradedant ją naudoti ir nacionalinėms kompetentingoms institucijoms paprašius turėtų joms pateikti tuos dokumentus. Toks tiekėjas turėtų būti įpareigotas užregistruoti DI sistemą pagal šį reglamentą sukurtoje ES duomenų bazėje. Siekdama pateikti papildomų gairių dėl sąlygų, kuriomis šio reglamento priede išvardytos DI sistemos išimties tvarka laikomos nedidelės rizikos DI sistemomis, praktinio įgyvendinimo, Komisija, pasikonsultavusi su Valdyba, turėtų pateikti gaires, kuriose būtų nurodyta to praktinio įgyvendinimo tvarka, papildytas išsamiu praktinių didelės rizikos DI sistemų naudojimo atvejų ir nedidelės rizikos DI sistemų naudojimo atvejų pavyzdžių sąrašu;
(53)
Tá sé tábhachtach a shoiléiriú freisin go bhféadfadh cásanna sonracha a bheith ann nach mbeidh na córais intleachta saorga dá dtagraítear i réimsí réamhshainithe a shonraítear sa Rialachán seo ina gcúis le riosca suntasach díobhála do na leasanna dlíthiúla a chosnaítear faoi na limistéir sin toisc nach n-imríonn siad tionchar ábhartha ar an gcinnteoireacht nó nach ndéanann siad dochar suntasach do na leasanna sin. Chun críocha an Rialacháin seo, maidir le córas intleachta saorga nach bhfuil tionchar ábhartha aige ar thoradh na cinnteoireachta, ba cheart a thuiscint gur córas intleachta saorga é nach bhfuil tionchar aige ar shubstaint na cinnteoireachta, agus ar an gcaoi sin ar thoradh na cinnteoireachta, bíodh sé sin ina chóras daonna nó uathoibrithe. D’fhéadfaí a áireamh ar chóras intleachta saorga nach bhfuil tionchar ábhartha aige ar thoradh na cinnteoireachta cásanna ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha seo a leanas. Is é ba cheart a bheith ar an gcéad choinníoll sin go bhfuil sé beartaithe go ndéanfaidh an córas intleachta saorga cúram cúng nós imeachta, amhail córas intleachta saorga lena gclaochlaítear sonraí neamhstruchtúrtha ina sonraí struchtúrtha, córas intleachta saorga lena n-aicmítear doiciméid inteachta ina gcatagóirí nó córas intleachta saorga a úsáidtear chun dúbláil as measc líon mór feidhmchlár a bhrath. Is cúraimí chomh cúng agus chomh teoranta sin iad nach mbaineann ach rioscaí teoranta leo nach méadaítear trí úsáid a bhaint as córas intleachta saorga i gcomhthéacs a liostaítear mar úsáid ardriosca in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Is é ba cheart a bheith ar an dara coinníoll gurb é atá beartaithe leis an gcúram a dhéanann an córas intleachta saorga feabhas a chur ar an toradh a bhí ar ghníomhaíocht a rinne duine roimhe sin a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun críocha chun críocha na n-úsáidí ardriosca a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. I bhfianaise na saintréithe sin, ní dhéanann an córas intleachta saorga ach sraith bhreise a chur le gníomhaíocht dhaonna agus riosca laghdaithe ag baint leis dá bhrí sin. Bheadh feidhm ag an gcoinníoll sin, mar shampla, maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha feabhas a chur ar an teanga a úsáideadh i ndoiciméid a dréachtaíodh roimhe seo, mar shampla maidir le ton gairmiúil, stíl acadúil teanga nó trí théacs a ailíniú le teachtaireachtaí áirithe branda. Is é ba cheart a bheith ar an tríú coinníoll go bhfuil sé beartaithe leis an gcóras intleachta saorga patrúin chinnteoireachta nó diallais ó phatrúin chinnteoireachta roimhe seo a bhrath. Laghdófaí an riosca toisc go leanann úsáid an chórais intleachta saorga measúnú daonna a cuireadh i gcrích roimhe seo agus nach bhfuil sé i gceist é a ionadú ná tionchar a imirt air, gan athbhreithniú cuí daonna. Áirítear ar na córais intleachta saorga sin, mar shampla, na córais sin is féidir a úsáid, i bhfianaise patrún áirithe grádaithe múinteora, lena sheiceáil ex post cibé acu a d’imigh an múinteoir ón bpatrún grádaithe d’fhonn neamhréireachtaí nó aimhrialtachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a chur in iúl. Is é ba cheart a bheith ar an gceathrú coinníoll go bhfuil sé beartaithe leis an gcóras intleachta saorga cúram a dhéanamh nach bhfuil ann ach cúram ullmhúcháin do mheasúnú atá ábhartha chun críocha na gcóras intleachta saorga a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, rud a fhágann go bhféadfadh tionchar an-íseal a bheith ag aschur an chórais ó thaobh riosca a bheith ag gabháil leis an measúnú a leanúint. Cumhdaítear leis an gcoinníoll sin, inter alia, réitigh chliste chun comhaid a láimhseáil, lena n-áirítear feidhmeanna éagsúla ó innéacsú, cuardach, téacs agus próiseáil urlabhra nó sonraí a nascadh le foinsí sonraí eile, nó córais intleachta saorga a úsáidtear chun doiciméid tosaigh a aistriú. In aon chás, córais intleachta saorga a úsáidtear i gcásanna úsáide ardriosca a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart a mheas go bhfuil rioscaí suntasacha díobhála ag baint leis na córais intleachta saorga ardriosca sin do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha má tá próifíliú intuigthe leis an gcóras intleachta saorga de réir bhrí Airteagal 4, pointe (4) de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 3, pointe (4) de Threoir (AE) 2016/680 nó Airteagal 3, pointe (5) de Rialachán (AE) 2018/1725. Chun inrianaitheacht agus trédhearcacht a áirithiú, ba cheart do sholáthraí a mheasann nach mbaineann ardriosca le córas intleachta saorga ar bhonn na gcoinníollacha dá dtagraítear thuas doiciméadacht an mheasúnaithe a tharraingt suas sula gcuirfear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus ba cheart dó an doiciméadacht sin a sholáthar d’údaráis inniúla náisiúnta arna iarraidh sin dóibh. Ba cheart oibleagáid a bheith ar an soláthraí sin an córas intleachta saorga a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais arna bhunú faoin Rialachán seo. D’fhonn tuilleadh treorach a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme praiticiúil na gcoinníollacha faoinar córais neamh-ardriosca, ar bhonn eisceachtúil, iad na córais intleachta saorga a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord, treoirlínte a sholáthar lena sonraítear go bhfuil an cur chun feidhme praiticiúil sin curtha i gcrích le liosta cuimsitheach de shamplaí praiticiúla de chásanna úsáide córas intleachta saorga atá ardriosca agus úsáide nach bhfuil.
(54)
kadangi biometriniai duomenys yra speciali asmens duomenų kategorija, tikslinga tam tikrus ypatingos svarbos biometrinių sistemų naudojimo atvejus klasifikuoti kaip didelės rizikos, jei jas leidžiama naudoti pagal atitinkamą Sąjungos ir nacionalinę teisę. DI sistemų, skirtų nuotoliniam fizinių asmenų biometriniam tapatybės nustatymui, techniniai netikslumai gali lemti šališkus rezultatus ir daryti diskriminacinį poveikį. Tokių šališkų rezultatų ir diskriminacinio poveikio rizika yra ypač aktuali kalbant apie amžių, etninę kilmę, rasę, lytį arba negalią. Todėl nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos, atsižvelgiant į jų keliamą riziką, turėtų būti klasifikuojamos kaip didelės rizikos sistemos. Į tokią klasifikaciją nepatenka DI sistemos, skirtos naudoti biometriniam sutikrinimui, įskaitant autentiškumo patvirtinimą, kurių vienintelis tikslas – patvirtinti, kad konkretus fizinis asmuo yra tas asmuo, kuriuo jis prisistato, ir patvirtinti fizinio asmens tapatybę vieninteliu – prieigos prie paslaugos, prietaiso atrakinimo ar saugaus patekimo į patalpas – tikslu. Be to, DI sistemos, skirtos naudoti biometriniam kategorizavimui pagal neskelbtinus požymius ar ypatumus, saugomus pagal Reglamento (ES) 2016/679 9 straipsnio 1 dalį, remiantis biometriniais duomenimis, jei jos nėra draudžiamos pagal šį reglamentą, ir emocijų atpažinimo sistemos, kurios nėra draudžiamos pagal šį reglamentą, turėtų būti klasifikuojamos kaip didelės rizikos sistemos. Biometrinės sistemos, skirtos naudoti tik kibernetinio saugumo užtikrinimo ir asmens duomenų apsaugos priemonių tikslais, neturėtų būti laikomos didelės rizikos DI sistemomis;
(54)
Ós rud é gur catagóir speisialta sonraí pearsanta iad sonraí bithmhéadracha, is iomchuí roinnt cásanna úsáide criticiúla de chórais bhithmhéadracha a aicmiú mar chásanna lena mbaineann ardriosca, a mhéid a cheadaítear iad a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí ábhartha náisiúnta. Maidir le míchruinnis theicniúla i gcórais intleachta saorga atá beartaithe le haghaidh cian-sainaithint bhithmhéadrach daoine nádúrtha, d’fhéadfadh siad a bheith ina gcúis le torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaithe. An riosca go mbeadh torthaí claonta agus éifeachtaí idirdhealaitheacha ann, tá sí ábhartha go háirithe maidir le haois, eitneacht, cine, gnéas nó míchumais. Dá bhrí sin, ba cheart córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí a aicmiú mar chórais ardriosca i bhfianaise na rioscaí a bhaineann leo. Ní áirítear le haicmiú den sórt sin córais intleachta saorga atá beartaithe a úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach, lena n-áirítear fíordheimhniú, arb é an t-aon chuspóir atá leis a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn an duine sin a bheith ann agus chun céannacht duine nádúrtha a dheimhniú chun rochtain a fháil ar sheirbhís, feiste a dhíghlasáil nó rochtain slándála a bheith aige ar áitreabh, agus an méid sin amháin. Ina theannta sin, córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach de réir airíonna íogaire nó saintréithe íogaire dá dtugtar cosaint faoi Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679 ar bhonn sonraí bithmhéadracha, sa mhéid nach dtoirmisctear iadsan sin faoin Rialachán seo, agus córais aitheanta mothúcháin nach dtoirmisctear faoin Rialachán seo, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca. Córais bhithmhéadracha atá beartaithe lena n-úsáid chun críche bearta cibearshlándála agus cosanta sonraí pearsanta a chumasú, agus chun na críche sin amháin, níor cheart a mheas gur córais intleachta saorga ardriosca iad.
(55)
dėl ypatingos svarbos infrastruktūros objektų valdymo ir veikimo pažymėtina, kad juos tinkama klasifikuoti kaip didelės rizikos DI sistemas, skirtas naudoti kaip saugos komponentus valdant ir naudojant Direktyvos (ES) 2022/2557 priedo 8 punkte nurodytą ypatingos svarbos skaitmeninę infrastruktūrą, kelių transportą ir vandens, dujų, šilumos ir elektros energijos tiekimą, nes joms sugedus arba sutrikus jų veikimui gali kilti rizika daugelio žmonių gyvybei ir sveikatai ir didelių įprastos socialinės ir ekonominės veiklos sutrikimų. Ypatingos svarbos infrastruktūros, įskaitant ypatingos svarbos skaitmeninę infrastruktūrą, saugos komponentai yra sistemos, kurios yra naudojamos siekiant tiesiogiai apsaugoti ypatingos svarbos infrastruktūros fizinį vientisumą arba asmenų sveikatą bei saugą ir turtą, tačiau nėra būtinos, kad sistema veiktų. Dėl tokių komponentų gedimo arba trikties gali kilti tiesioginis pavojus ypatingos svarbos infrastruktūros fiziniam vientisumui, taigi ir žmonių sveikatai bei saugai ir turtui. Komponentai, skirti naudoti tik kibernetinio saugumo tikslais, neturėtų būti laikomi saugos komponentais. Tokios ypatingos svarbos infrastruktūros saugos komponentų pavyzdžiai gali būti vandens slėgio stebėsenos sistemos arba priešgaisrinės signalizacijos sistemos debesijos kompiuterijos centruose;
(55)
A mhéid a bhaineann le bonneagar criticiúil a bhainistiú agus a oibriú, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar na córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus oibriú bonneagair dhigitigh chriticiúil mar a liostaítear i bpointe (8) d’Iarscríbhinn I de Threoir (AE) 2022/2557, trácht bóthair agus soláthar uisce, gáis, téimh agus leictreachais, ós rud é go bhféadfadh a dteip nó a mífheidhmiú beatha agus sláinte daoine a chur i mbaol agus go bhféadfadh cur isteach suntasach a bheith ann i ngnáthchúrsa na ngníomhaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha de bharr na gcóras sin. Is éard atá i gcomhpháirteanna sábháilteachta bonneagair chriticiúil, lena n-áirítear bonneagar digiteach criticiúil, córais a úsáidtear chun sláine fhisiceach an bhonneagair chriticiúil nó sláinte agus sábháilteacht daoine agus maoine a chosaint go díreach ach nach bhfuil riachtanach chun go bhfeidhmeoidh an córas. D’fhéadfadh rioscaí do shláine fhisiciúil an bhonneagair chriticiúil a bheith mar thoradh ar chliseadh nó mífheidhmiú na gcomhpháirteanna sin agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh rioscaí do shláinte agus sábháilteacht daoine agus maoine a bheith mar thoradh air sin. Níor cheart comhpháirteanna atá beartaithe lena n-úsáid chun críoch cibearshlándála amháin a cháiliú mar chomhpháirteanna sábháilteachta. D’fhéadfaí a áireamh ar shamplaí de chomhpháirteanna sábháilteachta an bhonneagair chriticiúil sin córais chun faireachán a dhéanamh ar bhrú uisce nó ar chórais rialaithe aláraim dóiteáin in ionaid néalríomhaireachta.
(56)
DI sistemų diegimas švietimo srityje yra svarbus norint skatinti kokybišką skaitmeninį švietimą ir mokymą ir sudaryti sąlygas visiems besimokantiems asmenims ir mokytojams įgyti būtinų skaitmeninių įgūdžių ir kompetencijų, įskaitant gebėjimą naudotis žiniasklaidos priemonėmis ir kritinį mąstymą, ir jais dalytis, kad jie galėtų aktyviai dalyvauti ekonomikoje, visuomenėje ir demokratiniuose procesuose. Tačiau DI sistemos, švietimo ar profesinio mokymo srityje naudojamos visų pirma suteikiant prieigą arba priimant ar skiriant asmenis į švietimo ir profesinio mokymo įstaigas arba programas visais lygmenimis, vertinant asmenų mokymosi rezultatus, vertinant, koks švietimo lygmuo tinkamas asmeniui ir darant esminę įtaką švietimo ir mokymo, kurį asmenys gaus ar galės gauti, lygiui arba stebint ir nustatant draudžiamą mokinių elgesį testų metu, turėtų būti priskiriamos didelės rizikos DI sistemoms, nes jos gali nulemti asmens švietimo ir profesinio kelio kryptį, taigi, ir gali daryti poveikį jo gebėjimui užsitikrinti pragyvenimo šaltinį. Tokios sistemos, jeigu jos netinkamai suprojektuojamos ir naudojamos, gali būti itin intervencinės ir pažeisti teisę į švietimą ir mokymą, taip pat teisę nebūti diskriminuojamam ir atkartoti įprastinius diskriminavimo modelius, pavyzdžiui, liečiančius moteris, tam tikro amžiaus grupes, asmenis su negalia arba tam tikros rasinės ar etninės kilmės arba seksualinės orientacijos asmenis;
(56)
Tá sé tábhachtach córais intleachta saorga a úsáid san oideachas chun oideachas agus oiliúint dhigiteach ardcháilíochta a chur chun cinn agus chun go mbeidh gach foghlaimeoir agus múinteoir in ann na scileanna agus na hinniúlachtaí digiteacha is gá a fháil agus a chomhroinnt, lena n-áirítear litearthacht sna meáin, agus smaointeoireacht chriticiúil, chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa gheilleagar, sa tsochaí agus i bpróisis dhaonlathacha. Maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear san oideachas nó sa ghairmoiliúint, áfach, go háirithe chun rochtain nó ligean isteach a chinneadh, chun daoine a shannadh d’institiúidí oideachais agus gairmoiliúna nó cláir ag gach leibhéal, chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí foghlama daoine, chun measúnú a dhéanamh ar leibhéal iomchuí oideachais do dhuine aonair agus tionchar ábhartha a imirt ar an leibhéal oideachais agus oiliúna a gheobhaidh daoine aonair nó ar a mbeidh siad in ann rochtain a fháil nó chun faireachán a dhéanamh ar iompar toirmiscthe mac léinn le linn tástálacha agus é a bhrath, ba cheart na córais intleachta saorga sin a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go bhféadfaidh siad cúrsa oideachais agus gairmiúil saoil duine a chinneadh agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí difear a dhéanamh dá gcumas a slí bheatha a áirithiú. Má cheaptar nó má úsáidtear iad go míchuí, d’fhéadfadh an-chur isteach a bheith i gceist leis na córais sin agus d’fhéadfadh siad an ceart chun oideachais agus oiliúna chomh maith leis an gceart nach ndéanfaí idirdhealú ina n-aghaidh a shárú agus patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú, mar shampla in aghaidh na mban, aoisghrúpaí áirithe, daoine faoi mhíchumas nó daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach áirithe nó gnéaschlaonta áirithe.
(57)
DI sistemos, naudojamos užimtumo, darbuotojų valdymo ir galimybės dirbti savarankiškai, visų pirma asmenų įdarbinimo ir atrankos, sprendimų, darančių poveikį sutartinių darbo santykių sąlygoms, priėmimo, sutartinių darbo santykių skatinimo arba nutraukimo, užduočių skyrimo remiantis individualiu elgesiu, asmenybės bruožais ar savybėmis ir asmenų stebėsena ar vertinimu sutartiniuose darbo santykiuose srityse, taip pat turėtų būti klasifikuojamos kaip didelės rizikos sistemos, nes tos sistemos gali daryti apčiuopiamą poveikį tų asmenų būsimoms karjeros galimybėms, jų pragyvenimo šaltiniams ir darbuotojų teisėms. Atitinkamuose sutartiniuose darbo santykiuose turėtų prasmingai dalyvauti darbuotojai ir per platformas paslaugas teikiantys asmenys, kaip nurodyta 2021 m. Komisijos darbo programoje. Darbuotojų įdarbinimo metu ir juos vertinant, paaukštinant arba išlaikant asmenis sutartiniuose darbo santykiuose, tokios sistemos gali atkartoti įprastinius diskriminavimo modelius, pavyzdžiui, liečiančius moteris, tam tikro amžiaus grupes, asmenis su negalia arba tam tikros rasinės ar etninės kilmės arba seksualinės orientacijos asmenis. DI sistemos, naudojamos tokių asmenų veiklos rezultatams ir elgesiui stebėti, taip pat gali pažeisti jų pagrindines teises į duomenų apsaugą ir privatumą;
(57)
Ba cheart córais intleachta saorga a úsáidtear i bhfostaíocht, bainistíocht fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht, go sonrach chun daoine a earcú agus a roghnú, chun cinntí a dhéanamh a théann i bhfeidhm ar choinníollacha caidrimh a bhaineann leis an obair, ar ardú céime agus ar fhoirceannadh caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, chun cúraimí a shannadh bunaithe ar iompar aonair, tréithe nó saintréithe pearsanta agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart na córais intleachta saorga sin a aicmiú mar chórais ardriosca, ós rud é go bhféadfaidís mórthionchar a imirt ar ionchais ghairme, ar shlite beatha na ndaoine sin agus ar chearta na n-oibrithe amach anseo. Maidir le caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, ba cheart fostaithe agus daoine a sholáthraíonn seirbhísí trí ardáin dá dtagraítear i gClár Oibre an Choimisiúin le haghaidh 2021 a bheith rannpháirteach iontu ar bhealach fóinteach. Le linn an phróisis earcaíochta agus i dtaca le meastóireacht a dhéanamh ar dhaoine i gcaidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair, nó ardú céime a thabhairt dóibh nó iad a choinneáil, d’fhéadfadh na córais sin patrúin idirdhealaitheacha stairiúla a bhuanú, mar shampla, in aghaidh na mban, aoisghrúpaí áirithe, daoine faoi mhíchumas nó daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach áirithe nó gnéaschlaonta áirithe. Córais intleachta saorga a úsáidtear chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht na ndaoine sin, d’fhéadfadh siad an bonn a bhaint óna gcearta bunúsacha chun cosaint sonraí agus príobháideachais.
(58)
kita sritis, kurioje DI sistemų naudojimui reikia skirti ypatingą dėmesį, yra galimybė gauti tam tikras esmines privačiąsias ir viešąsias paslaugas ir išmokas, būtinas žmonėms tam, kad jie galėtų visapusiškai dalyvauti visuomenėje arba pagerinti savo pragyvenimo lygį, ir galimybė jomis pasinaudoti. Visų pirma fiziniai asmenys, valdžios institucijų prašantys arba iš jų gaunantys esmines viešosios paramos išmokas ir paslaugas, t. y. sveikatos priežiūros paslaugas, socialinės apsaugos išmokas, socialines paslaugas, užtikrinančias apsaugą motinystės, ligos, nelaimingų atsitikimų darbe, priklausomybės ar senatvės atvejais, taip pat darbo, socialinės paramos ir paramos būstui netekimo atvejais, paprastai priklauso nuo šių išmokų ir paslaugų ir yra pažeidžiami atsakingų institucijų atžvilgiu. Jeigu DI sistemos, naudojamos nustatyti, ar institucija turėtų skirti, atsisakyti skirti tokias išmokas ir paslaugas, jas sumažinti, panaikinti arba susigrąžinti, įskaitant tai, ar naudos gavėjai teisėtai turi teisę gauti tokias išmokas ar paslaugas, tos sistemos gali turėti reikšmingą poveikį asmenų pragyvenimo šaltiniui ir gali pažeisti jų pagrindines teises, pavyzdžiui, teisę į socialinę apsaugą, nediskriminavimą, žmogaus orumą arba veiksmingą teisių gynimą, ir todėl turėtų būti klasifikuojamos kaip didelės rizikos sistemos. Vis dėlto šis reglamentas neturėtų trukdyti kurti ir naudoti naujoviškus viešojo administravimo metodus, kuriuos įgyvendinant būtų naudinga plačiau naudotis reikalavimus atitinkančiomis ir saugiomis DI sistemomis, jeigu jos nekelia didelės rizikos juridiniams ir fiziniams asmenims. Be to, DI sistemos, kurios naudojamos fizinių asmenų kredito reitingui arba kreditingumui įvertinti, turėtų būti klasifikuojamos kaip didelės rizikos DI sistemos, nes jomis remiantis asmenims suteikiama prieiga prie finansinių išteklių arba esminių paslaugų, pavyzdžiui, apgyvendinimo, elektros energijos ir telekomunikacijų paslaugų. Dėl tais tikslais naudojamų DI sistemų gali būti diskriminuojami asmenys arba grupės ir gali būti atkartojami įprastiniai diskriminavimo modeliai, pavyzdžiui, dėl rasinės ar etninės kilmės, lyties, negalios, amžiaus ar seksualinės orientacijos, arba gali būti sukuriamos naujos diskriminacinio poveikio formos. Tačiau Sąjungos teisėje numatytos DI sistemos, kuriomis siekiama nustatyti sukčiavimą teikiant finansines paslaugas ir prudenciniais tikslais apskaičiuoti kredito įstaigų ir draudimo įmonių kapitalo reikalavimus, pagal šį reglamentą neturėtų būti laikomos didelės rizikos sistemomis. Be to, DI sistemos, skirtos naudoti su fiziniais asmenimis susijusiai rizikai vertinti ir kainodarai sveikatos ir gyvybės draudimo tikslais, taip pat gali daryti reikšmingą poveikį asmenų pragyvenimo šaltiniams ir, jei jos nėra tinkamai suprojektuotos, sukurtos ir naudojamos, gali pažeisti jų pagrindines teises ir sukelti rimtų pasekmių žmonių gyvybei ir sveikatai, įskaitant finansinę atskirtį ir diskriminaciją. Galiausiai DI sistemos, naudojamos fizinių asmenų skubios pagalbos skambučiams vertinti ir klasifikuoti arba teikiant arba nustatant prioritetines skubias pirmosios pagalbos paslaugas, įskaitant policijos, ugniagesių ir medicinos pagalbos paslaugas, taip pat teikiamos pagal neatidėliotinos medicinos pagalbos reikalingų pacientų skirstymo sistemas, taip pat turėtų būti klasifikuojamos kaip didelės rizikos sistemos, nes jos sprendimus priima ypač kritinėse situacijose, susijusiose su asmenų gyvybe ir sveikata bei jų turtu;
(58)
Réimse eile ar cheart aird ar leith a thabhairt air is ea rochtain ar sheirbhísí agus sochair áirithe bhunriachtanacha phríobháideacha agus phoiblí agus tairbhiú díobh chun go mbeidh daoine in ann a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí nó feabhas a chur ar a gcaighdeán maireachtála. Go háirithe, daoine nádúrtha a bhfuil iarratas á dhéanamh acu ar shochair chúnaimh phoiblí nó ar sheirbhísí cúnaimh phoiblí nó a fhaigheann na sochair nó na seirbhísí sin ó údaráis phoiblí, eadhon seirbhísí cúraim sláinte, sochair slándála sóisialta, seirbhísí sóisialta a sholáthraíonn cosaint i gcásanna amhail máithreachas, breoiteacht, tionóiscí tionsclaíocha, cleithiúnas nó seanaois agus i gcás ina gcailltear fostaíocht agus cúnamh sóisialta agus tithíochta, is iondúil a bhíonn na daoine sin ag brath ar na sochair agus seirbhísí sin agus is iondúil a bhíonn siad i riocht leochaileach i ndáil leis na húdaráis fhreagracha. Má úsáidtear córais intleachta saorga chun a chinneadh ar cheart do na húdaráis na sochair agus seirbhísí sin a dheonú, a dhiúltú, a laghdú, a chúlghairm nó a aiséileamh, lena n-áirítear cé acu atá tairbhithe i dteideal na dtairbhí nó na seirbhísí sin go dlisteanach nó nach bhfuil, d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar suntasach ag na córais sin ar shlí bheatha na ndaoine agus go ndéanfaí a gcearta bunúsacha a shárú, amhail an ceart chun cosanta sóisialta, an ceart chun neamh-idirdhealú, an ceart chun dínite daonna nó an ceart chun leighis éifeachtaigh, agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca. Mar sin féin, níor cheart don Rialachán seo bac a chur ar fhorbairt ná úsáid cur chuige nuálach sa riarachán poiblí, ar riarachán é a bhainfeadh leas as úsáid níos forleithne a bhaint as córais intleachta saorga chomhlíontacha shábháilte, ar choinníoll nach mbeadh ardriosca ag baint leo do dhaoine dlítheanacha agus nádúrtha. Ina theannta sin, córais intleachta saorga a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar scór creidmheasa nó acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha, ba cheart iad a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, ós rud é go gcinneann siad rochtain na ndaoine sin ar acmhainní airgeadais nó seirbhísí bunriachtanacha ar nós tithíochta, leictreachais agus seirbhísí teileachumarsáide. De thoradh na gcóras intleachta saorga a úsáidtear chun na gcríoch sin, d’fhéadfadh sé go ndéanfaí idirdhealú idir daoine nó grúpaí, agus go mbuanófaí patrúin idirdhealaitheacha stairiúla, amhail patrúin bunaithe ar bhunadh ciníoch nó eitneach, inscne, míchumais, aois nó gnéaschlaonadh, nó go gcruthófaí cineálacha nua tionchar idirdhealaithe. Mar sin féin, córais intleachta saorga dá bhforáiltear le dlí an Aontais chun calaois a bhrath i soláthar seirbhísí airgeadais agus chun críocha stuamachta chun ceanglais chaipitil institiúidí creidmheasa agus gnóthas árachais a ríomh, níor cheart na córais sin a mheas mar chórais ardriosca faoin Rialachán seo. Thairis sin, córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh measúnú riosca agus praghsáil i ndáil le hárachas sláinte agus saoil do dhaoine nádúrtha, is féidir leo tionchar suntasach a imirt ar shlí bheatha daoine agus mura ndéantar iad a cheapadh, a fhorbairt agus a úsáid go cuí, is féidir leo a gcearta bunúsacha a shárú agus d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha do shaol agus do shláinte daoine, lena n-áirítear eisiamh airgeadais agus idirdhealú, a bheith mar thoradh orthu. Ar deireadh, ba cheart córais intleachta saorga a úsáidtear chun glaonna éigeandála ó dhaoine nádúrtha a mheas agus a aicmiú nó chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh nó tosaíocht a thabhairt agus na seirbhísí sin á seoladh, lena n-áirítear seirbhísí arna soláthar ag póilíní, comhraiceoirí dóiteán agus cabhair leighis, chomh maith le córais triáise othar i réimse an chúraim sláinte éigeandála, ba cheart na córais intleachta saorga sin a aicmiú mar chórais ardriosca freisin, ós rud é go ndéanann siad cinntí i gcásanna atá criticiúil do bheatha agus sláinte daoine agus a maoin.
(59)
atsižvelgiant į teisėsaugos institucijų vaidmenį ir atsakomybę, jų veiksmams, kuriuos vykdant tam tikru būdu naudojamos DI sistemos, būdingas didelis galios disbalansas ir jie gali lemti fizinio asmens sekimą, areštą arba jo laisvės apribojimą, taip pat daryti kitokį neigiamą poveikį Chartijoje garantuojamoms pagrindinėms teisėms. Visų pirma, jeigu DI sistema mokoma naudojant nekokybiškus duomenis, neatitinka jai keliamų pakankamų veikimo efektyvumo, tikslumo ar patikimumo reikalavimų arba nėra tinkamai suprojektuota ir išbandyta prieš pateikiant ją rinkai arba kitaip pradedant naudoti, ji gali atrinkti asmenis diskriminuojančiu arba kitokiu neteisingu arba nesąžiningu būdu. Be to, jei DI sistemos nėra pakankamai skaidrios, suprantamos ir dokumentuojamos, gali būti trukdoma užtikrinti svarbias procesines pagrindines teises, pavyzdžiui, teisę į veiksmingą teisių gynimo priemonę ir teisingą bylos nagrinėjimą, taip pat teisę į gynybą ir nekaltumo prezumpciją. Todėl yra tinkama klasifikuoti kaip didelės rizikos įvairias DI sistemas (jei jas leidžiama naudoti pagal atitinkamus Sąjungos ir nacionalinės teisės aktus), skirtas naudoti teisėsaugos tikslais, kai tikslumas, patikimumas ir skaidrumas yra ypač svarbūs siekiant išvengti neigiamų pasekmių, išlaikyti visuomenės pasitikėjimą ir užtikrinti atskaitomybę bei veiksmingą teisių gynimą. Atsižvelgiant į veiklos pobūdį ir su ja susijusią riziką, tos didelės rizikos DI sistemos visų pirma turėtų apimti DI sistemas, skirtas teisėsaugos institucijoms (arba jų vardu) arba teisėsaugos institucijoms padedančioms Sąjungos įstaigoms, organams ar agentūroms naudoti tam, kad būtų galima įvertinti riziką fiziniam asmeniui tapti nusikalstamų veikų auka (pavyzdžiui, poligrafus ir panašias priemones), tam, kad būtų galima įvertinti įrodymų patikimumą atliekant nusikalstamų veikų tyrimą ar vykdant baudžiamąjį persekiojimą už jas ir, jei tai nedraudžiama pagal šį reglamentą, tam, kad būtų galima įvertinti fizinio asmens nusikalstamumo ar pakartotinio nusikalstamumo riziką remiantis ne tik fizinių asmenų profiliavimu ar asmenybės savybių ir bruožų įvertinimu arba ankstesniu fizinių asmenų ar grupių nusikalstamu elgesiu, ir profiliavimui nustatant, tiriant nusikalstamas veikas arba vykdant baudžiamąjį persekiojimą už jas. DI sistemos, skirtos konkrečiai naudoti mokesčių inspekcijų ir muitinių administracinėse bylose, taip pat administracines užduotis atliekančių finansinės žvalgybos padalinių informacijos analizei pagal Sąjungos kovos su pinigų plovimu teisės aktus, neturėtų būti klasifikuojamos kaip didelės rizikos DI sistemos, teisėsaugos institucijų naudojamos nusikalstamų veikų prevencijos, nustatymo, tyrimo ir baudžiamojo persekiojimo tikslais. Teisėsaugos ir kitos atitinkamos valdžios institucijos neturėtų naudoti DI priemonių taip, kad tai taptų nelygybės ar atskirties veiksniu. Nereikėtų ignoruoti DI priemonių naudojimo poveikio įtariamųjų teisėms į gynybą, visų pirma to, kad sunku gauti prasmingos informacijos apie tų sistemų veikimą ir dėl to atsirandančių sunkumų ginčijant jų rezultatus teisme, ypač fiziniams asmenims, kurių atžvilgiu atliekamas tyrimas;
(59)
I bhfianaise a róil agus a bhfreagrachta, gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí a bhaineann le húsáidí áirithe córas intleachta saorga, is iad saintréithe na ngníomhaíochtaí sin éagothroime cumhachta shuntasach agus dá thoradh sin d’fhéadfadh sé go ndéanfaí faireachas ar dhuine nádúrtha, nó é a ghabháil nó saoirse a bhaint dó chomh maith le tionchair dhíobhálacha eile maidir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear sa Chairt. Go sonrach, mura gcuirtear oiliúint ar an gcóras intleachta saorga le sonraí ardcháilíochta, mura gcomhlíonann an córas ceanglais leormhaithe i dtéarmaí feidhmíochta, cruinnis nó stóinseachta, nó mura ndéantar é a cheapadh agus a thástáil go hiomchuí sula gcuirfear é ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar shlí eile, d’fhéadfadh sé go ndíreofaí ar dhaoine i mbealach idirdhealaithe nó ar shlí eile atá mícheart nó éagórach. Thairis sin, d’fhéadfadh sé go gcuirfí isteach ar fheidhmiú ceart nós imeachta bunúsach, amhail an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa chomh maith le cearta na cosanta agus an ceart chun toimhde na neamhchiontachta, i gcás nach bhfuil na córais intleachta saorga sin trédhearcach, inmhínithe agus doiciméadaithe go leor. A mhéid a cheadaítear a n-úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta ábhartha, is iomchuí, dá bhrí sin, aicme ardriosca a thabhairt ar roinnt córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí, comhthéacs ina bhfuil tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, iontaofacht agus trédhearcacht chun tionchair dhíobhálacha a sheachaint, muinín an phobail a chaomhnú agus cuntasacht agus cúiteamh éifeachtach a áirithiú. I bhfianaise chineál na ngníomhaíochtaí agus na rioscaí a bhaineann leo, ba cheart a áirithiú leis na córais intleachta saorga ardriosca sin, go háirithe, córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó ar a son, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais mar thaca le húdaráis forfheidhmithe dlí chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go bhféadfadh duine nádúrtha a bheith ina íospartach cionta coiriúla, le brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla, chun meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht fianaise in imscrúdú nó ionchúiseamh imeachtaí coiriúla, agus, a mhéid nach dtoirmeasctar faoin Rialachán seo, chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go ndéanfaidh duine nádúrtha cion nó go ndéanfaidh sé cion athuair ní ar bhonn an phróifílithe ar dhaoine nádúrtha ná na meastóireachta ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí san am atá thart amháin, chun próifíliú a dhéanamh le linn na cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Córais intleachta saorga atá beartaithe go sonrach lena n-úsáid le haghaidh imeachtaí riaracháin ag na húdaráis chánach nó chustaim chomh maith le haonaid faisnéise airgeadais atá i mbun cúraimí riaracháin lena ndéantar anailís ar fhaisnéis de bhun dhlí an Aontais chun an sciúradh airgid a chomhrac, níor cheart na córais sin a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí chun cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. Níor cheart úsáid uirlisí intleachta saorga ag údaráis fhorfheidhmithe dlí agus údaráis ábhartha eile a bheith ina gné den neamhionannas ná den eisiamh. Níor cheart neamhaird a dhéanamh den tionchar atá ag úsáid uirlisí intleachta saorga ar chearta cosanta daoine atá faoi dhrochamhras, go háirithe an deacracht le faisnéis fhiúntach a fháil maidir le feidhmiú na gcóras sin agus an deacracht, dá bharr sin, le torthaí na n-uirlisí a cheistiú sa chúirt, go háirithe ag daoine nádúrtha atá faoi imscrúdú.
(60)
migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo srityje naudojamos DI sistemos daro poveikį žmonėms, kurie dažnai yra ypač pažeidžiamoje padėtyje ir yra priklausomi nuo kompetentingų valdžios institucijų veiksmų rezultato. Todėl šiomis aplinkybėmis naudojamų DI sistemų tikslumas, nediskriminacinis pobūdis ir skaidrumas yra labai svarbūs, siekiant garantuoti pagarbą asmenų, kuriems daromas poveikis, pagrindinėms teisėms, visų pirma jų laisvo judėjimo teisei, teisei nebūti diskriminuojamiems, teisei į privataus gyvenimo ir asmens duomenų apsaugą, teisei į tarptautinę apsaugą ir gerą administravimą. Todėl tikslinga kaip didelės rizikos sistemas klasifikuoti DI sistemas (jei jų naudojimas leidžiamas pagal atitinkamus Sąjungos ir nacionalinės teisės aktus, skirtus kompetentingoms valdžios institucijoms (arba jų vardu) arba Sąjungos institucijoms, įstaigoms, organams ar agentūroms, kuriems tenka migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo sričių užduotys (pavyzdžiui, poligrafus ir panašias priemones), naudoti tam, kad būtų galima įvertinti tam tikrą fizinių asmenų, atvykstančių į valstybės narės teritoriją arba prašančių vizos ar prieglobsčio, keliamą riziką, kad kompetentingoms valdžios institucijoms būtų padedama nagrinėti prieglobsčio, vizos ir leidimo gyventi prašymus ir susijusius skundus, įskaitant susijusius įrodymų patikimumo vertinimus, siekiant tikslo nustatyti, ar tam tikro statuso prašantys fiziniai asmenys atitinka reikalavimus, fizinių asmenų aptikimo, atpažinimo arba identifikavimo migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo kontekste (išskyrus kelionės dokumentų tikrinimą) tikslu. Migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo srityje naudojamos DI sistemos, kurioms taikomas šis reglamentas, turėtų atitikti atitinkamus procedūrinius reikalavimus, nustatytus Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (EB) Nr. 810/2009 (32), Europos Parlamento ir Tarybos direktyvoje 2013/32/ES (33) ir kituose susijusiuose Sąjungos teisės aktuose. Valstybės narės ar Sąjungos institucijos, įstaigos, organai ar agentūros jokiomis aplinkybėmis neturėtų naudoti DI sistemų migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo srityse kaip priemonių tam, kad apeitų savo tarptautinius įsipareigojimus pagal 1951 m. liepos 28 d. Ženevoje priimtą JT konvenciją dėl pabėgėlių statuso su pakeitimais, padarytais 1967 m. sausio 31 d. protokolu. Tos sistemos taip pat neturėtų būti naudojamos siekiant kokiu nors būdu pažeisti negrąžinimo principą arba neleisti asmenims atvykti į Sąjungos teritoriją saugiais ir veiksmingais teisėtais būdais, įskaitant teisę į tarptautinę apsaugą;
(60)
Le córais intleachta saorga a úsáidtear i mbainistíocht imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann, déantar difear do dhaoine a bhíonn i riocht soghonta go minic agus a bhíonn ag brath ar thorthaí ghníomhaíochtaí na n-údarás poiblí inniúil. Dá bhrí sin, tá tábhacht ar leith ag baint le cruinneas, neamh-idirdhealaitheacht agus trédhearcacht na gcóras intleachta saorga a úsáidtear sna comhthéacsanna sin chun urramú chearta bunúsacha na ndaoine a ndearnadh difear dóibh a áirithiú, go háirithe a gcearta chun saorghluaiseachta, chun neamh-idirdhealaithe, chun an saol príobháideach agus sonraí pearsanta a chosaint, chun cosaint idirnáisiúnta a fháil agus chun dea-riaracháin. A mhéid a cheadaítear a n-úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais agus faoin dlí náisiúnta ábhartha, is iomchuí, dá bhrí sin, aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó ar a son nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais a bhfuil cúraimí orthu i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann le brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla, chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí áirithe a bhaineann le daoine nádúrtha a thagann isteach i gcríoch Ballstáit nó a dhéanann iarratas ar víosa nó ar thearmann, chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla i dtaca le scrúdú a dhéanamh, lena n-áirítear an measúnú gaolmhar ar iontaofacht na fianaise, ar iarratais ar thearmann, ar víosa nó ar cheadanna cónaithe agus na gearáin lena mbaineann maidir leis an gcuspóir incháilitheacht na ndaoine nádúrtha a bhfuil iarratas ar stádas á dhéanamh acu a dheimhniú, chun daoine nádúrtha a bhrath, a aithint nó a shainaithint i gcomhthéacs na himirce, an tearmainn nó an bhainistithe rialaithe teorann cé is moite de dhoiciméid taistil a fhíorú. Maidir le córais intleachta saorga i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart dóibh na ceanglais nós imeachta ábhartha a chomhlíonadh a leagtar síos le Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (32), Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (33) agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais. Níor cheart do na Ballstáit ná d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí ná gníomhaireachtaí an Aontais, i gcás ar bith, úsáid a bhaint as córais intleachta saorga i réimse na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann chun teacht timpeall ar a n-oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe i dtaobh Stádas Dídeanaithe arna dhéanamh sa Ghinéiv an 28 Iúil 1951 arna leasú le Prótacal an 31 Eanáir 1967. Ná níor cheart iad a úsáid chun prionsabal an non-refoulement a shárú ar bhealach ar bith, ná chun bealaí dlíthiúla sábháilte agus éifeachtacha a dhiúltú i gcríoch an Aontais, lena n-áirítear an ceart chun cosaint idirnáisiúnta a fháil.
(61)
tam tikros DI sistemos, skirtos teisingumui vykdyti ir demokratiniams procesams, turėtų būti klasifikuojamos kaip keliančios didelę riziką, atsižvelgiant į tai, kad jos gali daryti reikšmingą poveikį demokratijai, teisinės valstybės principui, individualioms laisvėms, taip pat teisei į veiksmingą teisių gynimo priemonę ir teisingą bylos nagrinėjimą. Visų pirma siekiant šalinti galimą šališkumo, klaidų ir neskaidrumo riziką, didelės rizikos DI sistemoms tinkama priskirti sistemas, skirtas naudoti teisminėms institucijoms arba jų vardu, siekiant padėti teisminėms institucijoms ieškoti faktų ir aiškinti faktus ir teisę ir taikyti įstatymus konkretiems faktų rinkiniams. DI sistemos, skirtos naudoti alternatyvaus ginčų sprendimo įstaigose minėtais tikslais, taip pat turėtų būti laikomos didelės rizikos sistemomis, kai alternatyvaus ginčų sprendimo proceso rezultatai sukelia teisinį poveikį šalims. DI priemonių naudojimas gali sustiprinti teisėjų gebėjimą priimti sprendimus ar teismų nepriklausomumą, bet neturėtų jų pakeisti – galutinį sprendimą privalo priimti žmogus. Tačiau DI sistemų klasifikavimas kaip didelės rizikos sistemų neturėtų būti taikomas DI sistemoms, skirtoms grynai papildomai administracinei veiklai, kuri nedaro poveikio faktiniam teisingumo vykdymui individualiais atvejais, pavyzdžiui, teismo sprendimų, dokumentų arba duomenų anoniminimui arba pseudoniminimui, darbuotojų tarpusavio ryšiams arba administracinėms užduotims;
(61)
Maidir le córais intleachta saorga áirithe atá beartaithe lena n-úsáid chun an ceartas agus na próisis dhaonlathacha a riar, ba cheart iad a aicmiú mar chórais ardriosca, mar gheall ar an tionchar suntasach a d’fhéadfaí a bheith acu ar an daonlathas, an smacht reachta, saoirsí aonair agus ar an gceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach córa. Go sonrach, chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí claonta, earráidí agus doiléireachta a d’fhéadfadh a bheith ann, is iomchuí aicme ardriosca a thabhairt ar chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údarás breithiúnach nó ar a shon chun cúnamh a thabhairt d’údaráis bhreithiúnacha maidir le taighde agus léirmhíniú fíoras agus an dlí agus maidir leis an dlí a chur i bhfeidhm ar thacar coincréiteach fíoras. Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag comhlachtaí réiteach malartach díospóidí chun na críocha sin, ba cheart a mheas gur córais ardriosca iad freisin i gcás ina mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag torthaí na n-imeachtaí réiteach malartach díospóidí do na páirtithe. Is féidir le húsáid uirlisí intleachta saorga tacú le cumhacht cinnteoireachta na mbreithiúna nó le neamhspleáchas na mbreithiúna, ach níor cheart an úsáid sin a chur in ionad na cumhachta sin: ní mór don chinnteoireacht deiridh leanúint de bheith ina gníomhaíocht atá faoi stiúir daoine. Níor cheart aicmiú na gcóras intleachta saorga mar chórais ardriosca a leathnú, áfach, chun córais intleachta saorga a chumhdach atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí riaracháin atá coimhdeach amháin agus nach ndéanann difear do riaradh iarbhír an cheartais i gcásanna aonair, amhail anaithnidiú nó bréagainmniú cinntí breithiúnacha, doiciméad nó sonraí, cumarsáid idir pearsanra, cúraimí riaracháin.
(62)
nedarant poveikio Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) 2024/900 (34) numatytoms taisyklėms ir siekiant šalinti nederamo išorinio kišimosi į Chartijos 39 straipsnyje įtvirtintą balsavimo teisę ir neigiamo poveikio demokratijai ir teisinei valstybei riziką, DI sistemos, skirtos naudoti siekiant daryti įtaką rinkimų ar referendumų rezultatams arba fizinių asmenų balsavimo elgsenai balsuojant rinkimuose ar referendumuose, turėtų būti klasifikuojamos kaip didelės rizikos DI sistemos, išskyrus DI sistemas, kurių išvediniai fiziniams asmenims nedaro tiesioginio poveikio, pavyzdžiui, priemones, naudojamas politinėms kampanijoms organizuoti, optimizuoti ir struktūrizuoti administraciniu ir logistiniu požiūriu;
(62)
Gan dochar do na rialacha dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (34), agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le cur isteach seachtrach míchuí ar an gceart vótála a chumhdaítear in Airteagal 39 den Chairt, agus le héifeachtaí díobhálacha ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, ba cheart córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar iompraíocht vótála daoine nádúrtha i bhfeidhmiú vóta a chaitheamh i dtoghcháin nó reifrinn a aicmiú mar chórais intleachta saorga ardriosca, cé is moite de chórais intleachta saorga nach bhfuil daoine nádúrtha neamhchosanta go díreach ar a n-aschur, amhail uirlisí a úsáidtear chun feachtais pholaitiúla a eagrú, a bharrfheabhsú agus a struchtúrú ó thaobh riaracháin agus lóistíochta de.
(63)
tai, kad DI sistema pagal šį reglamentą klasifikuojama kaip didelės rizikos DI sistema, neturėtų reikšti, kad tos sistemos naudojimas yra teisėtas pagal kitus Sąjungos teisės aktus arba nacionalinę teisę, kuri yra suderinama su Sąjungos teise, pavyzdžiui, dėl asmens duomenų apsaugos, poligrafų ir panašių priemonių ar kitų sistemų, skirtų fizinių asmenų emocinei būklei nustatyti, naudojimo. Bet kuris toks naudojimas turėtų būti tęsiamas tik laikantis iš Chartijos ir taikomų Sąjungos antrinės teisės aktų ir nacionalinės teisės kylančių taikytinų reikalavimų. Šis reglamentas neturėtų būti suprantamas taip, kad juo nustatomas teisinis asmens duomenų, kai aktualu, įskaitant specialias asmens duomenų kategorijas, tvarkymo pagrindas, nebent šiame reglamente konkrečiai numatyta kitaip;
(63)
Ós rud é go n-aicmítear córas intleachta saorga mar chóras intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán seo, níor cheart a léirmhíniú leis sin go léirítear gur gá úsáid an chórais a bheith dleathach faoi ghníomhartha eile de dhlí an Aontais nó faoi dhlí náisiúnta atá comhoiriúnach le dlí an Aontais, amhail cosaint sonraí pearsanta, úsáid brathadóirí éithigh agus uirlisí comhchosúla nó córais eile chun staid mhothúchánach daoine nádúrtha a bhrath. Ba cheart leanúint den úsáid sin i gcomhréir leis na ceanglais is infheidhme atá mar thoradh ar an gCairt agus ar na gníomhartha is infheidhme de dhlí tánaisteach an Aontais agus den dlí náisiúnta agus i gcomhréir leis na ceanglais sin amháin. Níor cheart a thuiscint leis an Rialachán seo go bhforáiltear maidir leis an bhforas dlíthiúil le sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n-áirítear catagóirí speisialta sonraí pearsanta, i gcás inarb ábhartha, mura bhforáiltear go sonrach dá mhalairt sa Rialachán seo.
(64)
siekiant sumažinti pateikiamų rinkai arba pradėtų naudoti didelės rizikos DI sistemų keliamą riziką ir užtikrinti aukšto lygio patikimumą, didelės rizikos DI sistemoms reikėtų taikyti tam tikrus privalomus reikalavimus, atsižvelgiant į numatytąją sistemos naudojimo paskirtį ir DI sistemos naudojimo kontekstą ir laikantis rizikos valdymo sistemos, kurią turi nustatyti tiekėjas. Kad būtų pasiekti šio reglamento tikslai, priemonėmis, kurias tiekėjai priima siekdami laikytis privalomų šio reglamento reikalavimų, turėtų būti atsižvelgiama į visuotinai pripažintus pažangiausius DI srities metodus, jos turėtų būti proporcingos ir veiksmingos. Remiantis naująja teisės aktų sistema, kaip paaiškinta Komisijos pranešime „2022 m. Mėlynasis vadovas dėl gaminius reglamentuojančių ES taisyklių įgyvendinimo“, bendra taisyklė yra ta, kad vienam gaminiui gali būti taikomas daugiau nei vienas Sąjungos derinamasis teisės aktas, nes pateikti rinkai arba pradėti naudoti galima tik tada, kai gaminys atitinka visus taikytinus Sąjungos derinamuosius teisės aktus. DI sistemų, kurioms taikomi šio reglamento reikalavimai, keliami pavojai yra susiję su kitais aspektais nei tie, kuriuos apima esami Sąjungos derinamieji teisės aktai, todėl šio reglamento reikalavimai papildytų esamą Sąjungos derinamųjų teisės aktų sistemą. Pavyzdžiui, mašinos ar medicinos priemonių gaminiai, kuriuose įdiegta DI sistema, gali kelti riziką, kurios neapima atitinkamuose Sąjungos derinamuosiuose teisės aktuose nustatyti esminiai sveikatos ir saugos reikalavimai, nes tais sektorių teisės aktais nereglamentuojama DI sistemoms būdinga rizika. Todėl vienu metu turi būti taikomi įvairūs teisėkūros procedūra priimami aktai ir jie turi papildyti vienas kitą. Siekiant užtikrinti suderinamumą ir išvengti nereikalingos administracinės naštos ir nereikalingų išlaidų, gaminio, kuriame yra viena ar daugiau didelės rizikos DI sistemų, kurioms taikomi šio reglamento ir Sąjungos derinamųjų teisės aktų, grindžiamų naująja teisės aktų sistema ir išvardytų šio reglamento priede, reikalavimai, tiekėjai turėtų būti lankstūs, kiek tai susiję su veiklos sprendimais dėl to, kaip optimaliai užtikrinti gaminio, kuriame yra viena ar daugiau DI sistemų, atitiktį visiems taikytiniems tų Sąjungos derinamųjų teisės aktų reikalavimams. Tas lankstumas galėtų reikšti, pavyzdžiui, tiekėjo sprendimą dalį reikalingų bandymų ir ataskaitų teikimo procesų, informacijos ir dokumentų, kurių reikalaujama pagal šį reglamentą, įtraukti į jau esamus dokumentus ir procedūras, kurių reikalaujama pagal esamus Sąjungos derinamuosius teisės aktus, grindžiamus naująja teisės aktų sistema ir išvardytus šio reglamento priede. Tai jokiu būdu neturėtų pakenkti tiekėjo pareigai laikytis visų taikytinų reikalavimų;
(64)
Chun na rioscaí a bhaineann le córais intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse a mhaolú agus chun ardleibhéal iontaofachta a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag ceanglais shainordaitheacha áirithe maidir le córais intleachta saorga ardriosca, agus an chríoch atá beartaithe agus comhthéacs úsáid an chórais intleachta saorga á gcur san áireamh agus de réir an chórais bainistíochta riosca atá le bunú ag an soláthraí. Ba cheart a chur san áireamh, sna bearta arna nglacadh ag na soláthraithe chun ceanglais shainordaitheacha an Rialacháin seo a chomhlíonadh, staid reatha na teicneolaíochta a aithnítear go ginearálta maidir le hintleacht shaorga, ba cheart dóibh a bheith comhréireach agus éifeachtach chun cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh. Bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua, mar a soiléiríodh san fhógra ón gCoimisiún ‘An “Treoir Ghorm” maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais i ndáil le táirgí 2022’, is é an riail ghinearálta go bhféadfadh feidhm a bheith ag níos mó ná píosa reachtaíochta comhchuibhithe amháin de chuid an Aontais maidir le táirge amháin, ós rud é nach féidir an cur ar fáil nó cur i mbun seirbhíse a dhéanamh ach amháin nuair a chomhlíonann an táirge an reachtaíocht chomhchuibhithe uile is infheidhme de chuid an Aontais. Baineann guaiseacha na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le ceanglais an Rialacháin seo le gnéithe atá éagsúil le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá ann cheana agus, dá bhrí sin, bheadh ceanglais an Rialacháin seo ina gcomhlánú ar chorpas reachtaíochta comhchuibhithe an Aontais atá ann cheana. Mar shampla, d’fhéadfadh rioscaí a bheith ag baint le hinnealra nó táirgí feistí leighis a chorpraíonn córas intleachta saorga ar rioscaí iad nach dtugtar aghaidh orthu leis na ceanglais riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais, toisc nach ndéileáiltear sa dlí earnála sin le rioscaí a bhaineann go sonrach le córais intleachta saorga. Chuige sin, ní mór na gníomhartha reachtacha éagsúla a chur i bhfeidhm go comhuaineach agus go comhlántach. Chun comhsheasmhacht a áirithiú agus chun ualach riaracháin neamhriachtanach agus costais neamhriachtanacha a sheachaint, ba cheart do sholáthraithe táirge ina bhfuil córas intleachta saorga ardriosca amháin nó níos mó, a bhfuil feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo agus ag ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua agus a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo maidir leo, ba cheart solúbthacht a bheith acu maidir le cinntí oibríochtúla maidir le conas a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirge ina bhfuil córas intleachta saorga amháin nó níos mó na ceanglais uile is infheidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais ar bhealach optamach. Leis an tsolúbthacht sin, mar shampla, d’fhéadfadh cinneadh ón soláthraí cuid de na próisis tástála agus tuairiscithe, den fhaisnéis agus den doiciméadacht is gá a cheanglaítear faoin Rialachán seo a chomhtháthú i ndoiciméadacht agus i nósanna imeachta atá ann cheana agus a cheanglaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá ann cheana bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua agus a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Níor cheart dó sin, ar bhealach ar bith, an bonn a bhaint ón oibleagáid atá ar an soláthraí na ceanglais uile is infheidhme a chomhlíonadh.
(65)
rizikos valdymo sistemą turėtų sudaryti suplanuotas ir per visą didelės rizikos DI sistemos gyvavimo ciklą vykstantis nuolatinis kartotinis procesas. Tuo procesu turėtų būti siekiama nustatyti ir sumažinti atitinkamą DI sistemų riziką sveikatai, saugai ir pagrindinėms teisėms. Rizikos valdymo sistema turėtų būti reguliariai peržiūrima ir atnaujinama, kad būtų užtikrintas jos nuolatinis veiksmingumas, taip pat visų svarbių sprendimų ir veiksmų, kurių imamasi pagal šį reglamentą, pagrindimas ir dokumentavimas. Šiuo procesu turėtų būti užtikrinama, kad tiekėjas nustatytų riziką ar neigiamą poveikį ir įgyvendintų žinomos ir pagrįstai numatomos DI sistemų rizikos sveikatai, saugai ir pagrindinėms teisėms mažinimo priemones, atsižvelgdamas į jų numatytąją paskirtį ir pagrįstai numatomą netinkamą naudojimą, įskaitant galimą riziką, kylančią dėl DI sistemos ir aplinkos, kurioje ji veikia, sąveikos. Rizikos valdymo sistemoje turėtų būti patvirtintos tinkamiausios rizikos valdymo priemonės, atsižvelgiant į naujausius technikos laimėjimus DI srityje. Nustatydamas tinkamiausias rizikos valdymo priemones, tiekėjas turėtų dokumentuoti ir paaiškinti savo pasirinkimus ir, kai aktualu, įtraukti ekspertus ir išorės suinteresuotuosius subjektus. Nustatydamas pagrįstai numatomą netinkamą didelės rizikos DI sistemų naudojimą, tiekėjas turėtų apimti naudojimą DI sistemų, kurios, nors tiesiogiai ir nepatenka į numatytąją paskirtį ir nėra numatytos naudojimo instrukcijoje, vis dėlto pagrįstai tikėtinai gali būti netinkamai naudojamos dėl lengvai nuspėjamo žmogaus elgesio konkrečios DI sistemos konkrečių ypatumų ir naudojimo kontekste. Visos žinomos ar numatomos aplinkybės, susijusios su didelės rizikos DI sistemos naudojimu pagal numatytąją paskirtį arba pagrįstai numatomo netinkamo naudojimo sąlygomis, dėl kurio gali kilti rizika sveikatai ir saugai arba pagrindinėms teisėms, turėtų būti įtrauktos į tiekėjo pateikiamas naudojimo instrukcijas. Taip siekiama užtikrinti, kad diegėjas žinotų apie jas ir į jas atsižvelgtų naudodamas didelės rizikos DI sistemą. Neturėtų būti reikalaujama, kad tiekėjas, nustatydamas ir įgyvendindamas rizikos mažinimo priemones, susijusias su numatomu netinkamu naudojimu pagal šį reglamentą, siekdamas kovoti su numatomu netinkamo naudojimu didelės rizikos DI sistemai taikytų konkrečias papildomas mokymo priemones. Tačiau tiekėjai raginami apsvarstyti galimybę tokias papildomas mokymo priemones taikyti tam, kad prireikus atitinkamai būtų sumažintas pagrįstai numatomas netinkamas naudojimas;
(65)
Is éard ar cheart a bheith sa chóras bainistithe riosca próiseas atriallach leanúnach a phleanáiltear agus a reáchtáiltear ar feadh shaolré iomlán an chórais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart an próiseas sin a bheith dírithe ar rioscaí ábhartha na gcóras intleachta saorga maidir le sláinte, sábháilteacht agus cearta bunúsacha a shainaithint agus a mhaolú. Ba cheart an córas bainistithe riosca a athbhreithniú agus a nuashonrú go tráthrialta chun a éifeachtacht leanúnach a áirithiú, chomh maith le bonn cirt agus doiciméadú aon chinntí suntasacha agus aon ghníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi réir an Rialacháin seo. Leis an bpróiseas sin, ba cheart a áirithiú go sainaithníonn an soláthraí rioscaí nó drochthionchair agus go gcuirfidh sé bearta maolaithe chun feidhme maidir leis na rioscaí aitheanta agus measartha intuartha a bhaineann le córais intleachta saorga don tsláinte, don tsábháilteacht agus do na cearta bunúsacha i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh agus mí-úsáid atá measartha intuartha, lena n-áirítear na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as an idirghníomhaíocht idir an córas intleachta saorga agus an timpeallacht ina n-oibríonn sé. Ba cheart don chóras bainistithe riosca na bearta bainistithe riosca is iomchuí a ghlacadh i bhfianaise staid na teicneolaíochta san intleacht shaorga. Agus na bearta bainistithe riosca is iomchuí á sainaithint aige, ba cheart don soláthraí na cinntí a rinneadh a dhoiciméadú agus a mhíniú agus, nuair is ábhartha, saineolaithe agus geallsealbhóirí seachtracha a thabhairt isteach. Agus mí-úsáid measartha intuartha na gcóras intleachta saorga ardriosca á sainaithint, ba cheart don soláthraí úsáidí córas intleachta saorga a chumhdach ar córais iad nach gcumhdaítear go díreach leis an gcríoch atá beartaithe agus dá bhforáiltear sa treoir maidir le húsáid, ach a bhféadfaí a bheith ag súil leis go réasúnta mar sin féin go mbeidh siad mar thoradh ar iompraíocht an duine atá intuartha go héasca i gcomhthéacs saintréithe sonracha agus úsáid córais intleachta saorga ar leith. Aon imthosca atá ar eolas nó intuartha, a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha, a bhféadfadh rioscaí a bheith ann mar thoradh air don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó do chearta bunúsacha, ba cheart na himthosca sin a áireamh sna treoracha úsáide arna soláthar ag an soláthraí. Déantar an méid sin chun a áirithiú go bhfuil an t-úsáideoir gairmiúil ar an eolas agus go gcuirfidh sé san áireamh iad agus an córas intleachta saorga ardriosca á úsáid aige. Maidir le bearta maolaithe riosca a shainaithint agus a chur chun feidhme le haghaidh mí-úsáid intuartha faoin Rialachán seo, níor cheart oiliúint bhreise shonrach don chóras intleachta saorga ardriosca a bheith ag teastáil ón soláthraí chun aghaidh a thabhairt orthu. Moltar do na soláthraithe, áfach, machnamh a dhéanamh ar na bearta breise oiliúna sin chun mí-úsáidí intuartha réasúnta a mhaolú de réir mar is gá agus is iomchuí.
(66)
didelės rizikos DI sistemoms turėtų būti taikomi reikalavimai dėl rizikos valdymo, naudojamų duomenų rinkinių kokybės ir aktualumo, techninių dokumentų ir įrašų saugojimo, skaidrumo ir informacijos teikimo diegėjams, žmogaus vykdomos priežiūros, patikimumo, tikslumo ir kibernetinio saugumo. Tie reikalavimai yra būtini siekiant veiksmingai sumažinti riziką sveikatai, saugai ir pagrindinėms teisėms. Jeigu nėra pagrįstai prieinamų jokių kitų mažiau prekybą ribojančių priemonių, tie reikalavimai nėra nepagrįsti prekybos apribojimai;
(66)
Ba cheart feidhm a bheith ag na ceanglais ar chórais intleachta saorga ardriosca maidir le bainistiú rioscaí, cáilíocht agus ábharthacht na dtacar sonraí a úsáidtear, doiciméadacht theicniúil agus coimeád taifead, trédhearcacht agus soláthar faisnéise d’úsáideoirí gairmiúla, formhaoirseacht dhaonna agus stóinseacht, cruinneas agus cibearshlándáil. Tá gá leis na ceanglais sin chun na rioscaí i dtaca leis an tsláinte, an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a mhaolú go héifeachtach. Ós rud é nach bhfuil aon bheart trádála is lú srianadh ar fáil go réasúnta, ní srianta trádála nach bhfuil údar leo iad na ceanglais sin.
(67)
kokybiški duomenys ir prieiga prie kokybiškų duomenų atlieka esminį vaidmenį nustatant daugelio DI sistemų struktūrą ir užtikrinant efektyvų jų veikimą, ypač tais atvejais, kai naudojami su modelių mokymu susiję metodai, siekiant užtikrinti, kad didelės rizikos DI sistema veiktų kaip numatyta, saugiai ir netaptų pagal Sąjungos teisę draudžiamos diskriminacijos šaltiniu. Norint parengti kokybiškus mokymo, validavimo ir bandymo duomenų rinkinius, reikia įdiegti tinkamą duomenų valdymo ir tvarkymo praktiką. Mokymo, validavimo ir bandymo duomenų rinkiniai, įskaitant etiketes, turėtų būti aktualūs, pakankamai reprezentatyvūs ir, kiek įmanoma, be klaidų ir išsamūs, atsižvelgiant į numatytąją sistemos paskirtį. Siekiant sudaryti palankesnes sąlygas laikytis Sąjungos duomenų apsaugos teisės aktų, pavyzdžiui, Reglamento (ES) 2016/679, duomenų valdymo ir tvarkymo praktika asmens duomenų atveju turėtų būti tokia, kad būtų užtikrinamas skaidrumas, susijęs su pradiniu duomenų rinkimo tikslu. Duomenų rinkiniai taip pat turėtų turėti tinkamas statistines savybes, be kita ko, kiek tai susiję su asmenimis ar asmenų grupėmis, kurių atžvilgiu ketinama naudoti didelės rizikos DI sistemą, ypatingą dėmesį skiriant galimo šališkumo duomenų rinkiniuose, kuris gali daryti poveikį asmenų sveikatai ir saugai, neigiamą poveikį pagrindinėms teisėms arba lemti pagal Sąjungos teisę draudžiamą diskriminaciją, mažinimui, ypač tais atvejais, kai duomenų išvediniai daro įtaką būsimoms operacijoms (grįžtamojo ryšio grandinės). Pavyzdžiui, šališkumas gali būti būdingas pagrindiniams duomenų rinkiniams, ypač kai naudojami ankstesni duomenys, arba jis gali atsirasti diegiant sistemas realiomis sąlygomis. DI sistemų teikiamiems rezultatams įtakos galėtų turėti toks būdingas šališkumas, kuris yra linkęs palaipsniui didėti ir taip įtvirtinti ir sustiprinti esamą diskriminaciją, ypač tam tikroms pažeidžiamoms grupėms, įskaitant rasines ar etnines grupes, priklausančių asmenų diskriminaciją. Reikalavimas, kad duomenų rinkiniai būtų kiek įmanoma išsamesni ir juose nebūtų klaidų, neturėtų daryti poveikio privatumo užtikrinimo priemonių naudojimui kuriant ir bandant DI sistemas. Visų pirma, kiek to reikia atsižvelgiant į numatytąją paskirtį, duomenų rinkiniai turėtų būti grindžiami požymiais, ypatumais ar elementais, būdingais konkrečiai geografinei, kontekstinei, elgsenos ar funkcinei aplinkai, kurioje DI sistema yra skirta naudoti. Su duomenų valdymu susijusių reikalavimų galima laikytis kreipiantis į trečiąsias šalis, kurios teikia sertifikuotas atitikties užtikrinimo paslaugas, įskaitant duomenų valdymo, duomenų rinkinių vientisumo ir duomenų mokymo, validavimo ir bandymo praktikos tikrinimą, jei užtikrinamas šiame reglamente nustatytų duomenų reikalavimų laikymasis;
(67)
Tá ról ríthábhachtach ag sonraí ardcháilíochta agus rochtain ar shonraí ardcháilíochta maidir le struchtúr a sholáthar agus feidhmíocht roinnt mhaith córas intleachta saorga a áirithiú, go háirithe i gcásanna ina n-úsáidtear teicnící a bhaineann le hoiliúint a chur ar shamhlacha, chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an córas intleachta saorga ardriosca go sábháilte agus de réir mar atá beartaithe dó agus nach mbeidh sé ina fhoinse d’idirdhealú atá toirmiscthe faoi dhlí an Aontais. Chun tacair sonraí ardcháilíochta a fháil le haghaidh oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, teastaíonn cleachtais iomchuí rialachais sonraí agus bainistíochta a chur chun feidhme. Maidir leis na tacair sonraí le haghaidh oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, lena n-áirítear na lipéid, ba cheart dóibh a bheith ábhartha, sách ionadaíoch, agus a mhéid is mó is féidir, saor ó earráidí agus iomlán, i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras. Chun comhlíonadh dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí a éascú, amhail Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart a áireamh i gcleachtais rialachais sonraí agus bainistíochta, i gcás sonraí pearsanta, trédhearcacht maidir le cuspóir bunaidh an bhailithe sonraí. Ba cheart na hairíonna staidrimh iomchuí a bheith ag na tacair sonraí freisin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis na daoine nó na grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid ina leith, agus aird ar leith á tabhairt ar aon chlaontacht a d’fhéadfadh a bheith sna tacair sonraí a mhaolú, ar claontacht í ar dócha go ndéanfadh sí difear do shláinte agus do shábháilteacht daoine, go mbeadh tionchar diúltach aici ar chearta bunúsacha nó go mbeadh idirdhealú a thoirmisctear faoi dhlí an Aontais mar thoradh uirthi go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag aschuir sonraí ar ionchuir le haghaidh oibríochtaí amach anseo (lúba aiseolais). Mar shampla, d’fhéadfadh claontachtaí a bheith ina ndlúthchuid de bhuntacair sonraí, go háirithe i gcás ina mbaintear úsáid as sonraí stairiúla, nó a ghiniúint nuair a chuirtear na córais chun feidhme i bhfíordhálaí. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag na claontachtaí bunúsacha sin, a bhfuil sé mar nós leo méadú de réir a chéile, ar thorthaí a sholáthraíonn córais intleachta saorga agus, ar an gcaoi sin, déantar idirdhealú atá ann cheana a bhuanú agus a mhéadú, go háirithe i gcás daoine ar de ghrúpaí leochaileacha áirithe iad, lena n-áirítear grúpaí ciníocha nó eitneacha. An ceanglas go mbeadh na tacair sonraí iomlán agus saor ó earráidí, a mhéid is mó is féidir, níor cheart dó difear a dhéanamh d’úsáid teicnící caomhnaithe príobháideachais i gcomhthéacs fhorbairt agus thástáil na gcóras intleachta saorga. Go háirithe, ba cheart a chur san áireamh sna tacair sonraí, a mhéid a cheanglaítear i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, na saintréithe, tréithe nó eilimintí a bhaineann go sonrach leis an suíomh geografach, comhthéacsúil, iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid. Is féidir na ceanglais a bhaineann le rialachas sonraí a chomhlíonadh trí dhul ar iontaoibh tríú páirtithe a thairgeann seirbhísí comhlíontachta deimhnithe lena n-áirítear fíorú ar rialachas sonraí, sláine tacair sonraí, agus cleachtais oiliúna, bailíochtaithe agus tástála sonraí, a mhéid a áirithítear comhlíonadh cheanglais sonraí an Rialacháin seo.
(68)
kad galėtų kurti ir vertinti didelės rizikos DI sistemas, tam tikri subjektai, pavyzdžiui, tiekėjai, notifikuotosios įstaigos ir kiti susiję subjektai, pavyzdžiui, Europos skaitmeninių inovacijų centrai, bandymų įstaigos ir tyrėjai, turėtų turėti galimybę gauti ir naudoti kokybiškus duomenų rinkinius su šiuo reglamentu susijusių subjektų veiklos srityse. Komisijos sukurtos Europos bendros duomenų erdvės ir dalijimosi duomenimis tarp įmonių ir vyriausybės viešojo intereso labui palengvinimas bus labai svarbūs teikiant patikimą, atskaitingą ir nediskriminuojančią prieigą prie kokybiškų duomenų, reikalingų DI sistemų mokymui, validavimui ir bandymui. Pavyzdžiui, sveikatos sektoriuje Europos sveikatos duomenų erdvė palengvins nediskriminacinę prieigą prie sveikatos duomenų ir DI algoritmų mokymą naudojant šiuos duomenų rinkinius, užtikrinant privatumą, saugumą, savalaikiškumą, skaidrumą ir patikimumą ir numatant tinkamą institucinį valdymą. Atitinkamos kompetentingos institucijos, įskaitant sektorių institucijas, teikiančios arba padedančios gauti prieigą prie duomenų, taip pat gali remti kokybiškų duomenų teikimą DI sistemų mokymo, validavimo ir bandymo tikslais;
(68)
Maidir le forbairt na gcóras intleachta saorga ardriosca agus measúnú a dhéanamh orthu, ba cheart do ghníomhaithe áirithe, amhail soláthraithe, comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eintitis ábhartha eile, amhail Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach, saoráidí agus taighdeoirí tástála agus turgnamhaíochta, rochtain a bheith acu ar thacair sonraí ardcháilíochta agus a bheith in ann iad a úsáid laistigh dá réimsí gníomhaíochtaí faoi seach a bhaineann leis an Rialachán seo. Beidh tábhacht ar leith ag baint le spásanna coiteanna sonraí Eorpacha arna mbunú ag an gCoimisiún agus le héascú comhroinnte sonraí idir gnólachtaí agus leis an rialtas ar mhaithe le leas an phobail chun rochtain iontaofa, chuntasach agus neamh-idirdhealaitheach a sholáthar ar shonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu. Mar shampla, i gcás cúrsaí sláinte, leis an spás Eorpach sonraí sláinte, éascófar rochtain neamh-idirdhealaitheach ar shonraí sláinte agus oiliúint na n-algartam intleachta saorga maidir leis na tacair sonraí sin, ar bhealach slán tráthúil trédhearcach agus iontaofa a chosnaíonn an phríobháideacht, agus le rialachas iomchuí institiúideach. Údaráis inniúla ábhartha, lena n-áirítear údaráis earnála, a sholáthraíonn an rochtain ar shonraí nó a thacaíonn léi, féadfaidh siad tacú freisin leis an soláthar sonraí ardcháilíochta chun córais intleachta saorga a bhailíochtú, a thástáil agus oiliúint a chur orthu.
(69)
teisė į privatumą ir asmens duomenų apsaugą turi būti užtikrinta per visą DI sistemos gyvavimo ciklą. Šiuo atžvilgiu, tvarkant asmens duomenis yra taikytini Sąjungos duomenų apsaugos teisės aktuose nustatyti duomenų kiekio mažinimo ir pritaikytosios bei standartizuotosios duomenų apsaugos principai. Priemonės, kurių tiekėjai imasi siekdami užtikrinti, kad būtų laikomasi tų principų, gali apimti ne tik anoniminimą ir šifravimą, bet ir technologijų, leidžiančių algoritmus įtraukti į duomenis ir mokyti DI sistemas tarp šalių neperduodant arba nekopijuojant pačių neapdorotų ar struktūrizuotų duomenų, naudojimą, nedarant poveikio šiame reglamente numatytiems duomenų valdymo reikalavimams;
(69)
Ní mór an ceart chun príobháideachta agus chun cosaint sonraí pearsanta a ráthú ar feadh shaolré iomlán an chórais intleachta saorga. I ndáil leis an méid sin, tá prionsabail an íoslaghdaithe sonraí agus na cosanta sonraí trí dhearadh agus trí réamhshocrú, mar a leagtar amach i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí iad, infheidhme nuair a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil. Féadfar a áireamh ar na bearta arna nglacadh ag soláthraithe chun comhlíonadh na bprionsabal sin a áirithiú, ní hamháin anaithnidiú agus criptiú, ach úsáid teicneolaíochta freisin lena gceadaítear algartaim a thabhairt chuig na sonraí agus lenar féidir oiliúint a chur ar chórais intleachta saorga gan tarchur idir páirtithe ná cóipeáil na sonraí loma nó struchtúrtha iad féin, gan dochar do na ceanglais maidir le rialachas sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
(70)
siekiant apsaugoti kitų asmenų teises nuo diskriminacijos, kuri gali atsirasti dėl šališkumo DI sistemose, tiekėjai išimties tvarka tiek, kiek tai tikrai būtina siekiant užtikrinti šališkumo, susijusio su didelės rizikos DI sistemomis, nustatymą ir ištaisymą, taikydami tinkamas fizinių asmenų pagrindinių teisių ir laisvių apsaugos priemones ir visas šiame reglamente nustatytas taikytinas sąlygas, taip pat reglamentuose (ES) 2016/679 ir (ES) 2018/1725 ir Direktyvoje (ES) 2016/680 nustatytas sąlygas, turėtų galėti tvarkyti ir specialių kategorijų asmens duomenis, jei tai yra susiję su svarbiu viešuoju interesu, kaip tai suprantama Reglamento (ES) 2016/679 9 straipsnio 2 dalies g punkte ir Reglamento (ES) 2018/1725 10 straipsnio 2 dalies g punkte;
(70)
Chun ceart daoine eile a chosaint ar an idirdhealú a d’fhéadfadh eascairt as an gclaontacht i gcórais intleachta saorga, ba cheart do na soláthraithe, go heisceachtúil, a mhéid a bhfuil géarghá leis chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus tar éis chur i bhfeidhm na gcoinníollacha uile is infheidhme a leagtar síos faoin Rialachán seo i dteannta na gcoinníollacha a leagtar síos i Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i dTreoir (AE) 2016/680, ba cheart do na soláthraithe a bheith in ann catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil freisin, mar ábhar leasa phoiblí shubstaintiúil de réir bhrí Airteagal 9(2), pointe (g) de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 10(2), pointe (g) de Rialachán (AE) 2018/1725.
(71)
suprantamos informacijos apie tai, kaip buvo sukurtos didelės rizikos DI sistemos ir kaip jos veikia per visą jų naudojimo trukmę, turėjimas yra labai svarbus siekiant sudaryti sąlygas tų sistemų atsekamumui, patikrinti, kaip laikomasi šio reglamento reikalavimų, taip pat stebėti jų operacijas ir vykdyti stebėseną po pateikimo rinkai. Šiuo tikslu reikia saugoti įrašus ir užtikrinti techninių dokumentų, kuriuose pateikiama informacija, būtina DI sistemos atitikčiai atitinkamiems reikalavimams įvertinti ir stebėsenai po pateikimo rinkai palengvinti, prieinamumą. Tokią informaciją turėtų sudaryti bendrieji sistemos ypatumai, pajėgumai ir ribotumai, algoritmai, duomenys, mokymai, bandymai ir naudojami validavimo procesai, taip pat dokumentai apie atitinkamą rizikos valdymo sistemą, ji turėtų būti pateikiama aiškia ir suprantama forma. Techniniai dokumentai turėtų būti nuolat tinkamai atnaujinami per visą DI sistemos naudojimo trukmę. Be to, didelės rizikos DI sistemos turėtų būti tokios, kad per visą sistemos naudojimo trukmę būtų techniškai įmanoma automatiškai žurnaluose registruoti įvykius.
(71)
Tá sé ríthábhachtach go mbeadh faisnéis intuigthe ann maidir leis an gcaoi ar forbraíodh córais intleachta saorga ardriosca agus maidir leis an gcaoi a bhfeidhmíonn siad ar feadh a saolré chun inrianaitheacht na gcóras sin a éascú, chun comhlíonadh na gceanglas faoin Rialachán seo a fhíorú, agus chun faireachán a dhéanamh ar a n-oibríochtaí agus ar fhaireachán iarmhargaidh. Chuige sin, is gá taifid a choimeád agus doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil, ina bhfuil an fhaisnéis is gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais ábhartha agus chun faireachán iarmhargaidh a éascú. Ba cheart a chur san áireamh, leis an bhfaisnéis sin, na saintréithe, cumais agus teorainneacha ginearálta maidir leis na córais, na halgartaim, na sonraí, na nósanna imeachta tástála agus bailíochtaithe arna n-úsáid chomh maith le doiciméadacht i dtaca leis an gcóras ábhartha bainistíochta riosca agus ba cheart an fhaisnéis a leagan amach go soiléir agus go cuimsitheach. Ba cheart an doiciméadacht theicniúil a choinneáil cothrom le dáta go hiomchuí feadh shaolré an chórais intleachta saorga. Ina theannta sin, ba cheart, ó thaobh na teicneolaíochta de, go gceadódh le córais intleachta saorga ardriosca taifeadadh uathoibríoch a dhéanamh ar theagmhais, trí bhíthin logaí, feadh shaolré an chórais.
(72)
siekiant spręsti susirūpinimą keliančius klausimus, susijusius su tam tikrų DI sistemų neskaidrumu ir sudėtingumu, ir padėti diegėjams vykdyti savo pareigas pagal šį reglamentą, turėtų būti reikalaujama, kad didelės rizikos DI sistemų skaidrumas būtų užtikrintas prieš pateikiant jas rinkai arba pradedant jas naudoti. Didelės rizikos DI sistemos turėtų būti projektuojamos taip, kad diegėjai galėtų suprasti, kaip DI sistema veikia, įvertinti jos funkcionalumą ir suvokti jos privalumus ir ribotumus. Prie didelės rizikos DI sistemų turėtų būti pridedama atitinkama informacija, pateikiama kaip naudojimo instrukcija. Tokia informacija turėtų apimti DI sistemos veikimo efektyvumo ypatumus, pajėgumus ir ribotumus. Jie apimtų informaciją apie galimas žinomas ir numatomas aplinkybes, susijusias su didelės rizikos DI sistemos naudojimu, įskaitant diegėjo veiksmus, kurie gali turėti įtakos sistemos elgsenai ir veikimo efektyvumui ir dėl kurių DI sistema gali kelti riziką sveikatai, saugumui ir pagrindinėms teisėms, apie pakeitimus, kuriuos tiekėjas iš anksto nustatė ir įvertino atitikties tikslais, ir apie atitinkamas žmogaus atliekamos priežiūros priemones, įskaitant priemones, diegėjams leidžiančias lengviau interpretuoti DI sistemos išvedinius. Skaidrumas, įskaitant pridedamas naudojimo instrukcijas, turėtų padėti diegėjams naudotis sistema ir priimti informacija pagrįstus sprendimus. Diegėjai turėtų, inter alia, turėti geresnes galimybes tinkamai pasirinkti sistemą, kurią jie ketina naudoti, atsižvelgdami į jiems taikytinas pareigas, būti informuoti apie numatomus ir draudžiamus naudojimo būdus ir tinkamai naudoti DI sistemą. Kad į naudojimo instrukcijas įtraukta informacija būtų aiškesnė ir prieinamesnė, kai tikslinga, turėtų būti pateikiami aiškinamieji pavyzdžiai, pavyzdžiui, apie DI sistemos ribotumus ir numatomus bei draudžiamus naudojimo būdus. Tiekėjai turėtų užtikrinti, kad visuose dokumentuose, įskaitant naudojimo instrukcijas, būtų pateikiama prasminga, išsami, prieinama ir suprantama informacija, atsižvelgiant į tikslinių diegėjų poreikius ir numatomas žinias. Naudojimo instrukcijos turėtų būti pateikiamos tiksliniams diegėjams lengvai suprantama kalba, kurią nustato atitinkama valstybė narė;
(72)
Chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní a bhaineann le doiléireacht agus castacht córas intleachta saorga áirithe agus chun cuidiú le húsáideoirí gairmiúla a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a bheith trédhearcach sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. Ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a cheapadh ar bhealach a chuirfidh ar chumas úsáideoirí gairmiúla tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an córas intleachta saorga, meastóireacht a dhéanamh ar a fheidhmiúlacht, agus a láidreachtaí agus a theorainneacha a thuiscint. Ba cheart faisnéis iomchuí i bhfoirm treoracha úsáide a bheith ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart saintréithe, cumais agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga a bheith san áireamh san fhaisnéis sin. Chumhdófaí leo faisnéis maidir le himthosca aitheanta agus intuartha a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear gníomhaíocht de chuid an úsáideora ghairmiúil a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar iompraíocht agus feidhmíocht an chórais, faoina bhféadfadh rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha a bheith mar thoradh ar an gcóras intleachta saorga, maidir leis na hathruithe a réamhchinntíodh agus a ndearnadh measúnú orthu le haghaidh comhréireachta ag an soláthraí agus maidir leis na bearta ábhartha formhaoirseachta daonna, lena n-áirítear na bearta chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur an chórais intleachta saorga a éascú. Ba cheart go gcuideoidh trédhearcacht, lena n-áirítear na treoracha úsáide a ghabhann leis, le húsáideoirí gairmiúla an córas a úsáid agus cinnteoireacht eolasach a dhéanamh. Ba cheart gur fearr a bheidh na húsáideoirí gairmiúla, inter alia, in ann an córas a n-úsáidfidh siad é a roghnú i bhfianaise na n-oibleagáidí is infheidhme maidir leo, ba cheart oideachas a bheith faighte acu faoi na húsáidí atá beartaithe agus coiscthe, ba cheart dóibh a bheith in ann an córas intleachta saorga a úsáid i gceart agus de réir mar is iomchuí. Chun inléiteacht agus inrochtaineacht na faisnéise a áirítear sna treoracha úsáide a fheabhsú, i gcás inarb iomchuí, ba cheart samplaí léiritheacha a chur san áireamh, mar shampla maidir le teorainneacha agus úsáidí beartaithe agus coiscthe an chórais intleachta saorga. Ba cheart do sholáthraithe a áirithiú go mbeidh sa doiciméadacht uile, lena n-áirítear na treoracha úsáide, faisnéis fhóinteach, chuimsitheach, inrochtana agus intuigthe, agus riachtanais agus eolas intuartha na sprioc-úsáideoirí gairmiúla á gcur san áireamh. Ba cheart treoracha úsáide a chur ar fáil i dteanga is féidir leis na sprioc-úsáideoirí gairmiúla a thuiscint go héasca, de réir mar a chinnfidh an Ballstát lena mbaineann.
(73)
didelės rizikos DI sistemos turėtų būti projektuojamos ir kuriamos taip, kad fiziniai asmenys galėtų prižiūrėti jų veikimą, užtikrinti, kad jos būtų naudojamos taip, kaipo numatyta, ir kad jų poveikis būtų kontroliuojamas per visą sistemos gyvavimo ciklą. Tuo tikslu sistemos tiekėjas prieš pateikdamas sistemą rinkai arba prieš pradedant ją naudoti turėtų nustatyti atitinkamas žmogaus atliekamos priežiūros priemones. Visų pirma, kai tikslinga, tokiomis priemonėmis turėtų būti garantuojama, kad sistemai būtų taikomi integruoti veikimo apribojimai, kurių pati sistema negalėtų nepaisyti ir kuriuos galėtų kontroliuoti žmogus, ir kad fiziniai asmenys, kuriems pavesta atlikti priežiūrą, turėtų būtiną kompetenciją, kvalifikaciją ir įgaliojimus atlikti tą funkciją. Be to, labai svarbu atitinkamai užtikrinti, kad į didelės rizikos DI sistemas būtų įtraukiami mechanizmai, skirti fiziniam asmeniui, kuriam pavesta žmogaus atliekama priežiūra, orientuoti ir informuoti, kad jis galėtų priimti informacija grindžiamus sprendimus dėl to, ar, kada ir kaip įsikišti, kad būtų išvengta neigiamų pasekmių ar rizikos, arba sustabdyti sistemos veikimą, jei ji neveikia taip, kaip numatyta. Atsižvelgiant į tai, kad neteisingos atitikties tam tikrose biometrinio tapatybės nustatymo sistemose atveju asmenims kyla reikšmingų pasekmių, tikslinga numatyti griežtesnį žmogaus atliekamos tų sistemų priežiūros reikalavimą, kad diegėjas imtis veiksmų ar priimti sprendimą remdamasis sistemos atliktu tapatybės nustatymu galėtų tik tada, kai tai atskirai patikrina ir patvirtina bent du fiziniai asmenys. Tie asmenys galėtų būti iš vieno ar daugiau subjektų ir vienas iš jų turėtų būti sistemą valdantis arba naudojantis asmuo. Šis reikalavimas neturėtų sukelti nereikalingos naštos ar delsos, ir galėtų pakakti, kad atskiri skirtingų asmenų patikrinimai būtų automatiškai registruojami sistemos generuojamuose žurnaluose. Atsižvelgiant į teisėsaugos, migracijos, sienų kontrolės ir prieglobsčio sričių ypatumus, šis reikalavimas neturėtų būti taikomas, jei pagal Sąjungos ar nacionalinę teisę to reikalavimo taikymas yra neproporcingas;
(73)
Ba cheart córais intleachta saorga ardriosca a cheapadh agus a fhorbairt sa chaoi gur féidir le daoine nádúrtha formhaoirseacht a dhéanamh ar a bhfeidhmiú, a áirithiú go n-úsáidfear iad mar a bhí beartaithe agus go dtabharfar aghaidh ar a dtionchar thar shaolré an chórais. Chuige sin, ba cheart do sholáthraí an chórais bearta iomchuí maidir le formhaoirseacht dhaonna a shainaithint sula gcuirfear an córas ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Go sonrach, i gcás inarb iomchuí, ba cheart a ráthú leis na bearta sin go bhfuil an córas faoi réir srianta oibríochtúla ionsuite nach féidir leis an gcóras é féin a shárú agus atá freagrúil don oibreoir daonna, agus go bhfuil an inniúlacht, oiliúint agus údarás is gá ag na daoine nádúrtha ar sannadh an fhormhaoirseacht dhaonna orthu chun an ról sin a dhéanamh. Tá sé ríthábhachtach freisin, de réir mar is iomchuí, a áirithiú go n-áireofar i gcórais intleachta saorga ardriosca sásraí chun duine nádúrtha ar sannadh formhaoirseacht dhaonna dó a threorú agus a chur ar an eolas chun cinntí eolasacha a dhéanamh ar cheart, cathain agus conas idirghabháil a dhéanamh chun iarmhairtí diúltacha nó rioscaí a sheachaint, nó chun stop a chur leis an gcóras mura bhfeidhmíonn sé mar a bhí beartaithe. I bhfianaise na n-iarmhairtí suntasacha do dhaoine i gcás meaitseáil mhícheart ó chórais sainaitheanta bithmhéadraí áirithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le ceanglas feabhsaithe formhaoirseachta daonna do na córais sin ionas nach bhféadfaidh an t-úsáideoir gairmiúil aon ghníomh ná cinneadh a dhéanamh ar bhonn an tsainaitheantais a d’eascair as an gcóras murar rud é go ndearna beirt daoine nádúrtha ar a laghad é sin a fhíorú agus a dhearbhú ar leithligh. D’fhéadfadh na daoine sin a bheith ó eintiteas amháin nó níos mó agus ba cheart dóibh an duine a oibríonn nó a úsáideann an córas a áireamh. Níor cheart ualach ná moilleanna nach bhfuil gá leo a chruthú leis an gceanglas sin agus d’fhéadfadh sé a bheith leordhóthanach go ndéanfaí na fíoruithe ar leithligh a dhéanann na daoine éagsúla a thaifeadadh go huathoibríoch sna logaí arna nginiúint ag an gcóras. I bhfianaise shainiúlachtaí réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an rialaithe teorann agus an tearmainn, níor cheart feidhm a bheith ag an gceanglas sin i gcás ina measann dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta go bhfuil cur i bhfeidhm an cheanglais sin díréireach.
(74)
didelės rizikos DI sistemos turėtų veikti nuosekliai per visą savo gyvavimo ciklą ir atitikti tinkamą tikslumo, patvarumo ir kibernetinio saugumo lygį, atsižvelgiant į jų numatytąją paskirtį ir vadovaujantis visuotinai pripažintais pažangiausiais metodais. Komisija, atitinkamos organizacijos ir suinteresuotieji subjektai raginami tinkamai atsižvelgti į DI sistemų keliamos rizikos ir neigiamo poveikio mažinimą. Tikėtinas veikimo efektyvumo metrikos lygmuo turėtų būti nurodomas pridedamose naudojimo instrukcijose. Tiekėjai raginami perduoti tokią informaciją diegėjams aiškiu ir lengvai suprantamu būdu ir taip, kad nekiltų nesusipratimų ar nebūtų klaidinančių pareiškimų. Sąjungos teisės aktais dėl teisinės metrologijos, įskaitant Europos Parlamento ir Tarybos direktyvas 2014/31/ES (35) ir 2014/32/ES (36), siekiama užtikrinti matavimų tikslumą ir padėti užtikrinti komercinių sandorių skaidrumą ir sąžiningumą. Atsižvelgdama į tai, Komisija, bendradarbiaudama su atitinkamais suinteresuotaisiais subjektais ir organizacijomis, pavyzdžiui, metrologijos ir lyginamosios analizės institucijomis, turėtų atitinkamai skatinti rengti DI sistemų lyginamuosius parametrus ir matavimo metodikas. Tai darydama Komisija turėtų atsižvelgti į tarptautinius partnerius, dirbančius metrologijos ir atitinkamų su DI susijusių matavimo rodiklių srityje, ir su jais bendradarbiauti;
(74)
Ba cheart do chórais intleachta saorga ardriosca feidhmiú go comhsheasmhach ar feadh a saolré agus leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a bhaint amach, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh agus i gcomhréir leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne. Moltar don Choimisiún agus d’eagraíochtaí agus geallsealbhóirí ábhartha aird chuí a thabhairt ar mhaolú rioscaí agus ar thionchair dhiúltacha an chórais intleachta saorga. Ba cheart an leibhéal méadrachtaí feidhmíochta a bhfuiltear ag súil leis a dhearbhú sna treoracha úsáide a ghabhann leis. Iarrtar ar sholáthraithe an fhaisnéis sin a chur in iúl d’úsáideoirí gairmiúla ar bhealach soiléir sothuigthe a bheidh saor ó mhíthuiscintí nó ó ráitis mhíthreoracha. Is é is aidhm do dhlí an Aontais maidir leis an méadreolaíocht dhlíthiúil, lena n-áirítear Treoracha 2014/31/AE (35) agus 2014/32/AE (36) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, cruinneas na dtomhas a áirithiú agus cuidiú le trédhearcacht agus cothroime idirbheart tráchtála. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún, agus é ag obair i gcomhar le geallsealbhóirí agus eagraíochtaí ábhartha, amhail údaráis mhéadreolaíochta agus tagarmharcála, ba cheart don Choimisiún a mholadh go bhforbrófaí, de réir mar is iomchuí, tagarmharcanna agus modheolaíochtaí tomhais le haghaidh córais intleachta saorga. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart don Choimisiún comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ag obair ar an méadreolaíocht agus ar tháscairí tomhais ábhartha a bhaineann leis an intleacht shaorga a thabhairt dá aire agus comhoibriú leo.
(75)
techninis patvarumas yra pagrindinis didelės rizikos DI sistemoms keliamas reikalavimas. Jos turėtų būti atsparios žalingam ar kitokiam nepageidaujamam elgesiui, kurį gali lemti sistemų ar aplinkos, kurioje tos sistemos veikia, ribotumai (pvz., klaidos, gedimai, nenuoseklumas, netikėtos situacijos). Todėl reikėtų imtis techninių ir organizacinių priemonių, kad būtų užtikrintas didelės rizikos DI sistemų patvarumas, pavyzdžiui, projektuojant ir kuriant tinkamus techninius sprendimus, kad būtų užkirstas kelias žalingam ar kitokiam nepageidaujamam elgesiui arba kad toks elgesys būtų kuo labiau neutralizuojamas. Tie techniniai sprendimai gali apimti, pavyzdžiui, mechanizmus, leidžiančius sistemai saugiai nutraukti savo veikimą (atsparumo gedimams planai) esant tam tikroms anomalijoms arba kai veikimas vyksta už tam tikrų iš anksto nustatytų ribų. Nesugebėjimas apsisaugoti nuo šios rizikos galėtų sukelti pasekmių saugumui arba daryti neigiamą poveikį pagrindinėms teisėms, pavyzdžiui, dėl klaidingų sprendimų arba neteisingų ar šališkų DI sistemos sugeneruotų išvedinių;
(75)
Is ceanglas bunriachtanach é stóinseacht theicniúil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart dóibh a bheith athléimneach i ndáil le hiompraíocht dhíobhálach nó neamh-inmhianaithe ar shlí eile a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar shrianta laistigh de na córais nó den timpeallacht ina n-oibríonn na córais (e.g. earráidí, lochtanna, neamhréireachtaí, cásanna nach raibh coinne leo). Dá bhrí sin, ba cheart bearta teicniúla agus bearta eagraíochtúla a dhéanamh chun stóinseacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a áirithiú, mar shampla trí réitigh theicniúla iomchuí a dhearadh agus a fhorbairt chun iompraíocht atá díobhálach nó atá neamh-inmhianaithe ar bhealach eile a chosc nó a íoslaghdú. D’fhéadfaí a áireamh ar na réitigh theicniúla sin, mar shampla, sásraí a chuireann ar chumas an chórais briseadh isteach go sábháilte ar a oibríocht (pleananna ‘slán i gcás teipe’) más ann d’aimhrialtachtaí áirithe nó nuair a sháraíonn an oibríocht teorainneacha réamhchinntithe áirithe. D’fhéadfadh sé go mbeadh tionchair ar an tsábháilteacht nó go mbeadh éifeachtaí diúltacha ar chearta bunúsacha mar thoradh ar mhainneachtain na rioscaí sin a chosaint, mar shampla, de bharr cinntí earráideacha nó aschuir mhíchearta nó chlaonta a ghin an córas intleachta saorga.
(76)
kibernetinis saugumas atlieka esminį vaidmenį užtikrinant, kad DI sistemos būtų atsparios bandymams pakeisti jų naudojimą, elgseną, veikimo efektyvumą arba pažeisti jų saugumo funkcijas, kai trečiosios šalys imasi kenkėjiškų veiksmų sistemos pažeidžiamumui išnaudoti. Kibernetiniai išpuoliai prieš DI sistemas gali turėti įtakos konkretiems DI ištekliams, pavyzdžiui, mokymo duomenų rinkiniams (pvz., duomenų užkrėtimas) arba išmokytiems modeliams (pvz., priešiški trukdžiai arba priklausymo inferencija), arba gali būti išnaudojamas DI sistemos skaitmeninio turto arba pagrindinės IRT infrastruktūros pažeidžiamumas. Todėl didelės rizikos DI sistemų tiekėjai, siekdami užtikrinti tokį kibernetinio saugumo lygį, kuris atitiktų riziką, turėtų imtis tinkamų priemonių, pavyzdžiui, saugumo kontrolės, taip pat tinkamai atsižvelgdami į pagrindinę IRT infrastruktūrą;
(76)
Tá ról ríthábhachtach ag an gcibearshlándáil chun a áirithiú go bhfuil na córais intleachta saorga athléimneach in aghaidh iarrachtaí a dhéanfadh tríú páirtithe mailíseacha úsáid, iompraíocht nó feidhmíocht na gcóras a athrú nó cur isteach ar a n-airíonna slándála agus leochaileachtaí an chórais á saothrú acu. Féadfaidh cibirionsaithe in aghaidh córais intleachta saorga sócmhainní sonracha intleachta saorga a ghiaráil, amhail tacair sonraí oiliúna (e.g. nimhiú sonraí) nó samhlacha oilte (e.g. ionsaithe sáraíochta nó infeireas ballraíochta), nó leochaileachtaí a shaothrú i sócmhainní digiteacha an chórais nó ina bhonneagar foluiteach TFC. Chun leibhéal cibearshlándála atá i gcomhréir leis na rioscaí a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca bearta oiriúnacha a dhéanamh, amhail rialuithe slándála, agus an bonneagar foluiteach TFC á cur san áireamh freisin de réir mar is iomchuí.
(77)
nedarant poveikio šiame reglamente nustatytiems reikalavimams dėl patvarumo ir tikslumo, į Europos Parlamento ir Tarybos reglamento dėl horizontaliųjų kibernetinio saugumo reikalavimų, keliamų skaitmeninių elementų turintiems produktams taikymo sritį patenkančių didelės rizikos DI sistemų atitiktis to reglamento kibernetinio saugumo reikalavimams pagal tą reglamentą gali būti įrodoma patenkinant tame reglamente išdėstytus esminius kibernetinio saugumo reikalavimus. Jei didelės rizikos DI sistemos tenkina esminius Europos Parlamento ir Tarybos reglamento dėl horizontaliųjų kibernetinio saugumo reikalavimų, keliamų skaitmeninių elementų turintiems produktams reikalavimus, jos turėtų būti laikomos atitinkančiomis šiame reglamente išdėstytus kibernetinio saugumo reikalavimus, jei tų reikalavimų laikymasis nurodytas pagal reglamentą išduodamoje ES atitikties deklaracijoje ar jos dalyse. Tuo tikslu atliekant kibernetinio saugumo rizikos, susijusios su skaitmeninių elementų turinčiu produktu, pagal šį reglamentą priskiriamu prie didelės rizikos DI sistemų, vertinimą pagal Europos Parlamento ir Tarybos reglamentą dėl horizontaliųjų kibernetinio saugumo reikalavimų, keliamų skaitmeninių elementų turintiems produktams urėtų būti atsižvelgiama į riziką DI sistemos kibernetiniam atsparumui, kiek tai susiję su leidimo neturinčių trečiųjų šalių bandymais pakeisti jos naudojimo paskirtį, elgseną ar veikimo efektyvumą, įskaitant DI būdingą pažeidžiamumą, pavyzdžiui, duomenų užkrėtimą arba priešiškus trukdžius, taip pat, kai aktualu, riziką pagrindinėms teisėms, kaip reikalaujama pagal šį reglamentą;
(77)
Gan dochar do na ceanglais a bhaineann le stóinseacht agus cruinneas a leagtar amach sa Rialachán seo, maidir le córais intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, i gcomhréir leis an rialachán sin, féadfaidh siad comhlíonadh cheanglais chibearshlándála an Rialacháin seo a léiriú trí chomhlíonadh na gceanglas cibearshlándála fíor-riachtanach a leagtar amach sa rialachán sin. Nuair a chomhlíonann córais intleachta saorga ardriosca ceanglais fhíor-riachtanacha rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart a mheas go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach sa Rialachán seo a mhéid a léirítear gur baineadh amach na ceanglais sin sa dearbhú AE arna eisiúint faoin rialachán sin. maidir le comhréireacht an chórais nó i gcodanna den dearbhú sin. Chuige sin, sa mheasúnú ar na rioscaí cibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha atá aicmithe, de réir an Rialacháin seo, mar chóras intleachta saorga ardriosca, ar measúnú é a dhéantar faoi rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha, ba cheart rioscaí do chibear-athléimneacht córais intleachta saorga a mheas a mhéid a bhaineann le hiarrachtaí arna ndéanamh ag tríú páirtithe neamhúdaraithe úsáid, iompraíocht nó feidhmíocht an chórais a athrú, lena n-áirítear leochaileachtaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga amhail nimhiú sonraí nó ionsaithe sáraíochta, chomh maith le, de réir mar is ábhartha, rioscaí do chearta bunúsacha mar a cheanglaítear leis an Rialachán seo.
(78)
šiame reglamente numatyta atitikties vertinimo procedūra turėtų būti taikoma vertinant skaitmeninių elementų turinčio produkto, kuriam taikomas Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas dėl horizontaliųjų kibernetinio saugumo reikalavimų, keliamų skaitmeninių elementų turintiems produktams ir kuris pagal šį reglamentą priskiriamas prie didelės rizikos DI sistemų, esminius kibernetinio saugumo reikalavimus. Tačiau dėl šios taisyklės neturėtų sumažėti būtinas skaitmeninių elementų turinčių ypatingos svarbos produktų, kuriems taikomas Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas dėl horizontaliųjų kibernetinio saugumo reikalavimų, keliamų skaitmeninių elementų turintiems produktams, saugumo užtikrinimo lygis. Todėl, nukrypstant nuo šios taisyklės, didelės rizikos DI sistemoms, kurioms taikomas šis reglamentas ir kurios pagal Europos Parlamento ir Tarybos reglamentą dėl horizontaliųjų kibernetinio saugumo reikalavimų, keliamų skaitmeninių elementų turintiems produktams taip pat laikomos svarbiais ir skaitmeninių elementų turinčiais ypatingos svarbos produktais ir kurioms taikoma šio reglamento priede nurodyta vidaus kontrole grindžiama atitikties vertinimo procedūra, taikomos Europos Parlamento ir Tarybos reglamento dėl horizontaliųjų kibernetinio saugumo reikalavimų, keliamų skaitmeninių elementų turintiems produktams atitikties vertinimo nuostatos, kiek tai susiję su esminiais to reglamento kibernetinio saugumo reikalavimais. Šiuo atveju visų kitų aspektų, kuriems taikomas šis reglamentas, atžvilgiu turėtų būti taikomos atitinkamos šio reglamento priede išdėstytos nuostatos dėl vidaus kontrole grindžiamo atitikties vertinimo. Remdamasi ENISA žiniomis ir patirtimi, kiek tai susiję su kibernetinio saugumo politika ir užduotimis, ENISA pavestomis pagal Europos Parlamento ir Tarybos reglamentą (ES) 2019/881 (37), Komisija turėtų bendradarbiauti su ENISA kibernetinio saugumo klausimais, susijusiais su DI sistemomis;
(78)
Ba cheart feidhm a bheith ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chibearshlándála a bhaineann le táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus atá aicmithe mar chóras intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán seo. Níor cheart, áfach, laghdú ar an leibhéal dearbhaithe is gá le haghaidh táirgí criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha a chumhdaítear le rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bheith mar thoradh ar an riail sin. Dá bhrí sin, de mhaolú ar an riail sin, maidir le córais intleachta saorga ardriosca a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus atá cáilithe freisin mar tháirgí tábhachtacha criticiúla ag a bhfuil eilimintí digiteacha de bhun rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha agus a bhfuil feidhm ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach maidir leo a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, tá siad faoi réir forálacha measúnaithe comhréireachta de rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais chothrománacha chibearshlándála le haghaidh táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a mhéid a bhaineann le ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha an rialacháin sin. Sa chás sin, maidir leis na gnéithe eile go léir a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha ábhartha maidir le measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. Agus an t-eolas agus an saineolas atá ag ENISA maidir leis an mbeartas cibearshlándála agus na cúraimí cibearshlándála a shanntar dó faoi Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (37), á chur san áireamh, ba cheart don Choimisiún comhoibriú le ENISA maidir le saincheisteanna a bhaineann le cibearshlándáil na gcóras intleachta saorga.
(79)
tikslinga nustatyti, kad konkretus fizinis arba juridinis asmuo, kuris apibrėžiamas kaip tiekėjas, prisiimtų atsakomybę už didelės rizikos DI sistemos pateikimą rinkai arba pradėjimą naudoti, neatsižvelgiant į tai, ar tas fizinis arba juridinis asmuo yra sistemą suprojektavęs ar sukūręs asmuo;
(79)
Is iomchuí go nglacfadh duine sonrach nádúrtha nó dlítheanach, atá sainmhínithe mar an soláthraí, freagracht maidir le córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse, gan beann ar cé acu is é an soláthraí sin an duine nádúrtha nó dlítheanach an córas a dhearadh nó a fhorbairt nó nach ea.
(80)
Sąjunga ir valstybės narės, kaip Jungtinių Tautų neįgaliųjų teisių konvenciją pasirašiusios šalys, yra teisiškai įpareigotos saugoti asmenis su negalia nuo diskriminacijos ir skatinti jų lygybę, užtikrinti asmenims su neįgalia lygiai su kitais asmenimis informacijos ir ryšių technologijų ir sistemų prieinamumą ir užtikrinti pagarbą asmenų su negalia privatumui. Atsižvelgiant į tai, kad DI sistemos tampa vis svarbesnės ir yra naudojamos vis daugiau, taikant universalumo principus visoms naujoms technologijoms ir paslaugoms turėtų būti užtikrintas visapusiškas ir vienodas prieinamumas visiems, kuriuos gali paveikti DI technologijos arba kurie jomis naudojasi, įskaitant asmenis su negalia, visapusiškai atsižvelgiant į jų prigimtinį orumą ir įvairovę. Todėl labai svarbu, kad tiekėjai užtikrintų visapusišką atitiktį prieinamumo reikalavimams, įskaitant Europos Parlamento ir Tarybos direktyvą (ES) 2016/2102 (38) ir Direktyvą (ES) 2019/882. Tiekėjai turėtų užtikrinti, kad šių reikalavimų būtų laikomasi viso ciklo metu. Todėl būtinos priemonės turėtų būti kuo labiau integruotos jau projektuojant didelės rizikos DI sistemą;
(80)
Agus síniú curtha acu le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, tá oibleagáid dhlíthiúil ar an Aontas agus ar na Ballstáit daoine faoi mhíchumas a chosaint ar idirdhealú agus a gcomhionannas a chur chun cinn, chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas, ar bhonn comhionann le daoine eile, ar theicneolaíochtaí agus córais faisnéise agus cumarsáide, agus chun a áirithiú go n-urramófar príobháideachas do dhaoine faoi mhíchumas. I bhfianaise thábhacht agus úsáid mhéadaitheach na gcóras intleachta saorga, le cur i bhfeidhm phrionsabail an deartha uilíoch maidir le gach teicneolaíocht agus seirbhís nua, ba cheart rochtain iomlán chothrom a áirithiú do gach duine a bhféadfadh teicneolaíochtaí intleachta saorga difear a dhéanamh dóibh nó a úsáideann teicneolaíochtaí intleachta saorga, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas, ar bhealach ina gcuirtear a ndínit bhunúsach agus a n-éagsúlacht bhunúsach san áireamh go hiomlán. Tá sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, go n-áiritheoidh soláthraithe go gcomhlíonfaidh siad go hiomlán na ceanglais inrochtaineachta, lena n-áirítear Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (38) agus Treoir (AE) 2019/882. Ba cheart do sholáthraithe comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú trí dhearadh. Dá bhrí sin, ba cheart na bearta is gá a chomhtháthú a mhéid is féidir i ndearadh an chórais intleachta saorga ardriosca.
(81)
tiekėjas turėtų nustatyti patikimą kokybės valdymo sistemą, užtikrinti, kad būtų įgyvendinta reikalaujama atitikties vertinimo procedūra, parengti atitinkamą dokumentaciją ir nustatyti patikimą stebėsenos po pateikimo rinkai sistemą. Didelės rizikos DI sistemų, dėl kurių pagal atitinkamą sektoriaus Sąjungos teisės aktą taikomos su kokybės valdymo sistemomis susijusios pareigos, tiekėjai turėtų turėti galimybę šiame reglamente numatytos kokybės valdymo sistemos elementus įtraukti į esamą kokybės valdymo sistemą, numatytą tame kitame sektoriaus Sąjungos teisės akte. Būsimoje standartizacijos veikloje arba Komisijos priimamose gairėse taip pat turėtų būti atsižvelgiama į šio reglamento ir esamų sektoriaus Sąjungos teisės aktų papildomumą. Valdžios institucijos, kurios pradėjo naudoti didelės rizikos DI sistemas savo reikmėms, atsižvelgdamos į sektoriaus specifiką ir atitinkamos valdžios institucijos kompetenciją ir organizacijos struktūrą, gali priimti ir įgyvendinti kokybės valdymo sistemos taisykles, kurios yra atitinkamai nacionaliniu arba regioniniu lygmeniu nustatytos kokybės valdymo sistemos dalis;
(81)
Ba cheart don soláthraí córas bainistíochta cáilíochta fónta a bhunú, a áirithiú go gcomhlíontar an nós imeachta um measúnú comhréireachta is gá, an doiciméadacht ábhartha a tharraingt suas agus córas faireacháin iarmhargaidh stóinseach a bhunú. Ba cheart an deis a bheith ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca atá faoi réir oibleagáidí maidir le córais bainistíochta cáilíochta faoi dhlí earnálach ábhartha an Aontais, ba cheart an deis a bheith acu eilimintí den chóras bainistíochta cáilíochta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a áireamh mar chuid den chóras bainistíochta cáilíochta atá ann cheana dá bhforáiltear sa dlí earnálach eile sin de chuid an Aontais. Ba cheart an chomhlántacht idir an Rialachán seo agus dlí earnálach an Aontais atá ann cheana a chur san áireamh freisin i ngníomhaíochtaí caighdeánaithe nó i dtreoraíocht a ghlacfaidh an Coimisiún amach anseo. Féadfaidh na húdaráis phoiblí a chuireann córais intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse le haghaidh a n-úsáide féin na rialacha maidir leis an gcóras bainistíochta cáilíochta a ghlacadh agus a chur chun feidhme mar chuid den chóras bainistíochta cáilíochta arna ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó réigiúnach, de réir mar is iomchuí, agus sainiúlachtaí na hearnála agus inniúlachtaí agus eagrú an údaráis phoiblí lena mbaineann á gcur san áireamh.
(82)
siekiant sudaryti sąlygas šio reglamento vykdymo užtikrinimui ir sukurti vienodas sąlygas veiklos vykdytojams, taip pat atsižvelgiant į įvairias skaitmeninių gaminių tiekimo formas, svarbu užtikrinti, kad Sąjungoje įsisteigęs asmuo visomis aplinkybėmis galėtų institucijoms pateikti visą būtiną informaciją apie DI sistemos atitiktį. Todėl prieš pateikdami savo DI sistemas Sąjungoje, trečiosiose valstybėse įsisteigę tiekėjai rašytiniu įgaliojimu turėtų paskirti Sąjungoje įsisteigusį įgaliotąjį atstovą. Šis įgaliotasis atstovas atlieka pagrindinį vaidmenį užtikrinant didelės rizikos DI sistemų, kurias tie ne Sąjungoje įsisteigę tiekėjai jau pateikė rinkai arba kurios jau pradėtos naudoti Sąjungoje, atitiktį ir yra tų tiekėjų Sąjungoje įsisteigęs kontaktinis asmuo;
(82)
Chun gur féidir an Rialachán seo a fhorfheidhmiú agus chun cothrom na Féinne a chruthú le haghaidh oibreoirí, agus, ag cur san áireamh na bhfoirmeacha éagsúla chun táirgí digiteacha a chur ar fáil, tá sé tábhachtach a áirithiú, i ngach cás, gur féidir le duine atá bunaithe san Aontas an fhaisnéis uile is gá a sholáthar do na húdaráis maidir le comhlíontacht an chórais intleachta saorga. Dá bhrí sin, sula gcuirfidh siad a gcórais intleachta saorga ar fáil san Aontas, ba cheart soláthraithe atá bunaithe i dtríú tíortha ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas a ainmniú, trí shainordú i scríbhinn. Tá ról ríthábhachtach ag an ionadaí údaraithe maidir le comhlíontacht a áirithiú i gcás na gcóras intleachta saorga ardriosca a chuireann na soláthraithe sin nach bhfuil bunaithe san Aontas ar an margadh nó i mbun seirbhíse san Aontas agus maidir le fónamh mar dhuine teagmhála atá bunaithe san Aontas.
(83)
atsižvelgiant į DI sistemų vertės grandinės pobūdį ir sudėtingumą ir laikantis naujosios teisės aktų sistemos, labai svarbu užtikrinti teisinį tikrumą ir sudaryti palankesnes sąlygas laikytis šio reglamento. Todėl būtina paaiškinti atitinkamų veiklos vykdytojų toje vertės grandinėje, pavyzdžiui, importuotojų ir platintojų, kurie gali prisidėti prie DI sistemų plėtojimo, vaidmenį ir konkrečias pareigas. Tam tikrais atvejais tie veiklos vykdytojai galėtų vienu metu atlikti daugiau nei vieną funkciją ir todėl turėtų bendrai vykdyti visas atitinkamas pareigas, susijusias su tomis funkcijomis. Pavyzdžiui, veiklos vykdytojas tuo pačiu metu galėtų veikti kaip platintojas ir kaip importuotojas;
(83)
I bhfianaise chineál agus chastacht an tslabhra luacha le haghaidh córais intleachta saorga agus i gcomhréir leis an gCreat Reachtach Nua, tá sé ríthábhachtach deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú agus comhlíonadh an Rialacháin seo a éascú. Dá bhrí sin, is gá ról agus oibleagáidí sonracha na n-oibreoirí ábhartha feadh an tslabhra luacha sin a shoiléiriú, amhail allmhaireoirí agus dáileoirí a d’fhéadfadh rannchuidiú le forbairt na gcóras intleachta saorga. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh na hoibreoirí sin gníomhú i níos mó ná ról amháin ag an am céanna agus, dá bhrí sin, ba cheart dóibh na hoibleagáidí ábhartha uile a bhaineann leis na róil sin a chomhlíonadh go carnach. Mar shampla, d’fhéadfadh oibreoir gníomhú mar dháileoir agus mar allmhaireoir ag an am céanna.
(84)
siekiant užtikrinti teisinį tikrumą, būtina paaiškinti, kad tam tikromis konkrečiomis sąlygomis bet kuris platintojas, importuotojas, diegėjas ar kita trečioji šalis turėtų būti laikomas didelės rizikos DI sistemos tiekėju ir todėl turėtų prisiimti visas atitinkamas pareigas. Taip būtų tuo atveju, jei ta šalis savo pavadinimą arba prekės ženklą suteiktų jau pateiktai rinkai arba pradėtai naudoti didelės rizikos DI sistemai, nedarant poveikio sutartiniams susitarimams, kuriuose nustatyta, kad pareigos paskirstomos kitaip. Taip būtų ir tuo atveju, jeigu ta šalis iš esmės pakeičia didelės rizikos DI sistemą, kuri jau pateikta rinkai arba pradėta naudoti, taip, kad ji lieka didelės rizikos DI sistema pagal šį reglamentą, arba jeigu ji pakeičia DI sistemos, įskaitant bendrosios paskirties DI sistemą, kuri nebuvo priskiriama didelės rizikos sistemoms ir jau buvo pateikta rinkai arba pradėta naudoti, numatytąją paskirtį taip, kad DI sistema tampa didelės rizikos DI sistema pagal šį reglamentą. Tos nuostatos turėtų būti taikomos nedarant poveikio konkretesnėms nuostatoms, nustatytoms tam tikruose Sąjungos derinamuosiuose teisės aktuose remiantis naująja teisės aktų sistema, su kuriais šis reglamentas turėtų būti taikomas kartu. Pavyzdžiui, Reglamento (ES) 2017/745 16 straipsnio 2 dalis, kuria nustatoma, kad tam tikri pakeitimai neturėtų būti laikomi priemonės pakeitimais, galinčiais turėti įtakos jo atitikčiai taikytiniems reikalavimams, turėtų būti toliau taikoma didelės rizikos DI sistemoms, kurios yra medicinos priemonės, kaip tai suprantama tame reglamente;
(84)
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is gá a shoiléiriú gur cheart, faoi choinníollacha sonracha áirithe, aon duine ar dáileoir, allmhaireoir, úsáideoir gairmiúil nó tríú páirtí eile é a mheas mar sholáthraí córais intleachta saorga ardriosca agus, dá bhrí sin, ba cheart dó na hoibleagáidí ábhartha uile a ghlacadh chuige féin. B’amhlaidh an cás dá gcuirfeadh an páirtí sin a ainm nó a thrádmharc ar chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana féin, gan dochar do shocruithe conarthacha lena sonraítear go leithdháiltear na hoibleagáidí ar bhealach eile. Bheadh sé sin amhlaidh freisin dá ndéanfadh an páirtí sin modhnú substaintiúil ar chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh cheana féin nó a cuireadh i mbun seirbhíse cheana féin ar bhealach a fhágann go bhfuil sé fós ina chóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó dá modhnódh sé an cuspóir atá beartaithe do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, nár aicmíodh mar chóras ardriosca agus a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana féin, ar bhealach ina ndéanfaí córas ardriosca den chóras sin i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin gan dochar d’fhorálacha níos sonraí arna mbunú i gcuid áirithe de reachtaíocht an Aontais maidir le comhchuibhiú atá bunaithe ar an gCreat Nua Reachtach, ar in éineacht leo ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo. Mar shampla, bunaítear le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) 2017/745 nár cheart a mheas, maidir le hathruithe áirithe, gur modhnuithe ar fheiste a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh na gceanglas is infheidhme na hathruithe sin, agus ba cheart feidhm a bheith ag an Airteagal sin fós maidir le córais intleachta saorga ardriosca ar feistí leighis iad de réir bhrí an Rialacháin sin.
(85)
bendrosios paskirties DI sistemos pačios gali būti naudojamos kaip didelės rizikos DI sistemos arba gali būti kitų didelės rizikos DI sistemų komponentai. Taigi, dėl ypatingo tų sistemų pobūdžio ir siekiant užtikrinti teisingą pasidalijimą atsakomybe DI vertės grandinėje, tokių bendrosios paskirties sistemų tiekėjai, nepriklausomai nuo to, ar kiti tiekėjai gali naudoti jas kaip didelės rizikos DI sistemas ar jos gali būti naudojamos kaip didelės rizikos DI sistemų komponentai ir jei šiame reglamente nenurodyta kitaip, turėtų glaudžiai bendradarbiauti su atitinkamų didelės rizikos DI sistemų tiekėjais, kad pastarieji galėtų vykdyti atitinkamas pareigas pagal šį reglamentą, ir su pagal šį reglamentą nustatytomis kompetentingomis institucijomis;
(85)
Féadfar córais intleachta saorga ilchuspóireacha a úsáid mar chórais intleachta saorga ardriosca leo féin nó mar chomhpháirteanna de chórais intleachta saorga ardriosca eile. Dá bhrí sin, mar gheall ar a gcineál ar leith agus chun comhroinnt chothrom na bhfreagrachtaí feadh an tslabhra luacha intleachta saorga a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe na gcóras sin, gan beann ar cé acu is mar chórais ardriosca nó is mar chomhpháirteanna de chórais intleachta saorga ardriosca a d’fhéadfadh soláthraithe eile iad a úsáid, agus mura bhforáiltear a mhalairt faoin Rialachán seo, ba cheart dóibh comhoibriú go dlúth le soláthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca ábhartha chun gur féidir leo na hoibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo a chomhlíonadh agus leis na húdaráis inniúla arna mbunú faoin Rialachán seo.
(86)
jeigu šiame reglamente nustatytomis sąlygomis tiekėjas, kuris iš pradžių pateikė DI sistemą rinkai arba pradėjo ją naudoti, šio reglamento tikslais nebeturėtų toliau būti laikomas tiekėju, ir jeigu tas tiekėjas aiškiai neatmetė galimybės DI sistemą pakeisti didelės rizikos DI sistema, šis buvęs tiekėjas vis tiek turėtų glaudžiai bendradarbiauti ir teikti būtiną informaciją, taip pat suteikti pagrįstai tikėtiną techninę prieigą ir kitą pagalbą, kurių reikia norint įvykdyti šiame reglamente nustatytas pareigas, visų pirma kiek tai susiję su didelės rizikos DI sistemų atitikties vertinimo reikalavimų laikymusi;
(86)
I gcás, faoi na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, nár cheart an soláthraí a chéadchuir an córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse a mheas a thuilleadh mar an soláthraí chun críocha an Rialacháin seo, agus i gcás nach bhfuil eisiata go sainráite ag an soláthraí sin go n-iompófaí an córas intleachta saorga ina chóras intleachta saorga ardriosca, mar sin féin, ba cheart don soláthraí mar a bhí comhoibriú go dlúth agus an fhaisnéis is gá a chur ar fáil agus an rochtain theicniúil agus an cúnamh eile a sholáthar a bhfuiltear ag súil léi go réasúnta agus is gá chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an measúnú comhréireachta ar chórais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh.
(87)
be to, jeigu didelės rizikos DI sistema, kuri yra gaminio, kuriam taikomi Sąjungos derinamieji teisės aktai remiantis naująja teisės aktų sistema, saugos komponentas, rinkai nepateikiama arba nepradedama naudoti atskirai nuo gaminio, gaminio gamintojas, apibrėžtas tuose teisės aktuose, turėtų laikytis šiame reglamente tiekėjui nustatytų pareigų, ir visų pirma turėtų užtikrinti, kad galutiniame gaminyje įterpta DI sistema atitiktų šio reglamento reikalavimus;
(87)
Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil córas intleachta saorga ardriosca ina chomhpháirt sábháilteachta de tháirge a chumhdaítear faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua agus nach gcuirtear an córas sin ar an margadh ná i mbun seirbhíse go neamhspleách ar an táirge, ba cheart do mhonaróir an táirge, mar a shainmhínítear sa reachtaíocht sin, oibleagáidí an tsoláthraí a bhunaítear sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus ba cheart dó a áirithiú, go háirithe, go gcomhlíonann an córas intleachta saorga, atá leabaithe sa táirge deiridh, ceanglais an Rialacháin seo.
(88)
DI vertės grandinėje daugybė šalių dažnai tiekia DI sistemas ir priemones ir teikia DI paslaugas, taip pat tiekia komponentus ar procesus, kuriuos tiekėjas įtraukia į DI sistemą įvairiais tikslais, be kita ko, kiek tai susiję su modelių mokymu, modelių mokymu iš naujo, modelių bandymu ir vertinimu, integravimu į programinę įrangą ar kitais modelių kūrimo aspektais. Toms šalims vertės grandinėje tenka svarbus vaidmuo didelės rizikos DI sistemos, į kurią yra integruotos jų DI sistemos, priemonės, paslaugos, komponentai ar procesai, tiekėjo atžvilgiu ir jos turėtų rašytiniu susitarimu šiam tiekėjui teikti būtiną informaciją, pajėgumus, techninę prieigą ir kitą pagalbą, grindžiamą visuotinai pripažintais pažangiausiais metodais, kad tiekėjas galėtų visapusiškai vykdyti šiame reglamente nustatytas pareigas, nepakenkdamas savo intelektinės nuosavybės teisėms ar komercinėms paslaptims;
(88)
Feadh an luachshlabhra intleachta saorga, is minic eintitis iomadúla ann a sholáthraíonn córais, uirlisí agus seirbhísí intleachta saorga ach freisin comhpháirteanna nó próisis a chorpraíonn an soláthraí sa chóras intleachta saorga agus cuspóirí éagsúla aige, lena n-áirítear oiliúint samhla, athoiliúint samhla, tástáil agus meastóireacht samhla, comhtháthú le bogearraí, nó gnéithe eile d’fhorbairt samhla. Tá ról tábhachtach ag na páirtithe sin sa slabhra luacha i leith sholáthraí an chórais intleachta saorga ardriosca ina ndéantar a gcórais, a n-uirlisí, a seirbhísí, a gcomhpháirteanna nó a bpróisis intleachta saorga a chomhtháthú, agus ba cheart dóibh, trí chomhaontú i scríbhinn, an fhaisnéis, na cumais, an rochtain theicniúil agus an cúnamh eile is gá a sholáthar don soláthraí sin bunaithe ar an úrscothacht a aithnítear i gcoitinne, chun a chur ar chumas an tsoláthraí sin na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán, gan baint dá gcearta maoine intleachtúla ná dá rúin trádála féin.
(89)
trečiosios šalys, viešam naudojimui tiekiančios priemones, teikiančios paslaugas, tiekiančios procesus ar DI komponentus, išskyrus bendrosios paskirties DI modelius, neturėtų būti įpareigotos laikytis reikalavimų, susijusių su atsakomybe visoje DI vertės grandinėje, visų pirma tiekėjo, kuris juos naudojo arba integravo, atžvilgiu, kai tos priemonės, paslaugos, procesai ar DI komponentai padaromi prieinamais pagal nemokamą ir atvirojo kodo licenciją. Tačiau nemokamų ir atvirojo kodo priemonių, paslaugų, procesų ar DI komponentų, išskyrus bendrosios paskirties DI modelius, kūrėjai turėtų būti skatinami įsivesti plačiai taikomą dokumentavimo praktiką, pvz., modelių korteles ir duomenų lapus – tokiu būdu būtų sparčiau dalijamasi informacija DI vertės grandinėje ir sudaromos sąlygos skatinti patikimas DI sistemas Sąjungoje;
(89)
Maidir le tríú páirtithe a chuireann rochtain ar fáil don phobal d’uirlisí, seirbhísí, próisis, nó comhpháirteanna intleachta saorga cé is moite de shamhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, níor cheart sainordú a bheith orthu ceanglais a chomhlíonadh lena ndírítear ar na freagrachtaí feadh an tslabhra luacha intleachta saorga, go háirithe na cinn a dhírítear ar an soláthraí a d’úsáid nó a chomhtháthaigh na huirlisí, na seirbhísí, na próisis nó na comhpháirteanna intleachta saorga sin, i gcás ina gcuirfear ar fáil faoi cheadúnas saor agus oscailte iad. Mar sin féin, ba cheart forbróirí uirlisí, seirbhísí, próiseas nó comhpháirteanna intleachta saorga atá saor agus ar nithe foinse oscailte iad ach nach samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha iad, ba cheart na forbróirí sin a spreagadh chun cleachtais doiciméadachta a bhfuil glacadh forleathan leo a chur chun feidhme, amhail cártaí samhla agus bileoga sonraí, mar bhealach chun dlús a chur le comhroinnt faisnéise feadh an tslabhra luacha intleachta saorga, rud a cheadódh cur chun cinn na gcóras intleachta saorga iontaofa san Aontas.
(90)
tam, kad palengvintų bendradarbiavimą vertės grandinėje, Komisija galėtų parengti ir rekomenduoti neprivalomas pavyzdines sutarčių tarp didelės rizikos DI sistemų tiekėjų ir trečiųjų šalių, tiekiančių priemones, teikiančių paslaugas, tiekiančių komponentus ar procesus, kurie naudojami didelės rizikos DI sistemoms arba yra į jas integruoti, sąlygas. Rengdama neprivalomas pavyzdines sutarčių sąlygas, Komisija taip pat turėtų atsižvelgti į galimus sutartinius reikalavimus, taikomus konkretiems sektoriams ar verslo atvejams;
(90)
D’fhéadfadh an Coimisiún téarmaí conarthacha eiseamláireacha deonacha a fhorbairt agus a mholadh idir soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca agus tríú páirtithe a sholáthraíonn uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcórais intleachta saorga ardriosca, chun an comhar feadh an tslabhra luacha a éascú. Nuair a bheidh na téarmaí conarthacha eiseamláireacha deonacha á bhforbairt aige, ba cheart don Choimisiún ceanglais chonarthacha a chur san áireamh a d’fhéadfadh a bheith infheidhme in earnálacha sonracha nó i gcásanna gnó sonracha.
(91)
atsižvelgiant į DI sistemų pobūdį ir riziką saugumui ir pagrindinėms teisėms, kurios gali būti susijusios su jų naudojimu, be kita ko, kiek tai susiję su poreikiu užtikrinti tinkamą DI sistemos veikimo efektyvumo realiomis sąlygomis stebėseną, yra tikslinga diegėjams nustatyti konkrečias pareigas. Diegėjai visų pirma turėtų imtis tinkamų techninių ir organizacinių priemonių tam, jog užtikrintų, kad didelės rizikos DI sistemas jie naudotų laikydamiesi naudojimosi instrukcijų, be to, turėtų būti numatytos tam tikros kitos pareigos, susijusios atitinkamai su DI sistemų veikimo stebėsena ir įrašų tvarkymu. Be to, diegėjai turėtų užtikrinti, kad asmenys, paskirti įgyvendinti naudojimo instrukcijas ir atlikti žmogaus vykdomą priežiūrą, kaip nustatyta šiame reglamente, turėtų reikiamą kompetenciją, visų pirma turėti tinkamo lygio raštingumą DI srityje, būti baigus mokymus ir turėti įgaliojimus, kad galėtų tinkamai vykdyti tas užduotis. Tos pareigos neturėtų daryti poveikio kitoms diegėjų pareigoms, susijusioms su didelės rizikos DI sistemomis pagal Sąjungos ar nacionalinę teisę;
(91)
I bhfianaise chineál na gcóras intleachta saorga agus na rioscaí maidir leis an tsábháilteacht agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ag baint le húsáid na gcóras sin, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an ngá faireachán iomchuí ar fheidhmíocht córais intleachta saorga i suíomh fíorshaoil a áirithiú, is iomchuí freagrachtaí sonracha a shocrú le haghaidh úsáideoirí gairmiúla. Ba cheart, go háirithe, d’úsáideoirí gairmiúla bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go n-úsáidfidh siad na córais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na treoracha maidir le húsáid agus ba cheart a fhoráil maidir le hoibleagáidí eile a mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú na gcóras intleachta saorga agus a mhéid a bhaineann le coimeád taifead, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla a áirithiú go bhfuil an inniúlacht is gá ag na daoine a fhágtar orthu na treoracha úsáide agus formhaoirseachta daonna a chur chun feidhme mar a leagtar amach sa Rialachán seo, go háirithe leibhéal leordhóthanach litearthachta, oiliúna agus údaráis intleachta saorga chun na cúraimí sin a chomhlíonadh i gceart. Ba cheart na hoibleagáidí sin a bheith gan dochar d’oibleagáidí eile ar úsáideoirí gairmiúla i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta.
(92)
šiuo reglamentu nedaromas poveikis darbdavių pareigoms apie sprendimus pradėti naudoti arba naudoti DI sistemas informuoti darbuotojus arba jų atstovus arba juos apie tai informuoti ir su jais dėl to konsultuotis pagal Sąjungos ar nacionalinę teisę ir praktiką, įskaitant Europos Parlamento ir Tarybos direktyvą 2002/14/EB (39). Kai pagal kitas teisines priemones nustatytos sąlygos dėl tokių informavimo arba informavimo ir konsultavimosi pareigų nėra įvykdytos, vis tiek būtina užtikrinti, kad darbuotojai ir jų atstovai būtų informuojami apie planuojamą didelės rizikos DI sistemų diegimą darbo vietoje. Be to, tokia teisė į informaciją yra papildoma ir būtina siekiant tikslo apsaugoti pagrindines teises, kuriomis grindžiamas šis reglamentas. Todėl šiuo tikslu šiame reglamente turėtų būti nustatytas informavimo reikalavimas, nedarant poveikio jokioms esamoms darbuotojų teisėms;
(92)
Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí ar fhostóirí a n-oibrithe a chur ar an eolas maidir le cinntí chun córais intleachta saorga a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, nó dul i gcomhairle leo nó lena n-ionadaithe faoi sin, ar oibleagáidí iad siúd atá orthu faoi dhlí agus cleachtas an Aontais nó faoi dhlí agus cleachtas náisiúnta, lena n-áirítear Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (39). Tá sé riachtanach fós a áirithiú go gcuirfear oibrithe agus a n-ionadaithe ar an eolas maidir le cur in úsáid beartaithe córas intleachta saorga ardriosca san ionad oibre i gcás nach gcomhlíontar na coinníollacha maidir leis na hoibleagáidí faisnéise nó na hoibleagáidí faisnéise agus comhairliúcháin sin in ionstraimí dlí eile. Thairis sin, tá an ceart faisnéise sin coimhdeach agus riachtanach maidir leis an gcuspóir atá mar bhonn leis an Rialachán seo, is é sin cearta bunúsacha a chosaint. Dá bhrí sin, ba cheart ceanglas faisnéise chuige sin a leagan síos sa Rialachán seo, gan difear a dhéanamh d’aon chearta atá ag oibrithe cheana.
(93)
nors su DI sistemomis susijusi rizika gali atsirasti dėl sistemos struktūros, ji taip pat gali kilti priklausomai nuo to, kaip DI sistemos naudojamos. Todėl didelės rizikos DI sistemos diegėjai atlieka esminį vaidmenį užtikrindami pagrindinių teisių apsaugą ir taip padeda tiekėjui įvykdyti savo pareigas kuriant DI sistemą. Diegėjai geriausiai supranta, kaip konkrečiai didelės rizikos DI sistema bus naudojama, todėl gali nustatyti potencialiai reikšmingą riziką, kuri nebuvo numatyta kūrimo etape, nes jie turi tikslesnių žinių apie naudojimo kontekstą, asmenis ar jų grupes, kurioms gali būti daromas poveikis, įskaitant pažeidžiamas grupes. Šio reglamento priede išvardytų didelės rizikos DI sistemų diegėjai taip pat atlieka itin svarbų vaidmenį informuodami fizinius asmenis ir, priimdami sprendimus arba padėdami priimti su fiziniais asmenimis susijusius sprendimus, turėtų, kai taikytina, informuoti fizinius asmenis, kad jų atžvilgiu naudojama didelės rizikos DI sistema. Ši informacija turėtų apimti numatytąją paskirtį ir jos priimamų sprendimų rūšį. Diegėjas taip pat turėtų informuoti fizinius asmenis apie jų teisę gauti pagal šį reglamentą pateikiamą paaiškinimą. Kalbant apie teisėsaugos tikslais naudojamas didelės rizikos DI sistemas, ta pareiga turėtų būti įgyvendinama pagal Direktyvos (ES) 2016/680 13 straipsnį;
(93)
Cé gur féidir rioscaí a bhaineann le córais intleachta saorga a bheith ann mar thoradh ar an gcaoi a ndeartar córais den sórt sin, is féidir rioscaí a bheith ann freisin ón gcaoi a n-úsáidtear na córais intleachta saorga sin. Dá bhrí sin, tá ról ríthábhachtach ag úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca i dtaobh a áirithiú go gcosnaítear cearta bunúsacha, rud a chomhlánaíonn oibleagáidí an tsoláthraí agus an córas intleachta saorga á fhorbairt. Is fearr is féidir leis na húsáideoirí gairmiúla tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca go nithiúil agus, dá bhrí sin, is féidir leo rioscaí suntasacha a d’fhéadfadh a bheith ann nár tuaradh sa chéim forbartha a shainaithint, mar gheall ar eolas níos beaichte ar chomhthéacs na húsáide, ar na daoine nó ar na grúpaí daoine ar dócha go ndéanfar difear dóibh, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha. Tá ról ríthábhachtach acu siúd a úsáideann córais intleachta saorga ardriosca go gairmiúil agus a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo freisin maidir le daoine nádúrtha a chur ar an eolas agus ba cheart dóibh, nuair a dhéanann siad cinntí nó nuair a chuidíonn siad le cinntí a dhéanamh a bhaineann le daoine nádúrtha, i gcás inarb infheidhme, na daoine nádúrtha a chur ar an eolas go bhfuil córas intleachta saorga ardriosca á úsáid ina leith. Ba cheart a áireamh san fhaisnéis sin an chríoch atá beartaithe di agus an cineál cinntí a dhéanfaidh sí. Ba cheart don úsáideoir gairmiúil daoine nádúrtha a chur ar an eolas freisin maidir leis an gceart atá acu míniú a fháil faoin Rialachán seo. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ba cheart an oibleagáid sin a chur chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680.
(94)
bet koks biometrinių duomenų tvarkymas, susijęs su DI sistemų naudojimu biometriniam tapatybės nustatymui teisėsaugos tikslais, turi atitikti Direktyvos (ES) 2016/680 10 straipsnį, pagal kurį toks tvarkymas leidžiamas tik kai tai tikrai būtina, taikant tinkamas duomenų subjekto teisių ir laisvių apsaugos priemones ir kai tai leidžiama pagal Sąjungos ar valstybės narės teisę. Toks naudojimas, kai jis leidžiamas, taip pat turi atitikti Direktyvos (ES) 2016/680 4 straipsnio 1 dalyje nustatytus principus, įskaitant teisėtumo, sąžiningumo ir skaidrumo, tikslo apribojimo, tikslumo ir saugojimo apribojimo principus;
(94)
Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí bithmhéadracha a bhaineann le húsáid córas intleachta saorga le haghaidh sainaithint bhithmhéadrach chun críoch fhorfheidhmiú an dlí, ní mór di Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 a chomhlíonadh, ar Airteagal é nach gceadaítear leis an phróiseáil sin ach amháin i gcás ina bhfuil géarghá leis, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí an ábhair sonraí, agus i gcás ina n-údaraítear í le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit. Maidir leis an úsáid sin, nuair a údaraítear í, ní mór di na prionsabail a leagtar síos in Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2016/680 a urramú freisin, lena n-áirítear dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht, teorannú de réir cuspóra, cruinneas agus teorannú stórála.
(95)
nedarant poveikio taikytinai Sąjungos teisei, visų pirma Reglamentui (ES) 2016/679 ir Direktyvai (ES) 2016/680, atsižvelgiant į tai, kad netikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos yra intervencinės, netikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimui turėtų būti taikomos apsaugos priemonės. Netikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos visada turėtų būti naudojamos proporcingai, teisėtai ir tik tiek, kiek būtina, taigi, turėtų būti tikslinės asmenų, kurių tapatybę reikia nustatyti, vietos ir laiko aprėpties atžvilgiu ir grindžiamos uždaru teisėtai įgytos vaizdo medžiagos duomenų rinkiniu. Bet kuriuo atveju netikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos neturėtų būti naudojamos teisėsaugos srityje tokiu būdu, kad būtų vykdomas stebėjimas be jokios atrankos. Bet kuriuo atveju netikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sąlygos neturėtų sudaryti pagrindo apeiti draudimo sąlygas ir griežtas išimtis, taikomas tikralaikiam nuotoliniam biometriniam tapatybės nustatymui;
(95)
Gan dochar do dhlí an Aontais is infheidhme, go háirithe Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680, i bhfianaise chineál ionrach na gcóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha, ba cheart úsáid na gcóras sin a bheith faoi réir coimircí. Ba cheart córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha a úsáid i gcónaí ar bhealach atá comhréireach, dlisteanach agus fíor-riachtanach, agus, dá bhrí sin, ba cheart iad a dhíriú, i dtéarmaí na ndaoine aonair atá le sainaithint, ar an suíomh, ar an raon feidhme ama agus a bheith bunaithe ar thacar sonraí iata d’fhís-sleachta a fuarthas go dleathach. I gcás ar bith, níor cheart córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha a úsáid faoi chuimsiú fhorfheidhmiú an dlí ar bhealach a n-eascródh faireachas neamh-idirdhealaitheach as. I gcás ar bith, níor cheart do na coinníollacha maidir le cian-sainaithint bhithmhéadrach iar-aimseartha bunús a sholáthar chun dul timpeall ar choinníollacha an toirmisc agus ar na heisceachtaí dochta maidir le hiar-shainaithint bhithmhéadrach fíor-ama.
(96)
siekiant veiksmingai užtikrinti pagrindinių teisių apsaugą, didelės rizikos DI sistemų diegėjai, kurie yra viešosios teisės reglamentuojamos įstaigos arba viešąsias paslaugas teikiantys privatūs subjektai ir tam tikrų šio reglamento priede išvardytų didelės rizikos DI sistemų diegėjai, pavyzdžiui, bankininkystės subjektai ar draudimo įmonės, prieš pradedant tas sistemas naudoti turėtų atlikti poveikio pagrindinėms teisėms vertinimą. Žmonėms svarbias viešo pobūdžio paslaugas taip pat gali teikti privatūs subjektai. Tokias viešąsias paslaugas teikiantys privatūs veiklos vykdytojai yra siejami su viešojo intereso užduotimis, pavyzdžiui, švietimo, sveikatos priežiūros, socialinių paslaugų, būsto, teisingumo vykdymo srityse. Poveikio pagrindinėms teisėms vertinimo tikslas – kad diegėjas nustatytų konkrečią riziką asmenų ar asmenų grupių, kurie gali būti paveikti, teisėms, ir nustatytų priemones, kurių reikia imtis, jei ta rizika pasireikštų. Poveikio vertinimas turėtų būti atliekamas prieš įdiegiant didelės rizikos DI sistemą ir turėtų būti atnaujinamas, kai diegėjas mano, kad pasikeitė kuris nors svarbus veiksnys. Poveikio vertinime turėtų būti nustatyti atitinkami diegėjo procesai, kuriuos vykdant didelės rizikos DI sistema bus naudojama pagal numatytąją paskirtį, ir turėtų būti aprašytas numatomo sistemos naudojimo laikotarpis ir dažnumas, taip pat konkrečių kategorijų fiziniai asmenys ir grupės, kuriems gali būti daromas poveikis konkrečiomis naudojimo aplinkybėmis. Vertinimas taip pat turėtų apimti konkrečios žalos, kuri gali turėti įtakos tų asmenų ar grupių pagrindinėms teisėms, rizikos nustatymą. Atlikdamas šį vertinimą diegėjas turėtų atsižvelgti į informaciją, aktualią tinkamam poveikio vertinimui atlikti, įskaitant informaciją, kurią didelės rizikos DI sistemos tiekėjas pateikė naudojimo instrukcijoje, bet ja neapsiribojant. Atsižvelgdami į nustatytą riziką, diegėjai turėtų nustatyti priemones, kurių reikia imtis, jei ta rizika pasireikštų, įskaitant, pavyzdžiui, valdymo priemones tomis konkrečiomis naudojimo aplinkybėmis, pavyzdžiui, žmogaus atliekamos priežiūros, vykdomos laikantis naudojimo instrukcijų, tvarką arba skundų nagrinėjimo ir teisių gynimo procedūras, nes jos galėtų padėti sumažinti riziką pagrindinėms teisėms konkrečiais naudojimo atvejais. Atlikęs tą poveikio vertinimą diegėjas turėtų apie tai pranešti atitinkamai rinkos priežiūros institucijai. Kai tinkama, didelės rizikos DI sistemų diegėjai, ypač tų DI sistemų, kurios yra naudojamos viešajame sektoriuje, siekdami surinkti poveikio vertinimui atlikti būtiną atitinkamą informaciją, į tokių poveikio vertinimų atlikimą ir priemonių, kurių reikia imtis, jei ta rizika pasireikštų, rengimą galėtų įtraukti atitinkamus suinteresuotuosius subjektus, įskaitant asmenų, kuriems DI sistema gali daryti poveikį, grupių atstovus, nepriklausomus ekspertus ir pilietinės visuomenės organizacijas. Europos dirbtinio intelekto tarnyba (toliau – DI tarnyba) turėtų parengti klausimyno šabloną, kad būtų lengviau laikytis reikalavimų ir sumažinama diegėjams tenkanti administracinė našta;
(96)
Chun a áirithiú go héifeachtúil go gcosnófar cearta bunúsacha, ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca ar comhlachtaí iad a rialaítear leis an dlí poiblí, nó eintitis phríobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí poiblí agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca áirithe a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, amhail eintitis bhaincéireachta nó árachais, ba cheart dóibh measúnú tionchair ceart bunúsach a dhéanamh air sula mbainfear úsáid as. Féadfaidh sé gur eintitis phríobháideacha iad na heintitis a sholáthraíonn seirbhísí atá tábhachtach do dhaoine aonair agus ar de chineál poiblí iad. Is cúraimí a bhaineann le leas an phobail amhail i réimsí an oideachais, an chúraim sláinte, na seirbhísí sóisialta, na tithíochta agus riar an cheartais na cúraimí a bhíonn ar eintitis phríobháideacha a sholáthraíonn seirbhísí poiblí den sórt sin. Is é is aidhm don mheasúnú tionchair ceart bunúsach go sainaithneoidh an t-úsáideoir gairmiúil na rioscaí sonracha do chearta daoine aonair nó grúpaí daoine aonair ar dócha go ndéanfar difear dóibh agus bearta a shainaithint a bheidh le déanamh i gcás ina dtiocfaidh na rioscaí sin chun cinn. Ba cheart an measúnú tionchair a dhéanamh sula gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca in úsáid, agus ba cheart é a thabhairt cothrom le dáta nuair a mheasann an t-úsáideoir gairmiúil go bhfuil athrú tagtha ar aon cheann de na tosca ábhartha. Ba cheart a shainaithint sa mheasúnú tionchair próisis ábhartha an úsáideora ghairmiúil ina n-úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó, agus ba cheart a áireamh ann tuairisc ar an tréimhse ama agus ar an minicíocht ina bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid mar aon le catagóirí sonracha de dhaoine nádúrtha agus de ghrúpaí ar dócha go ndéanfar difear dóibh i gcomhthéacs sonrach na húsáide. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú freisin sainaithint na rioscaí sonracha díobhála ar dócha go mbeidh tionchar acu ar chearta bunúsacha na ndaoine nó na ngrúpaí sin. Agus an measúnú sin á dhéanamh, ba cheart don úsáideoir gairmiúil faisnéis atá ábhartha do mheasúnú tionchair cuí a chur san áireamh, lena n-áirítear an fhaisnéis a thugann soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca sna treoracha úsáide, ach gan a bheith teoranta don fhaisnéis sin. I bhfianaise na rioscaí a sainaithníodh, ba cheart don úsáideoir gairmiúil na bearta a chinneadh a bheidh le déanamh i gcás ina dtiocfaidh na rioscaí sin chun cinn, lena n-áirítear, amhail socruithe rialachais sa chomhthéacs sonrach úsáide sin, mar shampla socruithe maidir le formhaoirseacht dhaonna de réir na dtreoracha úsáide nó, nósanna imeachta láimhseála gearán agus sásaimh, toisc go bhféadfaidís a bheith ríthábhachtach chun rioscaí do chearta bunúsacha i gcásanna úsáide nithiúla a mhaolú. Tar éis dó an measúnú tionchair sin a dhéanamh, ba cheart don úsáideoir gairmiúil fógra a thabhairt don údarás faireachais margaidh ábhartha. I gcás inarb iomchuí, chun faisnéis ábhartha a bhailiú a theastaíonn chun an measúnú tionchair a dhéanamh, d’fhéadfadh úsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga ardriosca, go háirithe nuair a úsáidtear córais intleachta saorga san earnáil phoiblí, ról a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear ionadaithe grúpaí daoine ar dócha go ndéanfaidh an córas intleachta saorga difear dóibh, saineolaithe neamhspleácha, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, is é sin ról maidir leis na measúnuithe tionchair sin a dhéanamh agus bearta a dhearadh a bheidh le déanamh i gcás ina dtiocfaidh na rioscaí chun cinn. Ba cheart don Oifig Eorpach um an Intleacht Shaorga teimpléad a fhorbairt le haghaidh ceistneora chun comhlíonadh a éascú agus chun an t-ualach riaracháin ar úsáideoirí gairmiúla a laghdú.
(97)
tam, kad būtų užtikrintas teisinis tikrumas, bendrosios paskirties DI modelių sąvoka turėtų būti aiškiai apibrėžta ir atskirta nuo DI sistemų sąvokos. Apibrėžtis turėtų būti grindžiama pagrindinėmis funkcinėmis bendrosios paskirties DI modelio charakteristikomis, visų pirma bendru pobūdžiu ir gebėjimu kompetentingai atlikti įvairias skirtingas užduotis. Šie modeliai paprastai mokomi naudojant didelius duomenų kiekius, taikant įvairius metodus, pavyzdžiui, savipriežiūrą, neprižiūrimą ar sustiprintą mokymąsi. Bendrosios paskirties DI modeliai gali būti pateikiami rinkai įvairiais būdais, be kita ko, per bibliotekas, taikomųjų programų sąsajas (API), tiesiogiai atsisiunčiami arba kaip fizinė kopija. Šie modeliai gali būti toliau keičiami arba pritaikomi prie naujų modelių. Nors DI modeliai yra esminiai DI sistemų komponentai, jie patys savaime nėra DI sistemos. DI modeliams reikia pridėti papildomų komponentų, pavyzdžiui, naudotojo sąsają, kad jie taptų DI sistemomis. DI modeliai paprastai integruojami į DI sistemas ir yra jų dalis. Šiame reglamente nustatomos konkrečios taisyklės, taikomos bendrosios paskirties DI modeliams ir sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams, kurios turėtų būti taikomos ir tada, kai šie modeliai yra integruoti į DI sistemą arba yra jos dalis. Turėtų būti suprantama, kad bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų pareigos turėtų būti pradedamos taikyti tuomet, kai bendrosios paskirties DI modeliai pateikiami rinkai. Kai bendrosios paskirties DI modelio tiekėjas integruoja savo paties modelį į savo paties DI sistemą, kuri tiekiama rinkai arba pradedama naudoti, tas modelis turėtų būti laikomas pateiktu rinkai ir todėl šiame reglamente nustatytos pareigos, susijusios su modeliais, turėtų būti taikomos toliau, kartu su pareigomis, susijusioms su DI sistemomis. Nustatytos su modeliais susijusios pareigos bet kuriuo atveju neturėtų būti taikomos tuomet, kai nuosavas modelis naudojamas tik vidaus procesams, kurie nėra būtini gaminiui tiekti ar paslaugai teikti trečiosioms šalims, ir nedaromas poveikis fizinių asmenų teisėms. Atsižvelgiant į sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių galimą didelį neigiamą poveikį, šių modelių atžvilgiu visada turėtų būti taikomos atitinkamos pareigos pagal šį reglamentą. Apibrėžtis neturėtų apimti DI modelių, naudojamų prieš pateikiant juos rinkai tik mokslinių tyrimų, plėtros ir prototipų kūrimo tikslais. Tai nedaro poveikio pareigai laikytis šio reglamento, kai po tokios veiklos modelis pateikiamas rinkai;
(97)
Ba cheart coincheap na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a shainiú go soiléir agus a scaradh ó choincheap na gcóras intleachta saorga chun gur féidir deimhneacht dhlíthiúil a bheith ann. Ba cheart an sainmhíniú a bheith bunaithe ar na príomh-shaintréithe feidhmiúla a bhaineann le samhail intleachta saorga ilchuspóireach, go háirithe an ghinearáltacht agus an cumas raon leathan cúraimí leithleacha a dhéanamh go hinniúil. Is iondúil go gcuirtear oiliúint ar na samhlacha sin le méideanna móra sonraí, trí mhodhanna éagsúla, amhail foghlaim fhéinmhaoirsithe, foghlaim neamh-mhaoirsithe nó foghlaim atreisiúcháin. Féadfar samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chur ar an margadh ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí leabharlanna, comhéadain feidhmchláir (APInna), mar íoslódáil dhíreach, nó mar chóip fhisiciúil. Féadfar na samhlacha sin a mhodhnú nó a mhionchoigeartú a thuilleadh chun samhlacha nua a dhéanamh díobh. Cé gur comhpháirteanna bunriachtanacha de chórais intleachta saorga iad samhlacha intleachta saorga, ní córais intleachta saorga iad iontu féin. Ní mór comhpháirteanna breise a chur le samhlacha intleachta saorga, amhail comhéadan úsáideora mar shampla, sula mbeidh siad ina gcórais intleachta saorga. De ghnáth, comhtháthaítear samhlacha intleachta saorga i gcórais intleachta saorga agus is comhpháirteanna de na córais sin iad. Déantar foráil sa Rialachán seo maidir le rialacha sonracha le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann rioscaí sistéamacha, ar cheart feidhm a bheith acu freisin nuair is samhlacha comhtháite i gcóras intleachta saorga iad nó nuair is comhpháirt de chóras intleachta saorga iad. Ba cheart a thuiscint gur cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a luaithe a chuirfear na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar an margadh. I gcás ina gcomhtháthaíonn soláthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí samhail dá chuid féin ina chóras intleachta saorga féin a chuirtear ar fáil ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse, ba cheart a mheas go bhfuil an tsamhail sin curtha ar an margadh agus, dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith fós ag na hoibleagáidí sa Rialachán seo ar shamhlacha, sa bhreis orthu sin le haghaidh córais intleachta saorga. I gcás ar bith, níor cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí a leagtar síos maidir le samhlacha nuair nach n-úsáidtear samhail dhílis ach amháin le haghaidh próisis inmheánacha nach bhfuil fíor-riachtanach chun táirge nó seirbhís a sholáthar do thríú páirtithe agus nach ndéanann difear do chearta daoine nádúrtha. I bhfianaise na n-éifeachtaí diúltacha suntasacha a d’fhéadfadh a bheith acu, ba cheart na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach a bheith faoi réir na n-oibleagáidí ábhartha faoin Rialachán seo i gcónaí. Níor cheart samhlacha intleachta saorga a úsáidtear sula gcuirtear ar an margadh iad a chumhdach sa sainmhíniú más rud é nach n-úsáidtear ach chun críche gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus fréamhshamhaltaithe iad. Tá an méid sin gan dochar don oibleagáid an Rialachán seo a chomhlíonadh nuair a chuirtear samhail ar an margadh tar éis na ngníomhaíochtaí sin.
(98)
kadangi modelio bendras pobūdis, inter alia, taip pat galėtų būti nustatomas pagal parametrų skaičių, turėtų būti laikoma, kad modeliai, turintys ne mažiau kaip milijardą parametrų ir apmokyti naudojant didelį duomenų kiekį savipriežiūros būdu, yra labai bendro pobūdžio ir gali kompetentingi atlikti įvairias skirtingas užduotis;
(98)
Cé go bhféadfaí roinnt pharaiméadar, inter alia, a úsáid, freisin, chun ginearáltacht samhla a chinneadh, ba cheart a mheas go bhfuil ginearáltacht shuntasach á léiriú agus raon leathan cúraimí sainiúla á ndéanamh go hinniúil ag samhlacha ag a bhfuil ar a laghad billiún paraiméadar agus oiliúint le méid mór sonraí ar a ndéantar féinmhaoirseacht ar mórscála.
(99)
dideli generatyviniai DI modeliai yra tipinis bendrosios paskirties DI modelio pavyzdys, nes jie suteikia galimybę lanksčiai generuoti turinį, pavyzdžiui, teksto, judamo ar nejudamo vaizdo arba garso forma, ir gali lengvai atlikti įvairias atskiras užduotis;
(99)
Is sampla tipiciúil de shamhail intleachta saorga ilchuspóireach an tsamhail mhór giniúna intleachta saorga, ós rud é go gceadaítear léi ábhar a ghiniúint ar bhealach solúbtha, amhail i bhfoirm téacs, fuaime, íomhánna nó físeáin, ar féidir leo freastal go héasca ar raon leathan cúraimí leithleacha.
(100)
kai bendrosios paskirties DI modelis yra integruotas į DI sistemą arba yra jos dalis, ši sistema turėtų būti laikoma bendrosios paskirties DI sistema, kai dėl šios integracijos ši sistema gali būti naudojama įvairiais tikslais. Bendrosios paskirties DI sistema gali būti naudojama tiesiogiai arba būti integruota į kitas DI sistemas;
(100)
I gcás ina bhfuil samhail intleachta saorga ilchuspóireach comhtháite i gcóras intleachta saorga nó inar comhpháirt de chóras intleachta saorga í, ba cheart an córas sin a mheas mar chóras intleachta saorga ilchuspóireach más rud é, mar gheall ar an gcomhtháthú sin, go bhfuil sé de chumas ag an gcóras sin freastal ar chuspóirí éagsúla. Féadfar córas intleachta saorga ilchuspóireach a úsáid go díreach, nó is féidir é a bheith comhtháite i gcórais intleachta saorga eile.
(101)
bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams tenka ypatingas vaidmuo ir atsakomybė visoje DI vertės grandinėje, nes jų tiekiami modeliai gali būti pagrindu įvairioms tolesnės grandies sistemoms, kurias dažnai teikia tolesnės grandies tiekėjai, kuriems reikia gerai suprasti modelius ir jų pajėgumus, kad jie galėtų integruoti tokius modelius į savo gaminius ir vykdyti savo pareigas pagal šį ar kitus reglamentus. Todėl turėtų būti nustatytos proporcingos skaidrumo priemonės, įskaitant dokumentų rengimą ir nuolatinį atnaujinimą, taip pat informacijos apie bendrosios paskirties DI modelį teikimą, kad ja galėtų naudotis tolesnės grandies tiekėjai. Bendrosios paskirties DI modelio tiekėjas turėtų parengti ir nuolat atnaujinti techninius dokumentus, kad paprašius jie būtų pateikiami DI tarnybai ir nacionalinėms kompetentingoms institucijoms. Bent minimalus elementų, kurie turi būti įtraukti į tokius dokumentus, rinkinys turėtų būti pateikiamas specialiuosiuose šio reglamento prieduose. Komisijai turėtų būti suteikiami įgaliojimai deleguotaisiais aktais iš dalies keisti tuos priedus atsižvelgiant į technologinę plėtrą;
(101)
Tá ról agus freagracht ar leith ag soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha feadh an tslabhra luacha intleachta saorga, cionn is go bhféadfadh na samhlacha a sholáthraíonn siad a bheith mar bhonn do raon córas iartheachtach ar minic is soláthraithe iartheachtacha a sholáthraíonn iad agus dar gá tuiscint mhaith ar na samhlacha agus ar a gcumais, chun comhtháthú na samhlacha sin ina dtáirgí a chumasú, agus chun a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialacháin eile a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart bearta trédhearcachta comhréireacha a leagan síos, lena n-áirítear doiciméadacht a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, agus faisnéis a sholáthar maidir leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach maidir lena húsáid ag na soláthraithe iartheachtacha. Ba cheart do sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí an doiciméadacht theicniúil a ullmhú agus a choinneáil cothrom le dáta chun í a chur ar fáil, arna iarraidh sin, ag an Oifig intleachta saorga agus ag na húdaráis inniúla náisiúnta. Ba cheart an tacar íosta eilimintí atá le háireamh sa doiciméadacht sin a leagan amach in iarscríbhinní sonracha a ghabhann leis an Rialachán seo. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún na hiarscríbhinní sin a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha a thiocfaidh chun cinn.
(102)
programinė įranga ir duomenys, įskaitant modelius, išleidžiami pagal nemokamą ir atvirojo kodo licenciją, pagal kurią jais galima atvirai dalytis, kai naudotojai gali laisvai prieiti prie jų arba pakeistų jų versijų, juos naudoti, keisti ir platinti, gali prisidėti prie mokslinių tyrimų ir inovacijų rinkoje, taip pat gali suteikti reikšmingų Sąjungos ekonomikos augimo galimybių. Turėtų būti laikoma, kad bendrosios paskirties DI modeliai, išleidžiami pagal nemokamas ir atvirojo kodo licencijas, užtikrina aukšto lygio skaidrumą ir atvirumą, jei jų parametrai, įskaitant svorius, informaciją apie modelio architektūrą ir informaciją apie modelio naudojimą, yra skelbiami viešai. Licencija turėtų būti laikoma nemokama ir atvira ir tuo atveju, kai pagal ją naudotojai gali paleisti, kopijuoti, platinti, tirti, keisti ir tobulinti programinę įrangą ir duomenis, įskaitant modelius, su sąlyga, kad būtų nurodytas pirminis modelio tiekėjas ir laikomasi identiškų ar palyginamų platinimo sąlygų;
(102)
Maidir le bogearraí agus sonraí, lena n-áirítear samhlacha, a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte lenar féidir iad a chomhroinnt go hoscailte agus i gcás inar féidir le húsáideoirí iad a rochtain, a úsáid, a mhodhnú agus a athdháileadh gan bhac, is é sin na samhlacha sin nó leaganacha modhnaithe díobh, is féidir leis na bogearraí agus na sonraí sin rannchuidiú le taighde agus nuálaíocht sa mhargadh agus deiseanna suntasacha fáis a chur ar fáil do gheilleagar an Aontais. Ba cheart breathnú ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a scaoiltear faoi cheadúnais shaora agus foinse oscailte chun ardleibhéil trédhearcachta agus oscailteachta a áirithiú má chuirtear ar fáil go poiblí a bparaiméadar, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla. Ba cheart a mheas gur ceadúnas saor agus foinse oscailte é freisin nuair a cheadaíonn sé d’úsáideoirí bogearraí agus sonraí a rith, a chóipeáil, a dháileadh, staidéar a dhéanamh orthu, iad a athrú agus iad a fheabhsú, lena n-áirítear samhlacha ar an gcoinníoll go dtugtar creidiúint do sholáthraí bunaidh na samhla agus go n-urramaítear na téarmaí dáilte comhionanna nó inchomparáide.
(103)
nemokami ir atvirojo kodo DI komponentai apima programinę įrangą ir duomenis, įskaitant modelius ir bendrosios paskirties DI modelius, DI sistemos priemones, paslaugas ar procesus. Nemokami ir atvirojo kodo DI komponentai gali būti gaunami įvairiais kanalais, įskaitant jų kūrimą atvirose duomenų saugyklose. Šio reglamento tikslais DI komponentams, kurie tiekiami už tam tikrą kainą arba kitaip monetizuojami, be kita ko, teikiant techninės paramos ar kitas paslaugas, taip pat ir per programinės įrangos platformą, susijusias su DI komponentu, arba naudojant asmens duomenis kitais nei tik programinės įrangos saugumo, suderinamumo ar sąveikumo didinimo tikslais, išskyrus sandorius tarp labai mažų įmonių, neturėtų būti taikomos išimtys, kurios yra taikomos nemokamo ir atvirojo kodo DI komponentams. Tai, kad DI komponentai yra prieinami per atviras duomenų saugyklas, neturėtų savaime reikšti monetizavimo;
(103)
Tagraíonn comhpháirteanna córais intleachta saorga saor agus foinse oscailte do na bogearraí agus do na sonraí, lena n-áirítear samhlacha agus samhlacha, uirlisí, seirbhísí nó próisis intleachta saorga ilchuspóireacha de chuid córais intleachta saorga. Is féidir comhpháirteanna córais intleachta saorga saor agus foinse oscailte a sholáthar trí bhealaí éagsúla, lena n-áirítear iad a fhorbairt ar stórais oscailte. Chun críocha an Rialacháin seo, maidir le comhpháirteanna intleachta saorga a sholáthraítear ar phraghas nó a gcuirtear luach airgid orthu ar bhealach eile, lena n-áirítear trí thacaíocht theicniúil nó seirbhísí eile a sholáthar, lena n-áirítear trí ardán bogearraí, a bhaineann leis an gcomhpháirt de chóras intleachta saorga, nó úsáid sonraí pearsanta ar chúiseanna seachas go heisiach chun slándáil, comhoiriúnacht nó idir-inoibritheacht na mbogearraí a fheabhsú, cé is moite d’idirbhearta idir micrifhiontair, níor cheart dóibh tairbhe a bhaint as na heisceachtaí a sholáthraítear le comhpháirteanna córais intleachta saorga saor agus foinse oscailte. Níor cheart a thuiscint as comhpháirteanna córais intleachta saorga a chur ar fáil trí stórais oscailte go bhfuil luach airgid á chur orthu.
(104)
bendrosios paskirties DI modelių, kurie išleidžiami pagal nemokamą ir atvirojo kodo licenciją ir kurių parametrai, įskaitant svorius, informaciją apie modelio architektūrą ir informaciją apie modelio naudojimą, yra viešai skelbiami, tiekėjams turėtų būti taikomos su skaidrumu susijusių reikalavimų, taikomų bendrosios paskirties DI modeliams, išimtys, nebent jie gali būti laikomi keliančiais sisteminę riziką – tokiu atveju aplinkybė, kad modelis yra skaidrus ir prie jo pridėta atvirojo kodo licencija, neturėtų būti laikoma pakankama priežastimi nesilaikyti šiame reglamente nustatytų pareigų. Bet kuriuo atveju, atsižvelgiant į tai, kad išleidžiant bendrosios paskirties DI modelius pagal laisvojo ir atvirojo kodo licenciją nebūtinai atskleidžiama esminė informaciją apie duomenų rinkinį, naudojamą modeliui mokyti ar pritaikyti, ir apie tai, kaip buvo užtikrintas autorių teisių teisės laikymasis, bendrosios paskirties DI modeliams numatyta išimtis dėl su skaidrumu susijusių reikalavimų laikymosi neturėtų būti taikoma pareigai parengti santrauką apie modelių mokymui naudojamą turinį ir pareigai nustatyti politiką siekiant laikytis Sąjungos autorių teisių teisės, visų pirma siekiant nustatyti išlygas dėl pasiliekamų teisių ir tų išlygų laikytis pagal Europos Parlamento ir Tarybos direktyvos (ES) 2019/790 (40) 4 straipsnio 3 dalį;
(104)
Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte, agus a ndéantar a bparaiméadair, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla, a chur ar fáil go poiblí, ba cheart iad a bheith faoi réir eisceachtaí a mhéid a bhaineann leis na ceanglais maidir le trédhearcacht arna bhforchur ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, ach amháin más féidir a mheas go bhfuil riosca sistéamach ag baint leo, ar sa chás sin nár cheart a mheas gur cúis leordhóthanach í an tsamhail a bheith trédhearcach agus ceadúnas foinse oscailte a bheith ag gabháil léi chun comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a eisiamh. In aon chás, ós rud é nach gá go nochtann scaoileadh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte faisnéis shubstaintiúil maidir leis an tacar sonraí a úsáidtear chun an tsamhail a oiliúint nó a mhionchoigeartú agus maidir leis an gcaoi a ndearnadh comhlíonadh dhlí an chóipchirt a áirithiú dá bhrí sin, níor cheart, maidir leis an eisceacht dá bhforáiltear le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ó chomhlíonadh na gceanglas a bhaineann le trédhearcacht, baint a bheith aici leis an oibleagáid achoimre a sholáthar ar an ábhar a úsáidtear le haghaidh oiliúint samhla ná leis an oibleagáid beartas a chur i bhfeidhm chun dlí cóipchirt an Aontais a chomhlíonadh, go háirithe chun forchoimeádas na gceart de bhun Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a shainaithint agus a chomhlíonadh (40).
(105)
bendrosios paskirties DI modeliai, visų pirma dideli generatyviniai DI modeliai, galintys generuoti tekstą, vaizdus ir kitą turinį, ne tik suteikia unikalių inovacijų galimybių, bet ir kelia iššūkių menininkams, autoriams ir kitiems kūrėjams ir jų kūrybinio turinio kūrimo, platinimo, naudojimo ir vartojimo būdui. Kuriant ir mokant tokius modelius reikia prieigos prie didžiulio tekstų, vaizdų, vaizdo įrašų ir kitų duomenų kiekio. Šiame kontekste tekstų ir duomenų gavybos metodai gali būti plačiai naudojami tokio turinio, kuris gali būti saugomas autorių teisių ir gretutinių teisių, paieškai ir analizei. Norint naudoti autorių teisių saugomą turinį, reikia gauti atitinkamo teisių turėtojo leidimą, nebent taikomos atitinkamos autorių teisių išimtys ir apribojimai. Direktyvoje (ES) 2019/790 nustatytos išimtys ir apribojimai, pagal kuriuos tam tikromis sąlygomis leidžiamas kūrinių ar kitų objektų atgaminimas ir perkėlimas tekstų ir duomenų gavybos tikslais. Pagal šias taisykles teisių turėtojai gali nuspręsti pasilikti sau teises į savo kūrinius ar kitus objektus, kad užkirstų kelią tekstų ir duomenų gavybai, nebent tai daroma mokslinių tyrimų tikslais. Kai atsisakymo teisės buvo aiškiai tinkamu būdu pasiliktos, bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai, norintys vykdyti tokių kūrinių tekstų ir duomenų gavybą, turi gauti teisių turėtojų leidimą;
(105)
Le samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, go háirithe mórshamhlacha giniúnacha intleachta saorga, atá in ann téacs, íomhánna agus ábhar eile a ghiniúint, cuirtear deiseanna nuálaíochta uathúla ach dúshláin lena chois sin roimh ealaíontóirí, údair agus cruthaitheoirí eile agus faoin gcaoi a ndéantar a n-ábhar cruthaitheach a chruthú, a dháileadh, a úsáid agus a thomhailt. Chun na samhlacha sin a fhorbairt agus a oiliúint, ní mór rochtain a fháil ar mhéideanna ollmhóra de théacsanna, d’íomhánna, d’fhíseáin agus de shonraí eile. Féadfar teicnící mianadóireachta téacsanna agus sonraí a úsáid go forleathan sa chomhthéacs sin chun ábhar den sórt sin a aisghabháil agus a anailísiú, ábhar a d’fhéadfadh a bheith á chosaint le cóipcheart agus le cearta gaolmhara. Ní mór údarú a bheith faighte ó shealbhóir an chirt lena mbaineann chun aon úsáid a bhaint as ábhar atá faoi chosaint cóipchirt ach amháin má tá feidhm ag eisceachtaí agus teorainneacha cóipchirt ábhartha. Le Treoir (AE) 2019/790 tugtar isteach eisceachtaí agus teorainneacha lena gceadaítear saothair nó ábhar eile a atáirgeadh agus a asbhaint, chun críche mianadóireachta téacsanna agus sonraí, faoi choinníollacha áirithe. Faoi na rialacha sin, féadfaidh sealbhóirí cirt a roghnú a gcearta ar a saothair nó ar ábhar eile a fhorchoimeád chun mianadóireacht téacsanna agus sonraí a chosc, ach amháin más chun críoch taighde eolaíoch an mhianadóireacht sin. I gcás inar forchoimeádadh na cearta chun rogha an diúltaithe a úsáid go sainráite ar bhealach iomchuí, ní mór do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha údarú a fháil ó na sealbhóirí cirt más mian leo mianadóireacht téacsanna agus sonraí a dhéanamh sna saothair sin.
(106)
tiekėjai, kurie pateikia bendrosios paskirties DI modelius Sąjungos rinkai, turėtų užtikrinti, kad būtų vykdomos atitinkamos šiame reglamente nustatytos pareigos. Tuo tikslu bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai turėtų nustatyti politiką siekiant laikytis Sąjungos autorių teisių ir gretutinių teisių teisės, visų pirma siekiant pagal Direktyvos (ES) 2019/790 4 straipsnio 3 dalį nustatyti išlygas dėl pasiliekamų teisių, apie kurias pareiškė teisių turėtojai, ir tų išlygų laikytis. Bet kuris tiekėjas, pateikiantis bendrosios paskirties DI modelį Sąjungos rinkai, turėtų vykdyti šią pareigą, nepriklausomai nuo jurisdikcijos, kurioje taikomi su autorių teisėmis susiję aktai, kuriais grindžiamas tų bendrosios paskirties DI modelių mokymas. Tai yra būtina siekiant užtikrinti vienodas sąlygas bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams, kad nė vienas tiekėjas neįgytų konkurencinio pranašumo Sąjungos rinkoje taikydamas žemesnius autorių teisių standartus nei Sąjungoje taikomi standartai;
(106)
Soláthraithe a chuireann samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar mhargadh an Aontais, ba cheart dóibh comhlíonadh na n-oibleagáidí ábhartha sa Rialachán seo a áirithiú. Chuige sin, ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha beartas a chur i bhfeidhm chun dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara a chomhlíonadh, go háirithe chun forchoimeádas na gceart arna gcur in iúl ag sealbhóirí cirt de bhun Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2019/790 a shainaithint agus a chomhlíonadh. Aon soláthraí a chuireann samhail intleachta saorga ilchuspóireach ar mhargadh an Aontais, ba cheart dó an oibleagáid sin a chomhlíonadh, gan beann ar an dlínse ina ndéantar na gníomhartha atá ábhartha ó thaobh cóipchirt de agus atá mar bhonn agus mar thaca le hoiliúint na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha sin. Tá sin riachtanach, chun cothrom iomaíochta a áirithiú idir soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, nár cheart d’aon soláthraí a bheith in ann buntáiste iomaíoch a fháil i margadh an Aontais trí chaighdeáin chóipchirt atá níos ísle ná na caighdeáin dá bhforáiltear san Aontas a chur i bhfeidhm.
(107)
siekiant padidinti duomenų, naudojamų bendrosios paskirties DI modelių išankstiniam mokymui ir mokymui, įskaitant autorių teisių teisės saugomus tekstus ir duomenis, skaidrumą, yra tikslinga, kad tokių modelių tiekėjai parengtų ir viešai paskelbtų pakankamai išsamią turinio, naudojamo apmokant bendrosios paskirties DI modelį, santrauką. Tinkamai atsižvelgiant į poreikį apsaugoti komercines paslaptis ir konfidencialią verslo informaciją, ši santrauka turėtų būti išsami iš esmės, o ne detali techniškai, kad teisėtų interesų turinčioms šalims, įskaitant autorių teisių turėtojus, būtų lengviau naudotis savo teisėmis pagal Sąjungos teisę ir užtikrinti jų vykdymą, pavyzdžiui, išvardijant pagrindines duomenų rinkinius, kurie buvo naudojami mokant modelį, kaip antai dideles privačias ar viešas duomenų bazes ar duomenų archyvus, ir pateikiant paaiškinimą apie kitus naudojamus duomenų šaltinius. Tikslinga, kad DI tarnyba pateiktų santraukos šabloną, ir jis turėtų būti paprastas, veiksmingas ir leistų tiekėjui pateikti reikalaujamą santrauką aprašomąja forma;
(107)
Chun trédhearcacht a mhéadú maidir leis na sonraí a úsáidtear i réamhoiliúint agus oiliúint samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, lena n-áirítear téacs agus sonraí atá á gcosaint ag dlí an chóipchirt, is leor go ndéanfaidh na soláthraithe samhlacha sin achoimre atá mionsonraithe go leordhóthanach a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí ar an ábhar a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach. Agus aird chuí á tabhairt ar an ngá atá le rúin trádála agus faisnéis rúnda ghnó a chosaint, ba cheart an achoimre sin a bheith cuimsitheach go ginearálta ina raon feidhme seachas a bheith mionsonraithe go teicniúil chun éascú do pháirtithe a bhfuil leasanna dlisteanacha acu, lena n-áirítear na sealbhóirí cóipchirt, a gcearta a fheidhmiú agus a fhorfheidhmiú faoi dhlí an Aontais, mar shampla trí na príomhbhailiúcháin sonraí nó na príomhthacair sonraí a cuireadh faoi oiliúint a liostú, amhail bunachair sonraí mhóra phríobháideacha nó phoiblí nó cartlanna sonraí, agus trí mhíniú insinte a sholáthar faoi fhoinsí sonraí eile a úsáideadh. Is iomchuí don Oifig um Intleacht Shaorga teimpléad a sholáthar le haghaidh na hachoimre sin, ar cheart dó a bheith simplí, éifeachtach, agus a chur ar chumas an tsoláthraí an achoimre is gá a sholáthar i bhfoirm insinte.
(108)
kalbant apie bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams nustatytas pareigas nustatyti politiką siekiant užtikrinti Sąjungos autorių teisių teisės laikymąsi ir viešai paskelbti mokymui naudojamo turinio santrauką, DI tarnyba turėtų stebėti, ar tiekėjas įvykdė tas pareigas, nevykdydama patikrinimo ar nesiimdama mokymo duomenų vertinimo kiekvieno kūrinio atveju, kiek tai susiję su autorių teisių laikymusi. Šiuo reglamentu nedaromas poveikis autorių teisių taisyklių, numatytų pagal Sąjungos teisę, vykdymo užtikrinimui;
(108)
Maidir leis na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha chun beartas a chur i bhfeidhm chun dlí cóipchirt an Aontais a chomhlíonadh agus achoimre ar an ábhar a úsáidtear le haghaidh na hoiliúna a chur ar fáil go poiblí, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga faireachán a dhéanamh ar cibé acu ar chomhlíon nó nár chomhlíon an soláthraí na hoibleagáidí sin gan measúnú ‘saothar ar shaothar’ ar na sonraí oiliúna ó thaobh comhlíonadh cóipchirt de a fhíorú nó leanúint ar aghaidh leis. Ní dhéanann an Rialachán seo difear d’fhorfheidhmiú rialacha cóipchirt dá bhforáiltear faoi dhlí an Aontais.
(109)
bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams taikomų pareigų vykdymas turėtų būti atitinkamas ir proporcingas modelio tiekėjo tipui, išskyrus būtinybę laikytis reikalavimų asmenims, kurie modelius kuria arba naudoja neprofesiniais ar mokslinių tyrimų tikslais, tačiau jie turėtų būti skatinami savanoriškai laikytis šių reikalavimų. Nedarant poveikio Sąjungos autorių teisių teisei, užtikrinant tų pareigų vykdymą turėtų būti tinkamai atsižvelgiama į paslaugų teikėjo dydį, o MVĮ, įskaitant startuolius, turėtų būti sudarytos sąlygos vykdyti pareigas supaprastintais būdais, kurie neturėtų būti pernelyg brangūs ir neatgrasytų nuo tokių modelių naudojimo. Modelio pakeitimo arba pritaikymo atveju bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų pareigos turėtų apsiriboti tuo pakeitimu arba pritaikymu, pavyzdžiui, esamų techninių dokumentų papildymu informacija apie pakeitimus, įskaitant naujus mokymo duomenų šaltinius, kaip priemonę vykdyti šiame reglamente nustatytas vertės grandinės pareigas;
(109)
Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí is infheidhme maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith i gcomhréir agus comhréireach leis an gcineál soláthraí samhla, gan an gá atá le comhlíonadh a chur san áireamh i gcás daoine a fhorbraíonn nó a úsáideann samhlacha chun críocha taighde neamhghairmiúil nó eolaíoch, ba cheart, mar sin féin, a spreagadh chun na ceanglais sin a chomhlíonadh go deonach. Gan dochar do dhlí cóipchirt an Aontais, ba cheart, agus na hoibleagáidí sin á gcomhlíonadh, aird chuí a thabhairt ar mhéid an tsoláthraí agus bealaí simplithe comhlíonta a cheadú do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ar bealaí iad nár cheart a bheith ina gcostas iomarcach agus nár cheart dóibh úsáid na samhlacha sin a dhíspreagadh. I gcás modhnú nó mionchoigeartú ar shamhail, ba cheart na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a theorannú don mhodhnú nó don mhionchoigeartú sin, mar shampla tríd an doiciméadacht theicniúil atá ann cheana a chomhlánú le faisnéis maidir leis na modhnuithe, lena n-áirítear foinsí sonraí oiliúna nua, mar mhodh chun na hoibleagáidí maidir leis an slabhra luacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
(110)
bendrosios paskirties DI modeliai galėtų kelti sisteminę riziką, kuri apima (bet tuo neapsiriboja) bet kokį faktinį ar pagrįstai numatomą neigiamą poveikį, susijusį su didelėmis avarijomis, sutrikimais ypatingos svarbos sektoriuose ir rimtomis pasekmėmis visuomenės sveikatai ir saugai; bet kokį faktinį ar pagrįstai numatomą neigiamą poveikį demokratiniams procesams, visuomenės ir ekonominiam saugumui; neteisėto, melagingo ar diskriminacinio turinio sklaidą. Turėtų būti suprantama, kad sisteminė rizika auga didėjant modelio pajėgumams ir modelio aprėpčiai, ji gali kilti visą modelio gyvavimo ciklą ir jai įtakos turi netinkamo naudojimo sąlygos, modelio patikimumas, modelio sąžiningumas ir modelio saugumas, modelio savarankiškumo lygis, jo prieiga prie priemonių, naujoviški ar suderinti būdai, išleidimo ir platinimo strategijos, apsaugos priemonių pašalinimo galimybės ir kiti veiksniai. Visų pirma taikant tarptautinius požiūrius iki šiol nustatyta, kad reikia atkreipti dėmesį į riziką, kylančią dėl galimo tyčinio netinkamo naudojimo ar nenumatytų kontrolės problemų, susijusių su derinimu su žmogaus ketinimu; cheminę, biologinę, radiologinę ir branduolinę riziką, pavyzdžiui, būdus, kuriais galima sumažinti patekimo į rinką kliūtis, be kita ko, kiek tai susiję su ginklų kūrimu, projektavimu, įsigijimu ar naudojimu; kibernetinius puolimo pajėgumus, pavyzdžiui, būdus, kuriais gali būti sudarytos sąlygos nustatyti pažeidžiamumą, jį išnaudoti ar juo pasinaudoti operatyviniais tikslais; sąveikos ir priemonių naudojimo poveikį, įskaitant, pavyzdžiui, gebėjimą kontroliuoti fizines sistemas ir trikdyti ypatingos svarbos infrastruktūrą; riziką, kylančią dėl to, kad modeliai kopijuoja patys save, atkartoja save ar moko kitus modelius; būdus, kuriais modeliai gali sukelti žalingą šališkumą ir diskriminaciją, keliančius riziką asmenims, bendruomenėms ar visuomenei; palankių sąlygų dezinformacijai sudarymą arba kenkimą privatumui, sukeliant grėsmę demokratinėms vertybėms ir žmogaus teisėms; riziką, kad konkretus įvykis galėtų sukelti grandininę reakciją ir didelį neigiamą poveikį, kuris galėtų paveikti visą miestą, visos srities veiklą ar visą bendruomenę;
(110)
D’fhéadfadh rioscaí sistéamacha a bheith ag baint le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena n-áirítear aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó measartha intuartha i ndáil le mórthionóiscí, cur isteach ar earnálacha criticiúla agus iarmhairtí tromchúiseacha ar an tsláinte phoiblí agus ar an tsábháilteacht phoiblí; aon éifeachtaí diúltacha iarbhír nó measartha intuartha ar phróisis dhaonlathacha, ar an tslándáil phoiblí agus eacnamaíoch; ábhar neamhdhleathach, bréagach nó idirdhealaitheach a scaipeadh, ach gan a bheith teoranta dóibh. Maidir le rioscaí sistéamacha, ba cheart a thuiscint go méadófaí iad le cumais na samhla agus le raon na samhla, gur féidir leo teacht chun cinn feadh shaolré iomlán na samhla, agus go mbeidh tionchar ag coinníollacha mí-úsáide, iontaofacht na samhla, cothroime na samhla agus slándáil na samhla, leibhéal neamhspleáchais na samhla, a rochtain ar uirlisí, módúlachtaí nua nó comhcheangailte, straitéisí scaoilte agus dáilte, an fhéidearthacht ráillí cosanta a bhaint agus fachtóirí eile orthu. Go háirithe, sainaithníodh i gcuir chuige idirnáisiúnta gur gá aird a thabhairt ar rioscaí a eascraíonn as mí-úsáid d’aon ghnó a d’fhéadfadh a bheith ann nó saincheisteanna rialaithe neamhbheartaithe a bhaineann le hailíniú le hintinn an duine; rioscaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, amhail na bealaí inar féidir bacainní ar iontráil a ísliú, lena n-áirítear chun airm a fhorbairt, a dhearadh, a fháil nó a úsáid; cibearchumais ionsaitheacha, amhail na bealaí inar féidir aimsiú, saothrú nó úsáid oibríochtúil leochaileachta a chumasú; éifeachtaí na hidirghníomhaíochta agus úsáid uirlisí, lena n-áirítear, mar shampla, an cumas córais fhisiceacha a rialú agus cur isteach ar bhonneagar criticiúil; rioscaí ó shamhlacha maidir le cóipeanna a dhéanamh díobh féin nó ‘féinmhacasamhlú’ a dhéanamh nó oiliúint a chur ar shamhlacha eile; na bealaí ina bhféadfadh claontacht dhíobhálach agus idirdhealú díobhálach a bheith mar thoradh ar shamhlacha agus rioscaí a bheith ag baint leo sin do dhaoine aonair, do phobail nó do shochaithe; bréagaisnéis a éascú nó dochar a dhéanamh don phríobháideachas agus bagairtí mar gheall orthu sin ar luachanna daonlathacha agus ar chearta an duine; riosca go bhféadfadh imoibriú slabhrúil a bheith mar thoradh ar theagmhas ar leith a mbeadh éifeachtaí diúltacha suntasacha aige a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chathair iomlán, do ghníomhaíocht fearainn iomlán nó do phobal iomlán.
(111)
tikslinga nustatyti bendrosios paskirties DI modelių priskyrimo sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams metodiką. Kadangi sisteminė rizika kyla dėl ypač didelių pajėgumų, turėtų būti laikoma, kad bendrosios paskirties DI modelis kelia sisteminę riziką, jei jo pajėgumai daro didelį poveikį, vertinant remiantis tinkamomis techninėmis priemonėmis ir metodikomis, arba reikšmingą poveikį vidaus rinkai dėl jo aprėpties. Didelio poveikio pajėgumai bendrosios paskirties DI modeliuose – tai pajėgumai, kurie atitinka arba viršija pažangiausiuose bendrosios paskirties DI modeliuose užfiksuotus pajėgumus. Visus modelio pajėgumus galima geriau suprasti po to, kai modelis pateiktas į rinką arba kai diegėjai sąveikauja su modeliu. Atsižvelgiant į naujausius technikos laimėjimus šio reglamento įsigaliojimo metu, bendrosios paskirties DI modelio mokymui naudojama bendra skaičiuojamoji galia, išmatuota slankiojo kablelio operacijomis, yra viena iš modelių pajėgumų atitinkamų aproksimacijų. Mokymui naudojama bendra skaičiavimo galia apima skaičiavimą, naudojamą visai veiklai ir metodams, kuriais siekiama padidinti modelio pajėgumus iki jo įdiegimo, pvz., parengiamajam mokymui, sintetinių duomenų generavimui ir pritaikymui. Todėl turėtų būti nustatyta pradinė slankiojo kablelio operacijų ribinė vertė, dėl kurios, jei ją atitinka bendrosios paskirties DI modelis, galima preziumuoti, kad modelis yra sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelis. Ši ribinė vertė laikui bėgant turėtų būti koreguojama, kad būtų atspindėti technologiniai ir pramonės pokyčiai, pavyzdžiui, algoritmų patobulinimai arba padidėjęs aparatinės įrangos efektyvumas, ir turėtų būti papildyta modelių pajėgumo lyginamaisiais parametrais ir rodikliais. Šiam tikslui reikalingai informacijai gauti DI tarnyba turėtų bendradarbiauti su mokslo bendruomene, pramonės atstovais, pilietine visuomene ir kitais ekspertais. Pagal ribines vertes, taip pat didelio poveikio pajėgumų vertinimo priemones ir lyginamuosius parametrus turėtų būti prognozuojama, kas yra bendrosios paskirties DI modelių bendroji paskirtis, pajėgumai ir susijusi sisteminė rizika, ir tomis vertėmis, priemonėmis ir lyginamaisiais parametrais galėtų būti atspindima tai, kokiu būdu modelis bus pateiktas rinkai, arba į naudotojų, kuriems jis gali padaryti poveikį, skaičių. Siekiant papildyti šią sistemą, Komisija turėtų turėti galimybę priimti atskirus sprendimus, kuriais bendrosios paskirties DI modelis būtų priskiriamas sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams, jei nustatoma, kad tokio modelio pajėgumai arba poveikis yra lygiaverčiai nustatytoms ribinėms vertėms. Tas sprendimas turėtų būti priimtas remiantis šio reglamento priede pateiktų priskyrimo sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams kriterijų, pavyzdžiui, mokymo duomenų rinkinio kokybės ar dydžio, verslo ir galutinių naudotojų skaičiaus, įvesties ir išvesties būdų, savarankiškumo lygio ir išplečiamumo, arba priemonių, prie kurių turima prieiga, bendru vertinimu. Gavusi pagrįstą tiekėjo, kurio modelis priskirtas sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams, prašymą, Komisija turėtų atsižvelgti į prašymą ir gali nuspręsti iš naujo įvertinti, ar šis bendrosios paskirties DI modelis vis dar gali būti laikomas keliančiu sisteminę riziką;
(111)
Is iomchuí modheolaíocht a bhunú chun samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhfuil rioscaí sistéamacha aici. Ós rud é go n-eascraíonn rioscaí sistéamacha as cumais an-ard, ba cheart a mheas go bhfuil rioscaí sistéamacha ag baint le samhail intleachta saorga ilchuspóireach má tá cumais ardtionchair aici, a ndéantar meastóireacht orthu ar bhonn uirlisí agus modheolaíochtaí teicniúla iomchuí, nó tionchar suntasach ar an margadh inmheánach mar gheall ar a rochtain. Ciallaíonn cumais ardtionchair i samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha cumais a mheaitseálann nó a sháraíonn na cumais a thaifeadtar sna samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha is forbartha. D’fhéadfaí raon iomlán na gcumas i samhail a thuiscint ar bhealach níos fearr tar éis í a chur ar an margadh nó nuair a idirghníomhaíonn úsáideoirí gairmiúla leis an tsamhail. De réir staid na teicneolaíochta tráth theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tá méid carnach an ríomha a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a thomhaistear in oibríochtaí snámhphointe ar cheann de na neastacháin ábhartha le haghaidh chumais na samhla. Áirítear le méid an ríomha a úsáidtear le haghaidh oiliúna an ríomh a úsáidtear ar fud na ngníomhaíochtaí agus na modhanna atá beartaithe chun feabhas a chur ar chumais na samhla sula n-úsáidtear í, amhail réamhoiliúint, giniúint sonraí sintéiseacha agus mionchoigeartú. Dá bhrí sin, ba cheart tairseach tosaigh oibríochtaí snámhphointe a leagan síos, rud a fhágann, má chomhlíontar í le samhail intleachta saorga ilchuspóireach, go nglactar leis gur samhail intleachta saorga ilchuspóireach í an tsamhail a bhfuil rioscaí sistéamacha aici. Ba cheart an tairseach sin a choigeartú le himeacht ama chun athruithe teicneolaíocha agus tionsclaíocha a léiriú, ar nós feabhsuithe algartamacha nó éifeachtúlacht crua-earraí mhéadaithe, agus ba cheart í a fhorlíonadh le tagarmharcanna agus táscairí i gcomhair chumas na samhla. Chun bonn eolais a chur leis an méid sin, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga dul i dteagmháil leis an bpobal eolaíochta, leis an tionscal, leis an tsochaí shibhialta agus le saineolaithe eile. Ba cheart tairseacha, chomh maith le huirlisí agus tagarmharcanna chun measúnú a dhéanamh ar chumais ardtionchair, a bheith ina réamhtháscairí láidre ar ghinearáltacht, ar chumais samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus ar an riosca sistéamach gaolmhar a bhaineann leo, agus d’fhéadfaidís an chaoi a gcuirfear an tsamhail ar an margadh nó líon na n-úsáideoirí a bhféadfadh sí difear a dhéanamh dóibh a chur san áireamh. Chun an córas sin a chomhlánú, ba cheart an deis a bheith ag an gCoimisiún cinntí aonair a dhéanamh lena n-ainmneofar samhail intleachta saorga ilchuspóireach mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann riosca sistéamach má fhaightear go bhfuil cumais nó tionchar ag an tsamhail sin atá coibhéiseach leo siúd a ghabhtar leis an tairseach a leagtar síos. Ba cheart an cinneadh sin a dhéanamh ar bhonn measúnú foriomlán ar na critéir chun samhail intleachta saorga ilchuspóireach a ainmniú lena mbaineann riosca sistéamach a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, amhail cáilíocht nó méid an tacair sonraí oiliúna, líon na n-úsáideoirí gnó agus deiridh, a mhódúlachtaí ionchuir agus aschuir, a leibhéal neamhspleáchais agus inscálaitheachta, nó na huirlisí a bhfuil rochtain aige orthu. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó sholáthraí ar ainmníodh a shamhail mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhfuil riosca sistéamach aici, ba cheart don Choimisiún an iarraidh a chur san áireamh agus féadfaidh sé a chinneadh athmheasúnú a dhéanamh ar cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas fós go bhfuil rioscaí sistéamacha ag baint leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach.
(112)
taip pat būtina paaiškinti priskyrimo sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams procedūrą. Turėtų būti preziumuojama, kad bendrosios paskirties DI modelis, atitinkantis taikytiną didelio poveikio pajėgumų ribinę vertę, yra sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelis. Tiekėjas turėtų pateikti pranešimą DI tarnybai ne vėliau kaip per dvi savaites nuo reikalavimų įvykdymo arba nuo tada, kai sužinoma, kad bendrosios paskirties DI modelis atitiks reikalavimus, kuriais remiantis daroma tokia prezumpcija. Tai ypač svarbu atsižvelgiant į slankiojo kablelio operacijų ribinę vertę, nes bendrosios paskirties DI modelių mokymo tikslu būtinas išsamus planavimas, kuris apima išankstinį skaičiavimo išteklių paskirstymą, todėl bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai gali žinoti, ar jų modelis atitiks ribinę vertę, prieš užbaigiant mokymą. Teikdamas tą pranešimą tiekėjas turėtų galėti įrodyti, kad dėl savo specifinių savybių bendrosios paskirties DI modelis išimtinai nekelia sisteminės rizikos, todėl jis neturėtų būti priskiriamas sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams. Ta informacija yra vertinga DI tarnybai, kad ji galėtų numatyti sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių pateikimą rinkai, o tiekėjai gali iš anksto pradėti bendradarbiauti su DI tarnyba. Ta informacija yra itin svarbi dėl bendrosios paskirties DI modelių, kuriuos planuojama išleisti kaip atvirojo kodo modelius, atsižvelgiant į tai, kad po atvirojo kodo modelio išleidimo gali būti sunkiau įgyvendinti būtinas priemones siekiant užtikrinti, kad būtų vykdomos šiame reglamente nustatytos pareigos;
(112)
Is iomchuí nós imeachta a shoiléiriú freisin chun samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhfuil rioscaí sistéamacha aici. Maidir le samhail intleachta saorga ilchuspóireach lena gcomhlíontar an tairseach is infheidhme le haghaidh cumais ardtionchair, ba cheart a thoimhdiú gur samhail intleachta saorga ilchuspóireach í lena mbaineann riosca sistéamach. Ba cheart don soláthraí fógra a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga coicís ar a dhéanaí tar éis na ceanglais a chomhlíonadh nó tar éis dó a bheith ar an eolas go gcomhlíonfaidh samhail intleachta saorga ilchuspóireach na ceanglais as a n-eascraíonn an toimhde. Tá sé sin ábhartha go háirithe maidir le tairseach na n-oibríochtaí snámhphointe toisc go bhfuil pleanáil shuntasach i gceist le hoiliúint samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena n-áirítear leithdháileadh tosaigh acmhainní ríomhaireachta agus, dá bhrí sin, tá soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha in ann a fháil amach an gcomhlíonfadh a samhail an tairseach sula gcuirfí an oiliúint i gcrích. I gcomhthéacs an fhógra sin, ba cheart don soláthraí a bheith in ann a léiriú, mar gheall ar a saintréithe sonracha, nach mbaineann rioscaí sistéamacha go heisceachtúil le samhail intleachta saorga ilchuspóireach, agus nár cheart, dá bhrí sin, í a aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhfuil rioscaí sistéamacha aici. Tá an fhaisnéis sin luachmhar don Oifig um Intleacht Shaorga chun réamh-mheas a dhéanamh maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu a chur ar an margadh agus is féidir leis na soláthraithe tosú ag plé leis an Oifig um Intleacht Shaorga go luath. Tá tábhacht ar leith ag baint leis an bhfaisnéis sin maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil sé beartaithe iad a scaoileadh mar fhoinse oscailte, ós rud é, tar éis scaoileadh na samhla foinse oscailte, go bhféadfadh sé a bheith níos deacra bearta riachtanacha a chur chun feidhme chun comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a áirithiú.
(113)
jei Komisijai tampa žinoma, kad bendrosios paskirties DI modelis atitinka priskyrimo sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams reikalavimus, ir šis faktas anksčiau nebuvo žinomas arba apie jį atitinkamas tiekėjas Komisijai nepranešė, Komisijai turėtų būti suteikti įgaliojimai tą modelį atitinkamai priskirti. Kvalifikuotų perspėjimų sistema turėtų užtikrinti, kad mokslinė komisija informuotų DI tarnybą apie bendrosios paskirties DI modelius, kurie galbūt turėtų būti priskirti sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams, taip papildant DI tarnybos vykdomą stebėsenos veiklą;
(113)
Má fhaigheann an Coimisiún amach go gcomhlíonann samhail intleachta saorga ilchuspóireach na ceanglais chun aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann riosca sistéamach, nach raibh ar eolas roimhe sin nó nár thug an soláthraí ábhartha fógra ina leith don Choimisiún, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún í a ainmniú amhlaidh. Le córas foláireamh cáilithe, ba cheart a áirithiú go gcuirfidh an painéal eolaíoch an Oifig um Intleacht Shaorga ar an eolas faoi shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar cheart iad a aicmiú, b’fhéidir, mar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach, sa bhreis ar ghníomhaíochtaí faireacháin na hOifige um Intleacht Shaorga.
(114)
sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams, turėtų būti taikomos ne tik bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams numatytos pareigos, bet ir pareigos, kuriomis siekiama nustatyti ir sumažinti tą riziką ir užtikrinti tinkamą kibernetinio saugumo apsaugos lygį, neatsižvelgiant į tai, ar modelis tiekiamas kaip atskiras modelis, ar yra integruotas į DI sistemą arba gaminį. Kad tie tikslai būtų pasiekti, šiuo reglamentu tiekėjams turėtų būti nustatytas reikalavimas atlikti būtinus modelių vertinimus, visų pirma prieš pirmą kartą juos pateikiant rinkai, įskaitant modelių atsparumo kenksmingiems veiksmams bandymą ir dokumentavimą, taip pat, kai tinkama, atliekant vidaus ar nepriklausomą išorės bandymą. Be to, sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai turėtų nuolat vertinti ir mažinti sisteminę riziką, be kita ko, pavyzdžiui, nustatydami rizikos valdymo politiką, kaip antai atskaitomybės ir valdymo procesus, įgyvendindami stebėseną po pateikimo rinkai, imdamiesi tinkamų priemonių per visą modelio gyvavimo ciklą ir bendradarbiaudami su atitinkamais DI vertės grandinės dalyviais;
(114)
Ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu, sa bhreis ar na hoibleagáidí dá bhforáiltear maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, a bheith faoi réir oibleagáidí arb é is aidhm dóibh na rioscaí sin a shainaithint agus a mhaolú agus leibhéal leordhóthanach cosanta cibearshlándála a áirithiú, gan beann ar cibé acu a sholáthraítear mar shamhail neamhspleách í nó atá sí leabaithe i gcóras intleachta saorga nó i dtáirge. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, ba cheart leis an Rialachán seo ceangal a chur ar sholáthraithe na meastóireachtaí samhla is gá a dhéanamh, go háirithe sula gcuirtear ar an margadh den chéad uair iad, lena n-áirítear tástáil sáraíochta samhlacha a dhéanamh agus a dhoiciméadú, de réir mar is iomchuí, trí thástáil inmheánach nó trí thástáil sheachtrach neamhspleách. Ina theannta sin, ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu rioscaí sistéamacha a mheasúnú agus a mhaolú ar bhonn leanúnach, lena n-áirítear, amhail trí bheartais bainistithe riosca a chur i bhfeidhm, ar nós próisis chuntasachta agus rialachais, faireachán iarmhargaidh a chur chun feidhme, bearta iomchuí a dhéanamh feadh shaolré iomlán na samhla agus comhoibriú le gníomhaithe ábhartha feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga.
(115)
sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai turėtų įvertinti ir mažinti galimą sisteminę riziką. Jei, nepaisant pastangų nustatyti riziką, susijusią su bendrosios paskirties DI modeliu, kuris gali kelti sisteminę riziką, ir užkirsti jai kelią, dėl modelio kūrimo ar naudojimo įvyksta rimtas incidentas, bendrosios paskirties DI modelio tiekėjas turėtų nepagrįstai nedelsdamas stebėti incidentą ir pateikti Komisijai ir nacionalinėms kompetentingoms institucijoms visą svarbią informaciją ir pranešti apie galimas taisomąsias priemones. Be to, tiekėjai turėtų užtikrinti tinkamą modelio ir jo fizinės infrastruktūros kibernetinio saugumo apsaugos lygį, jei tinkama, visą modelio gyvavimo ciklą. Užtikrinant kibernetinį saugumą sisteminės rizikos, susijusios su piktavališku naudojimu ar išpuoliais, atžvilgiu turėtų būti tinkamai atsižvelgiama į atsitiktinį modelio konfidencialios informacijos atskleidimą, neteisėtą išleidimą, saugos priemonių apėjimą ir gynybą nuo kibernetinių išpuolių, neteisėtos prieigos ar modelio vagystės. Tą apsaugą būtų galima palengvinti užtikrinant modelių svorių, algoritmų, serverių ir duomenų rinkinių apsaugą, pavyzdžiui, taikant informacijos saugumui užtikrinti skirtas operatyvines saugumo priemones, konkrečią kibernetinio saugumo politiką, tinkamus techninius ir nustatytus sprendimus, taip pat kibernetinės ir fizinės prieigos kontrolės priemones, tinkančias pagal atitinkamas aplinkybes ir susijusią riziką;
(115)
Ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu measúnú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann agus iad a mhaolú. Más rud é, in ainneoin iarrachtaí chun rioscaí a bhaineann le samhail intleachta saorga ilchuspóireach a bhféadfadh rioscaí sistéamacha a bheith aici a shainaithint agus a chosc, go bhfuil forbairt nó úsáid na samhla ina cúis le teagmhas tromchúiseach, ba cheart don soláthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha súil a choinneáil ar an teagmhas gan moill mhíchuí agus aon fhaisnéis ábhartha agus aon bhearta ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú don Choimisiún agus do na húdaráis inniúla náisiúnta. Thairis sin, ba cheart do na soláthraithe leibhéal leordhóthanach cosanta cibearshlándála a áirithiú don tsamhail agus dá bonneagar fisiciúil, más iomchuí, feadh shaolré iomlán na samhla. Le cosaint chibearshlándála a bhaineann le rioscaí sistéamacha a ghabhann le húsáid mhailíseach nó ionsaithe, ba cheart aird chuí a thabhairt ar sceitheadh samhla de thaisme, scaoileadh neamhúdaraithe, teacht timpeall ar bhearta sábháilteachta, agus cosaint ar chibirionsaithe, rochtain neamhúdaraithe nó goid samhla. D’fhéadfaí an chosaint sin a éascú trí ualaí samhlacha, algartaim, freastalaithe agus tacair sonraí a dhaingniú, amhail trí bhearta slándála oibríochtúla le haghaidh slándáil faisnéise, beartais shonracha chibearshlándála, réitigh theicniúla leordhóthanacha agus réitigh bhunaithe leordhóthanacha, agus cibir-rialuithe agus rialuithe rochtana fisiciúla, atá iomchuí do na himthosca ábhartha agus do na rioscaí lena mbaineann.
(116)
DI tarnyba turėtų skatinti ir palengvinti praktikos kodeksų rengimą, peržiūrą ir pritaikymą, atsižvelgiant į tarptautinius požiūrius. Visi bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai galėtų būti pakviesti dalyvauti. Siekiant užtikrinti, kad praktikos kodeksai atspindėtų naujausius technikos laimėjimus ir juose būtų tinkamai atsižvelgta į įvairias perspektyvas, DI tarnyba turėtų bendradarbiauti su atitinkamomis nacionalinėmis kompetentingomis institucijomis ir galėtų, kai tinkama, dėl tokių kodeksų rengimo konsultuotis su pilietinės visuomenės organizacijomis ir kitais atitinkamais suinteresuotaisiais subjektais bei ekspertais, įskaitant specialistų grupę. Praktikos kodeksai turėtų apimti bendrosios paskirties DI modelių ir sisteminės rizikos bendrosios paskirties modelių tiekėjų pareigas. Be to, kiek tai susiję su sistemine rizika, praktikos kodeksai turėtų padėti nustatyti sisteminės rizikos rūšių ir pobūdžio taksonomiją Sąjungos lygmeniu, įskaitant jos šaltinius. Praktikos kodeksuose daug dėmesio turėtų būti skiriama ir konkrečioms rizikos vertinimo ir mažinimo priemonėms;
(116)
Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga tarraingt suas, athbhreithniú agus oiriúnú cód cleachtais a spreagadh agus a éascú, agus cuir chuige idirnáisiúnta á gcur san áireamh. D’fhéadfaí cuireadh a thabhairt do gach soláthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith rannpháirteach. Chun a áirithiú go léireoidh na cóid chleachtais an úrscothacht agus go gcuirfear san áireamh go cuí iontu tacar éagsúil peirspictíochtaí, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga comhoibriú leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, agus d’fhéadfadh sí, i gcás inarb iomchuí, dul i gcomhairle le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus le geallsealbhóirí agus saineolaithe ábhartha eile, lena n-áirítear an painéal eolaíoch, chun na cóid sin a tharraingt suas. Leis na cóid chleachtais, ba cheart na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu a chumhdach. Ina theannta sin, maidir le rioscaí sistéamacha, ba cheart do chóid chleachtais a bheith ina gcuidiú chun tacsanomaíocht riosca a bhunú de chineál agus de nádúr na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí. Ba cheart do chóid chleachtais a bheith dírithe freisin ar mheasúnú riosca sonrach agus ar bhearta maolaithe sonracha.
(117)
praktikos kodeksai turėtų būti svarbiausia priemonė, kad bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai galėtų tinkamai vykdyti pagal šį reglamentą numatytas pareigas. Tiekėjai turėtų galėti remtis praktikos kodeksais, kad įrodytų, jog vykdo pareigas. Komisija, priimdama įgyvendinimo aktus, gali nuspręsti patvirtinti praktikos kodeksą ir nustatyti jo bendrą galiojimą Sąjungoje arba, kita vertus, nustatyti bendras atitinkamų pareigų vykdymo taisykles, jei iki šio reglamento taikymo pradžios praktikos kodekso negalima užbaigti arba DI tarnyba jį laiko netinkamu. Kai darnusis standartas paskelbiamas ir DI tarnyba jį įvertina kaip tinkamą atitinkamoms pareigoms vykdyti, atitiktis Europos darniajam standartui turėtų suteikti tiekėjų atžvilgiu atitikties prezumpciją. Be to, bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai turėtų galėti įrodyti atitiktį naudodami alternatyvias tinkamas priemones, jei praktikos kodeksų ar darniųjų standartų nėra arba jie nusprendžia jais nesiremti;
(117)
Ba cheart do na cóid chleachtais a bheith ina n-uirlis lárnach chun na hoibleagáidí ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha dá bhforáiltear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh go cuí. Ba cheart do sholáthraithe a bheith in ann brath ar na cóid chleachtais chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a léiriú. Trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh cód cleachtais a fhormheas agus bailíocht ghinearálta a thabhairt dó laistigh den Aontas, nó, de rogha air sin, rialacha comhchoiteanna a sholáthar maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí ábhartha, más rud é, faoin tráth a thiocfaidh an Rialachán seo chun bheith infheidhme, nach féidir cód cleachtais a thabhairt chun críche nó nach measann an Oifig um Intleacht Shaorga é a bheith leordhóthanach. A luaithe a fhoilseofar caighdeán comhchuibhithe agus a mheasfar go bhfuil sé oiriúnach chun go gcumhdóidh an Oifig um Intleacht Shaorga na hoibleagáidí ábhartha, ba cheart, le comhlíonadh caighdeáin chomhchuibhithe Eorpaigh, toimhde comhréireachta a dheonú do sholáthraithe. Thairis sin, ba cheart do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bheith in ann comhlíonadh a léiriú trí mhodhanna leordhóthanacha eile a úsáid, mura bhfuil na cóid chleachtais nó na caighdeáin chomhchuibhithe ar fáil, nó má roghnaíonn siad gan a bheith ag brath orthu sin.
(118)
šiuo reglamentu DI sistemos ir DI modeliai reglamentuojami nustatant tam tikrus reikalavimus ir pareigas atitinkamiems rinkos dalyviams, kurie juos pateikia rinkai, pradeda naudoti arba naudoja Sąjungoje, taip papildant tarpininkavimo paslaugų teikėjų, kurie integruoja tokias sistemas ar modelius į savo paslaugas, pareigas, reglamentuojamas Reglamentu (ES) 2022/2065. Tokiu mastu, kokiu tokios sistemos ar modeliai yra integruoti į interneto platformų ir interneto paieškos sistemų, kurioms suteiktas atitinkamai labai didelių interneto platformų ar labai didelių interneto paieškos sistemų statusas, jiems taikoma Reglamente (ES) 2022/2065 numatyta rizikos valdymo sistema. Todėl turėtų būti preziumuojama, kad atitinkamos šiame reglamente nustatytos pareigos yra įvykdytos, nebent kiltų ir tokiuose modeliuose būtų nustatyta reikšminga sisteminė rizika, kuriai netaikomas Reglamentas (ES) 2022/2065. Pagal šią sistemą labai didelių interneto platformų ir labai didelių interneto paieškos sistemų paslaugų teikėjai privalo įvertinti galimą sisteminę riziką, kylančią dėl jų paslaugų projektavimo, veikimo ir naudojimo, įskaitant tai, kaip teikiant paslaugą naudojamų algoritmų sistemų dizainas gali prisidėti prie tokios rizikos, taip pat sisteminę riziką, kylančią dėl galimo netinkamo naudojimo. Šie paslaugų teikėjai taip pat privalo imtis tinkamų rizikos mažinimo priemonių laikydamiesi pagrindinių teisių;
(118)
Leis an Rialachán seo, rialáiltear córais intleachta saorga agus samhlacha intleachta saorga trí cheanglais agus oibleagáidí áirithe a fhorchur ar ghníomhaithe margaidh ábhartha atá á gcur ar an margadh, á gcur i mbun seirbhíse nó á n-úsáid san Aontas, agus ar an gcaoi sin oibleagáidí do sholáthraithe seirbhísí idirghabhálacha a leabaíonn na córais nó na samhlacha sin ina seirbhísí a rialáiltear le Rialachán (AE) 2022/2065 a chomhlánú. A mhéid atá na córais nó na samhlacha sin leabaithe in ardáin an-mhór ar líne ainmnithe nó in innill chuardaigh an-mhór ar líne ainmnithe, tá siad faoi réir an chreata bainistithe riosca dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2022/2065. Dá bhrí sin, ba cheart a thoimhdiú go gcomhlíontar oibleagáidí comhfhreagracha an Rialacháin seo, mura rud é go dtagann rioscaí sistéamacha suntasacha chun cinn nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) 2022/2065 agus go sainaithnítear iad sna samhlacha sin. Faoi chuimsiú an mhéid sin, tá sé d’oibleagáid ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne agus inneall cuardaigh an-mhór ar líne measúnú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha féideartha a eascraíonn as ceapadh, feidhmiú agus úsáid a gcuid seirbhísí, lena n-áirítear an chaoi a bhféadfadh ceapadh na gcóras algartamach a úsáidtear sa tseirbhís rannchuidiú leis na rioscaí sin, chomh maith le rioscaí sistéamacha a eascraíonn as mí-úsáidí féideartha. Tá sé d’oibleagáid ar na soláthraithe sin freisin bearta maolaitheacha iomchuí a dhéanamh agus cearta bunúsacha á n-urramú.
(119)
atsižvelgiant į spartų inovacijų ir technologinės raidos tempą, kiek tai susiję su skaitmeninėmis paslaugomis, kurioms taikomos įvairios Sąjungos teisės priemonės, visų pirma atsižvelgiant į jų gavėjų naudojimąsi jomis ir suvokimą, DI sistemos, kurioms taikomas šis reglamentas, gali būti teikiamos kaip tarpininkavimo paslaugos arba jų dalys, kaip tai suprantama Reglamente (ES) 2022/2065, kurios turėtų būti aiškinamos technologijų atžvilgiu neutraliu būdu. Pavyzdžiui, DI sistemos gali būti naudojamos interneto paieškos sistemoms teikti, visų pirma tiek, kiek DI sistema, pavyzdžiui, internetinis pokalbių robotas, iš esmės atlieka paiešką visose interneto svetainėse, tada rezultatus įtraukia į savo turimas žinias ir naudoja atnaujintas žinias, kad sugeneruotų bendrą išvedinį, apimantį skirtingus informacijos šaltinius;
(119)
I bhfianaise luas tapa na nuálaíochta agus éabhlóid theicneolaíoch na seirbhísí digiteacha i raon feidhme ionstraimí éagsúla dhlí an Aontais, go háirithe agus aird á tabhairt ar úsáid agus dearcadh a bhfaighteoirí, féadfar na córais intleachta saorga atá faoi réir an Rialacháin seo a sholáthar mar sheirbhísí idirghabhálacha nó mar chodanna díobh de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/2065, ar cheart iad a léirmhíniú ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de. Mar shampla, féadfar córais intleachta saorga a úsáid chun innill chuardaigh ar líne a sholáthar, go háirithe, a mhéid a dhéanann córas intleachta saorga, ar nós bota comhrá ar líne, cuardaigh, i bprionsabal, ar na suíomhanna gréasáin uile, agus a chorpraíonn sé ansin na torthaí san eolas atá aige cheana agus a úsáideann sé an t-eolas nuashonraithe chun aschur aonair a ghiniúint ina gcomhcheanglaítear foinsí éagsúla faisnéise.
(120)
be to, šiame reglamente tam tikrų DI sistemų tiekėjams ir diegėjams nustatytos pareigos, siekiant sudaryti sąlygas nustatyti ir atskleisti tai, kad tų sistemų išvediniai yra dirbtinai sugeneruoti arba gauti atlikus manipuliacijas, yra itin aktualios siekiant palengvinti veiksmingą Reglamento (ES) 2022/2065 įgyvendinimą. Tai visų pirma taikoma labai didelių interneto platformų arba labai didelių interneto paieškos sistemų paslaugų teikėjų pareigoms nustatyti ir sumažinti sisteminę riziką, galinčią kilti dėl turinio, kuris buvo dirbtinai sugeneruotas ar gautas atlikus manipuliacijas, sklaidos, visų pirma faktinio ar numatomo neigiamo poveikio demokratiniams procesams, pilietiniam diskursui ir rinkimų procesams, be kita ko, pasitelkiant dezinformaciją, riziką;
(120)
Ina theannta sin, na hoibleagáidí a chuirtear ar sholáthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga áirithe sa Rialachán seo chun gur féidir aschur na gcóras sin a bhrath agus a nochtadh go ndéantar aschur na gcóras sin a ghiniúint nó a chúbláil go saorga, tá siad ábhartha go háirithe chun cur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) 2022/2065 a éascú. Tá feidhm aige sin go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a mhaolú a d’fhéadfadh eascairt as scaipeadh ábhair a gineadh nó a ionramháladh go saorga, go háirithe an riosca go mbeidh éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar phróisis dhaonlathacha, ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis toghcháin, lena n-áirítear trí bhréagaisnéis.
(121)
standartizacija turėtų atlikti svarbų vaidmenį, kad tiekėjams būtų suteikti techniniai sprendimai siekiant užtikrinti atitiktį šiam reglamentui, atsižvelgiant į naujausius technikos laimėjimus, skatinti inovacijas, taip pat konkurencingumą ir augimą bendrojoje rinkoje. Atitiktis darniesiems standartams, kaip apibrėžta Europos Parlamento ir Tarybos reglamento (ES) Nr. 1025/2012 (41) 2 straipsnio 1 dalies c punkte, kurie, tikėtina, paprastai turėtų būti rengiami atsižvelgiant į naujausius technikos laimėjimus, turėtų būti viena iš priemonių tiekėjams įrodyti atitiktį šio reglamento reikalavimams. Todėl turėtų būti skatinamas subalansuotas atstovavimas interesams, į standartų rengimą įtraukiant visus atitinkamus suinteresuotuosius subjektus, visų pirma MVĮ, vartotojų organizacijas ir aplinkos bei socialinės srities suinteresuotuosius subjektus pagal Reglamento (ES) Nr. 1025/2012 5 ir 6 straipsnius. Kad būtų palengvinta atitiktis, standartizacijos prašymus Komisija turėtų pateikti nepagrįstai nedelsdama. Rengdama standartizacijos prašymą Komisija konsultuojasi su patariamuoju forumu ir valdyba, kad surinktų atitinkamų ekspertinių žinių. Tačiau, nesant atitinkamų nuorodų į darniuosius standartus, Komisija turėtų galėti įgyvendinimo aktais, pasikonsultavusi su patariamuoju forumu, nustatyti tam tikrų šiame reglamente nustatytų reikalavimų bendrąsias specifikacijas. Bendroji specifikacija turėtų būti išimtinis atsarginis sprendimas siekiant palengvinti tiekėjo pareigą laikytis šio reglamento reikalavimų, kai nė viena iš Europos standartizacijos organizacijų nepriima standartizacijos prašymo arba kai atitinkamuose darniuosiuose standartuose nepakankamai atsižvelgiama į pagrindinių teisių klausimus, arba kai darnieji standartai neatitinka prašymo, arba kai vėluojama priimti tinkamą darnųjį standartą. Jei priimti darnųjį standartą vėluojama dėl techninio to standarto sudėtingumo, Komisija turėtų į tai atsižvelgti prieš svarstydama galimybę nustatyti bendrąsias specifikacijas. Komisija raginama rengiant bendrąsias specifikacijas bendradarbiauti su tarptautiniais partneriais ir tarptautinėmis standartizacijos institucijomis;
(121)
Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gcaighdeánú chun réitigh theicniúla a sholáthar do sholáthraithe chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú, i gcomhréir leis an úrscothacht, chun an nuálaíocht a chur chun cinn mar aon leis an iomaíocht agus an fás sa mhargadh aonair. Comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear i bpointe (1)(c) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (41), a mbeifí ag súil leis go léireofaí an úrscothacht leo, ba cheart an comhlíonadh sin a bheith ina mhodh ag soláthraithe chun comhréireacht le ceanglais an Rialacháin seo a léiriú. Dá bhrí sin, ba cheart ionadaíocht chothrom ar leasanna a bhfuil baint ag na geallsealbhóirí ábhartha uile i bhforbairt caighdeán leo, go háirithe FBManna, eagraíochtaí tomhaltóirí agus geallsealbhóirí comhshaoil agus sóisialta i gcomhréir le hAirteagail 5 agus 6 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a spreagadh. Chun comhlíonadh a éascú, ba cheart don Choimisiún na hiarrataí ar chaighdeánú a eisiúint gan moill mhíchuí. Agus an iarraidh ar chaighdeánú á hullmhú aige, ba cheart don Choimisiún dul i gcomhairle leis an bhfóram comhairleach agus an Bord chun saineolas ábhartha a bhailiú. In éagmais tagairtí ábhartha do chaighdeáin chomhchuibhithe, áfach, ba cheart don Choimisiún a bheith in ann sonraíochtaí coiteanna a bhunú, trí ghníomhartha cur chun feidhme, agus tar éis dul i gcomhairle leis an bhfóram comhairleach, maidir le ceanglais áirithe faoin Rialachán seo. Ba cheart an tsonraíocht choiteann a bheith ina réiteach cúltaca eisceachtúil chun oibleagáid an tsoláthraí a éascú ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh, nuair nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh ar chaighdeánú, nó nuair a thugann na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha aghaidh neamhdhóthanach ar ábhair imní maidir le cearta bunúsacha, nó nuair nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh, nó nuair a bhíonn moill ar chaighdeán comhchuibhithe iomchuí a ghlacadh. I gcás inarb é castacht theicniúil an chaighdeáin sin is cúis leis an moill sin maidir le caighdeán comhchuibhithe a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún é sin a mheas sula ndéanfaidh sé machnamh ar shonraíochtaí coiteanna a bhunú. Agus sonraíochtaí coiteanna á bhforbairt, moltar don Choimisiún comhoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta agus le comhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú.
(122)
tikslinga, kad, nedarant poveikio darniųjų standartų ir bendrųjų specifikacijų naudojimui, turėtų būti laikoma, kad didelės rizikos DI sistemos, kuri buvo išmokyta ir išbandyta naudojant duomenis, atspindinčius konkrečią geografinę, elgsenos, kontekstinę ar funkcinę aplinką, kurioje DI sistemą ketinama naudoti, tiekėjai laikosi atitinkamos priemonės, numatytos pagal šiame reglamente nustatytą duomenų valdymo reikalavimą. Nedarant poveikio šiame reglamente nustatytiems reikalavimams, susijusiems su patvarumu ir tikslumu, vadovaujantis Reglamento (ES) 2019/881 54 straipsnio 3 dalimi, turėtų būti preziumuojama, kad didelės rizikos DI sistemos, kurios buvo sertifikuotos arba kurių atitikties pareiškimas buvo išduotas pagal kibernetinio saugumo sertifikavimo schemą pagal tą reglamentą ir kurių nuorodos paskelbtos Europos Sąjungos oficialiajame leidinyje, atitinka šiame reglamente nustatytą kibernetinio saugumo reikalavimą tiek, kiek kibernetinio saugumo sertifikatas ar atitikties pareiškimas arba jų dalys tenkina šiame reglamente nustatytą kibernetinio saugumo reikalavimą. Tai nedaro poveikio savanoriškam tos kibernetinio saugumo sertifikavimo schemos pobūdžiui;
(122)
Gan dochar d’úsáid caighdeán comhchuibhithe agus sonraíochtaí coiteanna, is iomchuí a thoimhdiú i ndáil le soláthraithe córais intleachta saorga ardriosca a ndearnadh oiliúint agus tástáil air maidir le sonraí lena léirítear an suíomh geografach, iompraíochta, comhthéacsúil nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga a úsáid, go gcomhlíonann siad an beart ábhartha dá bhforáiltear faoin gceanglas maidir le rialachas sonraí a leagtar amach sa Rialachán seo. Gan dochar do na ceanglais a bhaineann le stóinseacht agus cruinneas a leagtar amach sa Rialachán seo, i gcomhréir le hAirteagal 54(3) de Rialachán (AE) 2019/881, ba cheart a thoimhdiú maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ina leith faoi scéim cibearshlándála de bhun an Rialacháin sin agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go gcomhlíonann siad ceanglas cibearshlándála an Rialacháin seo a mhéid a chumhdaítear leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó codanna de ceanglas cibearshlándála an Rialacháin seo. Tá sé seo gan dochar fós do chineál deonach na scéime cibearshlándála sin.
(123)
siekiant užtikrinti aukšto lygio didelės rizikos DI sistemų patikimumą, šioms sistemoms turėtų būti taikomas reikalavimas atlikti atitikties vertinimą prieš pateikiant jas rinkai arba pradedant naudoti;
(123)
Chun ardleibhéal iontaofachta a áirithiú i gcórais intleachta saorga ardriosca, ba cheart na córais sin a bheith faoi réir measúnú comhréireachta sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad.
(124)
tinkama, kad, siekiant kuo labiau sumažinti naštą veiklos vykdytojams ir išvengti bet kokio galimo dubliavimo, didelės rizikos DI sistemoms, susijusioms su gaminiais, kuriems, remiantis naująja teisės aktų sistema, taikomi esami Sąjungos derinamieji teisės aktai, šių DI sistemų atitiktis šio reglamento reikalavimams turėtų būti vertinama atliekant pagal toje teisėje jau numatytą atitikties vertinimą. Todėl šio reglamento reikalavimų taikymas neturėtų daryti poveikio konkrečiai atitikties vertinimo, atliekamo pagal atitinkamus Sąjungos derinamuosius teisės aktus, logikai, metodikai ar bendrajai struktūrai;
(124)
Chun an t-ualach ar oibreoirí a íoslaghdú agus chun aon dúbláil a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint, maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais atá ann cheana bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua, is iomchuí gur cheart a mheasúnú a mhéid a chomhlíonann na córais intleachta saorga sin ceanglais an Rialacháin seo mar chuid den mheasúnú comhréireachta dá bhforáiltear cheana sa dlí sin. Níor cheart d’infheidhmeacht na gceanglas sa Rialachán seo difear a dhéanamh do loighic, modheolaíocht nó struchtúr ginearálta an mheasúnaithe comhréireachta faoi reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha an Aontais.
(125)
atsižvelgiant į didelės rizikos DI sistemų sudėtingumą ir su jomis susijusią riziką, svarbu sukurti tinkamą didelės rizikos DI sistemų atitikties vertinimo procedūrą, kurioje dalyvautų notifikuotosios įstaigos, vadinamąjį trečiosios šalies atliekamą atitikties vertinimą. Tačiau, atsižvelgiant į dabartinę sertifikuotojų prieš pateikiant rinkai patirtį gaminių saugos srityje ir skirtingą kylančios rizikos pobūdį, tinkama riboti (bent jau pradiniame šio reglamento taikymo etape) trečiosios šalies atliekamo didelės rizikos DI sistemų, išskyrus su gaminiais susijusias DI sistemas, atitikties vertinimo taikymo sritį. Todėl tokių sistemų atitikties vertinimą paprastai turėtų atlikti tiekėjas ir už tai atsakyti, išskyrus vienintelę išimtį, susijusią su DI sistemomis, kurios skirtos naudoti biometrijos tikslais;
(125)
I bhfianaise chastacht na gcóras intleachta saorga ardriosca agus na rioscaí a bhaineann leo, tá sé tábhachtach nós imeachta leordhóthanach um measúnú comhréireachta a fhorbairt le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca lena mbaineann comhlachtaí faoina dtugtar fógra, ar a dtugtar measúnú comhréireachta tríú páirtí. I bhfianaise thaithí reatha na ndeimhneoirí réamh-mhargaidh gairmiúla i réimse na sábháilteachta táirgí agus chineál éagsúil na rioscaí lena mbaineann, áfach, is iomchuí, ar a laghad le linn na chéad chéime de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, an raon feidhme a theorannú maidir le cur i bhfeidhm measúnaithe comhréireachta tríú páirtí le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca cé is moite díobh siúd a bhaineann leis na táirgí. Dá bhrí sin, mar riail ghinearálta, ba cheart don soláthraí an measúnú comhréireachta a dhéanamh ar na córais sin faoina fhreagracht féin, cé is moite de chórais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh bithmhéadrachta.
(126)
siekiant, kad būtų įvykdyti trečiosios šalies atliekami atitikties vertinimai, kai to reikalaujama, nacionalinės kompetentingos institucijos pagal šį reglamentą turėtų paskirti notifikuotąsias įstaigas, jeigu jos atitinka reikalavimus, visų pirma nepriklausomumo, kompetencijos, interesų konflikto nebuvimo ir tinkamus kibernetinio saugumo reikalavimus. Nacionalinės kompetentingos institucijos turėtų siųsti pranešimus apie šių įstaigų paskyrimą Komisijai ir kitoms valstybėms narėms naudodamosi Komisijos pagal Sprendimo Nr. 768/2008/EB I priedo R23 straipsnį parengta ir prižiūrima elektronine notifikavimo priemone;
(126)
Chun measúnuithe comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh nuair a cheanglaítear sin, ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta fógra a thabhairt do na comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad tacar ceanglas, go háirithe maidir leis an neamhspleáchas, an inniúlacht, an easpa coinbhleachtaí leasa agus ceanglais chibearshlándála oiriúnacha. Ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta fógra faoi na comhlachtaí sin a sheoladh chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit eile trí bhíthin na huirlise leictreonaí um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal R23 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Uimh. 768/2008/CE.
(127)
laikantis Sąjungos įsipareigojimų pagal Pasaulio prekybos organizacijos susitarimą dėl techninių prekybos kliūčių, yra tinkama palengvinti atitikties vertinimo rezultatų, kuriuos pateikė kompetentingos atitikties vertinimo įstaigos, tarpusavio pripažinimą, nepriklausomai nuo teritorijos, kurioje jos yra įsteigtos, jei tos atitikties vertinimo įstaigos, įsteigtos pagal trečiosios valstybės teisę, atitinka taikytinus šio reglamento reikalavimus ir Sąjunga yra sudariusi tokios apimties susitarimą. Šiame kontekste Komisija turėtų aktyviai nagrinėti galimas tarptautines priemones šiuo tikslu ir visų pirma siekti sudaryti abipusio pripažinimo susitarimus su trečiosiomis valstybėmis;
(127)
I gcomhréir le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála maidir le Bacainní Teicniúla ar Thrádáil, is leor aitheantas frithpháirteach a éascú do thorthaí an mheasúnaithe comhréireachta a tháirgeann comhlachtaí inniúla um measúnú comhréireachta, neamhspleách ar an gcríoch ina bhfuil siad bunaithe, ar choinníoll go gcomhlíonann na comhlachtaí um measúnú comhréireachta sin arna mbunú faoi dhlí tríú tír ceanglais infheidhme an Rialacháin seo agus go bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas a mhéid sin. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Choimisiún féachaint go gníomhach ar ionstraimí idirnáisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann chun na críche sin agus go háirithe tabhairt i gcrích comhaontuithe um aitheantas frithpháirteach le tríú tíortha a shaothrú.
(128)
laikantis bendrai nustatytos gaminių, reglamentuojamų pagal Sąjungos derinamuosius teisės aktus, esminio pakeitimo sąvokos, tinkama, kad visais atvejais, kai įvyksta pokytis, kuris gali turėti įtakos didelės rizikos DI sistemos atitikčiai šiam reglamentui (pvz., operacinės sistemos ar programinės įrangos architektūros pakeitimas), arba pasikeitus sistemos numatytajai paskirčiai, ta DI sistema turėtų būti laikoma nauja DI sistema, kurios atitiktis turėtų būti įvertinta iš naujo. Tačiau DI sistemų, kurios toliau „mokosi“ po to, kai buvo pateiktos rinkai arba pradėtos naudoti (t. y. automatiškai prisitaiko vykdant funkcijas), algoritmo ir veikimo efektyvumo pokyčiai neturėtų būti laikomi esminiu pakeitimu, jeigu tuos pakeitimus tiekėjas numatė iš anksto ir jie buvo įvertinti atitikties vertinimo metu;
(128)
Aon uair a tharlaíonn athrú a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht córais intleachta saorga ardriosca leis an Rialachán seo (e.g. athrú ar an gcóras oibriúcháin nó ar ailtireacht na mbogearraí), nó nuair a thagann athrú ar an gcríoch atá beartaithe don chóras, is iomchuí gur cheart a mheas gur córas intleachta saorga nua é an córas intleachta saorga sin ar cheart measúnú comhréireachta nua a dhéanamh air i gcomhréir le coincheap an mhodhnaithe shubstaintiúil a bhunaítear go coitianta le haghaidh táirgí a rialaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Níor cheart, áfach, modhnú substaintiúil a bheith in athruithe a thagann ar an algartam agus ar fheidhmíocht na gcóras intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, eadhon oiriúnú go huathoibríoch don chaoi a ndéantar feidhmeanna, ar choinníoll go ndearna an soláthraí na hathruithe sin a réamhchinneadh agus go ndearnadh measúnú orthu tráth an mheasúnaithe comhréireachta.
(129)
kad didelės rizikos DI sistemos galėtų laisvai judėti vidaus rinkoje, jos turėtų būti ženklinamos CE ženklu, iš kurio būtų matyti, kad jos atitinka šį reglamentą. Didelės rizikos DI sistemos, integruotos į gaminį, turėtų būti fiziškai ženklinamos CE ženklu, kuris gali būti papildytas skaitmeniniu CE ženklu. Didelės rizikos DI sistemų, kurios teikiamos tik skaitmenine forma, atveju turėtų būti naudojamas skaitmeninis CE ženklas. Valstybės narės neturėtų sudaryti nepagrįstų kliūčių pateikti rinkai ar pradėti naudoti didelės rizikos DI sistemas, kurios atitinka šiame reglamente nustatytus reikalavimus ir yra paženklintos CE ženklu;
(129)
Ba cheart an mharcáil CE a bheith ar chórais intleachta saorga ardriosca chun a shonrú go bhfuil siad i gcomhréir leis an Rialachán seo sa dóigh is gur féidir leo gluaiseacht gan bhac laistigh den mhargadh inmheánach. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá leabaithe sa táirge, ba cheart marcáil CE fisiciúil a ghreamú orthu, agus féadfar é a chomhlánú le marcáil dhigiteach CE. I gcás córais intleachta saorga ardriosca nach soláthraítear ach go digiteach, ba cheart marcáil dhigiteach CE a úsáid. Níor cheart do na Ballstáit constaicí éagóracha a chruthú maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil an mharcáil CE orthu a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse.
(130)
tam tikromis sąlygomis galimybė greitai pasinaudoti inovatyviomis technologijomis gali būti labai svarbi asmenų sveikatos bei saugos, aplinkos apsaugos ir klimato kaitos požiūriu ir visai visuomenei. Todėl išimtinėmis su viešuoju saugumu ar fizinių asmenų gyvybės ir sveikatos apsauga, aplinkos apsauga ir itin svarbių pramonės bei infrastruktūros objektų apsauga susijusiomis aplinkybėmis rinkos priežiūros institucijos galėtų leisti pateikti rinkai arba pradėti naudoti DI sistemas, kurių atitikties vertinimas nebuvo atliktas. Tinkamai pagrįstais atvejais, kaip numatyta šiame reglamente, teisėsaugos institucijos arba civilinės saugos institucijos gali pradėti naudoti konkrečią didelės rizikos DI sistemą be rinkos priežiūros institucijos leidimo, jei tokio leidimo nepagrįstai nedelsiant paprašoma naudojimo metu arba po panaudojimo;
(130)
Faoi choinníollacha áirithe, d’fhéadfadh rochtain thapa ar theicneolaíochtaí nuálacha a bheith ríthábhachtach do shláinte agus sábháilteacht daoine, do chosaint an chomhshaoil agus don athrú aeráide agus don tsochaí ina hiomláine. Dá bhrí sin, is iomchuí i gcás cúiseanna eisceachtúla a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó le beatha nó sláinte daoine nádúrtha a chosaint, caomhnú an chomhshaoil agus cosaint sócmhainní tionsclaíocha agus bonneagair ríthábhachtacha, go bhféadfadh údaráis faireachais margaidh údarú a thabhairt maidir le córais intleachta saorga nach ndearnadh measúnú comhréireachta orthu a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, dá bhforáiltear faoin Rialachán seo, féadfaidh údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis cosanta sibhialta córas intleachta saorga ardriosca sonrach a chur i mbun seirbhíse gan údarú ón údarás faireachais margaidh, ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú sin le linn na húsáide nó ina diaidh gan moill mhíchuí.
(131)
siekiant palengvinti Komisijos ir valstybių narių darbą DI srityje, taip pat suteikti daugiau skaidrumo visuomenei, turėtų būti reikalaujama, kad didelės rizikos DI sistemų, išskyrus DI sistemas, susijusias su gaminiais, kuriems taikomi atitinkami esami Sąjungos derinamieji teisės aktai, tiekėjai, taip pat tiekėjai, kurie laiko, kad į šio reglamento priede pateiktą didelės rizikos atvejų sąrašą įtraukta DI sistema nėra didelės rizikos sistema remiantis nukrypti leidžiančia nuostata, įsiregistruotų patys ir įregistruotų informaciją apie savo didelės rizikos DI sistemą ES duomenų bazėje, kurią sukurs ir tvarkys Komisija. Prieš naudodami į šio reglamento priede pateiktą didelės rizikos atvejų sąrašą įtrauktą DI sistemą, didelės rizikos DI sistemų diegėjai, kurie yra viešojo sektoriaus institucijos, agentūros ar įstaigos, turėtų užsiregistruoti tokioje duomenų bazėje ir pasirinkti sistemą, kurią jie numato naudoti. Kiti diegėjai turėtų turėti teisę tai daryti savanoriškai. Ši ES duomenų bazės dalis turėtų būti prieinama viešai, nemokamai, informacija turėtų būti lengvai naršoma, suprantama ir kompiuterio skaitoma. ES duomenų bazė taip pat turėtų būti patogi naudoti, pavyzdžiui, suteikiant paieškos funkcijas, be kita ko, naudojant raktinius žodžius, kad plačioji visuomenė galėtų rasti aktualią informaciją, kuri turi būti pateikiama registruojant didelės rizikos DI sistemas, ir informaciją apie didelės rizikos DI sistemų, nurodytų šio reglamento priede, kurias atitinka didelės rizikos DI sistemos, panaudojimo atvejį. Visi esminiai didelės rizikos DI sistemų pakeitimai taip pat turėtų būti registruojami ES duomenų bazėje. Didelės rizikos DI sistemų teisėsaugos, migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo srityse atveju registravimo pareigos turėtų būti vykdomos saugioje neviešoje ES duomenų bazės dalyje. Prieiga prie saugios neviešos dalies turėtų būti suteikiama tik Komisijai ir rinkos priežiūros institucijoms, kiek tai susiję su jų nacionaline tos duomenų bazės dalimi. Didelės rizikos DI sistemos ypatingos svarbos infrastruktūros srityje turėtų būti registruojamos tik nacionaliniu lygmeniu. Komisija turėtų būti ES duomenų bazės valdytoja, laikantis Europos Parlamento ir Tarybos reglamento (ES) 2018/1725. Siekiant užtikrinti visapusišką įdiegtos ES duomenų bazės veikimą, pagal duomenų bazės kūrimo procedūrą turėtų būti numatyta, kad Komisija parengs funkcines specifikacijas ir kad bus parengta nepriklausomo audito ataskaita. Komisija, vykdydama savo, kaip ES duomenų valdytojos, užduotis, turėtų atsižvelgti į kibernetinio saugumo riziką. Siekiant užtikrinti, kad ES duomenų bazė būtų kuo labiau prieinama visuomenei ir kuo plačiau jos naudojama, ES duomenų bazė, įskaitant joje pateikiamą informaciją, turėtų atitikti Direktyvos (ES) 2019/882 reikalavimus;
(131)
Chun obair an Choimisiúin agus na mBallstát i réimse na hintleachta saorga a éascú chomh maith leis an trédhearcacht i leith an phobail a mhéadú, ba cheart é a bheith de cheangal ar sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca, cé is moite díobh siúd a bhaineann le táirgí a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chomhchuibhithe áirithe an Aontais, chomh maith le soláthraithe atá den tuairim, ar bhonn maolaithe, nach mbaineann ardriosca le córas intleachta saorga a liostaítear sna cásanna úsáide ardriosca in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, iad féin agus faisnéis faoina gcóras intleachta saorga ardriosca a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais, bunachar sonraí atá le bunú agus le bainistiú ag an gCoimisiún. Sula n-úsáidfidh siad córas intleachta saorga a liostaítear sna cásanna úsáide ardriosca in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca ar údaráis, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí poiblí iad, iad féin a chlárú sa bhunachar sonraí sin agus an córas a bheartaíonn siad a úsáid a roghnú. Ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla eile a bheith i dteideal é sin a dhéanamh go deonach. Ba cheart an chuid seo de bhunachar sonraí an Aontais a bheith inrochtana don phobal, saor, ba cheart an fhaisnéis a bheith in-nascleanta go héasca, intuigthe agus inléite ag meaisín. Ba cheart bunachar sonraí an Aontais a bheith soláimhsithe freisin, mar shampla trí fheidhmiúlachtaí cuardaigh a sholáthar, lena n-áirítear trí eochairfhocail, lena gceadaítear don phobal i gcoitinne faisnéis ábhartha a aimsiú atá le cur isteach nuair a chláraítear córais intleachta saorga ardriosca agus maidir le cás úsáide na gcóras intleachta saorga ardriosca, a leagtar amach in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, dá gcomhfhreagraíonn na córais intleachta saorga ardriosca. Ba cheart aon mhodhnú substaintiúil ar chórais intleachta saorga ardriosca a chlárú freisin i mbunachar sonraí an Aontais. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca i réimse fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, ba cheart na hoibleagáidí clárúcháin a chomhlíonadh i roinn shlán neamhphoiblí de bhunachar sonraí an Aontais. Ba cheart rochtain ar an roinn shlán neamhphoiblí a theorannú go docht don Choimisiún agus d’údaráis faireachais margaidh maidir lena roinn náisiúnta den bhunachar sonraí sin. Níor cheart córais intleachta saorga ardriosca i réimse an bhonneagair chriticiúil a chlárú ach amháin ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart don Choimisiún a bheith ina rialaitheoir ar bhunachar sonraí an Aontais, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725. Chun feidhmiúlacht iomlán an bhunachair sonraí a áirithiú, nuair atá sé in úsáid, ba cheart forbairt na sonraíochtaí feidhmiúla ag an gCoimisiún agus ag tuarascáil neamhspleách iniúchóireachta a áireamh mar chuid den nós imeachta chun bunachar sonraí an Aontais a shocrú. Ba cheart don Choimisiún rioscaí cibearshlándála a chur san áireamh agus a chúraimí mar rialaitheoir sonraí á ndéanamh aige ar bhunachar sonraí an Aontais. Chun infhaighteacht agus úsáid bhunachar sonraí an Aontais ag an bpobal a uasmhéadú, ba cheart bunachar sonraí an Aontais, lena n-áirítear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil tríd, na ceanglais faoi Threoir (AE) 2019/882 a chomhlíonadh.
(132)
tam tikros DI sistemos, kurių paskirtis yra sąveikauti su fiziniais asmenimis arba generuoti turinį, gali kelti konkrečią apsimetinėjimo arba apgaulės riziką, nepriklausomai nuo to, ar jos priskiriamos didelės rizikos DI sistemoms. Todėl šių sistemų naudojimui tam tikromis aplinkybėmis turėtų būti taikomos konkrečios skaidrumo pareigos, nedarant poveikio dėl didelės rizikos DI sistemų taikomiems reikalavimams ir pareigoms, taip pat taikomos tikslinės išimtys siekiant atsižvelgti į specifinius teisėsaugos poreikius. Visų pirma fiziniai asmenys turėtų būti informuojami apie tai, kad bendrauja su DI sistema, nebent tai yra akivaizdu fizinio asmens, kuris yra pakankamai informuotas, pastabus ir nuovokus, požiūriu, atsižvelgiant į aplinkybes ir naudojimo kontekstą. Vykdant tą pareigą, reikėtų atsižvelgti į fizinių asmenų, dėl jų amžiaus ar negalios priklausančių pažeidžiamoms grupėms, savybes tiek, kiek DI sistema taip pat skirta bendrauti su tomis grupėmis. Be to, fizinius asmenis reikėtų informuoti apie tai, kad jie sąveikauja su DI sistemomis, kurios, tvarkydamos jų biometrinius duomenis, gali nustatyti ar nuspėti tų asmenų emocijas ar ketinimus arba priskirti juos konkrečioms kategorijoms. Tokios konkrečios kategorijos gali būti susijusios su tokiais aspektais kaip lytis, amžius, plaukų spalva, akių spalva, tatuiruotės, asmeniniai požymiai, etninė kilmė, asmeniniai pomėgiai ir interesai. Tokia informacija ir pranešimai turėtų būti teikiami neįgaliesiems prieinama forma;
(132)
Córais intleachta saorga áirithe atá beartaithe le hidirghníomhú le daoine nádúrtha nó le hábhar a ghiniúint, d’fhéadfadh siad rioscaí sonracha a chothú maidir le pearsanú nó meabhlaireacht gan beann ar cé acu atá siad incháilithe mar ardriosca nó nach bhfuil. In imthosca áirithe, ba cheart, dá bhrí sin, úsáid na gcóras sin a bheith faoi réir oibleagáidí sonracha trédhearcachta gan dochar do na ceanglais agus na hoibleagáidí le haghaidh córas intleachta saorga ardriosca agus faoi réir eisceachtaí spriocdhírithe chun riachtanas speisialta fhorfheidhmiú an dlí a chur san áireamh. Go háirithe, ba cheart fógra a thabhairt do dhaoine nádúrtha go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga, ach amháin más léir sin ó thaobh duine nádúrtha atá réasúnta eolach, géarchúiseach agus cáiréiseach, agus na himthosca agus comhthéacs na húsáide á gcur san áireamh. Agus an oibleagáid sin á cur chun feidhme, ba cheart saintréithe daoine nádúrtha, ar de ghrúpaí leochaileacha iad mar gheall ar a n-aois nó a míchumas, a chur san áireamh a mhéid atá sé beartaithe leis an gcóras intleachta saorga idirghníomhú leis na grúpaí sin chomh maith. Thairis sin, ba cheart fógra a thabhairt do dhaoine nádúrtha nuair a nochtar córais intleachta saorga dóibh ar féidir leo, trína sonraí bithmhéadracha a phróiseáil, mothúcháin nó intinn na ndaoine sin a shainaithint nó a thabhairt le tuiscint nó iad a shannadh do chatagóirí sonracha. D’fhéadfadh baint a bheith ag na catagóirí sonracha sin le gnéithe, amhail gnéas, aois, dath gruaige, dath súile, tatúnna, tréithe pearsanta, bunús eitneach, roghanna pearsanta agus leasanna pearsanta. Ba cheart an fhaisnéis agus na fógraí sin a sholáthar i bhformáidí inrochtana le haghaidh daoine faoi mhíchumas.
(133)
įvairios DI sistemos gali sugeneruoti didelį kiekį sintetinio turinio, kurį žmonėms tampa vis sunkiau atskirti nuo žmogaus sukurto ir autentiško turinio. Platus tų sistemų prieinamumas ir didėjantys jų pajėgumai daro reikšmingą poveikį informacinės ekosistemos vientisumui ir patikimumui, todėl kyla nauja klaidingos informacijos ir plataus masto manipuliavimo, sukčiavimo, apsimetimo kitais asmenimis ir vartotojų apgaulės rizika. Atsižvelgiant į tą poveikį, sparčius technologijų pokyčius ir poreikį taikyti naujus metodus ir metodus informacijos kilmei atsekti, yra tikslinga reikalauti, kad tų sistemų tiekėjai integruotų techninius sprendimus, leidžiančius kompiuterio skaitomu formatu pažymėti ir nustatyti, kad išvedinį sugeneravo arba gavo atlikusi manipuliacijas DI sistema, o ne žmogus. Tokie metodai ir būdai turėtų būti pakankamai tvirti, sąveikūs, veiksmingi ir patikimi, kiek tai techniškai įmanoma, atsižvelgiant į turimus metodus arba tokių metodų derinį, pavyzdžiui, kai gali būti tinkama, vandens ženklus, metaduomenų identifikavimą, kriptografinius metodus turinio kilmei ir autentiškumui įrodyti, registravimo metodus, pirštų atspaudus ar kitas priemones. Įgyvendindami šią pareigą, tiekėjai turėtų taip pat atsižvelgti į įvairių rūšių turinio ypatybes ir ribotumus, taip pat į atitinkamus technologijų ir rinkos pokyčius šioje srityje, kuriuos atspindi visuotinai pripažinti technikos laimėjimai. Tokie metodai ir būdai gali būti įgyvendinami DI sistemos lygmeniu arba DI modelio lygmeniu, įskaitant bendrosios paskirties DI modelius, generuojančius turinį, taip palengvinant DI sistemos tolesnės grandies tiekėjui vykdyti šią pareigą. Siekiant išlaikyti proporcingumą, yra tikslinga numatyti, kad ši ženklinimo pareiga neturėtų būti taikoma DI sistemoms, kurios visų pirma atlieka pagalbinę standartinio redagavimo funkciją, arba DI sistemoms, kurios iš esmės nekeičia diegėjo pateiktų įvesties duomenų arba jų semantikos;
(133)
Is féidir le córais intleachta saorga éagsúla méideanna móra d’ábhar sintéiseach a ghiniúint a éiríonn níos deacra do dhaoine idirdhealú a dhéanamh ó ábhar a ghintear ag an duine agus ó ábhar barántúil. Bíonn tionchar suntasach ag infhaighteacht leathan agus cumais mhéadaitheacha na gcóras sin ar shláine éiceachóras na faisnéise agus ar an muinín a chuirtear ann, rud a chruthaíonn rioscaí nua mífhaisnéise agus cúblála ar scála, calaois, pearsanú agus meabhlaireacht tomhaltóirí. I bhfianaise na dtionchar sin, an luais thapa teicneolaíochta agus an ghá atá le modhanna agus teicnící nua chun tionscnamh faisnéise a rianú, is iomchuí a cheangal ar sholáthraithe na gcóras sin réitigh theicniúla a leabú lena bhféadfar marcáil a dhéanamh i bhformáid mheaisín-inléite agus a bhrath gur gineadh nó gur ionramháladh an t-aschur le córas intleachta saorga seachas ag duine. Ba cheart na teicnící agus na modhanna sin a bheith iontaofa, idir-inoibritheach, éifeachtach agus stóinseach a mhéid is indéanta sin go teicniúil, agus na teicnící atá ar fáil nó meascán de na teicnící sin á gcur san áireamh, amhail comharthaí uisce, sainaithint meiteashonraí, modhanna cripteagrafacha chun bunáitíocht agus barántúlacht an ábhair a chruthú, modhanna logála, méarloirg nó teicnící eile, de réir mar is iomchuí. Agus an oibleagáid sin á cur chun feidhme, ba cheart do sholáthraithe sainiúlachtaí agus srianta na gcineálacha éagsúla ábhair agus na forbairtí ábhartha teicneolaíochta agus margaidh sa réimse, mar a léirítear iad sna forbairtí úrscothacha lena nglactar go ginearálta, a chur san áireamh freisin. Is féidir na teicnící agus na modhanna sin a chur chun feidhme ar leibhéal an chórais intleachta saorga nó ar leibhéal na samhla intleachta saorga, lena n-áirítear samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena ngintear ábhar, agus, ar an gcaoi sin, comhlíonadh na hoibleagáide sin a éascú ag soláthraí iartheachtach an chórais intleachta saorga. Chun leanúint de bheith comhréireach, is iomchuí foráil a dhéanamh nár cheart a chumhdach leis an oibleagáid mharcála sin córais intleachta saorga a fheidhmíonn feidhm chúnta go príomha le haghaidh eagarthóireacht chaighdeánach nó córais intleachta saorga nach n-athróidh go substaintiúil na sonraí ionchuir arna soláthar ag an úsáideoir gairmiúil nó an tséimeantaic a ghabhann leo.
(134)
diegėjai, kurie naudoja DI sistemą, kad sugeneruotų ar atlikę manipuliacijas gautų judamo ar nejudamo vaizdo arba garso turinį, kuris labai panašus į realius asmenis, daiktus, vietas, subjektus ar įvykius ir kurį asmuo gali klaidingai palaikyti autentišku ar tikrovišku (sintetinė sankaita), turėtų atskleisti ne tik techninius sprendimus, kuriuos naudoja DI sistemos tiekėjai, bet taip pat turėtų aiškiai ir matomai atskleisti, kad turinys buvo dirbtinai sukurtas arba gautas atlikus manipuliacijas, atitinkamai paženklindami DI išvedinį ir atskleisdami informaciją apie jo dirbtinę kilmę. Skaidrumo pareigos vykdymas neturėtų būti aiškinamas taip, kad DI sistemos ar jos išvedinio naudojimas trukdo įgyvendinti teisę į saviraiškos laisvę ir teisę į menų ir mokslo laisvę, garantuojamas Chartijoje, visų pirma tais atvejais, kai turinys yra akivaizdžiai kūrybinio, satyrinio, meninio, išgalvoto ar analogiško kūrinio ar programos dalis, taikant tinkamas trečiųjų šalių teisių ir laisvių apsaugos priemones. Tokiais atvejais šiame reglamente nustatyta skaidrumo pareiga, kiek tai susiję su sintetine sankaita, apima tik atskleidimą, kad esama tokio sugeneruoto ar gauto atlikus manipuliacijas turinio, tinkamu būdu, kuris nekliudytų rodyti kūrinį ar juo mėgautis, įskaitant įprastą jo naudojimą, kartu išlaikant kūrinio naudingumą ir kokybę. Be to, taip pat tikslinga numatyti panašią atskleidimo pareigą, susijusią su DI sugeneruotu arba gautu atlikus manipuliacijas tekstu, jei jis skelbiamas siekiant informuoti visuomenę viešojo intereso klausimais, išskyrus atvejus, kai dirbtinio intelekto sugeneruotam turiniui taikomas žmogaus atliekamos peržiūros ar redakcinės kontrolės procesas arba kai fizinis ar juridinis asmuo prisiima redakcinę atsakomybę dėl turinio paskelbimo;
(134)
Sa bhreis ar na réitigh theicniúla a úsáideann soláthraithe an chórais intleachta saorga, ba cheart d’úsáideoirí gairmiúla, a úsáideann córas intleachta saorga chun ábhar íomhá, fuaime nó físe atá cosúil go suntasach le daoine, réada, áiteanna, eintitis nó imeachtaí atá ann cheana a ghiniúint nó a chúbláil agus a dhealródh go bréagach do dhuine go bhfuil sé barántúil nó fírinneach (domhainbhrionnuithe), a nochtadh go soiléir agus go sainiúil gur cruthaíodh nó gur ionramháladh an t-ábhar go saorga trí aschur na hintleachta saorga a lipéadú dá réir sin agus a thionscnamh saorga a nochtadh. Níor cheart comhlíonadh na hoibleagáide trédhearcachta sin a léirmhíniú mar léiriú go gcuireann úsáid an chórais intleachta saorga nó a aschur bac ar an gceart chun tuairimí a nochtadh agus ar an gceart chun saoirse na n-ealaíon agus na n-eolaíochtaí a ráthaítear sa Chairt, go háirithe i gcás inar cuid de shaothar nó de chlár, nó ina cuid de shaothar nó de chlár atá ar aon dul le saothar nó clár, cruthaitheach, aorach, ealaíonta, ficseanúil é an t-ábhar, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí tríú páirtithe. Sna cásanna sin, tá an oibleagáid trédhearcachta maidir le domhainbhrionnuithe a leagtar amach sa Rialachán seo teoranta do nochtadh gur ann d’ábhar ginte nó cúbláilte den sórt sin ar bhealach iomchuí nach gcuireann isteach ar thaispeáint ná ar theachtadh na hoibre, lena n-áirítear a ghnáthshaothrú agus a ghnáthúsáid, agus áirgiúlacht agus cáilíocht na hoibre á gcoinneáil ag an am céanna. Ina theannta sin, is iomchuí freisin foráil a dhéanamh maidir le hoibleagáid nochta chomhchosúil i ndáil le téacs arna ghiniúint nó arna chúbláil ag intleacht shaorga a mhéid a fhoilsítear é chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le leas an phobail mura rud é go ndeachaigh an t-ábhar arna ghiniúint ag intleacht shaorga faoi phróiseas athbhreithnithe dhaonna nó rialaithe eagarthóireachta agus go bhfuil freagracht eagarthóireachta ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach as an ábhar a fhoilsiú.
(135)
nedarant poveikio privalomam skaidrumo pareigų pobūdžiui ir visapusiškam jų taikymui, Komisija taip pat gali skatinti ir palengvinti Sąjungos lygmens praktikos kodeksų rengimą, kad būtų sudarytos palankesnės sąlygos veiksmingai įgyvendinti pareigas, susijusias su dirbtinai sugeneruoto ar gauto atlikus manipuliacijas turinio aptikimu ir ženklinimu, be kita ko, remti praktinę tvarką, pagal kurią atitinkamai būtų prieinami aptikimo mechanizmai ir palengvintas bendradarbiavimas su kitais vertės grandinės dalyviais, platinant turinį arba tikrinant jo autentiškumą ir kilmę, kad visuomenė galėtų veiksmingai atskirti DI sugeneruotą turinį;
(135)
Gan dochar do chineál éigeantach agus infheidhmeacht iomlán na n-oibleagáidí trédhearcachta, féadfaidh an Coimisiún tarraingt suas cód cleachtais a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an Aontais chun cur chun feidhme éifeachtach na n-oibleagáidí maidir le brath agus lipéadú ábhair arna ghiniúint nó arna chúbláil go saorga a éascú, lena n-áirítear tacú le socruithe praiticiúla chun na sásraí braite a dhéanamh inrochtana, de réir mar is iomchuí, agus comhar a éascú le gníomhaithe eile feadh an tslabhra luacha, ábhar a scaipeadh nó a bharántúlacht agus a fhoinse a sheiceáil chun a chur ar chumas an phobail idirdhealú éifeachtach a dhéanamh idir ábhar arna ghiniúint ag intleacht shaorga.
(136)
šiame reglamente tam tikrų DI sistemų tiekėjams ir diegėjams nustatytos pareigos, siekiant sudaryti sąlygas nustatyti ir atskleisti tai, kad tų sistemų išvediniai yra dirbtinai sugeneruoti arba gauti atlikus manipuliacijas, yra itin aktualios siekiant palengvinti veiksmingą Reglamento (ES) 2022/2065 įgyvendinimą. Tai visų pirma taikoma labai didelių interneto platformų arba labai didelių interneto paieškos sistemų paslaugų teikėjų pareigoms nustatyti ir sumažinti sisteminę riziką, galinčią kilti dėl turinio, kuris buvo dirbtinai sugeneruotas ar gautas atlikus manipuliacijas, sklaidos, visų pirma faktinio ar numatomo neigiamo poveikio demokratiniams procesams, pilietiniam diskursui ir rinkimų procesams, be kita ko, pasitelkiant dezinformaciją, riziką. Reikalavimas ženklinti DI sistemų sugeneruotą turinį pagal šį reglamentą nedaro poveikio Reglamento (ES) 2022/2065 16 straipsnio 6 dalyje nustatytai prieglobos paslaugų teikėjų pareigai tvarkyti pranešimus apie neteisėtą turinį, gautus pagal to reglamento 16 straipsnio 1 dalį, ir neturėtų daryti poveikio vertinimui ir sprendimui dėl konkretaus turinio neteisėtumo. Tas vertinimas turėtų būti atliekamas atsižvelgiant tik į turinio teisėtumą reglamentuojančias taisykles;
(136)
Na hoibleagáidí a chuirtear ar sholáthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga áirithe sa Rialachán seo chun gur féidir aschur na gcóras sin a bhrath agus a nochtadh go ndéantar aschur na gcóras sin a ghiniúint nó a chúbláil go saorga, tá siad ábhartha go háirithe chun cur chun feidhme éifeachtach Rialachán (AE) 2022/2065 a éascú. Tá feidhm aige sin go háirithe a mhéid a bhaineann leis na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe ardán an-mhór ar líne nó inneall cuardaigh an-mhór ar líne rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a mhaolú a d’fhéadfadh eascairt as scaipeadh ábhair a gineadh nó a ionramháladh go saorga, go háirithe an riosca go mbeadh éifeachtaí diúltacha iarbhír nó intuartha ar phróisis dhaonlathacha, ar an dioscúrsa sibhialta agus ar phróisis toghcháin, lena n-áirítear trí bhréagaisnéis. Tá an ceanglas maidir le hábhar a ghintear le córais intleachta saorga faoin Rialachán seo a lipéadú gan dochar don oibleagáid in Airteagal 16(6) de Rialachán (AE) 2022/2065 atá ar sholáthraithe seirbhísí óstála fógraí a phróiseáil maidir le hábhar neamhdhleathach a fhaightear de bhun Airteagal 16(1) den Rialachán sin agus níor cheart dó tionchar a imirt ar an measúnú ná ar an gcinneadh maidir le neamhdhleathacht an ábhair shonraigh. Níor cheart an measúnú sin a dhéanamh ach amháin ag tagairt do na rialacha lena rialaítear dlíthiúlacht an ábhair.
(137)
pirmiau nurodytų skaidrumo pareigų, susijusių su DI sistemomis, kurioms taikomas šis reglamentas, vykdymas neturėtų būti aiškinamas taip, kad DI sistemos ar jos išvedinių naudojimas yra teisėtas pagal šį reglamentą arba kitą Sąjungos ir valstybės narės teisę, ir neturėtų daryti poveikio kitoms Sąjungos ar nacionalinėje teisėje nustatytoms DI sistemų diegėjams taikomoms skaidrumo pareigoms;
(137)
Níor cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí trédhearcachta a chumhdaítear leis an Rialachán seo a léirmhíniú mar léiriú go bhfuil úsáid nó aschur an chórais intleachta saorga dleathach faoin Rialachán seo nó faoi dhlí eile de chuid an Aontais agus na mBallstát agus ba cheart é a bheith gan dochar d’oibleagáidí trédhearcachta eile ar úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta.
(138)
DI yra sparčiai besivystanti technologijų grupė, kuriai reikalinga reglamentavimo priežiūra ir saugi ir kontroliuojama eksperimentavimo erdvė, kartu užtikrinant atsakingas inovacijas ir tinkamų apsaugos ir rizikos mažinimo priemonių integraciją. Siekiant užtikrinti inovacijas skatinančią, į ateitį orientuotą ir sutrikdymams atsparią teisinę sistemą, valstybės narės turėtų užtikrinti, kad jų nacionalinės kompetentingos institucijos sukurtų bent vieną apribotą bandomąją DI reglamentavimo aplinką nacionaliniu lygmeniu, kad būtų palengvintas naujoviškų DI sistemų kūrimas ir bandymas taikant griežtą reglamentavimo priežiūrą iki šių sistemų pateikimo rinkai arba pradėjimo naudoti. Valstybės narės taip pat galėtų šią pareigą vykdyti dalyvaudamos jau veikiančiose apribotose bandomosiose reglamentavimo aplinkose arba kartu su vienos ar daugiau valstybių narių kompetentingomis institucijomis sukurdamos apribotą bandomąją aplinką, jei tokiu dalyvavimu dalyvaujančioms valstybėms narėms užtikrinama lygiaverčio lygio nacionalinė aprėptis. DI apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos galėtų būti sukurtos fizine, skaitmenine ar mišria forma ir gali apimti fizinius ir skaitmeninius gaminius. Steigiamosios institucijos taip pat turėtų užtikrinti, kad DI apribotose bandomosiose reglamentavimo aplinkose būtų pakankamai išteklių jų veikimui, įskaitant finansinius ir žmogiškuosius išteklius;
(138)
Grúpa teicneolaíochtaí atá san intleacht shaorga atá ag forbairt go tapa agus a bhfuil formhaoirseacht rialála agus spás rialaithe sábháilte le haghaidh turgnamhaíochta ag teastáil ina leith, agus nuálaíocht fhreagrach agus comhtháthú coimircí iomchuí agus bearta maolaithe riosca á n-áirithiú. Chun creat dlíthiúil a chuireann an nuálaíocht chun cinn, atá stóinseach don todhchaí, agus athléimneach in aghaidh suaite a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbunódh a n-údaráis inniúla náisiúnta bosca gainimh rialála intleachta saorga amháin ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta chun forbairt agus tástáil na gcóras intleachta saorga nuálach faoi fhormhaoirseacht rialála dhian a éascú sula gcuirfear na córais sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse ar shlí eile. D’fhéadfadh na Ballstáit an oibleagáid sin a chomhlíonadh freisin trí pháirt a ghlacadh i mboscaí gainimh rialála atá ann cheana nó trí bhosca gainimh a bhunú go comhpháirteach le húdarás inniúil Ballstáit amháin nó níos mó, a mhéid a sholáthraíonn an rannpháirtíocht sin leibhéal coibhéiseach cumhdaigh náisiúnta do na Ballstáit rannpháirteacha. D’fhéadfaí boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú i bhfoirm fhisiciúil, dhigiteach nó hibrideach agus d’fhéadfadh siad freastal ar tháirgí fisiciúla agus digiteacha. Ba cheart d’údaráis bhunaitheacha a áirithiú freisin go bhfuil na hacmhainní leordhóthanacha ag na boscaí gainimh rialála intleachta saorga chun go bhfeidhmeoidh siad, lena n-áirítear acmhainní airgeadais agus daonna.
(139)
apribotų bandomųjų DI reglamentavimo aplinkų tikslai turėtų būti DI inovacijų skatinimas, kūrimo etapu ir etapu prieš pateikimą rinkai nustatant kontroliuojamą eksperimentavimo ir bandymų aplinką, siekiant užtikrinti naujoviškų DI sistemų atitiktį šiam reglamentui ir kitiems susijusiems Sąjungos ir valstybių narių teisės aktams. Be to, bandomosios DI reglamentavimo aplinkomis turėtų būti siekiama novatorių teisinio tikrumo ir kompetentingų institucijų priežiūros ir supratimo apie DI naudojimo galimybes, naują riziką ir poveikį didinimas, palankesnių sąlygų institucijoms ir įmonėms mokytis reglamentavimo srityje sudarymas, be kita ko, atsižvelgiant į būsimus teisinės sistemos pritaikymus, bendradarbiavimo ir dalijimosi geriausios praktikos pavyzdžiais su institucijomis, susijusiomis su DI apribota bandomąja reglamentavimo aplinka, rėmimas, taip pat patekimo į rinką spartinimas, be kita ko, kliūčių mažosioms ir vidutinėms įmonėms (MVĮ), įskaitant startuolius, pašalinimas. DI apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos turėtų būti plačiai prieinamos visoje Sąjungoje, o ypatingas dėmesys turėtų būti skiriamas jų prieinamumui MVĮ, įskaitant startuolius. Dalyvaujant apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje daugiausia dėmesio turėtų būti skiriama klausimams, dėl kurių tiekėjams ir galimiems tiekėjams kyla teisinis netikrumas siekiant diegti inovacijas, eksperimentuoti su DI Sąjungoje ir prisidėti prie faktiniais duomenimis grindžiamo mokymosi reglamentavimo srityje. Todėl DI sistemų priežiūra apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje turėtų apimti jų kūrimą, mokymą, bandymą ir validavimą prieš pateikiant sistemas rinkai arba pradedant jas naudoti, taip pat esminio pakeitimo, dėl kurio gali prireikti naujos atitikties vertinimo procedūros, sąvoką ir pasireiškimą. Bet kokia reikšminga rizika, nustatyta kuriant ir bandant tokias DI sistemas, turėtų būti atitinkamai sumažinama, o jeigu tai nepavyksta, kūrimo ir bandymo procesas turėtų būti sustabdomas. Kai tinkama, nacionalinės kompetentingos institucijos, kuriančios apribotas bandomąsias DI reglamentavimo aplinkas, turėtų bendradarbiauti su kitomis atitinkamomis institucijomis, įskaitant prižiūrinčias pagrindinių teisių apsaugą, ir galėtų sudaryti sąlygas dalyvauti kitiems DI ekosistemos dalyviams, pavyzdžiui, nacionalinėms ar Europos standartizacijos organizacijoms, notifikuotosioms įstaigoms, bandymų ir eksperimentavimo infrastruktūros atstovams, mokslinių tyrimų ir eksperimentavimo laboratorijoms, Europos skaitmeninių inovacijų centrams, atitinkamiems suinteresuotiesiems subjektams ir pilietinės visuomenės organizacijoms. Kad būtų užtikrintas vienodas įgyvendinimas visoje Sąjungoje ir masto ekonomija, yra tinkama sukurti bendras DI apribotų bandomųjų reglamentavimo aplinkų įgyvendinimo taisykles ir atitinkamų institucijų, dalyvaujančių vykdant apribotų bandomųjų aplinkų priežiūrą, bendradarbiavimo sistemą. Pagal šį reglamentą sukurtos DI apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos neturėtų daryti poveikio kitai teisei, pagal kurią leidžiama sukurti kitas apribotas bandomąsias aplinkas, kuriomis siekiama užtikrinti atitiktį kitiems teisės aktams nei šis reglamentas. Kai tinkama, atitinkamos kompetentingos institucijos, atsakingos už tas kitas apribotas bandomąsias reglamentavimo aplinkas, turėtų apsvarstyti tų apribotų bandomųjų aplinkų naudojimo naudą, be kita ko, siekiant užtikrinti DI sistemų atitiktį šiam reglamentui. Nacionalinėms kompetentingoms institucijoms ir apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos dalyviams susitarus, bandymai realiomis sąlygomis taip pat gali būti atliekami ir prižiūrimi apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos sąlygomis;
(139)
Ba cheart a bheith i gceist le cuspóirí na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga nuálaíocht intleachta saorga a chothú trí thimpeallacht rialaithe turgnamhaíochta agus tástála a bhunú sa chéim forbartha agus réamh-mhargaithe d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na córais intleachta saorga nuálacha an Rialachán seo agus dlí ábhartha eile de chuid an Aontais agus an dlí náisiúnta eile, Thairis sin, le boscaí gainimh rialála intleachta saorga, ba cheart é a bheith mar aidhm feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil do nuálaithe agus ar fhormhaoirseacht agus tuiscint na n-údarás inniúil ar na deiseanna, ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ar thionchair na húsáide a bhaintear as intleacht shaorga, foghlaim rialála a éascú d’údaráis agus gnóthais, lena n-áirítear d’fhonn an creat dlíthiúil a oiriúnú amach anseo, tacú le comhar agus le comhroinnt dea-chleachtas leis na húdaráis a bhfuil baint acu le bosca gainimh rialála intleachta saorga, agus rochtain ar mhargaí a luathú, lena n-áirítear trí bhacainní do FBManna a bhaint, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta. Ba cheart boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bheith ar fáil go forleathan ar fud an Aontais, agus ba cheart aird ar leith a thabhairt ar a n-inrochtaineacht do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta. Ba cheart an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga díriú ar shaincheisteanna lena n-ardaítear éiginnteacht dhlíthiúil do sholáthraithe agus soláthraithe ionchasacha chun nuálaíocht a dhéanamh, triail a bhaint as an intleacht shaorga san Aontas agus cur le foghlaim rialála atá bunaithe ar fhianaise. Dá bhrí sin, ba cheart a chumhdach leis an maoirseacht ar na córais intleachta saorga sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga a bhforbairt, a n-oiliúint, a dtástáil agus a mbailíochtú sula gcuirfear na córais ar an margadh nó i mbun seirbhíse, chomh maith leis an gcoincheap maidir le modhnú substaintiúil agus tarlú an mhodhnaithe shubstaintiúil a bhféadfadh nós imeachta nua um measúnú comhréireachta a bheith ag teastáil ina leith. Má shainaithnítear aon rioscaí suntasacha le linn fhorbairt agus thástáil na gcóras intleachta saorga sin, ba cheart maolú leordhóthanach a dhéanamh agus, ina éagmais sin, ba cheart an próiseas forbartha agus tástála a chur ar fionraí. I gcás inarb iomchuí, ba cheart d’údaráis inniúla náisiúnta a bhunaíonn boscaí gainimh rialála intleachta saorga oibriú i gcomhar le húdaráis ábhartha eile, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann maoirseacht ar chosaint na gceart bunúsach, agus d’fhéadfaidís rannpháirtíocht gníomhaithe eile a cheadú laistigh den éiceachóras intleachta saorga, amhail eagraíochtaí náisiúnta nó Eorpacha um chaighdeánú, comhlachtaí faoina dtugtar fógra, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, saotharlanna taighde agus turgnamhaíochta, Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach agus eagraíochtaí ábhartha geallsealbhóirí agus na sochaí sibhialta. Chun cur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud an Aontais agus barainneacht scála a áirithiú, is iomchuí rialacha comhchoiteanna a bhunú maidir leis na boscaí gainimh rialála intleachta saorga a chur chun feidhme agus creat a bhunú maidir le comhar idir na húdaráis ábhartha atá rannpháirteach i maoirseacht na mboscaí gainimh. Ba cheart boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunaítear faoin Rialachán seo a bheith gan dochar do dhlí eile lena gceadaítear boscaí gainimh eile a bhunú arb é is aidhm dóibh comhlíonadh dlí, cé is moite den Rialachán seo, a áirithiú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na húdaráis inniúla ábhartha atá i gceannas ar na boscaí gainimh rialála eile féachaint ar na tairbhí a bhaineann leis na boscaí gainimh sin a úsáid freisin chun comhlíonadh na gcóras intleachta saorga leis an Rialachán seo a áirithiú. Féadfar tástáil faoi fhíordhálaí a oibriú agus a mhaoirsiú freisin faoi chuimsiú an bhosca gainimh rialála intleachta saorga, faoi réir comhaontú idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus na rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga.
(140)
šiuo reglamentu turėtų būti nustatytas apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos tiekėjams ir galimiems tiekėjams skirtas teisinis pagrindas dėl asmens duomenų, kurie buvo surinkti kitais tikslais, naudojimo, siekiant apribotoje bandomojoje reglamentavimo DI aplinkoje sukurti tam tikras su viešuoju interesu susijusias DI sistemas, tik nurodytomis sąlygomis, laikantis Reglamento (ES) 2016/679 6 straipsnio 4 dalies bei 9 straipsnio 2 dalies g punkto ir Reglamento (ES) 2018/1725 5, 6 ir 10 straipsnių, nedarant poveikio Direktyvos (ES) 2016/680 4 straipsnio 2 daliai ir 10 straipsniui. Visos kitos duomenų valdytojų pareigos ir duomenų subjektų teisės pagal Reglamentą (ES) 2016/679, Reglamentą (ES) 2018/1725 ir Direktyvą (ES) 2016/680 taikomos toliau. Visų pirma šiuo reglamentu neturėtų būti nustatytas teisinis pagrindas, kaip tai suprantama Reglamento (ES) 2016/679 22 straipsnio 2 dalies b punkte ir Reglamento (ES) 2018/1725 24 straipsnio 2 dalies b punkte. Apribotoje DI bandomojoje aplinkoje tiekėjai ir galimi tiekėjai turėtų užtikrinti tinkamas apsaugos priemones ir bendradarbiauti su kompetentingomis institucijomis, be kita ko, vadovautis jų rekomendacijomis ir veikti greitai bei sąžiningai, kad tinkamai sumažintų bet kokią nustatytą reikšmingą riziką saugumui, sveikatai, aplinkai ir pagrindinėms teisėms, kuri gali kilti kuriant, vykdant bandymą ir eksperimentuojant toje apribotoje bandomojoje aplinkoje;
(140)
Ba cheart an Rialachán seo a bheith ina bhunús dlí do na soláthraithe agus na soláthraithe ionchasacha sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga chun sonraí pearsanta a bhailítear chun críoch eile a úsáid chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt ar mhaithe le leas an phobail faoi chuimsiú an bhosca gainimh rialála intleachta saorga, faoi choinníollacha sonraithe amháin, i gcomhréir le hAirteagail 6(4) agus 9(2), pointe (g), de Rialachán (AE) 2016/679, agus Airteagail 5, 6 agus 10 de Rialachán (AE) 2018/1725, agus gan dochar d’Airteagail 4(2) agus 10 de Threoir (AE) 2016/680. Beidh feidhm fós ag na hoibleagáidí eile ar fad atá ar rialaitheoirí sonraí agus ag cearta na n-ábhar sonraí faoi Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680. Go háirithe, níor cheart bunús dlí a sholáthar leis an Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 22(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/679 agus Airteagal 24(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1725. Ba cheart do sholáthraithe agus soláthraithe ionchasacha an bhosca gainimh rialála intleachta saorga coimircí iomchuí a áirithiú agus oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear trína dtreoir a leanúint agus trí ghníomhú go tapa agus de mheon macánta chun aon ardriosca sainaitheanta suntasach a mhaolú maidir le sábháilteacht, sláinte, agus cearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn na forbartha, na tástála agus na turgnamhaíochta sa bhosca gainimh sin.
(141)
siekiant paspartinti šio reglamento priede išvardytų didelės rizikos DI sistemų kūrimo ir pateikimo rinkai procesą, svarbu, kad tokių sistemų tiekėjai arba galimi tiekėjai taip pat galėtų pasinaudoti specialia tų sistemų bandymo realiomis sąlygomis tvarka, nedalyvaudami DI apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje. Tačiau tokiais atvejais, atsižvelgiant į galimas tokių bandymų pasekmes asmenims, reikėtų užtikrinti, kad tiekėjams ar galimiems tiekėjams šiuo reglamentu būtų nustatytos tinkamos ir pakankamos garantijos bei sąlygos. Tokios garantijos, inter alia, turėtų apimti reikalavimą, kad fiziniai asmenys duotų informacija grindžiamą sutikimą dalyvauti bandymuose realiomis sąlygomis, išskyrus teisėsaugą, kai informacija grindžiamo sutikimo prašymas užkirstų kelią DI sistemai išbandyti. Subjektų sutikimas dalyvauti tokiuose bandymuose pagal šį reglamentą skiriasi nuo duomenų subjektų sutikimo tvarkyti jų asmens duomenis pagal atitinkamus duomenų apsaugos teisės aktus ir nedaro jam poveikio. Taip pat svarbu kuo labiau sumažinti riziką ir sudaryti sąlygas kompetentingoms institucijoms vykdyti priežiūrą, ir todėl reikalauti, kad galimi paslaugų teikėjai kompetentingai rinkos priežiūros institucijai pateiktų bandymo realiomis sąlygomis planą, registruotų bandymą specialiose ES duomenų bazės dalyse, taikant tam tikras ribotas išimtis, nustatytų laikotarpio, per kurį galima atlikti bandymą, trukmę, ir reikalauti papildomų apsaugos priemonių tam tikroms pažeidžiamoms grupėms priklausantiems asmenims, taip pat rašytinio susitarimo, kuriame būtų apibrėžti galimų tiekėjų ir diegėjų vaidmenys ir atsakomybė, ir veiksmingos kompetentingų darbuotojų, dalyvaujančių bandyme realiomis sąlygomis, atliekamos priežiūros. Be to, tikslinga numatyti papildomas apsaugos priemones siekiant užtikrinti, kad DI sistemos predikcijos, rekomendacijos ar sprendimai galėtų būti veiksmingai atšaukti ir į juos galėtų būti neatsižvelgiama, taip pat kad asmens duomenys būtų apsaugomi ir ištrinami, kai subjektai atšaukia savo sutikimą dalyvauti bandyme, nedarant poveikio jų, kaip duomenų subjektų, teisėms pagal Sąjungos duomenų apsaugos teisę. Kalbant apie duomenų perdavimą, taip pat tikslinga numatyti, kad bandymo realiomis sąlygomis tikslais surinkti ir tvarkomi duomenys turėtų būti perduodami trečiosioms valstybėms tik tais atvejais, kai įgyvendinamos tinkamos ir taikytinos pagal Sąjungos teisę apsaugos priemonės, visų pirma remiantis asmens duomenų perdavimo pagrindais pagal Sąjungos teisę duomenų apsaugos srityje, o ne asmens duomenų atžvilgiu nustatytos tinkamos apsaugos priemonės pagal Sąjungos teisę, pavyzdžiui, Europos Parlamento ir Tarybos reglamentus (ES) 2022/868 (42) ir (ES) 2023/2854 (43).
(141)
Chun dlús a chur leis an bpróiseas chun na córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a fhorbairt agus a chur ar an margadh, tá sé tábhachtach go bhféadfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha na gcóras sin tairbhiú de chóras sonrach chun na córais sin a thástáil faoi fhíordhálaí, gan a bheith rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga. I gcásanna den sórt sin, áfach, agus na hiarmhairtí, a d’fhéadfadh a bheith ag an tástáil sin, ar dhaoine aonair á gcur san áireamh, ba cheart a áirithiú go dtabharfar isteach leis an Rialachán seo ráthaíochtaí agus coinníollacha iomchuí agus leordhóthanacha do sholáthraithe nó soláthraithe ionchasacha. Ba cheart a áireamh ar na ráthaíochtaí sin, inter alia, toiliú feasach a iarraidh ó dhaoine nádúrtha chun páirt a ghlacadh sa tástáil faoi fhíordhálaí, cé is moite d’fhorfheidhmiú an dlí i gcás ina gcuirfí cosc ar thástáil an chórais intleachta saorga mar gheall ar thoiliú feasach a bheith á lorg. Tá toiliú na ndaoine is ábhar don tástáil chun páirt a ghlacadh sa tástáil sin faoin Rialachán seo éagsúil ó thoiliú na n-ábhar sonraí chun a sonraí pearsanta a phróiseáil faoin dlí ábhartha maidir le cosaint sonraí agus gan dochar don toiliú sin. Tá sé tábhachtach freisin na rioscaí a íoslaghdú agus formhaoirseacht ag na húdaráis inniúla a chumasú agus, dá bhrí sin, ceangal a chur ar sholáthraithe ionchasacha plean tástála i bhfíordhálaí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil faireachais margaidh, an tástáil a chlárú i gcodanna tiomnaithe de bhunachar sonraí an Aontais faoi réir roinnt eisceachtaí teoranta, teorainneacha a leagan síos maidir leis an tréimhse inar féidir an tástáil a dhéanamh agus coimircí breise a éileamh do dhaoine, lena n-áirítear daoine ar de ghrúpaí leochaileacha áirithe iad chomh maith le comhaontú i scríbhinn lena sainítear róil agus freagrachtaí na soláthraithe ionchasacha agus na n-úsáideoirí gairmiúla agus formhaoirseacht éifeachtach ag pearsanra inniúil a bhfuil baint acu leis an tástáil i bhfíordhálaí. Thairis sin, is iomchuí coimircí breise a bheartú chun a áirithiú gur féidir tuartha, moltaí nó cinntí an chórais intleachta saorga a aisiompú go héifeachtach agus neamhaird a thabhairt orthu agus go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint agus a scriosadh nuair a tharraingíonn na daoine is ábhar siar a dtoiliú chun páirt a ghlacadh sa tástáil gan dochar dá gcearta mar ábhair sonraí faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí. A mhéid a bhaineann le sonraí a aistriú, is iomchuí a bheartú nár cheart sonraí a bhailítear agus ar a ndéantar próiseáil chun críche tástála i bhfíordhálaí a aistriú go tríú tíortha ach amháin i gcás ina gcuirtear coimircí iomchuí agus is infheidhme faoi dhlí an Aontais chun feidhme, go háirithe i gcomhréir le boinn chun sonraí pearsanta a aistriú faoi dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, agus, i gcás sonraí neamhphearsanta, cuirtear coimircí iomchuí i bhfeidhm i gcomhréir le dlí an Aontais, amhail Rialacháin (AE) 2022/868 (42) agus (AE) 2023/2854 (43) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(142)
siekiant užtikrinti, kad DI duotų visuomenei ir aplinkai naudingų rezultatų, valstybės narės raginamos remti ir skatinti mokslinius tyrimus ir plėtrą, susijusius su DI sprendimais, kuriais padedama siekti visuomenei ir aplinkai naudingų rezultatų, pavyzdžiui, DI grindžiamais sprendimais siekiant padidinti prieinamumą asmenims su negalia, kovoti su socialine ir ekonomine nelygybe ar pasiekti aplinkos tikslus, skiriant pakankamai išteklių, įskaitant viešąjį ir Sąjungos finansavimą, ir, kai tinkama, visų pirma atsižvelgiant į projektus, kuriais siekiama tokių tikslų, su sąlyga, kad tenkinami tinkamumo ir atrankos kriterijai. Tokie projektai turėtų būti grindžiami DI kūrėjų, nelygybės ir nediskriminavimo, prieigos, vartotojų, aplinkos ir skaitmeninių teisių specialistų, taip pat akademinės bendruomenės narių tarpdalykinio bendradarbiavimo principu;
(142)
Chun a áirithiú go mbeidh torthaí a théann chun tairbhe don tsochaí agus don chomhshaol mar thoradh ar an intleacht shaorga, moltar do na Ballstáit tacú le taighde agus forbairt réiteach intleachta saorga agus iad a chur chun cinn chun tacú le torthaí atá chun tairbhe na sochaí agus an chomhshaoil, amhail réitigh bunaithe ar an intleacht shaorga chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a mhéadú, dul i ngleic le neamhionannais shocheacnamaíocha, nó spriocanna comhshaoil a bhaint amach, trí acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh, lena n-áirítear cistiú poiblí agus cistiú ón Aontas, agus, i gcás inarb iomchuí agus ar choinníoll go gcomhlíontar na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin, agus go háirithe tionscadail lena saothraítear na cuspóirí sin á gcur san áireamh. Ba cheart na tionscadail sin a bheith bunaithe ar phrionsabal an chomhair idirdhisciplínigh idir forbróirí intleachta saorga, saineolaithe ar neamhionannas agus neamh-idirdhealú, inrochtaineacht, cearta tomhaltóirí, comhshaoil agus digiteacha, chomh maith le hacadóirí.
(143)
siekiant skatinti ir apsaugoti inovacijas, svarbu, kad būtų ypač atsižvelgiama į MVĮ, įskaitant startuolius, kurios yra DI sistemų tiekėjos ar diegėjos, interesus. Siekdamos to tikslo, valstybės narės turėtų rengti šiems veiklos vykdytojams skirtas iniciatyvas, įskaitant informuotumo didinimą ir informacijos perdavimą. Valstybės narės turėtų suteikti MVĮ, įskaitant startuolius, kurių registruota buveinė arba filialas yra Sąjungoje, pirmenybinę prieigą prie apribotų bandomųjų DI reglamentavimo aplinkų, jei jos tenkina tinkamumo sąlygas ir atrankos kriterijus, neužkertant kelio kitiems tiekėjams ir galimiems tiekėjams prieiti prie bandomųjų aplinkų, jei jie tenkina tas pačias sąlygas ir kriterijus. Valstybės narės turėtų naudotis esamais kanalais ir, kai tinkama, nustatyti naujus specialius bendravimo su MVĮ, įskaitant startuolius, diegėjais, kitais novatoriais ir atitinkamai su vietos valdžios institucijomis kanalus, kad padėtų MVĮ vystytis – kad būtų teikiamos rekomendacijos ir atsakoma į užklausas dėl šio reglamento įgyvendinimo. Kai tinkama, šie kanalai turėtų bendradarbiauti, kad sukurtų sinergiją ir užtikrintų, kad MVĮ, įskaitant startuolius, ir diegėjams teikiamos gairės būtų vienodos. Be to, valstybės narės turėtų sudaryti palankesnes sąlygas MVĮ ir kitiems atitinkamiems suinteresuotiesiems subjektams dalyvauti standartų rengimo procesuose. Be to, notifikuotosios įstaigos, nustatydamos atitikties vertinimo mokesčius, turėtų atsižvelgti į konkrečius tiekėjų, kurie yra MVĮ, įskaitant startuolius, interesus ir poreikius. Komisija turėtų reguliariai vertinti MVĮ, įskaitant startuolius, išlaidas dėl sertifikavimo ir atitikties, be kita ko, skaidriai konsultuodamasi, ir turėtų bendradarbiauti su valstybėmis narėmis siekiant sumažinti tokias išlaidas. Pavyzdžiui, tiekėjai ir kiti veiklos vykdytojai, visų pirma smulkieji, gali patirti didelių vertimo raštu išlaidų, susijusių su privalomais dokumentais ir bendravimu su institucijomis. Valstybės narės turėtų numatyti galimybę užtikrinti, kad viena iš jų nustatytų ir priimtinų kalbų, vartojamų atitinkamiems tiekėjams rengiant dokumentus ir bendraujant su veiklos vykdytojais, būtų plačiai suprantama kuo didesniam tarpvalstybinių diegėjų ratui. Siekdama atsižvelgti į konkrečius MVĮ, įskaitant startuolius, poreikius, Komisija Valdybos prašymu turėtų pateikti standartinius šablonus, skirtus sritims, kurioms taikomas šis reglamentas. Be to, Komisija turėtų papildyti valstybių narių pastangas suteikdama bendrą informacinę platformą, kurioje visiems tiekėjams ir diegėjams būtų teikiama paprasta naudoti informacija apie šį reglamentą, organizuodama tinkamas komunikacijos kampanijas, skirtas informuotumui apie šiame reglamente nustatytas pareigas didinti, taip pat vertindama ir skatindama su DI sistemomis susijusių viešųjų pirkimų procedūrų geriausios praktikos konvergenciją. Vidutinės įmonės, kurios iki neseniai buvo laikomos mažosiomis įmonėmis, kaip tai suprantama Komisijos rekomendacijos 2003/361/EB (44) priede, turėtų turėti galimybę naudotis tomis paramos priemonėmis, nes šioms naujoms vidutinėms įmonėms kartais gali trūkti teisinių išteklių ir mokymo, būtinų siekiant užtikrinti, kad šis reglamentas būtų tinkamai suprantamas ir jo būtų laikomasi.
(143)
Chun an nuálaíocht a chur chun cinn agus a chosaint, tá sé tábhachtach leasanna FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta ar soláthraithe nó úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga iad, a chur san áireamh go háirithe. Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit tionscnaimh a fhorbairt atá dírithe ar na hoibreoirí sin, lena n-áirítear maidir le hardú feasachta agus cumarsáid faisnéise. Ba cheart do na Ballstáit rochtain tosaíochta ar bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga a sholáthar do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a bhfuil oifig chláraithe nó brainse acu san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin agus gan bac a chur ar sholáthraithe agus soláthraithe ionchasacha eile rochtain a fháil ar na boscaí gainimh ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha agus na critéir chéanna. Ba cheart do na Ballstáit na bealaí atá ann cheana a úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart dóibh bealaí tiomnaithe nua le haghaidh cumarsáid le FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, nuálaithe eile agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla, a bhunú chun tacú le FBManna feadh a gconaire forbartha trí threoir a thabhairt agus freagairt ar fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na bealaí sin oibriú le chéile chun sineirgí a chruthú agus aonchineálacht a áirithiú ina dtreoir do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus úsáideoirí gairmiúla. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit rannpháirtíocht FBManna agus geallsealbhóirí ábhartha eile sna próisis forbartha um chaighdeánú a éascú. Thairis sin, ba cheart leasanna sonracha agus riachtanais shonracha ar FBManna iad, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta a chur san áireamh agus táillí measúnaithe comhréireachta á socrú ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra. Ba cheart don Choimisiún measúnú tráthrialta ar na costais deimhniúcháin agus chomhlíontachta do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, trí chomhairliúcháin thrédhearcacha agus oibriú leis na Ballstáit chun na costais sin a laghdú. Mar shampla, d’fhéadfadh costais shuntasacha a bheith i gceist le costais aistriúcháin a bhaineann le doiciméadacht agus cumarsáid shainordaitheach leis na húdaráis, le haghaidh soláthraithe agus oibreoirí eile, go háirithe iad siúd ar mionscála. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú, más féidir, maidir leis na teangacha a chinnfidh siad agus a nglacfaidh siad leo le haghaidh dhoiciméadacht ábhartha na soláthraithe agus cumarsáid leis na hoibreoirí inti, gur teanga í ceann amháin de na teangacha sin a bhfuil tuiscint éigin ag an líon is mó úsáideoirí gairmiúla trasteorann is féidir uirthi. Chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, ba cheart don Choimisiún teimpléid chaighdeánaithe a sholáthar le haghaidh na réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo arna iarraidh sin don Bhord. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún iarrachtaí na mBallstát a chomhlánú trí fhaisnéis atá éasca le húsáid maidir leis an Rialachán seo a sholáthar d’ardán faisnéise aonair do gach soláthraí agus úsáideoir gairmiúil, trí fheachtais chumarsáide iomchuí a eagrú chun feasacht a ardú maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo, agus trí mheasúnú agus cur chun cinn a dhéanamh ar chóineasú na gcleachtas is fearr i nósanna imeachta soláthair phoiblí i ndáil le córais intleachta saorga. Ba cheart rochtain a bheith ag fiontair mheánmhéide a cháiligh mar fhiontair bheaga go dtí le déanaí de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún (44) ar na bearta tacaíochta sin, toisc go bhféadfadh sé nach mbeadh na hacmhainní dlíthiúla ná an oiliúint is gá ag na fiontair mheánmhéide nua sin uaireanta chun tuiscint cheart ar an Rialachán seo agus comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
(144)
siekiant skatinti ir apsaugoti inovacijas, reikminė DI platforma, visos atitinkamos Sąjungos finansavimo programos ir projektai, pavyzdžiui, Skaitmeninės Europos programa, programa „Europos horizontas“, kurias įgyvendina Komisija ir valstybės narės Sąjungos arba nacionaliniu lygmeniu, turėtų atitinkamai padėti siekti šio reglamento tikslų;
(144)
Chun nuálaíocht a chur chun cinn agus a chosaint, ba cheart don Ardán um Intleacht Shaorga ar éileamh, gach clár agus tionscadal cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais, amhail an Clár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, a bheith ina rannchuidiú, de réir mar is iomchuí, le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.
(145)
siekiant kuo labiau sumažinti riziką įgyvendinimui, kuri kyla dėl žinių ir patirties rinkoje trūkumo, taip pat siekiant palengvinti tiekėjams, ypač MVĮ, įskaitant startuolius, ir notifikuotosioms įstaigoms vykdyti pareigas pagal šį reglamentą, reikminė DI platforma, Europos skaitmeninių inovacijų centrai ir Komisijos bei valstybių narių Sąjungos arba nacionaliniu lygmeniu sukurta bandymų ir eksperimentavimo infrastruktūra turėtų padėti įgyvendinti šį reglamentą. Pagal savo atitinkamą misiją ir kompetencijos sritis reikminė DI platforma, Europos skaitmeninių inovacijų centrai ir bandymų ir eksperimentavimo infrastruktūra gali teikti visų pirma techninę ir mokslinę paramą tiekėjams ir notifikuotosioms įstaigoms;
(145)
Chun na rioscaí maidir le cur chun feidhme mar thoradh ar easpa eolais agus saineolais sa mhargadh a íoslaghdú agus chun comhlíontacht na soláthraithe, go háirithe FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra lena n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a éascú, ba cheart don Ardán um Intleacht Shaorga ar éileamh, do na Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach agus do na saoráidí tástála agus turgnamhaíochta arna mbunú ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta rannchuidiú le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Laistigh dá misean agus dá réimsí inniúlachta faoi seach, tá an tArdán um Intleacht Shaorga ar éileamh, na Moil Eorpacha maidir leis an Nuálaíocht Dhigiteach agus na saoráidí tástála agus turgnamhaíochta in ann tacaíocht theicniúil agus eolaíoch a sholáthar go háirithe do sholáthraithe agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra.
(146)
be to, atsižvelgiant į tai, kad kai kurie veiklos vykdytojai yra labai maži, ir siekiant užtikrinti proporcingumą inovacijų išlaidų atžvilgiu, yra tikslinga labai mažoms įmonėms leisti daugiausia atsieinančias pareigas, t. y. nustatyti kokybės valdymo sistemą, įvykdyti supaprastintu būdu, kuriuo administracinė našta ir išlaidos toms įmonėms būtų sumažintos nedarant poveikio apsaugos lygiui ir poreikiui laikytis didelės rizikos DI sistemoms taikomų reikalavimų. Komisija turėtų parengti gaires, kuriose būtų nurodyti kokybės valdymo sistemos elementai, kuriuos tokiu supaprastintu būdu turi įgyvendinti labai mažos įmonės;
(146)
Thairis sin, i bhfianaise a laghad is atá cuid de na hoibreoirí agus chun comhréireacht maidir le costais nuálaíochta a áirithiú, is iomchuí cead a thabhairt do mhicrifhiontair ceann de na hoibleagáidí is costasaí a chomhlíonadh ar bhealach simplithe, eadhon an oibleagáid córas bainistíochta cáilíochta a bhunú lena laghdófaí an t-ualach riaracháin agus na costais do na fiontair sin gan difear a dhéanamh don leibhéal cosanta agus don ghá atá leis na ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte a fhorbairt chun na gnéithe den chóras bainistíochta cáilíochta atá le comhlíonadh ar an mbealach simplithe sin ag micrifhiontair a shonrú.
(147)
tikslinga, kad Komisija, kiek įmanoma, palengvintų įstaigų, grupių arba laboratorijų, įsteigtų arba akredituotų pagal bet kurį atitinkamą Sąjungos derinamąjį aktą ir vykdančių gaminių arba prietaisų, kuriems taikomi Sąjungos derinamieji teisės aktai, atitikties vertinimą, prieigą prie bandymų ir eksperimentų infrastruktūros. Tai visų pirma pasakytina apie ekspertų komisijas, ekspertų laboratorijas ir etalonines laboratorijas, veikiančias medicinos priemonių srityje pagal reglamentus (ES) 2017/745 ir (ES) 2017/746;
(147)
Is iomchuí go n-éascóidh an Coimisiún, a mhéid agus is féidir, rochtain ar shaoráidí tástála agus turgnamhaíochta le haghaidh comhlachtaí, grúpaí nó saotharlanna arna mbunú nó arna gcreidiúnú de bhun aon reachtaíochta comhchuibhithe ábhartha de chuid an Aontais agus a chomhlíonann cúraimí i gcomhthéacs measúnaithe comhréireachta táirgí nó feistí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe sin an Aontais. Is amhlaidh atá go háirithe i gcás painéil saineolaithe, sain-saotharlanna agus saotharlanna tagartha i réimse na bhfeistí leighis de bhun Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746.
(148)
šiuo reglamentu turėtų būti nustatyta valdymo sistema, kuri leistų tiek koordinuoti, tiek remti šio reglamento taikymą nacionaliniu lygmeniu, taip pat stiprinti pajėgumus Sąjungos lygmeniu ir integruoti suinteresuotuosius subjektus DI srityje. Siekiant veiksmingai įgyvendinti šį reglamentą ir užtikrinti jo vykdymą, reikia valdymo sistemos, kuri leistų koordinuoti ir centralizuotai kaupti ekspertines žinias Sąjungos lygmeniu. DI tarnybos, įsteigtos Komisijos sprendimu (45), užduotis – plėtoti Sąjungos ekspertines žinias ir pajėgumus DI srityje ir prisidėti prie Sąjungos teisės DI srityje įgyvendinimo. Valstybės narės turėtų padėti DI tarnybai vykdyti užduotis, kad būtų remiamas Sąjungos ekspertinių žinių ir pajėgumų plėtojimas Sąjungos lygmeniu ir stiprinamas bendrosios skaitmeninės rinkos veikimas. Be to, turėtų būti įsteigta Valdyba, kurią sudarytų valstybių narių atstovai, mokslinė komisija, kad būtų įtraukta mokslo bendruomenė, ir patariamasis forumas, kad suinteresuotieji subjektai galėtų prisidėti prie šio reglamento įgyvendinimo Sąjungos ir nacionaliniu lygmeniu. Plėtojant Sąjungos ekspertines žinias ir pajėgumus taip pat turėtų būti naudojamasi esamais ištekliais ir ekspertinėmis žiniomis, visų pirma pasitelkiant sinergiją su struktūromis, sukurtomis Sąjungos lygmeniu užtikrinant kitų teisės aktų vykdymą, ir sinergiją su susijusiomis iniciatyvomis Sąjungos lygmeniu, pavyzdžiui, bendrąja įmone „EuroHPC“ ir DI bandymų ir eksperimentavimo priemonėmis pagal Skaitmeninės Europos programą;
(148)
Leis an Rialachán seo, ba cheart creat rialachais a bhunú lenar féidir cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chomhordú agus tacú leis ar an leibhéal náisiúnta, chomh maith le cumais a fhorbairt ar leibhéal an Aontais agus geallsealbhóirí a chomhtháthú i réimse na hintleachta saorga. Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go héifeachtach, tá gá le creat rialachais lenar féidir saineolas lárnach a chomhordú agus a fhorbairt ar leibhéal an Aontais. Bunaíodh an Oifig um Intleacht Shaorga le Cinneadh ón gCoimisiún (45) agus tá sé de mhisean aici saineolas agus cumais an Aontais a fhorbairt i réimse na hintleachta saorga agus rannchuidiú le cur chun feidhme dhlí an Aontais maidir leis an intleacht shaorga. Ba cheart do na Ballstáit cúraimí na hOifige um Intleacht Shaorga a éascú d’fhonn tacú le forbairt shaineolas agus chumais an Aontais ar leibhéal an Aontais agus d’fhonn feidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh a neartú. Ina theannta sin, ba cheart Bord a bhunú ar a mbeidh ionadaithe ó na Ballstáit, painéal eolaíoch chun an pobal eolaíoch a chomhtháthú agus fóram comhairleach chun ionchur ó gheallsealbhóirí a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart a áireamh freisin agus saineolas agus cumais an Aontais á bhforbairt úsáid a bhaint as na hacmhainní agus an saineolas atá ann cheana, go háirithe trí shineirgí le struchtúir arna bhforbairt i gcomhthéacs forfheidhmiú dlí eile ar leibhéal an Aontais agus sineirgí le tionscnaimh ghaolmhara ar leibhéal an Aontais, amhail an Comhghnóthas EuroHPC agus saoráidí tástála agus turgnamhaíochta intleachta saorga faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.
(149)
siekiant sudaryti sąlygas sklandžiai, veiksmingai ir suderintai įgyvendinti šį reglamentą, turėtų būti įsteigta Valdyba. Valdyboje turėtų būti atstovaujama įvairiems DI ekosistemos interesams ir ją turėtų sudaryti valstybių narių atstovai. Valdyba turėtų būti atsakinga už įvairias patariamąsias užduotis, taip pat nuomonių, rekomendacijų, patarimų teikimą ar prisidėjimą prie gairių šio reglamento įgyvendinimo klausimais, įskaitant klausimus dėl vykdymo užtikrinimo, techninių specifikacijų arba esamų standartų, susijusių su šiame reglamente nustatytais reikalavimais, ir konsultuoti Komisiją, valstybes nares ir jų nacionalines kompetentingas institucijas konkrečiais klausimais, susijusiais su DI. Siekiant suteikti valstybėms narėms tam tikro lankstumo skiriant savo atstovus Valdyboje, tokie atstovai gali būti bet kurie viešiesiems subjektams priklausantys asmenys, kurie turėtų turėti atitinkamą kompetenciją ir įgaliojimus padėti vykdyti koordinavimą nacionaliniu lygmeniu ir prisidėti prie Valdybos užduočių vykdymo. Valdyba turėtų įsteigti du nuolatinius pogrupius, kurie sudarytų sąlygas rinkos priežiūros institucijoms ir notifikuojančiosioms institucijoms bendradarbiauti ir keistis informacija klausimais, susijusiais atitinkamai su rinkos priežiūra ir notifikuotosiomis įstaigomis. Nuolatinis rinkos priežiūros pogrupis turėtų veikti kaip šio reglamento administracinio bendradarbiavimo grupė, kaip tai suprantama Reglamento (ES) 2019/1020 30 straipsnyje. Pagal to reglamento 33 straipsnį, Komisija turėtų remti nuolatinio rinkos priežiūros pogrupio veiklą atlikdama rinkos vertinimus ar tyrimus, visų pirma siekdama nustatyti šio reglamento aspektus, dėl kurių reikalingas konkretus ir skubus rinkos priežiūros institucijų veiksmų koordinavimas. Valdyba atitinkamai gali sudaryti kitus nuolatinius ar laikinuosius pogrupius konkretiems klausimams spręsti. Valdyba taip pat turėtų atitinkamai bendradarbiauti su atitinkamomis Sąjungos įstaigomis, ekspertų grupėmis ir tinklais, veikiančiais atitinkamos Sąjungos teisės kontekste, įskaitant visų pirma tuos, kurie veikia vadovaudamiesi atitinkama Sąjungos teise duomenų, skaitmeninių produktų ir paslaugų srityje;
(149)
Chun cur chun feidhme rianúil éifeachtach agus comhchuibhithe an Rialacháin seo a éascú, ba cheart Bord a bhunú. Ba cheart don Bhord leasanna éagsúla an éiceachórais intleachta saorga a léiriú agus ba cheart ionadaithe ó na Ballstáit a bheith air. Ba cheart don Bhord a bheith freagrach as roinnt cúraimí comhairleacha, lena n-áirítear tuairimí, moltaí, comhairle a thabhairt nó cur le treoir maidir le hábhair a bhaineann leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le cúrsaí forfheidhmiúcháin, sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann cheana i dtaca leis na ceanglais a bhunaítear sa Rialachán seo agus comhairle a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit agus dá n-údaráis inniúla náisiúnta maidir le ceisteanna sonracha a bhaineann leis an intleacht shaorga. Chun solúbthacht áirithe a thabhairt do na Ballstáit maidir lena n-ionadaithe ar an mBord a ainmniú, féadfaidh aon duine a bhaineann le heintitis phoiblí ar cheart na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí ábhartha a bheith aige chun comhordú a éascú ar an leibhéal náisiúnta agus chun rannchuidiú le cúraimí an Bhoird a bhaint amach a bheith ina ionadaí sin. Ba cheart don Bhord dhá bhuan-fhoghrúpa a bhunú chun ardán comhair agus malartaithe a chur ar fáil i measc na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás a thugann fógra maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachas margaidh agus le comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoi seach. Ba cheart don bhuan-fhoghrúpa um fhaireachas margaidh gníomhú mar an ngrúpa comhair riaracháin (ADCO) don Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/1020. I gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán sin, ba cheart don Choimisiún tacú le gníomhaíochtaí an bhuan-fhoghrúpa um fhaireachas margaidh trí mheastóireachtaí margaidh nó staidéir mhargaidh a dhéanamh, go háirithe d’fhonn gnéithe den Rialachán seo a shainaithint a dteastaíonn comhordú sonrach agus práinneach ina leith i measc na n-údarás faireachais margaidh. Féadfaidh an Bord buan-fhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha eile a bhunú de réir mar is iomchuí chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha. Ba cheart don Bhord dul i gcomhar freisin, de réir mar is iomchuí, le comhlachtaí, grúpaí saineolaithe agus líonraí ábhartha an Aontais atá gníomhach i gcomhthéacs dhlí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear go háirithe iad siúd atá gníomhach faoi dhlí ábhartha an Aontais maidir le sonraí, táirgí digiteacha agus seirbhísí digiteacha.
(150)
siekiant užtikrinti suinteresuotųjų subjektų dalyvavimą įgyvendinant ir taikant šį reglamentą, turėtų būti įsteigtas patariamasis forumas, kuris konsultuotų Valdybą ir Komisiją ir teiktų joms technines ekspertines žinias. Siekiant užtikrinti įvairiapusį ir subalansuotą atstovavimą suinteresuotiesiems subjektams, atsižvelgiant į komercinius ir nekomercinius interesus, taip pat – komercinių interesų kategorijoje – MVĮ ir kitoms įmonėms, patariamąjį forumą turėtų sudaryti, inter alia, pramonės atstovai, startuoliai, MVĮ, akademinė bendruomenė, pilietinė visuomenė, įskaitant socialinius partnerius, taip pat Pagrindinių teisių agentūra, ENISA, Europos standartizacijos komitetas (CEN), Europos elektrotechnikos standartizacijos komitetas (CENELEC) ir Europos telekomunikacijų standartų institutas (ETSI);
(150)
D’fhonn a áirithiú go mbeidh na geallsealbhóirí rannpháirteach i gcur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart fóram comhairleach a bhunú chun comhairle a thabhairt don Bhord agus don Choimisiún agus chun saineolas teicniúil a sholáthar dóibh. Chun ionadaíocht éagsúil agus chothrom na ngeallsealbhóirí a áirithiú idir leas tráchtála agus neamhthráchtála agus, laistigh den chatagóir leasanna tráchtála, maidir le FBManna agus gnóthais eile, ba cheart a bheith san fhóram comhairleach inter alia an lucht tionscail, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, an saol acadúil, an tsochaí shibhialta, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta, chomh maith leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, ENISA, an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI).
(151)
siekiant remti šio reglamento įgyvendinimą ir vykdymo užtikrinimą, visų pirma DI tarnybos vykdomą stebėsenos veiklą, susijusią su bendrosios paskirties DI modeliais, turėtų būti įsteigta nepriklausomų ekspertų mokslinė komisija. Mokslinę komisiją sudarantys nepriklausomi ekspertai turėtų būti atrenkami remiantis naujausiomis mokslinėmis ar techninėmis ekspertinėmis žiniomis DI srityje ir jie turėtų atlikti savo užduotis nešališkai ir objektyviai, taip pat užtikrinti informacijos ir duomenų, gautų vykdant savo užduotis ir veiklą, konfidencialumą. Kad būtų galima sustiprinti nacionalinius gebėjimus, būtinus veiksmingam šio reglamento vykdymui užtikrinti, valstybės narės turėtų turėti galimybę prašyti mokslinės komisijos ekspertų suteikti paramą jų vykdymo užtikrinimo veiklai;
(151)
Chun tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo, go háirithe gníomhaíochtaí faireacháin na hOifige um Intleacht Shaorga a mhéid a bhaineann le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, ba cheart painéal eolaíoch saineolaithe neamhspleácha a bhunú. Ba cheart na saineolaithe neamhspleácha atá mar chuid den phainéal eolaíoch a roghnú ar bhonn saineolas eolaíoch nó teicniúil atá cothrom le dáta i réimse na hintleachta saorga agus ba cheart dóibh a gcúraimí a chomhlíonadh le neamhchlaontacht, oibiachtúlacht agus rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu a áirithiú. Chun gur féidir na hacmhainneachtaí náisiúnta is gá a threisiú chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann tacaíocht a iarraidh ar an díorma saineolaithe arb iad an painéal eolaíoch iad dá ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin.
(152)
siekiant remti tinkamą vykdymo užtikrinimą, kiek tai susiję su DI sistemomis, ir sustiprinti valstybių narių gebėjimus, turėtų būti sukurtos Sąjungos DI bandymų pagalbinės struktūros, ir valstybės narės turėtų turėti galimybę jomis naudotis;
(152)
Chun tacú le forfheidhmiú leordhóthanach a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga agus chun acmhainneachtaí na mBallstát a threisiú, ba cheart struchtúir tacaíochta tástála intleachta saorga an Aontais a bhunú agus a chur ar fáil do na Ballstáit.
(153)
labai svarbus vaidmuo taikant šį reglamentą ir užtikrinant jo vykdymą tenka valstybėms narėms. Todėl kiekviena valstybė narė turėtų bent vieną notifikuojančiąją instituciją ir bent vieną rinkos priežiūros instituciją paskirti nacionalinėmis kompetentingomis institucijomis šio reglamento taikymo ir įgyvendinimo priežiūros tikslu. Valstybės narės gali nuspręsti paskirti bet kurį viešąjį subjektą vykdyti nacionalinių kompetentingų institucijų, kaip tai suprantama šiame reglamente, užduotis atsižvelgdamos į konkrečius nacionalinius organizacinius ypatumus ir poreikius. Siekiant padidinti organizacinį veiksmingumą valstybėse narėse ir sukurti bendrąjį kontaktinį punktą, skirtą visuomenei ir kitiems partneriams valstybių narių ir Sąjungos lygmeniu, kiekviena valstybė narė bendruoju kontaktiniu punktu turėtų paskirti rinkos priežiūros instituciją;
(153)
Tá ról lárnach ag na Ballstáit ó thaobh an Rialacháin seo a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú. Ina thaobh sin, ba cheart do gach Ballstát údarás amháin ar a laghad a thugann fógra agus údarás amháin ar a laghad faireachais margaidh a ainmniú mar údaráis inniúla náisiúnta chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo. Féadfaidh na Ballstáit cinneadh a dhéanamh eintiteas poiblí d’aon chineál a cheapadh chun cúraimí na n-údarás inniúil náisiúnta a dhéanamh de réir bhrí an Rialacháin seo, i gcomhréir lena saintréithe eagraíochtúla náisiúnta sonracha agus lena riachtanais eagraíochtúla náisiúnta shonracha. Chun éifeachtúlacht eagraíochtúil na mBallstát a fheabhsú agus chun pointe teagmhála aonair a shocrú i leith an phobail agus comhpháirtithe eile ar leibhéal na mBallstát agus ar leibhéal an Aontais, ba cheart do gach Ballstát údarás faireachais margaidh a ainmniú chun gníomhú mar phointe teagmhála aonair.
(154)
nacionalinės kompetentingos institucijos turėtų naudotis savo įgaliojimais nepriklausomai, objektyviai ir nešališkai, kad apsaugotų savo veiklos ir užduočių objektyvumo principus ir užtikrintų šio reglamento taikymą ir įgyvendinimą. Šių institucijų nariai turėtų susilaikyti nuo bet kokių su jų pareigomis nesuderinamų veiksmų ir jiems turėtų būti taikomos konfidencialumo taisyklės pagal šį reglamentą;
(154)
Ba cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta a gcumhachtaí a fheidhmiú go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan laofacht, chun prionsabail oibiachtúlachta a ngníomhaíochtaí agus a gcúraimí a choimirciú agus chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú. Ba cheart do chomhaltaí na n-údarás sin staonadh ó aon ghníomhaíocht nach luíonn lena ndualgais agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir rialacha rúndachta faoin Rialachán seo.
(155)
siekiant užtikrinti, kad didelės rizikos DI sistemų tiekėjai galėtų atsižvelgti į didelės rizikos DI sistemų naudojimo patirtį, kad patobulintų savo sistemas ir projektavimo bei kūrimo procesą arba laiku galėtų imtis bet kokių galimų taisomųjų veiksmų, visi tiekėjai turėtų turėti veikiančias stebėsenos po pateikimo rinkai sistemas. Kai aktualu, stebėsena po pateikimo rinkai turėtų apimti sąveikos su kitomis DI sistemomis, įskaitant kitus prietaisus ir programinę įrangą, analizę. Stebėsena po pateikimo rinkai neturėtų būti taikoma diegėjų, kurie yra teisėsaugos institucijos, neskelbtiniems operatyviniams duomenims. Ši sistema taip pat yra labai svarbi užtikrinant, kad dėl DI sistemų, kurios toliau mokosi po to, kai buvo pateiktos rinkai arba pradėtos naudoti, galinti kilti nauja rizika būtų šalinama veiksmingiau ir laiku. Šiame kontekste taip pat turėtų būti reikalaujama, kad tiekėjai būtų įdiegę sistemą, skirtą pranešti atitinkamoms institucijoms apie bet kokius rimtus incidentus, kilusius dėl jų DI sistemų naudojimo, t. y. apie incidentą ar veikimo sutrikimą, dėl kurio įvyko mirtis arba buvo padaryta didelė žala sveikatai, rimtai ir negrįžtamai sutrikdytas ypatingos svarbos infrastruktūros valdymas ir veikimas, taip pat apie pareigų pagal Sąjungos teisę, kuria siekiama apsaugoti pagrindines teises, pažeidimus, arba didelę žalą turtui ar aplinkai;
(155)
Chun a áirithiú gur féidir le soláthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca taithí a chur san áireamh maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca chun feabhas a chur ar a gcórais agus ar an bpróiseas ceaptha agus forbartha nó gur féidir leo aon bheart ceartaitheach féideartha a dhéanamh go tráthúil, ba cheart do gach soláthraí córas faireacháin iarmhargaidh a bheith i bhfeidhm aige. I gcás inarb ábhartha, áireofar le faireachán iarmhargaidh anailís ar an idirghníomhaíocht le córais intleachta saorga eile, lena n-áirítear feistí agus bogearraí eile. Le faireachán iarmhargaidh, níor cheart sonraí oibríochtúla íogaire úsáideoirí gairmiúla ar údaráis forfheidhmithe dlí iad a chumhdach. Tá an córas sin ríthábhachtach freisin chun a áirithiú gur féidir dul i ngleic ar bhealach níos éifeachtúla agus níos tráthúla le rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as córais intleachta saorga a leanann de bheith ‘ag foghlaim’ tar éis iad a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Sa chomhthéacs sin, ba cheart a cheangal ar sholáthraithe freisin córas a bheith i bhfeidhm acu chun aon teagmhas tromchúiseach a eascraíonn as úsáid a gcóras intleachta saorga a thuairisciú do na húdaráis ábhartha, is é sin teagmhas nó mífheidhmiú as a n-eascraíonn bás nó damáiste tromchúiseach don tsláinte, cur isteach tromchúiseach do-aisiompaithe ar bhainistiú agus oibriú bonneagair chriticiúil, sáruithe ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá beartaithe chun cearta bunúsacha nó damáiste tromchúiseach do mhaoin nó don chomhshaol a chosaint.
(156)
siekiant užtikrinti tinkamą ir veiksmingą šiame reglamente, kuris yra Sąjungos derinamasis teisės aktas, nustatytų reikalavimų ir pareigų vykdymą, turėtų būti visa apimtimi taikoma rinkos priežiūros ir gaminių atitikties sistema, nustatyta Reglamentu (ES) 2019/1020. Pagal šį reglamentą paskirtos rinkos priežiūros institucijos turėtų turėti visus vykdymo užtikrinimo įgaliojimus, nustatytus šiame reglamente ir Reglamente (ES) 2019/1020, ir turėtų naudotis savo įgaliojimais ir vykdyti savo pareigas nepriklausomai, objektyviai ir nešališkai. Nors daugumai DI sistemų netaikomi konkretūs reikalavimai ir pareigos pagal šį reglamentą, rinkos priežiūros institucijos gali imtis priemonių, susijusių su visomis DI sistemomis, kai dėl jų kyla rizika pagal šį reglamentą. Dėl specifinio Sąjungos institucijų, agentūrų ir įstaigų, kurioms taikomas šis reglamentas, pobūdžio tikslinga Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūną paskirti jų atžvilgiu kompetentinga rinkos priežiūros institucija. Tai neturėtų daryti poveikio valstybių narių atliekamam nacionalinių kompetentingų institucijų skyrimui. Rinkos priežiūros veikla neturėtų daryti poveikio prižiūrimų subjektų gebėjimui nepriklausomai vykdyti savo užduotis, kai tokio nepriklausomumo reikalaujama pagal Sąjungos teisę;
(156)
Chun a áirithiú go ndéantar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a fhorfheidhmiú go hiomchuí agus go héifeachtach, ar reachtaíocht chomhchuibhithe de chuid an Aontais í, ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíontacht táirgí, ina iomláine, a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart na cumhachtaí forfheidhmiúcháin go léir a leagtar síos sa Rialachán seo agus i Rialachán (AE) 2019/1020 a bheith ag na húdaráis faireachais margaidh arna n-ainmniú de bhun an Rialacháin seo agus ba cheart dóibh a gcumhachtaí a fheidhmiú agus a ndualgais a chomhlíonadh go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan laofacht. Cé nach bhfuil formhór na gcóras intleachta saorga faoi réir ceanglais shonracha agus oibleagáidí sonracha faoin Rialachán seo, féadfaidh na húdaráis faireachais margaidh bearta a dhéanamh i ndáil leis na córais intleachta saorga uile nuair a bhaineann riosca leo i gcomhréir leis an Rialachán seo. De bharr chineál sonrach institiúidí, ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo, is iomchuí an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a ainmniú mar údarás inniúil faireachais margaidh dóibh. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar d’ainmniú údarás inniúil náisiúnta ag na Ballstáit. Níor cheart le gníomhaíochtaí faireachais margaidh difear a dhéanamh do chumas na n-eintiteas faoi mhaoirseacht a gcúraimí a dhéanamh go neamhspleách, nuair a cheanglaítear an neamhspleáchas sin le dlí an Aontais.
(157)
šiuo reglamentu nedaromas poveikis atitinkamų nacionalinių valdžios institucijų ar įstaigų, kurios prižiūri, kaip taikoma Sąjungos teisė, kuria saugomos pagrindinės teisės, įskaitant lygybės institucijas ir duomenų apsaugos institucijas, kompetencijai, užduotims, įgaliojimams ir nepriklausomumui. Prireikus atsižvelgiant į tų nacionalinių valdžios institucijų ar įstaigų įgaliojimus, jos taip pat turėtų turėti prieigą prie bet kokių pagal šį reglamentą sukurtų dokumentų. Siekiant užtikrinti tinkamą ir savalaikį DI sistemoms, keliančioms riziką sveikatai, saugai ir pagrindinėms teisėms, taikomų reikalavimų vykdymą, turėtų būti nustatyta speciali apsaugos procedūra. Tokioms DI sistemoms, dėl kurių kyla rizika, turėtų būti taikoma procedūra, skirta didelės rizikos DI sistemoms, dėl kurių kyla rizika, draudžiamoms sistemoms, pateiktoms rinkai, pradėtoms naudoti arba naudojamoms taikant šiame reglamente nustatytą draudžiamą praktiką, ir DI sistemoms, kurios buvo pateiktos rinkai pažeidžiant šiame reglamente nustatytus skaidrumo reikalavimus ir kelia riziką;
(157)
Tá an Rialachán seo gan dochar d’inniúlachtaí, cúraimí, cumhachtaí agus neamhspleáchas na n-údarás nó na gcomhlachtaí poiblí náisiúnta ábhartha a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear comhlachtaí comhionannais agus údaráis cosanta sonraí. I gcás inar gá sin dá sainordú, ba cheart rochtain a bheith ag na húdaráis nó comhlachtaí poiblí náisiúnta sin freisin ar aon doiciméadacht a chruthaítear faoin Rialachán seo. Ba cheart nós imeachta cosanta sonrach a leagan síos chun forfheidhmiú leordhóthanach tráthúil a áirithiú i gcoinne córais intleachta saorga a bhfuil riosca don tsláinte, don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha ag baint leo. Ba cheart an nós imeachta le haghaidh na gcóras intleachta saorga sin a bhfuil riosca ag baint leo a chur i bhfeidhm ar chórais intleachta saorga ardriosca a bhfuil riosca ag baint leo, ar chórais thoirmiscthe a cuireadh ar an margadh, a cuireadh i mbun seirbhíse nó a úsáideadh de shárú ar na cleachtais thoirmiscthe a leagtar síos sa Rialachán seo agus ar chórais intleachta saorga a cuireadh ar fáil de shárú ar na ceanglais trédhearcachta a leagtar síos sa Rialachán seo agus a bhfuil riosca ag baint leo.
(158)
Sąjungos finansinių paslaugų teisėje yra nustatytos vidaus valdymo ir rizikos valdymo taisyklės ir reikalavimai, kurie yra taikomi reguliuojamoms finansų įstaigoms joms teikiant paslaugas, įskaitant atvejus, kai jos naudoja DI sistemas. Siekiant užtikrinti nuoseklų pareigų pagal šį reglamentą ir Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktuose nustatytų atitinkamų taisyklių ir reikalavimų taikymą ir vykdymo užtikrinimą, už tų teisės aktų priežiūrą ir vykdymo užtikrinimą atsakingos kompetentingos institucijos, visų pirma kompetentingos institucijos, kaip apibrėžta Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) Nr. 575/2013 (46) ir Europos Parlamento ir Tarybos direktyvose 2008/48/EB (47), 2009/138/EB (48), 2013/36/ES (49), 2014/17/ES (50) ir (ES) 2016/97 (51), pagal jų atitinkamą kompetenciją turėtų būti paskirtos kompetentingomis institucijomis, atsakingomis už šio reglamento įgyvendinimo priežiūrą, be kita ko, už rinkos priežiūros veiklą, kiek tai susiję su DI sistemomis, kurias tiekia arba naudoja reguliuojamos ir prižiūrimos finansų įstaigos, nebent valstybės narės nusprendžia paskirti kitą instituciją šioms rinkos priežiūros užduotims atlikti. Tos kompetentingos institucijos turėtų turėti visus įgaliojimus pagal šį reglamentą ir Reglamentą (ES) 2019/1020, kad užtikrintų šiame reglamente nustatytų reikalavimų ir pareigų vykdymą, įskaitant įgaliojimus vykdyti ex post rinkos priežiūros veiklą, kuri atitinkamai gali būti integruota į jų esamus priežiūros mechanizmus ir procedūras pagal atitinkamą Sąjungos finansinių paslaugų teisę. Tikslinga numatyti, kad, veikdamos kaip rinkos priežiūros institucijos pagal šį reglamentą, nacionalinės institucijos, atsakingos už pagal Direktyvą 2013/36/ES reglamentuojamų kredito įstaigų, dalyvaujančių Tarybos reglamentu (ES) Nr. 1024/2013 (52) sukurtame bendrame priežiūros mechanizme, priežiūrą, turėtų nedelsdamos pateikti Europos Centriniam Bankui visą vykdant rinkos priežiūros veiklą nustatytą informaciją, kuri gali būti svarbi Europos Centrinio Banko prudencinės priežiūros užduotims, kaip nurodyta tame reglamente. Siekiant toliau didinti šio reglamento ir pagal Direktyvą 2013/36/ES reglamentuojamoms kredito įstaigoms taikomų taisyklių suderinamumą, taip pat yra tinkama kai kurias tiekėjų procedūrines pareigas, susijusias su rizikos valdymu, stebėsena po pateikimo rinkai ir dokumentais, integruoti į esamas Direktyvoje 2013/36/ES nustatytas pareigas ir procedūras. Siekiant išvengti sutapimų, taip pat reikėtų numatyti ribotas nukrypti leidžiančias nuostatas, susijusias su tiekėjų kokybės valdymo sistema, ir didelės rizikos DI sistemų diegėjams nustatyti stebėsenos pareigą tiek, kiek ji taikoma pagal Direktyvą 2013/36/ES reglamentuojamoms kredito įstaigoms. Ta pati tvarka turėtų būti taikoma draudimo ir perdraudimo įmonėms bei draudimo kontroliuojančiosioms bendrovėms pagal Direktyvą 2009/138/EB ir draudimo tarpininkams pagal Direktyvą (ES) 2016/97, taip pat kitų rūšių finansų įstaigoms, kurioms taikomi vidaus valdymo, tvarkos ar procesų reikalavimai, nustatyti pagal atitinkamą Sąjungos finansinių paslaugų teisę, siekiant užtikrinti nuoseklumą ir vienodas sąlygas finansų sektoriuje;
(158)
Le dlí an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, cumhdaítear rialachas inmheánach agus rialacha agus ceanglais i dtaca le bainistíocht riosca is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais rialáilte le linn sholáthar na seirbhísí sin, lena n-áirítear nuair a bhaineann siad úsáid as córais intleachta saorga. Chun cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú comhleanúnach na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo agus rialacha agus cheanglais ábhartha ghníomhartha dlí an Aontais maidir le seirbhísí airgid a áirithiú, ba cheart na húdaráis atá inniúil ar mhaoirseacht agus forfheidhmiú na ngníomhartha dlí sin, go háirithe na húdaráis inniúla mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (46) agus Treoracha 2008/48/CE (47), 2009/138/CE (48), 2013/36/AE (49), 2014/17/AE (50) agus (AE) 2016/97 (51) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a ainmniú, faoina n-inniúlachtaí faoi seach, mar údaráis inniúla chun cur chun feidhme an Rialacháin seo a mhaoirsiú, lena n-áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh, a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga arna soláthar nó arna n-úsáid ag institiúidí airgeadais rialáilte faoi mhaoirseacht, mura gcinnfidh na Ballstáit údarás eile a ainmniú chun na cúraimí faireachais margaidh sin a chomhlíonadh. Ba cheart gach cumhacht a bheith ag na húdaráis inniúla sin faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2019/1020 chun ceanglais agus oibleagáidí an Rialacháin seo a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear cumhachtaí chun ár ngníomhaíochtaí faireachais margaidh ex post a dhéanamh, cumhachtaí is féidir a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí, ina sásraí maoirseachta agus ina nósanna imeachta maoirseachta atá ann cheana faoi reachtaíocht ábhartha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais. Agus iad ag gníomhú mar údaráis faireachais margaidh faoin Rialachán seo, na húdaráis náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí creidmheasa arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE, atá rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle (52), is iomchuí a bheartú gur cheart do na húdaráis sin tuairisciú gan mhoill don Bhanc Ceannais Eorpach aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar spéise do chúraimí maoirseachta stuamachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh mar a shonraítear sa Rialachán sin. Chun an chomhsheasmhacht a fheabhsú idir an Rialachán seo agus na rialacha is infheidhme maidir le hinstitiúidí creidmheasa arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is iomchuí freisin cuid d’oibleagáidí nós imeachta na soláthraithe maidir le bainistiú riosca, faireachán iarmhargaidh agus doiciméadacht a chomhtháthú sna hoibleagáidí agus nósanna imeachta atá ann cheana faoi Threoir 2013/36/AE. Chun forluí a sheachaint, ba cheart maoluithe teoranta a bheartú i ndáil le córas bainistíochta cáilíochta na soláthraithe agus an oibleagáid maidir le faireachán a chuirtear ar úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca sa mhéid go bhfuil feidhm acu ar institiúidí creidmheasa arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE. Ba cheart feidhm a bheith ag an gcóras céanna maidir le gnóthais árachais agus athárachais agus cuideachtaí sealbhaíochta árachais faoi Threoir 2009/138/CE agus maidir leis na hidirghabhálaithe árachais faoi Threoir (AE) 2016/97 agus cineálacha eile institiúidí airgeadais faoi réir na gceanglas maidir le rialachas inmheánach, socruithe nó próisis arna mbunú de bhun dhlí ábhartha an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais chun comhsheasmhacht agus cóir chomhionann a áirithiú san earnáil airgeadais.
(159)
kiekviena šio reglamento priede išvardytų didelės rizikos DI sistemų biometrinių duomenų srityje rinkos priežiūros institucija, jei tos sistemos naudojamos teisėsaugos, migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo arba teisingumo vykdymo ir demokratinių procesų tikslais, turėtų turėti veiksmingus tyrimo ir taisomuosius įgaliojimus, įskaitant bent įgaliojimus gauti prieigą prie visų tvarkomų asmens duomenų ir visos jos užduotims atlikti būtinos informacijos. Rinkos priežiūros institucijos turėtų galėti vykdyti savo įgaliojimus veikdamos visiškai nepriklausomai. Bet kokie jų prieigos prie neskelbtinų operatyvinių duomenų apribojimai pagal šį reglamentą neturėtų daryti poveikio pagal Direktyvą (ES) 2016/680 joms suteiktiems įgaliojimams. Jokia išimtis dėl duomenų atskleidimo nacionalinėms duomenų apsaugos institucijoms pagal šį reglamentą neturėtų daryti poveikio dabartiniams ar būsimiems tų institucijų įgaliojimams, nepatenkantiems į šio reglamento taikymo sritį;
(159)
Ba cheart cumhachtaí éifeachtacha imscrúdaitheacha agus ceartaitheacha a bheith ag gach údarás faireachais margaidh i réimse na bithmhéadrachta, mar a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a mhéid a úsáidtear na córais sin ar chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, imirce, tearmann agus bainistiú rialaithe teorann, nó leis an gceartas agus na próisis dhaonlathacha a riar, lena n-áirítear ar a laghad an chumhacht chun rochtain a fháil ar na sonraí pearsanta uile atá á bpróiseáil agus ar an bhfaisnéis uile is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh. Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann a gcumhachtaí a fheidhmiú trí ghníomhú ar shlí a bheidh go hiomlán neamhspleách. Ba cheart aon teorainneacha a bhaineann leis an rochtain atá acu ar shonraí oibríochtúla íogaire faoin Rialachán seo a bheith gan dochar do na cumhachtaí a thugtar dóibh le Treoir (AE) 2016/680. Níor cheart d’eisiamh ar bith maidir le sonraí a nochtadh d’údaráis náisiúnta um chosaint sonraí faoin Rialachán seo difear a dhéanamh do na cumhachtaí atá ag na húdaráis sin faoi láthair nó a bheidh acu amach anseo lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo.
(160)
rinkos priežiūros institucijos ir Komisija turėtų turėti galimybę siūlyti bendrą veiklą, įskaitant bendrus tyrimus, kurią vykdytų kelios rinkos priežiūros institucijos arba rinkos priežiūros institucijos kartu su Komisija ir kurios tikslas – skatinti atitiktį, nustatyti neatitiktį, didinti informuotumą ir teikti su šiuo reglamentu susijusias gaires dėl konkrečių kategorijų didelės rizikos DI sistemų, kurios, kaip nustatyta, kelia didelę riziką dviejose ar daugiau valstybių narių. Bendra veikla, kuria skatinama atitiktis, turėtų būti vykdoma pagal Reglamento (ES) 2019/1020 9 straipsnį. DI tarnyba turėtų teikti bendrų tyrimų koordinavimo paramą;
(160)
Ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh agus don Choimisiún a bheith in ann gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha, a dhéanfaidh na húdaráis faireachais margaidh nó na húdaráis faireachais margaidh i gcomhpháirt leis an gCoimisiún, a mbeidh mar aidhm acu comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a mhúscailt agus treoir a thabhairt i dtaca leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le catagóirí sonracha córas intleachta saorga ardriosca agus a bhfaightear amach ina leith go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin. Ba cheart gníomhaíochtaí comhpháirteacha chun comhlíonadh a chur chun cinn a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1020. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga tacaíocht chomhordúcháin a chur ar fáil d’imscrúduithe comhpháirteacha.
(161)
būtina paaiškinti atsakomybę ir kompetenciją Sąjungos ir nacionaliniu lygmenimis, kiek tai susiję su bendrosios paskirties DI modeliais grindžiamomis DI sistemomis. Siekiant išvengti kompetencijos dubliavimosi, tais atvejais, kai DI sistema grindžiama bendrosios paskirties DI modeliu, ir modelį ir sistemą teikia tas pats tiekėjas, priežiūra turėtų būti vykdoma Sąjungos lygmeniu per DI tarnybą, kuri šiuo tikslu turėtų turėti rinkos priežiūros institucijos įgaliojimus, kaip tai suprantama Reglamente (ES) 2019/1020. Visais kitais atvejais už DI sistemų priežiūrą tebėra atsakingos nacionalinės rinkos priežiūros institucijos. Tačiau dėl bendrosios paskirties DI sistemų, kurias diegėjai gali tiesiogiai naudoti bent vienai paskirčiai, priskiriamai didelės rizikos kategorijai, rinkos priežiūros institucijos turėtų bendradarbiauti su DI tarnyba, kad atliktų atitikties vertinimus ir atitinkamai informuotų Valdybą ir kitas rinkos priežiūros institucijas. Be to, rinkos priežiūros institucijos turėtų turėti galimybę prašyti DI tarnybos pagalbos, kai rinkos priežiūros institucija negali užbaigti didelės rizikos DI sistemos tyrimo dėl to, kad ji negali gauti tam tikros informacijos, susijusios su bendrosios paskirties DI modeliu, kuriuo grindžiama didelės rizikos DI sistema. Tokiais atvejais mutatis mutandis turėtų būti taikoma Reglamento (ES) 2019/1020 VI skyriuje nustatyta savitarpio pagalbos tarpvalstybiniais atvejais procedūra;
(161)
Is gá na freagrachtaí agus na hinniúlachtaí a shoiléiriú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga atá bunaithe ar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Chun inniúlachtaí forluiteacha a sheachaint, i gcás ina bhfuil córas intleachta saorga bunaithe ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach agus inarb é an soláthraí céanna a sholáthraíonn an tsamhail agus an córas, ba cheart an mhaoirseacht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais tríd an Oifig um Intleacht Shaorga, ar cheart na cumhachtaí a bhíonn ag údarás faireachais margaidh a bheith aici de réir bhrí Rialachán (AE) 2019/1020 chun na críche sin. I ngach cás eile, beidh na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh freagrach fós as maoirseacht a dhéanamh ar chórais intleachta saorga. Mar sin féin, i gcás córais intleachta saorga ilchuspóireacha is féidir le húsáideoirí gairmiúla a úsáid agus cuspóir amháin ar a laghad acu a aicmítear mar chuspóir a mbaineann ardriosca leis, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh comhoibriú leis an Oifig um Intleacht Shaorga chun meastóireachtaí a dhéanamh ar chomhlíonadh agus an Bord agus údaráis eile faireachais margaidh eile a chur ar an eolas dá réir. Thairis sin, ba cheart do na húdaráis faireachais margaidh a bheith in ann cúnamh a iarraidh ar an Oifig um Intleacht Shaorga i gcás nach bhfuil an t-údarás faireachais margaidh in ann imscrúdú a thabhairt i gcrích maidir le córas intleachta saorga ardriosca mar nach bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach ar ar bunaíodh an córas intleachta saorga ardriosca. I gcásanna mar sin, ba cheart feidhm mutatis mutandis a bheith ag an nós imeachta maidir le cúnamh frithpháirteach i gcásanna trasteorann i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2019/1020.
(162)
siekiant kuo geriau pasinaudoti centralizuotomis Sąjungos ekspertinėmis žiniomis ir sinergija Sąjungos lygmeniu, bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų priežiūros ir pareigų vykdymo užtikrinimo įgaliojimai turėtų priklausyti Komisijos kompetencijai. DI tarnyba turėtų galėti imtis visų būtinų veiksmų stebėti, ar šis reglamentas įgyvendinamas veiksmingai, kiek tai susiję su bendrosios paskirties DI modeliais. Ji turėtų galėti tirti galimus taisyklių, taikomų bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams, pažeidimus tiek savo iniciatyva, atsižvelgdama į savo stebėsenos veiklos rezultatus, tiek rinkos priežiūros institucijų prašymu, laikydamasi šiame reglamente nustatytų sąlygų. Siekiant remti veiksmingą DI tarnybos vykdomą stebėseną, turėtų būti numatyta galimybė tolesnės grandies tiekėjams teikti skundus dėl taisyklių, taikomų bendrosios paskirties DI modelių ir sistemų tiekėjams, galimų pažeidimų;
(162)
Chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as saineolas agus sineirgí láraithe an Aontais ar leibhéal an Aontais, ba cheart inniúlacht a bheith ag an gCoimisiún i dtaca le cumhachtaí maoirseachta agus forfheidhmithe maidir leis na hoibleagáidí atá ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann na gníomhaíochtaí uile is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Ba cheart di a bheith in ann imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe féideartha ar na rialacha maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar a tionscnamh féin, de réir thorthaí a gníomhaíochtaí faireacháin, nó arna iarraidh sin do na húdaráis faireachais margaidh i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa Rialachán seo. Chun tacú le faireachán éifeachtach arna dhéanamh ag an Oifig um Intleacht Shaorga, ba cheart a fhoráil don fhéidearthacht go ndéanfaidh soláthraithe iartheachtacha gearáin faoi sháruithe féideartha ar na rialacha maidir le soláthraithe na samhlacha agus na gcóras intleachta saorga ilchuspóireach.
(163)
siekiant papildyti bendrosios paskirties DI modelių valdymo sistemas, mokslinė komisija turėtų remti DI tarnybos stebėsenos veiklą ir tam tikrais atvejais galėtų DI tarnybai teikti kvalifikuotus perspėjimus, dėl kurių reikia imtis tolesnių veiksmų, pavyzdžiui, tyrimų. Taip turėtų būti tuo atveju, kai mokslinė komisija turi pagrindo įtarti, kad bendrosios paskirties DI modelis kelia konkrečią ir nustatomą riziką Sąjungos lygmeniu. Be to, taip turėtų būti tuo atveju, kai mokslinė komisija turi pagrindo įtarti, kad bendrosios paskirties DI modelis atitinka kriterijus, pagal kuriuos jį būtų galima klasifikuoti kaip sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelį. Tam, kad mokslinei komisijai būtų suteikta toms užduotims atlikti būtina informacija, turėtų būti nustatytas mechanizmas, pagal kurį mokslinė komisija galėtų prašyti Komisijos reikalauti, kad tiekėjas pateiktų dokumentus ar informaciją;
(163)
D’fhonn na córais rialachais le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chomhlánú, ba cheart don phainéal eolaíoch tacú le gníomhaíochtaí faireacháin na hOifige um Intleacht Shaorga agus féadfaidh sé, i gcásanna áirithe, foláirimh cháilithe a chur ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga trína spreagfar bearta leantacha, amhail imscrúduithe. Ba cheart é sin a bheith amhlaidh i gcás ina bhfuil údar ag an bpainéal eolaíoch amhras a bheith air go mbaineann riosca nithiúil in-sainaitheanta ar leibhéal an Aontais le samhail intleachta saorga ilchuspóireach. Thairis sin, ba cheart é sin a bheith amhlaidh i gcás ina bhfuil cúis ag an bpainéal eolaíoch amhras a bheith air go gcomhlíonann samhail intleachta saorga ilchuspóireach na critéir lenar bhféadfaí an tsamhail a aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena ngabhann riosca sistéamach. Chun go mbeidh an fhaisnéis is gá chun na cúraimí sin a dhéanamh ag an bpainéal eolaíochta, ba cheart sásra a bheith ann trínar féidir leis an bpainéal eolaíoch a iarraidh ar an gCoimisiún doiciméadacht nó faisnéis a éileamh ar sholáthraí.
(164)
DI tarnyba turėtų galėti imtis būtinų veiksmų stebėti, ar veiksmingai įgyvendinamos šiame reglamente nustatytos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų pareigos ir ar jų laikomasi. DI tarnyba turėtų turėti galimybę tirti galimus pažeidimus pagal šiame reglamente numatytus įgaliojimus, be kita ko, prašydama dokumentų ir informacijos, atlikdama vertinimus ir prašydama, kad bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai imtųsi priemonių. Tam, kad atlikdama vertinimus DI tarnyba pasinaudotų nepriklausomomis ekspertinėmis žiniomis, ji turėtų turėti galimybę įtraukti nepriklausomus ekspertus vertinimams jos vardu atlikti. Pareigų vykdymas turėtų būti užtikrinamas, inter alia, teikiant prašymus imtis tinkamų priemonių, įskaitant rizikos mažinimo priemones nustatytos sisteminės rizikos atveju, taip pat apribojant tiekimą rinkai, pašalinant ar atšaukiant modelį. Kaip apsaugos priemonė, prireikus viršijant šiame reglamente numatytas procesines teises, bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai turėtų turėti Reglamento (ES) 2019/1020 18 straipsnyje numatytas procesines teises, kurios turėtų būti taikomos mutatis mutandis, nedarant poveikio konkretesnėms procesinėms teisėms, numatytoms šiame reglamente;
(164)
Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach na n-oibleagáidí do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus ar chomhlíonadh na n-oibleagáidí sin. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann sáruithe féideartha a imscrúdú i gcomhréir leis na cumhachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo, lena n-áirítear trí dhoiciméadacht agus faisnéis a iarraidh, trí mheastóireachtaí a dhéanamh, agus trí bhearta a iarraidh ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Agus meastóireachtaí á ndéanamh, chun úsáid a bhaint as saineolas neamhspleách, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a bheith in ann páirt a thabhairt do shaineolaithe neamhspleácha chun na meastóireachtaí a dhéanamh thar a ceann. Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí a bheith in-fhorfheidhmithe, inter alia, trí iarrataí ar bhearta iomchuí a dhéanamh, lena n-áirítear bearta maolaithe riosca i gcás rioscaí sistéamacha sainaitheanta chomh maith le srian a chur leis an tsamhail a bheith ar fáil ar an margadh agus an tsamhail a tharraingt siar nó a aisghairm. Mar chosaint i gcás inar gá sa bhreis ar na cearta nós imeachta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, ba cheart na cearta nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 a bheith ag soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, ar cheart feidhm mutatis mutandis a bheith acu, gan dochar do chearta nós imeachta níos sonraí dá bhforáiltear leis an Rialachán seo.
(165)
DI sistemų, išskyrus didelės rizikos DI sistemas, kūrimas laikantis šio reglamento reikalavimų gali prisidėti prie platesnio masto etiško ir patikimo DI įsisavinimo Sąjungoje. Didelės rizikos nekeliančių DI sistemų tiekėjai turėtų būti skatinami kurti elgesio kodeksus, įskaitant susijusius valdymo mechanizmus, kuriais būtų skatinama savanoriškai taikyti kai kuriuos arba visus didelės rizikos DI sistemoms taikomus privalomus reikalavimus, pritaikytus atsižvelgiant į numatytąją sistemų paskirtį ir susijusią mažesnę riziką, taip pat atsižvelgiant į turimus techninius sprendimus ir sektoriaus geriausią praktiką, pavyzdžiui, modelių ir duomenų korteles. Visų didelės rizikos arba nerizikingų DI sistemų ir DI modelių tiekėjai ir, kai tinkama, diegėjai taip pat turėtų būti skatinami savanoriškai taikyti papildomus reikalavimus, susijusius, pavyzdžiui, su Sąjungos patikimo DI etikos gairių elementais, aplinkos tvarumu, raštingumo DI srityje priemonėmis, įtraukiu ir įvairiu DI sistemų projektavimu ir kūrimu, įskaitant dėmesį pažeidžiamiems asmenims ir prieinamumą asmenims su negalia, su suinteresuotųjų subjektų dalyvavimu, įtraukiant, kai tinkama, atitinkamus suinteresuotuosius subjektus, pavyzdžiui, verslo ir pilietinės visuomenės organizacijas, akademinę bendruomenę, mokslinių tyrimų organizacijas, profesines sąjungas ir vartotojų apsaugos organizacijas, projektuojant ir kuriant DI sistemas, ir su kūrimo grupių įvairove, įskaitant lyčių pusiausvyrą. Siekiant užtikrinti, kad savanoriški elgesio kodeksai būtų veiksmingi, jie turėtų būti grindžiami aiškiais tikslais ir pagrindiniais veiklos rezultatų rodikliais, kad būtų galima įvertinti, ar tie tikslai pasiekti. Jie taip pat turėtų būti rengiami įtraukiai, kai tinkama, dalyvaujant atitinkamiems suinteresuotiesiems subjektams, pavyzdžiui, verslo ir pilietinės visuomenės organizacijoms, akademinei bendruomenei, mokslinių tyrimų organizacijoms, profesinėms sąjungoms ir vartotojų apsaugos organizacijoms. Komisija gali sukurti iniciatyvas, įskaitant sektorines iniciatyvas, kad palengvintų techninių kliūčių, trukdančių tarpvalstybiniu lygmeniu keistis DI kūrimo duomenimis, sumažinimą, įskaitant kliūtis, susijusias su duomenimis apie galimybes pasinaudoti infrastruktūra, semantine ir technine įvairių rūšių duomenų sąveika;
(165)
De thoradh forbairt córas intleachta saorga cé is moite de chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le ceanglais an Rialacháin seo, d’fhéadfadh sé go mbeadh glacadh níos fairsinge le hintleacht shaorga eiticiúil iontaofa ann san Aontas. Ba cheart soláthraithe córas intleachta saorga nach mbaineann ardriosca leo a spreagadh chun cóid iompair a chruthú, lena n-áirítear sásraí rialachais gaolmhara, arna gceapadh chun go ndéanfaí cuid de na ceanglais éigeantacha nó iad uile is infheidhme maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chur i bhfeidhm go deonach, ar córais iad a ndéantar oiriúnú orthu i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh agus an riosca níos ísle lena mbaineann agus na réitigh theicniúla atá ar fáil agus dea-chleachtais an tionscail, amhail samhail agus cártaí sonraí, á gcur san áireamh. Ba cheart a mholadh do sholáthraithe agus, mar is iomchuí, d’úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga uile, bíodh ardriosca ag baint leo nó ná bíodh, agus d’úsáideoirí gairmiúla samhlacha saorga intleachta, ceanglais bhreise a chur i bhfeidhm ar bhonn deonach a bhaineann, mar shampla, le gnéithe de Threoirlínte Eitice an Aontais le haghaidh Intleacht Shaorga Iontaofa, inbhuanaitheacht chomhshaoil, bearta litearthachta intleachta saorga, ceapadh agus forbairt chuimsitheach éagsúil córas intleachta saorga, lena n-áirítear aird a thabhairt ar dhaoine leochaileacha agus inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha mar is iomchuí, amhail eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an lucht léinn agus eagraíochtaí taighde, ceardchumainn agus eagraíochtaí cosanta tomhaltóirí i gceapadh agus forbairt na gcóras intleachta saorga, agus éagsúlacht na bhfoirne forbartha, lena n-áirítear cothromaíocht inscne. Chun a áirithiú go mbeidh na cóid iompair dheonacha éifeachtach, ba cheart iad a bheith bunaithe ar chuspóirí soiléire agus ar phríomhtháscairí feidhmíochta chun gur féidir a mhéid a bhaintear na cuspóirí sin amach a thomhas. Ba cheart iad a fhorbairt freisin ar bhealach cuimsitheach, mar is iomchuí, le rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara ábhartha, amhail eagraíochtaí gnó agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an lucht léinn, eagraíochtaí taighde, ceardchumainn agus eagraíochtaí cosanta tomhaltóirí. D’fhéadfadh an Coimisiún tionscnaimh a fhorbairt, lena n-áirítear tionscnaimh de chineál earnála, chun laghdú bac teicniúil a éascú, ar baic iad lena gcuirtear isteach ar mhalartú sonraí trasteorann maidir le forbairt intleachta saorga, lena n-áirítear sonraí maidir le bonneagar rochtana sonraí, idir-inoibritheacht shéimeantach agus theicniúil cineálacha éagsúla sonraí.
(166)
svarbu, kad DI sistemos, susijusios su gaminiais, kurie, remiantis šiuo reglamentu, nekelia didelės rizikos ir todėl neprivalo atitikti didelės rizikos DI sistemoms nustatytų reikalavimų, vis tiek būtų saugios jas pateikiant rinkai arba pradedant naudoti. Siekiant prisidėti prie šio tikslo, Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2023/988 (53) būtų taikomas kaip apsaugos sistema;
(166)
Maidir le córais intleachta saorga a bhaineann le táirgí nach meastar ardriosca a bheith ag baint leo i gcomhréir leis an Rialachán seo agus sa chaoi sin nach gceanglaítear orthu na ceanglais a leagtar amach maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chomhlíonadh, tá sé tábhachtach go mbeidh siad sábháilte, mar sin féin, nuair a chuirtear iad ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Chun rannchuidiú leis an gcuspóir sin, bheadh feidhm ag Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (53) mar líontán sábhála.
(167)
siekiant užtikrinti patikimą ir konstruktyvų kompetentingų institucijų bendradarbiavimą Sąjungos ir nacionaliniu lygmenimis, visos šalys, kurios dalyvauja taikant šį reglamentą, turėtų užtikrinti informacijos ir duomenų, gautų vykdant savo užduotis, konfidencialumą pagal Sąjungos ar nacionalinę teisę. Jos turėtų vykdyti savo užduotis ir veiklą taip, kad visų pirma apsaugotų intelektinės nuosavybės teises, konfidencialią verslo informaciją ir komercines paslaptis, veiksmingą šio reglamento įgyvendinimą, visuomenės ir nacionalinio saugumo interesus, baudžiamojo ir administracinio proceso integralumą ir įslaptintos informacijos integralumą;
(167)
Chun comhar iontaofa cuiditheach a áirithiú idir na húdaráis inniúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, ba cheart do na páirtithe ar fad atá páirteach i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo rúndacht faisnéise agus sonraí a fhaightear agus a gcúraimí á ndéanamh acu a urramú, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta. Ba cheart dóibh a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach ina dtabharfar cosaint go háirithe, do chearta maoine intleachtúla, faisnéis rúnda ghnó agus rúin trádála, cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, leasanna slándála poiblí agus náisiúnta, sláine imeachtaí coiriúla agus riaracháin, agus sláine faisnéise rúnaicmithe.
(168)
šio reglamento laikymasis turėtų būti užtikrinamas nustatant sankcijas ir kitas vykdymo užtikrinimo priemones. Valstybės narės turėtų imtis visų reikiamų priemonių siekdamos užtikrinti, kad būtų įgyvendintos šio reglamento nuostatos, be kita ko, nustatydamos veiksmingas, proporcingas ir atgrasomas sankcijas už jų pažeidimą, ir kad būtų vadovaujamasi principu ne bis in idem. Siekiant sugriežtinti ir suderinti administracines sankcijas už šio reglamento pažeidimus, turėtų būti nustatytos viršutinės administracinių baudų už tam tikrus konkrečius pažeidimus ribos. Nustatydamos baudų dydį, valstybės narės kiekvienu atskiru atveju turėtų atsižvelgti į visas svarbias konkrečios situacijos aplinkybes, visų pirma atsižvelgti į pažeidimo pobūdį, sunkumą ir trukmę, sukeltas pasekmes ir tiekėjo dydį, ypač jei tiekėjas yra MVĮ, įskaitant startuolius. Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas taip pat turėtų turėti įgaliojimus skirti baudas Sąjungos institucijoms, agentūroms ir įstaigoms, kurios patenka į šio reglamento taikymo sritį;
(168)
Ba cheart a bheith in ann comhlíonadh an Rialacháin seo fhorfheidhmiú trí phionóis agus bearta forfheidhmiúcháin eile a fhorchur. Ba cheart do na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme, lena n-áirítear trí phionóis éifeachtúla, chomhréireacha agus athchomhairleacha a leagan síos má sháraítear na forálacha sin, agus chun prionsabal ne bis in idem a urramú. Chun na pionóis riaracháin a ghearrfar má sháraítear an Rialachán seo a neartú agus a chomhchuibhiú, ba cheart na huasteorainneacha le haghaidh fíneálacha riaracháin i gcás sáruithe sonracha áirithe a leagan síos. Agus méid na bhfíneálacha á mheasúnú, ba cheart do na Ballstáit, i ngach cás aonair, imthosca ábhartha uile an cháis shonraigh a chur san áireamh, agus aird chuí á tabhairt go háirithe ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe agus ar a iarmhairtí agus ar mhéid an tsoláthraí, go háirithe más FBM nó gnólacht nuathionscanta é an soláthraí. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha a ghearradh ar institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
(169)
pagal šį reglamentą nustatytų bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų pareigų vykdymas turėtų būti užtikrinamas, inter alia, skiriant baudas. Tuo tikslu taip pat turėtų būti nustatyti tinkami baudų dydžiai už tų pareigų pažeidimą, įskaitant priemonių, kurių Komisija prašo imtis pagal šį reglamentą, nesilaikymą, taikant tinkamus laiko ribų terminus pagal proporcingumo principą. Visus pagal šį reglamentą priimtus Komisijos sprendimus pagal SESV gali peržiūrėti Europos Sąjungos Teisingumo Teismas, įskaitant neribotą Teisingumo Teismo jurisdikciją dėl sankcijų pagal SESV 261 straipsnį;
(169)
Ba cheart comhlíonadh na n-oibleagáidí i gcás soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a fhorchuirtear faoin Rialachán seo a bheith in-fhorfheidhmithe, inter alia, trí fhíneálacha. Chuige sin, ba cheart leibhéil iomchuí fíneálacha a leagan síos freisin maidir le sárú na n-oibleagáidí sin, lena n-áirítear mura gcomhlíontar na bearta a d’iarr an Coimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo, faoi réir tréimhsí teorann iomchuí i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta. Beidh gach cinneadh a dhéanfaidh an Coimisiún faoin Rialachán seo faoi réir athbhreithniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le CFAE lena n-áirítear dlínse neamhtheoranta na Cúirte Breithiúnais maidir le pionóis de bhun Airteagal 261 CFAE.
(170)
Sąjungos ir nacionalinėje teisėje jau numatytos veiksmingos teisių gynimo priemonės fiziniams ir juridiniams asmenims, kurių teisėms ir laisvėms DI sistemų naudojimas daro neigiamą poveikį. Nedarant poveikio toms teisių gynimo priemonėms, bet kuris fizinis ar juridinis asmuo, turintis pagrindo manyti, kad šis reglamentas buvo pažeistas, gali atitinkamai rinkos priežiūros institucijai pateikti skundą;
(170)
Foráiltear do leigheasanna éifeachtacha cheana féin le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta do dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha a ndéanann an úsáid a bhaintear as córas intleachta saorga difear dá gcearta agus dá saoirsí. Gan dochar do na leigheasanna sin, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil forais aige a mheas gur sáraíodh an Rialachán seo, ba cheart dó a bheith i dteideal gearán a thaisceadh leis an údarás ábhartha faireachais margaidh.
(171)
asmenys, kuriems daromas poveikis, turėtų turėti teisę gauti paaiškinimą, kai diegėjo sprendimas daugiausia grindžiamas tam tikrų didelės rizikos AI sistemų, kurios patenka į šio reglamento taikymo sritį, išvediniais ir kai tas sprendimas sukelia teisinių pasekmių arba daro panašų didelį poveikį tiems asmenims taip, kad, jų nuomone, daro neigiamą poveikį jų sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms. Tas paaiškinimas turėtų būti aiškus ir prasmingas ir jis turėtų sudaryti pagrindą, kuriuo remdamiesi asmenys, kuriems daromas poveikis, galėtų naudotis savo teisėmis. Teisė gauti paaiškinimą neturėtų būti taikoma DI sistemų, kurioms taikomos išimtys ar apribojimai pagal Sąjungos ar nacionalinę teisę, naudojimui ir turėtų būti taikoma tik tiek, kiek ši teisė dar nenumatyta Sąjungos teisėje;
(171)
Ba cheart é a bheith de cheart ag daoine dá ndéantar difear míniú a fháil i gcás ina mbunaítear cinneadh úsáideora ghairmiúil go príomha ar an aschur ó chórais áirithe ardriosca intleachta saorga a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh sin nó a bhfuil tionchair shuntasacha chomhchosúla aige ar na daoine sin ionas go measann siad go n-imrítear tionchar díobhálach ar a sláinte, ar a sábháilteacht nó ar a gcearta bunúsacha. Ba cheart an míniú sin a bheith soiléir agus fóinteach agus ba cheart bonn a sholáthar leis do na daoine dá ndéantar difear chun go mbeidh siad in ann a gcearta a fheidhmiú. Níor cheart feidhm a bheith ag an gceart chun míniú a fháil maidir le húsáid na gcóras intleachta saorga sin a bhfuil baint ag na heisceachtaí nó na srianta a bhaineann leo le dlí an Aontais nó an dlí náisiúnta agus níor cheart feidhm a bheith aige ach amháin sa mhéid nach bhforáiltear don cheart sin cheana faoi dhlí an Aontais.
(172)
asmenys, pranešantys apie šio reglamento pažeidimus, (pranešėjai) turėtų būti apsaugomi pagal Sąjungos teisę. Todėl pranešimams apie šio reglamento pažeidimus ir asmenų, pranešančių apie tokius pažeidimus, apsaugai turėtų būti taikoma Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2019/1937 (54);
(172)
Ba cheart daoine a ghníomhaíonn mar sceithirí i ndáil le sáruithe ar an Rialachán seo a chosaint faoi dhlí an Aontais. Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (54) maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir leis na daoine a thuairiscíonn na sáruithe sin a chosaint.
(173)
siekiant užtikrinti, kad prireikus reguliavimo sistemą būtų galima pritaikyti, pagal SESV 290 straipsnį Komisijai turėtų būti deleguoti įgaliojimai priimti aktus, kuriais iš dalies keičiamos sąlygos, kuriomis DI sistema nelaikoma keliančia didelę riziką, didelės rizikos DI sistemų sąrašas, nuostatos dėl techninių dokumentų, ES atitikties deklaracijos turinys, nuostatos dėl atitikties vertinimo procedūrų, nuostatos, kuriomis nustatomos didelės rizikos DI sistemos, kurioms turėtų būti taikoma kokybės valdymo sistemos vertinimu ir techninių dokumentų vertinimu grindžiama atitikties vertinimo procedūra, ribinės vertės, lyginamieji parametrai ir rodikliai, be kita ko, papildant tuos lyginamuosius parametrus ir rodiklius, sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių klasifikavimo taisyklėse, sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių priskyrimo kriterijai, bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams skirti techniniai dokumentai ir skaidrumo informacija bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams. Ypač svarbu, kad atlikdama parengiamąjį darbą Komisija tinkamai konsultuotųsi, taip pat ir su ekspertais, ir kad tos konsultacijos būtų vykdomos vadovaujantis 2016 m. balandžio 13 d. Tarpinstituciniame susitarime dėl geresnės teisėkūros (55) nustatytais principais. Visų pirma siekiant užtikrinti vienodas galimybes dalyvauti atliekant su deleguotaisiais aktais susijusį parengiamąjį darbą, Europos Parlamentas ir Taryba visus dokumentus gauna tuo pačiu metu kaip ir valstybių narių ekspertai, o jų ekspertams sistemingai suteikiama galimybė dalyvauti Komisijos ekspertų grupių, kurios atlieka su deleguotaisiais aktais susijusį parengiamąjį darbą, posėdžiuose;
(173)
Chun a áirithiú gur féidir an creat rialála a oiriúnú i gcás inar gá, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún chun leasú a dhéanamh ar na coinníollacha ar fúthu nach bhfuil córas intleachta saorga le meas mar chóras lena mbaineann ardriosca, ar liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca, ar na forálacha maidir le doiciméadacht theicniúil, ar ábhar an dearbhaithe comhréireachta AE, ar na forálacha maidir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta, ar na forálacha lena mbunaítear na córais intleachta saorga ardriosca ar cheart feidhm ina leith a bheith ag an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar mheasúnú an chórais bainistithe cáilíochta agus ar mheasúnú na doiciméadachta teicniúla, ar an tairseach, na tagarmharcanna agus na táscairí, lena n-áirítear trí na tagarmharcanna agus na táscairí sin a fhorlíonadh, sna rialacha chun samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a mbaineann riosca sistéamach leo a aicmiú, ar na critéir le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a mbaineann riosca sistéamach leo a aicmiú, ar an doiciméadacht theicniúil do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha agus ar an bhfaisnéis thrédhearcach do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (55). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(174)
atsižvelgdama į sparčią technologinę plėtrą ir technines ekspertines žinias, reikalingas, kad šis reglamentas būtų veiksmingai taikomas, Komisija ne vėliau kaip 2029 m. rugpjūčio 2 d., o vėliau – kas ketverius metus turėtų įvertinti ir peržiūrėti šį reglamentą ir pateikti ataskaitą Europos Parlamentui ir Tarybai. Be to, atsižvelgiant į poveikį šio reglamento taikymo sričiai, Komisija kartą per metus turėtų įvertinti poreikį iš dalies pakeisti didelės rizikos DI sistemų sąrašą ir draudžiamos praktikos sąrašą. Taip pat ne vėliau kaip 2028 m. rugpjūčio 2 d., o vėliau – kas ketverius metus Komisija turėtų įvertinti poreikį iš dalies pakeisti šio reglamento priede pateiktą didelės rizikos sričių pavadinimų sąrašą, DI sistemas, kurioms taikomos skaidrumo pareigos, priežiūros ir valdymo sistemos veiksmingumą, pažangą rengiant standartizacijos leidinius, susijusius su bendrosios paskirties DI modelių kūrimu efektyviai vartojant energiją, įskaitant tolesnių priemonių ar veiksmų poreikį, ir pateikti ataskaitą Europos Parlamentui ir Tarybai. Galiausiai ne vėliau kaip 2028 m. rugpjūčio 2 d., o vėliau – kas trejus metus Komisija turėtų įvertinti savanoriškų elgesio kodeksų poveikį ir veiksmingumą siekiant skatinti taikyti didelės rizikos DI sistemoms nustatytus reikalavimus kitoms DI sistemoms nei didelės rizikos DI sistemos ir galbūt kitus papildomus tokioms DI sistemoms taikomus reikalavimus;
(174)
I bhfianaise na bhforbairtí gasta teicneolaíochta agus an tsaineolais theicniúil is gá chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go héifeachtach, ba cheart don Choimisiún meastóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán seo faoin 2 Lúnasa 2029 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin agus ba cheart dó tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Ina theannta sin, agus na himpleachtaí do raon feidhme an Rialacháin seo á gcur san áireamh, ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a riachtanaí atá sé liosta na gcóras intleachta saorga ardriosca agus liosta na gcleachtas toirmiscthe a leasú uair sa bhliain. Thairis sin, faoin 2 Lúnasa 2028 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le leasú a dhéanamh ar liosta na limistéar ardriosca san iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, ar na córais intleachta saorga faoi raon feidhme na n-oibleagáidí trédhearcachta, ar éifeachtacht an chórais maoirseachta agus rialachais agus ar an dul chun cinn maidir le forbairt spriocanna insoláthartha caighdeánaithe i ndáil le forbairt atá tíosach ar fhuinneamh na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, lena n-áirítear an gá le bearta nó gníomhaíochtaí breise, agus an méid sin a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Ar deireadh, faoin 2 Lúnasa 2028 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar thionchar agus éifeachtacht na gcód iompair deonach chun cur i bhfeidhm na gceanglas a fhoráiltear le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca i gcás córais intleachta saorga seachas córais intleachta saorga ardriosca, agus b’fhéidir, ceanglais bhreise eile le haghaidh córais intleachta saorga mar sin.
(175)
siekiant užtikrinti vienodas šio reglamento įgyvendinimo sąlygas, Komisijai turėtų būti suteikti įgyvendinimo įgaliojimai. Tais įgaliojimais turėtų būti naudojamasi laikantis Europos Parlamento ir Tarybos reglamento (ES) Nr. 182/2011 (56);
(175)
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (56).
(176)
kadangi šio reglamento tikslo, t. y. pagerinti vidaus rinkos veikimą, skatinti į žmogų orientuoto ir patikimo DI įsisavinimą, kartu užtikrinant aukšto lygio sveikatos, saugos, Chartijoje įtvirtintų pagrindinių teisių apsaugą, įskaitant demokratiją, teisinę valstybę ir aplinkos apsaugą nuo žalingo DI sistemų poveikio Sąjungoje, ir remti inovacijas, valstybės narės negali deramai pasiekti, o dėl siūlomo veiksmo masto arba poveikio to tikslo būtų geriau siekti Sąjungos lygmeniu, laikydamasi ES sutarties 5 straipsnyje nustatyto subsidiarumo principo Sąjunga gali patvirtinti priemones. Pagal tame straipsnyje nustatytą proporcingumo principą šiuo reglamentu neviršijama to, kas būtina nurodytam tikslui pasiekti;
(176)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus glacadh na hintleachta saorga atá dírithe ar an duine agus iontaofa a chur chun cinn, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte, do shábháilteacht, do chearta bunúsacha arna gcumhdach sa Chairt, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus caomhnú an chomhshaoil ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas agus tacú leis an nuálaíocht, a ghnóthú go leordhóthanach agus, de bharr fhairsinge nó éifeachtaí na gníomhaíochta, gur fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(177)
siekiant užtikrinti teisinį tikrumą, veiklos vykdytojams užtikrinti tinkamą prisitaikymo laikotarpį ir išvengti rinkos sutrikdymo, be kita ko, užtikrinant DI sistemų naudojimo tęstinumą, tikslinga, kad šis reglamentas būtų taikomas didelės rizikos DI sistemoms, kurios buvo pateiktos rinkai arba pradėtos naudoti iki jo bendros taikymo pradžios datos, tik tuo atveju, jeigu po tos datos tų sistemų konstrukcija ar numatytoji paskirtis reikšmingai pasikeitė. Tikslinga paaiškinti, kad šiuo atžvilgiu reikšmingo pakeitimo sąvoka turėtų būti suprantama kaip iš esmės lygiavertė esminio pakeitimo sąvokai, kuri pagal šį reglamentą taikoma tik didelės rizikos DI sistemoms. Išimties tvarka ir atsižvelgiant į viešąją atskaitomybę, DI sistemų, kurios yra didelės apimties IT sistemų, nustatytų šio reglamento priede išvardytais teisės aktais, komponentai, operatoriai ir didelės rizikos DI sistemų, kurias ketina naudoti valdžios institucijos, operatoriai atitinkamai turėtų imtis būtinų veiksmų, kad ne vėliau kaip 2030 m. pabaigoje ir ne vėliau kaip 2030 m. rugpjūčio 2 d. būtų laikomasi šio reglamento reikalavimų;
(177)
Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, tréimhse oiriúnaithe iomchuí a áirithiú d’oibreoirí agus suaitheadh ar an margadh a sheachaint, lena n-áirítear trí leanúnachas úsáid na gcóras intleachta saorga a áirithiú, is iomchuí feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh dháta ginearálta chur i bhfeidhm na gcóras sin, más rud é, ón dáta sin, go mbeidh na córais sin faoi réir athruithe suntasacha ar a ndearadh nó ar an gcríoch atá beartaithe dóibh. Is iomchuí a shoiléiriú, i ndáil leis sin, gur cheart coincheap an athraithe shuntasaigh a thuiscint mar choincheap atá coibhéiseach ó thaobh substainte de le coincheap an mhodhnaithe shubstaintiúil, coincheap a úsáidtear i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca amháin de bhun an Rialacháin seo. Ar bhonn eisceachtúil agus i bhfianaise na cuntasachta poiblí, ba cheart d’oibreoirí córas intleachta saorga ar comhpháirteanna iad de na córais mhórscála TF a bhunaítear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán agus d’oibreoirí córas intleachta saorga ardriosca atá ceaptha lena n-úsáid ag údaráis phoiblí, faoi seach, na bearta is gá a dhéanamh chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh faoi dheireadh 2030 agus faoin 2 Lúnasa 2030.
(178)
didelės rizikos DI sistemų tiekėjai raginami jau pereinamuoju laikotarpiu savanoriškai pradėti vykdyti atitinkamas šiame reglamente nustatytas pareigas;
(178)
Moltar do sholáthraithe córas intleachta saorga ardriosca tosú ar oibleagáidí ábhartha an Rialacháin seo a chomhlíonadh, ar bhonn deonach, cheana féin le linn na hidirthréimhse.
(179)
šis reglamentas turėtų būti taikomas nuo 2026 m. rugpjūčio 2 d. Tačiau, atsižvelgiant į nepriimtiną riziką, susijusią su DI naudojimu tam tikrais būdais, draudimai bei bendros šio reglamento nuostatos turėtų būti taikomi jau nuo 2025 m. vasario 2 d. Nors visapusiškas tų draudimų poveikis užtikrinamas nustačius šio reglamento valdymą ir vykdymo užtikrinimą, svarbu numatyti draudimų taikymą, kad būtų atsižvelgta į nepriimtiną riziką ir būtų daromas poveikis kitoms procedūroms, pavyzdžiui, civilinėje teisėje. Be to, su valdymo struktūra ir atitikties vertinimo sistema susijusi infrastruktūra turėtų būti parengta veikti anksčiau nei 2026 m. rugpjūčio 2 d., todėl su notifikuotosiomis įstaigomis ir valdymo struktūra susijusios nuostatos turėtų būti taikomos nuo 2025 m. rugpjūčio 2 d. Atsižvelgiant į spartų technologinės pažangos tempą ir bendrosios paskirties DI modelių diegimą, bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų pareigos turėtų būti taikomos nuo 2025 m. rugpjūčio 2 d. Praktikos kodeksai turėtų būti parengti ne vėliau kaip 2025 m. gegužės 2 d. siekiant sudaryti tiekėjams sąlygas laiku įrodyti, kad jie laikosi reikalavimų. DI tarnyba turėtų užtikrinti, kad klasifikavimo taisyklės ir procedūros būtų atnaujinamos atsižvelgiant į technologinę plėtrą. Be to, valstybės narės turėtų nustatyti ir pranešti Komisijai apie sankcijų, įskaitant administracines baudas, taisykles ir užtikrinti, kad jos būtų tinkamai ir veiksmingai įgyvendintos iki šio reglamento taikymo pradžios datos. Todėl nuostatos dėl sankcijų turėtų būti taikomos nuo 2025 m. rugpjūčio 2 d.;
(179)
Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 2 Lúnasa 2026. Mar sin féin, agus an riosca do-ghlactha a bhaineann le hintleacht shaorga a úsáid ar bhealaí áirithe á chur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag na toirmisc chomh maith le forálacha ginearálta an Rialacháin seo cheana féin ón 2 Feabhra 2025. Cé go mbunaítear rialachas agus fhorfheidhmiú an Rialacháin seo de bharr éifeacht iomlán na dtoirmeasc seo, tá sé tábhachtach réamh-mheas a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na dtoirmeasc chun rioscaí do-ghlactha a chur san áireamh agus chun go mbeidh éifeacht aige ar nósanna imeachta eile, amhail sa dlí sibhialta. Thairis sin, ba cheart an bonneagar a bhaineann leis an rialachas agus an córas um measúnú comhréireachta a bheith oibríochtúil roimh an 2 Lúnasa 2026, dá bhrí sin ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus struchtúr rialachais ón 2 Lúnasa 2025. I bhfianaise chomh tapa agus atá an dul chun cinn teicneolaíoch á dhéanamh agus samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha á nglacadh, ba cheart feidhm a bheith ag na hoibleagáidí do sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ó 2 Lúnasa 2025. Ba cheart do na cóid chleachtais a bheith réidh faoin 2 Bealtaine 2025 chun go mbeidh soláthraithe in ann comhlíonadh a léiriú in am. Ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga a áirithiú go bhfuil rialacha agus nósanna imeachta maidir le haicmiú cothrom le dáta i bhfianaise na bhforbairtí teicneolaíocha. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis a leagan síos agus fógra a thabhairt don Choimisiún ina leith, lena n-áirítear fíneálacha riaracháin, agus a áirithiú go gcuirtear na pionóis sin chun feidhme go héifeachtach iomchuí faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le pionóis ón 2 Lúnasa 2025.
(180)
vadovaujantis Reglamento (ES) 2018/1725 42 straipsnio 1 ir 2 dalimis buvo konsultuojamasi su Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnu ir Europos duomenų apsaugos valdyba ir jie pateikė savo bendrą nuomonę 2021 m. birželio 18 d.,
(180)
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) agus (2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug siad an tuairim chomhpháirteach uathu an 18 Meitheamh 2021,
PRIĖMĖ ŠĮ REGLAMENTĄ:
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
I SKYRIUS
CAIBIDIL I
BENDROSIOS NUOSTATOS
FORÁLACHA GINEARÁLTA
1 straipsnis
Airteagal 1
Dalykas
Ábhar
1. Šio reglamento tikslas – pagerinti vidaus rinkos veikimą ir skatinti į žmogų orientuoto ir patikimo dirbtinio intelekto (DI) įsisavinimą, kartu užtikrinant aukšto lygio sveikatos, saugos, Chartijoje įtvirtintų pagrindinių teisių apsaugą, įskaitant demokratiją, teisinę valstybę ir aplinkos apsaugą nuo žalingo DI sistemų poveikio Sąjungoje, ir remiant inovacijas.
1. Is é is cuspóir don Rialachán seo feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus glacadh na hintleachta saorga (IS) atá dírithe ar an duine agus iontaofa a chur chun cinn, agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte, do shábháilteacht, do chearta bunúsacha arna gcumhdach sa Chairt, lena n-áirítear an daonlathas, an smacht reachta agus caomhnú an chomhshaoil ar éifeachtaí díobhálacha na gcóras intleachta saorga san Aontas agus chun tacú leis an nuálaíocht.
2. Šiuo reglamentu nustatoma:
2. Sa Rialachán seo leagtar síos na nithe seo a leanas:
a)
suderintos DI sistemų pateikimo rinkai, pradėjimo naudoti ir naudojimo Sąjungoje taisyklės;
(a)
rialacha comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse agus a úsáid san Aontas;
b)
tam tikros su DI susijusios praktikos draudimai;
(b)
toirmisc ar chleachtais intleachta saorga áirithe;
c)
konkretūs didelės rizikos DI sistemoms taikomi reikalavimai ir su tokiomis sistemomis susijusios veiklos vykdytojų pareigos;
(c)
ceanglais shonracha maidir le córais intleachta saorga ardriosca agus oibleagáidí oibreoirí na gcóras sin;
d)
suderintos tam tikroms DI sistemoms taikomos skaidrumo taisyklės;
(d)
rialacha trédhearcachta comhchuibhithe maidir le córais intleachta saorga áirithe;
e)
bendrosios paskirties DI modelių pateikimo rinkai suderintos taisyklės;
(e)
rialacha comhchuibhithe maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chur ar an margadh;
f)
rinkos stebėsenos, rinkos priežiūros, valdymo ir vykdymo užtikrinimo taisyklės;
(f)
rialacha maidir le faireachán margaidh, faireachas margaidh, rialachas agus forfheidhmiú;
g)
inovacijų rėmimo priemonės, ypatingą dėmesį skiriant MVĮ, įskaitant startuolius.
(g)
bearta chun tacú leis an nuálaíocht agus béim ar leith á leagan ar FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta.
2 straipsnis
Airteagal 2
Taikymo sritis
Raon feidhme
1. Šis reglamentas taikomas:
1. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
a)
tiekėjams, pateikiantiems rinkai arba pradedantiems naudoti DI sistemas, arba pateikiantiems rinkai bendrosios paskirties DI modelius Sąjungoje, nepriklausomai nuo to, ar tie tiekėjai yra įsisteigę ar yra Sąjungoje, ar trečiojoje valstybėje;
(a)
soláthraithe a chuireann córais intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse nó a chuireann samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha ar an margadh san Aontas, gan beann ar cé acu san Aontas nó i dtríú tír atá na soláthraithe sin bunaithe nó lonnaithe;
b)
Sąjungoje įsisteigimo vietą turintiems arba esantiems DI diegėjams;
(b)
úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe laistigh den Aontas;
c)
trečiojoje valstybėje įsisteigimo vietą turintiems arba esantiems DI sistemų, kurių sugeneruoti išvediniai naudojami Sąjungoje, tiekėjams ir diegėjams;
(c)
soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga a bhfuil a n-áit bhunaíochta acu san Aontas nó atá lonnaithe i dtríú tír, i gcás gur san Aontas a úsáidtear an t-aschur a tháirgtear leis an gcóras intleachta saorga;
d)
DI sistemų importuotojams ir platintojams;
(d)
allmhaireoirí agus dáileoirí na gcóras intleachta saorga;
e)
gaminių gamintojams, kurie pateikia rinkai arba pradeda naudoti DI sistemą kartu su savo gaminiu ir savo vardu ar naudodami savo prekių ženklą;
(e)
monaróirí táirgí a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse mar aon lena dtáirge agus faoina n-ainm nó faoina dtrádmharc féin;
f)
ne Sąjungoje įsisteigusių tiekėjų įgaliotiesiems atstovams;
(f)
ionadaithe údaraithe na soláthraithe, nach bhfuil bunaithe san Aontas;
g)
Sąjungoje esantiems asmenims, kuriems daromas poveikis.
(g)
daoine dá ndéantar difear atá lonnaithe san Aontas.
2. DI sistemoms, kurios pagal 6 straipsnio 1 dalį klasifikuojamos kaip didelės rizikos DI sistemos ir yra susijusios su gaminiais, kuriems taikomi I priedo B skirsnyje išvardyti Sąjungos derinamieji teisės aktai, taikomi tik 6 straipsnio 1 dalis, 102–109 straipsniai ir 112 straipsnis. 57 straipsnis taikomas tik tiek, kiek didelės rizikos DI sistemoms pagal šį reglamentą taikomi reikalavimai buvo integruoti į tuos Sąjungos derinamuosius teisės aktus.
2. Ní bheidh feidhm ach ag Airteagal 6(1), Airteagail 102 go 109 agus Airteagal 112 maidir leis na córais intleachta saorga a aicmítear mar chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6(1) a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 57 ach a mhéid a dhéanfar na ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca faoin Rialachán seo a chomhtháthú faoin reachtaíocht chomhchuibhithe sin de chuid an Aontais.
3. Šis reglamentas netaikomas sritims, kurios nepatenka į Sąjungos teisės taikymo sritį, ir bet kuriuo atveju nedaro poveikio valstybių narių kompetencijai nacionalinio saugumo srityje, neatsižvelgiant į subjektų, kuriems valstybės narės patikėjo vykdyti su ta kompetencija susijusias užduotis, rūšį.
3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le réimsí nach dtagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais, agus i gcás ar bith, ní dhéanfaidh sé difear d’inniúlachtaí na mBallstát a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis ar leag na Ballstáit na cúraimí i ndáil leis na hinniúlachtaí sin air.
Šis reglamentas netaikomas DI sistemoms, kai ir tiek, kiek jos pateikiamos rinkai, pradedamos naudoti arba naudojamos su pakeitimais ar be jų tik kariniais, gynybos ar nacionalinio saugumo tikslais, neatsižvelgiant į tą veiklą vykdančio subjekto rūšį.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga más rud é go ndéanfar, agus a mhéid a dhéanfar, na córais sin a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse, nó a úsáid le modhnú nó gan mhodhnú go heisiach chun críoch míleata, cosanta nó chun críocha na slándála náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.
Šis reglamentas netaikomas DI sistemoms, kurios nėra pateiktos rinkai ir nėra pradėtos naudoti Sąjungoje, kai jų išvediniai yra naudojami Sąjungoje tik kariniais, gynybos ar nacionalinio saugumo tikslais, neatsižvelgiant į tą veiklą vykdančio subjekto rūšį.
Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga nach gcuirtear ar an margadh nó nach gcuirtear i mbun seirbhíse san Aontas, i gcás ina n-úsáidtear an t-aschur go heisiach chun críoch míleata, cosanta nó chun críocha na slándála náisiúnta, gan beann ar an gcineál eintitis a dhéanann na gníomhaíochtaí sin.
4. Šis reglamentas taip pat netaikomas trečiosios valstybės valdžios institucijoms ir tarptautinėms organizacijoms, kurios pagal 1 dalį patenka į šio reglamento taikymo sritį, kai tos institucijos ar organizacijos DI sistemas naudoja vykdydamos tarptautinį bendradarbiavimą arba susitarimus teisėsaugos ir teisminio bendradarbiavimo su Sąjunga arba su viena ar daugiau valstybių narių tikslais, jei tokia trečioji valstybė ar tarptautinė organizacija numato tinkamas saugumo priemones asmenų pagrindinėms teisėms ir laisvėms apsaugoti.
4. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le húdaráis phoiblí i dtríú tír ná le heagraíochtaí idirnáisiúnta a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo de bhun mhír 1, i gcás ina n-úsáideann na húdaráis nó na heagraíochtaí sin córais intleachta saorga faoi chuimsiú comhar nó comhaontuithe idirnáisiúnta maidir le forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach leis an Aontas nó le Ballstát amháin nó níos mó, ar choinníoll go gcuirfidh tríú tír nó eagraíocht idirnáisiúnta mar sin coimircí leordhóthanacha ar fáil i ndáil le cearta bunúsacha agus saoirsí daoine aonair a chosaint.
5. Šis reglamentas nedaro poveikio Reglamento (ES) 2022/2065 II skyriuje išdėstytų nuostatų dėl tarpininkavimo paslaugų teikėjų atsakomybės taikymui.
5. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le dliteanas soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha mar a leagtar amach i gCaibidil II de Rialachán (AE) 2022/2065.
6. Šis reglamentas netaikomas DI sistemoms ar DI modeliams, įskaitant jų išvedinius, kurie specialiai sukurti ir pradėti naudoti vien mokslinių tyrimų ir plėtros tikslais.
6. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga ná samhlacha intleachta saorga, lena n-áirítear a n-aschur, a fhorbraítear go sonrach agus a chuirtear i mbun seirbhíse chun críche taighde eolaíoch agus forbartha eolaíche, agus chun na críche sin amháin.
7. Asmens duomenims, tvarkomiems atsižvelgiant į šiame reglamente nustatytas teises ir pareigas, taikoma Sąjungos teisė dėl asmens duomenų apsaugos, privatumo ir pranešimų konfidencialumo. Šis reglamentas nedaro poveikio Reglamentui (ES) 2016/679 ar (ES) 2018/1725, Direktyvai 2002/58/EB ar (ES) 2016/680, nedarant poveikio šio reglamento 10 straipsnio 5 daliai ir 59 straipsniui.
7. Tá feidhm ag dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta, príobháideachas agus rúndacht chumarsáide maidir le sonraí pearsanta a phróiseáiltear i ndáil leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo difear do Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725, ná do Threoracha 2002/58/CE agus (AE) 2016/680, gan dochar d’Airteagal 10(5) agus Airteagal 59 den Rialachán seo.
8. Šis reglamentas netaikomas jokiai mokslinių tyrimų, bandymų ar plėtros veiklai, susijusiai su DI sistemomis ar DI modeliais, prieš juos pateikiant rinkai ar pradedant naudoti. Tokia veikla vykdoma laikantis taikytinos Sąjungos teisės. Ši nuostata dėl netaikymo netaikoma bandymams realiomis sąlygomis.
8. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le haon ghníomhaíocht taighde, tástála nó forbartha a bhaineann le córais intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad. Déanfar na gníomhaíochtaí sin i gcomhréir le dlí infheidhme an Aontais. Ní chumhdófar an tástáil a dhéantar i bhfíordhálaí leis an díolúine sin.
9. Šiuo reglamentu nedaromas poveikis kitais Sąjungos teisės aktais, susijusiais su vartotojų apsauga ir gaminių sauga, nustatytoms taisyklėms.
9. Tá an Rialachán seo gan dochar do na rialacha a leagtar síos le gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais a bhaineann le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí.
10. Šis reglamentas netaikomas diegėjų, kurie yra fiziniai asmenys, naudojantys DI sistemas vykdydami tik asmeninę neprofesinę veiklą, pareigoms.
10. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na hoibleagáidí atá ar úsáideoirí gairmiúla ar daoine nádúrtha iad a úsáideann córais intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil amháin.
11. Šiuo reglamentu Sąjungai ar valstybėms narėms neužkertamas kelias toliau taikyti arba priimti darbuotojams palankesnius įstatymus ir kitus teisės aktus, kiek tai susiję su jų teisių apsauga, kai darbdaviai naudoja DI sistemas, arba skatinti ar leisti taikyti darbuotojams palankesnes kolektyvines sutartis.
11. Leis an rialachán seo, ní chuirtear bac ar an Aontas ná na Ballstáit dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin atá níos fabhraí d’oibrithe a choinneáil ar bun nó a thabhairt isteach maidir lena gcearta a chosaint i ndáil le córais intleachta saorga a bheith á n-úsáid ag fostóirí, ná ar chur i bhfeidhm comhaontuithe comhchoiteanna atá níos fabhraí d’oibrithe a mholadh nó a cheadú.
12. Šis reglamentas netaikomas DI sistemoms, išleistoms pagal nemokamas atvirojo kodo licencijas, nebent jos pateikiamos rinkai arba pradedamos naudoti kaip didelės rizikos DI sistemos arba kaip DI sistemos, patenkančios į 5 arba 50 straipsnio taikymo sritį.
12. Níl feidhm ag an Rialachán seo maidir le córais intleachta saorga a eisítear faoi cheadúnais foinse oscailte saor mura gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse iad mar chórais intleachta saorga ardriosca nó córas intleachta saorga a thagann faoi Airteagal 5 nó Airteagal 50.
3 straipsnis
Airteagal 3
Terminų apibrėžtys
Sainmhínithe
Šiame reglamente vartojamų terminų apibrėžtys:
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
1)
DI sistema – mašina grindžiama sistema, suprojektuota veikti įvairiais autonomijos lygiais, kuri po diegimo gali veikti prisitaikydama ir kuri, siekiant aiškių ar numanomų tikslų, iš gautos įvesties duomenų daro išvadą, kaip generuoti išvedinius, pavyzdžiui, predikcijas, turinį, rekomendacijas ar sprendimus, kurie gali turėti įtakos fizinei ar virtualiai aplinkai;
(1)
ciallaíonn ‘córas intleachta saorga’ córas meaisínbhunaithe atá ceaptha ionas go n-oibreoidh sé le leibhéil éagsúla neamhspleáchais agus a d’fhéadfadh a oiriúnú tar éis a bheith curtha in úsáid, agus, i gcás cuspóirí sainráite nó intuigthe, go mbeidh sé in ann a dhéanamh amach, ón ionchur a fhaigheann sé, conas aschuir a ghiniúint, amhail tuartha, ábhar, moltaí, nó cinntí ar féidir leo tionchar a imirt ar thimpeallachtaí fisiciúla nó fíorúla;
2)
rizika – žalos atsiradimo tikimybės ir tos žalos masto derinys;
(2)
ciallaíonn ‘riosca’ an meascán idir an dóchúlacht go ndéanfar dochar agus déine an dochair sin;
3)
tiekėjas – fizinis arba juridinis asmuo, valdžios institucija, agentūra ar kita įstaiga, kurie kuria DI sistemą arba bendrosios paskirties DI modelį arba nurodo kurti DI sistemą arba bendrosios paskirties DI modelį ir pateikia juos rinkai arba pradeda DI sistemą naudoti savo vardu ar su savo prekių ženklu už atlygį arba nemokamai;
(3)
ciallaíonn ‘soláthraí’ duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a fhorbraíonn córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach nó a bhfuil córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach forbartha aige agus a chuireann an córas nó an tsamhail ar an margadh nó a chuireann an córas intleachta saorga i mbun seirbhíse faoina ainm nó faoina thrádmharc féin, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce;
4)
diegėjas – fizinis arba juridinis asmuo, valdžios institucija, agentūra ar kita įstaiga, naudojantys DI sistemą pagal savo įgaliojimus, išskyrus atvejus, kai DI sistema naudojama asmeniniais neprofesinės veiklos tikslais;
(4)
ciallaíonn ‘úsáideoir gairmiúil’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach, údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht eile a bhfuil córas intleachta saorga á úsáid aige nó aici faoina údarás nó faoina húdarás féin, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear an córas intleachta saorga le linn gníomhaíocht phearsanta neamhghairmiúil;
5)
įgaliotasis atstovas – Sąjungoje esantis ar įsisteigęs fizinis arba juridinis asmuo, gavęs ir priėmęs raštišką DI sistemos arba bendrosios paskirties DI modelio tiekėjo įgaliojimą jo vardu vykdyti šiame reglamente nustatytas pareigas ir procedūras;
(5)
ciallaíonn ‘ionadaí údaraithe’ aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a bhfuil sainordú i scríbhinn faighte agus glactha aige ó sholáthraí córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí chun oibleagáidí agus nósanna imeachta an tsoláthraí sin a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhéanamh agus a chur i gcrích;
6)
importuotojas – Sąjungoje esantis ar įsisteigęs fizinis arba juridinis asmuo, rinkai pateikiantis DI sistemą, kurios pavadinimas arba prekių ženklas priklauso trečiojoje valstybėje įsisteigusiam fiziniam arba juridiniam asmeniui;
(6)
ciallaíonn ‘allmhaireoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe nó bunaithe san Aontas a chuireann córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse a bhfuil ainm nó trádmharc duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá bunaithe i dtríú tír air;
7)
platintojas – tiekimo grandinėje veikiantis fizinis arba juridinis asmuo, išskyrus tiekėją ir importuotoją, kuris tiekia DI sistemą Sąjungos rinkai;
(7)
ciallaíonn ‘dáileoir’ duine nádúrtha nó dlítheanach sa slabhra soláthair, seachas an soláthraí nó an t-allmhaireoir, ar duine é a chuireann córas intleachta saorga ar fáil ar mhargadh an Aontais;
8)
veiklos vykdytojas – tiekėjas, gaminių gamintojas, diegėjas, įgaliotasis atstovas, importuotojas arba platintojas;
(8)
ciallaíonn ‘oibreoir’ soláthraí, monaróir táirgí, úsáideoir gairmiúil, ionadaí údaraithe, allmhaireoir nó dáileoir;
9)
pateikimas rinkai – DI sistemos arba bendrosios paskirties DI modelio tiekimas Sąjungos rinkai pirmą kartą;
(9)
ciallaíonn ‘cur ar an margadh’ córas intleachta saorga nó samhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar mhargadh an Aontais den chéad uair;
10)
tiekimas rinkai – DI sistemos arba bendrosios paskirties DI modelio tiekimas už atlygį arba nemokamai siekiant juos platinti arba naudoti Sąjungos rinkoje vykdant komercinę veiklą;
(10)
ciallaíonn ‘cur ar fáil ar an margadh’ soláthar córais intleachta saorga nó samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena dháileadh nó lena dáileadh nó lena úsáid nó lena húsáid ar mhargadh an Aontais le linn gníomhaíocht tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce;
11)
pradėjimas naudoti – DI sistemos pateikimas pirmą kartą naudoti tiesiogiai diegėjui arba savo reikmėms Sąjungoje pagal jos numatytąją paskirtį;
(11)
ciallaíonn ‘cur i mbun seirbhíse’ córas intleachta saorga a sholáthar go díreach don úsáideoir gairmiúil lena úsáid den chéad uair nó dá úsáid féin san Aontas chun na críche atá beartaithe dó;
12)
numatytoji paskirtis – tiekėjo numatyta DI sistemos paskirtis, įskaitant konkrečias naudojimo aplinkybes ir sąlygas, nurodyta informacijoje, kurią tiekėjas pateikė naudojimo instrukcijoje, reklaminėje ar pardavimo medžiagoje bei teiginiuose ir techniniuose dokumentuose;
(12)
ciallaíonn ‘an chríoch atá beartaithe dó’ an úsáid a bheartaigh an soláthraí do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear an comhthéacs sonrach agus na coinníollacha sonracha úsáide, a shonraítear san fhaisnéis arna soláthar ag an soláthraí sna treoracha úsáide, sna hábhair agus ráitis fógraíochta nó sna hábhair agus ráitis díolacháin, mar aon leis an doiciméadacht theicniúil;
13)
pagrįstai numatomas netinkamas naudojimas – DI sistemos naudojimas ne pagal numatytąją paskirtį, kurį gali nulemti pagrįstai numatomas žmogaus elgesys ar sąveika su kitomis sistemomis, įskaitant kitas DI sistemas;
(13)
ciallaíonn ‘mí-úsáid atá measartha intuartha’ úsáid córais intleachta saorga ar bhealach nach bhfuil i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó ach a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar iompraíocht an duine atá measartha intuartha nó mar thoradh ar idirghníomhaíocht le córais eile, lena n-áirítear le córais intleachta saorga eile;
14)
saugos komponentas – gaminio arba DI sistemos komponentas, kuris atlieka to gaminio ar DI sistemos saugos funkciją arba dėl kurio gedimo ar veikimo sutrikimo kyla rizika žmonių sveikatai ir saugai arba turtui;
(14)
ciallaíonn ‘comhpháirt sábháilteachta’ comhpháirt de tháirge nó de chóras intleachta saorga a chomhlíonann feidhm sábháilteachta don táirge sin nó don chóras intleachta saorga nó a gcuireann a teip nó a mífheidhmiú sláinte agus sábháilteacht daoine nó maoine i mbaol;
15)
naudojimo instrukcija – informacija, kurią tiekėjas pateikia siekdamas informuoti diegėją visų pirma apie numatytąją DI sistemos paskirtį bei tinkamą jos naudojimą;
(15)
ciallaíonn ‘treoracha úsáide’ an fhaisnéis arna soláthar aga an soláthraí chun an t-úsáideoir gairmiúil a chur ar an eolas, go háirithe, faoin gcríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga agus an úsáid cheart atá beartaithe dó;
16)
DI sistemos atšaukimas – priemonės, kuriomis siekiama, kad diegėjams jau pateikta DI sistema būtų grąžinta tiekėjui arba kad ji būtų nebenaudojama arba jos naudojimas būtų padarytas neįmanomas;
(16)
ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a aisghairm’ aon bheart arb é is aidhm dó córas intleachta saorga a cuireadh ar fáil d’úsáideoirí gairmiúla a thabhairt ar ais don soláthraí nó é a thógáil as seirbhís nó a úsáid a dhíchumasú;
17)
DI sistemos pašalinimas – priemonės, kuriomis siekiama neleisti tiekimo grandinėje esančios DI sistemos tiekti rinkai;
(17)
ciallaíonn ‘córas intleachta saorga a tharraingt siar’ aon bheart arb é is aidhm dó cosc a chur ar chóras intleachta saorga sa slabhra soláthair a chur ar fáil ar an margadh;
18)
DI sistemos veikimo efektyvumas – DI sistemos gebėjimas veikti pagal numatytąją paskirtį;
(18)
ciallaíonn ‘feidhmíocht córais intleachta saorga’ an inniúlacht atá ag córas intleachta saorga an chríoch atá beartaithe dó a bhaint amach;
19)
notifikuojančioji institucija – nacionalinė institucija, atsakinga už atitikties vertinimo įstaigoms vertinti, skirti ir notifikuoti būtinų procedūrų nustatymą bei vykdymą ir už tų įstaigų stebėseną;
(19)
ciallaíonn ‘an t-údarás a thugann fógra’ an t-údarás atá freagrach as na nósanna imeachta is gá a chur ar bun agus a dhéanamh maidir leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu;
20)
atitikties vertinimas – procesas, kurio metu įrodoma, kad įvykdyti III skyriaus 2 skirsnyje nustatyti su didelės rizikos DI sistema susiję reikalavimai;
(20)
ciallaíonn ‘measúnú comhréireachta’ an próiseas chun a léiriú ar comhlíonadh na ceanglais a leagtar amach i dTeideal III a bhaineann le córas intleachta saorga ardriosca;
21)
atitikties vertinimo įstaiga – įstaiga, kaip trečioji šalis vykdanti atitikties vertinimo veiklą, įskaitant bandymus, sertifikavimą ir tikrinimą;
(21)
ciallaíonn ‘comhlacht um measúnú comhréireachta’ comhlacht a dhéanann gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta tríú páirtí, lena n-áirítear tástáil, deimhniúchán agus iniúchadh;
22)
notifikuotoji įstaiga – atitikties vertinimo įstaiga, notifikuota pagal šį reglamentą ir kitus atitinkamus Sąjungos derinamuosius teisės aktus;
(22)
ciallaíonn ‘comhlacht faoina dtugtar fógra’ comhlacht um measúnú comhréireachta faoina dtugtar fógra i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht chomhchuibhithe ábhartha eile de chuid an Aontais;
23)
esminis pakeitimas – rinkai pateiktos arba pradėtos naudoti DI sistemos pakeitimas, kuris nėra numatytas ar suplanuotas tiekėjo atliekamame pradiniame atitikties vertinime ir kuris daro poveikį DI sistemos atitikčiai III skyriaus 2 skirsnyje nustatytiems reikalavimams arba dėl kurio pasikeičia numatytoji paskirtis, dėl kurios DI sistema buvo vertinta;
(23)
ciallaíonn ‘modhnú substaintiúil’ athrú ar chóras intleachta saorga tar éis é a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse nach bhfuil tuartha ná beartaithe sa mheasúnú comhréireachta tosaigh arna dhéanamh ag an soláthraí agus dá thoradh sin a dhéantar difear do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 nó athrú a fhágann go modhnaítear an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus a ndearnadh measúnú air ina leith;
24)
CE ženklas – ženklas, kuriuo tiekėjas nurodo, kad DI sistema atitinka reikalavimus, nustatytus III skyriaus 2 skirsnyje ir kituose taikytinuose Sąjungos derinamuosiuose teisės aktuose, kuriuose numatytas ženklinimas juo;
(24)
ciallaíonn ‘marcáil CE’ marcáil lena léiríonn an soláthraí go bhfuil córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 agus le haon reachtaíocht chomhchuibhithe infheidhme de chuid an Aontais, lena bhforáiltear dá ghreamú;
25)
stebėsenos po pateikimo rinkai sistema – visa DI sistemų tiekėjų atliekama veikla, skirta rinkai pateiktų arba pradėtų naudoti DI sistemų naudojimo patirčiai rinkti ir peržiūrėti, siekiant nustatyti, ar yra poreikis nedelsiant imtis būtinų taisomųjų ar prevencinių veiksmų;
(25)
ciallaíonn ‘córas faireacháin iarmhargaidh’ na gníomhaíochtaí uile a dhéanann soláthraithe na gcóras intleachta saorga taithí a bhailiú agus athbhreithniú, ar taithí í a fhaightear ó úsáid na gcóras intleachta saorga a chuireann siad ar an margadh nó a chuireann siad i mbun seirbhíse d’fhonn a shainaithint an gá aon ghníomhaíocht riachtanach cheartaitheach nó choisctheach a chur i bhfeidhm láithreach;
26)
rinkos priežiūros institucija – nacionalinė institucija, vykdanti veiklą ir taikanti priemones pagal Reglamentą (ES) 2019/1020;
(26)
ciallaíonn ‘údarás faireachais margaidh’ an t-údarás náisiúnta a dhéanann na gníomhaíochtaí agus a dhéanann na bearta de bhun Rialachán (AE) 2019/1020;
27)
darnusis standartas – Europos standartas, kaip apibrėžta Reglamento (ES) Nr. 1025/2012 2 straipsnio 1 dalies c punkte;
(27)
ciallaíonn ‘caighdeán comhchuibhithe’ caighdeán comhchuibhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012;
28)
bendroji specifikacija – techninių specifikacijų, kaip apibrėžta Reglamento (ES) Nr. 1025/2012 4 straipsnio 2 punkte, rinkinys, kuris sudaro galimybę laikytis tam tikrų šiuo reglamentu nustatytų reikalavimų;
(28)
ciallaíonn ‘sonraíocht choiteann’ tacar sonraíochtaí teicniúla mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 lena gcuirtear modhanna ar fáil chun ceanglais áirithe a bhunaítear faoin Rialachán seo a chomhlíonadh;
29)
mokymo duomenys – duomenys, naudojami DI sistemai mokyti pritaikant jos mokymosi parametrus;
(29)
ciallaíonn ‘sonraí oiliúna’ na sonraí a úsáidtear chun córas intleachta saorga a oiliúint trína pharaiméadair infhoghlamtha a oiriúnú;
30)
validavimo duomenys – duomenys, naudojami išmokytai DI sistemai įvertinti ir jos kitiems nei mokymosi parametrams bei mokymosi procesui suderinti, be kita ko, siekiant išvengti nepakankamo mokymosi arba persimokymo;
(30)
ciallaíonn ‘sonraí bailíochtaithe’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga oilte agus chun a pharaiméadair neamh-infhoghlamtha agus a phróiseas foghlama a choigeartú, chun, inter alia, tearc-oiriúnú nó ró-oiriúnú a chosc;
31)
validavimo duomenų rinkinys – atskiras duomenų rinkinys arba mokymo duomenų rinkinio dalis (fiksuota arba kintama);
(31)
ciallaíonn ‘tacar sonraí bailíochtaithe’ tacar sonraí ar leithligh nó cuid den tacar sonraí oiliúna, mar scoilt sheasta nó athraitheach;
32)
bandymo duomenys – duomenys, naudojami nepriklausomam DI sistemos vertinimui atlikti siekiant patvirtinti numatomą tos sistemos veikimo efektyvumą prieš ją pateikiant rinkai arba pradedant naudoti;
(32)
ciallaíonn ‘sonraí tástála’ sonraí a úsáidtear chun meastóireacht neamhspleách a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga chun feidhmíocht ionchasach an chórais sin a dheimhniú sula gcuirtear ar an margadh é nó sula gcuirtear i mbun seirbhíse é;
33)
įvesties duomenys – DI sistemai teikiami arba jos tiesiogiai gaunami duomenys, kuriais remdamasi ji generuoja išvedinį;
(33)
ciallaíonn ‘sonraí ionchuir’ sonraí arna soláthar do chóras intleachta saorga, nó sonraí arna bhfáil go díreach ag an gcóras sin, ar ar a mbonn a tháirgeann an córas aschur;
34)
biometriniai duomenys – po specialaus techninio apdorojimo gauti asmens duomenys, susiję su fizinio asmens fizinėmis, fiziologinėmis arba elgesio savybėmis, pavyzdžiui, veido atvaizdai arba daktiloskopiniai duomenys;
(34)
ciallaíonn ‘sonraí bithmhéadracha’ sonraí pearsanta a eascraíonn as próiseáil theicniúil ar leith agus a bhaineann le saintréithe fisiciúla, fiseolaíocha nó iompraíochta duine nádúrtha, amhail íomhánna den aghaidh nó sonraí dachtalascópacha;
35)
biometrinis tapatybės nustatymas – automatinis žmogaus fizinių, fiziologinių, elgesio ar psichologinių savybių atpažinimas siekiant nustatyti fizinio asmens tapatybę, lyginant to asmens biometrinius duomenis su duomenų bazėje saugomais asmenų biometriniais duomenimis;
(35)
ciallaíonn ‘sainaithint bhithmhéadrach’ aithint uathoibrithe gnéithe fisiciúla, fiseolaíocha, iompraíochta nó síceolaíocha daonna chun críche céannacht duine nádúrtha a bhunú trí shonraí bithmhéadracha an duine sin a chur i gcomparáid le sonraí bithmhéadracha stóráilte daoine aonair i mbunachar sonraí;
36)
biometrinis sutikrinimas – automatizuotas vieno su vienu fizinių asmenų tapatybės tikrinimas, įskaitant autentiškumo patvirtinimą, lyginant jų biometrinius duomenis su anksčiau pateiktais biometriniais duomenimis;
(36)
ciallaíonn ‘fíorú bithmhéadrach’ fíorú uathoibrithe, bunaithe ar chomparáid idir dhá shraith sonraí, lena n-áirítear fíordheimhniú, ar chéannacht daoine nádúrtha trína sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha a cuireadh ar fáil roimhe sin;
37)
specialių kategorijų asmens duomenys – tam tikrų kategorijų asmens duomenys, nurodyti Reglamento (ES) 2016/679 9 straipsnio 1 dalyje, Direktyvos (ES) 2016/680 10 straipsnyje ir Reglamento (ES) 2018/1725 10 straipsnio 1 dalyje;
(37)
ciallaíonn ‘catagóirí speisialta sonraí pearsanta’ na catagóirí sonraí pearsanta dá dtagraítear in Airteagal 9(1) de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2018/1725;
38)
neskelbtini operatyviniai duomenys – operatyviniai duomenys, susiję su nusikalstamų veikų prevencijos, nustatymo, tyrimo ar patraukimo baudžiamojon atsakomybėn už jas veikla, kurių atskleidimas galėtų pakenkti baudžiamojo proceso integralumui;
(38)
ciallaíonn ‘sonraí oibríochtúla íogaire’ sonraí oibríochtúla a bhaineann le gníomhaíochtaí maidir le cionta coiriúla a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, a bhféadfaí sláine imeachtaí coiriúla a chur i mbaol dá nochtfaí iad;
39)
emocijų atpažinimo sistema – DI sistema, kurios paskirtis – atpažinti arba nuspėti fizinių asmenų emocijas ar ketinimus remiantis jų biometriniais duomenimis;
(39)
ciallaíonn ‘córas aitheanta mothúcháin’ córas intleachta saorga atá ceaptha chun mothúcháin nó rúin daoine nádúrtha a shainaithint ar bhonn a sonraí bithmhéadracha nó chun mothúcháin nó rúin a bhaint as a gcuid sonraí bithmhéadracha;
40)
biometrinio kategorizavimo sistema – DI sistema, kurios paskirtis – remiantis fizinių asmenų biometriniais duomenimis priskirti juos konkrečioms kategorijoms, išskyrus atvejus, kai ji naudojama kitai komercinei paslaugai teikti ir yra tikrai būtina dėl objektyvių techninių priežasčių;
(40)
ciallaíonn ‘córas catagóirithe bhithmhéadraigh’ córas intleachta saorga chun daoine nádúrtha a shannadh do chatagóirí sonracha ar bhonn a sonraí bithmhéadracha mura bhfuil sé coimhdeach le seirbhís tráchtála eile agus go bhfuil géarghá leis ar chúiseanna teicniúla oibiachtúla;
41)
nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistema – DI sistema, kurios paskirtis – nustatyti fizinių asmenų tapatybę be jų aktyvaus įsitraukimo, paprastai nuotoliniu būdu, lyginant asmens biometrinius duomenis su informacinėje duomenų bazėje esančiais biometriniais duomenimis;
(41)
ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama’ córas intleachta saorga chun daoine nádúrtha a shainaithint, de ghnáth go cianda, gan iad a bheith rannpháirteach go gníomhach, trí shonraí bithmhéadracha an duine a chur i gcomparáid leis na sonraí bithmhéadracha atá i mbunachar sonraí tagartha;
42)
tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistema – nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistema, kuri fiksuoja, lygina biometrinius duomenis ir nustato tapatybę be didelės delsos; jai būdingas ne tik tapatybės nustatymas iš karto, bet ir apriboti trumpi delsos laikotarpiai, kad būtų išvengta apėjimo;
(42)
ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “fíor-ama”’córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí lena ndéantar an ghabháil sonraí bithmhéadracha, an chomparáid agus an tsainaithint gan moill shuntasach, a bhfuil i gceist leis sin, ní hamháin sainaithint ar an toirt, ach moilleanna gearra teoranta chun nach dtiocfar timpeall ar an gcóras;
43)
netikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistema – kita nei tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistema;
(43)
ciallaíonn ‘córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí “iar-aimseartha”’ córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí seachas córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama;
44)
viešai prieinama erdvė – viešam ar privačiam subjektui priklausanti fizinė vieta, prieinama neapibrėžtam skaičiui fizinių asmenų, neatsižvelgiant į tai, ar gali būti taikomos tam tikros patekimo į ją sąlygos, ir neatsižvelgiant į potencialius talpumo apribojimus;
(44)
ciallaíonn ‘spás atá inrochtana don phobal’ aon áit fhisiciúil faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach a bhfuil rochtain ag líon neamhchinntithe daoine nádúrtha uirthi gan beann ar cibé acu atá nó nach bhfuil feidhm ag coinníollacha áirithe maidir le rochtain, gan beann ar na srianta acmhainneachta a d’fhéadfadh a bheith ann;
45)
teisėsaugos institucija –
(45)
ciallaíonn ‘údarás forfheidhmithe dlí’:
a)
valdžios institucija, kurios kompetencijai priklauso nusikalstamos veikos prevencija, tyrimas, atskleidimas ar baudžiamasis persekiojimas už ją arba baudžiamųjų sankcijų vykdymas, be kita ko, apsauga nuo grėsmių visuomenės saugumui ir jų prevencija, arba
(a)
aon údarás poiblí atá inniúil maidir le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc; nó
b)
kita įstaiga arba subjektas, kuriems pagal valstybės narės teisę pavesta vykdyti viešosios valdžios funkcijas ir naudotis viešaisiais įgaliojimais nusikalstamos veikos prevencijos, tyrimo, atskleidimo ar baudžiamojo persekiojimo už ją arba baudžiamųjų sankcijų vykdymo, be kita ko, apsaugos nuo grėsmių visuomenės saugumui ir jų prevencijos, tikslais;
(b)
aon chomhlacht nó eintiteas eile a bhfuil an cúram curtha orthu ag dlí Ballstáit údarás poiblí agus cumhachtaí poiblí a fheidhmiú chun críoch cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear an coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;
46)
teisėsauga – veikla, kurią teisėsaugos institucijos vykdo ar kuri yra vykdoma jų vardu nusikalstamos veikos prevencijos, tyrimo, atskleidimo ar baudžiamojo persekiojimo už ją arba baudžiamųjų sankcijų vykdymo, be kita ko, apsaugos nuo grėsmių visuomenės saugumui ir jų prevencijos, tikslais;
(46)
ciallaíonn ‘forfheidhmiú an dlí’ gníomhaíochtaí a dhéanann údaráis forfheidhmithe dlí nó a dhéantar thar a gceann chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh agus pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú i gcoinne bagairtí ar an tsláinte phoiblí agus bagairtí ar an tsláinte phoiblí a chosc;
47)
DI tarnyba – Komisijos funkcija, skirta padėti įgyvendinti, stebėti ir prižiūrėti DI sistemas ir bendrosios paskirties DI modelius ir valdyti DI, numatyta 2024 m. sausio 24 d. Komisijos sprendimu; šiame reglamente daromos nuorodos į DI tarnybą laikomos nuorodomis į Komisiją;
(47)
ciallaíonn ‘an Oifig um Intleacht Shaorga’ feidhm an Choimisiúin maidir le rannchuidiú le cur chun feidhme na gcóras intleachta saorga agus na samhlacha ilchuspóireacha intleachta saorga, agus le faireachán agus maoirseacht ar na córais agus na samhlacha sin, dá bhforáiltear i gCinneadh ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024; tuigfear gur tagairtí don Choimisiún iad na tagairtí sa Rialachán seo don Oifig um Intleacht Shaorga;
48)
nacionalinė kompetentinga institucija – notifikuojančioji institucija arba rinkos priežiūros institucija; kalbant apie DI sistemas, kurias pradeda naudoti arba naudoja Sąjungos institucijos, agentūros, organai ir įstaigos, nuorodos į nacionalines kompetentingas institucijas arba rinkos priežiūros institucijas šiame reglamente aiškinamos kaip nuorodos į Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūną;
(48)
ciallaíonn ‘údarás inniúil náisiúnta’ údarás a thugann fógra nó údarás faireachais margaidh; a mhéid a bhaineann le córais intleachta saorga a chuireann institiúidí, gníomhaireachtaí, oifigí agus comhlachtaí an Aontais i mbun seirbhíse nó a úsáideann siad, déanfar tagairtí d’údaráis inniúla náisiúnta nó d’údaráis faireachais margaidh sa Rialachán seo a fhorléiriú mar thagairtí don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí;
49)
rimtas incidentas – incidentas arba DI sistemos veikimo sutrikimas, kuris tiesiogiai ar netiesiogiai nulemia kurį nors iš toliau išvardytų dalykų:
(49)
ciallaíonn ‘teagmhas tromchúiseach’ teagmhas nó mífheidhmiú a bhaineann le córas intleachta saorga arb é an toradh díreach nó indíreach atá air aon cheann díobh seo a leanas:
a)
asmens mirtį arba didelę žalą asmens sveikatai;
(a)
bás duine nó díobháil thromchúiseach do shláinte duine;
b)
didelį ir negrįžtamą ypatingos svarbos infrastruktūros valdymo ar eksploatavimo sutrikimą;
(b)
cur isteach tromchúiseach agus do-athraithe ar bhainistíocht nó oibriú bonneagair chriticiúil.
c)
Sąjungos teisėje, kuria siekiama apsaugoti pagrindines teises, nustatytų pareigų nesilaikymą;
(c)
sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint;
d)
didelę žalą turtui arba aplinkai;
(d)
díobháil thromchúiseach do mhaoin nó don chomhshaol;
50)
asmens duomenys – asmens duomenys, kaip apibrėžta Reglamento (ES) 2016/679 4 straipsnio 1 dalyje;
(50)
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
51)
ne asmens duomenys – duomenys, kurie nėra asmens duomenys, kaip apibrėžta Reglamento (ES) 2016/679 4 straipsnio 1 punkte;
(51)
ciallaíonn ‘sonraí neamhphearsanta’ sonraí seachas sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (1), de Rialachán (AE) 2016/679;
52)
profiliavimas – profiliavimas, kaip apibrėžta Reglamento (ES) 2016/679 4 straipsnio 4 punkte;
(52)
ciallaíonn ‘próifíliú’ próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;
53)
bandymo realiomis sąlygomis planas – dokumentas, kuriame aprašomi bandymo realiomis sąlygomis tikslai, metodika, geografinė aprėptis, populiacija ir laiko aprėptis, stebėsena, organizavimas ir eiga;
(53)
ciallaíonn ‘plean tástála i bhfíordhálaí’ doiciméad lena ndéantar cur síos ar chuspóirí, modheolaíocht, tíreolaíocht, daonra agus raon feidhme ama, faireachán, eagrú agus déanamh tástála i bhfíordhálaí;
54)
apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos planas – dokumentas, dėl kurio susitarė dalyvaujantis tiekėjas ir kompetentinga institucija ir kuriame aprašomi apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje vykdomos veiklos tikslai, sąlygos, tvarkaraštis, metodika ir reikalavimai;
(54)
ciallaíonn ‘plean bosca gainimh’ doiciméad arna chomhaontú idir an soláthraí rannpháirteach agus an t-údarás inniúil ina ndéantar cur síos ar na cuspóirí, na coinníollacha, an tráthchlár, an mhodheolaíocht agus na ceanglais le haghaidh na ngníomhaíochtaí a dhéantar laistigh den bhosca gainimh;
55)
apribota bandomoji DI reglamentavimo aplinka – kompetentingos institucijos sukurta kontroliuojama sistema, kurioje DI sistemų tiekėjams arba galimiems tiekėjams suteikiama galimybė (kai tikslinga – realiomis sąlygomis) kurti, mokyti, patvirtinti ir išbandyti novatorišką DI sistemą ribotą laiką pagal apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos planą, prižiūrint reguliavimo institucijoms;
(55)
ciallaíonn ‘bosca gainimh rialála intleachta saorga’ creat rialaithe arna chur ar bun ag údarás inniúil lena dtugtar an deis do sholáthraithe nó do sholáthraithe ionchasacha córais intleachta saorga córas intleachta saorga nuálach a fhorbairt, a oiliúint, a bhailíochtú agus a thástáil, i gcás inarb iomchuí i bhfíordhálaí, de bhun plean bosca gainimh ar feadh tréimhse theoranta faoi mhaoirseacht rialála;
56)
raštingumas DI srityje – įgūdžiai, žinios ir supratimas, leidžiantys tiekėjams, diegėjams ir asmenims, kuriems daromas poveikis, atsižvelgiant į atitinkamas jų teises ir pareigas pagal šį reglamentą, vykdyti informacija pagrįstą DI sistemų diegimą, taip pat didinti savo informuotumą apie DI teikiamas galimybes ir riziką bei žalą, kurią gali sukelti DI;
(56)
ciallaíonn ‘litearthacht intleachta saorga’ na scileanna, an t-eolas agus an tuiscint a chuireann ar chumas soláthraithe, úsáideoirí gairmiúla agus daoine dá ndéantar difear, agus a gcearta agus a n-oibleagáidí faoi seach á gcur san áireamh i gcomhthéacs an Rialacháin seo, córais intleachta saorga a imscaradh ar bhealach eolach, chomh maith le feasacht a fháil ar na deiseanna agus ar na rioscaí a bhaineann leis an intleacht shaorga agus an dochar a d’fhéadfadh sí a dhéanamh;
57)
bandymas realiomis sąlygomis – laikinas DI sistemos bandymas pagal numatytąją paskirtį realiomis sąlygomis ne laboratorijoje ar kitaip imituojamoje aplinkoje, siekiant surinkti patikimus ir įtikinamus duomenis ir įvertinti bei patikrinti DI sistemos atitiktį šio reglamento reikalavimams; toks bandymas nelaikomas DI sistemos pateikimu rinkai arba pradėjimu naudoti, kaip tai suprantama šiame reglamente, jeigu tenkinamos visos 57 arba 60 straipsnyje nustatytos sąlygos;
(57)
ciallaíonn ‘tástáil i bhfíordhálaí’ tástáil shealadach a dhéanamh ar chóras intleachta saorga chun na críche atá beartaithe dó i bhfíordhálaí lasmuigh de shaotharlann nó de thimpeallacht ionsamhlaithe ar bhealach eile d’fhonn sonraí iontaofa stóinsithe a bhailiú agus d’fhonn measúnú agus fíorú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga le ceanglais an Rialacháin seo agus ní ionann tástáil i bhfíordhálaí agus an córas intleachta saorga a chur ar an margadh nó é a chur i mbun seirbhíse de réir bhrí an Rialacháin seo, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile a leagtar síos in Airteagal 57 nó Airteagal 60;
58)
subjektas – bandymo realiomis sąlygomis tikslu – fizinis asmuo, dalyvaujantis bandyme realiomis sąlygomis;
(58)
ciallaíonn ‘duine is ábhar’ chun críoch na tástála i bhfíordhálaí duine nádúrtha a ghlacann páirt i dtástáil i bhfíordhálaí;
59)
informuoto asmens sutikimas – laisva valia pateiktas, konkretus, vienareikšmiškas ir savanoriškas subjekto noro dalyvauti konkrečiame bandyme realiomis sąlygomis pareiškimas po to, kai jis buvo informuotas apie visus bandymo aspektus, aktualius subjekto sprendimui dalyvauti;
(59)
ciallaíonn ‘toiliú feasach’ nochtadh saor, sonrach, soiléir agus deonach an duine is ábhar don tástáil go bhfuil sé nó sí toilteanach páirt a ghlacadh i dtástáil ar leith i bhfíordhálaí, tar éis dó nó di a bheith curtha ar an eolas faoi gach gné den tástáil atá ábhartha maidir le cinneadh an duine is ábhar don tástáil a bheith rannpháirteach;
60)
sintetinė sankaita – DI generuojamas arba atlikus manipuliacijas gaunamas į realius asmenis, objektus, vietas, subjektus ar įvykius labai panašus judamo ar nejudamo vaizdo arba garso turinys, kurį asmuo gali klaidingai palaikyti autentišku ar tikru;
(60)
ciallaíonn ‘domhainbhrionnú’ íomhá atá ginte nó ionramháilte ag an intleacht shaorga, ar inneachar fuaime nó físe é atá an-chosúil le daoine, réada, áiteanna nó eintitis nó imeachtaí eile atá ann cheana agus a dhealródh go bréagach do dhuine a bheith barántúil nó fírinneach;
61)
plačiai paplitęs pažeidimas – asmenų interesų apsaugos Sąjungos teisės aktams prieštaraujantis veiksmas ar neveikimas:
(61)
ciallaíonn ‘sárú forleathan’ aon ghníomh nó neamhghníomh atá contrártha do dhlí an Aontais lena gcosnaítear leasanna daoine aonair agus:
a)
kuriuo buvo padaryta žala arba gali būti padaryta žala kolektyviniams interesams asmenų, gyvenančių bent dviejose kitose valstybėse narėse nei ta, kurioje:
(a)
lena ndearnadh díobháil, nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair a bhfuil cónaí orthu in dhá Bhallstát, ar a laghad, seachas an Ballstát:
i)
tas veiksmas ar neveikimas buvo inicijuotas ar įvyko;
(i)
inar tionscnaíodh an gníomh nó inar tharla an neamhghníomh;
ii)
fiziškai yra arba yra įsisteigęs atitinkamas tiekėjas arba, jei taikytina, jo įgaliotasis atstovas arba
(ii)
ina bhfuil an soláthraí lena mbaineann, nó, i gcás inarb infheidhme, a ionadaí údaraithe lonnaithe nó bunaithe; nó
iii)
yra įsisteigęs diegėjas, kai pažeidimą padaro diegėjas;
(iii)
ina bhfuil an t-úsáideoir gairmiúil bunaithe, nuair is é an t- úsáideoir gairmiúil a dhéanann an sárú;
b)
kuris sukėlė, sukelia arba gali sukelti žalą kolektyviniams asmenų interesams, pasižymi bendrais bruožais, įskaitant tą pačią neteisėtą veiką ar to paties intereso pažeidimą, ir vyksta vienu metu, jį vykdant tam pačiam veiklos vykdytojui, bent trijose valstybėse narėse;
(b)
lena ndearnadh díobháil, lena ndéantar díobháil nó ar dóigh go ndéanfaidh díobháil leis, do chomhleasanna daoine aonair agus a bhfuil tréithe coiteanna ag baint leis, lena n-áirítear an cleachtas mídhleathach céanna, an leas céanna a bheith á shárú agus a tharlaíonn i gcomhthráth, arna ndéanamh ag an oibreoir céanna, i dtrí Bhallstát, ar a laghad;
62)
ypatingos svarbos infrastruktūra – ypatingos svarbos infrastruktūra, kaip apibrėžta Direktyvos (ES) 2022/2557 2 straipsnio 4 punkte;
(62)
ciallaíonn ‘bonneagar criticiúil’ bonneagar criticiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4), de Threoir (AE) 2022/2557;
63)
bendrosios paskirties DI modelis – DI modelis, įskaitant atvejus, kai toks DI modelis yra apmokomas pasitelkiant didelį duomenų kiekį taikant didelio masto savipriežiūrą, kuris yra itin bendro pobūdžio ir gali veiksmingai atlikti daug skirtingų užduočių, neatsižvelgiant į tai, kaip tas modelis yra pateikiamas rinkai, ir kuris gali būti integruotas į įvairias tolesnės grandies sistemas ar prietaikas, išskyrus DI modelius, kurie naudojami mokslinių tyrimų, plėtros ar prototipų kūrimo veikloje prieš tai, kai jie pateikiami į rinką;
(63)
ciallaíonn ‘samhail intleachta saorga ilchuspóireach’ samhail intleachta saorga, lena n-áirítear i gcás ina gcuirtear oiliúint ar an tsamhail intleachta saorga le méid mór sonraí ina n-úsáidtear féinmhaoirseacht ar scála a léiríonn ginearáltacht shuntasach agus atá in ann raon leathan cúraimí ar leith a dhéanamh go hinniúil gan beann ar an gcaoi a gcuirtear an tsamhail ar an margadh agus ar féidir í a chomhtháthú i gcórais nó i bhfeidhmeanna iartheachtacha éagsúla, seachas samhlacha intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí taighde, forbartha nó fréamhshamhaltaithe sula gcuirtear ar an margadh iad;
64)
didelio poveikio pajėgumai – pajėgumai, kurie atitinka arba viršija pažangiausiuose bendrosios paskirties DI modeliuose užfiksuotus pajėgumus;
(64)
ciallaíonn ‘cumais ardtionchair’ cumais a mheaitseálann nó a sháraíonn na cumais a thaifeadtar sna samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha is forbartha;
65)
sisteminė rizika – bendrosios paskirties DI modelių didelio poveikio pajėgumams būdinga rizika, daranti reikšmingą poveikį Sąjungos rinkai dėl jų paplitimo arba dėl faktinių ar pagrįstai numatomų neigiamų pasekmių visuomenės sveikatai, saugai, visuomenės saugumui, pagrindinėms teisėms arba visai visuomenei, ir galinti dideliu mastu paplisti visoje vertės grandinėje;
(65)
ciallaíonn ‘riosca sistéamach’ riosca a bhaineann go sonrach le cumais ardtionchair i samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, a bhfuil tionchar suntasach aige ar mhargadh an Aontais mar gheall ar a rochtain, nó mar gheall ar éifeachtaí diúltacha iarbhír nó éifeachtaí diúltacha atá measartha intuartha aige ar an tsláinte phoiblí, ar an tsábháilteacht, ar an tslándáil phoiblí, ar chearta bunúsacha, nó ar an tsochaí ina hiomláine, ar éifeachtaí iad a d’fhéadfadh scaipeadh go forleathan ar fud an tslabhra luacha;
66)
bendrosios paskirties DI sistema – DI sistema, kuri yra grindžiama bendrosios paskirties DI modeliu ir kurią galima naudoti įvairiais tikslais – tiek naudoti tiesiogiai, tiek integruoti į kitas DI sistemas;
(66)
ciallaíonn ‘córas intleachta saorga ilchuspóireach’ córas intleachta saorga atá bunaithe ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach agus a bhfuil sé de chumas ann freastal ar chuspóirí éagsúla, bíodh sin mar úsáid dhíreach nó mar chomhtháthú i gcórais intleachta saorga eile araon;
67)
slankiojo kablelio operacija – matematinė operacija arba užduotis, kurioje operuojama slankiojo kablelio skaičiais; pastarieji yra realiųjų skaičių poaibis ir kompiuteriuose paprastai atvaizduojami pateikiant fiksuoto tikslumo sveikąjį skaičių ir jo eilę nurodantį fiksuoto pagrindo laipsnio rodiklį;
(67)
ciallaíonn ‘oibríocht snámhphointe’ aon oibríocht nó sannadh matamaiticiúil lena mbaineann uimhreacha snámhphointe, ar fothacar iad de na fíoruimhreacha a léirítear de ghnáth ar ríomhairí ag slánuimhir bheacht sheasta atá scálaithe ag slánuimhir de bhonn seasta;
68)
tolesnės grandies tiekėjas – DI sistemos (įskaitant bendrosios paskirties DI sistemą), į kurią integruotas DI modelis, tiekėjas, neatsižvelgiant į tai, ar DI modelis tiekiamas jo paties ir yra vertikaliai integruotas, ar tiekiamas kito subjekto remiantis sutartiniais santykiais.
(68)
ciallaíonn ‘soláthraí iartheachtach’ soláthraí córais intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, lena gcomhtháthaítear samhail intleachta saorga, gan beann ar cibé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad féin an tsamhail intleachta saorga agus cibé acu atá nó nach bhfuil sí comhtháite go hingearach nó á soláthar ag eintiteas eile bunaithe ar ghaol conarthach.
4 straipsnis
Airteagal 4
Raštingumas DI srityje
Litearthacht intleachta saorga
DI sistemų tiekėjai ir diegėjai imasi priemonių kuo geriau užtikrinti savo darbuotojų ir kitų asmenų, dirbančių DI sistemų veikimo ir naudojimo jų vardu srityje, pakankamą raštingumo DI srityje lygį, atsižvelgdami į jų technines žinias, patirtį, išsilavinimą bei pasirengimą ir kontekstą, kuriame tos DI sistemos numatomos naudoti, ir atsižvelgdami į asmenis ar asmenų grupes, kurių atžvilgiu tos DI sistemos numatomos naudoti.
Déanfaidh soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga, a mhéid is féidir, bearta chun leibhéal leordhóthanach litearthachta intleachta saorga a áirithiú i measc a bhfoirne agus daoine eile a bhíonn ag déileáil le hoibriú agus úsáid córas intleachta saorga thar a gceann, agus a gcuid eolais theicniúil, a gcuid taithí, a gcuid oideachais agus a gcuid oiliúna agus an comhthéacs ina mbeidh na córais intleachta saorga le húsáid á gcur san áireamh, agus aird á tabhairt ar na daoine nó na grúpaí díobh a n-úsáidfear na córais intleachta saorga orthu.
II SKYRIUS
CAIBIDIL II
DRAUDŽIAMA SU DI SUSIJUSI PRAKTIKA
CLEACHTAIS INTLEACHTA SAORGA AR A GCUIRTEAR TOIRMEASC
5 straipsnis
Airteagal 5
Draudžiama su DI susijusi praktika
Cleachtais intleachta saorga a gcuirtear toirmeasc orthu
1. Draudžiama taikyti šią su DI susijusią praktiką:
1. Cuirfear toirmeasc ar na cleachtais intleachta saorga seo a leanas:
a)
pateikti rinkai, pradėti naudoti arba naudoti DI sistemą, kurioje pasitelkiami pasąmonę veikiantys metodai, kurių asmuo nesuvokia, arba tikslingai pasitelkiami manipuliavimo ar apgaulės metodai, siekiant iš esmės pakeisti asmens ar asmenų grupės elgesį arba tą elgesį iš esmės pakeičiant, pastebimai susilpninant jų gebėjimą priimti pagrįstą sprendimą, taip juos priverčiant priimti sprendimą, kurio jie kitu atveju nebūtų priėmę, taip, kad jis pats arba kitas asmuo, arba asmenų grupė patiria didelę žalą arba yra pagrįstai tikėtina, kad jis ar kitas asmuo ar asmenų grupė tokią žalą patirs;
(a)
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é lena n-imscartar teicnící fo-thairseachúla nach bhfuil fios ag an duine orthu nó teicnící ionramhála nó meabhlacha d’aon ghnó, agus é mar chuspóir leis sin nó mar thoradh air sin iompraíocht duine nó grúpa daoine a shaobhadh go hábhartha trí chumas an duine a lagú go suntasach i dtaobh cinneadh feasach a dhéanamh, rud a chuirfeadh faoi deara dóibh cinneadh a dhéanamh nach ndéanfadh siad murach sin ar mhodh is cúis le díobháil shuntasach don duine sin, do dhuine eile nó do ghrúpa daoine, nó ar dócha le réasún gurb é is cúis léi sin;
b)
pateikti rinkai, pradėti naudoti arba naudoti DI sistemą, kurioje išnaudojamas fizinio asmens ar konkrečios asmenų grupės pažeidžiamumas dėl jų amžiaus, negalios ar konkrečios socialinės ar ekonominės padėties, siekiant iš esmės pakeisti to asmens ar tai grupei priklausančio asmens elgesį arba to asmens elgesį iš esmės pakeičiant taip, kad jis pats arba kitas asmuo patiria didelę žalą arba yra pagrįstai tikėtina, kad jis ar kitas asmuo tokią žalą patirs;
(b)
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, ar córas é a théann i dtír ar dhuine nádúrtha nó ar aon cheann de leochaileachtaí atá ag grúpa sonrach daoine i ngeall ar a n-aois, ar a míchumas nó staid shonrach shóisialta nó eacnamaíoch, agus é de chuspóir nó d’éifeacht iompar an duine sin nó duine a bhaineann leis an ngrúpa sin a shaobhadh go hábhartha ar mhodh is cúis le díobháil shuntasach don duine sin nó do dhuine eile, nó ar dócha gurb é is cúis leis sin;
c)
pateikti rinkai, pradėti naudoti arba naudoti DI sistemas fiziniams asmenims ar asmenų grupėms tam tikru laikotarpiu vertinti ar klasifikuoti pagal jų socialinį elgesį arba žinomus, numanomus ar nuspėjamus asmeninius ar asmenybės bruožus, kai socialinis reitingas lemia vieną arba abu toliau išvardytus dalykus:
(c)
córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid chun meastóireacht nó aicmiú a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha nó ar ghrúpaí díobh i gcaitheamh tréimhse áirithe ama bunaithe ar a n-iompraíocht shóisialta nó a saintréithe pearsanta nó pearsantachta atá ar eolas, intuigthe nó tuartha, agus an scór sóisialta as a dtiocfaidh ceachtar díobh seo a leanas nó an dá cheann díobh seo a leanas:
i)
žalingą ar nepalankų elgesį su tam tikrais fiziniais asmenimis ar asmenų grupėmis socialiniuose kontekstuose, kurie nėra susiję su kontekstais, kuriuose duomenys buvo iš pradžių sugeneruoti ar surinkti;
(i)
caitheamh díobhálach nó neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí daoine i gcomhthéacsanna sóisialta nach mbaineann leis na comhthéacsanna inar gineadh nó inar bailíodh na sonraí i dtosach;
ii)
žalingą ar nepalankų elgesį su tam tikrais fiziniais asmenimis ar asmenų grupėmis, kuris yra nepagrįstas arba neproporcingas jų socialiniam elgesiui ar jo pavojingumui;
(ii)
caitheamh díobhálach nó neamhfhabhrach le daoine nádúrtha áirithe nó le grúpaí daoine nach bhfuil údar léi nó atá díréireach lena n-iompraíocht shóisialta nó le tromchúis na hiompraíochta sin;
d)
pateikti rinkai, pradėti naudoti šiuo konkrečiu tikslu arba naudoti DI sistemą fizinių asmenų rizikos vertinimams atlikti, siekiant įvertinti arba prognozuoti, kokia būtų rizika, kad fizinis asmuo įvykdys nusikalstamą veiką, remiantis tik fizinio asmens profiliavimu arba jo asmenybės bruožų ir savybių vertinimu; šis draudimas netaikomas DI sistemoms, naudojamoms žmogaus atliekamam asmens dalyvavimo nusikalstamoje veikloje vertinimui, kuris jau yra pagrįstas objektyviais ir patikrinamais faktais, tiesiogiai susijusiais su nusikalstama veikla;
(d)
córas intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid chun measúnuithe riosca a dhéanamh ar dhaoine nádúrtha chun a mheas nó a thuar an riosca go ndéanfaidh duine nádúrtha cion coiriúil bunaithe ar phróifíliú duine nádúrtha, agus air sin amháin, nó ar mheasúnú a dhéanamh ar a thréithe agus a shaintréithe pearsantachta; ní bheidh feidhm ag an toirmeasc seo maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear chun tacú leis an measúnú daonna ar rannpháirtíocht duine i ngníomhaíocht choiriúil atá bunaithe cheana féin ar fhíorais oibiachtúla infhíoraithe a bhfuil baint dhíreach acu le gníomhaíocht choiriúil;
e)
pateikti rinkai, pradėti naudoti šiuo konkrečiu tikslu arba naudoti DI sistemas, kuriomis kuriamos arba išplečiamos veido atpažinimo duomenų bazės, netikslingai renkant veido atvaizdus iš interneto arba apsauginių vaizdo stebėjimo sistemų (AVSS) įrašų;
(e)
córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid, ar córais iad lena gcruthaítear nó lena leathnaítear bunachair sonraí aghaidh-aitheanta trí íomhánna den aghaidh a chnuaschóipeáil gan spriocdhíriú ón idirlíon nó ó thaifid TCI;
f)
pateikti rinkai, pradėti naudoti šiuo konkrečiu tikslu arba naudoti DI sistemas fizinio asmens emocijoms darbo ir švietimo įstaigų srityse numanyti, išskyrus atvejus, kai DI sistemos naudojimą ketinama įdiegti arba pateikti rinkai dėl medicininių ar saugos priežasčių;
(f)
córais intleachta saorga a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid chun mothúcháin duine nádúrtha a thuiscint i réimsí an ionaid oibre agus na n-institiúidí oideachais, ach amháin i gcás ina bhfuil sé beartaithe úsáid an chórais intleachta saorga a chur ar bun nó a chur isteach sa mhargadh ar chúiseanna leighis nó sábháilteachta;
g)
pateikti rinkai, pradėti naudoti šiuo konkrečiu tikslu arba naudoti biometrinio kategorizavimo sistemas, pagal kurias fiziniai asmenys individualiai skirstomi į kategorijas pagal jų biometrinius duomenis, kad būtų galima nustatyti ar numanyti jų rasę, politines pažiūras, narystę profesinėse sąjungose, religinius ar filosofinius įsitikinimus, lytinį gyvenimą ar seksualinę orientaciją; šis draudimas netaikomas teisėtai įgytų biometrinių duomenų rinkinių, pavyzdžiui, vaizdų, grindžiamų biometriniais duomenimis ar biometrinių duomenų kategorizavimu teisėsaugos srityje, ženklinimui ar filtravimui;
(g)
córais catagóirithe bhithmhéadraigh a chur ar an margadh, a chur i mbun seirbhíse chun na críche sonraí sin, nó a úsáid ar córais iad lena ndéantar daoine nádúrtha aonair a aicmiú bunaithe ar a sonraí bithmhéadracha chun cine, tuairimí polaitiúla, ballraíocht i gceardchumann, creideamh reiligiúnach nó fealsúnach, saol gnéis nó gnéaschlaonadh a dhéanamh amach nó a thuiscint; ní chumhdaítear faoin toirmeasc sin aon lipéadú ná scagadh ar thacair sonraí bithmhéadracha a fuarthas go dleathach, amhail íomhánna, bunaithe ar shonraí bithmhéadracha nó catagóiriú sonraí bithmhéadracha i réimse fhorfheidhmiú an dlí;
h)
viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslais naudoti tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemas, nebent toks naudojimas tikrai būtinas ir tokiu mastu, kiek jis tikrai būtinas siekiant vieno iš šių tikslų:
(h)
córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama a bheith á n-úsáid i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, ach amháin a mhéid agus atá géarghá le húsáid den sórt sin le haghaidh ceann de na cuspóirí seo a leanas:
i)
vykdyti tikslinę konkrečių pagrobimo, prekybos žmonėmis, seksualinio išnaudojimo aukų, taip pat dingusių asmenų paiešką;
(i)
cuardach spriocdhírithe a dhéanamh ar íospartaigh shonracha a bhaineann le fuadach, gáinneáil ar dhaoine nó teacht i dtír gnéasach ar dhaoine, chomh maith le daoine atá ar iarraidh a chuardach;
ii)
užkirsti kelią konkrečiai, didelei ir tikrai grėsmei fizinių asmenų gyvybei ar fizinei saugai arba užkirsti kelią realiai ir esamai arba realiai ir numanomai teroristinio išpuolio grėsmei;
(ii)
garbhagairt shonrach shubstaintiúil ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiciúil daoine nádúrtha ó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc nó fíorbhagairt láithreach nó fíorbhagairt intuartha ó ionsaí sceimhlitheoireachta a chosc;
iii)
lokalizuoti ar nustatyti asmenį, įtariamą įvykdžius nusikalstamą veiką, nusikalstamos veikos tyrimo, baudžiamojo persekiojimo ar baudžiamųjų sankcijų vykdymo už II priede nurodytas nusikalstamas veikas, už kurias atitinkamoje valstybėje narėje baudžiama laisvės atėmimo bausme arba įkalinimu, kurių ilgiausias terminas – bent ketveri metai, tikslais.
(iii)
logánú nó sainaithint duine a bhfuil amhras faoi go ndearna sé cion coiriúil, chun críoch imscrúdú coiriúil nó ionchúiseamh coiriúil a dhéanamh nó pionós coiriúil a fhorghníomhú i leith na gcionta dá dtagraítear in Iarscríbhinn II agus atá inphionóis sa Bhallstát lena mbaineann le pianbhreith choimeádta nó le hordú coinneála go ceann uastréimhse 4 bliana, ar a laghad.
Pirmos pastraipos h punktu nedaromas poveikis Reglamento (ES) 2016/679 9 straipsniui dėl biometrinių duomenų tvarkymo kitais nei teisėsaugos tikslais.
Tá pointe (h) den chéad fhomhír gan dochar d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 i ndáil le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil chun críocha seachas forfheidhmiú an dlí.
2. Kai tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslais naudojamos siekiant kurio nors iš 1 dalies pirmos pastraipos h punkte nurodytų tikslų, jos gali būti diegiamos tame punkte išdėstytais tikslais tik siekiant patvirtinti konkrečiai tiriamo asmens tapatybę, ir privalo atsižvelgti į šiuos aspektus:
2. Ní úsáidfear córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha forfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), chun na gcríoch a leagtar amach sa phointe sin ach amháin chun céannacht an duine a bhfuiltear ag díriú air go sonrach a dheimhniú, agus cuirfear na heilimintí seo a leanas san áireamh ann:
a)
padėties, dėl kurios gali tekti pasinaudoti tokia sistema, pobūdį, visų pirma žalos, kuri būtų padaryta, jei tokia sistema nebūtų naudojama, rimtumą, tikimybę ir mastą;
(a)
staid an cháis a d’fhágfadh go bhféadfaí é a úsáid, go háirithe i gcás nach n-úsáidtear an córas, a thromchúisí a bheadh an díobháil agus dóchúlacht agus scála na díobhála sin;
b)
sistemos naudojimo pasekmes, susijusias su visų atitinkamų asmenų teisėmis ir laisvėmis, visų pirma tų pasekmių rimtumą, tikimybę ir mastą.
(b)
iarmhairtí úsáid an chórais do chearta agus saoirsí gach duine lena mbaineann, go háirithe a thromchúisí a bheadh na hiarmhairtí sin agus dóchúlacht agus scála na n-iarmhairtí sin.
Be to, kai tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslais naudojamos siekiant kurio nors iš šio straipsnio 1 dalies pirmos pastraipos h punkte nurodytų tikslų, atsižvelgiama į būtinas ir proporcingas su jų naudojimu, laikantis jų naudojimą leidžiančių nacionalinės teisės aktų, susijusias apsaugos priemones ir sąlygas, visų pirma laiko, geografinius ir su asmenimis susijusius apribojimus. Tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemą viešai prieinamose erdvėse leidžiama naudoti tik tuo atveju, jei teisėsaugos institucija yra atlikusi poveikio pagrindinėms teisėms vertinimą, kaip numatyta 27 straipsnyje, ir yra užregistravusi sistemą ES duomenų bazėje pagal 49 straipsnį. Tačiau deramai pagrįstais skubos atvejais tokias sistemas galima pradėti naudoti be registracijos ES duomenų bazėje, jei tokia registracija užbaigiama nepagrįstai nedelsiant.
Ina theannta sin, maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí le haghaidh aon cheann de na cuspóirí dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), den Airteagal seo, comhlíonfar na coimircí agus na coinníollacha is gá agus is comhréireach i ndáil lena n-úsáid, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena n-údaraítear a n-úsáid, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na teorainneacha ama, geografacha agus pearsanta. Ní údarófar úsáid an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal ach amháin má tá measúnú tionchair ar chearta bunúsacha dá bhforáiltear in Airteagal 27 curtha i gcrích ag an údarás forfheidhmithe dlí agus má chláraigh sé an córas i mbunachar sonraí an Aontais de réir Airteagal 49. I gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, áfach, féadfar tús a chur le húsáid na gcóras sin agus gan iad a bheith cláraithe i mbunachar sonraí an Aontais, ar choinníoll go gcuirfear an clárú sin i gcrích gan moill mhíchuí.
3. 1 dalies pirmos pastraipos h punkto ir 2 dalies tikslais tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemą naudoti viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslais galima tik kiekvienu atveju gavus išankstinį valstybės narės, kurioje tą sistemą ketinama naudoti, teisminės institucijos arba nepriklausomos administracinės institucijos, kurios sprendimas yra privalomas, leidimą, išduotą pateikus pagrįstą prašymą ir laikantis 5 dalyje nurodytų išsamių nacionalinės teisės taisyklių. Tačiau deramai pagrįstais skubos atvejais tokią sistemą galima pradėti naudoti be leidimo su sąlyga, kad tokio leidimo paprašoma nepagrįstai nedelsiant, ne vėliau kaip per 24 valandas. Jei tokį leidimą atsisakoma išduoti, naudojimas nedelsiant nutraukiamas, o visi šio naudojimo atvejo duomenys, taip pat rezultatai ir išvediniai nedelsiant pašalinami ir ištrinami.
3. Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (h) agus mhír 2, maidir le gach úsáid a bhaintear as an gcóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí i spásanna atá inrochtana don phobal, beidh an úsáid sin faoi réir údarú roimh ré arna dheonú ag údarás breithiúnach nó ag údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach ar an mBallstát ina bhfuil an úsáid le baint as an gcóras, údarú arna eisiúint ar iarraidh réasúnaithe agus i gcomhréir le rialacha mionsonraithe an dlí náisiúnta dá dtagraítear i mír 5. Mar sin féin, i gcás práinne a bhfuil údar cuí léi, féadfar tús a chur le húsáid an chórais sin gan údarú ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú sin gan moill mhíchuí, laistigh de 24 uair an chloig, ar a dhéanaí. Má dhiúltaítear an t-údarú sin, cuirfear deireadh leis an úsáid le héifeacht láithreach agus, déanfar na sonraí go léir, chomh maith le torthaí agus aschur na húsáide sin, a chur i leataobh agus a scriosadh láithreach.
Kompetentinga teisminė institucija arba nepriklausoma administracinė institucija, kurios sprendimas yra privalomas, išduoda leidimą tik tuo atveju, jei, remdamasi jai pateiktais objektyviais duomenimis arba akivaizdžiais įrodymais, įsitikina, kad atitinkamos tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos naudojimas yra būtinas ir proporcingas siekiant prašyme nurodyto kurio nors iš 1 dalies pirmos pastraipos h punkte nustatytų tikslų, ir visų pirma neviršija to, kas tikrai būtina, kiek tai susiję su laiko trukme, geografine ir su asmenimis susijusia taikymo sritimi. Priimdama sprendimą dėl prašymo, ta institucija atsižvelgia į 2 dalyje nurodytus elementus. Negalima priimti jokio sprendimo, kuris sukeltų asmeniui nepalankų teisinį poveikį, remiantis vien tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos išvediniu.
Ní thabharfaidh an t-údarás inniúil breithiúnach ná an t-údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach an t-údarú ach amháin i gcás inar deimhin leis, bunaithe ar fhianaise oibiachtúil nó ar thásca soiléire arna gcur faoina bhráid, gur gá an córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ atá i gceist a úsáid agus gur comhréireach é a úsáid chun ceann de na cuspóirí a shonraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), a bhaint amach, faoi mar a shainaithnítear san iarraidh agus, go háirithe, go bhfuil sé fós teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach maidir leis an tréimhse ama chomh maith leis an raon feidhme geografach agus pearsanta. Agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an iarraidh sin, cuirfidh an t-údarás sin na gnéithe dá dtagraítear i mír 2 san áireamh. Ní fhéadfar aon chinneadh a mbeidh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil aige ar dhuine a dhéanamh bunaithe ar aschur an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ amháin.
4. Nedarant poveikio 3 daliai, apie kiekvieną tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos naudojimą viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslais pranešama atitinkamai rinkos priežiūros institucijai ir nacionalinei duomenų apsaugos institucijai pagal 5 dalyje nurodytas nacionalines taisykles. Pranešime pateikiama bent 6 dalyje nurodyta informacija, bet nepateikiama neskelbtinų operatyvinių duomenų.
4. Gan dochar do mhír 3, déanfar gach úsáid a bhaintear as córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí a chur in iúl don údarás faireachais margaidh ábhartha agus don údarás náisiúnta cosanta sonraí i gcomhréir leis na rialacha náisiúnta dá dtagraítear i mír 5. Beidh san fhógra, ar a laghad, an fhaisnéis a shonraítear faoi mhír 6 agus ní áireofar ann sonraí oibríochtúla íogaire.
5. Valstybė narė gali nuspręsti numatyti galimybę visiškai arba iš dalies leisti tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemas naudoti viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslais, laikantis 1 dalies pirmos pastraipos h punkte ir 2 bei 3 dalyse nurodytų apribojimų ir sąlygų. Atitinkamos valstybės narės savo nacionalinėje teisėje nustato būtinas išsamias taisykles, kuriomis reglamentuojama 3 dalyje nurodytų leidimų prašymo, išdavimo, vykdymo ir su jais susijusios priežiūros ir ataskaitų teikimo tvarka. Tose taisyklėse taip pat nurodoma, kurių iš 1 dalies pirmos pastraipos h punkte išvardytų ir su kuria to h punkto iii papunktyje nurodyta nusikalstama veika susijusių tikslų siekiant kompetentingoms institucijoms gali būti leidžiama naudoti tas sistemas teisėsaugos tikslais. Valstybės narės apie tas taisykles praneša Komisijai ne vėliau kaip per 30 dienų nuo jų priėmimo. Valstybės narės, laikydamosi Sąjungos teisės, gali priimti griežtesnius teisės aktus dėl nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimo.
5. Féadfaidh Ballstát a chinneadh foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht úsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ a údarú go hiomlán nó i bpáirt i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí laistigh de na teorainneacha agus faoi na coinníollacha a liostaítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), agus i míreanna 2 agus 3. Leagfaidh na Ballstáit sin lena mbaineann síos ina ndlí náisiúnta na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na húdaruithe dá dtagraítear i mír 3 a iarraidh, a eisiúint agus a fheidhmiú mar aon le maoirseacht agus tuairisciú a bhaineann leis na húdaruithe sin. Maidir leis na cuspóirí a liostaítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (h), lena n-áirítear na cionta coiriúla dá dtagraítear i bpointe (h)(iii) di, sonrófar sna rialacha sin freisin cé acu na cuspóirí sin agus cé acu na cionta sin a bhféadfaidh na húdaráis inniúla a údarú ina leith na córais sin a úsáid chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin 30 lá, ar a dhéanaí, tar éis a nglactha. Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, dlíthe níos sriantaí a thabhairt isteach maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’.
6. Nacionalinės rinkos priežiūros institucijos ir valstybių narių nacionalinės duomenų apsaugos institucijos, kurioms pagal 4 dalį buvo pranešta apie tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimą viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslais, Komisijai teikia metines ataskaitas apie tokį naudojimą. Tuo tikslu Komisija pateikia valstybėms narėms ir nacionalinėms rinkos priežiūros ir duomenų apsaugos institucijoms šabloną, įskaitant informaciją apie kompetentingų teisminių institucijų arba nepriklausomos administracinės institucijos, kurios sprendimas yra privalomas, priimtų sprendimų dėl prašymų suteikti leidimą pagal 3 dalį skaičių ir jų rezultatus.
6. Cuirfidh údaráis náisiúnta faireachas margaidh agus údaráis náisiúnta cosanta sonraí na mBallstát ar tugadh fógra dóibh maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí ‘fíor-ama’ i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí de bhun mhír 4, cuirfidh siad tuarascálacha bliantúla maidir leis an úsáid sin faoi bhráid an Choimisiúin. Chun na críche sin, cuirfidh an Coimisiún teimpléad ar fáil do na Ballstáit agus do na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh agus do na húdaráis náisiúnta cosanta sonraí, lena n-áirítear faisnéis faoi líon na gcinntí a rinne an t-údarás inniúil breithiúnach nó an t-údarás riaracháin neamhspleách a bhfuil a chinneadh ceangailteach ar iarrataí ar údaruithe i gcomhréir le mír 3 agus ar thorthaí na gcinntí sin.
7. Komisija skelbia metines ataskaitas dėl tikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimo viešai prieinamose erdvėse teisėsaugos tikslais, remdamasi agreguotais duomenimis valstybėse narėse, pasitelkdama 6 dalyje nurodytas metines ataskaitas. Tose metinėse ataskaitose nepateikiama su susijusia teisėsaugos veikla susijusių neskelbtinų operatyvinių duomenų.
7. Foilseoidh an Coimisiún tuarascálacha bliantúla maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí fíor-ama i spásanna atá inrochtana don phobal chun críocha a bhaineann le forfheidhmiú an dlí, bunaithe ar shonraí comhiomlánaithe sna Ballstáit ar bhonn na dtuarascálacha bliantúla dá dtagraítear i mír 6. Ní áireofar sna tuarascálacha bliantúla sin sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí lena mbaineann.
8. Šiuo straipsniu nedaromas poveikis draudimams, taikomiems tais atvejais, kai su DI susijusi praktika pažeidžia kitus Sąjungos teisės aktus.
8. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do na toirmisc a bhfuil feidhm leo i gcás ina sáraíonn cleachtas intleachta saorga dlí eile de chuid an Aontais.
III SKYRIUS
CAIBIDIL III
DIDELĖS RIZIKOS DI SISTEMOS
CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA
1 SKIRSNIS
ROINN 1
DI sistemų priskyrimas prie didelės rizikos sistemų
Córas intleachta saorga a aicmiú mar chórais ardriosca
6 straipsnis
Airteagal 6
Didelės rizikos DI sistemų klasifikavimo taisyklės
Rialacha aicmithe maidir le córais intleachta saorga ardriosca
1. Nepriklausomai nuo to, ar DI sistema pateikiama rinkai ar pradedama naudoti atskirai nuo a ir b punktuose nurodytų gaminių, ta DI sistema laikoma didelės rizikos sistema, jei tenkinamos abi šios sąlygos:
1. Gan beann ar cé acu a chuirtear nó nach gcuirtear córas intleachta saorga ar an margadh nó i mbun seirbhíse go neamhspleách ar na táirgí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b), measfar an córas intleachta saorga sin a bheith ina chóras ardriosca i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
a)
DI sistema yra skirta naudoti kaip gaminio, kuriam taikomi I priede išvardyti Sąjungos derinamieji teisės aktai, saugos komponentas arba DI sistema pati savaime yra toks gaminys;
(a)
tá an córas intleachta saorga ceaptha lena úsáid mar chomhpháirt sábháilteachta de tháirge, nó is táirge é an córas intleachta saorga é féin, a chumhdaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;
b)
reikalaujama, kad gaminio, kurio saugos komponentas pagal a punktą yra DI sistema, arba pačios DI sistemos kaip gaminio atitikties vertinimą, kurio reikia, kad tą gaminį būtų galima pateikti rinkai arba pradėti naudoti pagal I priede išvardytus Sąjungos derinamuosius teisės aktus, atliktų trečioji šalis.
(b)
maidir leis an táirge sin ar comhpháirt sábháilteachta de, de bhun phointe (a), an córas intleachta saorga, nó an córas intleachta saorga ar táirge sábháilteachta é, ceanglaítear measúnú comhréireachta tríú páirtí a dhéanamh ar an táirge sin d’fhonn é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse de bhun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I.
2. Be nurodytųjų 1 dalyje, didelės rizikos DI sistemomis taip pat laikomos III priede nurodytos DI sistemos.
2. I dteannta na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i mír 1, measfar na córais intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith ina gcórais ardriosca.
3. Nukrypstant nuo 2 dalies, III priede nurodyta DI sistema nelaikoma didelės rizikos sistema, jei ji nekelia didelės rizikos, susijusios su žala fizinių asmenų sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms ir, be kita ko, reikšmingai nedaro įtakos sprendimų priėmimo rezultatams.
3. De mhaolú ar mhír 2, ní mheasfar córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a bheith ina chóras ardriosca i gcás nach bhfuil riosca suntasach díobhála ann do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine nádúrtha, lena n-áirítear gan tionchar ábhartha a imirt ar thoradh na cinnteoireachta.
Pirma pastraipa taikoma, jei tenkinama bet kuri iš šių sąlygų:
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
a)
DI sistema skirta atlikti siaurą procedūrinę užduotį;
(a)
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga cúram cúng nós imeachta a dhéanamh;
b)
DI sistema skirta pagerinti veiklos, kurią pirmiau atliko žmogus, rezultatus;
(b)
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga feabhas a chur ar thoradh gníomhaíochta arna cur i gcrích roimhe sin ag an duine;
c)
DI sistema skirta nustatyti sprendimų priėmimo modelius arba nukrypimus nuo ankstesnių sprendimų priėmimo modelių ir nėra skirta pakeisti vertinimo, kurį pirmiau atliko žmogus, ar daryti jam įtaką be tinkamos žmogaus atliekamos peržiūros arba
(c)
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga patrúin chinnteoireachta nó diallais ó phatrúin chinnteoireachta a bhí ann roimhe seo a bhrath agus nach bhfuil sé i gceist leis an gcóras sin teacht in ionad an mheasúnaithe dhaonna a cuireadh i gcrích roimhe sin ná tionchar a imirt air, gan athbhreithniú cuí daonna; nó
d)
DI sistema skirta atlikti vieną iš vertinimo, susijusio su III priede išvardytais naudojimo atvejų tikslais, parengiamųjų užduočių.
(d)
go mbeartaítear leis an gcóras intleachta saorga cúram ullmhúcháin a dhéanamh maidir le measúnú atá ábhartha chun críocha na gcásanna úsáide a liostaítear in Iarscríbhinn III.
Nepaisant pirmos pastraipos, III priede nurodyta DI sistema visada laikoma didelės rizikos sistema, kai ji atlieka fizinių asmenų profiliavimą.
D’ainneoin na chéad fhomhíre, measfar i gcónaí gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i gcás ina ndéanann an córas intleachta saorga próifíliú ar dhaoine nádúrtha.
4. Tiekėjas, manantis, kad III priede nurodyta DI sistema nėra didelės rizikos sistema, dokumentuoja tos sistemos vertinimą prieš pateikdamas ją rinkai arba pradėdamas ją naudoti. Tokiam tiekėjui taikoma 49 straipsnio 2 dalyje nustatyta registravimo pareiga. Nacionalinėms kompetentingoms institucijoms paprašius tiekėjas pateikia vertinimo dokumentus.
4. Déanfaidh an soláthraí a mheasann nach córas ardriosca é an córas intleachta saorga dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, déanfaidh sé a mheasúnú a dhoiciméadú sula gcuirfear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Beidh an soláthraí sin faoi réir na hoibleagáide clárúcháin a leagtar amach in Airteagal 49(2). Arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla náisiúnta, soláthróidh an soláthraí doiciméadacht an mheasúnaithe.
5. Komisija, pasikonsultavusi su Europos dirbtinio intelekto valdyba (toliau – Valdyba) ir ne vėliau kaip 2026 m. vasario 2 d., pateikia gaires, kuriose nurodomas praktinis šio straipsnio įgyvendinimas pagal 96 straipsnį, taip pat išsamų DI sistemų, kurios yra didelės rizikos sistemos ir kurios nėra didelės rizikos sistemos, naudojimo atvejų praktinių pavyzdžių sąrašą.
5. Déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Eorpach um an Intleacht Shaorga (an ‘Bord’), agus tráth nach déanaí ná an 2 Feabhra 2026, treoirlínte a chur ar fáil lena sonraítear cur chun feidhme praiticiúil an Airteagail seo i gcomhréir le hAirteagal 96 mar aon le liosta cuimsitheach de shamplaí praiticiúla de chásanna úsáide córas intleachta saorga ardriosca vis-à-vis cásanna úsáide córas intleachta saorga neamh-ardriosca.
6. Komisijai suteikiami įgaliojimai pagal 97 straipsnį priimti deleguotuosius aktus, siekiant iš dalies pakeisti šio straipsnio 3 dalies antroje pastraipoje nustatytas sąlygas, papildant joje nustatytas sąlygas naujomis sąlygomis arba jas pakeičiant, jei yra konkrečių ir patikimų įrodymų, kad esama į III priedo taikymo sritį patenkančių DI sistemų, kurios nekelia didelės rizikos, susijusios su žala fizinių asmenų sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun leasú a dhéanamh ar mhír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo trí choinníollacha nua a chur leo siúd a leagtar síos inti, nó trína modhnú; i gcás ina bhfuil fianaise nithiúil iontaofa ann go bhfuil córais intleachta saorga ann a thagann faoi raon feidhme Iarscríbhinn III agus nach mbaineann riosca suntasach díobhála do shláinte, do shábháilteacht ná do chearta bunúsacha daoine nádúrtha leo.
7. Komisija pagal 97 straipsnį priima deleguotuosius aktus, kad iš dalies pakeistų šio straipsnio 3 dalies antrą pastraipą išbraukdama bet kurią iš joje nustatytų sąlygų, jei yra konkrečių ir patikimų įrodymų, kad tai būtina siekiant išlaikyti sveikatos, saugos ir pagrindinių teisių apsaugos lygį, nustatytą šiuo reglamentu.
7. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 97 chun leasú a dhéanamh ar mhír 3, an dara fomhír, den Airteagal seo trí aon cheann de na coinníollacha a leagtar síos inti a scriosadh, i gcás ina bhfuil fianaise nithiúil iontaofa ann go bhfuil gá leis sin chun an leibhéal cosanta do shláinte, do shábháilteacht agus do chearta bunúsacha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo a choinneáil ar bun.
8. Joks 3 dalies antroje pastraipoje nustatytų sąlygų dalinis pakeitimas, priimtas pagal šio straipsnio 6 ir 7 dalis, negali sumažinti bendro sveikatos, saugos ir pagrindinių teisių apsaugos lygio, nustatyto šiuo reglamentu ir juo turi būti užtikrintas suderinamumas su deleguotaisiais aktais, priimtais pagal 7 straipsnio 1 dalį, ir atsižvelgiama į rinkos ir technologinę plėtrą.
8. Ní laghdófar le haon leasú ar na coinníollacha a leagtar síos i mír 3, an dara fomhír, arna nglacadh i gcomhréir le míreanna 6 agus 7 den Airteagal seo an leibhéal foriomlán cosanta do shláinte, do shábháilteacht agus do chearta bunúsacha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo agus áiritheofar leis comhsheasmhacht leis na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagal 7(1), agus cuirfear forbairtí margaidh agus teicneolaíocha san áireamh.
7 straipsnis
Airteagal 7
III priedo daliniai pakeitimai
Leasuithe ar Iarscríbhinn III
1. Komisijai suteikiami įgaliojimai pagal 97 straipsnį priimti deleguotuosius aktus, kuriais iš dalies keičiamas III priedas įtraukiant arba pakeičiant didelės rizikos DI sistemų naudojimo atvejus, jei tenkinamos abi šios sąlygos:
1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 97 lena leasaítear Iarscríbhinn III trí chásanna úsáide de chórais intleachta saorga ardriosca a chur leis nó a mhodhnú i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
a)
DI sistemos yra skirtos naudoti bet kurioje iš III priede išvardytų sričių;
(a)
go bhfuil na córais intleachta saorga ceaptha lena n-úsáid in aon cheann de na réimsí a liostaítear in Iarscríbhinn III;
b)
DI sistemos kelia riziką, susijusią su žala sveikatai ir saugai arba neigiamu poveikiu pagrindinėms teisėms, ir ta rizika yra lygiavertė III priede jau nurodytų didelės rizikos DI sistemų keliamai rizikai, susijusiai su žala ar neigiamu poveikiu, arba yra už ją didesnė.
(b)
go bhfuil an baol ann mar gheall ar na córais intleachta saorga go ndéanfar díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó go n-imreofar drochthionchar ar chearta bunúsacha, agus gurb ionann an riosca sin agus an baol atá ann mar gheall ar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, nó níos mó ná sin, i ndáil lena thromchúisí agus a dhóchúla atá an díobháil sin nó an drochthionchar sin.
2. Vertindama 1 dalies b punkte pateiktą sąlygą, Komisija atsižvelgia į šiuos kriterijus:
2. Agus measúnú á dhéanamh ar an gcoinníoll faoi mhír 1, pointe (b), cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
a)
numatytąją DI sistemos paskirtį;
(a)
an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;
b)
kokiu mastu DI sistema buvo arba, tikėtina, bus naudojama;
(b)
a mhéid a úsáideadh córas intleachta saorga nó a mhéid is dócha go n-úsáidfear é;
c)
DI sistemos tvarkomų ir naudojamų duomenų pobūdį ir kiekį, visų pirma tai, ar tvarkomi specialių kategorijų asmens duomenys;
(c)
cineál agus méid na sonraí arna bpróiseáil agus arna n-úsáid ag an gcóras intleachta saorga, go háirithe an ndéantar catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil nó nach ndéantar;
d)
kokiu mastu DI sistema veikia autonomiškai ir galimybę žmogui panaikinti sprendimą ar rekomendacijas, dėl kurių gali būti padaryta žala;
(d)
a mhéid a ghníomhaíonn an córas intleachta saorga go neamhspleách agus an fhéidearthacht go sáródh an duine cinneadh nó moltaí, ar cinneadh nó moltaí iad a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh;
e)
kokiu mastu DI sistemos naudojimas jau padarė žalą sveikatai ir saugai arba neigiamą poveikį pagrindinėms teisėms arba sukėlė didelį susirūpinimą dėl tokios žalos ar neigiamo poveikio tikimybės, kaip matyti, pavyzdžiui, iš nacionalinėms kompetentingoms institucijoms pateiktų pranešimų arba dokumentais pagrįstų įtarimų, arba atitinkamai iš kitų pranešimų;
(e)
a mhéid atá díobháil déanta cheana leis an gcóras intleachta saorga, díobháil don tsláinte agus don tsábháilteacht, a imríodh drochthionchar cheana ar chearta bunúsacha mar gheall ar úsáid córais intleachta saorga nó a mhéid atá an úsáid sin ina cúis le húdair imní thromchúiseacha maidir leis an dóchúlacht go ndéanfaí an díobháil nó an drochthionchar sin, faoi mar a léirítear, mar shampla, i dtuairiscí nó i líomhaintí doiciméadaithe arna gcur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta, nó i dtuairiscí eile, de réir mar is iomchuí;
f)
galimą tokios žalos arba tokio neigiamo poveikio mastą, visų pirma atsižvelgiant į jų dydį ir galėjimą paveikti daugelį asmenų arba padaryti neproporcingą poveikį tam tikrai asmenų grupei;
(f)
méid na díobhála nó an drochthionchair sin a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe ó thaobh dhéine na díobhála sin agus ó thaobh chumas na díobhála sin difear a dhéanamh do níos mó ná duine amháin nó difear díréireach a dhéanamh do ghrúpa áirithe daoine;
g)
kiek asmenys, kuriems gali būti padaryta žala arba kurie gali nukentėti dėl neigiamo poveikio, priklauso nuo DI sistemos generuotų išvedinių, visų pirma todėl, kad dėl praktinių ar teisinių priežasčių tų išvedinių nėra pagrįstai įmanoma išvengti;
(g)
maidir le daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu, a mhéid atá na daoine sin ag brath ar an toradh a tháirgtear le córas intleachta saorga, go háirithe toisc nach féidir le réasún gan a bheith páirteach sa toradh sin ar chúiseanna praiticiúla nó dlíthiúla;
h)
kokiu mastu egzistuoja galios disbalansas arba kiek asmenys, kuriems gali būti padaryta žala arba kurie gali nukentėti dėl neigiamo poveikio, yra pažeidžiami DI sistemos diegėjo požiūriu, visų pirma dėl statuso, įgaliojimų, žinių, ekonominių ar socialinių aplinkybių arba amžiaus;
(h)
a mhéid atá éagothroime cumhachta ann nó atá na daoine a bhféadfadh díobháil a bheith déanta dóibh nó drochthionchar a bheith imeartha orthu i staid leochaileach i ndáil le húsáideoir gairmiúil córais intleachta saorga, go háirithe mar gheall ar stádas, údarás, eolas, imthosca eacnamaíocha nó sóisialta, nó aois;
i)
kaip lengvai generuotus išvedinius, susijusius su DI sistema, galima ištaisyti ar atšaukti, atsižvelgiant į esamus techninius sprendimus tiems išvediniams ištaisyti ar atšaukti (išvediniai, darantys neigiamą poveikį sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms, nėra laikomi lengvai ištaisomais ar atšaukiamais);
(i)
a mhéid is féidir an toradh a tháirgtear lena mbaineann córas intleacht shaorga a cheartú nó a mhalartú go héasca, agus na réitigh theicniúla atá ar fáil chun é a cheartú nó a aisiompú á gcur san áireamh, sa chaoi nach measfar torthaí a bhfuil drochthionchar acu ar an tsláinte, ar an tsábháilteacht nó ar chearta bunúsacha a bheith incheartaithe nó inmhalartaithe go héasca;
j)
naudos asmenims, grupėms ar plačiajai visuomenei, gaunamos įdiegus DI sistemą, įskaitant galimą gaminių saugos pagerinimą, dydį ir tikimybę;
(j)
a mhéid a rachadh imscaradh an chórais intleachta saorga chun tairbhe do dhaoine aonair, do ghrúpaí nó don tsochaí i gcoitinne, lena n-áirítear feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar shábháilteacht táirgí, agus an dóchúlacht go mbeadh an tairbhe sin ann;
k)
kiek esamuose Sąjungos teisės aktuose numatyta:
(k)
i ndáil le dlí an Aontais atá ann faoi láthair, a mhéid a dhéantar foráil maidir leis an méid a leanas:
i)
veiksmingų teisių gynimo priemonių, susijusių su DI sistemos keliama rizika, išskyrus reikalavimus atlyginti žalą;
(i)
bearta éifeachtacha sásaimh i ndáil leis na rioscaí a bhaineann le córas intleachta saorga agus éilimh ar dhamáistí a eisiamh uathu;
ii)
veiksmingų priemonių, kuriomis galima išvengti tokios rizikos arba ją iš esmės sumažinti.
(ii)
bearta éifeachtacha chun na rioscaí sin a chosc nó a mhaolú go suntasach.
3. Komisijai suteikiami įgaliojimai pagal 97 straipsnį priimti deleguotuosius aktus, kuriais III priede pateikiamas sąrašas iš dalies pakeičiamas iš jo išbraukiant didelės rizikos DI sistemas, jei tenkinamos abi šios sąlygos:
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 97 chun an liosta in Iarscríbhinn III a leasú trí chórais intleachta saorga ardriosca a bhaint i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
a)
atitinkama didelės rizikos DI sistema nebekelia jokios didelės rizikos pagrindinėms teisėms, sveikatai ar saugai, atsižvelgiant į 2 dalyje išvardytus kriterijus;
(a)
níl aon rioscaí suntasacha do chearta bunúsacha, do shláinte ná do shábháilteacht ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca a thuilleadh, agus na critéir a liostaítear i mír 2 á gcur san áireamh;
b)
išbraukus tokią sistemą nesumažėja bendras sveikatos, saugos ir pagrindinių teisių apsaugos lygis pagal Sąjungos teisę.
(b)
ní laghdaíonn an scriosadh an leibhéal foriomlán cosanta don tsláinte, don tsábháilteacht ná do chearta bunúsacha faoi dhlí an Aontais.
2 SKIRSNIS
ROINN 2
Didelės rizikos DI sistemoms taikomi reikalavimai
Ceanglais maidir le córais intleachta saorga ardriosca
8 straipsnis
Airteagal 8
Atitiktis reikalavimams
Ceanglais a chomhlíonadh
1. Didelės rizikos DI sistemos turi atitikti šiame skirsnyje nustatytus reikalavimus, atsižvelgiant į jų numatytąją paskirtį ir visuotinai pripažintą pažangą DI ir su DI susijusių technologijų sektoriuose. Užtikrinant atitiktį tiems reikalavimams atsižvelgiama į 9 straipsnyje nurodytą rizikos valdymo sistemą.
1. Comhlíonfaidh córais intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar síos sa Roinn seo, agus an chríoch atá beartaithe dóibh á cur san áireamh chomh maith leis an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne maidir leis an intleacht shaorga agus na teicneolaíochtaí a bhaineann leis an intleacht shaorga. Cuirfear an córas bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9 san áireamh agus comhlíontacht leis na ceanglais sin á háirithiú.
2. Jei gaminyje yra DI sistema, kuriai taikomi šio reglamento reikalavimai ir I priedo A skirsnyje išvardytų Sąjungos derinamųjų teisės aktų reikalavimai, tiekėjai yra atsakingi už tai, kad būtų užtikrinta, jog jų gaminys visiškai atitiktų visus taikytinus reikalavimus, kurie yra nustatyti taikytinais Sąjungos derinamaisiais teisės aktais. Siekdami užtikrinti 1 dalyje nurodytų didelės rizikos DI sistemų atitiktį šiame skirsnyje nustatytiems reikalavimams ir kad būtų užtikrintas nuoseklumas, išvengta dubliavimosi ir kuo labiau sumažinta papildoma našta, tiekėjai gali atitinkamai pasirinkti, ar įtraukti reikalingus bandymų ir ataskaitų teikimo procesus, jų teikiamą su jų gaminiu susijusią informaciją ir dokumentus į jau esamus dokumentus ir procedūras, kurių reikalaujama pagal I priedo A skirsnyje išvardytus Sąjungos derinamuosius teisės aktus.
2. I gcás ina bhfuil córas intleachta saorga i dtáirge, a bhfuil feidhm ag ceanglais an Rialacháin seo maidir leis chomh maith le ceanglais reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, beidh soláthraithe freagrach as a áirithiú go bhfuil a dtáirge i gcomhréir go hiomlán leis na ceanglais uile is infheidhme faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais is infheidhme. Agus iad ag áirithiú go gcomhlíonann na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i mír 1 na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo, agus chun comhsheasmhacht a áirithiú, an dúbailt a sheachaint agus ualaí breise a íoslaghdú, beidh rogha ag soláthraithe na próisis tástála agus tuairiscithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht is gá a sholáthraíonn siad maidir lena dtáirge a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí, i ndoiciméadacht agus i nósanna imeachta atá ann cheana agus a cheanglaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I.
9 straipsnis
Airteagal 9
Rizikos valdymo sistema
Córas bainistíochta riosca
1. Turi būti sukuriamos, įgyvendinamos, dokumentuojamos ir prižiūrimos didelės rizikos DI sistemų keliamos rizikos valdymo sistemos.
1. Bunófar córas bainistíochta riosca, cuirfear chun feidhme é, déanfar é a dhoiciméadú agus a choimeád ar bun i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca.
2. Rizikos valdymo sistema turi būti suprantama kaip visą didelės rizikos DI sistemos gyvavimo ciklą planuojamas ir vykstantis nuolatinis kartotinis procesas, kurį reikia reguliariai sistemingai peržiūrėti ir atnaujinti. Ją sudaro šie etapai:
2. Is é a thuigfear le córas bainistíochta riosca próiseas atriallach leanúnach a phleanáiltear agus a reáchtáiltear ar feadh shaolré an chórais intleachta saorga ardriosca, próiseas inar gá athbhreithniú agus nuashonrú tráthrialta córasach. Is éard a chuimseofar ann an méid seo a leanas:
a)
žinomos ir pagrįstai numatomos rizikos, kurią didelės rizikos DI sistema gali kelti sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms, kai didelės rizikos DI sistema naudojama pagal numatytąją paskirtį, nustatymas ir analizė;
(a)
sainaithint agus anailís na rioscaí aitheanta agus na rioscaí atá measartha intuartha a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha nuair a úsáidtear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó;
b)
rizikos, kuri gali kilti didelės rizikos DI sistemą naudojant pagal numatytąją paskirtį ir pagrįstai numatomo netinkamo naudojimo sąlygomis, apskaičiavimas ir vertinimas;
(b)
meastachán agus meastóireacht ar na rioscaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn nuair a úsáidfear an córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó agus faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha;
c)
kitos galinčios kilti rizikos vertinimas remiantis duomenų, surinktų taikant 72 straipsnyje nurodytą stebėsenos po pateikimo rinkai sistemą, analize;
(c)
meastóireacht ar rioscaí eile a d’fhéadfadh a bheith ann bunaithe ar anailís ar shonraí arna mbailiú ón gcóras faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72;
d)
tinkamų ir tikslinių rizikos valdymo priemonių, parengtų šalinti rizikai, nustatytai pagal a punktą, priėmimas.
(d)
bearta bainistíochta riosca atá iomchuí agus spriocdhírithe a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí arna sainaithint de bhun phointe (a).
3. Šiame straipsnyje nurodyta rizika susijusi tik su ta rizika, kurią galima pagrįstai sumažinti arba pašalinti didelės rizikos DI sistemos kūrimo ar projektavimo metu arba suteikiant tinkamą techninę informaciją.
3. Ní bhainfidh na rioscaí dá dtagraítear san Airteagal seo ach leo siúd a d’fhéadfaí a mhaolú nó deireadh a chur leo go réasúnta trí fhorbairt nó dearadh an chórais intleachta saorga ardriosca, nó trí fhaisnéis theicniúil leormhaith a sholáthar.
4. Taikant 2 dalies d punkte nurodytas rizikos valdymo priemones deramai atsižvelgiama į poveikį ir galimą sąveiką, kuriuos lemia bendras šiame skirsnyje nustatytų reikalavimų taikymas, siekiant veiksmingiau iki minimumo sumažinti riziką, kartu užtikrinant tinkamą pusiausvyrą įgyvendinant priemones, skirtas tiems reikalavimams įvykdyti.
4. Leis na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), tabharfar aird chuí ar na héifeachtaí agus ar an idirghníomhaíocht a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chur i bhfeidhm comhpháirteach na gceanglas a leagtar amach sa Roinn seo, d’fhonn rioscaí a íoslaghdú ar bhealach níos éifeachtaí agus cothroime iomchuí a bhaint amach i gcur chun feidhme na mbeart chun na ceanglais sin a chomhlíonadh.
5. 2 dalies d punkte nurodytos rizikos valdymo priemonės turi būti tokios, kad su kiekvienu pavojumi susijusi atitinkama liekamoji rizika ir bendra didelės rizikos DI sistemų liekamoji rizika būtų laikomos priimtinomis.
5. Fágfaidh na bearta bainistíochta riosca dá dtagraítear i mír 2, pointe (d), go measfar go bhfuil aon riosca iarmharach ábhartha a bhaineann le gach guais agus riosca iarmharach foriomlán na gcóras intleachta saorga ardriosca inghlactha.
Nustatant tinkamiausias rizikos valdymo priemones, užtikrinama, kad:
Agus na bearta bainistíochta riosca is iomchuí á sainaithint, áiritheofar an méid seo a leanas:
a)
pagal 2 dalį nustatyta ir įvertinta rizika būtų šalinama arba mažinama tinkamomis didelės rizikos DI sistemos projektavimo ir kūrimo priemonėmis, kiek tai techniškai įmanoma;
(a)
díothú nó laghdú rioscaí arna sainaithint agus arna measúnú de bhun mhír 2 a mhéid is indéanta go teicniúil trí dhearadh agus forbairt leormhaith an chórais intleachta saorga ardriosca;
b)
jei rizikos pašalinti neįmanoma, kai tikslinga, į ją reaguojant būtų įgyvendinamos tinkamos rizikos mažinimo ir kontrolės priemonės;
(b)
i gcás inarb iomchuí, cur chun feidhme beart maolaithe agus rialaithe leormhaith lena dtabharfar aghaidh ar rioscaí nach féidir a dhíothú;
c)
būtų teikiama pagal 13 straipsnį reikalaujama informacija ir, kai tikslinga, diegėjams būtų rengiami mokymai.
(c)
soláthar na faisnéise is gá de bhun Airteagal 13, agus, i gcás inarb iomchuí, oiliúint a chur ar úsáideoirí gairmiúla.
Siekiant pašalinti arba sumažinti didelės rizikos DI sistemos naudojimo keliamą riziką, turi būti tinkamai atsižvelgiama į technines žinias, patirtį, išsilavinimą ir apmokymą, kurių tikimasi iš diegėjo, ir į numatomą kontekstą, kuriame sistema yra skirta naudoti.
D’fhonn na rioscaí a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca á dhíothú nó á laghdú, tabharfar aird chuí ar an eolas teicniúil, ar an taithí, ar an oideachas agus ar an oiliúint ar cheart don úsáideoir gairmiúil a bheith ag súil leo agus ar chomhthéacs úsáide intuartha an chórais.
6. Siekiant nustatyti tinkamiausias ir tikslines rizikos valdymo priemones, didelės rizikos DI sistemos turi būti išbandomos. Bandymais užtikrinama, kad didelės rizikos DI sistemos nuosekliai veiktų pagal numatytąją paskirtį ir atitiktų šiame skirsnyje nustatytus reikalavimus.
6. Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a thástáil chun críocha shainaithint na mbeart bainistíochta riosca is iomchuí agus is spriocdhírithe. Áiritheofar leis an tástáil go bhfeidhmeoidh córais intleachta saorga ardriosca go comhsheasmhach don chríoch atá beartaithe dóibh agus go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo.
7. Bandymo procedūros gali apimti bandymą realiomis sąlygomis pagal 60 straipsnį.
7. Féadfar tástáil i bhfíordhálaí a áireamh sna nósanna imeachta tástála i gcomhréir le hAirteagal 60.
8. Prireikus didelės rizikos DI sistemų bandymai atliekami atitinkamai bet kuriuo metu jų kūrimo proceso etapu ir bet kuriuo atveju prieš jas pateikiant rinkai arba pradedant naudoti. Bandymai atliekami taikant iš anksto nustatytą metriką ir tikimybines ribines vertes, atitinkančias didelės rizikos DI sistemos numatytąją paskirtį.
8. Déanfar an tástáil ar na córais intleachta saorga ardriosca, de réir mar is iomchuí, tráth ar bith le linn an phróisis forbartha, agus in aon chás, sula gcuirfear ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad. Déanfar tástáil in aghaidh méadrachtaí a shaineofar roimh ré agus tairseach dhóchúil a bheidh iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.
9. Įgyvendindami rizikos valdymo sistemą, kaip numatyta 1–7 dalyse, tiekėjai dėmesį skiria tam, ar, atsižvelgiant į didelės rizikos DI sistemos numatytąją paskirtį, tikėtina, kad ji darys neigiamą poveikį jaunesniems nei 18 metų asmenims ir, atitinkamai, kitoms pažeidžiamoms grupėms.
9. Agus an córas bainistíochta riosca dá bhforáiltear i míreanna 1 go 7 á chur chun feidhme, déanfaidh soláthraithe a mheas, i bhfianaise na críche atá beartaithe dó, cíbe an dócha go mbeidh drochthionchar ag an gcóras intleachta saorga ardriosca ar dhaoine faoi bhun 18 mbliana d’aois agus, de réir mar is iomchuí, ar ghrúpaí leochaileacha eile.
10. Didelės rizikos DI sistemų, kurioms reikalavimai dėl vidaus rizikos valdymo procesų taikomi pagal kitas atitinkamas Sąjungos teisės nuostatas, tiekėjų atveju 1–9 dalyse pateikti aspektai gali būti įtraukiami į pagal tą teisę nustatytas rizikos valdymo procedūras arba su jomis derinami.
10. I gcás soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca atá faoi réir ceanglais maidir le próisis inmheánacha bainistíochta riosca faoi fhorálacha ábhartha eile an Aontais, féadfaidh na gnéithe dá bhforáiltear i míreanna 1 go 9 a bheith mar chuid de na nósanna imeachta bainistíochta riosca a bhunaítear de bhun an dlí sin, nó féadfar iad a chomhcheangal leo.
10 straipsnis
Airteagal 10
Duomenys ir jų valdymas
Sonraí agus rialachas sonraí
1. Didelės rizikos DI sistemos, kuriose naudojami DI modelių mokymo pasitelkiant duomenis metodai, kuriamos remiantis mokymo, validavimo ir bandymo duomenų rinkiniais, atitinkančiais 2–5 dalyse nurodytus kokybės kriterijus, kai tokie duomenų rinkiniai naudojami.
1. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann úsáid as teicnící lena mbaineann oiliúint samhlacha intleachta saorga le sonraí, déanfar iad a fhorbairt ar bhonn tacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a chomhlíonann na critéir cháilíochta dá dtagraítear i míreanna 2 go 5, agus tacair sonraí den sórt sin in úsáid.
2. Mokymo, validavimo ir bandymo duomenų rinkiniams taikoma duomenų valdymo ir tvarkymo praktika, atitinkanti numatytąją didelės rizikos DI sistemos paskirtį. Ta praktika visų pirma yra susijusi su:
2. Beidh tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála faoi réir cleachtais rialachais sonraí agus bainistíochta atá iomchuí chun na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca. Bainfidh na cleachtais sin go háirithe leis an méid seo a leanas:
a)
atitinkamais projektavimo sprendimais;
(a)
na roghanna ábhartha maidir le dearadh;
b)
duomenų rinkimo procesais ir duomenų kilme, o asmens duomenų atveju – pradiniu duomenų rinkimo tikslu;
(b)
próisis bailithe sonraí agus tionscnamh na sonraí, agus i gcás sonraí pearsanta, cuspóir bunaidh an bhailithe sonraí;
c)
atitinkamomis paruošiamosiomis duomenų tvarkymo operacijomis, pavyzdžiui, anotavimu, žymėjimu, valymu, naujinimu, papildymu ir agregavimu;
(c)
oibríochtaí próiseála ullmhúcháin i gcomhair sonraí ábhartha, amhail anótáil, lipéadú, glanadh, nuashonrú, saibhriú agus comhiomlánú;
d)
prielaidų, visų pirma susijusių su informacija, kuri turėtų būti išreikšta ir perteikta duomenimis, formulavimu;
(d)
toimhdí a fhoirmliú, go háirithe maidir leis an bhfaisnéis a bhfuil na sonraí ceaptha le tomhas agus le hionadaíocht a dhéanamh uirthi;
e)
reikiamų duomenų rinkinių prieinamumo, kiekio ir tinkamumo vertinimu;
(e)
measúnú ar infhaighteacht, cainníocht agus oiriúnacht na dtacar sonraí a bhfuil gá leo;
f)
nagrinėjimu atsižvelgiant į galimą šališkumą, kuris gali turėti įtakos asmenų sveikatai ir saugai, turėti neigiamą poveikį pagrindinėms teisėms arba lemti pagal Sąjungos teisę draudžiamą diskriminaciją, ypač tais atvejais, kai duomenų išvediniai turi įtakos būsimų operacijų įvediniams;
(f)
iniúchadh i bhfianaise claontachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do shláinte agus sábháilteacht daoine, tionchar diúltach a bheith acu ar chearta bunúsacha nó idirdhealú a thoirmisctear faoi dhlí an Aontais a bheith mar thoradh air, go háirithe i gcás ina mbíonn tionchar ag aschuir sonraí ar ionchuir le haghaidh oibríochtaí a bheidh ann amach anseo;
g)
tinkamomis priemonėmis pagal f punktą nustatytam galimam šališkumui aptikti, užkirsti jam kelią ir jį sumažinti;
(g)
bearta iomchuí chun claontachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath, a chosc agus a mhaolú, arna sainaithint i gcomhréir le pointe (f);
h)
atitinkamų duomenų spragų ar trūkumų, kurie trukdo užtikrinti, kad būtų laikomasi šio reglamento, ir galimų jų šalinimo būdų nustatymu.
(h)
bearnaí nó easnaimh ábhartha sonraí a shainaithint lena gcoisctear comhlíonadh an Rialacháin seo, agus conas is féidir aghaidh a thabhairt ar na bearnaí agus na heasnaimh sin.
3. Mokymo, validavimo ir bandymo duomenų rinkiniai turi būti tinkami, pakankamai reprezentatyvūs ir, kiek įmanoma, be klaidų ir išsamūs, atsižvelgiant į numatytąją paskirtį. Jie turi turėti tinkamas statistines savybes, įskaitant, kai taikytina, susijusias su asmenimis ar asmenų grupėmis, kurių atžvilgiu didelės rizikos DI sistema yra skirta naudoti. Šias duomenų rinkinių savybes gali turėti atskiri duomenų rinkiniai arba jų derinys.
3. Maidir leis na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála, beidh siad ábhartha, sách ionadaíoch, agus a mhéid is mó is féidir, saor ó earráidí agus iomlán, i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh. Beidh na hairíonna staidrimh iomchuí acu, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, a mhéid a bhaineann leis na daoine nó na grúpaí díobh a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid ina leith. Féadfar saintréithe na dtacar sonraí sin a chomhlíonadh ar leibhéal na dtacar aonair sonraí nó ar leibhéal atá ar mheascán díobh sin.
4. Kiek to reikia atsižvelgiant į numatytąją paskirtį, duomenų rinkiniai turi būti grindžiami savybėmis ar elementais, būdingais konkrečiai geografinei, kontekstinei, elgsenos ar funkcinei aplinkai, kurioje ketinama naudoti didelės rizikos DI sistemą.
4. Cuirfear san áireamh sna tacair sonraí, a mhéid a cheanglaítear i bhfianaise na críche atá beartaithe dóibh, cuirfear san áireamh na saintréithe nó eilimintí a bhaineann go sonrach leis an suíomh geografach, comhthéacsúil, iompraíochta nó feidhmiúil ina bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a úsáid.
5. Didelės rizikos DI sistemų tiekėjai, kiek tai tikrai būtina siekiant užtikrinti tų sistemų šališkumo aptikimą ir ištaisymą pagal šio straipsnio 2 dalies f ir g punktus, gali išimties tvarka tvarkyti specialių kategorijų asmens duomenis, taikydami tinkamas fizinių asmenų pagrindinių teisių ir laisvių apsaugos priemones. Be reglamentų (ES) 2016/679 ir (ES) 2018/1725 bei Direktyvos (ES) 2016/680 nuostatų, tokiam duomenų tvarkymui turi būti tenkinamos visos šios sąlygos:
5. A mhéid a bhfuil géarghá leis chun brath agus ceartú claontachta a áirithiú i ndáil leis na córais intleachta saorga ardriosca, i gcomhréir le mír (2), pointí (f) agus (g) den Airteagal seo, féadfaidh soláthraithe na gcóras sin catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil go heisceachtúil, faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus do shaoirsí bunúsacha daoine nádúrtha. De bhreis ar na forálacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus i dTreoir (AE) 2016/680, ní mór na coinníollacha uile seo a leanas a chomhlíonadh chun go dtarlóidh próiseáil den sórt sin:
a)
šališkumo nustatymo ir ištaisymo neįmanoma veiksmingai atlikti apdorojant kitus duomenis, įskaitant sintetinius arba anonimizuotus duomenis;
(a)
ní féidir brath agus ceartú claontachta a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí eile a phróiseáil, lena n-áirítear sonraí sintéiseacha nó anaithnidithe;
b)
specialių kategorijų asmens duomenims taikomi pakartotinio asmens duomenų naudojimo techniniai apribojimai ir pažangiausios saugumo ir privatumo užtikrinimo priemonės, be kita ko, pseudoniminimas;
(b)
tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir teorainneacha teicniúla maidir le hathúsáid na sonraí pearsanta, agus maidir le hathúsáid beart úrscothach slándála agus beart caomhnaithe príobháideachais, lena n-áirítear an bréagainmniú;
c)
specialių kategorijų asmens duomenims taikomos priemonės, kuriomis užtikrinama, kad tvarkomi asmens duomenys būtų apsaugoti, saugomi taikant tinkamas apsaugos priemones, įskaitant griežtą prieigos kontrolę ir dokumentavimą, siekiant išvengti netinkamo naudojimo ir užtikrinti, kad prieigą prie tų asmens duomenų turėtų tik įgalioti asmenys, turintys atitinkamas konfidencialumo pareigas;
(c)
tá na catagóirí speisialta sonraí pearsanta faoi réir bearta chun a áirithiú go bhfuil na sonraí pearsanta a phróiseáiltear slán, faoi chosaint, faoi réir coimircí oiriúnacha, lena n-áirítear rialuithe dochta agus doiciméadacht na rochtana, chun mí-úsáid a sheachaint agus chun a áirithiú nach mbeidh rochtain ach ag daoine údaraithe a bhfuil oibleagáidí rúndachta iomchuí acu ar na sonraí pearsanta sin;
d)
specialių kategorijų asmens duomenys negali būti perduodami, perkeliami ar kitaip prieinami kitoms šalims;
(d)
ní bheidh na catagóirí speisialta sonraí pearsanta le tarchur ná le haistriú ná ní bheidh rochtain ar bhealach eile ag páirtithe eile orthu;
e)
specialių kategorijų asmens duomenys ištrinami iškart po to, kai ištaisomas šališkumas, arba kai pasibaigia asmens duomenų saugojimo laikotarpis, atsižvelgiant į tai, kuri data yra ankstesnė;
(e)
scriostar na catagóirí speisialta sonraí pearsanta a luaithe a bheidh an chlaontacht ceartaithe nó nuair a bheidh deireadh le tréimhse choinneála na sonraí pearsanta, cibé acu is túisce;
f)
duomenų tvarkymo veiklos įrašai pagal reglamentus (ES) 2016/679 ir (ES) 2018/1725 ir Direktyvą (ES) 2016/680 apima priežastis, dėl kurių specialių kategorijų asmens duomenų tvarkymas buvo tikrai būtinas šališkumui nustatyti ir ištaisyti ir dėl kurių to tikslo nebuvo galima pasiekti tvarkant kitus duomenis.
(f)
áirítear sna taifid ar ghníomhaíochtaí próiseála de bhun Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Threoir (AE) 2016/680 na cúiseanna a raibh géarghá le catagóirí speisialta sonraí pearsanta a phróiseáil chun claontachtaí a bhrath agus a cheartú, agus an fáth nárbh fhéidir an cuspóir sin a bhaint amach trí shonraí eile a phróiseáil.
6. Kuriant didelės rizikos DI sistemas nenaudojant DI modelių mokymo metodų, 2–5 dalys taikomos tik bandymo duomenų rinkiniams.
6. Chun córais intleachta saorga ardriosca a fhorbairt nach n-úsáideann teicnící lena mbaineann oiliúint samhlacha intleachta saorga, ní bheidh feidhm ag míreanna 2 go 5 ach amháin maidir leis na tacair sonraí tástála.
11 straipsnis
Airteagal 11
Techniniai dokumentai
Doiciméadacht theicniúil
1. Didelės rizikos DI sistemos techniniai dokumentai parengiami prieš tą sistemą pateikiant rinkai arba pradedant ją naudoti ir yra nuolat atnaujinami.
1. Déanfar an doiciméadacht theicniúil a bhaineann le córas intleachta saorga ardriosca a tharraingt suas sula gcuirfear an córas sin ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus coinneofar cothrom le dáta í.
Techniniai dokumentai parengiami taip, kad iš jų matytųsi, jog didelės rizikos DI sistema atitinka šiame skirsnyje nustatytus reikalavimus, ir nacionalinėms kompetentingoms institucijoms bei notifikuotosioms įstaigoms juose būtų aiškia ir išsamia forma pateikta informacija, būtina DI sistemos atitikčiai tiems reikalavimams įvertinti. Tuos dokumentus turi sudaryti bent IV priede nustatyti elementai. MVĮ, įskaitant startuolius, gali IV priede nurodytų techninių dokumentų elementus pateikti supaprastintai. Tuo tikslu Komisija parengia mažųjų ir labai mažų įmonių poreikiams skirtą supaprastintą techninių dokumentų formą. Jeigu MVĮ, įskaitant startuolius, nusprendžia IV priede reikalaujamą informaciją pateikti supaprastintai, ji naudoja šioje dalyje nurodytą formą. Notifikuotosios įstaigos priima šią formą atitikties vertinimo tikslais.
Déanfar an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas ar bhealach ina léireofar go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo agus go gcuirfear an fhaisnéis go léir is gá, i bhfoirm shoiléir chuimsitheach, ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta agus do chomhlachtaí náisiúnta faoina dtugtar fógra chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht na gcóras intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais sin. Beidh, ar a laghad, na heilimintí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV inti. Féadfaidh FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, na heilimintí a bhaineann leis an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar ar bhealach simplithe. Chuige sin, bunóidh an Coimisiún foirm shimplithe den doiciméadacht theicniúil a bheidh dírithe ar riachtanais na bhfiontar beag agus na micrifhiontar. I gcás ina roghnaíonn FBM, lena n-áirítear gnólacht nuathionscanta, an fhaisnéis a cheanglaítear in Iarscríbhinn IV a sholáthar ar bhealach simplithe, bainfidh sé úsáid as an bhfoirm dá dtagraítear sa mhír seo. Glacfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra leis an bhfoirm sin chun críoch measúnaithe comhréireachta.
2. Kai rinkai pateikiama arba pradedama naudoti su gaminiu, kuriam taikomi I priedo A skirsnyje išvardyti Sąjungos derinamieji teisės aktai, susijusi didelės rizikos DI sistema, parengiamas vienas bendras techninių dokumentų rinkinys, kuriame pateikiama visa 1 dalyje nustatyta informacija ir pagal tuos teisės aktus reikalaujama informacija.
2. Maidir le córas intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirge a chumhdaítear faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás ina gcuirtear ar an margadh é nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é, déanfar doiciméadacht theicniúil aonair amháin a tharraingt suas ina mbeidh an fhaisnéis go léir a leagtar amach i mír I chomh maith leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi na gníomhartha dlí sin.
3. Komisijai suteikiami įgaliojimai pagal 97 straipsnį priimti deleguotuosius aktus, siekiant iš dalies pakeisti IV priedą, kad būtų užtikrinta, jog, atsižvelgiant į technikos pažangą, techniniuose dokumentuose būtų pateikta visa informacija, būtina sistemos atitikčiai šiame skirsnyje nustatytiems reikalavimams įvertinti.
3. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun Iarscríbhinn IV a leasú i gcás inar gá chun a áirithiú, i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil, go soláthraítear sa doiciméadacht theicniúil an fhaisnéis uile is gá chun comhlíontacht an chórais leis na ceanglais a leagtar amach sa Roinn seo a mheasúnú.
12 straipsnis
Airteagal 12
Registravimas
Coimeád taifead
1. Didelės rizikos DI sistemos turi būti tokios, kad per visą savo gyvavimo laiką būtų techniškai įmanoma automatiškai registruoti įvykius (žurnaluose).
1. Ceadóidh córais intleachta saorga ardriosca go teicniúil taifeadadh uathoibríoch a dhéanamh ar theagmhais (logaí) ar feadh shaolré an chórais.
2. Siekiant užtikrinti tam tikrą didelės rizikos DI sistemos veikimo atsekamumo lygį, kuris būtų tinkamas numatytajai sistemos paskirčiai, registravimo pajėgumais turi būti sudaryta galimybė registruoti įvykius, svarbius:
2. Chun leibhéal inrianaitheachta a áirithiú maidir le feidhmiú an chórais intleachta saorga atá iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras, leis na cumais logála, beifear in ann taifeadadh a dhéanamh ar imeachtaí atá ábhartha maidir leis an méid seo a leanas:
a)
situacijų, kuriose didelės rizikos DI sistema gali kelti riziką, kaip tai suprantama 79 straipsnio 1 dalyje, arba dėl kurių gali prireikti atlikti esminį pakeitimą, nustatymui;
(a)
cásanna a shainaithint ina bhféadfadh riosca a theacht ón gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1) nó ina bhféadfadh modhnú substaintiúil a bheith mar thoradh orthu;
b)
72 straipsnyje nurodytos stebėsenos po pateikimo rinkai palengvinimui ir
(b)
an faireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72 a éascú; agus
c)
26 straipsnio 5 dalyje nurodytai didelės rizikos DI sistemų veikimo stebėsenai.
(c)
faireachán ar oibriú na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 26(5).
3. III priedo 1 punkto a papunktyje nurodyti didelės rizikos DI sistemų registravimo pajėgumai apima bent:
3. Maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn III, soláthrófar an méid seo a leanas, ar a laghad, leis na cumais logála:
a)
kiekvieno sistemos naudojimo laikotarpio (kiekvieno naudojimo pradžios datos ir laiko, taip pat pabaigos datos ir laiko) registravimą;
(a)
taifead ar thréimhse gach úsáide a bhaintear as an gcóras (dáta agus am tosaithe agus dáta agus am críochnaithe gach úsáide);
b)
informacinę duomenų bazę, su kurios duomenimis sistema sutikrino įvesties duomenis;
(b)
an bunachar sonraí tagartha ar seiceáladh na sonraí ionchuir ina leith leis an gcóras;
c)
įvesties duomenis, kurių atitikmenys rasti atlikus paiešką;
(c)
na sonraí ionchuir ar tháinig meaitseáil ina leith as an gcuardach;
d)
14 straipsnio 5 dalyje nurodytų fizinių asmenų, dalyvaujančių tikrinant rezultatus, tapatybės duomenis.
(d)
sainaithint na ndaoine nádúrtha a bhfuil baint acu le fíorú na dtorthaí, dá dtagraítear in Airteagal 14(5).
13 straipsnis
Airteagal 13
Skaidrumas ir informacijos teikimas diegėjams
Trédhearcacht agus soláthar na faisnéise d’úsáideoirí gairmiúla
1. Didelės rizikos DI sistemos projektuojamos ir kuriamos taip, kad būtų užtikrinama, kad jos veiktų pakankamai skaidriai, jog diegėjai galėtų tinkamai interpretuoti ir naudoti sistemos išvedinį. Turi būti užtikrintas atitinkamos rūšies ir lygio skaidrumas, kad tiekėjai ir diegėjai galėtų įvykdyti atitinkamas 3 skirsnyje nustatytas pareigas.
1. Déanfar córais ardriosca intleachta saorga a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go n-áiritheofar go mbeidh a bhfeidhmiú trédhearcach go leor chun go mbeidh úsáideoirí gairmiúla in ann aschur an chórais a léirmhíniú agus é a úsáid mar is iomchuí. Áiritheofar cineál agus méid iomchuí trédhearcachta d’fhonn comhlíontacht an tsoláthraí agus an úsáideora ghairmiúil lena n-oibleagáidí ábhartha a leagtar amach i Roinn 3.
2. Su didelės rizikos DI sistemomis pateikiama tinkamo skaitmeninio arba kitokio formato naudojimo instrukcija, kurioje pateikiama glausta, išsami, teisinga ir aiški diegėjams svarbi, prieinama ir suprantama informacija.
2. Beidh treoracha úsáide ag gabháil le córais intleachta saorga ardriosca i bhformáid dhigiteach iomchuí nó ar bhealach eile lena n-áireofar faisnéis ghonta, iomlán, cheart agus shoiléir a bheidh ábhartha, inrochtana agus sothuigthe d’úsáideoirí gairmiúla.
3. Naudojimo instrukcija apima bent šią informaciją:
3. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, ar a laghad, sna treoracha úsáide:
a)
tiekėjo ir, kai taikytina, jo įgaliotojo atstovo tapatybę ir kontaktinius duomenis;
(a)
céannacht agus sonraí teagmhála an oibreora agus, i gcás inarb infheidhme, céannacht agus sonraí teagmhála ionadaí údaraithe an oibreora;
b)
didelės rizikos DI sistemos veikimo efektyvumo ypatumus, pajėgumus ir ribotumus, įskaitant:
(b)
saintréithe, inniúlachtaí agus teorainneacha feidhmíochta an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
i)
jos numatytąją paskirtį;
(i)
an chríoch atá beartaithe dó;
ii)
15 straipsnyje nurodytą didelės rizikos DI sistemos tikslumo, įskaitant tikslumo metriką, patvarumo ir kibernetinio saugumo lygį, kuris buvo išbandytas ir validuotas ir kurio galima tikėtis, taip pat visas žinomas ir numatomas aplinkybes, galinčias daryti poveikį numatomam tikslumo, patvarumo ir kibernetinio saugumo lygiui;
(ii)
an leibhéal cruinnis, lena n-áirítear a méadrachtaí, agus an leibhéal stóinseachta agus cibearshlándála dá dtagraítear in Airteagal 15, a ndearnadh an córas intleachta saorga ardriosca a thástáil agus a bhailíochtú ina leith agus ar féidir a bheith ag súil leis, agus aon imthosca atá ar eolas agus intuartha a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an leibhéal cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála a mheastar a bheith ann;
iii)
visas žinomas ar numatomas aplinkybes, susijusias su didelės rizikos DI sistemos naudojimu pagal numatytąją paskirtį arba pagrįstai numatomo netinkamo naudojimo sąlygomis, dėl kurio gali kilti 9 straipsnio 2 dalyje nurodyta rizika sveikatai ir saugai arba pagrindinėms teisėms;
(iii)
aon imthosca atá ar eolas nó intuartha, a bhaineann le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi dhálaí mí-úsáide atá measartha intuartha, a bhféadfadh rioscaí a bheith ann mar thoradh orthu don tsláinte agus don tsábháilteacht, nó do chearta bunúsacha dá dtagraítear in Airteagal 9(2);
iv)
kai taikytina, didelės rizikos DI sistemos pajėgumus ir ypatumus teikti informaciją, kuri yra svarbi paaiškinant jos išvedinį;
(iv)
i gcás inarb infheidhme, soláthrófar le cumais agus saintréithe teicniúla an chórais intleachta saorga ardriosca faisnéis atá ábhartha ar aschur na gcóras intleachta saorga ardriosca a mhíniú;
v)
kai tikslinga, jos veikimo efektyvumą, susijusį su konkrečiais asmenimis ar asmenų grupėmis, kurių atžvilgiu sistema yra skirta naudoti;
(v)
i gcás inarb iomchuí, feidhmíocht an chórais maidir le daoine sonracha nó grúpaí sonracha daoine a mbeartaítear an córas a úsáid ina leith;
vi)
kai tikslinga, įvesties duomenų specifikacijas arba visą kitą svarbią informaciją, susijusią su naudojamais mokymo, validavimo ir bandymo duomenų rinkiniais, atsižvelgiant į numatytąją didelės rizikos DI sistemos paskirtį;
(vi)
nuair is iomchuí, sonraíochtaí le haghaidh na sonraí ionchuir, nó le haghaidh aon fhaisnéise ábhartha eile i dtéarmaí na dtacar sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála arna n-úsáid, agus an chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca á cur san áireamh;
vii)
kai taikytina, informaciją, kurią pasitelkdami diegėjai galėtų tinkamai interpretuoti ir naudoti didelės rizikos DI sistemos išvedinį;
(vii)
i gcás inarb infheidhme, faisnéis chun úsáideoirí gairmiúla a chumasú ar aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a léirmhíniú agus é a úsáid go hiomchuí;
c)
didelės rizikos DI sistemos ir jos veikimo efektyvumo, kurį tiekėjas iš anksto nustatė per pirminį atitikties vertinimą, pokyčius, jei tokių yra;
(c)
na hathruithe ar an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a fheidhmíocht arna réamhchinntiú ag an soláthraí tráth an mheasúnaithe comhréireachta tosaigh, más ann dó;
d)
14 straipsnyje nurodytas žmogaus atliekamos priežiūros priemones, įskaitant technines priemones, įdiegtas tam, kad diegėjams būtų lengviau interpretuoti didelės rizikos DI sistemų išvedinius;
(d)
na bearta formhaoirseachta daonna dá dtagraítear in Airteagal 14, lena n-áirítear na bearta teicniúla arna gcur i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga ardriosca a éascú;
e)
būtinus kompiuterinio apdorojimo ir aparatinės įrangos išteklius, numatomą didelės rizikos DI sistemos gyvavimo laiką ir visas techninės ir kitos priežiūros priemones, įskaitant jų dažnumą, būtinas tinkamam tos DI sistemos veikimui užtikrinti, įskaitant programinės įrangos atnaujinimą;
(e)
na hacmhainní ríomhaireachtúla agus na hacmhainní crua-earraí is gá, agus saolré ionchasach an chórais intleachta saorga ardriosca agus aon bhearta cothabhála agus cúraim is gá, lena n-airítear a minicíocht, chun feidhmiú cuí an chórais intleachta saorga sin a áirithiú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le nuashonruithe bogearraí;
f)
kai aktualu, į didelės rizikos DI sistemą įtrauktų mechanizmų, suteikiančių galimybę diegėjams tinkamai rinkti, saugoti ir interpretuoti žurnalus pagal 12 straipsnį, aprašymą.
(f)
i gcás inarb ábhartha, tuairisc ar na sásraí a áirítear sa chóras intleachta saorga ardriosca lenar féidir le húsáideoirí gairmiúla na logaí a bhailiú, a stóráil agus a léirmhíniú go cuí i gcomhréir le hAirteagal 12.
14 straipsnis
Airteagal 14
Žmogaus atliekama priežiūra
Formhaoirseacht dhaonna
1. Didelės rizikos DI sistemos projektuojamos ir kuriamos taip (įskaitant tinkamas žmogaus ir mašinos sąsajos priemones), kad tuo metu, kai jos naudojamos, jas galėtų veiksmingai prižiūrėti fiziniai asmenys.
1. Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt le huirlisí iomchuí comhéadain duine le meaisín ar bhealach lenar féidir le daoine nádúrtha iad a mhaoirsiú go héifeachtach le linn na tréimhse ina mbeidh an córas intleachta saorga ardriosca in úsáid.
2. Žmogaus atliekama priežiūra turi būti siekiama išvengti rizikos sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms, kuri gali kilti didelės rizikos DI sistemą naudojant pagal numatytąją paskirtį arba pagrįstai numatomo netinkamo naudojimo sąlygomis, arba tą riziką kuo labiau sumažinti, visų pirma tais atvejais, kai ji išlieka nepaisant kitų šiame skirsnyje nustatytų reikalavimų taikymo.
2. Beidh sé d’aidhm ag an bhformhaoirseacht dhaonna na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha a d’fhéadfadh teacht chun cinn a chosc nó a íoslaghdú nuair a úsáidtear córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó nó faoi choinníollacha mí-úsáide atá measartha intuartha, go háirithe nuair a leanann na rioscaí sin de bheith ann d’ainneoin chur i bhfeidhm na gceanglas eile a leagtar amach sa Roinn seo.
3. Priežiūros priemonės turi būti proporcingos didelės rizikos DI sistemos keliamai rizikai, autonomijos lygiui ir naudojimo aplinkybėms ir turi būti užtikrinamos viena arba abiem šių rūšių priemonėmis:
3. Beidh na bearta formhaoirseachta i gcomhréir le rioscaí, leibhéal neamhspleáchais agus comhthéacs úsáide an chórais intleachta saorga ardriosca, agus áiritheofar iad trí cheann amháin nó tríd an dá cheann de na cineálacha beart seo a leanas:
a)
priemonėmis, kurias tiekėjas nustatė ir, kai techniškai įmanoma, įdiegė į didelės rizikos DI sistemą prieš ją pateikdamas rinkai arba pradėdamas naudoti;
(a)
bearta arna sainaithint agus arna dtógáil sa chóras intleachta saorga ardriosca ag an soláthraí nuair is indéanta go teicniúil, sula gcuirfear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é;
b)
priemonėmis, kurias tiekėjas nustatė prieš didelės rizikos DI sistemą pateikdamas rinkai arba pradėdamas ją naudoti ir kurios yra tinkamos diegėjui įgyvendinti.
(b)
bearta arna sainaithint ag an soláthraí sula gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é, ar bearta iad atá iomchuí don úsáideoir gairmiúil a chur chun feidhme.
4. 1, 2 ir 3 dalių įgyvendinimo tikslu didelės rizikos DI sistema diegėjui tiekiama taip, kad fiziniai asmenys, kuriems pavesta atlikti tokią priežiūrą, galėtų, jei tai tinkama ir proporcinga:
4. Chun míreanna 1, 2 agus 3 a chur chun feidhme, déanfar an córas intleachta saorga ardriosca a sholáthar don úsáideoir gairmiúil sa chaoi go ndéanfar daoine nádúrtha a mbeidh formhaoirseacht dhaonna sannta dóibh, de réir mar is iomchuí agus comhréireach, a chumasú an méid seo a leanas a dhéanamh:
a)
tinkamai suprasti atitinkamas didelės rizikos DI sistemos gebėjimus ir ribotumus ir sugebėti tinkamai stebėti jos veikimą, be kita ko, siekiant aptikti ir pašalinti anomalijas, sutrikimus ir netikėtą veikimą;
(a)
tuiscint cheart a fháil ar acmhainneachtaí agus teorainneacha ábhartha an chórais intleachta saorga ardriosca agus a bheith in ann faireachán cuí a dhéanamh ar oibriú an chórais sin, lena n-áirítear i bhfianaise aimhrialtachtaí, mífheidhmithe agus feidhmíocht gan choinne a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu;
b)
nepamiršti galimos tendencijos automatiškai arba pernelyg pasikliauti didelės rizikos DI sistemos generuotu išvediniu (automatiško šališkumo), visų pirma tais atvejais, kai didelės rizikos DI sistemos naudojamos informacijai arba rekomendacijoms, kuriomis remdamiesi fiziniai asmenys turi priimti sprendimus, teikti;
(b)
a bheith ar an eolas i gcónaí faoin gclaonadh a d’fhéadfadh a bheith ann brath go huathoibríoch ar an aschur arna tháirgeadh ag córas intleachta saorga lena mbaineann riosca ard (claontacht uathoibrithe), go háirithe i gcás córas intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun faisnéis nó moltaí a chur ar fáil le haghaidh cinntí a bheidh le déanamh ag daoine nádúrtha;
c)
sugebėti teisingai interpretuoti didelės rizikos DI sistemos išvedinį, atsižvelgiant, pavyzdžiui, į turimas interpretavimo priemones bei metodus;
(c)
aschur an chórais intleachta saorga ardriosca a léirmhíniú i gceart, agus na huirlisí agus na modhanna léirmhínithe atá ar fáil, mar shampla, á gcur san áireamh;
d)
nuspręsti nenaudoti didelės rizikos DI sistemos tam tikroje situacijoje arba kitaip nepaisyti tos didelės rizikos DI sistemos išvedinio, jį panaikinti ar ištaisyti;
(d)
a chinneadh, in aon chás ar leith, gan úsáid a bhaint as an gcóras intleachta saorga ardriosca ná gan neamhaird a thabhairt ar aschur an chórais intleachta saorga ardriosca ná é a shárú nó a aisiompú ar shlí eile;
e)
įsikišti į didelės rizikos DI sistemos veikimą arba sistemą išjungti „stop“ mygtuku ar panašiu būdu, leidžiančiu saugiai sustabdyti sistemą.
(e)
idirghabháil a dhéanamh maidir le hoibriú an chórais intleachta saorga ardriosca nó cur isteach ar an gcóras le cnaipe ‘stad’ nó trí nós imeachta eile den chineál sin lenar féidir leis an gcóras teacht chun stad ar bhealach sábháilte.
5. III priedo 1 punkto a papunktyje nurodytų didelės rizikos DI sistemų atveju šio straipsnio 3 dalyje nurodytomis priemonėmis turi būti užtikrinta, kad, be minėtų dalykų, diegėjas nesiimtų jokių veiksmų ir nepriimtų jokių sprendimų remdamasis sistemos pateiktu tapatybės nustatymo rezultatu, nebent tą rezultatą atskirai patikrino ir patvirtino bent du fiziniai asmenys, kurie turi reikiamą kompetenciją, kvalifikaciją ir įgaliojimus.
5. Maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 1(a) d’Iarscríbhinn III, beidh na bearta dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo de chineál a áiritheoidh, ina theannta sin, nach ndéanfaidh an t-úsáideoir gairmiúil aon ghníomh ná cinneadh ar bhonn an tsainaitheantais sin a dhéanfar leis an gcóras mura ndearna beirt daoine nádúrtha ar a laghad ag a bhfuil an inniúlacht, oiliúint agus údarás is gá an sainaitheantas a fhíorú agus a dhearbhú ar leithligh.
Reikalavimas dėl to, kad rezultatą būtų atskirai patikrinę bent du fiziniai asmenys, netaikomas didelės rizikos DI sistemoms, naudojamoms teisėsaugos, migracijos, sienų kontrolės ar prieglobsčio tikslais, kai pagal Sąjungos ar nacionalinę teisę šio reikalavimo taikymas laikomas neproporcingu.
Ní bheidh feidhm ag an gceanglas maidir le fíorú ar leithligh a dhéanfaidh beirt daoine nádúrtha ar a laghad maidir le córais intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, imirce, rialaithe teorann nó tearmainn, i gcásanna ina bhfuil cur i bhfeidhm an cheanglais sin díréireach de réir dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
15 straipsnis
Airteagal 15
Tikslumas, patvarumas ir kibernetinis saugumas
Cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil
1. Didelės rizikos DI sistemos projektuojamos ir kuriamos taip, kad būtų pasiektas tinkamas tikslumo, patvarumo ir kibernetinio saugumo lygis ir kad tuo atžvilgiu jos veiktų nuosekliai per visą jų gyvavimo ciklą.
1. Déanfar córais intleachta saorga ardriosca a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi is go mbainfidh siad amach leibhéal iomchuí cruinnis, stóinseachta agus cibearshlándála, agus go bhfeidhmeoidh siad go comhsheasmhach ar feadh a saolré.
2. Siekdama atsižvelgti į techninius 1 dalyje nustatyto tinkamo tikslumo ir patvarumo lygio ir visos kitos susijusios veikimo efektyvumo metrikos matavimo aspektus, Komisija, bendradarbiaudama su atitinkamais suinteresuotaisiais subjektais ir organizacijomis, pavyzdžiui, metrologijos ir lyginamosios analizės institucijomis, atitinkamai skatina rengti lyginamuosius parametrus ir matavimo metodikas.
2. Chun aghaidh a thabhairt ar na gnéithe teicniúla i ndáil le leibhéil iomchuí chruinnis agus stóinseachta mar a leagtar amach i mír 1 iad mar aon le haon mhéadracht feidhmíochta ábhartha eile a thomhas, molfaidh an Coimisiún, agus é ag obair i gcomhar le geallsealbhóirí agus eagraíochtaí ábhartha, amhail údaráis mhéadreolaíochta agus tagarmharcála, go ndéanfar, de réir mar is iomchuí, tagarmharcanna agus modheolaíochtaí tomhais a fhorbairt.
3. Didelės rizikos DI sistemų tikslumo lygiai ir atitinkama tikslumo metrika nurodomi pridedamoje naudojimo instrukcijoje.
3. Sna treoracha úsáide a ghabhann le córais intleachta saorga ardriosca dearbhófar a leibhéil chruinnis agus a méadrachtaí cruinnis ábhartha.
4. Didelės rizikos DI sistemos turi būti kiek įmanoma atsparios klaidoms, triktims ar nesuderinamumo atvejams, kurių gali atsirasti sistemoje arba jos veikimo aplinkoje, visų pirma dėl sistemos sąveikos su fiziniais asmenimis ar kitomis sistemomis. Šiuo atžvilgiu imamasi techninių ir organizacinių priemonių.
4. Beidh córais intleachta saorga ardriosca chomh hathléimneach agus is féidir maidir le hearráidí, fabhtanna nó neamhréireachtaí a d’fhéadfadh tarlú sa chóras nó sa timpeallacht ina n-oibríonn an córas, go háirithe mar gheall ar a n-idirghníomhú le daoine nádúrtha nó córais eile. Déanfar bearta teicniúla agus eagraíochtúla ina thaobh sin.
Didelės rizikos DI sistemų patvarumą galima užtikrinti techniniais atsarginio dubliavimo sprendimais, kurie gali apimti atsarginio kopijavimo arba atsparumo gedimams planus.
Féadfar stóinseacht na gcóras intleachta saorga ardriosca a bhaint amach trí réitigh iomarcaíochta theicniúla, lena bhféadfaí pleananna cúltaca nó pleananna atá slán i gcás teipe a áireamh.
Kuriant didelės rizikos DI sistemas, kurios, pateiktos rinkai arba pradėtos naudoti, toliau mokosi, turi būti užtikrinta, kad būtų pašalinta arba kuo labiau sumažinta išvedinių, kurie gali būti šališki ir daryti įtaką būsimų operacijų įvediniui (grįžtamojo ryšio grandinių), rizika ir kad būtų užtikrinta, kad bet kokių tokių grįžtamojo ryšio grandinių atžvilgiu būtų deramai taikomos tinkamos rizikos mažinimo priemonės.
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, déanfar iad a fhorbairt ar bhealach ina ndíothaítear nó ina laghdaítear a oiread is féidir an riosca go n-imreodh aschuir a d’fhéadfadh a bheith claonta tionchar ar ionchur le haghaidh oibríochtaí sa todhchaí (‘lúba aischothaithe’), agus chun a áirithiú go dtugtar aghaidh ar aon lúba aischothaithe mar iad le bearta maolaithe iomchuí.
5. Didelės rizikos DI sistemos turi būti atsparios leidimo neturinčių trečiųjų šalių bandymams pakeisti jų naudojimo paskirtį, išvedinius ar veikimo efektyvumą pasinaudojant sistemų pažeidžiamumu.
5. Beidh córais intleachta saorga ardriosca athléimneach i gcoinne iarrachtaí tríú páirtithe a n-úsáid, a n-aschuir nó a bhfeidhmíocht a athrú trí theacht i dtír ar leochaileachtaí an chórais.
Techniniai sprendimai, kuriais siekiama užtikrinti didelės rizikos DI sistemų kibernetinį saugumą, turi atitikti konkrečias aplinkybes ir riziką.
Maidir leis na réitigh theicniúla arb é is aidhm dóibh cibearshlándáil na gcóras intleachta saorga ardriosca a áirithiú, beidh siad iomchuí do na himthosca ábhartha agus do na rioscaí.
Techniniai DI būdingų pažeidžiamumo problemų sprendimai, kai tinkama, turi apimti priemones, padedančias išvengti, aptikti, reaguoti ir rasti sprendimą dėl išpuolių, kuriais bandoma manipuliuoti mokymo duomenų rinkiniu (klaidingų duomenų įrašymo), arba iš anksto išmokytų komponentų, kurie naudojami mokyme (klaidingų modelių įrašymo), įvedinių, kurių paskirtis – priversti DI modelį padaryti klaidą (priešiškų pavyzdžių arba modelio vengimo), konfidencialumo pažeidimo išpuolių arba modelių trūkumų, ir juos kontroliuoti.
Maidir leis na réitigh theicniúla chun aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí a bhaineann go sonrach leis an intleacht shaorga, áireofar iontu sin, i gcás inarb iomchuí, bearta chun ionsaithe atá ag iarraidh ionramháil a dhéanamh ar an tacar sonraí oiliúna (nimhiú sonraí) a chosc, a bhrath, freagairt orthu, a réiteach agus rialú lena n-aghaidh, nó comhpháirteanna réamhoilte a úsáidtear san oiliúint (nimhiú samhla), ionchuir atá ceaptha ionas go ndéanfadh an tsamhail intleachta saorga botún mar gheall orthu (samplaí sáraíochta nó imghabháil samhla), ionsaithe rúndachta nó lochtanna samhla.
3 SKIRSNIS
ROINN 3
Didelės rizikos DI sistemų tiekėjų bei diegėjų ir kitų šalių pareigos
Oibleagáidí sholáthraithe agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca mar aon le páirtithe eile
16 straipsnis
Airteagal 16
Didelės rizikos DI sistemų tiekėjų pareigos
Oibleagáidí sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca
Didelės rizikos DI sistemų tiekėjai:
Déanfaidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca an méid seo a leanas:
a)
užtikrina, kad jų didelės rizikos DI sistemos atitiktų 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus;
(a)
a áirithiú go bhfuil a gcórais intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2;
b)
ant didelės rizikos DI sistemos arba, jei to padaryti neįmanoma, ant jos pakuotės arba prie jos pridedamuose dokumentuose atitinkamai nurodo savo pavadinimą, registruotą prekybinį pavadinimą arba registruotą prekių ženklą ir adresą, kuriuo su jais galima susisiekti;
(b)
a chur in iúl ar an gcóras intleachta saorga ardriosca nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis, de réir mar is infheidhme, a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe, an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo;
c)
įdiegia 17 straipsnio reikalavimus atitinkančią kokybės valdymo sistemą;
(c)
córas bainistíochta cáilíochta a chur i bhfeidhm lena gcomhlíontar Airteagal 17;
d)
saugo 18 straipsnyje nurodytus dokumentus;
(d)
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 18 a choimeád;
e)
saugo savo didelės rizikos DI sistemų automatiškai generuojamus žurnalus, jei tik tie žurnalai yra jų žinioje, kaip nurodyta 19 straipsnyje;
(e)
agus iad faoina rialú, na logaí arna nginiúint go huathoibríoch ag a gcórais intleachta saorga ardriosca, dá dtagraítear in Airteagal 19, a choimeád;
f)
užtikrina, kad prieš pateikiant rinkai arba pradedant naudoti didelės rizikos DI sistemą būtų atliekama atitinkama jos atitikties vertinimo procedūra, kaip nurodyta 43 straipsnyje;
(f)
a áirithiú go gcuirtear an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta, dá dtagraítear in Airteagal 43, i bhfeidhm ar an gcóras intleachta saorga ardriosca sula gcuirfear ar an margadh é nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é;
g)
parengia ES atitikties deklaraciją pagal 47 straipsnį;
(g)
dearbhú comhréireachta AE a tharraingt suas i gcomhréir le hAirteagal 47;
h)
siekdami parodyti, kad jų didelės rizikos DI sistemos atitinka šio reglamento reikalavimus, pagal 48 straipsnį jas paženklina CE ženklu arba, jei to padaryti neįmanoma, paženklina jos pakuotę arba prie jos pridedamus dokumentus;
(h)
an mharcáil CE a ghreamú den chóras intleachta saorga ardriosca nó, i gcás nach féidir é sin a dhéanamh, ar a phacáistíocht nó ar an doiciméadacht a ghabhann leis, chun comhréireacht leis an Rialachán seo a léiriú i gcomhréir le hAirteagal 48;
i)
vykdo 49 straipsnio 1 dalyje nurodytas registravimo pareigas;
(i)
na hoibleagáidí maidir le clárú dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh;
j)
imasi būtinų taisomųjų veiksmų ir teikia informaciją, kaip reikalaujama 20 straipsnyje;
(j)
na gníomhaíochtaí ceartaitheacha is gá a dhéanamh agus an fhaisnéis de réir mar a cheanglaítear in Airteagal 20 a sholáthar;
k)
nacionalinės kompetentingos institucijos pagrįstu prašymu įrodo, kad didelės rizikos DI sistema atitinka 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus;
(k)
ar iarraidh réasúnaithe ón údarás inniúil náisiúnta, comhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 a léiriú;
l)
užtikrina, kad didelės rizikos DI sistema atitiktų prieinamumo reikalavimus pagal direktyvas (ES) 2016/2102 ir (ES) 2019/882.
(l)
a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais inrochtaineachta i gcomhréir le Treoracha (AE) 2016/2102 agus (AE) 2019/882.
17 straipsnis
Airteagal 17
Kokybės valdymo sistema
Córas bainistíochta cáilíochta
1. Didelės rizikos DI sistemų tiekėjai įdiegia kokybės valdymo sistemą, kuria užtikrinama atitiktis šiam reglamentui. Ta sistema sistemingai ir tvarkingai įtvirtinama raštiškuose politikos, procedūrų ir nurodymų dokumentuose ir apima bent šiuos aspektus:
1. Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca córas bainistíochta cáilíochta i bhfeidhm lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar an Rialachán seo. Déanfar an córas sin a dhoiciméadú ar bhealach córasach agus in ord, i bhfoirm beartais, nósanna imeachta agus treoracha i scríbhinn, agus beidh, ar laghad, na gnéithe seo a leanas san áireamh leis sin:
a)
atitikties reguliavimo normoms strategiją, apimančią atitikties vertinimo procedūrų ir didelės rizikos DI sistemos pakeitimų valdymo procedūrų laikymąsi;
(a)
straitéis maidir le comhlíonadh rialála, lena n-áirítear comhlíonadh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta agus na nósanna imeachta chun modhnuithe ar an gcóras intleachta saorga a bhainistiú;
b)
metodus, procedūras ir sistemingus veiksmus, taikytinus projektuojant didelės rizikos DI sistemą, vykdant jos projekto kontrolę ir tikrinimą;
(b)
teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le dearadh, rialú deartha agus fíorú deartha an chórais intleachta saorga ardriosca;
c)
metodus, procedūras ir sistemingus veiksmus, taikytinus kuriant didelės rizikos DI sistemą, atliekant jos kokybės patikrinimą ir vykdant su ja susijusią kokybės užtikrinimo veiklą;
(c)
teicnící, nósanna imeachta agus gníomhaíochtaí córasacha atá le húsáid maidir le forbairt, rialú cáilíochta agus dearbhú cáilíochta an chórais intleachta saorga ardriosca;
d)
tikrinimo, bandymo ir validavimo procedūras, atliktinas prieš kuriant didelės rizikos DI sistemą, jos kūrimo metu ir ją sukūrus, ir kokiu dažnumu jos turi būti atliekamos;
(d)
nósanna imeachta scrúdaithe, tástála agus bailíochtaithe atá le déanamh roimh an gcóras intleachta saorga ardriosca a fhorbairt, lena linn agus ina dhiaidh, agus a mhinice is gá iad a dhéanamh;
e)
taikytinas technines specifikacijas, įskaitant standartus, ir, jei atitinkami darnieji standartai taikomi ne visa apimtimi arba apima ne visus atitinkamus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus, priemones, naudotinas siekiant užtikrinti, kad didelės rizikos DI sistema atitiktų tuos reikalavimus;
(e)
sonraíochtaí teicniúla, lena n-áirítear caighdeáin, atá le cur i bhfeidhm agus, i gcás nach gcuirfear na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha i bhfeidhm ina n-iomláine nó nach gcumhdófar na ceanglais ábhartha uile a leagtar amach i Roinn 2 leo, na modhanna atá le húsáid chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais sin;
f)
duomenų tvarkymo sistemas ir procedūras, įskaitant duomenų gavimo, duomenų rinkimo, duomenų analizės, duomenų žymėjimo, duomenų laikymo, duomenų filtravimo, duomenų gavybos, duomenų agregavimo, duomenų saugojimo ir bet kokią kitą su duomenimis susijusią operaciją, kuri atliekama prieš didelės rizikos DI sistemą pateikiant rinkai arba pradedant naudoti ir kuri atliekama tuo tikslu;
(f)
córais agus nósanna imeachta um bainistíocht sonraí, lena n-áirítear fáil sonraí, bailiú sonraí, anailísíocht sonraí, lipéadú sonraí, stóráil sonraí, scagadh sonraí, mianadóireacht sonraí, comhiomlánú sonraí, coinneáil sonraí agus aon oibríocht eile maidir leis na sonraí a fheidhmítear roimh chórais ardriosca intleachta saorga a chur ar an margadh agus a chur i mbun seirbhíse agus chun na críche sin;
g)
9 straipsnyje nurodytą rizikos valdymo sistemą;
(g)
an córas bainistíochta riosca dá dtagraítear in Airteagal 9;
h)
stebėsenos po pateikimo rinkai sistemos nustatymą, įgyvendinimą ir priežiūrą pagal 72 straipsnį;
(h)
córas faireacháin iarmhargaidh a chur ar bun, a chur chun feidhme agus a chothabháil i gcomhréir le hAirteagal 72;
i)
pranešimo apie rimtą incidentą pagal 73 straipsnį procedūras;
(i)
nósanna imeachta a bhaineann le teagmhas tromchúiseach a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 73;
j)
ryšių su nacionalinėmis kompetentingomis institucijomis, kitomis atitinkamomis institucijomis, įskaitant tas, kurios teikia arba palaiko prieigą prie duomenų, notifikuotosiomis įstaigomis, kitais veiklos vykdytojais, klientais ar kitais suinteresuotaisiais subjektais palaikymą;
(j)
láimhseáil na cumarsáide le húdaráis inniúla náisiúnta, le húdaráis ábhartha eile, lena n-áirítear iad siúd a thugann rochtain ar shonraí nó a thacaíonn leis an rochtain sin, le comhlachtaí faoina dtugtar fógra, le hoibreoirí eile, le custaiméirí nó le páirtithe leasmhara eile;
k)
visų svarbių dokumentų ir informacijos registravimo sistemas ir procedūras;
(k)
córais agus nósanna imeachta maidir le taifid a choimeád ar gach doiciméad agus faisnéis ábhartha;
l)
išteklių valdymą, įskaitant su tiekimo saugumu susijusias priemones;
(l)
bainistiú acmhainní, lena n-áirítear bearta a bhaineann le slándáil an tsoláthair;
m)
atskaitomybės sistemą, kurioje nustatyta vadovybės ir kitų darbuotojų atsakomybė, apimanti visus šioje dalyje išvardytus aspektus.
(m)
creat cuntasachta lena leagtar amach freagrachtaí an lucht bainistíochta agus na foirne eile maidir le gach gné a liostaítear sa mhír seo.
2. 1 dalyje nurodyti aspektai įgyvendinami proporcingai tiekėjo organizacijos dydžiui. Bet kuriuo atveju tiekėjai turi laikytis tokio kruopštumo ir apsaugos lygio, kokio reikia, kad būtų užtikrinta jų didelės rizikos DI sistemų atitiktis šiam reglamentui.
2. Beidh cur chun feidhme na ngnéithe dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le méid eagraíocht an tsoláthraí. Urramóidh soláthraithe, in aon chás, an méid déine agus an leibhéal cosanta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh a gcórais intleachta saorga ardriosca an Rialachán seo.
3. Didelės rizikos DI sistemų tiekėjai, kuriems pagal atitinkamą sektorių Sąjungos teisę taikomos pareigos dėl kokybės valdymo sistemų ar lygiaverčių funkcijų, gali įtraukti 1 dalyje išdėstytus aspektus į pagal tą teisę nustatytas rizikos valdymo sistemas.
3. Dála soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca atá faoi réir oibleagáidí maidir le córais bainistíochta cáilíochta nó feidhm choibhéiseach faoi dhlí earnála ábhartha an Aontais, féadfaidh siad na gnéithe a liostaítear i mír 1 a áireamh mar chuid de na córais bainistíochta cáilíochta a bhunaítear de bhun an dlí sin.
4. Kalbant apie tiekėjus, kurie yra finansų įstaigos, kurioms pagal Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktus taikomi su vidaus valdymu, tvarka ar procesais susiję reikalavimai, pareiga įdiegti kokybės valdymo sistemą, išskyrus šio straipsnio 1 dalies g, h ir i punktuose nustatytas nuostatas, laikoma įvykdyta, jei laikomasi atitinkamuose Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktuose nustatytų taisyklių dėl vidaus valdymo, tvarkos ar procesų. Tuo tikslu atsižvelgiama į visus 40 straipsnyje nurodytus darniuosius standartus.
4. I gcás soláthraithe ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid córas bainistíochta cáilíochta a chur i bhfeidhm, cé is moite de mhír 1, pointí (g), (h) agus (i) den Airteagal seo, trí na rialacha maidir le socruithe nó próisis rialachais inmheánaigh de bhun dhlí seirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais a chomhlíonadh. Chuige sin, cuirfear san áireamh aon chaighdeán comhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40.
18 straipsnis
Airteagal 18
Dokumentų saugojimas
Doiciméadacht a choimeád
1. Tiekėjas 10 metų po didelės rizikos DI sistemos pateikimo rinkai arba pradėjimo naudoti dienos saugo toliau nurodytus dokumentus, kad nacionalinės kompetentingos institucijos galėtų juos patikrinti:
1. Déanfaidh an soláthraí, ar feadh tréimhse dar críoch 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, an méid seo a leanas a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta:
a)
11 straipsnyje nurodytus techninius dokumentus;
(a)
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11;
b)
su 17 straipsnyje nurodyta kokybės valdymo sistema susijusius dokumentus;
(b)
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 17;
c)
kai taikytina, su notifikuotųjų įstaigų patvirtintais pakeitimais susijusius dokumentus;
(c)
an doiciméadacht a bhaineann leis na hathruithe arna bhformheas ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;
d)
kai taikytina, notifikuotųjų įstaigų priimtus sprendimus ir kitus jų išduotus dokumentus;
(d)
na cinntí agus na doiciméid eile a d’eisigh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;
e)
47 straipsnyje nurodytą ES atitikties deklaraciją.
(e)
dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47.
2. Kiekviena valstybė narė nustato sąlygas, kuriomis nacionalinės kompetentingos institucijos gali 1 dalyje nurodytu laikotarpiu susipažinti su toje dalyje nurodytais dokumentais tais atvejais, kai jos teritorijoje įsisteigęs tiekėjas arba jo įgaliotasis atstovas bankrutuoja arba nutraukia savo veiklą nepasibaigus tam laikotarpiui.
2. Cinnfidh gach Ballstát na coinníollacha faoina bhfanfaidh an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta ar feadh na tréimhse a shonraítear sa mhír sin i gcásanna ina mbreithneofaí ina fhéimheach é soláthraí nó a ionadaí údaraithe atá bunaithe ar a chríoch nó ina gcuireann sé deireadh lena chuid gníomhaíochtaí roimh dheireadh na tréimhse sin.
3. Tiekėjai, kurie yra finansų įstaigos, kurioms pagal Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktus taikomi su jų vidaus valdymu, tvarka ar procesais susiję reikalavimai, techninius dokumentus tvarko kaip dalį dokumentų, saugomų pagal atitinkamus Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktus.
3. Maidir le soláthraithe ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais, coinneoidh siad an doiciméadacht theicniúil mar chuid den doiciméadacht a choimeádtar faoi dhlí seirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais.
19 straipsnis
Airteagal 19
Automatiškai generuojami žurnalai
Logaí a ghintear go huathoibríoch
1. Didelės rizikos DI sistemų diegėjai saugo jų didelės rizikos DI sistemų automatiškai generuojamus 12 straipsnio 1 dalyje nurodytus žurnalus, jei tik tokie žurnalai yra jų žinioje. Nedarant poveikio taikytinai Sąjungos ar nacionalinei teisei, žurnalai saugomi laikotarpį, kuris yra tinkamas atsižvelgiant į numatytąją didelės rizikos DI sistemos paskirtį, ir ne trumpiau kaip šešis mėnesius, nebent taikytinoje Sąjungos ar nacionalinėje teisėje, visų pirma Sąjungos teisėje dėl asmens duomenų apsaugos, numatyta kitaip.
1. Maidir le soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca, coimeádfaidh siad na logaí, dá dtagraítear in Airteagal 12(1), a ghintear go huathoibríoch lena gcórais intleachta saorga ardriosca, sa mhéid go bhfuil na logaí sin faoina rialú. Gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta is infheidhme, coinneofar na logaí ar feadh tréimhse a bheidh ag teacht leis an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca, 6 mhí ar a laghad, mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.
2. Tiekėjai, kurie yra finansų įstaigos, kurioms pagal Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktus taikomi su vidaus valdymu, tvarka ar procesais susiję reikalavimai, jų didelės rizikos DI sistemų automatiškai generuojamus žurnalus tvarko kaip dalį dokumentų, saugomų pagal atitinkamus finansinių paslaugų teisės aktus.
2. Maidir le soláthraithe ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi reachtaíocht seirbhísí airgeadais an Aontais, coinneoidh siad na logaí a ghineann a gcórais intleachta saorga ardriosca go huathoibríoch mar chuid den doiciméadacht a choimeádtar faoi dhlí seirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais.
20 straipsnis
Airteagal 20
Taisomieji veiksmai ir pareiga informuoti
Gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus an dualgas maidir le faisnéis
1. Didelės rizikos DI sistemų tiekėjai, manantys arba turintys pagrindo manyti, kad didelės rizikos DI sistema, kurią jie pateikė rinkai arba pradėjo naudoti, neatitinka šio reglamento, nedelsdami imasi taisomųjų veiksmų, reikalingų siekiant atitinkamai užtikrinti tos sistemos atitiktį, ją pašalinti iš rinkos, ją išjungti arba atšaukti. Jie apie tai informuoja atitinkamos didelės rizikos DI sistemos platintojus ir, kai taikytina, diegėjus, įgaliotuosius atstovus bei importuotojus.
1. Soláthraithe córas intleachta saorga a mheasann, nó a bhfuil cúis mhaith acu a mheas, nach bhfuil córas intleachta saorga a chuir siad ar an margadh nó a chuir siad i mbun seirbhíse i gcomhréir leis an Rialachán seo, déanfaidh siad na bearta ceartaitheacha is gá láithreach chun an córas sin a thabhairt chun comhréireachta, chun é a astarraingt, chun é a dhíchumasú, nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Cuirfidh siad na dáileoirí, agus, i gcás inarb infheidhme, na húsáideoirí gairmiúla, an t-ionadaí údaraithe agus na hallmhaireoirí ar an eolas faoin gcóras intleachta saorga ardriosca dá réir sin.
2. Jei didelės rizikos DI sistema kelia riziką, kaip tai suprantama 79 straipsnio 1 dalyje, ir tiekėjas sužino apie tą riziką, jis nedelsdamas ištiria priežastis bendradarbiaudamas su apie riziką pranešusiu diegėju, kai taikytina, ir informuoja už tas didelės rizikos DI sistemas kompetentingas rinkos priežiūros institucijas ir, kai taikytina, notifikuotąją įstaigą, išdavusią tos didelės rizikos DI sistemos sertifikatą pagal 44 straipsnį, visų pirma apie neatitikties pobūdį ir atitinkamus taisomuosius veiksmus, kurių buvo imtasi.
2. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1) agus ina dtagann soláthraí an chórais ar an eolas faoin riosca sin, fiosróidh sé na cúiseanna láithreach bonn, i ndlúthchomhar leis an úsáideoir gairmiúil a thuairiscigh an riosca, i gcás inarb infheidhme, agus cuirfidh sé údaráis faireachais margaidh atá inniúil maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca lena mbaineann ar an eolas ina thaobh, agus i gcás inarb infheidhme, an comhlacht faoina dtugtar fógra a d’eisigh deimhniúchán don chóras intleachta saorga ardriosca sin i gcomhréir le hAirteagal 44, go háirithe i ndáil le cineál an neamhchomhlíonta agus aon ghníomhaíocht cheartaitheach ábhartha a rinneadh.
21 straipsnis
Airteagal 21
Bendradarbiavimas su kompetentingomis institucijomis
Comhar leis na húdaráis inniúla
1. Gavę kompetentingos institucijos pagrįstą prašymą, didelės rizikos DI sistemų tiekėjai tai institucijai jai lengvai suprantama kalba, viena iš oficialiųjų Sąjungos institucijų kalbų, kurią nurodo atitinkama valstybė narė, pateikia visą informaciją ir dokumentus, būtinus siekiant įrodyti, kad didelės rizikos DI sistema atitinka 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
1. Cuirfidh soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca, ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá ar fáil don údarás sin chun a léiriú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, i dteanga is furasta don údarás a thuiscint i gceann de theangacha oifigiúla institiúidí an Aontais a chinnfidh an Ballstát i dtrácht.
2. Gavę pagrįstą kompetentingos institucijos prašymą, tiekėjai prašymą pateikusiai kompetentingai institucijai taip pat atitinkamai suteikia prieigą prie 12 straipsnio 1 dalyje nurodytų automatiškai generuojamų didelės rizikos DI sistemos žurnalų, jei tokie žurnalai yra jų žinioje.
2. Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil, tabharfaidh soláthraithe rochtain don údarás inniúil iarrthach, de réir mar is infheidhme, ar logaí arna nginiúint go huathoibríoch den chóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 12(1), a mhéid atá na logaí sin faoina rialú.
3. Visa kompetentingos institucijos pagal šį straipsnį gauta informacija tvarkoma laikantis 78 straipsnyje nustatytų konfidencialumo pareigų.
3. Aon fhaisnéis a fhaigheann údarás inniúil de bhun an Airteagail seo, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.
22 straipsnis
Airteagal 22
Didelės rizikos DI sistemų tiekėjų įgaliotieji atstovai
Ionadaithe údaraithe sholáthraithe na gcóras intleachta saorga ardriosca
1. Prieš pateikdami savo didelės rizikos DI sistemas Sąjungos rinkai, trečiosiose valstybėse įsisteigę tiekėjai rašytiniu įgaliojimu paskiria Sąjungoje įsisteigusį įgaliotąjį atstovą.
1. Sula gcuirfidh siad a gcórais intleachta saorga ardriosca ar fáil ar mhargadh an Aontais, ceapfaidh soláthraithe atá bunaithe i dtríú tíortha, trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas.
2. Tiekėjas paveda įgaliotajam atstovui atlikti tiekėjo suteiktame įgaliojime nurodytas užduotis.
2. Cuirfidh an soláthraí ar chumas a ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí a dhéanamh.
3. Įgaliotasis atstovas atlieka tiekėjo suteiktame įgaliojime nurodytas užduotis. Gavęs prašymą, jis pateikia rinkos priežiūros institucijoms įgaliojimo kopiją viena iš oficialiųjų Sąjungos institucijų kalbų, kurią nurodo kompetentinga institucija. Šio reglamento tikslais įgaliojimu įgaliotajam atstovui suteikiama teisė atlikti šias užduotis:
3. Feidhmeoidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil do na húdaráis faireachais margaidh arna iarraidh sin, i gceann amháin de theangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais a chinnfidh an t-údarás inniúil. Chun críocha an Rialacháin seo, tabharfar de chumhacht, leis an sainordú, don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:
a)
patikrinti, ar parengti 47 straipsnyje nurodyta ES atitikties deklaracija ir 11 straipsnyje nurodyti techniniai dokumentai ir ar tiekėjas atliko tinkamą atitikties vertinimo procedūrą;
(a)
a fhíorú gur dréachtaíodh an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47 agus an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11 agus go ndearna an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta iomchuí;
b)
10 metų po didelės rizikos DI sistemos pateikimo rinkai arba pradėjimo naudoti dienos saugoti tiekėjo, kuris yra paskyręs įgaliotąjį atstovą, kontaktinius duomenis, 47 straipsnyje nurodytos ES atitikties deklaracijos kopiją, techninius dokumentus, ir, jei taikytina, notifikuotosios įstaigos išduotą sertifikatą, kad juos galėtų patikrinti kompetentingos institucijos arba 74 straipsnio 10 dalyje nurodytos nacionalinės institucijos ar įstaigos;
(b)
sonraí teagmhála an tsoláthraí a cheap an t-ionadaí údaraithe, cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47, an doiciméadacht theicniúil agus, más infheidhme, an deimhniú arna eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, a choimeád ar fáil do na húdaráis inniúla agus do na húdaráis náisiúnta nó do chomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 74(10), ar feadh tréimhse 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse;
c)
gavus pagrįstą prašymą, pateikti kompetentingai institucijai visą informaciją ir dokumentus, įskaitant nurodytuosius šios pastraipos b punkte, būtinus siekiant įrodyti, kad didelės rizikos DI sistema atitinka 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus, be kita ko, suteikti galimybę susipažinti su didelės rizikos DI sistemos automatiškai generuojamais 12 straipsnio 1 dalyje nurodytais žurnalais, jei tik tokie žurnalai yra tiekėjo žinioje;
(c)
ar iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (b) den fhomhír seo, a chur ar fáil d’údarás inniúil chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, lena n-áirítear rochtain ar na logaí, dá dtagraítear in Airteagal 12(1), a ghineann an córas intleachta saorga ardriosca go huathoibríoch sa mhéid atá na logaí sin faoi rialú an tsoláthraí;
d)
gavus pagrįstą prašymą, bendradarbiauti su kompetentingomis institucijomis įgyvendinant veiksmus, kurių pastarosios imasi didelės rizikos DI sistemos atžvilgiu, visų pirma siekdamos sumažinti ir sušvelninti didelės rizikos DI sistemų keliamą riziką;
(d)
comhoibriú le húdaráis inniúla, ar iarraidh réasúnaithe, in aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca, go háirithe chun na rioscaí a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga ardriosca a laghdú agus a mhaolú;
e)
kai taikytina, laikytis 49 straipsnio 1 dalyje nustatytų pareigų užregistruoti sistemą arba, jei ją užregistruoja pats tiekėjas, užtikrinti, kad VIII priedo A skirsnio 3 punkte pateikta informacija būtų teisinga.
(e)
i gcás inarb infheidhme, na hoibleagáidí clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chomhlíonadh nó, más é an soláthraí féin a dhéanann an clárú, a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 3 de Roinn A d’Iarscríbhinn VIII ceart.
Dėl visų aspektų, susijusių su šio reglamento laikymosi užtikrinimu, pagal įgaliojimą į įgaliotąjį atstovą, be tiekėjo arba vietoj jo, kreipiasi kompetentingos institucijos.
Leis an sainordú, tabharfar de chumhacht don ionadaí údaraithe déileáil leis na húdaráis inniúla, sa bhreis ar an soláthraí nó ina ionad, maidir le gach saincheist a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
4. Įgaliotasis atstovas nutraukia įgaliojimą, jei mano arba turi pagrindo manyti, kad tiekėjo veikla prieštarauja pagal šį reglamentą nustatytoms jo pareigoms. Tokiu atveju jis nedelsdamas informuoja atitinkamą rinkos priežiūros instituciją, taip pat, kai taikytina, atitinkamą notifikuotąją įstaigą, apie įgaliojimo panaikinimą ir jo priežastis.
4. Foirceannfaidh an t-ionadaí údaraithe an sainordú má mheasann sé, nó má tá cúis aige lena mheas, go bhfuil an soláthraí ag gníomhú contrártha lena oibleagáidí faoin Rialachán seo. I gcás den sórt sin, cuirfidh sé an t-údarás ábhartha faireachais margaidh, agus, i gcás inarb infheidhme, an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra, ar an eolas láithreach faoi fhoirceannadh an tsainordaithe agus faoi na cúiseanna atá leis.
23 straipsnis
Airteagal 23
Importuotojų pareigos
Oibleagáidí allmhaireoirí
1. Prieš pateikdami rinkai didelės rizikos DI sistemą, importuotojai užtikrina, kad sistema atitiktų šį reglamentą, patikrindami, kad:
1. Sula gcuirfear córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh, áiritheoidh allmhaireoirí go bhfuil an córas i gcomhréir leis an Rialachán seo trína fhíorú:
a)
didelės rizikos DI sistemos tiekėjas būtų atlikęs atitinkamą 43 straipsnyje nurodytą atitikties vertinimo procedūrą;
(a)
gur chuir soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 43 i bhfeidhm;
b)
tiekėjas būtų pagal 11 straipsnį ir IV priedą parengęs techninius dokumentus;
(b)
gur tharraing an soláthraí suas an doiciméadacht theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 11 agus Iarscríbhinn IV;
c)
sistema būtų paženklinta reikiamu CE ženklu ir kartu su ja būtų pateikiamos 47 straipsnyje nurodyta ES atitikties deklaracija ir naudojimo instrukcija;
(c)
go bhfuil an mharcáil CE is gá ar an gcóras agus go bhfuil an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47 agus na treoracha úsáide is gá ag gabháil leis;
d)
tiekėjas būtų paskyręs įgaliotąjį atstovą pagal 22 straipsnio 1 dalį.
(d)
go bhfuil ionadaí údaraithe ceaptha ag an soláthraí i gcomhréir le hAirteagal 22(1).
2. Jei importuotojas turi pakankamą priežastį manyti, kad didelės rizikos DI sistema neatitinka šio reglamento reikalavimų, yra suklastota arba su ja pateikiami suklastoti dokumentai, jis nepateikia tos sistemos rinkai tol, kol neužtikrinama jos atitiktis. Jei didelės rizikos sistema kelia riziką, kaip tai suprantama 79 straipsnio 1 dalyje, importuotojas apie tai informuoja DI sistemos tiekėją, įgaliotuosius atstovus ir rinkos priežiūros institucijas.
2. I gcás ina bhfuil cúis leordhóthanach ag allmhaireoir a mheas nach bhfuil córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis an Rialachán seo, nó gur falsaíodh é, nó gur cuireadh doiciméadacht fhalsaithe leis, ní chuirfidh sé an córas ar an margadh go dtí go mbeidh sé tugtha chun comhréireachta. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1), cuirfidh an t-allmhaireoir soláthraí an chórais, an t-ionadaí údaraithe agus na húdaráis faireachais margaidh ar an eolas faoi sin.
3. Importuotojai ant didelės rizikos DI sistemos ir, kai taikytina, ant jos pakuotės arba prie jos pridedamuose dokumentuose nurodo savo pavadinimą, registruotą prekybinį pavadinimą arba registruotą prekių ženklą ir adresą, kuriuo su jais galima susisiekti.
3. Cuirfidh allmhaireoirí a n-ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh ag ar féidir teagmháil a dhéanamh leo maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a phacáistíocht nó sa doiciméadacht a ghabhann leis an gcóras, i gcás inarb infheidhme.
4. Kol atsakomybė už didelės rizikos DI sistemą tenka importuotojams, jie užtikrina, kad laikymo ar transportavimo sąlygos, kai taikytina, nepakenktų jos atitikčiai 2 skirsnyje nustatytiems reikalavimams.
4. Áiritheoidh allmhaireoirí, fad is atá córas intleachta saorga ardriosca faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair, i gcás inarb infheidhme, comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 i mbaol.
5. Importuotojai 10 metų po didelės rizikos DI sistemos pateikimo rinkai arba pradėjimo naudoti dienos saugo notifikuotosios įstaigos išduoto sertifikato, kai taikytina, naudojimo instrukcijos ir 47 straipsnyje nurodyta ES atitikties deklaracijos kopiją.
5. Coinneoidh allmhaireoirí, go ceann tréimhse 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse, cóip den deimhniú arna eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme, de na treoracha úsáide agus den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47.
6. Gavę pagrįstą prašymą importuotojai atitinkamoms kompetentingoms institucijoms joms lengvai suprantama kalba pateikia visą informaciją ir dokumentus, įskaitant nurodytuosius 5 dalyje, būtinus siekiant įrodyti, kad didelės rizikos DI sistema atitinka 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus. Šiuo tikslu jie taip pat užtikrina, kad tos institucijos galėtų susipažinti su techniniais dokumentais.
6. Cuirfidh allmhaireoirí ar fáil do na húdaráis inniúla ábhartha, ar iarraidh réasúnaithe, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 5, chun a léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, i dteanga a bheidh sothuigthe dóibh. Chun na críche sin, áiritheoidh siad freisin gur féidir an doiciméadacht theicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin.
7. Importuotojai bendradarbiauja su atitinkamomis kompetentingomis institucijomis joms imantis bet kurių veiksmų dėl importuotojų rinkai pateiktos didelės rizikos DI sistemos, visų pirma siekiant sumažinti arba sušvelninti jos keliamą riziką.
7. Comhoibreoidh allmhaireoirí leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha in aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin maidir le córas intleachta saorga ardriosca arna chur ar an margadh ag na hallmhaireoirí, go háirithe chun na rioscaí a bhaineann leis a laghdú agus a mhaolú.
24 straipsnis
Airteagal 24
Platintojų pareigos
Oibleagáidí na ndáileoirí
1. Prieš tiekdami didelės rizikos DI sistemą rinkai, platintojai patikrina, ar ji pažymėta reikiamu CE ženklu, ar kartu su ja pateikiama 47 straipsnyje nurodyta ES atitikties deklaracijos kopija ir naudojimo instrukcija ir ar tos sistemos tiekėjas ir importuotojas, jei taikytina, įvykdė savo atitinkamas 16 straipsnio b ir c punktuose ir 23 straipsnio 3 dalyje nustatytas pareigas.
1. Sula gcuirfidh dáileoirí córas intleachta saorga ardriosca ar fáil ar an margadh, fíoróidh siad go bhfuil an mharcáil comhréireachta CE is gá ar an gcóras, go bhfuil cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47 agus na treoracha úsáide is gá ag gabháil leis, agus gur chomhlíon soláthraí agus allmhaireoir an chórais sin, de réir mar is infheidhme, a gcuid oibleagáidí faoi seach a leagtar síos i bpointí (b) agus (c) d’Airteagal 16 agus in Airteagal 23(3).
2. Jei platintojas, remdamasis turima informacija, mano arba turi pagrindo manyti, kad didelės rizikos DI sistema neatitinka 2 skirsnyje nustatytų reikalavimų, jis netiekia tos sistemos rinkai tol, kol neužtikrinama jos atitiktis tiems reikalavimams. Be to, jei didelės rizikos DI sistema kelia riziką, kaip tai suprantama 79 straipsnio 1 dalyje, platintojas apie tai informuoja atitinkamai sistemos tiekėją arba importuotoją.
2. I gcás ina measann dáileoir, nó a bhfuil cúis aige a mheas, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, nach bhfuil córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, ní chuirfidh sé an córas intleachta saorga ardriosca sin ar an margadh go dtí go mbeidh an córas tugtha chun comhréireachta leis na ceanglais sin. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1), cuirfidh an dáileoir soláthraí nó allmhaireoir an chórais, de réir mar is infheidhme, ar an eolas faoi sin.
3. Kol atsakomybė už didelės rizikos DI sistemą tenka platintojams, jie užtikrina, kad laikymo ar transportavimo sąlygos, jei taikytina, nepakenktų tos sistemos atitikčiai 2 skirsnyje nustatytiems reikalavimams.
3. Áiritheoidh dáileoirí, fad is atá córas intleachta saorga ardriosca faoina bhfreagracht, nach gcuirfidh dálaí stórála ná iompair, i gcás inarb infheidhme, comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 i mbaol.
4. Platintojas, kuris, remdamasis turima informacija, mano arba turi pagrindo manyti, kad rinkai jo tiekiama didelės rizikos DI sistema neatitinka 2 skirsnyje nustatytų reikalavimų, imasi taisomųjų veiksmų, reikalingų siekiant užtikrinti tos sistemos atitiktį tiems reikalavimams, ją pašalinti iš rinkos arba atšaukti, arba užtikrina, kad tų taisomųjų veiksmų imtųsi atitinkamai tiekėjas, importuotojas arba atitinkamas veiklos vykdytojas. Jei didelės rizikos DI sistema kelia riziką, kaip tai suprantama 79 straipsnio 1 dalyje, platintojas nedelsdamas apie tai praneša sistemos tiekėjui arba importuotojui ir už atitinkamas didelės rizikos DI sistemas kompetentingoms institucijoms ir pateikia išsamią informaciją, visų pirma apie neatitiktį ir taisomuosius veiksmus, kurių imtasi.
4. Dáileoir a mheasann, nó a bhfuil cúis aige a mheas, ar bhonn na faisnéise atá ina sheilbh, nach bhfuil córas intleachta saorga a chuir sé ar fáil ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, déanfaidh sé na bearta ceartaitheacha is gá chun an córas sin a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais sin, chun é a astarraingt nó chun é a aisghairm, nó áiritheoidh sé go ndéanfaidh an soláthraí, an t-allmhaireoir nó aon oibreoir ábhartha, de réir mar is iomchuí, na bearta ceartaitheacha sin. I gcás ina bhfuil riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga ardriosca de réir bhrí Airteagal 79(1), cuirfidh an dáileoir an soláthraí nó an t-allmhaireoir den chóras agus údaráis inniúla atá inniúil maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca lena mbaineann, agus tabharfaidh sé tuairisc, go háirithe, ar an neamhchomhlíonadh agus ar aon bheart ceartaitheach a rinneadh.
5. Gavę pagrįstą atitinkamos kompetentingos institucijos prašymą, didelės rizikos DI sistemos platintojai jai pateikia visą informaciją ir dokumentus, susijusius su savo veiksmais pagal 1–4 dalis, kurie būtini siekiant įrodyti, kad ta sistema atitinka 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
5. Ar iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil ábhartha, cuirfidh dáileoirí córais intleachta saorga ardriosca an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá ar fáil don údarás sin maidir lena ngníomhaíochtaí de bhun mhíreanna 1 go 4 chun comhréireacht an chórais sin leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 a léiriú.
6. Platintojai bendradarbiauja su atitinkamomis kompetentingomis institucijomis joms imantis bet kurių veiksmų dėl rinkai platintojų pateiktos didelės rizikos DI sistemos, visų pirma siekiant sumažinti arba sušvelninti jos keliamą riziką.
6. Comhoibreoidh dáileoirí leis na húdaráis inniúla ábhartha in aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin maidir le córas intleachta saorga ardriosca a chuir na dáileoirí ar fáil ar an margadh, go háirithe chun na rioscaí a bhaineann leis a laghdú agus a mhaolú.
25 straipsnis
Airteagal 25
DI vertės grandinės dalyvių atsakomybė
Freagrachtaí feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga
1. Šio reglamento tikslais platintojas, importuotojas, diegėjas ar kita trečioji šalis laikomi didelės rizikos DI sistemos tiekėjais ir turi vykdyti 16 straipsnyje nustatytas tiekėjo pareigas bet kuriomis iš šių aplinkybių:
1. Measfar gur soláthraí córas intleachta saorga ardriosca é aon dáileoir, allmhaireoir, úsáideoir gairmiúil nó aon tríú páirtí eile chun críocha an Rialacháin seo agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an tsoláthraí faoi Airteagal 16, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
a)
jei jie nurodo savo pavadinimą ar prekių ženklą ant rinkai jau pateiktos ar pradėtos naudoti didelės rizikos DI sistemos, nedarant poveikio sutartiniams susitarimams, kuriais nustatyta, kad pareigos paskirstomos kitaip;
(a)
cuireann siad a n-ainm nó a dtrádmharc ar chóras intleachta saorga ardriosca atá curtha ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana, gan dochar do shocruithe conarthacha lena sonraítear go leithdháilfear na hoibleagáidí ar shlí eile;
b)
jei jie atlieka esminį didelės rizikos DI sistemos, kuri jau buvo pateikta rinkai arba jau buvo pradėta naudoti, pakeitimą taip, kad ji išlieka didelės rizikos DI sistema pagal 6 straipsnį;
(b)
déanann siad modhnú substaintiúil ar chóras intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana agus ar bhealach go leanfaidh sé de bheith ina chóras intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6;
c)
jei jie pakeičia DI sistemos, įskaitant bendrosios paskirties DI sistemą, kuri nebuvo priskirta didelės rizikos DI sistemoms ir jau buvo pateikta rinkai arba pradėta naudoti, numatytąją paskirtį taip, kad atitinkama DI sistema tampa didelės rizikos DI sistema pagal 6 straipsnį.
(c)
modhnaíonn siad an chríoch atá beartaithe do chóras intleachta saorga, lena n-áirítear córas intleachta saorga ilchuspóireach, nach bhfuil aicmithe mar chóras ardriosca agus a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana ar bhealach a fhágann go mbeidh an córas intleachta saorga lena mbaineann ina chóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 6.
2. Atsiradus bet kuriai iš 1 dalyje nurodytų aplinkybių, DI sistemą iš pradžių rinkai pateikęs arba pradėjęs naudoti tiekėjas nustojamas laikyti tos konkrečios DI sistemos tiekėju šio reglamento taikymo tikslais. Tas pirminis tiekėjas glaudžiai bendradarbiauja su naujais tiekėjais ir pateikia būtiną informaciją bei suteikia pagrįstai tikėtiną techninę prieigą ir kitą pagalbą, kurių reikia šiame reglamente nustatytoms pareigoms vykdyti, visų pirma kiek tai susiję su didelės rizikos DI sistemų atitikties vertinimo reikalavimų laikymusi. Ši dalis netaikoma tais atvejais, kai pirminis tiekėjas yra aiškiai nurodęs, kad jo DI sistema negali būti pakeista į didelės rizikos DI sistemą ir kad dėl šios priežasties jos atžvilgiu netaikoma pareiga perduoti dokumentus.
2. Sna himthosca dá dtagraítear i mír 1, ní mheasfar a thuilleadh gur soláthraí an chórais intleachta saorga áirithe sin chun críocha an Rialacháin seo é an soláthraí a chuir an córas intleachta saorga ar an margadh ar dtús nó chuir i mbun seirbhíse é ar dtús. Oibreoidh an soláthraí tosaigh sin i ndlúthchomhar le soláthraithe nua agus cuirfidh sé an fhaisnéis is gá ar fáil agus soláthróidh sé an rochtain theicniúil agus an cúnamh eile a mbeifí ag súil go réasúnta leis agus a bheadh riachtanach chun na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh, go háirithe maidir le comhlíonadh an mheasúnaithe comhréireachta ar chórais intleachta saorga ardriosca. Ní bheidh feidhm ag an mír seo i gcásanna ina bhfuil sé sonraithe go soiléir ag an soláthraí tosaigh nach bhfuil a chóras intleachta saorga le hathrú ina chóras intleachta saorga ardriosca agus, dá bhrí sin, ní thagann sé faoin oibleagáid an doiciméadacht a thabhairt ar láimh.
3. Didelės rizikos DI sistemų, kurios yra gaminių, kuriems taikomi I priedo A skirsnyje išvardyti Sąjungos derinamieji teisės aktai, saugos komponentai, atveju didelės rizikos DI sistemos tiekėju laikomas gaminio gamintojas ir jam taikomos 16 straipsnyje numatytos pareigos, jei yra kuri nors iš šių aplinkybių:
3. I gcás córas intleachta saorga ardriosca ar comhpháirteanna sábháilteachta táirgí iad atá cumhdaithe faoi reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, measfar gurb é monaróir na dtáirgí soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca, agus beidh sé faoi réir na n-oibleagáidí faoi Airteagal 16 i gceachtar de na cásanna seo a leanas:
a)
didelės rizikos DI sistema pateikiama rinkai kartu su gaminiu, naudojant gaminio gamintojo pavadinimą ar prekių ženklą;
(a)
i gcás ina gcuirtear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh in éineacht leis an táirge faoi ainm nó trádmharc mhonaróir an táirge;
b)
didelės rizikos DI sistema pradedama naudoti su gaminio gamintojo pavadinimu arba prekių ženklu po to, kai gaminys pateikiamas rinkai.
(b)
i gcás ina gcuirtear an córas intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse faoi ainm nó trádmharc mhonaróir an táirge tar éis don táirge a bheith curtha ar an margadh.
4. Didelės rizikos DI sistemos tiekėjas ir trečioji šalis, tiekianti DI sistemą, priemones, paslaugas, komponentus ar procesus, kurie naudojami didelės rizikos DI sistemoje arba yra į ją integruoti, raštu sudarytoje sutartyje išsamiai apibūdina būtiną informaciją, pajėgumus, techninę prieigą ir kitą pagalbą, grindžiamus visuotinai pripažintais pažangiausiais metodais, kad didelės rizikos DI sistemos tiekėjas galėtų visapusiškai laikytis šiame reglamente nustatytų pareigų. Ši dalis netaikoma trečiosioms šalims, pagal nemokamą ir atvirojo kodo licenciją teikiančioms viešai prieinamas priemones, paslaugas, procesus ar komponentus, išskyrus bendrosios paskirties DI modelius.
4. Déanfaidh soláthraí córais intleachta saorga ardriosca agus an tríú páirtí a sholáthraíonn córas intleachta saorga, uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna, nó próisis a úsáidtear nó a chomhtháthaítear i gcóras intleachta saorga ardriosca, trí chomhaontú i scríbhinn, an fhaisnéis, na cumais, an rochtain theicniúil, agus an cúnamh eile is gá a shonrú bunaithe ar an úrscothacht ghnáthaitheanta, chun a chur ar chumas sholáthraí an chórais intleachta saorga ardriosca na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh go hiomlán. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le tríú páirtithe a dhéanann uirlisí, seirbhísí, próisis, nó comhpháirteanna, seachas samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, inrochtana don phobal faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte.
DI tarnyba gali parengti ir rekomenduoti neprivalomas pavyzdines sutarčių tarp didelės rizikos DI sistemų tiekėjų ir trečiųjų šalių, tiekiančių priemones, paslaugas, komponentus ar procesus, kurie naudojami didelės rizikos DI sistemoms arba yra į jas integruoti, sąlygas. Rengdama tas neprivalomas pavyzdines sąlygas, DI tarnyba atsižvelgia į galimus sutartinius reikalavimus, taikomus konkretiems sektoriams ar verslo atvejams. Neprivalomos sąlygos paskelbiamos ir turi būti nemokamai prieinamos lengvai naudojamu elektroniniu formatu.
Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga téarmaí eiseamláireacha deonacha do chonarthaí a fhorbairt agus a mholadh idir soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca agus tríú páirtithe a sholáthraíonn uirlisí, seirbhísí, comhpháirteanna nó próisis a úsáidtear le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca nó a chomhtháthaítear i gcórais intleachta saorga ardriosca. Nuair a bheidh na téarmaí eiseamláireacha deonacha á bhforbairt aige, ba cheart don Oifig um Intleacht Shaorga ceanglais chonarthacha a chur san áireamh a d’fhéadfadh a bheith infheidhme in earnálacha sonracha nó i gcásanna gnó sonracha. Foilseofar na téarmaí eiseamláireacha deonacha agus beidh siad ar fáil saor in aisce i bhformáid leictreonach sho-úsáidte.
5. 2 ir 3 dalimis nedaromas poveikis būtinybei laikytis intelektinės nuosavybės teisių, konfidencialios verslo informacijos ir komercinių paslapčių bei jas apsaugoti pagal Sąjungos ir nacionalinę teisę.
5. Tá míreanna 2 agus 3 gan dochar don ghá cearta maoine intleachtúla, faisnéis rúnda ghnó agus rúin trádála a urramú agus a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
26 straipsnis
Airteagal 26
Didelės rizikos DI sistemų diegėjų pareigos
Oibleagáidí úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca
1. Didelės rizikos DI sistemų diegėjai imasi tinkamų techninių ir organizacinių priemonių užtikrinti, kad jie tokias sistemas naudotų laikydamiesi kartu su jomis pateiktos naudojimo instrukcijos ir vadovaudamiesi 3–6 dalių nuostatomis.
1. Déanfaidh úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí chun a áirithiú go n-úsáidfidh siad na córais sin i gcomhréir leis na treoracha úsáide a ghabhann leo, de bhun mhíreanna 3 agus 6.
2. Įgyvendinti žmogaus atliekamą priežiūrą diegėjai paveda fiziniams asmenims, kurie turi reikiamą kompetenciją, kvalifikaciją ir įgaliojimus tai daryti ir kuriems teikiama būtina parama.
2. Sannfaidh úsáideoirí gairmiúla maoirseacht dhaonna do dhaoine nádúrtha a bhfuil an inniúlacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá, chomh maith leis an tacaíocht is gá, acu.
3. 1 ir 2 dalyse nustatytos pareigos nedaro poveikio kitoms diegėjų pareigoms pagal Sąjungos ar nacionalinę teisę ir diegėjų laisvei savo nuožiūra organizuoti savo išteklius ir veiklą siekiant taikyti tiekėjo nurodytas žmogaus vykdomos priežiūros priemones.
3. Tá na hoibleagáidí a leagtar amach i míreanna 1 agus 2 gan dochar d’oibleagáidí eile úsáideoirí gairmiúla faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta ná do shaoirse an úsáideora ghairmiúil a chuid acmhainní féin agus a ghníomhaíochtaí féin a eagrú chun na bearta formhaoirseachta daonna arna gcur in iúl ag an soláthraí a chur chun feidhme.
4. Nedarant poveikio 1 ir 2 dalims, tiek, kiek diegėjas kontroliuoja įvesties duomenis, jis užtikrina, kad tie įvesties duomenys būtų aktualūs ir pakankamai reprezentatyvūs atsižvelgiant į numatytąją didelės rizikos DI sistemos paskirtį.
4. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, sa mhéid go bhfeidhmíonn an t-úsáideoir gairmiúil smacht ar na sonraí ionchuir, áiritheoidh an t-úsáideoir gairmiúil sin go mbeidh na sonraí ionchuir ábhartha agus ionadaíoch go leordhóthanach i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca.
5. Diegėjai stebi didelės rizikos DI sistemos veikimą, atsižvelgdami į jos naudojimo instrukciją ir, kai aktualu, informuoja tiekėjus pagal 72 straipsnį. Jei diegėjai turi pagrindo manyti, kad pagal naudojimo instrukciją naudojama DI didelės rizikos sistema gali kelti DI sistemos riziką, kaip tai suprantama 79 straipsnio 1 dalyje, jie nepagrįstai nedelsdami apie tai informuoja tiekėją arba platintoją ir atitinkamą rinkos priežiūros instituciją bei sustabdo tos sistemos naudojimą. Jei diegėjai nustato rimtą incidentą, jie taip pat nedelsdami apie tą incidentą pirma informuoja tiekėją, o tada importuotoją arba platintoją ir atitinkamas rinkos priežiūros institucijas. Jei diegėjas negali susisiekti su tiekėju, mutatis mutandis taikomas 73 straipsnis. Ši pareiga netaikoma DI sistemos diegėjų, kurie yra teisėsaugos institucijos, neskelbtiniems operatyviniams duomenims.
5. Déanfaidh úsáideoirí gairmiúla faireachán ar oibriú an chórais intleachta saorga ardriosca ar bhonn na dtreoracha úsáide agus, i gcás inarb ábhartha, cuirfidh siad na soláthraithe ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal 72. I gcás ina mbeidh cúis ag úsáideoirí gairmiúla a mheas go bhféadfadh riosca de réir bhrí Airteagal 79(1) a bheith ag baint leis an gcóras intleachta saorga mar thoradh ar úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na treoracha, cuirfidh siad an soláthraí nó an dáileoir agus an t-údarás ábhartha faireachais margaidh ar an eolas gan moill mhíchuí, agus cuirfidh siad úsáid an chórais sin ar fionraí. I gcás ina sainaithníonn úsáideoirí gairmiúla teagmhas tromchúiseach, láithreach bonn, cuirfidh siad an soláthraí ar dtús agus ansin an t-allmhaireoir nó an dáileoir agus na húdaráis ábhartha faireachais margaidh ar an eolas faoin teagmhas sin. Mura féidir leis an úsáideoir gairmiúil teagmháil a dhéanamh leis an soláthraí, beidh feidhm ag Airteagal 73 mutatis mutandis. Ní chumhdófar leis an oibleagáid sin sonraí oibríochtúla íogaire úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ar údaráis forfheidhmithe dlí iad.
Jei diegėjai yra finansų įstaigos, kurioms taikomi su vidaus valdymu, tvarka ar procesais susiję reikalavimai pagal Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktus, pirmoje pastraipoje nustatyta stebėsenos pareiga laikoma įvykdyta, jei laikomasi atitinkamuose finansinių paslaugų teisės aktuose nustatytų taisyklių dėl vidaus valdymo priemonių, procesų ir mechanizmų.
I gcás úsáideoirí gairmiúla ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí sheirbhísí airgeadais an Aontais, measfar go gcomhlíontar an oibleagáid faireacháin a leagtar amach sa chéad fhomhír trí na rialacha maidir le socruithe, próisis agus sásraí an rialachais inmheánaigh de bhun an dlí seirbhísí airgeadais ábhartha a chomhlíonadh.
6. Didelės rizikos DI sistemos diegėjai saugo tos didelės rizikos DI sistemos automatiškai generuojamus žurnalus, jei tokie žurnalai yra jo žinioje, laikotarpį, kuris yra tinkamas atsižvelgiant į numatytąją didelės rizikos DI sistemos paskirtį, ir ne trumpiau kaip šešis mėnesius, nebent taikytinuose Sąjungos ar nacionalinės teisės aktuose, visų pirma Sąjungos teisės aktuose dėl asmens duomenų apsaugos, numatyta kitaip.
6. Coimeádfaidh úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca na logaí a ghintear go huathoibríoch leis an gcóras intleachta saorga ardriosca sin a mhéid atá na logaí sin faoina rialú, ar feadh tréimhse is iomchuí don chríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga ardriosca, tréimhse 6 mhí ar a laghad, mura bhforáiltear a mhalairt i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta is infheidhme, go háirithe i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.
Diegėjai, kurie yra finansų įstaigos, kurioms pagal Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktus taikomi su vidaus valdymu, tvarka ar procesais susiję reikalavimai, žurnalus saugo kartu su dokumentais, saugomais pagal atitinkamus Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktus.
Maidir le húsáideoirí gairmiúla ar institiúidí airgeadais iad atá faoi réir ceanglais maidir lena rialachas, socruithe nó próisis inmheánacha faoi dhlí sheirbhísí airgeadais an Aontais, coinneoidh siad na logaí mar chuid den doiciméadacht a choimeádtar de bhun dhlí sheirbhísí airgeadais ábhartha an Aontais.
7. Prieš pradėdami naudoti arba prieš naudodami didelės rizikos DI sistemą darbo vietoje, diegėjai darbdaviai informuoja darbuotojų atstovus ir darbuotojus, kurie bus paveikti, kad jų atžvilgiu bus naudojama didelės rizikos DI sistema. Ši informacija teikiama, kai taikytina, laikantis taisyklių ir procedūrų pagal Sąjungos ir nacionalinės teisės aktus ir praktiką dėl darbuotojų ir jų atstovų informavimo.
7. Sula gcuirfear córas intleachta saorga ardriosca i mbun seirbhíse nó sula n-úsáidfear é san ionad oibre, cuirfidh úsáideoirí gairmiúla ar fostóirí iad in iúl d’ionadaithe na n-oibrithe agus do na hoibrithe lena mbaineann go mbeidh siad faoi réir úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca. Cuirfear an fhaisnéis sin ar fáil, i gcás inarb infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i ndlí agus cleachtas an Aontais agus i ndlí agus cleachtas náisiúnta maidir le faisnéis a bhaineann le hoibrithe agus a n-ionadaithe.
8. Didelės rizikos DI sistemų diegėjai, kurie yra viešojo sektoriaus institucijos arba Sąjungos institucijos, įstaigos, organai ar agentūros, vykdo 49 straipsnyje nurodytas registravimo pareigas. Nustatę, kad didelės rizikos DI sistema, kurią jie ketina naudoti, nėra įregistruota 71 straipsnyje nurodytoje ES duomenų bazėje, tokie diegėjai tos sistemos nenaudoja ir apie tai informuoja tiekėją arba platintoją.
8. Úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca ar údaráis phoiblí nó institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais iad, comhlíonfaidh siad na hoibleagáidí clárúcháin dá dtagraítear in Airteagal 49. I gcás ina bhfaigheann na húsáideoirí gairmiúla sin amach nár cláraíodh an córas intleachta saorga ardriosca a bheartaíonn siad a úsáid i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71, ní úsáidfidh siad an córas sin agus cuirfidh siad an soláthraí nó an dáileoir ar an eolas.
9. Kad įvykdytų Reglamento (ES) 2016/679 35 straipsnyje arba Direktyvos (ES) 2016/680 27 straipsnyje nustatytą pareigą atlikti poveikio duomenų apsaugai vertinimą, didelės rizikos DI sistemų diegėjai, kai taikytina, naudojasi pagal šio reglamento 13 straipsnį pateikta informacija.
9. I gcás inarb infheidhme, bainfidh úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca úsáid as an bhfaisnéis arna soláthar faoi Airteagal 13 den Rialachán seo chun a n-oibleagáid measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh faoi Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680 a chomhlíonadh.
10. Nedarant poveikio Direktyvai (ES) 2016/680, kai vykdomas tyrimas siekiant surasti konkretų asmenį, kuris įtariamas įvykdžius nusikalstamą veiką arba kuriam už tokią veiką yra paskelbtas apkaltinamasis nuosprendis, didelės rizikos DI sistemos, skirtos netikralaikiam nuotoliniam biometriniam tapatybės nustatymui, diegėjas ex ante arba nepagrįstai nedelsdamas ir ne vėliau kaip per 48 valandas paprašo teisminės institucijos arba administracinės institucijos, kurios sprendimai yra privalomi ir jiems taikoma teisminė peržiūra, leidimo naudoti tą sistemą, išskyrus atvejus, kai ji naudojama pradiniam galimo įtariamojo tapatybės nustatymui remiantis tiesiogiai su nusikalstama veika susijusiais objektyviais ir patikrinamais faktais. Kiekvienas naudojimas negali viršyti to, kas tikrai būtina konkrečiai nusikalstamai veikai ištirti.
10. Gan dochar do Threoir (AE) 2016/680, faoi chuimsiú imscrúdú ar chuardach spriocdhírithe ar dhuine atá faoi amhras nó atá ciontaithe i gcion coiriúil a dhéanamh, iarrfaidh úsáideoir gairmiúil córais intleachta saorga ardriosca le haghaidh córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha údarú, ex ante, nó gan moill mhíchuí agus tráth nach déanaí ná 48 uair an chloig, ó údarás breithiúnach nó údarás riaracháin a bhfuil a chinneadh ceangailteach agus faoi réir athbhreithniú breithiúnach, chun an córas sin a úsáid, ach amháin i gcás ina n-úsáidtear é chun duine a d’fhéadfadh a bheith faoi amhras a shainaithint den chéad uair bunaithe ar fhíorais oibiachtúla infhíoraithe a bhaineann go díreach leis an gcion. Beidh gach úsáid teoranta don mhéid atá fíor-riachtanach chun imscrúdú a dhéanamh ar chion coiriúil sonrach.
Jei atsisakoma išduoti pagal pirmą pastraipą prašomą išduoti leidimą, su tuo prašomu leidimu susijęs netikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos naudojimas nedelsiant nutraukiamas, o asmens duomenys, susiję su didelės rizikos DI sistemos naudojimu, kuriam prašyta suteikti leidimą, ištrinami.
Má dhiúltaítear don údarú a iarrtar de bhun na chéad fomhíre, cuirfear deireadh, le héifeacht láithreach, le húsáid an chórais cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha atá nasctha leis an údarú iarrtha sin agus scriosfar na sonraí pearsanta atá nasctha le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca ar iarradh an t-údarú ina leith.
Tokia netikralaikiam nuotoliniam biometriniam tapatybės nustatymui skirta didelės rizikos DI sistema jokiu būdu teisėsaugos tikslais negali būti naudojama netikslingai, be jokios sąsajos su nusikalstama veika, baudžiamuoju procesu, tikra ir esama arba tikra ir numatoma nusikalstamos veikos grėsme, arba konkretaus dingusio asmens paieškai. Turi būti užtikrinama, kad remdamosi vien tokių netikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų išvediniais teisėsaugos institucijos negalėtų priimti jokio sprendimo, kuris sukeltų asmeniui nepalankų teisinį poveikį.
I gcás ar bith, ní úsáidfear córas intleachta saorga ardriosca mar sin le haghaidh córas cian-sainaitheanta iar-aimseartha chun críocha fhorfheidhmiú an dlí ar bhealach nach bhfuil spriocdhírithe, gan aon nasc le cion coiriúil, le himeacht coiriúil, le fíorbhagairt atá ann nó fíorbhagairt intuartha maidir le cion coiriúil, ná le duine sonrach atá ar iarraidh a chuardach. Áiritheofar nach bhféadfaidh na húdaráis forfheidhmithe dlí aon chinneadh a dhéanamh a mbeidh éifeacht dhíobhálach dhlíthiúil aige ar dhuine bunaithe ar aschur na gcóras cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha sin.
Šia pastraipa nedaromas poveikis Reglamento (ES) 2016/679 9 straipsniui ir Direktyvos (ES) 2016/680 10 straipsniui biometrinių duomenų tvarkymo atžvilgiu.
Tá an mhír seo gan dochar d’Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2016/679 agus d’Airteagal 10 de Threoir (AE) 2016/680 i ndáil le sonraí bithmhéadracha a phróiseáil.
Neatsižvelgiant į tikslą ar diegėją, kiekvienas tokios didelės rizikos DI sistemos panaudojimas yra užfiksuojamas atitinkamos policijos bylos dokumente ir su tokiu dokumentu leidžiama susipažinti atitinkamai rinkos priežiūros institucijai ir nacionalinei duomenų apsaugos institucijai, gavus pastarųjų prašymą, užtikrinant, kad nebūtų atskleidžiami su teisėsauga susiję neskelbtini operatyviniai duomenys. Šia pastraipa nedaromas poveikis įgaliojimams, kurie Direktyva (ES) 2016/680 yra suteikti priežiūros institucijoms.
Gan beann ar chuspóir na húsáide ná cuspóir an úsáideora ghairmiúil, déanfar gach úsáid a bhaintear as na córais intleachta saorga ardriosca sin a dhoiciméadú sa chomhad póilíneachta ábhartha agus cuirfear ar fáil í don údarás ábhartha faireachais margaidh agus don údarás náisiúnta um chosaint sonraí arna iarraidh sin, cé is moite de nochtadh sonraí oibríochtúla íogaire a bhaineann le forfheidhmiú an dlí. Beidh an fhomhír seo gan dochar do na cumhachtaí a thugtar d’údaráis mhaoirseachta le Treoir (AE) 2016/680.
Diegėjai atitinkamoms rinkos priežiūros institucijoms ir nacionalinėms duomenų apsaugos institucijoms teikia metines ataskaitas apie netikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimą, bet neatskleidžia su teisėsauga susiję neskelbtini operatyviniai duomenys. Gali būti parengiama jungtinė ataskaita, apimanti daugiau nei vieną diegėjo sistemą.
Cuirfidh úsáideoirí gairmiúla tuarascálacha bliantúla faoi bhráid na n-údarás ábhartha faireachais margaidh agus na n-údarás náisiúnta um chosaint sonraí maidir leis an úsáid a bhaineann siad as córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha, cé is moite de nochtadh sonraí oibríochtúla íogaire a bhaineann le forfheidhmiú an dlí a nochtadh. Féadfar na tuarascálacha a chomhiomlánú chun níos mó ná imscaradh amháin a chumhdach.
Valstybės narės, laikydamosi Sąjungos teisės, gali priimti griežtesnius teisės aktus dėl netikralaikio nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemų naudojimo.
Féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le dlí an Aontais, dlíthe níos sriantaí a thabhairt isteach maidir le húsáid córas cian-sainaitheanta bithmhéadraí iar-aimseartha.
11. Nedarant poveikio šio reglamento 50 straipsniui, III priede nurodytų didelės rizikos DI sistemų diegėjai, kurie priima su fiziniais asmenimis susijusius sprendimus arba padeda juos priimti, informuoja fizinius asmenis, kad jų atžvilgiu naudojama didelės rizikos DI sistema. Didelės rizikos DI sistemas naudojant teisėsaugos tikslais, taikomas Direktyvos (ES) 2016/680 13 straipsnis.
11. Maidir le húsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a dhéanann cinntí nó a chabhraíonn le cinntí a dhéanamh maidir le daoine nádúrtha, déanfaidh siad, gan dochar d’Airteagal 50 den Rialachán seo, na daoine nádúrtha a chur ar an eolas go bhfuil siad faoi réir úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca. I gcás córas intleachta saorga ardriosca a úsáidtear chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, beidh feidhm ag Airteagal 13 de Threoir (AE) 2016/680.
12. Diegėjai bendradarbiauja su atitinkamomis kompetentingomis institucijomis dėl visų veiksmų, kurių tos institucijos imasi didelės rizikos DI sistemos atžvilgiu, kad įgyvendintų šį reglamentą.
12. Comhoibreoidh úsáideoirí gairmiúla leis na húdaráis inniúla ábhartha maidir le haon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis sin i ndáil leis an gcóras intleachta saorga ardriosca chun an Rialachán seo a chur chun feidhme.
27 straipsnis
Airteagal 27
Didelės rizikos DI sistemų poveikio pagrindinėms teisėms vertinimas
Measúnú tionchair ar chearta bunúsacha le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca
1. Prieš diegdami 6 straipsnio 2 dalyje nurodytą didelės rizikos DI sistemą, išskyrus didelės rizikos DI sistemas, skirtas naudoti III priedo 2 punkte nurodytoje srityje, diegėjai, kurie yra viešosios teisės reglamentuojamos įstaigos arba yra viešąsias paslaugas teikiantys privatūs subjektai, ir didelės rizikos DI sistemų, nurodytų III priedo 5 punkto b ir c papunkčiuose, diegėjai atlieka poveikio pagrindinėms teisėms, kurį gali turėti tokios sistemos naudojimas, vertinimą. Tuo tikslu diegėjai atlieka vertinimą, kurį sudaro šie elementai:
1. Sula n-úsáidfear córas intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2), cé is moite de chórais intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena n-úsáid sa réimse a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, déanfaidh úsáideoirí gairmiúla ar comhlachtaí iad a rialaítear leis an dlí poiblí, nó ar eintitis phríobháideacha iad a sholáthraíonn seirbhísí poiblí, agus úsáideoirí gairmiúla na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 5 (b) agus (c) d’Iarscríbhinn III, measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag úsáid an chórais sin ar chearta bunúsacha. Chun na críche sin, áireofar an méid seo a leanas sa mheasúnú a dhéanfaidh úsáideoirí gairmiúla:
a)
diegėjo procesų, kuriuose didelės rizikos DI sistema bus naudojama pagal numatytąją paskirtį, aprašymas;
(a)
tuairisc ar na próisis a bheidh ag an úsáideoir gairmiúil agus an córas intleachta saorga ardriosca á úsáid i gcomhréir leis an gcríoch atá beartaithe dó;
b)
aprašymas, kokį laikotarpį ir kaip dažnai kiekviena didelės rizikos DI sistema yra skirta naudoti;
(b)
tuairisc ar an tréimhse ama ina bhfuil sé beartaithe gach córas intleachta saorga ardriosca a úsáid, agus a mhinice a úsáidfear é;
c)
fizinių asmenų kategorijos ir grupės, kurias gali paveikti jos naudojimas konkrečiame kontekste;
(c)
catagóirí daoine nádúrtha agus grúpaí ar dócha go ndéanfaidh a úsáid sa chomhthéacs sonrach difear dóibh;
d)
konkreti rizika, kad bus padaryta žala, kuri gali turėti poveikį pagal šios dalies c punktą nustatytoms fizinių asmenų kategorijoms ar asmenų grupėms, atsižvelgiant į tiekėjo pagal 13 straipsnį pateiktą informaciją;
(d)
na rioscaí sonracha díobhála ar dócha go mbeidh tionchar acu ar na catagóirí daoine nádúrtha nó ar na grúpaí daoine a shainaithnítear de bhun phointe (c) den mhír seo, agus an fhaisnéis a thabharfaidh an soláthraí de bhun Airteagal 13 á cur san áireamh;
e)
žmogaus vykdomos priežiūros priemonių, kaip nurodyta naudojimo instrukcijoje, įgyvendinimo aprašymas;
(e)
tuairisc ar chur chun feidhme na mbeart formhaoirseachta daonna, de réir na dtreoracha úsáide;
f)
priemonės, kurių reikia imtis, jei tokia rizika pasireiškia, įskaitant vidaus valdymo priemones ir skundų nagrinėjimo mechanizmus.
(f)
na bearta atá le déanamh i gcás ina dtarlaíonn na rioscaí sin, lena n-áirítear na socruithe maidir le rialachas inmheánach agus sásraí gearáin.
2. 1 dalyje nustatyta pareiga taikoma naudojant didelės rizikos DI sistemą pirmą kartą. Panašiais atvejais diegėjas gali remtis anksčiau atliktais poveikio pagrindinėms teisėms vertinimais arba esamais tiekėjo atliktais poveikio vertinimais. Jei diegėjui naudojant didelės rizikos DI sistemą jis mano, kad kuris nors iš 1 dalyje išvardytų elementų pasikeitė arba nebeatspindi padėties, diegėjas imasi būtinų veiksmų informacijai atnaujinti.
2. Tá feidhm ag an oibleagáid a leagtar síos i mír 1 maidir le céadúsáid an chórais intleachta saorga ardriosca. Féadfaidh an t-úsáideoir gairmiúil, i gcásanna comhchosúla, brath ar mheasúnuithe tionchair ar chearta bunúsacha a rinneadh roimhe sin nó ar mheasúnuithe tionchair a rinne soláthraí cheana. Más rud é, le linn úsáid an chórais intleachta saorga ardriosca, go measann an t-úsáideoir gairmiúil gur athraigh aon cheann de na heilimintí a liostaítear i mír 1 nó nach bhfuil sé cothrom le dáta a thuilleadh, déanfaidh an t-úsáideoir gairmiúil na bearta is gá chun an fhaisnéis a thabhairt cothrom le dáta.
3. Atlikęs šio straipsnio 1 dalyje nurodytą vertinimą, diegėjas praneša rinkos priežiūros institucijai jo rezultatus, kartu su pranešimu pateikdamas užpildytą šio straipsnio 5 dalyje nurodytą šabloną. 46 straipsnio 1 dalyje nurodytu atveju diegėjai gali būti atleisti nuo tos pareigos pranešti.
3. A luaithe a bheidh an measúnú dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo déanta, tabharfaidh an t-úsáideoir gairmiúil fógra don údarás faireachais margaidh faoi na torthaí a bhí air, lena n-áirítear an teimpléad comhlánaithe dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal a chur isteach mar chuid den fhógra. Sa chás dá dtagraítear in Airteagal 46(1), féadfar úsáideoirí gairmiúla a dhíolmhú ón oibleagáid sin fógra a thabhairt.
4. Jei atlikus poveikio duomenų apsaugai vertinimą pagal Reglamento (ES) 2016/679 35 straipsnį arba Direktyvos (ES) 2016/680 27 straipsnį jau laikomasi kurios nors iš šiame straipsnyje nustatytų pareigų, tas poveikio duomenų apsaugai vertinimas papildomas šio straipsnio 1 dalyje nurodytu poveikio pagrindinėms teisėms vertinimu.
4. Má comhlíonadh cheana féin aon cheann de na hoibleagáidí a leagtar síos san Airteagal seo tríd an measúnú tionchair ar chosaint sonraí arna dhéanamh de bhun Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó Airteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680, comhlánóidh an measúnú tionchair ar chearta bunúsacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an measúnú tionchair sin ar chosaint sonraí.
5. DI tarnyba parengia klausimyno šabloną, be kita ko, naudodama automatizuotą priemonę, kad diegėjams būtų sudarytos sąlygos paprasčiau vykdyti savo pareigas pagal šį straipsnį.
5. Forbróidh an Oifig um Intleacht Shaorga teimpléad le haghaidh ceistneora, lena n-áirítear trí uirlis uathoibrithe, chun cabhrú le húsáideoirí gairmiúla a gcuid oibleagáidí faoin Airteagal seo a chomhlíonadh ar bhealach simplithe.
4 SKIRSNIS
ROINN 4
Notifikuojančiosios institucijos ir notifikuotosios įstaigos
Na húdaráis a thugann fógra agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra
28 straipsnis
Airteagal 28
Notifikuojančiosios institucijos
Na húdaráis a thugann fógra
1. Kiekviena valstybė narė paskiria arba įsteigia bent vieną notifikuojančiąją instituciją, atsakingą už reikiamų atitikties vertinimo įstaigų vertinimo, paskyrimo, notifikavimo ir stebėjimo procedūrų nustatymą ir vykdymą. Tos procedūros rengiamos bendradarbiaujant visų valstybių narių notifikuojančiosioms institucijoms.
1. Déanfaidh gach Ballstát ar a laghad údarás amháin a thugann fógra a ainmniú nó a chur ar bun, údarás a bheidh freagrach as na nósanna imeachta is a gá a chur ar bun agus a dhéanamh leis na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a mheasúnú, a ainmniú agus maidir le fógra a thabhairt dóibh mar aon le maidir le faireachán a dhéanamh orthu. Forbrófar na nósanna imeachta sin i gcomhar idir údaráis na mBallstát uile a thugann fógra.
2. Valstybės narės gali nuspręsti, kad 1 dalyje nurodytą vertinimą ir stebėseną turi vykdyti nacionalinė akreditacijos įstaiga, kaip tai suprantama Reglamente (EB) Nr. 765/2008, laikantis to reglamento nuostatų.
2. Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuil comhlacht náisiúnta creidiúnaithe leis an measúnú agus an faireachán dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh, de réir bhrí Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 agus i gcomhréir leis.
3. Notifikuojančiosios institucijos įsteigiamos, jų veikla organizuojama ir vykdoma taip, kad nekiltų jokių interesų konfliktų su atitikties vertinimo įstaigomis ir būtų užtikrintas jų veiklos objektyvumas ir nešališkumas.
3. Bunófar, eagrófar agus riarfar údaráis a thugann fógra ar bhealach chun aon choinbhleacht leasa le comhlachtaí um measúnú comhréireachta a sheachaint, agus chun go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí.
4. Notifikuojančiųjų institucijų veikla organizuojama taip, kad su atitikties vertinimo įstaigų notifikavimu susijusius sprendimus priimtų kompetentingi asmenys, nedalyvavę atliekant tų įstaigų vertinimą.
4. Eagrófar údaráis a thugann fógra ar bhealach a n-áiritheoidh gur daoine inniúla, nach ionann iad agus na daoine a rinne an measúnú ar na comhlachtaí sin, a dhéanfaidh cinntí a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlachtaí um measúnú comhréireachta.
5. Notifikuojančiosios institucijos nesisiūlo vykdyti ir nevykdo jokios veiklos, kurią vykdo atitikties vertinimo įstaigos, taip pat neteikia konsultavimo paslaugų komerciniu arba konkurenciniu pagrindu.
5. Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh na húdaráis a thugann fógra aon ghníomhaíocht a dhéanann comhlachtaí um measúnú comhréireachta ná seirbhísí comhairliúcháin ar bhonn tráchtála nó ar bhonn iomaíoch.
6. Notifikuojančiosios institucijos pagal 78 straipsnį užtikrina informacijos, kurią jos gauna, konfidencialumą.
6. Déanfaidh na húdaráis a thugann fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú, i gcomhréir le hAirteagal 78.
7. Notifikuojančiosiose institucijose turi būti pakankamai kompetentingų darbuotojų, galinčių tinkamai atlikti savo užduotis. Kompetentingi darbuotojai turi turėti reikiamų ekspertinių žinių, kai taikytina, kad galėtų vykdyti savo funkcijas tokiose srityse kaip informacinės technologijos, DI ir teisė, įskaitant pagrindinių teisių priežiūrą.
7. Beidh líon leordhóthanach de phearsanra inniúil ar fáil dóibh ag na húdaráis a thugann fógra chun a gcúraimí a fheidhmiú i gceart. Beidh an saineolas is gá ag an bpearsanra inniúil, i gcás inarb infheidhme, dá bhfeidhm, i réimsí ar nós na dteicneolaíochtaí faisnéise, intleacht shaorga agus an dlí, lena n-áirítear maoirseacht ar chearta bunúsacha.
29 straipsnis
Airteagal 29
Atitikties vertinimo įstaigos notifikavimo paraiška
Iarratas ar fhógra ó chomhlacht um measúnú comhréireachta
1. Atitikties vertinimo įstaigos notifikavimo paraišką pateikia valstybės narės, kurioje jos yra įsisteigusios, notifikuojančiajai institucijai.
1. Déanfaidh comhlachtaí um measúnú comhréireachta iarratas ar fhógra a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra de chuid an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.
2. Prie notifikavimo paraiškos pridedamas atitikties vertinimo veiklos, atitikties vertinimo modulio ar modulių ir DI sistemų tipų, kuriuos vertinti ta įstaiga teigia turinti kompetencijos, aprašas, taip pat nacionalinės akreditacijos įstaigos išduotas akreditacijos pažymėjimas (jei toks yra), kuriuo patvirtinama, kad atitikties vertinimo įstaiga atitinka 31 straipsnyje nustatytus reikalavimus.
2. Beidh ag gabháil leis an iarratas ar fhógra tuairisc ar na gníomhaíochtaí measúnaithe comhréireachta, an modúl nó na modúil measúnaithe comhréireachta agus cineálacha na gcóras intleachta saorga a maíonn an comhlacht um measúnú comhréireachta go bhfuil sé inniúil ina leith, chomh maith le deimhniú creidiúnaithe, más ann dó, arna eisiúint ag comhlacht creidiúnaithe náisiúnta lena ndearbhaítear go gcomhlíonann an comhlacht um measúnú comhréireachta na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31.
Jei paraišką teikianti įstaiga jau yra paskirta notifikuotąja įstaiga pagal kitus Sąjungos derinamuosius teisės aktus, kartu pateikiami galiojantys su tuo susiję dokumentai.
Cuirfear isteach aon doiciméad bailí a bhaineann le hainmniúcháin an chomhlachta is iarratasóir faoina dtugtar fógra faoi aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais.
3. Jei atitikties vertinimo įstaiga negali pateikti akreditacijos pažymėjimo, ji notifikuojančiajai institucijai pateikia visus patvirtinamuosius dokumentus, būtinus jos atitikčiai 31 straipsnyje nustatytiems reikalavimams patikrinti, patvirtinti ir reguliariai stebėti.
3. I gcás nach féidir leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann deimhniú creidiúnaithe a sholáthar, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá chun a chomhlíontacht leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 a fhíorú agus a aithint agus chun faireachán tráthrialta a dhéanamh air sin.
4. Jei įstaiga yra paskirta notifikuotąja įstaiga pagal kitus Sąjungos derinamuosius teisės aktus, visi su tais paskyrimais susiję dokumentai ir sertifikatai prireikus gali būti naudojami pagal šį reglamentą atliekamai jos paskyrimo procedūrai pagrįsti. Notifikuotoji įstaiga atnaujina šio straipsnio 2 ir 3 dalyse nurodytus dokumentus kaskart, kai įvyksta svarbių pasikeitimų, kad už notifikuotąsias įstaigas atsakinga institucija galėtų stebėti ir tikrinti, ar toliau laikomasi visų 31 straipsnyje nustatytų reikalavimų.
4. Maidir le comhlachtaí faoina dtugtar fógra a ainmnítear faoi aon reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais, féadfar gach doiciméad agus deimhniú atá nasctha leis na hainmniúcháin sin a úsáid chun tacú lena nós imeachta ainmniúcháin faoin Rialachán seo, de réir mar is iomchuí. Tar éis don chomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith ainmnithe, déanfaidh sé an doiciméadacht dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo a nuashonrú aon uair a tharlaíonn athruithe ábhartha, le cur ar chumas an údaráis atá freagrach as comhlachtaí faoina dtugtar fógra faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh leanúnach na gceanglas go léir a leagtar síos in Airteagal 31 agus é sin a fhíorú.
30 straipsnis
Airteagal 30
Notifikavimo procedūra
Nós imeachta um fhógra a thabhairt
1. Notifikuojančiosios institucijos gali notifikuoti tik tas atitikties vertinimo įstaigas, kurios atitinka 31 straipsnyje nustatytus reikalavimus.
1. Maidir leis na húdaráis a thugann fógra, féadfaidh siad fógra a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú comhréireachta a bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 comhlíonta acu, agus do na comhlachtaí sin amháin.
2. Apie kiekvieną 1 dalyje nurodytą atitikties vertinimo įstaigą notifikuojančiosios institucijos praneša Komisijai ir kitoms valstybėms narėms, naudodamosi Komisijos sukurta ir administruojama elektronine notifikavimo priemone.
2. Na húdaráis a thugann fógra, tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile tríd an uirlis leictreonach um fhógra a thabhairt arna forbairt agus arna bainistiú ag an gCoimisiún, maidir le gach comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear i mír 1.
3. Šio straipsnio 2 dalyje nurodytame notifikavimo pranešime pateikiama išsami informacija apie atitikties vertinimo veiklą, atitikties vertinimo modulį ar modulius, atitinkamų DI sistemų tipus ir atitinkamą kompetencijos patvirtinimą. Jei notifikavimas nėra pagrįstas akreditacijos pažymėjimu, kaip nurodyta 29 straipsnio 2 dalyje, notifikuojančioji institucija Komisijai ir kitoms valstybėms narėms pateikia dokumentus, kuriais patvirtina atitikties vertinimo įstaigos kompetenciją ir tai, kad yra tvarka, kuria užtikrinama, kad ta įstaiga bus reguliariai stebima ir toliau atitiks 31 straipsnyje nustatytus reikalavimus.
3. Beidh san fhógra dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo tuairisc iomlán ar na gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ar an modúl nó ar na modúil um measúnú comhréireachta agus ar na cineálacha córas intleachta saorga lena mbaineann, agus ar dhearbhú ábhartha na hinniúlachta. I gcás nach mbeidh fógra bunaithe ar dheimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 29(2), déanfaidh an t-údarás a thugann fógra fianaise dhoiciméadach a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit eile lena ndearbhaítear inniúlacht an chomhlachta um measúnú comhréireachta mar aon leis na socruithe a bheidh i bhfeidhm lena áirithiú go ndéanfar faireachán tráthrialta ar an gcomhlacht sin agus go leanfaidh sé de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 31.
4. Atitinkama atitikties vertinimo įstaiga notifikuotosios įstaigos veiklą gali vykdyti tik jeigu Komisija ar kitos valstybės narės nepareiškia prieštaravimų per dvi savaites nuo notifikuojančiosios įstaigos pateikto notifikavimo pranešimo gavimo, kai prie jo yra pridėtas 29 straipsnio 2 dalyje nurodytas akreditacijos pažymėjimas, arba per du mėnesius nuo notifikuojančiosios įstaigos pateikto notifikavimo pranešimo gavimo, kai prie jo yra pridėti 29 straipsnio 3 dalyje nurodyti patvirtinamieji dokumentai.
4. Ní fhéadfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann gníomhaíochtaí comhlachta faoina dtugtar fógra a fheidhmiú ach amháin mura ndéanann an Coimisiún ná na Ballstáit eile aon agóidí ina choinne laistigh de 2 sheachtain ó thráth déanta fógra ó údarás a thugann fógra i gcás deimhniú creidiúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 29(2) a bheith ann nó laistigh de 2 mhí ó thráth déanta fógra ó údarás a thugann fógra i gcás fianaise dhoiciméadach dá dtagraítear in Airteagal 29(3) a bheith san fhógra.
5. Jei pareiškiama prieštaravimų, Komisija nedelsdama pradeda konsultacijas su atitinkamomis valstybėmis narėmis ir atitikties vertinimo įstaiga. Atsižvelgdama į tai Komisija nusprendžia, ar leidimas yra pagrįstas. Savo sprendimą Komisija skiria atitinkamai valstybei narei ir atitinkamai atitikties vertinimo įstaigai.
5. I gcás ina ndéantar agóidí, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle, gan mhoill, leis na Ballstáit ábhartha agus leis an gcomhlacht um measúnú comhréireachta. Ag féachaint don mhéid sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil bonn cirt leis an údarú nó nach bhfuil. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig an gcomhlacht ábhartha um measúnú comhréireachta.
31 straipsnis
Airteagal 31
Notifikuotosioms įstaigoms taikomi reikalavimai
Na ceanglais a bhaineann leis na comhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Notifikuotoji įstaiga turi būti įsteigta pagal valstybės narės nacionalinę teisę ir turi turėti juridinio asmens statusą.
1. Bunófar comhlacht faoina dtugtar fógra faoi dhlí náisiúnta Ballstáit agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige.
2. Notifikuotosios įstaigos turi atitikti organizacinius, kokybės valdymo, išteklių ir procesų reikalavimus, būtinus siekiant užtikrinti, kad jos galėtų vykdyti savo užduotis, jos taip pat turi atitikti tinkamus kibernetinio saugumo reikalavimus.
2. Comhlíonfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir le heagrúchán, bainistíocht cáilíochta, acmhainní agus próiseas is gá chun na cúraimí sin a chomhlíonadh, chomh maith le ceanglais chibearshlándála oiriúnacha.
3. Notifikuotųjų įstaigų organizacinė struktūra, atsakomybės paskirstymas, atskaitomybės ryšiai ir veikla turi užtikrinti pasitikėjimą jų veiklos veiksmingumu ir jų vykdomos atitikties vertinimo veiklos rezultatais.
3. Áiritheofar leis an struchtúr eagrúcháin, leithdháileadh freagrachtaí, na línte tuairiscithe agus oibriú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra go mbeidh muinín i bhfeidhmíocht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra agus i dtorthaí na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéanann na comhlachtaí faoina dtugtar fógra.
4. Notifikuotosios įstaigos turi būti nepriklausomos nuo tiekėjo, kurio didelės rizikos DI sistemos atitikties vertinimą jos atlieka. Notifikuotosios įstaigos turi būti nepriklausomos ir nuo kitų veiklos vykdytojų, turinčių su vertinamomis didelės rizikos DI sistemomis susijusių ekonominių interesų, taip pat nuo tiekėjo konkurentų. Šis draudimas netrukdo naudoti atitikties vertinimo įstaigos veiklai reikalingų įvertintų didelės rizikos DI sistemų arba naudoti tokių didelės rizikos DI sistemų asmeninėms reikmėms.
4. Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra neamhspleách ar sholáthraí córais intleachta saorga ardriosca a ndéanann siad gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta ina leith. Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra neamhspleách freisin ar aon oibreoir eile a bhfuil leas eacnamaíoch aige sa chóras intleachta saorga ardriosca a ndéantar measúnú air, agus ar aon iomaitheoir de chuid an tsoláthraí chomh maith. Ní choiscfear, leis sin, córais intleachta saorga ardriosca a ndearnadh measúnú orthu a úsáid má tá gá leo i dtaca le hoibríochtaí an chomhlachta um measúnú comhréireachta, ná córais intleachta saorga ardriosca mar iad a úsáid chun críoch pearsanta.
5. Nei atitikties vertinimo įstaiga, nei jos vyresnioji vadovybė, nei už atitikties vertinimo užduočių atlikimą atsakingi darbuotojai tiesiogiai nedalyvauja projektuojant, kuriant, parduodant ar naudojant didelės rizikos DI sistemas ir jie neatstovauja toje veikloje dalyvaujančioms šalims. Notifikuotosios įstaigos nesiima jokios veiklos, kuri gali kliudyti joms nepriklausomai priimti sprendimus ar sąžiningai atlikti atitikties vertinimo užduotis, dėl kurių joms suteiktas notifikuotosios įstaigos statusas. Tai visų pirma taikoma konsultavimo paslaugoms.
5. Ní bheidh baint dhíreach ag comhlacht um measúnú comhréireachta, ag a lucht bainistíochta ardleibhéil ná ag an bpearsanra a bheidh freagrach as cúraimí an mheasúnaithe comhréireachta a chomhlíonadh le dearadh, forbairt, margú ná úsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht do na páirtithe atá i gceist leis na gníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d’fhéadfadh a bheith i gcoimhlint lena neamhspleáchas breithiúnais nó lena n-ionracas i ndáil le gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dtugtar fógra fúthu ina leith. Beidh feidhm ag an gceanglas seo, go háirithe, maidir le seirbhísí comhairleachta.
6. Notifikuotųjų įstaigų veikla organizuojama ir vykdoma taip, kad būtų užtikrintas jos nepriklausomumas, objektyvumas ir nešališkumas. Notifikuotosios įstaigos dokumentuoja ir įdiegia struktūrą bei procedūras, kuriomis užtikrinamas nešališkumas ir nešališkumo principų propagavimas ir taikymas visoje jų organizacinėje struktūroje, tarp jų darbuotojų ir jų vertinimo veikloje.
6. Eagrófar agus oibreofar na comhlachtaí faoina dtugtar fógra sa chaoi go gcaomhnófar neamhspleáchas, oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a gcuid gníomhaíochtaí. Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra struchtúr agus nósanna imeachta a dhoiciméadú agus a chur chun feidhme chun neamhchlaontacht a choimirciú agus chun prionsabail na neamhchlaontachta a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm ar fud na heagraíochta agus ina ngníomhaíochtaí measúnaithe agus i measc a gcuid foirne.
7. Notifikuotosios įstaigos taiko dokumentuotas procedūras, kuriomis užtikrinama, kad jų darbuotojai, komitetai, pavaldžiosios įstaigos, subrangovai, visos susijusios įstaigos ar išorės įstaigų darbuotojai pagal 78 straipsnį išlaikytų informacijos, kurią jie gauna vykdydami atitikties vertinimo veiklą, konfidencialumą, išskyrus atvejus, kai ją atskleisti reikalaujama pagal teisės aktus. Notifikuotųjų įstaigų darbuotojai visą informaciją, kurią jie gauna atlikdami savo užduotis pagal šį reglamentą, privalo saugoti kaip profesinę paslaptį – tai netaikoma tik valstybės narės, kurioje tos įstaigos vykdo savo veiklą, notifikuojančiųjų institucijų atžvilgiu.
7. Beidh nósanna imeachta doiciméadaithe i bhfeidhm ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra lena áirithiú go gcoimeádfaidh foirne, coistí, fochuideachtaí agus fochonraitheoirí na gcomhlachtaí sin agus aon chomhlacht comhlachais nó foireann de chuid comhlachtaí seachtracha, i gcomhréir le hAirteagal 78, rúndacht na faisnéise a thagann ina seilbh le linn fheidhmiú na ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina gceanglaítear nochtadh na faisnéise sin de réir an dlí. Beidh sé de cheangal ar fhoireann an chomhlachta faoina dtugtar fógra rúndacht ghairmiúil a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a gheofar le linn a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo a chur i gcrích, ach amháin i ndáil le húdaráis a thugann fógra sa Bhallstát ina gcuirtear a gcuid gníomhaíochtaí i gcrích.
8. Notifikuotosios įstaigos savo veiklą vykdo taikydamos procedūras, kuriomis deramai atsižvelgiama į tiekėjo dydį, sektorių, kuriame jis veikia, jo struktūrą ir atitinkamos DI sistemos sudėtingumo laipsnį.
8. Beidh ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra nósanna imeachta maidir le feidhmiú na ngníomhaíochtaí ina dtugtar aird chuí ar mhéid an tsoláthraí, an earnáil ina n-oibríonn sé, a struchtúr agus ar a chasta atá an córas intleachta saorga lena mbaineann.
9. Notifikuotosios įstaigos turi turėti tinkamą su jų vykdoma atitikties vertinimo veikla susijusį civilinės atsakomybės draudimą, nebent šią atsakomybę pagal nacionalinę teisę prisiima valstybė narė, kurioje jos yra įsteigtos, arba kai ta valstybė narė pati tiesiogiai atsako už atitikties vertinimą.
9. Beidh árachas dliteanais iomchuí ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra le haghaidh a ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, ach amháin i gcás ina nglacann an Ballstát ina bhfuil siad bunaithe dliteanas i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás ina bhfuil an Ballstát sin féin freagrach go díreach as an measúnú comhréireachta.
10. Notifikuotosios įstaigos turi būti pajėgios atlikti visas savo užduotis pagal šį reglamentą, užtikrindamos aukščiausio laipsnio profesinį sąžiningumą ir reikiamą konkrečios srities kompetenciją, nesvarbu, ar tas užduotis vykdytų pačios notifikuotosios įstaigos, ar jos būtų vykdomos jų vardu ir jų atsakomybe.
10. Beidh sé de chumas ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra a gcúraimí uile faoin Rialachán seo a chur i gcrích leis an oiread ionracais ghairmiúil is féidir agus leis an inniúlacht is gá sa réimse sonrach, bíodh na cúraimí sin á ndéanamh ag na comhlachtaí féin faoina dtugtar fógra nó thar a gceann agus faoina bhfreagracht.
11. Notifikuotosios įstaigos turi turėti pakankamai vidinės kompetencijos, kad galėtų veiksmingai įvertinti jų vardu užduotis atliekančių išorės subjektų darbą. Notifikuotoji įstaiga visada turi turėti pakankamai administracinių, techninių, teisės srities ir mokslinių darbuotojų, turinčių patirties ir žinių, susijusių su atitinkamais DI sistemų tipais, duomenimis ir duomenų kompiuterija ir su 2 skirsnyje nustatytais reikalavimais.
11. Beidh go leor inniúlachtaí inmheánacha ag na comhlachtaí faoina dtugtar fógra chun gur féidir leo meastóireacht éifeachtach a dhéanamh ar na cúraimí a dhéanann páirtithe seachtracha thar a gceann. Beidh foireann leordhóthanach riaracháin, theicniúil, dhlíthiúil agus eolaíoch ar fáil don chomhlacht faoina dtugtar fógra i gcónaí, foireann ag a bhfuil taithí agus eolas a bhaineann leis na cineálacha ábhartha córas intleachta saorga, cineálacha sonraí agus ríomhaireacht sonraí ábhartha agus leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2.
12. Notifikuotosios įstaigos dalyvauja 38 straipsnyje nurodytoje koordinavimo veikloje. Jos taip pat turi tiesiogiai dalyvauti arba būti atstovaujamos Europos standartizacijos organizacijų veikloje arba užtikrinti, kad visada žinotų apie atitinkamus standartus ir jų naujoves.
12. Beidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra rannpháirteach i ngníomhaíochtaí comhordúcháin dá dtagraítear in Airteagal 38. Ina theannta sin, glacfaidh siad páirt go díreach in eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, nó déanfar ionadaíocht orthu sna heagraíochtaí sin, nó áiritheoidh siad go bhfuil siad ar an eolas faoi na caighdeáin ábhartha agus cothrom le dáta ina leith.
32 straipsnis
Airteagal 32
Atitikties notifikuotosioms įstaigoms taikomiems reikalavimams prezumpcija
Toimhde maidir le comhréireacht le ceanglais a bhaineann le comhlachtaí faoina dtugtar fógra
Jei atitikties vertinimo įstaiga įrodo, kad atitinka kriterijus, nustatytus atitinkamuose darniuosiuose standartuose arba jų dalyse, kurių nuorodos paskelbtos Europos Sąjungos oficialiajame leidinyje, preziumuojama, kad ji atitinka 31 straipsnyje nustatytus reikalavimus tiek, kiek juos apima taikomi darnieji standartai.
I gcás ina léireoidh comhlacht um measúnú comhréireachta a chomhréireacht leis na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha nó i gcodanna díobh, agus na tagairtí ina leith sin foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonann an comhlacht na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 31 a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme.
33 straipsnis
Airteagal 33
Notifikuotųjų įstaigų pavaldžiosios įstaigos ir subranga
Fochuideachtaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus fochonraitheoirí
1. Jei notifikuotoji įstaiga tam tikras su atitikties vertinimu susijusias užduotis paveda atlikti subrangovui ar pavaldžiajai įstaigai, ji užtikrina, kad tas subrangovas ar pavaldžioji įstaiga atitiktų 31 straipsnyje nustatytus reikalavimus, ir apie tai informuoja notifikuojančiąją instituciją.
1. I gcás ina ndéanfaidh comhlacht faoina dtugtar fógra cúraimí sonracha i dtaca le measúnú comhréireachta a chur amach ar fochonradh nó i gcás ina bhféadfaidh an comhlacht dul ar iontaoibh fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonann an fochonraitheoir nó an fhochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 31, agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas faoi sin dá réir.
2. Notifikuotosios įstaigos prisiima visą atsakomybę už subrangovų ar pavaldžiųjų įstaigų atliekamas užduotis.
2. Glacfaidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra freagracht iomlán as na cúraimí a dhéanann aon fhochonraitheoirí nó aon fhochuideachtaí.
3. Pavesti veiklą vykdyti subrangovui ar pavaldžiajai įstaigai galima tik gavus tiekėjo sutikimą. Notifikuotosios įstaigos viešai skelbia savo pavaldžiųjų įstaigų sąrašą.
3. Ní fhéadfar gníomhaíochtaí a chur amach ar fochonradh ná ní fhéadfaidh fochuideachta iad a dhéanamh ach amháin le comhaontú ón soláthraí. Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra liosta dá bhfochuideachtaí ar fáil go poiblí.
4. Aktualūs dokumentai, susiję su subrangovo ar pavaldžiosios įstaigos kvalifikacijos vertinimu ir jų pagal šį reglamentą atliktu darbu, saugomi penkerius metus nuo subrangos pabaigos dienos, kad notifikuojančioji institucija galėtų juos patikrinti.
4. I gcás na ndoiciméad ábhartha a bhaineann le measúnú ar cháilíochtaí an fhochonraitheora nó na fochuideachta, maille leis na doiciméid a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fhochuideachta faoin Rialachán seo, coimeádfar iad ar fáil don údarás a thugann fógra go ceann tréimhse 5 bliana ó dháta foirceanta na fochonraitheoireachta.
34 straipsnis
Airteagal 34
Notifikuotųjų įstaigų veiklos pareigos
Oibleagáidí oibríochtúla na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Notifikuotosios įstaigos, laikydamosi 43 straipsnyje nustatytų atitikties vertinimo procedūrų, tikrina didelės rizikos DI sistemų atitiktį.
1. Fíoróidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra comhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 43.
2. Vykdydamos savo veiklą notifikuotosios įstaigos vengia nereikalingos naštos tiekėjams ir deramai atsižvelgia į tiekėjo dydį, sektorių, kuriame jis vykdo veiklą, jo struktūrą ir į atitinkamos didelės rizikos DI sistemos sudėtingumo laipsnį, visų pirma, kad kuo labiau sumažintų administracinę naštą ir reikalavimų laikymosi išlaidas labai mažoms ir mažosioms įmonėms, kaip tai suprantama Rekomendacijoje 2003/361/EB. Tačiau notifikuotoji įstaiga laikosi tokio kruopštumo ir apsaugos lygio, kokio reikia, kad būtų užtikrinta didelės rizikos DI sistemos atitiktis šio reglamento reikalavimams.
2. Seachnóidh comhlachtaí faoina dtugtar fógra ualaí nach bhfuil gá leo ar sholáthraithe agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu, agus tabharfaidh siad an aird chuí ar mhéid an tsoláthraí, ar an earnáil ina n-oibríonn sé, ar a struchtúr agus ar a chasta atá an córas intleachta saorga ardriosca lena mbaineann, go háirithe d’fhonn ualaí riaracháin agus costais chomhlíontachta a íoslaghdú do mhicrifhiontair agus d’fhiontair bheaga de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE. Urramóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra mar sin féin an méid smachta agus an leibhéal cosanta a éilítear chun go gcomhlíonfaidh an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais an Rialacháin seo..
3. Notifikuotosios įstaigos sudaro 28 straipsnyje nurodytai notifikuojančiajai institucijai sąlygas susipažinti su visais reikiamais dokumentais, įskaitant tiekėjo dokumentus, ir gavusios prašymą juos pateikia tai institucijai, kad ji galėtų vykdyti vertinimo, paskyrimo, notifikavimo ir stebėsenos veiklą ir kad būtų lengviau atlikti šiame skirsnyje aprašytą vertinimą.
3. Déanfaidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an doiciméadacht ábhartha uile, lena n-áirítear doiciméadacht an tsoláthraí, a chur ar fáil agus a chur faoi bhráid an údaráis a thugann fógra dá dtagraítear in Airteagal 28, arna iarraidh sin orthu, ionas go mbeidh an t-údarás sin in ann dul i mbun a ghníomhaíochtaí maidir le measúnú, ainmniú, fógra a thabhairt agus faireachán agus chun an measúnú a leagtar amach sa Roinn seo a éascú.
35 straipsnis
Airteagal 35
Notifikuotųjų įstaigų identifikaciniai numeriai ir sąrašai
Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Komisija kiekvienai notifikuotajai įstaigai suteikia vieną identifikacinį numerį, net jei įstaiga yra notifikuota pagal daugiau nei vieną Sąjungos aktą.
1. Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais aonair do gach comhlacht faoina dtugtar fógra, fiú i gcás ina dtugtar fógra do chomhlacht faoi bhreis is gníomh amháin de chuid an Aontais.
2. Komisija viešai paskelbia pagal šį reglamentą notifikuotų įstaigų sąrašą, kuriame taip pat nurodomi jų identifikaciniai numeriai ir veikla, kurią joms pavesta vykdyti kaip notifikuotosioms įstaigoms. Komisija užtikrina, kad tas sąrašas būtų nuolat atnaujinamas.
2. Déanfaidh an Coimisiún liosta de na comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoin Rialachán seo, lena n-áireofar a n-uimhreacha aitheantais agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra ina dtaobh, agus cuirfear ar fáil don phobal é. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an liosta cothrom le dáta i gcónaí.
36 straipsnis
Airteagal 36
Notifikavimo pakeitimai
Athruithe ar na fógraí
1. Notifikuojančioji institucija, naudodamasi 30 straipsnio 2 dalyje nurodyta elektronine notifikavimo priemone, Komisijai ir kitoms valstybėms narėms praneša apie visus svarbius notifikuotosios įstaigos notifikavimo pakeitimus.
1. Tabharfaidh an t-údarás a thugann fógra fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile maidir le haon athruithe ábhartha ar fhógra a thabhairt faoi chomhlacht faoina dtugtar fógra tríd an uirlis leictreonach fógra dá dtagraítear in Airteagal 30(2).
2. Notifikavimo aprėpties išplėtimui taikomos 29 ir 30 straipsniuose nustatytos procedūros.
2. Beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos in Airteagail 29 agus 30 maidir le leathnú ar raon feidhme an fhógra.
Jei notifikavimo pakeitimai nėra susiję su jo aprėpties išplėtimu, taikomos 3–9 dalyse nustatytos procedūros.
I gcás athruithe ar an bhfógra cé is moite de leathnú ar a raon feidhme, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar síos i míreanna (3) go (9).
3. Kai notifikuotoji įstaiga nusprendžia nutraukti atitikties vertinimo veiklą, ji kuo greičiau, o planuojamo veiklos nutraukimo atveju – likus bent vieniems metams iki veiklos nutraukimo, apie tai informuoja notifikuojančiąją instituciją ir atitinkamus tiekėjus. Notifikuotosios įstaigos sertifikatai gali toliau galioti devynių mėnesių po jos veiklos nutraukimo laikotarpį su sąlyga, kad kita notifikuotoji įstaiga raštu yra patvirtinusi, kad ji prisiims atsakomybę už didelės rizikos DI sistemas, kurioms išduoti tie sertifikatai. Pastaroji notifikuotoji įstaiga iki to devynių mėnesių laikotarpio pabaigos užbaigia susijusių didelės rizikos DI sistemų visapusišką vertinimą, prieš išduodama naujus sertifikatus toms sistemoms. Jei notifikuotoji įstaiga savo veiklą nutraukia, notifikuojančioji institucija paskyrimą panaikina.
3. I gcás ina gcinnfidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deireadh a chur lena ghníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta, cuirfidh sé é sin in iúl don údarás a thugann fógra agus do na soláthraithe lena mbaineann, a luaithe is féidir agus má shocraítear deireadh a chur le gníomhaíochtaí, bliain amháin ar a laghad roimh dó deireadh a chur lena chuid gníomhaíochtaí. Féadfaidh na deimhnithe ón gcomhlacht faoina dtugtar fógra a bheith fós bailí go ceann tréimhse 9 mí tar éis deireadh a chur le gníomhaíochtaí an chomhlachta faoina dtugtar fógra ar choinníoll gur dhearbhaigh comhlacht eile faoina dtugtar fógra i scríbhinn go ngabhfadh sé na freagrachtaí air féin maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear faoi na deimhnithe sin. Déanfaidh an comhlacht eile faoina dtugtar fógra measúnú iomlán ar na córais intleachta saorga ardriosca a ndéantar difear dóibh faoi dheireadh na tréimhse 9 mí sin roimh dó deimhnithe nua a eisiúint le haghaidh na gcóras sin. I gcás ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra tar éis deireadh a chur lena chuid gníomhaíochtaí, tarraingeoidh an t-údarás a thugann fógra siar an t-ainmniú.
4. Jei notifikuojančioji institucija turi pakankamą pagrindą manyti, kad notifikuotoji įstaiga nebeatitinka 31 straipsnyje nustatytų reikalavimų arba nevykdo savo pareigų, notifikuojančioji institucija nedelsdama atlieka nuodugnų su tuo susijusį tyrimą. Tokiu atveju ji informuoja atitinkamą notifikuotąją įstaigą apie pareikštą kritiką ir suteikia jai galimybę pateikti savo nuomonę. Jei notifikuojančioji institucija padaro išvadą, kad notifikuotoji įstaiga nebeatitinka 31 straipsnyje nustatytų reikalavimų arba nevykdo savo pareigų, ji atitinkamai apriboja, sustabdo arba panaikina paskyrimą atsižvelgdama į tų reikalavimų nebeatitikimo arba tų pareigų nevykdymo rimtumą. Ji nedelsdama apie tai informuoja Komisiją ir kitas valstybes nares.
4. I gcás ina bhfuil cúis imleor ag údarás a thugann fógra a mheas nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag comhlacht faoina dtugtar fógra, nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí, déanfaidh an t-údarás sin a thugann fógra an t-ábhar a imscrúdú gan mhoill agus a dhúthracht a chaitheamh leis. Sa chomhthéacs sin, cuirfidh sé an comhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann ar an eolas maidir leis na hagóidí a rinneadh agus tabharfaidh sé an deis dó a thuairimí a chur in iúl. Má thagann an t-údarás a thugann fógra ar an gconclúid nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra nó nach bhfuil sé ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí, déanfaidh an t-údarás sin an t-ainmniú a shrianadh, cuirfidh sé ar fionraí é nó déanfaidh sé é a aistarraingt, de réir mar is iomchuí, ag brath ar a thromchúisí atá an mhainneachtain na ceanglais sin nó na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach dá réir sin.
5. Jei notifikuotosios įstaigos paskyrimas sustabdomas, apribojamas arba visai ar iš dalies panaikinamas, ji per 10 dienų apie tai informuoja atitinkamus tiekėjus.
5. I gcás inar cuireadh ainmniú comhlachta faoina dtugtar fógra ar fionraí, inar cuireadh srian air nó ina ndearnadh é a tharraingt siar ina iomláine nó i bpáirt, déanfaidh sé na soláthraithe lena mbaineann a chur ar an eolas laistigh de 10 lá.
6. Jei paskyrimas apribojamas, sustabdomas ar panaikinamas, notifikuojančioji institucija imasi tinkamų priemonių, kuriomis užtikrinama, kad atitinkamos notifikuotosios įstaigos bylos būtų saugomos ir su jomis galėtų susipažinti to prašančios kitų valstybių narių notifikuojančiosios institucijos ir rinkos priežiūros institucijos.
6. I gcás ina ndéantar ainmniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra na bearta iomchuí lena áirithiú go ndéanfar comhaid an chomhlachta faoina dtugtar fógra a choinneáil agus cuirfidh sé ar fáil iad d’údaráis a thugann fógra i mBallstáit eile agus d’údaráis faireachais margaidh arna iarraidh sin dóibh.
7. Paskyrimo apribojimo, sustabdymo arba panaikinimo atveju notifikuojančioji institucija:
7. I gcás ina ndéanfar ainmniú a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra an méid seo a leanas:
a)
įvertina poveikį notifikuotosios įstaigos išduotiems sertifikatams;
(a)
measúnú ar an tionchar atá ar na deimhnithe a eisíonn an comhlacht faoina dtugtar fógra;
b)
per tris mėnesius nuo pranešimo apie paskyrimo pakeitimus Komisijai ir kitoms valstybėms narėms pateikia savo išvadų ataskaitą;
(b)
tuarascáil lena gcuid fionnachtana a chur faoi bhráid an Choimisiúin agus na mBallstát eile, laistigh de 3 mhí tar éis fógra faoi na hathruithe ar an ainmniú a thabhairt;
c)
reikalauja, kad notifikuotoji įstaiga per pagrįstą laikotarpį, kurį nustato institucija, sustabdytų arba panaikintų visus nepagrįstai išduotus sertifikatus, kad būtų užtikrinta rinkoje esančių didelės rizikos DI sistemų nuolatinė atitiktis;
(c)
ceangal a chur ar an gcomhlacht faoina dtugtar fógra aon deimhniú a eisíodh go míchuí a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, laistigh de thréimhse réasúnta ama a chinnfidh an t-údarás chun comhréireacht leanúnach na gcóras intleachta saorga ardriosca atá ar an margadh a áirithiú;
d)
informuoja Komisiją ir valstybes nares apie sertifikatus, kuriuos ji pareikalavo sustabdyti arba panaikinti;
(d)
an Coimisiún agus na Ballstáit a chur ar an eolas faoi dheimhnithe a d’éiligh sé a chur ar fionraí nó a tharraingt siar;
e)
pateikia valstybės narės, kurioje yra tiekėjo registruota buveinė, nacionalinėms kompetentingoms institucijoms visą svarbią informaciją apie sertifikatus, kuriuos ji pareikalavo sustabdyti arba panaikinti. Ta institucija prireikus imasi tinkamų priemonių, kad būtų išvengta galimos rizikos sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms.
(e)
gach faisnéis ábhartha a chur ar fáil d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí maidir leis na deimhnithe atá sé ag éileamh a chur ar fionraí nó a tharraingt siar; déanfaidh an t-údarás sin na bearta iomchuí is gá chun baol ionchasach do shláinte, do shábháilteacht nó do chearta bunúsacha a sheachaint.
8. Išskyrus nepagrįstai išduotus sertifikatus, ir tais atvejais, kai paskyrimas buvo sustabdytas ar apribotas, sertifikatai toliau galioja esant vienai iš šių aplinkybių:
8. Cé is moite de na deimhnithe a eisíodh go míchuí agus i gcás ina ndéanfar an t-ainmniú a chur ar fionraí nó a shrianadh, leanfaidh na deimhnithe de bheith bailí i gceann de na cúinsí seo a leanas:
a)
notifikuojančioji institucija per mėnesį nuo sustabdymo ar apribojimo yra patvirtinusi, kad nėra rizikos sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms, susijusios su sertifikatais, kuriems turi įtakos tas sustabdymas arba apribojimas, ir notifikuojančioji institucija yra nustačiusi veiksmų sustabdymui ar apribojimui panaikinti tvarkaraštį arba
(a)
dhearbhaigh an t-údarás a thugann fógra, laistigh d’aon mhí amháin tar éis an chur ar fionraí nó an tsrianta, nach ann do bhaol don tsláinte, don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha maidir le deimhnithe a ndearnadh difear dóibh de bharr na fionraí nó an tsrianta agus tá amlíne gníomhaíochtaí curtha i láthair ag an údarás a thugann fógra chun an fhionraí nó an srianadh a réiteach; nó
b)
notifikuojančioji institucija yra patvirtinusi, kad sustabdymo ar apribojimo laikotarpiu su sustabdymu susiję sertifikatai nebus išduodami, iš dalies keičiami arba išduodami pakartotinai, ir nurodžiusi, ar notifikuotoji įstaiga yra pajėgi tęsti esamų išduotų sertifikatų stebėseną ir toliau būti už juos atsakinga sustabdymo arba apribojimo laikotarpiu. Jeigu notifikuojančioji institucija nustato, kad notifikuotoji įstaiga nėra pajėgi prižiūrėti galiojančių išduotų sertifikatų, sistemos, kuriai taikomas sertifikatas, tiekėjas per tris mėnesius nuo sustabdymo arba apribojimo pateikia valstybės narės, kurioje yra jo registruota buveinė, nacionalinėms kompetentingoms institucijoms rašytinį patvirtinimą, kad kita reikalavimus atitinkanti notifikuotoji įstaiga laikinai prisiima notifikuotosios įstaigos funkcijas, kad vykdytų sertifikatų stebėseną ir būtų atsakinga už juos sustabdymo arba apribojimo laikotarpiu.
(b)
tá sé dearbhaithe ag an údarás a thugann fógra nach ndéanfar aon deimhnithe a bhaineann leis an bhfionraí a eisiúint, a leasú, nó a atheisiúint, le linn na fionraí nó an tsrianta, agus go luafaidh an t-údarás an bhfuil an cumas ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra leanúint d’fhaireachán a dhéanamh agus de bheith freagrach as deimhnithe atá ann cheana a eisíodh do thréimhse na fionraí nó an tsrianta; i gcás ina gcinnfidh an t-údarás a thugann fógra nach bhfuil sé de chumas ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra tacú le deimhnithe a eisíodh cheana féin, dearbhóidh soláthraí an chórais a chumhdaítear leis an deimhniú i scríbhinn d’údaráis inniúla náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe, laistigh de 3 mhí ón bhfionraí nó ón srianadh, go bhfuil feidhmeanna an chomhlachta faoina dtugtar fógra i ndáil le faireachán a dhéanamh ar na deimhnithe agus bheith freagrach astu á nglacadh ag comhlacht cáilithe eile faoina dtugtar fógra, ar bhonn sealadach, le linn na tréimhse fionraí nó srianta.
9. Išskyrus nepagrįstai išduotus sertifikatus, ir tais atvejais, kai paskyrimas buvo panaikintas, sertifikatai toliau galioja devynis mėnesius šiomis aplinkybėmis:
9. Cé is moite de na deimhnithe a eisíodh go míchuí, agus i gcás ina ndéanfar an t-ainmniú a tharraingt siar, leanfaidh na deimhnithe de bheith bailí go ceann tréimhse 9 mí sna cúinsí seo a leanas:
a)
valstybės narės, kurioje yra didelės rizikos DI sistemos, kuriai išduotas sertifikatas, tiekėjo registruota buveinė, nacionalinė kompetentinga institucija yra patvirtinusi, kad nėra su atitinkamomis didelės rizikos DI sistemomis susijusios rizikos sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms, ir
(a)
tá sé dearbhaithe ag údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag soláthraí an chórais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear leis an deimhniú nach ngabhann aon bhaol don tsláinte, don tsábháilteacht ná do chearta bunúsacha leis na córais intleachta saorga ardriosca atá i gceist; agus
b)
kita notifikuotoji įstaiga yra raštu patvirtinusi, kad ji nedelsiant prisiims atsakomybę už šias DI sistemas ir užbaigs vertinimą per 12 mėnesių nuo paskyrimo panaikinimo dienos.
(b)
tá sé dearbhaithe ag comhlacht eile faoina dtugtar fógra i scríbhinn go nglacfaidh sé chuige láithreach an fhreagracht maidir leis na córais intleachta saorga sin agus go mbeidh measúnú orthu curtha i gcrích aige laistigh de 12 mhí ón uair a rinneadh an t-ainmniú a tharraingt siar.
Pirmoje pastraipoje nurodytomis aplinkybėmis valstybės narės, kurioje yra sistemos, kuriai išduotas sertifikatas, tiekėjo registruota buveinė, nacionalinė kompetentinga institucija gali pratęsti laikinąjį sertifikatų galiojimą papildomiems trijų mėnesių laikotarpiams, kurie iš viso negali sudaryti ilgesnio kaip 12 mėnesių laikotarpio.
Sna cúinsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh údarás inniúil náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil a oifig chláraithe ag an soláthraí córais a chumhdaítear leis an deimhniú síneadh ama a chur le bailíocht shealadach na ndeimhnithe go ceann tréimhsí breise 3 mhí, gan a bheith níos faide ná 12 mhí san iomlán.
Nacionalinė kompetentingas institucija arba notifikuotoji įstaiga, prisiimanti notifikuotosios įstaigos, kurios paskyrimas yra pakeistas, funkcijas, apie tai nedelsdama praneša Komisijai, kitoms valstybėms narėms ir kitoms notifikuotosioms įstaigoms.
Cuirfidh an t-údarás inniúil náisiúnta nó an comhlacht faoina dtugtar fógra a ghlacann feidhmeanna an chomhlachta faoina dtugtar fógra a mbeidh tionchar ag an athrú ar an ainmniú air an Coimisiún, na Ballstáit eile agus na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas faoin méid sin láithreach.
37 straipsnis
Airteagal 37
Notifikuotųjų įstaigų kompetencijos užginčijimas
Agóid in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Prireikus, Komisija ištiria visus atvejus, kuriais esama pagrindo abejoti notifikuotosios įstaigos kompetencija arba tuo, ar notifikuotoji įstaiga vis dar atitinka 31 straipsnyje nustatytus reikalavimus ir toliau vykdo jai taikytinas pareigas.
1. Imscrúdóidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gach cás a bhfuil amhras air ina leith maidir le hinniúlacht comhlachta faoina dtugtar fógra nó maidir le comhlacht faoina dtugtar fógra a bheith ag leanúint de chomhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 31 agus na bhfreagrachtaí is infheidhme atá air.
2. Pateikus prašymą notifikuojančioji institucija pateikia Komisijai visą aktualią informaciją, susijusią su atitinkamos notifikuotosios įstaigos notifikavimu ar kompetencijos išlaikymu.
2. Cuirfidh an t-údarás a thugann fógra gach faisnéis ar fáil don Choimisiún, arna iarraidh sin, maidir leis an bhfógra a thug an comhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann nó maidir le cothabháil a inniúlachta.
3. Komisija užtikrina, kad visa neskelbtina informacija, gaunama atliekant šiame straipsnyje nurodytus tyrimus, būtų tvarkoma konfidencialiai pagal 78 straipsnį.
3. Áiritheoidh an Coimisiún gur ar mhodh rúin a dhéileálfar leis an bhfaisnéis íogair uile a fhaightear le linn a chuid imscrúduithe de bhun an Airteagail seo, i gcomhréir le hAirteagal 78.
4. Jei Komisija nustato, kad notifikuotoji įstaiga neatitinka arba nebeatitinka jos notifikavimo reikalavimų, ji apie tai praneša notifikuojančiajai valstybei narei ir jos paprašo imtis būtinų taisomųjų priemonių, įskaitant, jei būtina, notifikavimo galiojimo sustabdymą ar panaikinimą. Jei valstybė narė nesiima būtinų taisomųjų priemonių, Komisija gali priimti įgyvendinimo aktą, kuriuo paskyrimas būtų sustabdytas, apribotas ar panaikintas. Tas įgyvendinimo aktas priimamas laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
4. I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach gcomhlíonann comhlacht faoina dtugtar fógra na ceanglais maidir lena fhógra, nó nach gcomhlíonann sé iad a thuilleadh, cuirfidh sé an méid sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra dá réir sin agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a fhionraí nó a tharraingt siar, más gá sin. I gcás ina dteipeann ar an mBallstát na bearta ceartaitheacha is gá a ghlacadh, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, an t-ainmniú a chur ar fionraí, a shrianadh nó a tharraingt siar. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
38 straipsnis
Airteagal 38
Notifikuotųjų įstaigų veiklos koordinavimas
Comhordú na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra
1. Komisija užtikrina, kad didelės rizikos DI sistemų atveju per sektoriaus notifikuotųjų įstaigų grupę būtų organizuojamas ir tinkamai vykdomas notifikuotųjų įstaigų, pagal šį reglamentą atliekančių atitikties vertinimo procedūras, veiklos koordinavimas ir jų bendradarbiavimas.
1. Áiritheoidh an Coimisiún, maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca, go gcuirfear ar bun comhordú agus comhar iomchuí idir comhlachtaí faoina dtugtar fógra atá gníomhach i nósanna imeachta um measúnú comhréireachta de bhun an Rialacháin seo agus go n-oibreofar mar is ceart iad i bhfoirm grúpa earnála de chomhlachtaí faoina dtugtar fógra.
2. Kiekviena notifikuojančioji institucija užtikrina, kad jos notifikuotos įstaigos tiesiogiai arba per paskirtus atstovus dalyvautų 1 dalyje nurodytos grupės veikloje.
2. Áiritheoidh gach údarás a thugann fógra go mbeidh na comhlachtaí a dtugann siad fógra fúthu rannpháirteach in obair grúpa dá dtagraítear i mír 1, go díreach nó trí bhíthin ionadaithe ainmnithe.
3. Komisija pasirūpina, kad notifikuojančiosios institucijos tarpusavyje keistųsi žiniomis ir geriausios praktikos pavyzdžiais.
3. Déanfaidh an Coimisiún foráil maidir le malartú eolais agus dea-chleachtas idir údaráis a thugann fógra.
39 straipsnis
Airteagal 39
Trečiųjų valstybių atitikties vertinimo įstaigos
Comhlachtaí um measúnú comhréireachta i dtríú tíortha
Pagal trečiųjų valstybių, su kuriomis Sąjunga yra sudariusi susitarimus, teisę įsteigtoms atitikties vertinimo įstaigoms gali būti leidžiama vykdyti šiame reglamente nurodytą notifikuotųjų įstaigų veiklą, jeigu jos atitinka 31 straipsnyje nustatytus reikalavimus arba užtikrina lygiavertę atitiktį.
Maidir le comhlachtaí um measúnú comhréireachta arna mbunú faoi dhlí tríú tír a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích ag an Aontas léi, féadfar na comhlachtaí sin a údarú chun gníomhaíochtaí comhlachtaí faoina dtugtar fógra a dhéanamh faoin Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31, nó go n-áirithíonn siad leibhéal coibhéiseach comhlíontachta.
5 SKIRSNIS
ROINN 5
Standartai, atitikties vertinimas, sertifikatai, registracija
Caighdeáin, measúnú comhréireachta, deimhnithe, clárú
40 straipsnis
Airteagal 40
Darnieji standartai ir standartizacijos leidiniai
Caighdeáin chomhchuibhithe agus spriocanna insoláthartha um chaighdeánú
1. Preziumuojama, kad didelės rizikos DI sistemos ir bendrosios paskirties DI modeliai, atitinkantys darniuosius standartus ar jų dalis, kurių nuorodos paskelbtos Europos Sąjungos oficialiajame leidinyje pagal Reglamentą (ES) Nr. 1025/2012, atitinka šio skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus arba, jei taikytina, šio reglamento V skyriaus 2 ir 3 skirsniuose išdėstytus įpareigojimus, tokiu mastu, kokiu tie standartai apima tuos reikalavimus ar įpareigojimus.
1. Córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha atá i gcomhréir le caighdeáin chomhchuibhithe nó le codanna díobh, agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, toimhdeofar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, leis na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil V, Ranna 2 agus 3, den Rialachán seo, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais nó na hoibleagáidí sin leis na caighdeáin sin.
2. Vadovaudamasi Reglamento (ES) Nr. 1025/2012 10 straipsniu Komisija nedelsdama pateikia standartizacijos prašymus, apimančius visus šio skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus ir, kai taikytina, standartizacijos prašymus, apimančius šio reglamento V skyriaus 2 ir 3 skirsniuose išdėstytas pareigas. Standartizacijos prašyme taip pat prašoma parengti leidinius, susijusius su ataskaitų teikimo ir dokumentavimo procesais, siekiant pagerinti DI sistemų išteklių naudojimo efektyvumą, pavyzdžiui, sumažinti didelės rizikos DI sistemų energijos ir kitų išteklių suvartojimą per jų gyvavimo ciklą, taip pat leidinius, susijusius su efektyviu energijos vartojimu grindžiamu bendrosios paskirties DI modelių kūrimu. Rengdama standartizacijos prašymą Komisija konsultuojasi su Valdyba ir atitinkamais suinteresuotaisiais subjektais, įskaitant patariamąjį forumą.
2. I gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, eiseoidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, iarrataí ar chaighdeánú lena gcumhdófar na ceanglais uile a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo agus, de réir mar is infheidhme, iarrataí ar chaighdeánú lena gcumhdaítear oibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil V, Ranna 2 agus 3, den Rialachán seo. Leis an iarraidh ar chaighdeánú, iarrfar freisin spriocanna insoláthartha maidir le próisis tuairiscithe agus doiciméadachta chun feidhmíocht acmhainní na gcóras intleachta saorga a fheabhsú, amhail ídiú fuinnimh agus acmhainní eile an chórais intleachta saorga ardriosca a laghdú le linn a shaolré, agus maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a fhorbairt ar bhealach atá tíosach ar fhuinneamh. Agus iarraidh ar chaighdeánú á hullmhú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord agus leis na geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear an fóram comhairleach.
Pateikdama standartizacijos prašymą Europos standartizacijos organizacijoms Komisija nurodo, kad standartai turi būti aiškūs, tarpusavyje derėti, be kita ko, su įvairiuose sektoriuose parengtais standartais, skirtais gaminiams, kuriems taikomi I priede išvardyti esami Sąjungos derinamieji teisės aktai, ir kad jais turi būti siekiama užtikrinti, kad Sąjungoje rinkai pateikiamos arba pradedamos naudoti didelės rizikos DI sistemos ar bendrosios paskirties DI modeliai atitiktų atitinkamus šiame reglamente nustatytus reikalavimus ar pareigas.
Agus iarraidh ar chaighdeánú á heisiúint aige chuig eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú, sonróidh an Coimisiún nach mór na caighdeáin a bheith soiléir, comhsheasmhach, lena n-áirítear leis na caighdeáin a forbraíodh sna hearnálacha éagsúla le haghaidh táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe reatha an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus é mar aidhm leo a áirithiú go gcomhlíonann córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a chuirtear ar an margadh nó a chuirtear i mbun seirbhíse san Aontas na ceanglais ábhartha nó oibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo.
Remdamasi Reglamento (ES) Nr. 1025/2012 24 straipsniu Komisija prašo Europos standartizacijos organizacijų pateikti įrodymų, jog dedamos visos pastangos, kad būtų pasiekti šios dalies pirmoje ir antroje pastraipose nurodyti tikslai.
Iarrfaidh an Coimisiún ar na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú fianaise a sholáthar maidir lena ndícheall na cuspóirí dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír den mhír seo a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012.
3. Standartizacijos proceso dalyviai siekia skatinti investicijas ir inovacijas DI srityje, be kita ko, užtikrinant daugiau teisinio tikrumo, taip pat skatinti Sąjungos rinkos konkurencingumą bei augimą, padeda stiprinti pasaulinį bendradarbiavimą standartizacijos srityje ir rėmimąsi tais esamais tarptautiniais DI srities standartais, kurie atitinka Sąjungos vertybes, pagrindines teises ir interesus, ir stiprina įvairių suinteresuotųjų subjektų dalyvavimu grindžiamą valdymą, užtikrinant subalansuotą atstovavimą interesams ir veiksmingą visų atitinkamų suinteresuotųjų subjektų dalyvavimą, kaip numatyta Reglamento (ES) Nr. 1025/2012 5, 6 ir 7 straipsniuose.
3. Féachfaidh rannpháirtithe an phróisis caighdeánaithe le hinfheistíocht agus nuálaíocht san intleacht shaorga a chur chun cinn, lena n-áirítear trí chinnteacht dhlíthiúil a mhéadú, chomh maith le hiomaíochas agus fás mhargadh an Aontais, agus le rannchuidiú le comhar domhanda maidir le caighdeánú a neartú agus caighdeáin idirnáisiúnta atá ann cheana i réimse na hintleachta saorga atá comhsheasmhach le luachanna, cearta bunúsacha agus leasanna an Aontais á gcur san áireamh, agus leis an rialachas il-gheallsealbhóra lena n-áirithítear ionadaíocht chothrom ar leasanna agus rannpháirtíocht éifeachtach na ngeallsealbhóirí ábhartha uile i gcomhréir le hAirteagail 5, 6, agus 7 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 a fheabhsú.
41 straipsnis
Airteagal 41
Bendrosios specifikacijos
Sonraíochtaí coiteanna
1. Komisija gali priimti įgyvendinimo aktus, kuriais nustatomos šio skyriaus 2 skirsnyje išdėstytų reikalavimų arba, kai taikytina, V skyriaus 2 ir 3 skirsniuose išdėstytų pareigų bendrosios specifikacijos, jei yra tenkinamos šios sąlygos:
1. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena mbunaítear sonraíochtaí coiteanna le haghaidh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V i gcás inar comhlíonadh na coinníollacha seo a leanas:
a)
Komisija pagal Reglamento (ES) Nr. 1025/2012 10 straipsnio 1 dalį yra paprašiusi vienos ar daugiau Europos standartizacijos organizacijų parengti šio skyriaus 2 skirsnyje išdėstytų reikalavimų arba atitinkamai V skyriaus 2 ir 3 skirsniuose išdėstytų pareigų darnųjį standartą, ir:
(a)
gur iarr an Coimisiún, de bhun Airteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012, ar cheann amháin nó níos mó d’eagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe a dhréachtú le haghaidh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo, nó, de réir mar is infheidhme, le haghaidh na n-oibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V, agus:
i)
nė viena Europos standartizacijos organizacija Komisijos prašymo nepriėmė arba
(i)
nár ghlac aon cheann de na heagraíochtaí Eorpacha um chaighdeánú leis an iarraidh; nó
ii)
darnieji standartai pagal tą prašymą nebuvo parengti iki termino, nustatyto pagal Reglamento (ES) Nr. 1025/2012 10 straipsnio 1 dalį, arba
(ii)
nach ndéantar na caighdeáin chomhchuibhithe lena dtugtar aghaidh ar an iarraidh sin a sholáthar laistigh den sprioc-am a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; nó
iii)
atitinkamuose darniuosiuose standartuose nepakankamai atsižvelgiama į pagrindinių teisių klausimus, arba
(iii)
nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach leis na caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha ar ábhair imní maidir le cearta bunúsacha; nó
iv)
darnieji standartai neatitinka prašymo ir
(iv)
nach gcomhlíonann na caighdeáin chomhchuibhithe an iarraidh; agus
b)
Europos Sąjungos oficialiajame leidinyje pagal Reglamentą (ES) Nr. 1025/2012 nebuvo paskelbtos nuorodos į darniuosius standartus, apimančius šio skyriaus 2 skirsnyje nurodytus reikalavimus arba atitinkamai V skyriaus 2 ir 3 skirsniuose nurodytas pareigas, ir tokios nuorodos per pagrįstą laikotarpį nenumatoma paskelbti.
(b)
nár foilsíodh aon tagairt do chaighdeáin chomhchuibhithe lena gcumhdaítear na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo, nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí dá dtagraítear i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 agus nach meastar go bhfoilseofar aon tagairt den sórt sin laistigh de thréimhse réasúnta.
Rengdama bendrąsias specifikacijas, Komisija konsultuojasi su 67 straipsnyje nurodytu patariamuoju forumu.
Agus na sonraíochtaí coiteanna á ndréachtú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an bhfóram comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 67.
Šios dalies pirmoje pastraipoje nurodyti įgyvendinimo aktai priimami laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
2. Prieš rengdama įgyvendinimo akto projektą, Komisija informuoja Reglamento (ES) Nr. 1025/2012 22 straipsnyje nurodytą komitetą apie tai, kad, jos nuomone, šio straipsnio 1 dalyje nustatytos sąlygos yra tenkinamos.
2. Sula n-ullmhóidh an Coimisiún dréachtghníomh cur chun feidhme, cuirfidh sé in iúl don choiste dá dtagraítear in Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 go measann sé na coinníollacha atá leagtha síos i mír 1 den Airteagal seo a bheith comhlíonta.
3. Preziumuojama, kad 1 dalyje nurodytas bendrąsias specifikacijas arba tų specifikacijų dalis atitinkančios didelės rizikos DI sistemos ir bendrosios paskirties DI modeliai atitinkantys šio skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus arba atitinkamai V skyriaus 2 ir 3 skirsniuose nurodytas pareigas tiek, kiek tos bendrosios specifikacijos apima tuos reikalavimus ir tas pareigas.
3. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha atá i gcomhréir leis na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1, nó le codanna de na sonraíochtaí sin, toimhdeofar iad a bheith i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis na hoibleagáidí dá dtagraítear i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V, a mhéid a chumhdaítear na ceanglais nó na hoibleagáidí sin leis na sonraíochtaí coiteanna sin.
4. Kai Europos standartizacijos organizacija priima darnųjį standartą ir Komisijai pasiūloma paskelbti jo nuorodą Europos Sąjungos oficialiajame leidinyje, Komisija įvertina darnųjį standartą pagal Reglamentą (ES) Nr. 1025/2012. Kai Europos Sąjungos oficialiajame leidinyje paskelbiama darniojo standarto nuoroda, Komisija panaikina 1 dalyje nurodytus įgyvendinimo aktus arba jų dalis, kurie apima tuos pačius kaip šio skyriaus 2 skirsnyje nustatytieji reikalavimus arba atitinkamai tas pačias V skyriaus 2 ir 3 skirsniuose išdėstytas pareigas.
4. I gcás ina nglacfaidh eagraíocht Eorpach um chaighdeánú caighdeán comhchuibhithe agus ina molfaidh sí don Choimisiún a thagairt a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an gcaighdeán comhchuibhithe i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012. Nuair a fhoilseofar tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, aisghairfidh an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, nó codanna díobh, lena gcumhdaítear na ceanglais chéanna a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí céanna a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V.
5. Jei didelės rizikos DI sistemų ar bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai nesilaiko 1 dalyje nurodytų bendrųjų specifikacijų, jie tinkamai pagrindžia, kad yra įdiegę techninius sprendimus, užtikrinančius bent lygiavertę atitiktį šio skyriaus 2 skirsnyje išdėstytiems reikalavimams arba atitinkamai laikosi V skyriaus 2 ir 3 skirsniuose išdėstytų pareigų.
5. I gcás nach gcomhlíonann soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i mír 1, léireoidh siad go cuí gur ghlac siad réitigh theicniúla lena gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 den Chaibidil seo nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V go leibhéal atá coibhéiseach leo ar a laghad.
6. Jei valstybė narė mano, kad bendroji specifikacija ne visiškai atitinka šio skyriaus 2 skirsnyje išdėstytus reikalavimus arba, kai taikoma, ne visiškai laikosi V skyriaus 2 ir 3 skirsniuose išdėstytų pareigų, ji apie tai informuoja Komisiją, pateikdama išsamų paaiškinimą. Komisija įvertina tą informaciją ir, jei tinkama, iš dalies pakeičia įgyvendinimo aktą, kuriuo nustatyta atitinkama bendroji specifikacija.
6. I gcás ina measann Ballstát nach gcomhlíonann sonraíocht choiteann na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 nó, de réir mar is infheidhme, na hoibleagáidí a leagtar amach i Ranna 2 agus 3 de Chaibidil V ina n-iomláine, cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin le míniú mionsonraithe. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an eolas sin agus, i gcás inarb iomchuí, déanfaidh sé an gníomh cur chun feidhme lena mbunaítear an tsonraíocht choiteann lena mbaineann a leasú.
42 straipsnis
Airteagal 42
Atitikties tam tikriems reikalavimams prezumpcija
Toimhde comhréireachta le ceanglais áirithe
1. Jei didelės rizikos DI sistema buvo mokoma ir bandoma naudojant duomenis, atspindinčius konkrečią geografinę, elgsenos, kontekstinę ar funkcinę aplinką, kurioje ją ketinama naudoti, preziumuojama, kad ji atitinka 10 straipsnio 4 dalyje nustatytus atitinkamus reikalavimus.
1. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá oilte agus tástáilte ar shonraí a léiríonn an suíomh sonrach geografach, iompraíochta, comhthéacsúil nó feidhmiúil ina mbeartaítear iad a úsáid, toimhdeofar go gcomhlíonann na córais sin na ceanglais ábhartha a leagtar síos in Airteagal 10(4).
2. Jei didelės rizikos DI sistema yra, laikantis Reglamento (ES) 2019/881, sertifikuota pagal kibernetinio saugumo sertifikavimo schemą, kurios nuoroda yra paskelbta Europos Sąjungos oficialiajame leidinyje, arba jai pagal šią schemą yra išduotas atitikties pareiškimas, preziumuojama, kad ji atitinka šio reglamento 15 straipsnyje nustatytus kibernetinio saugumo reikalavimus, jei tik tas kibernetinio saugumo sertifikatas, atitikties pareiškimas arba jų dalys apima tuos reikalavimus.
2. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá deimhnithe nó ar eisíodh ráiteas comhréireachta ina leith faoi scéim cibearshlándála de bhun Rialachán (AE) 2019/881 agus ar foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, toimhdeofar go gcomhlíonann siad na ceanglais chibearshlándála a leagtar amach in Airteagal 15 den Rialachán seo a mhéid a chumhdaítear na ceanglais sin leis an deimhniú cibearshlándála nó leis an ráiteas comhréireachta nó le codanna díobh.
43 straipsnis
Airteagal 43
Atitikties vertinimas
Measúnú comhréireachta
1. III priedo 1 punkte išvardytų didelės rizikos DI sistemų atveju, kai tiekėjas, siekdamas įrodyti, kad didelės rizikos DI sistema atitinka 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus, taiko 40 straipsnyje nurodytus darniuosius standartus arba, kai taikytina, 41 straipsnyje nurodytas bendrąsias specifikacijas, jis pasirenka taikyti vieną iš šių atitikties vertinimo procedūrų, grindžiamų:
1. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III, más rud é, agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, gur chuir an soláthraí i bhfeidhm na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41, roghnóidh an soláthraí ceann de na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta seo a leanas bunaithe ar:
a)
vidaus kontrole, kaip nurodyta VI priede, arba
(a)
an rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI; nó
b)
kokybės valdymo sistemos vertinimu ir techninių dokumentų vertinimu, dalyvaujant notifikuotajai įstaigai, kaip nurodyta VII priede.
(b)
an measúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar an measúnú ar an doiciméadacht theicniúil, i gcomhar le comhlacht faoina dtugtar fógra, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.
Siekdamas įrodyti, kad didelės rizikos DI sistema atitinka 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus, tiekėjas taiko VII priede nustatytą atitikties vertinimo procedūrą, jeigu:
Agus é á léiriú go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, leanfaidh an soláthraí an nós imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VII sa chás:
a)
40 straipsnyje nurodytų darniųjų standartų ir 41 straipsnyje nurodytų bendrųjų specifikacijų nėra;
(a)
nach ann do chaighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 40, agus nach bhfuil na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 ar fáil;
b)
tiekėjas netaiko darniojo standarto arba jį taiko tik iš dalies;
(b)
nár chuir an soláthraí an caighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm nó nár chuir sé ach cuid den chaighdeán comhchuibhithe i bhfeidhm;
c)
a punkte nurodytos bendrosios specifikacijos yra, tačiau tiekėjas jų netaiko;
(c)
gur ann do na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear i bpointe (a), ach nár chuir an soláthraí i bhfeidhm iad;
d)
vienas ar daugiau a punkte nurodytų darniųjų standartų yra paskelbtas su apribojimais – tik tos standarto dalies, kuriai taikomas apribojimas, atžvilgiu.
(d)
gur foilsíodh ceann amháin nó níos mó de na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear i bpointe (a) maille le srian agus ar an gcuid sin amháin den chaighdeán ar cuireadh srian uirthi.
VII priede nurodytai atitikties vertinimo procedūrai atlikti tiekėjas gali pasirinkti bet kurią notifikuotąją įstaigą. Tačiau jei didelės rizikos DI sistemą ketinama naudoti teisėsaugos, imigracijos arba prieglobsčio institucijose, arba Sąjungos institucijose, įstaigose, organuose ar agentūrose, notifikuotosios įstaigos funkcijas atlieka atitinkamai 74 straipsnio 8 arba 9 dalyje nurodyta rinkos priežiūros institucija.
Chun críocha an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, féadfaidh an soláthraí aon cheann de na comhlachtaí faoina dtugtar fógra a roghnú. Ach nuair a bheidh sé beartaithe an córas intleachta saorga ardriosca a bheith á chur i mbun seirbhíse ag údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn chomh maith le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais, gníomhóidh an t-údarás faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(8) nó (9), de réir mar is infheidhme, mar chomhlacht faoina dtugtar fógra.
2. III priedo 2–8 punktuose nurodytoms didelės rizikos DI sistemoms tiekėjai taiko VI priede nurodytą vidaus kontrole grindžiamą atitikties vertinimo procedūrą, kurioje notifikuotosios įstaigos dalyvavimas nenumatytas.
2. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 2 go pointe 8 d’Iarscríbhinn III, leanfaidh soláthraithe an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI, nach ndéantar foráil leis maidir le rannpháirtíocht comhlachta faoina dtugtar fógra.
3. Didelės rizikos DI sistemų, kurioms taikomi I priedo A skirsnyje išvardyti Sąjungos derinamieji teisės aktai, atveju tiekėjas taiko atitinkamą tuose teisės aktuose reikalaujamą atitikties vertinimo procedūrą. Toms didelės rizikos DI sistemoms taikomi šio skyriaus 2 skirsnyje nustatyti reikalavimai, todėl per tuos vertinimus patikrinama ir atitiktis šiems reikalavimams. Taip pat taikomi VII priedo 4.3, 4.4, 4.5 punktai ir 4.6 punkto penkta pastraipa.
3. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca atá faoi chumhdach reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, leanfaidh an soláthraí an nós imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta de réir mar a cheanglaítear faoi na gníomhartha dlí sin. Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca sin agus beidh siad mar chuid den mheasúnú sin. Beidh feidhm freisin ag pointí 4.3., 4.4., 4.5. agus ag an gcúigiú mír de phointe 4.6 d’Iarscríbhinn VII.
Teisę per tuos vertinimus tikrinti didelės rizikos DI sistemų atitiktį 2 skirsnyje nustatytiems reikalavimams turi pagal tuos teisės aktus paskirtos notifikuotosios įstaigos su sąlyga, kad atliekant notifikavimo pagal tuos teisės aktus procedūrą buvo įvertinta tų notifikuotųjų įstaigų atitiktis 31 straipsnio 4, 5, 10 ir 11 dalyse nustatytiems reikalavimams.
Chun críocha an mheasúnaithe sin, na comhlachtaí faoina dtugtar fógra ar tugadh fógra fúthu faoi na gníomhartha dlí sin, beidh siad i dteideal rialú a dhéanamh ar chomhréireacht na gcóras intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2, ar choinníoll go ndearnadh measúnú ar chomhlíontacht na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 31(4), (5), (10) agus (11) i gcomhthéacs an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoi na gníomhartha dlí sin.
Kai pagal teisės aktą, įtrauktą į I priedo A skirsnio sąrašą, gaminio gamintojas gali netaikyti trečiosios šalies atliekamo atitikties vertinimo su sąlyga, kad gamintojas taiko visus darniuosius standartus, apimančius visus atitinkamus reikalavimus, tas gamintojas ta galimybe gali pasinaudoti tik jei jis taiko ir darniuosius standartus arba, kai taikytina, 41 straipsnyje nurodytas bendrąsias specifikacijas, apimančius visus šio skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
I gcás ina gcuireann gníomh dlí a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I ar chumas mhonaróir an táirge a roghnú gan a bheith páirteach i measúnú comhréireachta tríú páirtí, ar choinníoll gur chuir an monaróir sin na caighdeáin chomhchuibhithe uile i bhfeidhm lena gcumhdaítear na ceanglais ábhartha uile, ní fhéadfaidh an monaróir sin úsáid a bhaint as an rogha sin ach amháin má tá caighdeáin chomhchuibhithe nó, i gcás inarb infheidhme, na sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagal 41 curtha i bhfeidhm aige freisin, lena gcumhdaítear na ceanglais uile a leagtar amach i Roinn 2 den Chaibidil seo.
4. Iš esmės pakeitus didelės rizikos DI sistemą, kuriai jau taikyta atitikties vertinimo procedūra, atliekama nauja jos atitikties vertinimo procedūra, neatsižvelgiant į tai, ar pakeistą sistemą ketinama papildomai platinti, ar ja toliau naudosis dabartinis diegėjas.
4. Cuirfear nós imeachta nua um measúnú comhréireachta i bhfeidhm maidir le córais intleachta saorga ardriosca, ar córais iad a bhí faoi réir nós imeachta um measúnú comhréireachta cheana, i gcás modhnú substaintiúil, gan beann ar an mbeartaítear an córas modhnaithe a dháileadh a thuilleadh nó an leanann an t-úsáideoir gairmiúil reatha d’úsáid a bhaint as.
Jei didelės rizikos DI sistema mokosi ir po to, kai buvo pateikta rinkai arba pradėta naudoti, tos sistemos ir jos veikimo pakeitimai, kuriuos tiekėjas buvo iš anksto numatęs tada, kai buvo atliekamas pirminis atitikties vertinimas, ir kurie yra paminėti į techninius dokumentus įtrauktoje IV priedo 2 punkto f papunktyje nurodytoje informacijoje, nelaikomi esminiais pakeitimais.
Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a leanann de bheith ag foghlaim tar éis iad a bheith curtha ar an margadh nó curtha i mbun seirbhíse, ní modhnú substaintiúil a bheidh in athruithe ar an gcóras intleachta saorga ardriosca agus ar a fheidhmíocht, athruithe arna réamhchinntiú ag an soláthraí tráth an mheasúnaithe comhréireachta tosaigh agus ar cuid iad den fhaisnéis atá sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear i bpointe 2(f) d’Iarscríbhinn IV.
5. Komisijai suteikiami įgaliojimai pagal 97 straipsnį priimti deleguotuosius aktus, siekiant iš dalies pakeisti VI ir VII priedus, kad juos atnaujintų atsižvelgiant į techninę pažangą.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun Iarscríbhinní VI agus VII a leasú trína dtabhairt cothrom le dáta i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil.
6. Komisijai suteikiami įgaliojimai pagal 97 straipsnį priimti deleguotuosius aktus, siekiant iš dalies pakeisti šio straipsnio 1 ir 2 dalis, kad III priedo 2–8 punktuose nurodytoms didelės rizikos DI sistemoms būtų taikoma VII priede nurodyta atitikties vertinimo procedūra arba jos dalis. Tokius deleguotuosius aktus Komisija priima atsižvelgdama į VI priede nurodytos vidaus kontrole grindžiamos atitikties vertinimo procedūros veiksmingumą siekiant užtikrinti, kad tokios sistemos nekeltų rizikos sveikatai, saugai ir pagrindinių teisių apsaugai, arba tokią riziką mažinti, taip pat į tai, ar notifikuotosios įstaigos turi pakankamai pajėgumų ir išteklių.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 lena leasaítear míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo chun na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 go pointe 8 d’Iarscríbhinn III a chur faoi réir an nós imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII nó faoi réir codanna de. Glacfaidh an Coimisiún na gníomhartha tarmligthe sin, agus éifeachtacht an nós imeachta um measúnú comhréireachta á cur san áireamh aige bunaithe ar an rialú inmheánach dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI maidir leis na rioscaí don tsláinte, don tsábháilteacht, agus do chosaint na gceart bunúsach a thugtar leis na córais sin, a chosc nó a íoslaghdú chomh maith le hinfhaighteacht inniúlachtaí leordhóthanacha na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra.
44 straipsnis
Airteagal 44
Sertifikatai
Deimhnithe
1. Pagal VII priedą notifikuotųjų įstaigų išduodami sertifikatai parengiami valstybės narės, kurioje yra įsisteigusi notifikuotoji įstaiga, atitinkamoms institucijoms lengvai suprantama kalba.
1. Maidir le deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, déanfar iad a tharraingt suas i dteanga is éasca do na húdaráis ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra bunaithe a thuiscint.
2. Sertifikatai galioja juose nurodytą laikotarpį, kuris DI sistemų, kurioms taikomas I priedas, atveju negali būti ilgesnis nei penkeri metai, o DI sistemų, kurioms taikomas III priedas, atveju – ketveri metai. Tiekėjui paprašius, remiantis pakartotiniu vertinimu pagal taikytinas atitikties vertinimo procedūras, sertifikato galiojimas gali būti pratęstas papildomiems laikotarpiams, kurių nė vienas DI sistemų, kurioms taikomas I priedas, atveju negali būti ilgesnis nei penkeri metai, o DI sistemų, kurioms taikomas III priedas, atveju – ketveri metai. Bet koks sertifikato papildymas galioja tol, kol galioja sertifikatas, kurį jis papildo.
2. Beidh na deimhnithe bailí ar feadh na tréimhse a léirítear orthu, tréimhse nach mairfidh níos faide ná 5 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, agus 4 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le hIarscríbhinn III. Arna iarraidh sin don soláthraí, féadfar bailíocht an deimhnithe a shíneadh ar feadh tréimhsí breise, nach mbeidh aon cheann acu níos faide ná 5 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I, agus 4 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn III, bunaithe ar athmheasúnú i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme. Beidh aon fhorlíonadh ar dheimhniú bailí ar choinníoll gur bailí don deimhniú a fhorlíonann sé.
3. Jei notifikuotoji įstaiga nustato, kad DI sistema nebeatitinka 2 skirsnyje nustatytų reikalavimų, ji, atsižvelgdama į proporcingumo principą, laikinai sustabdo arba panaikina išduoto sertifikato galiojimą arba nustato jo galiojimo apribojimus, nebent sistemos tiekėjas per atitinkamą notifikuotosios įstaigos nustatytą laikotarpį tinkamais taisomaisiais veiksmais užtikrina atitiktį tiems reikalavimams. Notifikuotoji įstaiga nurodo savo sprendimo priežastis.
3. Má chinneann comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i Roinn 2 á gcomhlíonadh ag córas intleachta saorga a thuilleadh, déanfaidh sé an deimhniú a eisíodh a chur ar fionraí, a tharraingt siar nó cuirfidh sé srian air, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, ach amháin má dhéantar comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú le gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanfaidh an soláthraí laistigh de sprioc-am a leagfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra síos. Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na cúiseanna lena chinneadh.
Turi būti nustatyta notifikuotųjų įstaigų sprendimų, įskaitant sprendimus dėl išduotų atitikties sertifikatų, apskundimo procedūra.
Beidh nós imeachta achomhairc ar fáil i gcoinne chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear achomhairc maidir le deimhnithe comhréireachta a eisítear.
45 straipsnis
Airteagal 45
Notifikuotųjų įstaigų pareiga informuoti
Oibleagáidí faisnéise na n-údarás faoina dtugtar fógra
1. Notifikuotoji įstaiga informuoja notifikuojančiąją instituciją apie:
1. Cuirfidh na comhlachtaí faoina dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra:
a)
visus Sąjungos techninių dokumentų įvertinimo sertifikatus, tų sertifikatų papildymus ir visus kokybės valdymo sistemų patvirtinimus, išduotus pagal VII priedo reikalavimus;
(a)
aon deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais, aon fhorlíonadh a ghabhann leis na deimhnithe sin, agus aon fhormheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a eisítear i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;
b)
kiekvieną atsisakymą pagal VII priedo reikalavimus išduoti Sąjungos techninių dokumentų įvertinimo sertifikatą arba kokybės sistemos patvirtinimą ir apie kiekvieno tokio pagal tuos reikalavimus išduoto dokumento galiojimo apribojimą, laikiną sustabdymą ar panaikinimą;
(b)
aon diúltú, srianadh, fionraí nó tarraingt siar a rinneadh ar dheimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais nó ar fhormheas ar chóras bainistíochta cáilíochta arna eisiúint i gcomhréir le ceanglais Iarscríbhinn VII;
c)
visas aplinkybes, turinčias įtakos jos kaip notifikuotosios įstaigos įgaliojimų apimčiai ar jų suteikimo sąlygoms;
(c)
aon imthosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra nó do choinníollacha an fhógra;
d)
kiekvieną iš rinkos priežiūros institucijų gautą prašymą pateikti informacijos, susijusios su atitikties vertinimo veikla;
(d)
aon iarraidh ar fhaisnéis a gheobhaidh siad ó údaráis faireachais margaidh maidir lena ngníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta;
e)
jei prašoma, atitikties vertinimo veiklą, vykdytą pagal jai kaip notifikuotajai įstaigai suteiktus įgaliojimus, ir bet kokią kitą vykdytą, pavyzdžiui, tarpvalstybinę ir subrangos, veiklą.
(e)
má iarrtar air é, gníomhaíochtaí um measúnú comhréireachta a dhéantar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéantar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht.
2. Kiekviena notifikuotoji įstaiga informuoja kitas notifikuotąsias įstaigas apie:
2. Cuirfidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra na comhlachtaí eile faoina dtugtar fógra ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:
a)
kokybės valdymo sistemų patvirtinimus, kuriuos ji atsisakė išduoti arba kurių galiojimą ji laikinai sustabdė arba panaikino, o gavusi prašymą – ir apie išduotus kokybės valdymo sistemų patvirtinimus;
(a)
formheasanna ar chóras bainistíochta cáilíochta a dhiúltaigh sé, a chuir sé ar fionraí nó a d’aistarraing sé, agus, arna iarraidh sin dó, formheasanna córais cáilíochta a d’eisigh sé;
b)
Sąjungos techninių dokumentų įvertinimo sertifikatus arba jų papildymus, kuriuos ji atsisakė išduoti arba kurių galiojimą ji panaikino, laikinai sustabdė arba kitaip apribojo, o gavusi prašymą – ir apie išduotus sertifikatus ir (arba) jų papildymus.
(b)
Deimhnithe de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil nó aon fhorlíonadh orthu a dhiúltaigh sé, a d’aistarraing sé, a chuir sé ar fionraí nó ar chuir sé srian orthu ar shlí eile, agus, arna iarraidh sin dó, na deimhnithe agus/nó na forlíontaí orthu a d’eisigh sé.
3. Kiekviena notifikuotoji įstaiga kitoms notifikuotosioms įstaigoms, vykdančioms panašią tokių pačių tipų DI sistemų atitikties vertinimo veiklą, teikia aktualią informaciją klausimais, susijusiais su neigiamais ir, jei prašoma, teigiamais atitikties vertinimo rezultatais.
3. Soláthróidh gach comhlacht faoina dtugtar fógra faisnéis ábhartha maidir le saincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha, agus, arna n-iarraidh sin, torthaí dearfacha um measúnú comhréireachta do chomhlachtaí eile faoina dtugtar fógra a dhéanann gníomhaíochtaí comhchosúla um measúnú comhréireachta lena gcumhdaítear na cineálacha céanna córais intleachta saorga.
4. Notifikuotosios įstaigos laikydamosi 78 straipsnio saugo gautos informacijos konfidencialumą.
4. Déanfaidh na húdaráis faoina dtugtar fógra rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú, i gcomhréir le hAirteagal 78.
46 straipsnis
Airteagal 46
Nukrypti nuo atitikties vertinimo procedūros leidžianti nuostata
Maolú ar nós imeachta um measúnú comhréireachta
1. Nukrypdama nuo 43 straipsnio ir gavusi deramai pagrįstą prašymą, bet kuri rinkos priežiūros institucija gali dėl išskirtinių priežasčių, susijusių su visuomenės saugumu arba žmonių gyvybės ir sveikatos, aplinkos ar svarbiausių pramonės ir infrastruktūros objektų apsauga, leisti atitinkamos valstybės narės teritorijoje rinkai pateikti arba pradėti naudoti konkrečias didelės rizikos DI sistemas. Tas leidimas išduodamas ribotam laikotarpiui, per kurį atliekamos būtinos atitikties vertinimo procedūros, atsižvelgiant į išimtines nukrypti leidžiančią nuostatą pagrindžiančias priežastis. Tos procedūros užbaigiamos nepagrįstai nedelsiant.
1. De mhaolú ar Airteagal 43 agus ar iarraidh a bhfuil údar cuí léi, féadfaidh aon údarás faireachais margaidh a údarú córais intleachta saorga ardriosca shonracha a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse laistigh de chríoch an Bhallstáit lena mbaineann, ar chúiseanna eisceachtúla a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó le cosaint beatha agus sláinte daoine, le cosaint an chomhshaoil nó le príomhshócmhainní tionsclaíocha agus bonneagair a chosaint. Is ar feadh tréimhse theoranta a bheidh an t-údarú sin, fad a bheidh na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is gá á gcur i gcrích, agus na cúiseanna eisceachtúla lena dtugtar údar maith leis an maolú á gcur san áireamh. Tabharfar faoi na nósanna imeachta sin gan moill mhíchuí.
2. Deramai pagrįstais skubos atvejais dėl išskirtinių visuomenės saugumo priežasčių arba konkrečios didelės ir neišvengiamos grėsmės fizinių asmenų gyvybei ar fiziniam saugumui atveju teisėsaugos institucijos arba civilinės saugos institucijos gali pradėti naudoti konkrečią didelės rizikos DI sistemą be 1 dalyje nurodyto leidimo, jeigu tokio leidimo nederamai nedelsiant paprašoma jos naudojimo metu arba po jo. Jei 1 dalyje nurodytą leidimą atsisakoma išduoti, didelės rizikos DI sistemos naudojimas nedelsiant nutraukiamas, o visi šio naudojimo rezultatai ir išvediniai nedelsiant ištrinami.
2. I gcás práinne a bhfuil údar cuí léi ar chúiseanna eisceachtúla a bhaineann leis an tslándáil phoiblí nó i gcás garbhagairt shonrach, shuntasach agus láithreach ar bheatha nó ar shábháilteacht fhisiceach daoine nádúrtha, féadfaidh údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis cosanta sibhialta córas intleachta saorga ardriosca sonrach a chur i mbun seirbhíse gan an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go n-iarrtar an t-údarú sin le linn na húsáide nó ina diaidh gan moill mhíchuí. Má dhiúltaítear an t-údarú dá dtagraítear i mír 1, cuirfear deireadh le húsáid an chórais intleachta saorga ardriosca le héifeacht láithreach, agus déanfar torthaí agus aschuir uile na húsáide sin a dhiúscairt láithreach.
3. 1 dalyje nurodytas leidimas išduodamas tik jei rinkos priežiūros institucija padaro išvadą, kad didelės rizikos DI sistema atitinka 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus. Rinkos priežiūros institucija informuoja Komisiją ir kitas valstybes nares apie visus pagal 1 ir 2 dalis išduotus leidimus. Ši pareiga netaikoma su teisėsaugos institucijų veikla susijusiems neskelbtiniems operatyviniams duomenims.
3. Ní eiseofar an t-údarú dá dtagraítear i mír 1 ach amháin má chinneann an t-údarás faireachais margaidh go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais Roinn 2. Tabharfaidh an t-údarás faireachais margaidh fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi aon údarú arna eisiúint de bhun mhíreanna 1 agus 2. Ní chumhdófar leis an oibleagáid sin sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí údaráis forfheidhmithe dlí.
4. Jei per 15 kalendorinių dienų nuo 3 dalyje nurodytos informacijos gavimo nei valstybės narės, nei Komisija nepareiškia prieštaravimų dėl valstybės narės rinkos priežiūros institucijos pagal 1 dalį išduoto leidimo, tas leidimas laikomas pagrįstu.
4. Más rud é, laistigh de 15 lá féilire tar éis dóibh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún agóid maidir le húdarú arna eisiúint ag údarás faireachais margaidh i mBallstát i gcomhréir le mír 1, measfar bonn cirt a bheith leis an údarú sin.
5. Jei per 15 kalendorinių dienų nuo 3 dalyje nurodyto pranešimo gavimo kuri nors valstybė narė pareiškia prieštaravimų dėl kitos valstybės narės rinkos priežiūros institucijos išduoto leidimo arba jei Komisija mano, kad leidimas prieštarauja Sąjungos teisei arba kad pagal 3 dalį valstybių narių padaryta išvada dėl sistemos atitikties yra nepagrįsta, Komisija nedelsdama pradeda konsultacijas su atitinkama valstybe nare. Konsultuojamasi su atitinkamais veiklos vykdytojais ir jiems suteikiama galimybė pareikšti savo nuomonę. Atsižvelgdama į tai, Komisija nusprendžia, ar leidimas yra pagrįstas. Savo sprendimą Komisija skiria atitinkamai valstybei narei ir atitinkamiems veiklos vykdytojams.
5. Más rud é, laistigh de 15 lá féilire tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 3 a fháil, go ndéanann Ballstát agóidí i gcoinne údarú arna eisiúint ag údarás faireachais margaidh i mBallstát eile, nó más rud é go measann an Coimisiún go bhfuil an t-údarú contrártha le dlí an Aontais nó le conclúid na mBallstát maidir le comhlíontacht an chórais dá dtagraítear i mír 3 a bheith gan bhunús, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBallstát ábhartha gan mhoill. Rachfar i gcomhairle leis na hoibreoirí lena mbaineann agus beidh an deis acu a dtuairimí a chur in iúl. Ag féachaint don mhéid sin, cinnfidh an Coimisiún cé acu atá bonn cirt leis an údarú nó nach bhfuil. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh chuig an mBallstát lena mbaineann agus chuig na hoibreoirí lena mbaineann.
6. Jei Komisija nusprendžia, kad leidimas nepagrįstas, atitinkamos valstybės narės rinkos priežiūros institucija jį panaikina.
6. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil bonn cirt leis an údarú, déanfaidh údarás faireachais margaidh an Bhallstáit lena mbaineann é a aistarraingt.
7. Didelės rizikos DI sistemų, susijusių su gaminiais, kuriems taikomi I priedo A skirsnyje nurodyti Sąjungos derinamieji teisės aktai, atveju taikomos tik tuose Sąjungos derinamuosiuose teisės aktuose nustatytos nukrypti nuo atitikties vertinimo procedūros leidžiančios nuostatos.
7. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, ní bheidh feidhm ach ag na maoluithe ar an measúnú comhréireachta a bhunaítear i reachtaíocht chomhchuibhithe sin an Aontais.
47 straipsnis
Airteagal 47
ES atitikties deklaracija
Dearbhú comhréireachta AE
1. Tiekėjas parengia kiekvienos didelės rizikos DI sistemos rašytinę kompiuterio skaitomą, fizinę arba elektroniniu būdu pasirašytą ES atitikties deklaraciją ir saugo ją 10 metų po tos didelės rizikos DI sistemos pateikimo rinkai arba naudojimo pradžios dienos, kad nacionalinės kompetentingos institucijos galėtų ją patikrinti. ES atitikties deklaracijoje nurodoma, kokiai konkrečiai didelės rizikos DI sistemai ji parengta. Gavus prašymą, ES atitikties deklaracijos kopija pateikiama atitinkamoms nacionalinėms kompetentingoms institucijoms.
1. Déanfaidh an soláthraí dearbhú comhréireachta AE i scríbhinn atá inléite ag meaisín agus is féidir a shíniú i scríbhinn nó go leictreonach a tharraingt suas le haghaidh gach córais intleachta saorga ardriosca agus coimeádfaidh sé ar fáil do na húdaráis inniúla náisiúnta é go ceann 10 mbliana tar éis an córas intleachta saorga ardriosca a chur ar an margadh nó i mbun seirbhíse. Leis an dearbhú comhréireachta AE, sainaithneofar an córas intleachta saorga ardriosca dá bhfuil sé tarraingthe suas. Déanfar cóip den dearbhú comhréireachta AE a chur faoi bhráid na n-údarás inniúil náisiúnta ábhartha arna iarraidh sin.
2. ES atitikties deklaracijoje nurodoma, kad atitinkama didelės rizikos DI sistema atitinka 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus. ES atitikties deklaracijoje pateikiama V priede nurodyta informacija ir ta deklaracija išverčiama į valstybių narių, kuriose didelės rizikos DI sistema pateikiama rinkai ar tiekiama, nacionalinėms kompetentingoms institucijoms lengvai suprantamą kalbą.
2. Sonrófar sa dearbhú comhréireachta AE go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca lena mbaineann na ceanglais a leagtar amach i Roinn 2. Beidh sa dearbhú comhréireachta AE an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn V agus aistreofar é go dtí teanga is éasca d’údaráis inniúla náisiúnta na mBallstát ina gcuirfear an córas intleachta saorga ardriosca ar an margadh nó ar fáil a thuiscint.
3. Jei didelės rizikos DI sistemoms taikomi ir kiti Sąjungos derinamieji teisės aktai, kuriuose taip pat reikalaujama ES atitikties deklaracijos, parengiama viena bendra su visais Sąjungos teisės aktais, taikomais tai didelės rizikos DI sistemai, susijusi ES atitikties deklaracija. Deklaracijoje pateikiama visa informacija, būtina norint nustatyti Sąjungos derinamuosius teisės aktus, su kuriais ta deklaracija yra susijusi.
3. I gcás ina bhfuil córais intleachta saorga ardriosca faoi réir reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais lena n-éilítear dearbhú comhréireachta AE freisin, déanfar dearbhú comhréireachta AE aonair a tharraingt suas i ndáil le gach dlí de chuid an Aontais is infheidhme maidir leis an gcóras intleachta saorga ardriosca. Áireofar sa dearbhú an fhaisnéis uile is gá chun reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a shainaithint lena mbaineann an dearbhú.
4. Parengdamas ES atitikties deklaraciją tiekėjas prisiima atsakomybę už atitiktį 2 skirsnyje nustatytiems reikalavimams. Tiekėjas užtikrina, kad ES atitikties deklaracija būtų tinkamai atnaujinama.
4. Agus an dearbhú comhréireachta AE á tharraingt suas aige, glacfaidh an soláthraí freagracht as comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i Roinn 2. Coinneoidh an soláthraí an dearbhú comhréireachta AE cothrom le dáta de réir mar is iomchuí.
5. Komisija suteikiami įgaliojimai pagal 97 straipsnį priimti deleguotuosius aktus, siekiant iš dalies pakeisti V priedą, kad būtų atnaujintas tame priede išdėstytos ES atitikties deklaracijos turinys, siekiant į jį įtraukti elementus, kurie tampa būtini atsižvelgiant į technikos pažangą.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun Iarscríbhinn V a leasú chun an dearbhú comhréireachta AE a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a thabhairt cothrom le dáta, chun gnéithe is gá i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil a thabhairt isteach.
48 straipsnis
Airteagal 48
CE ženklas
Marcáil CE
1. Ženklinimui CE ženklu taikomi Reglamento (EB) Nr. 765/2008 30 straipsnyje nustatyti bendrieji principai.
1. Beidh an mharcáil CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008.
2. Didelės rizikos DI sistemų, kurios teikiamos skaitmenine forma, atveju skaitmeninis CE ženklas naudojamas tik tuo atveju, jei jį galima lengvai pasiekti per sąsają, kuria naudojantis galima prisijungti prie tos sistemos, arba per lengvai prieinamą kompiuterio skaitomą kodą ar kitas elektronines priemones.
2. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar fáil go digiteach, ní úsáidfear marcáil dhigiteach CE, ach amháin más féidir í a rochtain go héasca tríd an gcomhéadan óna bhfuil rochtain ar an gcóras sin, nó trí chód meaisín-inléite nó trí mhodh leictreonach eile atá inrochtana go héasca.
3. Didelės rizikos DI sistemos CE ženklu ženklinamos taip, kad jis būtų matomas, įskaitomas ir nenutrinamas. Tais atvejais, kai toks ženklinimas neįmanomas arba neužtikrinamas dėl didelės rizikos DI sistemos pobūdžio, šiuo ženklu atitinkamai pažymima pakuotė arba pridedami dokumentai.
3. Déanfar an mharcáil CE a ghreamú go feiceálach inléite doscriosta maidir le córais intleachta saorga ardriosca. Mura bhfuil sé sin indéanta nó mura bhfuil gá léi mar gheall ar chineál an chórais intleachta saorga ardriosca, greamófar í den phacáistíocht nó den doiciméadacht a ghabhann leis an gcóras, de réir mar is iomchuí.
4. Jei taikytina, prie CE ženklo nurodomas notifikuotosios įstaigos, atsakingos už 43 straipsnyje nustatytas atitikties vertinimo procedūras, identifikacinis numeris. Notifikuotosios įstaigos identifikaciniu numeriu gaminį pažymi pati notifikuotoji įstaiga arba jos nurodymu tą padaro tiekėjas arba tiekėjo įgaliotasis atstovas. Identifikacinis numeris taip pat nurodomas visoje reklaminėje medžiagoje, kurioje nurodoma, kad didelės rizikos DI sistema atitinka žymėjimo CE ženklu reikalavimus.
4. I gcás inarb infheidhme, i ndiaidh na marcála CE, beidh uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra atá freagrach as na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Airteagal 43. Greamóidh an comhlacht féin faoina dtugtar fógra nó, arna ordú sin dóibh, an soláthraí nó ionadaí údaraithe an tsoláthraí uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra. Cuirfear an uimhir aitheantais in iúl freisin ar aon ábhar fógraíochta ar a luaitear go bhfuil na ceanglais maidir le marcáil CE á gcomhlíonadh ag an gcóras intleachta saorga.
5. Jeigu didelės rizikos DI sistemoms taikomi kiti Sąjungos teisės aktai, kuriais taip pat numatytas ženklinimas CE ženklu, CE ženklu nurodoma, kad didelės rizikos DI sistemos atitinka ir tų kitų teisės aktų reikalavimus.
5. I gcásanna ina bhfuil córais intleachta saorga ardriosca faoi réir dlí eile de chuid an Aontais lena ndéantar foráil freisin maidir le marcáil CE a ghreamú, léireofar le marcáil CE go gcomhlíonann an córas intleachta saorga ardriosca ceanglais an dlí eile sin freisin.
49 straipsnis
Airteagal 49
Registravimas
Clárú
1. Prieš pateikdamas rinkai arba pradėdamas naudoti III priede nurodytą didelės rizikos DI sistemą, išskyrus III priedo 2 punkte nurodytas didelės rizikos DI sistemas, tiekėjas arba, jei taikytina, įgaliotasis atstovas 71 straipsnyje nurodytoje ES duomenų bazėje užsiregistruoja pats ir užregistruoja savo sistemas.
1. Maidir le córas intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III, cé is moite de na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, sula gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é, cláróidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe iad féin agus a gcóras sa bhunachar sonraí de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71.
2. Prieš pateikdamas rinkai arba pradėdamas naudoti DI sistemą, kurios atžvilgiu tiekėjas yra padaręs išvadą, kad tai nėra didelės rizikos sistema pagal 6 straipsnio 3 dalį, tas tiekėjas arba, jei taikytina, įgaliotasis atstovas 71 straipsnyje nurodytoje ES duomenų bazėje užsiregistruoja pats ir užregistruoja tą sistemą.
2. Maidir le córas intleachta saorga arb é meas an tsoláthraí nach bhfuil ardriosca ag baint leis de réir Airteagal 6(3), sula gcuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse é, cláróidh an soláthraí sin nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe, iad féin agus an córas sin i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71.
3. Prieš pradėdami naudoti arba naudodami III priede nurodytą didelės rizikos DI sistemą, išskyrus III priedo 2 punkte išvardytas didelės rizikos DI sistemas, diegėjai, kurie yra valdžios institucijos, Sąjungos institucijos, įstaigos, organai ar agentūros arba jų vardu veikiantys asmenys, 71 straipsnyje nurodytoje ES duomenų bazėje užsiregistruoja patys, pasirenka sistemą ir užregistruoja jos naudojimą.
3. Sula ndéanfar córas intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III a chur i mbun seirbhíse nó a úsáid, cé is moite de chórais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III, déanfaidh úsáideoirí gairmiúla ar údaráis phoiblí, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais nó daoine atá ag gníomhú thar a gceann iad féin a chlárú, an córas a roghnú agus a úsáid a chlárú i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71.
4. III priedo 1, 6 ir 7 punktuose nurodytos didelės rizikos DI sistemos, taikomos teisėsaugos, migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo srityse, pagal šio straipsnio 1, 2 ir 3 dalis užregistruojamos 71 straipsnyje nurodytos ES duomenų bazės saugioje neviešoje dalyje ir, kai taikytina, apima tik šią informaciją, nurodytą:
4. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III, i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, beidh an clárú dá dtagraítear i míreanna 1, 2 agus 3 den Airteagal seo i gcuid neamhphoiblí shlán de bhunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71, agus ní áireofar ann ach an fhaisnéis seo a leanas, de réir mar is infheidhme, dá dtagraítear:
a)
VIII priedo A skirsnio 1–10 punktuose, išskyrus 6, 8 ir 9 punktus;
(a)
i Roinn A, pointí 1 go 10 d’Iarscríbhinn VIII, cé is moite de phointí 6, 8 agus 9;
b)
VIII priedo B skirsnio 1–5 punktuose ir 8 bei 9 punktuose;
(b)
i Roinn B, pointí 1 go 5, agus pointí 8 agus 9 d’Iarscríbhinn VIII;
c)
VIII priedo C skirsnio 1–3 punktuose;
(c)
i Roinn C, pointí 1 go 3, d’Iarscríbhinn VIII;
d)
IX priedo 1, 2 ir 3 punktuose bei 5 punkte.
(d)
i bpointí 1, 2, 3, agus 5, d’Iarscríbhinn IX.
Tik Komisijai ir nacionalinėms institucijoms, nurodytoms 74 straipsnio 8 dalyje, suteikiama prieiga prie atitinkamų šios dalies pirmoje pastraipoje išvardytų ES duomenų bazės riboto naudojimo dalių.
Ní bheidh rochtain ach ag an gCoimisiún agus ag na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 74(8) ar na ranna srianta sin faoi seach de bhunachar sonraí an Aontais atá liostaithe sa chéad fhomhír den mhír seo.
5. III priedo 2 punkte nurodytos didelės rizikos DI sistemos užregistruojamos nacionaliniu lygmeniu.
5. Déanfar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III a chlárú ar an leibhéal náisiúnta.
IV SKYRIUS
CAIBIDIL IV
TAM TIKRŲ DI SISTEMŲ TIEKĖJAMS IR DIEGĖJAMS TAIKOMOS SKAIDRUMO PAREIGOS
OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA DO SHOLÁTHRAITHE AGUS D’ÚSÁIDEOIRÍ GAIRMIÚLA CÓRAS INTLEACHTA SAORGA ÁIRITHE
50 straipsnis
Airteagal 50
Tam tikrų DI sistemų tiekėjams ir diegėjams taikomos skaidrumo pareigos
Oibleagáidí trédhearcachta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga áirithe
1. Tiekėjai užtikrina, kad DI sistemos, kurių paskirtis – tiesiogiai sąveikauti su fiziniais asmenimis, būtų suprojektuotos ir sukurtos taip, kad atitinkami fiziniai asmenys būtų informuojami apie tai, kad jie sąveikauja su DI sistema, nebent fiziniam asmeniui, kuris yra pagrįstai informuotas, pastabus ir nuovokus, tai būtų akivaizdu, atsižvelgiant į aplinkybes ir naudojimo kontekstą. Ši pareiga netaikoma DI sistemoms, kurias pagal teisės aktus leidžiama naudoti siekiant nustatyti nusikalstamas veikas, užkirsti joms kelią, jas tirti ir už jas patraukti baudžiamojon atsakomybėn, taikant atitinkamas trečiųjų šalių teisių ir laisvių apsaugos priemones, nebent tomis sistemomis leidžiama naudotis visuomenei pranešimo apie nusikalstamą veiką tikslais.
1. Maidir le córais intleachta saorga atá ceaptha idirghníomhú go díreach le daoine nádúrtha, áiritheoidh soláthraithe go ndéanfar na córais sin a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach a gcuirfidh na daoine nádúrtha lena mbaineann ar an eolas go bhfuil siad ag idirghníomhú le córas intleachta saorga, ach amháin más léir sin ó thaobh duine nádúrtha atá measartha eolasach, géarchúiseach agus cáiréiseach, agus na himthosca agus comhthéacs na húsáide á gcur san áireamh. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga arna n-údarú leis an dlí chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh, faoi réir coimircí iomchuí maidir le cearta agus saoirsí tríú páirtithe, ach amháin má bhíonn na córais sin ar fáil don phobal chun cion coiriúil a thuairisciú.
2. DI sistemų, įskaitant bendrosios paskirties DI sistemas, kuriomis sugeneruojamas sintetinis judamo ar nejudamo vaizdo arba garso ar tekstinis turinys, tiekėjai užtikrina, kad DI sistemos išvediniai būtų pažymėti kompiuterio skaitomu formatu ir kad būtų galima atpažinti, jog jie yra sugeneruoti dirbtinai arba manipuliuojant. Tiekėjai užtikrina, kad jų techniniai sprendimai būtų veiksmingi, sąveikūs, pagrįsti ir patikimi, kiek tai techniškai įmanoma, atsižvelgiant į įvairių rūšių turinio ypatumus ir ribotumus, įgyvendinimo sąnaudas ir visuotinai pripažintus pažangiausius metodus, kurie gali būtų atspindėti atitinkamuose techniniuose standartuose. Ši pareiga netaikoma, jei DI sistemomis atliekama pagalbinė standartinio redagavimo funkcija arba iš esmės nepakeičiami diegėjo pateikti įvesties duomenys ar jų semantika, arba kai tai leidžiama pagal teisės aktus siekiant nustatyti nusikalstamas veikas, užkirsti joms kelią, jas tirti ar už jas patraukti baudžiamojon atsakomybėn.
2. Soláthraithe córas intleachta saorga, lena n-áirítear córais intleachta saorga ilchuspóireacha, lena ngintear ábhar sintéiseach fuaime, íomhá, físe nó téacs, áiritheoidh siad go ndéanfar aschuir an chórais intleachta saorga a mharcáil i bhformáid mheaisín-inléite agus go mbeidh siad inbhraite mar ábhar a gineadh nó a ionramháladh go saorga. Áiritheoidh soláthraithe go mbeidh a réitigh theicniúla éifeachtach, idir-inoibritheach, láidir agus iontaofa a mhéid is indéanta sin go teicniúil, agus sainiúlachtaí agus teorainneacha cineálacha éagsúla ábhair, costais an chur chun feidhme agus an úrscothacht a nglactar leo i gcoitinne á gcur san áireamh, mar a d’fhéadfaí a léiriú sna caighdeáin theicniúla ábhartha. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin a mhéid a dhéanann na córais intleachta saorga feidhm chúnta le haghaidh eagarthóireacht chaighdeánach nó nach ndéanann siad athrú substaintiúil ar na sonraí ionchuir arna soláthar ag an úsáideoir gairmiúil ná ar shéimeantaic na sonraí sin, nó i gcás ina n-údaraítear le dlí iad chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
3. Emocijų atpažinimo sistemos arba biometrinio kategorizavimo sistemos diegėjai informuoja fizinius asmenis, kuriems šios sistemos taikomos, apie jų veikimą, o asmens duomenis tvarko laikydamiesi atitinkamai reglamentų (ES) 2016/679 bei (ES) 2018/1725 ir Direktyvos (ES) 2016/680. Ši pareiga netaikoma DI sistemoms, naudojamoms biometriniam kategorizavimui ir emocijų atpažinimui, kurias pagal teisės aktus leidžiama naudoti siekiant nustatyti nusikalstamas veikas, užkirsti joms kelią, jas tirti ir už jas patraukti baudžiamojon atsakomybėn, taikant atitinkamas trečiųjų šalių teisių bei laisvių apsaugos priemones ir laikantis Sąjungos teisės.
3. Cuirfidh úsáideoirí gairmiúla córas aitheanta mothúchán nó córas catagóirithe bhithmhéadraigh na daoine nádúrtha atá nochta dó ar an eolas faoi oibriú an chórais, agus próiseálfaidh siad na sonraí pearsanta i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680, de réir mar is infheidhme. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le córais intleachta saorga a úsáidtear le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach agus aithint mothúchán, a cheadaítear de réir dlí chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc agus a imscrúdú, faoi réir coimircí iomchuí do chearta agus saoirsí tríú páirtithe agus i gcomhréir le dlí an Aontais.
4. DI sistemos, kuria generuojamas arba atlikus manipuliacijas gaunamas sintetinę sankaitą sudarantis judamo ar nejudamo vaizdo arba garso turinys, diegėjai atskleidžia, kad toks turinys yra sugeneruotas dirbtinai arba manipuliuojant. Ši pareiga netaikoma, kai naudojimas leidžiamas pagal teisės aktus siekiant nustatyti nusikalstamas veikas, užkirsti joms kelią, jas tirti ar už jas patraukti baudžiamojon atsakomybėn. Tais atvejais, kai turinys yra akivaizdžiai meninio, kūrybinio, satyrinio, išgalvoto ar analogiško kūrinio ar programos dalis, šioje dalyje nustatyti skaidrumo reikalavimai apima tik tokio sugeneruoto turinio ar turinio, gauto atlikus manipuliacijas, buvimo fakto atskleidimą tinkamu būdu, kuris netrukdo rodyti kūrinį ar juo mėgautis.
4. Maidir le húsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann ábhar íomhá, fuaime nó físe ar domhainbhrionnú é, nochtfaidh siad go ndearnadh an t-ábhar a ghiniúint nó a ionramháil go saorga. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina bhfuil an úsáid údaraithe le dlí chun cion coiriúil a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh. I gcás ina bhfuil an t-ábhar ina chuid de shaothar nó de chlár atá ar aon dul le saothar nó clár ar léir é a bheith ealaíonta, cruthaitheach, aorach nó ficseanúil, tá na hoibleagáidí trédhearcachta a leagtar amach sa mhír seo teoranta do nochtadh gur ann d’inneachar ginte nó cúbláilte den sórt sin ar bhealach iomchuí nach gcuireann isteach ar thaispeáint ná ar theachtadh an tsaothair.
DI sistemos, kuria generuojamas arba kuria atlikus manipuliacijas gaunamas tekstas, paskelbiamas siekiant informuoti visuomenę viešojo intereso klausimais, diegėjai atskleidžia, kad tekstas yra sugeneruotas dirbtinai arba manipuliuojant. Ši pareiga netaikoma tais atvejais, kai naudoti leidžiama pagal teisės aktus siekiant nustatyti nusikalstamas veikas, užkirsti joms kelią, jas tirti ar už jas patraukti baudžiamojon atsakomybėn arba kai DI sugeneruotam turiniui buvo taikomas žmogaus atliekamos peržiūros arba redakcinės kontrolės procesas, o fizinis ar juridinis asmuo prisiima redakcinę atsakomybę už turinio paskelbimą.
I gcás úsáideoirí gairmiúla córais intleachta saorga a ghineann nó a ionramhálann téacs a fhoilsítear chun an pobal a chur ar an eolas faoi ábhair a bhaineann le leas an phobail, nochtfaidh siad go ndearnadh an téacs a ghiniúint nó a ionramháil go saorga. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcás ina n-údaraítear le dlí an úsáid chun cionta coiriúla a bhrath, a chosc, a imscrúdú nó a ionchúiseamh nó i gcás ina ndearnadh próiseas athbhreithnithe dhaonna nó rialaithe eagarthóireachta ar an inneachar a ghintear le IS agus i gcás ina bhfuil freagracht eagarthóireachta ar dhuine nádúrtha nó dlítheanach as an ábhar a fhoilsiú.
5. 1–4 dalyse nurodyta informacija atitinkamiems fiziniams asmenims pateikiama aiškiai ir matomai ne vėliau nei pirmosios sąveikos arba sistemos panaudojimo jų atžvilgiu metu. Informacija turi atitikti taikomus prieinamumo reikalavimus.
5. Déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 seo a sholáthar do na daoine nádúrtha lena mbaineann ar bhealach soiléir inaitheanta, ar a dhéanaí tráth a dhéanfar an chéad idirghníomhaíocht nó an chéad nochtadh. Beidh an fhaisnéis i gcomhréir leis na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme.
6. 1–4 dalys nedaro poveikio III skyriuje nustatytiems reikalavimams bei pareigoms ir nedaro poveikio kitoms Sąjungos ar nacionalinės teisės aktuose nustatytoms DI sistemų diegėjų skaidrumo pareigoms.
6. Ní dhéanfaidh míreanna 1 go 4 difear do na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach i gCaibidil III, agus beidh siad gan dochar d’oibleagáidí trédhearcachta eile a leagtar síos i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta le haghaidh úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga.
7. DI tarnyba skatina ir palengvina praktikos kodeksų rengimą Sąjungos lygmeniu, kad būtų sudarytos palankesnės sąlygos veiksmingai įgyvendinti pareigas, susijusias su turinio, kuris yra sugeneruotas dirbtinai arba manipuliuojant, aptikimu ir ženklinimu. Komisija gali priimti įgyvendinimo aktus, kuriais tie praktikos kodeksai būtų patvirtinti laikantis 56 straipsnio 6 dalyje nustatytos tvarkos. Jei Komisija mano, kad kodeksas nėra tinkama priemonė, ji gali priimti įgyvendinimo aktą, kuriame būtų išsamiai nustatytos bendros tų pareigų vykdymo taisyklės, laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
7. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga tarraingt suas cód cleachtais a spreagadh agus a éascú ar leibhéal an Aontais chun cur chun feidhme éifeachtach na n-oibleagáidí maidir le brath agus lipéadú inneachair a ghintear go saorga nó a ndearnadh cúbláil air a éascú. Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun na cóid chleachtais sin a fhormheas i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 56(6). Má mheasann sé nach bhfuil an cód leordhóthanach, féadfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme a ghlacadh lena sonrófar comhrialacha maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin a leagtar síos in Airteagal 98(2).
V SKYRIUS
CAIBIDIL V
BENDROSIOS PASKIRTIES DI MODELIAI
SAMHLACHA INTLEACHTA SAORGA ILCHUSPÓIREACHA
1 SKIRSNIS
ROINN 1
Priskyrimo taisyklės
Rialacha maidir le haicmiú
51 straipsnis
Airteagal 51
Bendrosios paskirties DI modelių priskyrimas sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams
Samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a aicmiú mar shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach
1. Bendrosios paskirties DI modelis priskiriamas sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliui, jei jis atitinka kurią nors iš šių sąlygų:
1. Aicmeofar samhail intleachta saorga ilchuspóireach mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena ngabhann riosca sistéamach má chomhlíonann sí aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
a)
turi didelio poveikio pajėgumų, vertinamų remiantis atitinkamomis techninėmis priemonėmis ir metodikomis, įskaitant rodiklius ir lyginamuosius parametrus;
(a)
tá cumais ardtionchair aige a ndéantar meastóireacht orthu ar bhonn uirlisí agus modheolaíochtaí teicniúla iomchuí, lena n-áirítear táscairí agus tagarmharcanna;
b)
remiantis Komisijos sprendimu, ex officio arba gavus kvalifikuotą mokslinės komisijos perspėjimą, jo pajėgumai arba poveikis, atsižvelgiant į XIII priede nustatytus kriterijus, yra lygiaverčiai a punkte nustatytiems pajėgumams arba poveikiui.
(b)
bunaithe ar chinneadh ón gCoimisiún, ex officio nó tar éis foláireamh cáilithe ón bpainéal eolaíoch, tá cumais nó tionchar aige atá coibhéiseach leis na cinn a leagtar amach i bpointe (a) ag féachaint do na critéir a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.
2. Preziumuojama, kad bendrosios paskirties DI modelis turi didelio poveikio pajėgumų pagal 1 dalies a punktą, kai jo mokymui naudojama bendra skaičiuojamoji galia, išreikšta slankiojo kablelio operacijomis, yra didesnė nei 1025.
2. Toimhdeofar go bhfuil cumais ardtionchair ag samhail intleachta saorga ilchuspóireach de bhun mhír 1, pointe (a), i gcás inar mó ná 10^25 méid carnach an ríomha a úsáidtear dá hoiliúint arna thomhas in oibríochtaí snámhphointe.
3. Komisija pagal 97 straipsnį priima deleguotuosius aktus, kuriais iš dalies keičiamos šio straipsnio 1 ir 2 dalyse išvardytos ribinės vertės, taip pat papildomi lyginamieji parametrai ir rodikliai, atsižvelgiant į vykstančią technologinę plėtrą, pavyzdžiui, algoritmų patobulinimus arba padidėjusį aparatinės įrangos efektyvumą, kad prireikus šios ribinės vertės atspindėtų pažangiausius metodus.
3. Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun na tairseacha a liostaítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a leasú, agus chun tagarmharcanna agus táscairí a fhorlíonadh i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn, amhail feabhsuithe algartamacha nó méadú ar éifeachtúlacht crua-earraí, nuair is gá, ionas go mbeidh na tairseacha sin in ann an úrscothacht a léiriú.
52 straipsnis
Airteagal 52
Procedūra
Nós imeachta
1. Jei bendrosios paskirties DI modelis atitinka 51 straipsnio 1 dalies a punkte nurodytą sąlygą, atitinkamas tiekėjas nedelsdamas ir bet kuriuo atveju per dvi savaites po to, kai reikalavimas įvykdomas arba sužinoma, kad jis bus įvykdytas, praneša apie tai Komisijai. Tame pranešime pateikiama informacija, būtina įrodyti, kad atitinkamas reikalavimas įvykdytas. Jei Komisija sužino apie bendrosios paskirties DI modelį, kuris kelia sisteminę riziką, ir apie kurį jai nebuvo pranešta, ji gali nuspręsti jį priskirti sisteminės rizikos modeliams.
1. I gcás ina gcomhlíonfaidh samhail intleachta saorga ilchuspóireach an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (a), tabharfaidh an soláthraí ábhartha fógra don Choimisiún gan mhoill agus in aon chás laistigh de dhá sheachtain tar éis an ceanglas sin a bheith comhlíonta nó tar éis dó a bheith curtha ar an eolas go gcomhlíonfar é. Áireofar san fhógra sin an fhaisnéis is gá chun a léiriú gur comhlíonadh an ceanglas ábhartha. Má fhaigheann an Coimisiún amach faoi shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann rioscaí sistéamacha nár tugadh fógra dó ina leith, féadfaidh sé a chinneadh í a ainmniú mar shamhail lena mbaineann riosca sistéamach.
2. Bendrosios paskirties DI modelio, atitinkančio 51 straipsnio 1 dalies a punkte nurodytą sąlygų, tiekėjas kartu su pranešimu gali pateikti pakankamai pagrįstų argumentų, kad įrodytų, jog bendrosios paskirties DI modelis, nors ir atitinka tą reikalavimą, dėl savo specifinių savybių nekelia sisteminės rizikos, todėl išimties tvarka neturėtų būti priskiriamas sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams.
2. Féadfaidh soláthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 51(1), pointe (a), argóintí a bhfuil bunús leordhóthanach leo a chur i láthair, in éineacht lena fhógra, chun a léiriú, go heisceachtúil, cé go gcomhlíonann sé an ceanglas sin, nach mbaineann rioscaí sistéamacha leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, mar gheall ar a saintréithe sonracha, agus nár cheart, dá bhrí sin, í a aicmiú mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann riosca sistéamach.
3. Jei Komisija padaro išvadą, kad pagal 2 dalį pateikti argumentai nėra pakankamai pagrįsti ir atitinkamas tiekėjas nepajėgė įrodyti, kad bendrosios paskirties DI modelis dėl savo specifinių savybių nekelia sisteminės rizikos, ji tuos argumentus atmeta, o bendrosios paskirties DI modelis laikomas sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliu.
3. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil bunús leordhóthanach leis na hargóintí a cuireadh isteach de bhun mhír 2 agus nach raibh an soláthraí ábhartha in ann a thaispeáint nach bhfuil an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach ag léiriú, mar gheall ar a saintréithe sonracha, a rioscaí sistéamacha, diúltóidh sé do na hargóintí sin, agus measfar gur samhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann riosca sistéamach í an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach.
4. Komisija gali priskirti bendrosios paskirties DI modelį sisteminės rizikos modeliams ex officio arba gavusi kvalifikuotą mokslinės komisijos perspėjimą pagal 90 straipsnio 1 dalies a punktą, remdamasi XIII priede nustatytais kriterijais.
4. Féadfaidh an Coimisiún samhail intleachta saorga ilchuspóireach a ainmniú mar shamhail lena mbaineann rioscaí sistéamacha, ex officio nó tar éis foláireamh cáilithe ón bpainéal eolaíoch de bhun Airteagal 90(1), pointe (a), ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII.
Komisijai suteikiami įgaliojimai pagal 97 straipsnį priimti deleguotuosius aktus, siekiant iš dalies pakeisti XIII priedą, patikslindama ir atnaujindama tame priede išdėstytus kriterijus.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn XIII trí na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn sin a shonrú agus a thabhairt cothrom le dáta.
5. Gavusi pagrįstą tiekėjo, kurio bendrosios paskirties DI modelis pagal 4 dalį priskirtas sisteminės rizikos modeliams, prašymą, Komisija atsižvelgia į prašymą ir gali nuspręsti iš naujo įvertinti, ar remiantis XIII priede nustatytais kriterijais šis bendrosios paskirties DI modelis vis dar gali būti laikomas sisteminės rizikos modeliu. Tokiame prašyme nurodomos objektyvios, išsamios ir naujos priežastys, atsiradusios po sprendimo dėl priskyrimo priėmimo. Tiekėjai gali prašyti atlikti pakartotinį vertinimą ne anksčiau kaip praėjus šešiems mėnesiams po sprendimo dėl priskyrimo priėmimo. Jei Komisija, atlikusi pakartotinį vertinimą, nusprendžia, kad atitinkamas modelis turi likti priskirtas sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams, tiekėjai gali prašyti atlikti pakartotinį vertinimą ne anksčiau kaip praėjus šešiems mėnesiams po to sprendimo priėmimo.
5. Ar iarraidh réasúnaithe a fháil ó sholáthraí ar ainmníodh a shamhail mar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann riosca sistéamach de bhun mhír 4, cuirfidh an Coimisiún an iarraidh san áireamh agus féadfaidh sé a chinneadh athmheasúnú a dhéanamh ar cibé acu is féidir nó nach féidir a mheas fós go mbaineann rioscaí sistéamacha leis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach ar bhonn na gcritéar a leagtar amach in Iarscríbhinn XIII. Beidh san iarraidh sin cúiseanna oibiachtúla, mionsonraithe agus nua a tháinig chun cinn ó rinneadh an cinneadh ainmniúcháin. Féadfaidh soláthraithe athmheasúnú a iarraidh 6 mhí ar a luaithe tar éis an chinnidh ainmniúcháin. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún, tar éis dó athmheasúnú a dhéanamh, an t-ainmniú mar shamhail ilchuspóireach intleachta saorga lena mbaineann riosca sistéamach a choinneáil, féadfaidh soláthraithe athmheasúnú a iarraidh sé mhí ar a luaithe tar éis an chinnidh sin.
6. Komisija užtikrina, kad būtų paskelbtas sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių sąrašas, ir nuolat jį atnaujina, nedarant poveikio poreikiui paisyti intelektinės nuosavybės teisių ir verslo informacijos konfidencialumo ar komercinių paslapčių ir juos saugoti pagal Sąjungos ir nacionalinę teisę.
6. Áiritheoidh an Coimisiún go bhfoilseofar liosta de shamhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach agus coimeádfaidh sé an liosta sin cothrom le dáta, gan dochar don ghá cearta maoine intleachtúla agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála a urramú agus a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta.
2 SKIRSNIS
ROINN 2
Bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų pareigos
Oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ardriosca
53 straipsnis
Airteagal 53
Bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų pareigos
Oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ardriosca
1. Bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai:
1. Déanfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha an méid seo a leanas:
a)
rengia ir nuolat atnaujina modelio, be kita ko, jo mokymo ir bandymo proceso, taip pat jo vertinimo rezultatų, techninius dokumentus, į kuriuos įtraukiami bent XI priede nustatyta informacija, kad paprašius ji būtų pateikta DI tarnybai ir nacionalinėms kompetentingoms institucijoms;
(a)
doiciméadacht theicniúil na samhla a tharraingt suas agus a choinneáil cothrom le dáta, lena n-áirítear a próiseas oiliúna agus tástála agus torthaí a meastóireachta, ina mbeidh, ar a laghad, an fhaisnéis a leagtar amach in Iarscríbhinn XI chun í a sholáthar, arna iarraidh sin, don Oifig um Intleacht Shaorga agus do na húdaráis inniúla náisiúnta;
b)
rengia, nuolat atnaujina ir teikia informaciją ir dokumentus DI sistemų tiekėjams, kurie ketina bendrosios paskirties DI modelį integruoti į savo DI sistemas. Nedarant poveikio poreikiui gerbti ir apsaugoti intelektinės nuosavybės teises ir verslo informacijos konfidencialumą arba komercines paslaptis pagal Sąjungos ir nacionalinę teisę, informacija ir dokumentai:
(b)
faisnéis agus doiciméadacht a tharraingt suas, a choinneáil cothrom le dáta agus a chur ar fáil do sholáthraithe córas intleachta saorga a bhfuil sé ar intinn acu an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú lena gcórais intleachta saorga. Gan dochar don ghá cearta maoine intleachtúla agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála a urramú agus a chosaint i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, déanfar an méid seo a leanas leis an bhfaisnéis agus leis an doiciméadacht:
i)
sudaro sąlygas DI sistemų tiekėjams gerai suprasti bendrosios paskirties DI modelio pajėgumus bei ribotumus ir vykdyti savo pareigas pagal šį reglamentą ir
(i)
a chur ar a gcumas do sholáthraithe córas intleachta saorga tuiscint mhaith a bheith acu ar chumais agus teorainneacha na samhla intleachta saorga ilchuspóirí agus a n-oibleagáidí a chomhlíonadh de bhun an Rialacháin seo; agus
ii)
apima bent XII priede nustatytus elementus;
(ii)
ar a laghad, na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn XII a bheith inti;
c)
padeda įdiegti politiką, kad būtų laikomasi Sąjungos autorių ir gretutinių teisių teisės, visų pirma nustatyti teisių apribojimą pagal Direktyvos (ES) 2019/790 4 straipsnio 3 dalį, ir jos laikytis, be kita ko, pasitelkiant pažangiausias technologijas;
(c)
beartas a chur i bhfeidhm chun dlí an Aontais maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara a chomhlíonadh, agus go háirithe chun forchoimeád ceart arna chur in iúl de bhun Airteagal 4(3) de Threoir (AE) 2019/790 a shainaithint agus a chomhlíonadh, lena n-áirítear trí theicneolaíochtaí úrscothacha;
d)
parengia ir viešai paskelbia pakankamai išsamią turinio, naudojamo bendrosios paskirties DI modelio mokymui, santrauką pagal DI tarnybos pateiktą šabloną.
(d)
achoimre atá mionsonraithe go leor a tharraingt suas agus a chur ar fáil go poiblí maidir leis an ábhar a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, de réir teimpléad arna sholáthar ag an Oifig um Intleacht Shaorga.
2. 1 dalies a ir b punktuose nustatytos pareigos netaikomos DI modelių, kurie išleidžiami pagal nemokamą ir atvirojo kodo licenciją, kuria suteikiama prieiga prie modelio, leidžiama jį naudoti, keisti ir platinti, tiekėjams, ir kurių parametrai, įskaitant svorius, informaciją apie modelio architektūrą ir informaciją apie modelio naudojimą, skelbiami viešai. Ši išimtis netaikoma sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliams.
2. Ní bheidh feidhm ag na hoibleagáidí a leagtar amach i mír 1, pointí (a) agus (b), maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte lena gceadaítear rochtain, úsáid, modhnú agus dáileadh na samhla, agus a ndéantar a bparaiméadair, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla, a chur ar fáil go poiblí. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht seo maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena ngabhann rioscaí sistéamacha.
3. Naudodamiesi savo kompetencija ir įgaliojimais pagal šį reglamentą bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai prireikus bendradarbiauja su Komisija ir nacionalinėmis kompetentingomis institucijomis.
3. Comhoibreoidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha de réir mar is gá leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis inniúla náisiúnta i bhfeidhmiú a n-inniúlachtaí agus a gcumhachtaí de bhun an Rialacháin seo.
4. Bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai, siekdami įrodyti, kad laikosi šio straipsnio 1 dalyje nustatytų pareigų, gali remtis praktikos kodeksais, kaip tai suprantama 56 straipsnyje, kol bus paskelbtas darnusis standartas. Atitiktis preziumuojama, jei tiekėjai laikosi Europos darniųjų standartų, tokia apimtimi, kokia tie standartai apima tas pareigas. Bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai, kurie nesilaiko patvirtinto praktikos kodekso arba nesilaiko Europos darniojo standarto, privalo įrodyti alternatyvias tinkamas atitikties užtikrinimo priemones, kad jas įvertintų Komisija.
4. Féadfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha brath ar chóid chleachtais de réir bhrí Airteagal 56 chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a léiriú, go dtí go bhfoilseofar caighdeán comhchuibhithe. Trí chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a chomhlíonadh, deonaítear do sholáthraithe toimhde comhréireachta a mhéid a chumhdaítear na hoibleagáidí sin leis na caighdeáin sin. Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha nach gcloíonn le cód cleachtais formheasta nó nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe Eorpach, léireoidh siad modhanna malartacha leordhóthanacha comhlíontachta le haghaidh measúnú ag an gCoimisiún.
5. Siekdama sudaryti palankesnes sąlygas laikytis XI priedo, ypač jo 2 punkto d ir e papunkčių, Komisijai suteikiami įgaliojimai pagal 97 straipsnį priimti deleguotuosius aktus, kuriuose išsamiai išdėstomos matavimo ir skaičiavimo metodikos, kad būtų galima parengti palyginamus ir patikrinamus dokumentus.
5. Chun comhlíonadh Iarscríbhinn XI a éascú, go háirithe pointí 2(d) agus (e) di, tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97 chun modheolaíochtaí tomhais agus ríofa a mhionsonrú d’fhonn doiciméadacht inchomparáide infhíoraithe a cheadú.
6. Komisijai suteikiami įgaliojimai pagal 97 straipsnio 2 dalį priima deleguotuosius aktus, kuriais, atsižvelgiant į vykstančią technologinę plėtrą, iš dalies keičiami XI ir XII priedai.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 97(2) chun Iarscríbhinní XI agus XII a leasú i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha atá ag teacht chun cinn.
7. Visa pagal šį straipsnį gauta informacija ir dokumentai, įskaitant komercines paslaptis, tvarkomi laikantis 78 straipsnyje nustatytų konfidencialumo pareigų.
7. Aon fhaisnéis nó doiciméadacht a fhaightear de bhun an Airteagail seo, rúin trádála san áireamh, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.
54 straipsnis
Airteagal 54
Bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų įgaliotieji atstovai
Ionadaithe údaraithe sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
1. Prieš pateikdami bendrosios paskirties DI modelį Sąjungos rinkai, trečiosiose valstybėse įsisteigę tiekėjai rašytiniu įgaliojimu paskiria Sąjungoje įsisteigusį įgaliotąjį atstovą.
1. Sula gcuirfidh siad samhail intleachta saorga ilchuspóireach ar mhargadh an Aontais, ceapfaidh soláthraithe atá bunaithe i dtríú tíortha, trí shainordú i scríbhinn, ionadaí údaraithe atá bunaithe san Aontas.
2. Tiekėjas paveda įgaliotajam atstovui atlikti tiekėjo suteiktame įgaliojime nurodytas užduotis.
2. Cuirfidh an soláthraí ar chumas a ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí a dhéanamh.
3. Įgaliotasis atstovas atlieka tiekėjo suteiktame įgaliojime nurodytas užduotis. Gavęs prašymą, jis DI tarnybai pateikia įgaliojimo kopiją viena iš oficialiųjų Sąjungos institucijų kalbų. Šio reglamento tikslais įgaliojimu įgaliotajam atstovui suteikiama teisė atlikti šias užduotis:
3. Feidhmeoidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheofar ón soláthraí. Cuirfidh sé cóip den sainordú ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga arna iarraidh sin, i gceann amháin de theangacha oifigiúla de chuid institiúidí an Aontais. Chun críocha an Rialacháin seo, tabharfar de chumhacht, leis an sainordú, don ionadaí údaraithe na cúraimí seo a leanas a chur i gcrích:
a)
tikrinti, ar parengti XI priede nurodyti techniniai dokumentai ir ar tiekėjas įvykdė visas 53 straipsnyje ir, kai taikytina, 55 straipsnyje nurodytas pareigas;
(a)
a fhíorú gur tarraingíodh suas an doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn XI agus go bhfuil na hoibleagáidí uile dá dtagraítear in Airteagal 53 agus, i gcás inarb infheidhme, in Airteagal 55 comhlíonta ag an soláthraí;
b)
10 metų po bendrosios paskirties DI modelio pateikimo rinkai saugoti XI priede nurodytų techninių dokumentų kopijas, kad DI tarnyba ir nacionalinės kompetentingos institucijos galėtų juos patikrinti, ir, įgaliotąjį atstovą paskyrusio tiekėjo kontaktinius duomenis;
(b)
cóip den doiciméadacht theicniúil a shonraítear in Iarscríbhinn XI a choinneáil ar fáil don Oifig um Intleacht Shaorga agus do na húdaráis inniúla náisiúnta, go ceann 10 mbliana tar éis an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chur ar an margadh, agus sonraí teagmhála an tsoláthraí a cheap an t-ionadaí údaraithe a choinneáil;
c)
gavus pagrįstą prašymą, teikti DI tarnybai visą informaciją ir dokumentus, be kita ko, nurodytus b punkte, būtinus įrodyti šiame skyriuje nustatytų pareigų laikymąsi;
(c)
an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a sholáthar don Oifig um Intleacht Shaorga, ar iarraidh réasúnaithe ina leith, lena n-áirítear an fhaisnéis agus an doiciméadacht dá dtagraítear i bpointe (b), chun a léiriú go gcomhlíonann sí na hoibleagáidí sa Chaibidil seo;
d)
gavus pagrįstą prašymą bendradarbiauti su DI tarnyba ir kompetentingomis institucijomis atliekant veiksmus, kurių jos imasi bendrosios paskirties DI modelio atžvilgiu, be kita ko, atvejais, kai modelis yra integruotas į DI sistemas, pateiktas rinkai arba pradėtas naudoti Sąjungoje.
(d)
comhoibriú leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus leis na húdaráis inniúla, ar iarraidh réasúnaithe, in aon ghníomhaíocht a dhéanann siad i ndáil leis an samhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear nuair a dhéantar an tsamhail a chomhtháthú i gcórais intleachta saorga a chuirtear ar an margadh nó i mbun seirbhíse san Aontas.
4. Įgaliojimu numatoma, kad DI tarnyba arba kompetentingos institucijos dėl visų aspektų, susijusių su šio reglamento laikymosi užtikrinimu, galėtų kreiptis ne vien į tiekėją, bet ir, papildomai, į įgaliotąjį atstovą, arba tik į įgaliotąjį atstovą vietoj tiekėjo.
4. Leis an sainordú, tabharfar de chumhacht don ionadaí údaraithe déileáil leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus na húdaráis inniúla, sa bhreis ar an soláthraí nó ina ionad, maidir le gach saincheist a bhaineann le comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú.
5. Įgaliotasis atstovas nutraukia įgaliojimą, jei mano arba turi pagrindo manyti, kad tiekėjo veikla prieštarauja pagal šį reglamentą nustatytoms jo pareigoms. Tokiu atveju jis taip pat nedelsdamas informuoja DI tarnybą apie įgaliojimų nutraukimą ir to priežastis.
5. Foirceannfaidh an t-ionadaí údaraithe an sainordú má mheasann sé, nó má tá cúis aige lena mheas, go bhfuil an soláthraí ag gníomhú contrártha lena oibleagáidí faoin Rialachán seo. I gcás den sórt sin, cuirfidh sé an Oifig um Intleacht Shaorga ar an eolas láithreach freisin faoi fhoirceannadh an tsainordaithe agus faoi na cúiseanna atá leis.
6. Šiame straipsnyje nustatyta pareiga netaikoma bendrosios paskirties DI modelių, kurie išleidžiami pagal nemokamą ir atvirojo kodo licenciją, kuria suteikiama prieiga prie modelio, leidžiama jį naudoti, keisti ir platinti, tiekėjams, ir kurių parametrai, įskaitant svorius, informaciją apie modelio architektūrą ir informaciją apie modelio naudojimą, skelbiami viešai, išskyrus atvejus, kai bendrosios paskirties DI modeliai kelia sisteminę riziką.
6. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid a leagtar amach san Airteagal seo maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a scaoiltear faoi cheadúnas saor agus foinse oscailte lenar féidir an tsamhail a rochtain, a úsáid, a mhodhnú agus a dháileadh, agus a ndéantar a bparaiméadair, lena n-áirítear na hualaí, an fhaisnéis maidir le hailtireacht na samhla, agus an fhaisnéis maidir le húsáid na samhla, a chur ar fáil go poiblí, mura rud é go bhfuil rioscaí sistéamacha ag na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha.
3 SKIRSNIS
ROINN 3
Sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų pareigos
Oibleagáidí soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu
55 straipsnis
Airteagal 55
Sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų pareigos
Oibleagáidí soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu
1. Be 53 ir 54 straipsniuose išvardytų pareigų, sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai:
1. Sa bhreis ar na hoibleagáidí a liostaítear in Airteagail 53 agus 54, déanfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu an méid seo a leanas:
a)
atlieka modelio vertinimą pagal standartizuotus protokolus ir priemones, atspindinčias pažangiausius metodus, be kita ko, atlieka ir dokumentuoja modelio atsparumo kenksmingiems veiksmams bandymus, kad būtų nustatyta ir sumažinta sisteminė rizika;
(a)
meastóireacht samhla a dhéanamh i gcomhréir le prótacail agus uirlisí caighdeánaithe a léiríonn an úrscothacht, lena n-áirítear tástáil sáraíochta ar an tsamhail a dhéanamh agus a dhoiciméadú d’fhonn na rioscaí sistéamacha a shainaithint agus a mhaolú;
b)
įvertina ir sumažina galimą sisteminę riziką Sąjungos lygmeniu, įskaitant jos šaltinius, kuri gali kilti dėl sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių kūrimo, pateikimo rinkai arba naudojimo;
(b)
rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí, a mheasúnú agus a mhaolú, ar rioscaí iad a d’fhéadfadh eascairt as samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu a fhorbairt, a chur ar an margadh, nó a úsáid;
c)
stebi, dokumentuoja ir nepagrįstai nedelsdami praneša DI tarnybai ir atitinkamai nacionalinėms kompetentingoms institucijoms atitinkamą informaciją apie rimtus incidentus ir galimas taisomąsias priemones jiems pašalinti;
(c)
súil a choinneáil ar fhaisnéis ábhartha faoi theagmhais thromchúiseacha agus bearta ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann chun aghaidh a thabhairt orthu, agus an fhaisnéis sin a dhoiciméadú agus a thuairisciú gan moill mhíchuí don Oifig um Intleacht Shaorga agus, de réir mar is iomchuí, do na húdaráis inniúla náisiúnta;
d)
užtikrina tinkamą sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelio ir fizinės modelio infrastruktūros apsaugos kibernetinio saugumo atžvilgiu lygį.
(d)
leibhéal leordhóthanach cosanta cibearshlándála a áirithiú i gcomhair na samhla intleachta saorga ilchuspóirí a bhfuil riosca sistéamach aici agus bhonneagar fisiciúil na samhla.
2. Sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai, siekdami įrodyti, kad laikosi šio straipsnio 1 dalyje nustatytų pareigų, gali remtis praktikos kodeksais, kaip tai suprantama 56 straipsnyje, kol bus paskelbtas darnusis standartas. Atitiktis preziumuojama, jei tiekėjai laikosi Europos darniųjų standartų, tokia apimtimi, kokia tie standartai apima tas pareigas. Sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai, kurie nesilaiko patvirtinto praktikos kodekso arba nesilaiko Europos darniojo standarto, privalo įrodyti alternatyvias tinkamas atitikties užtikrinimo priemones, kad jas įvertintų Komisija.
2. Féadfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach acu brath ar chóid chleachtais de réir bhrí Airteagal 56 chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a léiriú, go dtí go bhfoilseofar caighdeán comhchuibhithe. Trí chaighdeáin chomhchuibhithe Eorpacha a chomhlíonadh, deonaítear do sholáthraithe toimhde comhréireachta a mhéid a chumhdaítear na hoibleagáidí sin leis na caighdeáin sin. Soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil rioscaí sistéamacha acu nó nach gcomhlíonann caighdeán comhchuibhithe Eorpach, léireoidh siad modhanna comhlíontachta leordhóthanacha malartacha le haghaidh measúnú ag an gCoimisiún.
3. Visa pagal šį straipsnį gauta informacija ir dokumentai, įskaitant komercines paslaptis, tvarkomi laikantis 78 straipsnyje nustatytų konfidencialumo pareigų.
3. Aon fhaisnéis nó doiciméadacht a fhaightear de bhun an Airteagail seo, rúin trádála san áireamh, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.
4 SKIRSNIS
ROINN 4
Praktikos kodeksai
Cóid chleachtais
56 straipsnis
Airteagal 56
Praktikos kodeksai
Cóid iompair
1. DI tarnyba skatina ir palengvina praktikos kodeksų rengimą Sąjungos lygmeniu, kad būtų prisidedama prie tinkamo šio reglamento taikymo, atsižvelgiant į tarptautinius metodus.
1. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga tarraingt suas cód cleachtais ar leibhéal an Aontais a spreagadh agus a éascú chun rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo, agus cineálacha cur chuige idirnáisiúnta á gcur san áireamh.
2. DI tarnyba ir Valdyba siekia užtikrinti, kad praktikos kodeksai apimtų bent 53 ir 55 straipsniuose numatytas pareigas, įskaitant šiuos aspektus:
2. Beidh sé d’aidhm ag an Oifig um Intleacht Shaorga agus ag an mBord a áirithiú go gcumhdófar leis na cóid chleachtais ar a laghad na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 53 agus 55, lena n-áirítear na saincheisteanna seo a leanas:
a)
priemones, kuriomis užtikrinama, kad 53 straipsnio 1 dalies a ir b punktuose nurodyta informacija būtų nuolat atnaujinama atsižvelgiant į rinkos ir technologinę plėtrą;
(a)
modhanna lena áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointí (a) agus (b), cothrom le dáta i bhfianaise forbairtí sa mhargadh agus forbairtí teicneolaíocha;
b)
tinkamą informacijos apie mokymui naudojamą turinį santraukos išsamumą;
(b)
leibhéal leordhóthanach mionsonraí le haghaidh na hachoimre ar an ábhar a úsáidtear le haghaidh oiliúna;
c)
sisteminės rizikos rūšies ir pobūdžio nustatymą Sąjungos lygmeniu, įskaitant, kai tinkama, jos šaltinius;
(c)
sainaithint chineál agus nádúr na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear a bhfoinsí, i gcás inarb iomchuí;
d)
sisteminės rizikos vertinimo ir valdymo Sąjungos lygmeniu priemones, procedūras ir tvarką, įskaitant jos dokumentavimą, kurie turi būti proporcingi rizikai, kuriuose turi būti atsižvelgiama į jos dydį bei tikimybę ir į konkrečius iššūkius, su kuriais susiduriama šalinant tą riziką, atsižvelgiant į galimus tokios rizikos atsiradimo ir pasireiškimo būdus DI vertės grandinėje.
(d)
na bearta, na nósanna imeachta agus na módúlachtaí chun measúnú agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear an doiciméadacht faoin méid sin, a bheidh comhréireach leis na rioscaí, déanfaidh siad déine agus dóchúlacht na rioscaí sin a mheas agus na dúshláin shonracha a bhaineann le dul i ngleic leis na rioscaí sin a chur san áireamh i bhfianaise na mbealaí a d’fhéadfadh teacht chun cinn agus teacht ann na rioscaí sin feadh shlabhra luacha na hintleachta saorga.
3. DI tarnyba gali pakviesti visus bendrosios paskirties DI modelių tiekėjus, taip pat atitinkamas nacionalines kompetentingas institucijas dalyvauti rengiant praktikos kodeksus. Prie šio proceso gali prisidėti pilietinės visuomenės organizacijos, pramonė, akademinė bendruomenė ir kiti atitinkami suinteresuotieji subjektai, pavyzdžiui, tolesnės grandies tiekėjai ir nepriklausomi ekspertai.
3. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cuireadh a thabhairt do gach soláthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, chomh maith leis na húdaráis inniúla náisiúnta ábhartha, páirt a ghlacadh i dtarraingt suas na gcód cleachtais. Féadfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, an lucht tionscail, an lucht léinn agus geallsealbhóirí ábhartha eile, ar nós soláthraithe iartheachtacha agus saineolaithe neamhspleácha, tacú leis an bpróiseas.
4. DI tarnyba ir Valdyba siekia užtikrinti, kad praktikos kodeksuose būtų aiškiai nustatyti jų konkretūs tikslai ir į juos būtų įtraukti įsipareigojimai ar priemonės, įskaitant, atitinkamai pagrindinius veiklos efektyvumo rezultatų rodiklius, siekiant užtikrinti, kad tie tikslai būtų pasiekti, ir kad juose būtų tinkamai atsižvelgta į visų suinteresuotųjų subjektų, įskaitant asmenis, kuriems daromas poveikis, poreikius ir interesus Sąjungos lygmeniu.
4. Beidh sé d’aidhm ag an Oifig um Intleacht Shaorga agus ag an mBord a áirithiú go leagtar amach go soiléir sna cóid chleachtais a gcuspóirí sonracha agus go mbeidh gealltanais nó bearta iontu, lena n-áirítear príomhtháscairí feidhmíochta de réir mar is iomchuí, chun a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí sin, agus leis na cóid chleachtais sin, tabharfar aird chuí ar riachtanais agus leasanna na bpáirtithe leasmhara uile, lena n-áirítear na daoine dá ndéantar difear, ar leibhéal an Aontais.
5. DI tarnyba siekia užtikrinti, kad praktikos kodeksuose dalyvaujantys subjektai reguliariai teiktų DI tarnybai ataskaitas apie įsipareigojimų ir priemonių, kurių buvo imtasi, įgyvendinimą ir jų rezultatus, be kita ko, atitinkamai įvertintus pagal pagrindinius veiklos efektyvumo rezultatų rodiklius. Pagrindiniuose veiklos rezultatų rodikliuose ir ataskaitų teikimo įsipareigojimuose atspindimi įvairių kodeksuose dalyvaujančių subjektų dydžio ir pajėgumų skirtumai.
5. Beidh sé d’aidhm ag an Oifig um Intleacht Shaorga a áirithiú go dtuairisceoidh rannpháirtithe sna cóid chleachtais go tráthrialta don Oifig um Intleacht Shaorga maidir le cur chun feidhme na ngealltanas agus na mbeart a rinneadh agus a dtorthaí, lena n-áirítear arna dtomhas de réir na bpríomhtháscairí feidhmíochta de réir mar is iomchuí. Léireofar sna príomhtháscairí feidhmíochta agus sna gealltanais tuairiscithe na difríochtaí idir rannpháirtithe éagsúla ó thaobh méide agus acmhainne de.
6. DI tarnyba ir Valdyba reguliariai stebi ir vertina, kaip dalyvaujantys subjektai siekia praktikos kodeksų tikslų ir kaip jie prisideda prie tinkamo šio reglamento taikymo. DI tarnyba ir Valdyba įvertina, ar praktikos kodeksai apima 53 ir 55 straipsniuose numatytas pareigas, ir reguliariai stebi bei vertina, kaip įgyvendinami jų tikslai. Jos paskelbia praktikos kodeksų tinkamumo vertinimus.
6. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus an Bord faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar bhaint amach chuspóirí na gcód cleachtais ag na rannpháirtithe agus ar a rannchuidiú le cur i bhfeidhm cuí an Rialacháin seo. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus an Bord measúnú i dtaobh an gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear leis na cóid chleachtais na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 53 agus 55, agus déanfaidh siad faireachán agus meastóireacht thráthrialta ar bhaint amach a gcuspóirí. Foilseoidh siad a measúnú ar leordhóthanacht na gcód cleachtais.
Komisija gali, priimdama įgyvendinimo aktą, patvirtinti praktikos kodeksą ir paskelbti jį galiojančiu visoje Sąjungoje. Tas įgyvendinimo aktas priimamas laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
Féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, cód cleachtais a fhormheas agus bailíocht ghinearálta a thabhairt dó laistigh den Aontas. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
7. DI tarnyba gali paraginti visus bendrosios paskirties DI modelių tiekėjus laikytis praktikos kodeksų. Bendrosios paskirties DI modelių, nekeliančių sisteminės rizikos, tiekėjai gali laikytis tik 53 straipsnyje numatytų pareigų, išskyrus atvejus, kai jie aiškiai pareiškia norą prisijungti prie viso kodekso.
7. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cuireadh a thabhairt do gach soláthraí samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, cloí leis na cóid chleachtais. I gcás soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha nach bhfuil rioscaí sistéamacha acu, féadfar a theorannú nach gcloíonn siad ach leis na hoibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagal 53, ach amháin má dhearbhaíonn siad go sainráite gur spéis leo a bheith páirteach sa chód iomlán.
8. DI tarnyba taip pat atitinkamai skatina ir palengvina praktikos kodeksų peržiūrą ir pritaikymą, visų pirma atsižvelgiant į naujus standartus. DI tarnyba padeda vertinti esamus standartus.
8. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, de réir mar is iomchuí, oiriúnú na gcód cleachtais agus an t-athbhreithniú orthu a spreagadh agus a éascú, go háirithe i bhfianaise caighdeáin atá ag teacht chun cinn. Tabharfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga cúnamh maidir le measúnú a dhéanamh ar na caighdeáin atá ar fáil.
9. Praktikos kodeksai parengiami ne vėliau kaip 2025 m. gegužės 2 d. DI tarnyba imasi būtinų veiksmų, be kita ko, paragina tiekėjus pagal 7 dalį.
9. Beidh na cóid chleachtais réidh tráth is déanaí ón 2 Bealtaine 2025. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na bearta is gá, lena n-áirítear cuireadh a thabhairt do sholáthraithe de bhun mhír 7.
Jei ne vėliau kaip 2025 m. rugpjūčio 2 d. praktikos kodeksas negali būti užbaigtas arba, jei DI tarnyba, atlikusi vertinimą pagal šio straipsnio 6 dalį, mano, kad jis netinkamas, Komisija gali įgyvendinimo aktais nustatyti bendras 53 ir 55 straipsniuose numatytų pareigų, įskaitant šio straipsnio 2 dalyje išdėstytus aspektus, įgyvendinimo taisykles. Tie įgyvendinimo aktai priimami laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
Más rud é, faoin 2 Lúnasa 2025, nach féidir cód cleachtais a thabhairt chun críche, nó má mheasann an Oifig um Intleacht Shaorga nach bhfuil sé leordhóthanach tar éis a mheasúnaithe faoi mhír 6 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, rialacha comhchoiteanna a sholáthar maidir le cur chun feidhme na n-oibleagáidí dá bhforáiltear in Airteagail 53 agus 55, lena n-áirítear na saincheisteanna a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
VI SKYRIUS
CAIBIDIL VI
INOVACIJŲ RĖMIMO PRIEMONĖS
BEARTA CHUN TACÚ LEIS AN NUÁLAÍOCHT
57 straipsnis
Airteagal 57
Apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos
Boscaí gainimh rialála intleachta saorga
1. Valstybės narės užtikrina, kad jų kompetentingos institucijos nacionaliniu lygmeniu sukurtų bent vieną apribotą bandomąją DI reglamentavimo aplinką, kuri pradėtų veikti ne vėliau kaip 2026 m. rugpjūčio 2 d. Ta apribota bandomoji aplinka taip pat gali būti sukuriama kartu su kitų valstybių narių kompetentingomis institucijomis. Komisija gali teikti techninę paramą, konsultacijas ir priemones, kad būtų sukurtos ir veiktų apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos.
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbunóidh a n-údaráis inniúla bosca gainimh rialála intleachta saorga amháin ar a laghad ar an leibhéal náisiúnta, a bheidh oibríochtúil faoin 2 Lúnasa 2026. Féadfar an bosca gainimh sin a bhunú i gcomhpháirt le húdaráis inniúla na mBallstát eile. Féadfaidh an Coimisiún tacaíocht theicniúil, comhairle agus uirlisí a sholáthar chun boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus a oibriú.
Pirmoje pastraipoje nustatyta pareiga taip pat gali būti įvykdyta dalyvaujant esamoje apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje, jei tokiu dalyvavimu dalyvaujančioms valstybėms narėms užtikrinama lygiavertė nacionalinė aprėptis.
Féadfar an oibleagáid faoin gcéad fhomhír a chomhlíonadh freisin trí pháirt a ghlacadh i mbosca gainimh atá ann cheana, a mhéid a chuirfidh an rannpháirtíocht sin leibhéal coibhéiseach cumhdaigh náisiúnta ar fáil i gcomhair na mBallstát rannpháirteach.
2. Be to, regioniniu ar vietos lygmeniu arba kartu su kitomis valstybėmis narėmis gali būti sukurtos papildomos apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos.
2. Féadfar boscaí gainimh rialála intleachta saorga sa bhreis, ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil nó a chuirtear ar bun i gcomhpháirt le húdaráis inniúla Ballstát eile, a bhunú freisin.
3. Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas taip pat gali sukurti Sąjungos institucijoms, įstaigoms, organams ir agentūroms skirtą apribotą bandomąją DI reglamentavimo aplinką ir atlikti nacionalinių kompetentingų institucijų funkcijas ir užduotis pagal šį skyrių.
3. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí bosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunú freisin i gcomhair institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, agus féadfaidh sé róil agus cúraimí na n-údarás inniúil náisiúnta a fheidhmiú i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
4. Valstybės narės užtikrina, kad 1 ir 2 dalyse nurodytos kompetentingos institucijos skirtų pakankamai išteklių, kad būtų veiksmingai ir laiku laikomasi šio straipsnio. Kai tinkama, nacionalinės kompetentingos institucijos bendradarbiauja su kitomis atitinkamomis institucijomis ir gali leisti dalyvauti kitiems DI ekosistemos subjektams. Šiuo straipsniu nedaromas poveikis kitoms apribotoms bandomosioms reglamentavimo aplinkoms, sukurtoms pagal Sąjungos arba nacionalinę teisę. Valstybės narės užtikrina tinkamą institucijų, prižiūrinčių tas kitas apribotas bandomąsias reglamentavimo aplinkas, ir nacionalinių kompetentingų institucijų bendradarbiavimą.
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun an tAirteagal seo a chomhlíonadh go héifeachtach agus go tráthúil. I gcás inarb iomchuí, oibreoidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhar le húdaráis ábhartha eile agus féadfaidh siad rannpháirtíocht gníomhaithe eile laistigh d’éiceachóras na hintleachta saorga a cheadú. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do bhoscaí gainimh rialála eile arna mbunú faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta. Áiritheoidh na Ballstáit leibhéal iomchuí comhair idir na húdaráis a dhéanann maoirseacht ar na boscaí gainimh eile sin agus na húdaráis inniúla náisiúnta.
5. Apribotose bandomosiose DI reglamentavimo aplinkose, sukurtose pagal 1 dalį, numatoma kontroliuojama aplinka, kuria skatinamos inovacijos ir sudaromos palankesnės sąlygos kurti, mokyti, bandyti ir patvirtinti novatoriškas DI sistemas ribotą laiką prieš jas pateikiant rinkai arba pradedant naudoti laikantis konkretaus apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos plano, dėl kurio susitaria tiekėjai arba galimi tiekėjai ir kompetentinga institucija. Tokios apribotos bandomosios aplinkos gali apimti ir bandymą realiomis sąlygomis, prižiūrimą joje.
5. Boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunaítear faoi mhír (1), déanfaidh siad foráil maidir le timpeallacht rialaithe lena gcothófar nuálaíocht agus lena n-éascófar forbairt, oiliúint, tástáil agus bailíochtú na gcóras intleachta saorga nuálach ar feadh tréimhse theoranta sula gcuirfear ar an margadh iad nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse iad de bhun plean bosca gainimh sonrach arna chomhaontú idir na soláthraithe nó na soláthraithe ionchasacha agus an t-údarás inniúil. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí sna boscaí gainimh rialála sin tástáil i bhfíordhálaí a ndéantar maoirseacht orthu iontu.
6. Kompetentingos institucijos apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje atitinkamai teikia gaires, vykdo priežiūrą ir teikia paramą, kad būtų nustatyta rizika, visų pirma kylanti pagrindinėms teisėms, sveikatai ir saugai, bandymams, rizikos mažinimo priemonėms ir jų veiksmingumui, kiek tai susiję su šiame reglamente nustatytomis pareigomis ir reikalavimais ir, kai aktualu, kitais Sąjungos ir nacionalinės teisės aktais, kurių priežiūra vykdoma apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje.
6. Soláthróidh na húdaráis inniúla, de réir mar is iomchuí, treoir, maoirseacht agus tacaíocht laistigh de bhosca gainimh rialála intleachta saorga d’fhonn rioscaí a shainaithint, go háirithe do chearta bunúsacha, sláinte agus sábháilteacht, tástáil, bearta maolaithe, agus a n-éifeachtacht i ndáil le hoibleagáidí agus ceanglais an Rialacháin seo agus, i gcás inarb ábhartha, dlí eile de chuid an Aontais dlí eile náisiúnta a ndéantar maoirseacht air laistigh den bhosca gainimh.
7. Kompetentingos institucijos tiekėjams ir galimiems tiekėjams, kurie dalyvauja apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje, pateikia gaires dėl reglamentavimo lūkesčių ir dėl to, kaip vykdyti šiame reglamente nustatytus reikalavimus ir pareigas.
7. Soláthróidh na húdaráis inniúla treoir do sholáthraithe agus do sholáthraithe ionchasacha atá rannpháirteach sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga maidir leis na hionchais rialála agus an chaoi a ndéantar na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
DI sistemos tiekėjo arba galimo tiekėjo prašymu kompetentinga institucija pateikia apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje sėkmingai įvykdytos veiklos rašytinį įrodymą. Kompetentinga institucija taip pat pateikia pasitraukimo ataskaitą, kurioje išsamiai aprašoma apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje vykdyta veikla ir susiję rezultatai bei mokymosi rezultatai. Tiekėjai gali naudoti tokius dokumentus, kad įrodytų, jog laikosi šio reglamento, atlikdami atitikties vertinimo procesą arba vykdydami atitinkamą rinkos priežiūros veiklą. Šiuo atžvilgiu rinkos priežiūros institucijos ir notifikuotosios įstaigos palankiai atsižvelgia į nacionalinės kompetentingos institucijos pateiktas pasitraukimo ataskaitas ir rašytinius įrodymus, kad būtų pakankamai paspartintos atitikties vertinimo procedūros.
Arna iarraidh sin do sholáthraí an chórais intleachta saorga nó do sholáthraí ionchasach an chórais intleachta saorga, soláthróidh an t-údarás inniúil cruthúnas i scríbhinn ar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhosca gainimh agus ar éirigh leo. Cuirfidh an t-údarás inniúil tuarascáil imeachta ar fáil freisin ina sonrófar na gníomhaíochtaí a rinneadh sa bhosca gainimh agus na torthaí gaolmhara agus na torthaí foghlama. Féadfaidh soláthraithe an doiciméadacht sin a úsáid chun a léiriú go gcomhlíonann siad an Rialachán seo tríd an bpróiseas um measúnú comhréireachta nó trí ghníomhaíochtaí faireachais margaidh ábhartha. I ndáil leis sin, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh agus na comhlachtaí faoina dtugtar fógra na tuarascálacha imeachta agus an cruthúnas i scríbhinn arna soláthar ag an údarás inniúil náisiúnta a chur san áireamh go dearfach d’fhonn dlús réasúnach a chur leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta.
8. Atsižvelgiant į 78 straipsnyje nustatytas konfidencialumo nuostatas ir gavus tiekėjo arba galimo tiekėjo sutikimą, Komisijai ir Valdybai suteikiama teisė susipažinti su pasitraukimo ataskaitomis ir atitinkamai į jas atsižvelgti vykdant savo užduotis pagal šį reglamentą. Jei tiekėjas arba galimas tiekėjas ir nacionalinė kompetentinga institucija tam aiškiai pritaria, pasitraukimo ataskaita gali būti paskelbta viešai šiame straipsnyje nurodytoje bendroje informacinėje platformoje.
8. Faoi réir na bhforálacha rúndachta in Airteagal 78 agus le comhaontú ón soláthraí nó ón soláthraí ionchasach, údarófar don Choimisiún agus don Bhord rochtain a fháil ar na tuarascálacha imeachta agus cuirfidh siad san áireamh iad, de réir mar is iomchuí, agus a gcúraimí faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu. Má chomhaontaíonn an soláthraí nó an soláthraí ionchasach agus an t-údarás inniúil náisiúnta go sainráite, féadfar an tuarascáil imeachta a chur ar fáil go poiblí tríd an ardán faisnéise aonair dá dtagraítear san Airteagal seo.
9. Sukuriant apribotas bandomąsias DI reglamentavimo aplinkas siekiama prisidėti prie šių tikslų:
9. Beidh sé d’aidhm ag bunú boscaí gainimh rialála intleachta saorga rannchuidiú a dhéanamh leis na cuspóirí seo a leanas:
a)
didinti teisinį tikrumą, kad būtų užtikrinta atitiktis šio reglamento nuostatoms arba, kai aktualu, kitiems taikytiniems Sąjungos ir nacionalinės teisės aktams;
(a)
feabhas a chur ar dheimhneacht dhlíthiúil chun comhlíonadh rialála an Rialacháin seo a bhaint amach nó, i gcás inarb ábhartha, comhlíonadh dlí eile de chuid an Aontais agus an dlí náisiúnta is infheidhme;
b)
remti dalijimąsi geriausios praktikos pavyzdžiais bendradarbiaujant su institucijomis, dalyvaujančiomis apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje;
(b)
tacú le comhroinnt dea-chleachtas trí chomhar leis na húdaráis a bhfuil baint acu leis an mbosca gainimh rialála intleachta saorga;
c)
skatinti inovacijas bei konkurencingumą ir palengvinti DI ekosistemos plėtojimą;
(c)
nuálaíocht agus iomaíochas a chothú agus forbairt éiceachórais intleachta saorga a éascú;
d)
prisidėti prie faktiniais duomenimis grindžiamo mokymosi reglamentavimo srityje.
(d)
cur le foghlaim rialála bunaithe ar fhianaise;
e)
palengvinti ir paspartinti DI sistemų patekimą į Sąjungos rinką, visų pirma kai jas teikia MVĮ, įskaitant startuolius.
(e)
rochtain ar mhargadh an Aontais a éascú i gcomhair córais intleachta saorga agus dlús a chur léi, go háirithe nuair a sholáthraíonn FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, iad.
10. Nacionalinės kompetentingos institucijos užtikrina, kad jei novatoriškos DI sistemos apima asmens duomenų tvarkymą arba kitaip patenka į kitų nacionalinių institucijų ar kompetentingų institucijų, teikiančių arba remiančių prieigą prie duomenų, priežiūros sritį, nacionalinės duomenų apsaugos institucijos arba tos kitos nacionalinės ar kompetentingos institucijos būtų įtrauktos į apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos veiklą ir vykdytų tų aspektų priežiūrą, kiek tai susiję su jų atitinkamomis užduotimis ir įgaliojimais.
10. Áiritheoidh na húdaráis inniúla náisiúnta, a mhéid a bhaineann na córais intleachta saorga nuálacha le próiseáil sonraí pearsanta nó a thagann ar shlí eile faoi shainchúram maoirseachta údarás náisiúnta eile nó údarás inniúil eile a sholáthraíonn rochtain ar shonraí nó a thacaíonn léi, go mbeidh na húdaráis náisiúnta um chosaint sonraí agus na húdaráis náisiúnta eile nó na húdaráis inniúla sin bainteach le hoibriú an bhosca gainimh rialála intleachta saorga agus go mbeidh baint acu le maoirseacht a dhéanamh ar na gnéithe sin a mhéid is féidir lena gcúraimí agus a gcumhachtaí faoi seach.
11. Apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos nedaro poveikio šias aplinkas prižiūrinčių kompetentingų institucijų su priežiūra ir taisomaisiais veiksmais susijusiems įgaliojimams, be kita ko, regioniniu ar vietos lygmeniu. Kuriant ir bandant tokias DI sistemas nustatyta didelė rizika sveikatai, saugai ir pagrindinėms teisėms turi būti tinkamai sumažinta. Nacionalinės kompetentingos institucijos turi įgaliojimus laikinai arba visam laikui sustabdyti bandymų procesą arba dalyvavimą apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje, jei rizikos neįmanoma veiksmingai sumažinti, ir apie tokį sprendimą informuoja DI tarnybą. Siekdamos remti DI inovacijas Sąjungoje, nacionalinės kompetentingos institucijos savo priežiūros įgaliojimais naudojasi laikydamosi atitinkamuose teisės aktuose nustatytų ribų, naudodamosi diskrecija įgyvendinant teisines nuostatas konkretaus apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos projekto atžvilgiu.
11. Ní dhéanfaidh na boscaí gainimh rialála intleachta saorga difear do chumhachtaí maoirseachta ná ceartaitheacha na n-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar na boscaí gainimh, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach nó áitiúil. Má shainaithnítear aon riosca suntasach don tsláinte agus don tsábháilteacht agus do chearta bunúsacha le linn fhorbairt agus thástáil na gcóras intleachta saorga sin, beidh maolú leormhaith ann. Beidh sé de chumhacht ag na húdaráis inniúla náisiúnta an próiseas tástála, nó rannpháirtíocht sa bhosca gainimh a chur ar fionraí go sealadach nó go buan mura féidir maolú éifeachtach a dhéanamh agus an Oifig um Intleacht Shaorga a chur ar an eolas faoin gcinneadh sin. Feidhmeoidh na húdaráis inniúla náisiúnta a gcumhachtaí maoirseachta laistigh de theorainneacha an dlí ábhartha, agus a gcumhachtaí lánroghnacha á n-úsáid acu nuair a bheidh forálacha dlíthiúla á gcur chun feidhme acu maidir le tionscadal sonrach bosca gainimh rialála intleachta saorga ar leith, agus é mar chuspóir acu tacú leis an nuálaíocht san intleacht shaorga san Aontas.
12. Tiekėjai ir galimi tiekėjai, dalyvaujantys apribotose bandomosiose DI reglamentavimo aplinkose, pagal taikytinus Sąjungos ir nacionalinės teisės aktus, kuriais reglamentuojama atsakomybė, išlieka atsakingi už žalą, padarytą trečiosioms šalims dėl apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje vykdomo eksperimentavimo. Tačiau jei būsimas tiekėjas laikosi konkretaus plano bei dalyvavimo sąlygų, taip pat sąžiningai vadovaujasi nacionalinės kompetentingos institucijos pateiktomis gairėmis, už šio reglamento pažeidimus valdžios institucijos neskiria jokių administracinių baudų. Tais atvejais, kai kitos kompetentingos institucijos, atsakingos už kitus Sąjungos ir nacionalinės teisės aktus, aktyviai dalyvavo prižiūrint DI sistemą apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje ir pateikė atitikties gaires, pagal tuos teisės aktus administracinės baudos neskiriamos.
12. Beidh soláthraithe agus soláthraithe ionchasacha is rannpháirtithe sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga faoi dhliteanas i gcónaí faoin dlí dliteanais náisiúnta is infheidhme agus faoi dhlí de chuid an Aontais is infheidhme i leith aon dochair a dhéantar do thríú páirtithe mar thoradh ar an tástáil a dhéanfar sa bhosca gainimh. Mar sin féin, ar choinníoll go n-urramóidh na soláthraithe ionchasacha an plean sonrach agus na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann lena rannpháirtíocht agus go leanfaidh siad de mheon macánta an treoir arna tabhairt ag an údarás inniúil náisiúnta, ní fhorchuirfidh na húdaráis aon fhíneálacha riaracháin i leith sáruithe ar an Rialachán seo. I gcás ina raibh údaráis inniúla eile atá freagrach as dlí eile de chuid an Aontais agus as an dlí náisiúnta rannpháirteach go gníomhach i maoirseacht a dhéanamh ar an gcóras intleachta saorga sa bhosca gainimh agus a mhéid a thug siad treoir maidir le comhlíonadh, ní fhorchuirfear aon fhíneálacha riaracháin maidir leis an dlí sin.
13. Apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos projektuojamos ir įgyvendinamos taip, kad, kai aktualu, jomis būtų palengvintas tarpvalstybinis nacionalinių kompetentingų institucijų bendradarbiavimas.
13. Déanfar na boscaí gainimh rialála intleachta saorga a cheapadh agus a chur chun feidhme ar bhealach a éascóidh, i gcás inarb ábhartha, comhar trasteorann idir na húdaráis inniúla náisiúnta.
14. Nacionalinės kompetentingos institucijos koordinuoja savo veiklą ir bendradarbiauja Valdyboje.
14. Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta a ngníomhaíochtaí a chomhordú agus comhoibreoidh siad le chéile faoi chuimsiú an Bhoird.
15. Nacionalinės kompetentingos institucijos informuoja DI tarnybą ir Valdybą apie apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos sukūrimą ir gali prašyti jų paramos bei gairių. DI tarnyba viešai skelbia planuojamų ir esamų apribotų bandomųjų aplinkų sąrašą ir nuolat jį atnaujina, kad būtų skatinama didesnė sąveika apribotose bandomosiose DI reglamentavimo aplinkose ir tarpvalstybinis bendradarbiavimas.
15. Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta an Oifig um Intleacht Shaorga agus an Bord ar an eolas faoi bhosca gainimh a bhunú, agus féadfaidh siad tacaíocht agus treoir a iarraidh orthu. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga liosta de bhoscaí gainimh atá beartaithe agus atá ann cheana a chur ar fáil go poiblí agus coinneoidh sí cothrom le dáta é chun tuilleadh idirghníomhaíochta a spreagadh sna boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus sa chomhar trasteorann.
16. Nacionalinės kompetentingos institucijos DI tarnybai ir Valdybai teikia metines ataskaitas praėjus vieniems metams nuo apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos sukūrimo, o vėliau – kasmet iki jos taikymo nutraukimo, taip pat galutinę ataskaitą. Tose ataskaitose pateikiama informacija apie tų apribotų bandomųjų reglamentavimo aplinkų įgyvendinimo pažangą ir rezultatus, įskaitant geriausios praktikos pavyzdžius, incidentus, įgytą patirtį ir rekomendacijas dėl jų struktūros ir, kai aktualu, apie šio reglamento, įskaitant jo deleguotuosius ir įgyvendinimo aktus, taikymą ir galimą peržiūrą, taip pat apie kitų Sąjungos teisės aktų, kuriuos kompetentingos institucijos prižiūri apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje, taikymą. Nacionalinės kompetentingos institucijos viešai paskelbia šias metines ataskaitas ar jų santraukas internete. Kai tinkama, Komisija atsižvelgia į metines ataskaitas vykdydama savo užduotis pagal šį reglamentą.
16. Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta tuarascálacha bliantúla faoi bhráid na hOifige um Intleacht Shaorga agus an Bhoird; tosóidh siad bliain amháin ón mbosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus déanfaidh amhlaidh gach bliain ina dhiaidh sin go dtí go bhfoirceannfar é, agus go dtí an tuarascáil chríochnaitheach. Sna tuarascálacha sin, cuirfear faisnéis ar fáil maidir le dul chun cinn agus torthaí chur chun feidhme na mboscaí gainimh sin, lena n-áirítear dea-chleachtais, teagmhais, ceachtanna a foghlaimíodh agus moltaí maidir lena gcur ar bun agus, i gcás inarb ábhartha, maidir le cur i bhfeidhm agus athbhreithniú féideartha an Rialacháin seo, a ghníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme san áireamh, agus maidir le cur i bhfeidhm dhlí eile an Aontais a ndéanann na húdaráis inniúla maoirseacht orthu laistigh den bhosca gainimh. Cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta na tuarascálacha bliantúla sin nó achoimrí díobh ar fáil don phobal ar líne. Cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, na tuarascálacha bliantúla san áireamh agus a gcúraimí faoin Rialachán seo á bhfeidhmiú acu.
17. Komisija sukuria bendrą specialią sąsają, kurioje pateikiama visa aktuali informacija, susijusi su apribotomis bandomosiomis DI reglamentavimo aplinkomis, kad suinteresuotieji subjektai galėtų sąveikauti su apribotomis bandomosiomis DI reglamentavimo aplinkomis ir teikti užklausas kompetentingoms institucijoms, taip pat prašyti neprivalomų gairių dėl novatoriškų produktų, paslaugų, verslo modelių, kuriuose įdiegtos DI technologijos, atitikties pagal 62 straipsnio 1 dalies c punktą. Komisija, kai aktualu, proaktyviai koordinuoja veiksmus su nacionalinėmis kompetentingomis institucijomis.
17. Forbróidh an Coimisiún comhéadan aonair tiomnaithe ina mbeidh an fhaisnéis ábhartha uile a bhaineann le boscaí gainnimh rialála intleachta saorga chun ligean do gheallsealbhóirí idirghníomhú le boscaí gainnimh rialála intleachta saorga agus fiosrúcháin a dhéanamh leis na húdaráis inniúla, agus treoir neamhcheangailteach a lorg maidir le comhréireacht táirgí, seirbhísí agus samhlacha gnó nuálacha lena leabaítear teicneolaíochtaí intleachta saorga, i gcomhréir le hAirteagal 62(1), pointe (c). Comhordóidh an Coimisiún go réamhghníomhach leis na húdaráis inniúla náisiúnta, i gcás inarb ábhartha.
58 straipsnis
Airteagal 58
Išsami apribotoms bandomosioms DI reglamentavimo aplinkoms taikoma tvarka ir jų veikimas
Socruithe mionsonraithe le haghaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus feidhmiú boscaí gainimh rialála intleachta saorga
1. Siekdama išvengti susiskaidymo visoje Sąjungoje, Komisija priima įgyvendinimo aktus, kuriais nustatoma išsami apribotų bandomųjų DI reglamentavimo aplinkų kūrimo, plėtojimo, įgyvendinimo, veikimo ir priežiūros tvarka. Į tuos įgyvendinimo aktus įtraukiami bendri principai, susiję su šiais aspektais:
1. Chun ilroinnt ar fud an Aontais a sheachaint, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonrófar na socruithe mionsonraithe chun na boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú, a fhorbairt, a chur chun feidhme, a oibriú agus a mhaoirsiú. Sna gníomhartha cur chun feidhme, áireofar na prionsabail choiteanna maidir leis na saincheisteanna seo a leanas:
a)
tinkamumo ir atrankos kriterijais dalyvauti apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje;
(a)
na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin don rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga;
b)
prašymų dalyvauti apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje teikimo, dalyvavimo joje, stebėsenos, pasitraukimo iš tokios aplinkos ir jos taikymo nutraukimo procedūromis, įskaitant apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos planą ir pasitraukimo ataskaitą;
(b)
na nósanna imeachta maidir leis an mbosca gainimh rialála intleachta saorga a chur i bhfeidhm, rannpháirtíocht inti, faireachán uirthi, imeacht uaithi agus í a fhoirceannadh, lena n-áirítear plean bosca gainimh agus an tuarascáil imeachta;
c)
dalyviams taikomomis sąlygomis.
(c)
na téarmaí agus na coinníollacha is infheidhme maidir leis na rannpháirtithe.
Tie įgyvendinimo aktai priimami laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
2. 1 dalyje nurodytais įgyvendinimo aktais užtikrinama, kad:
2. Leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1, áiritheofar an méid seo a leanas:
a)
apribotose bandomosiose DI reglamentavimo aplinkose galėtų dalyvauti visi prašymus pateikę DI sistemų tiekėjai ar galimi tiekėjai, atitinkantys tinkamumo ir atrankos kriterijus, kurie būtų skaidrūs ir sąžiningi, ir kad nacionalinės kompetentingos institucijos per tris mėnesius nuo paraiškos pateikimo informuotų pareiškėjus apie savo sprendimą;
(a)
tá boscaí gainimh rialála intleachta saorga oscailte d’aon soláthraí nó soláthraí ionchasach córais intleachta saorga a chomhlíonann na critéir incháilitheachta agus roghnúcháin a bheidh cothrom trédhearcach, agus cuirfidh na húdaráis inniúla náisiúnta iarratasóirí ar an eolas faoina gcinneadh laistigh de thrí mhí ón iarratas;
b)
apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos suteiktų plačią bei vienodą prieigą ir tenkintų dalyvavimo paklausą, o tiekėjai ir galimi tiekėjai paraiškas taip pat galėtų teikti kartu su diegėjais ar kitomis atitinkamomis trečiosiomis šalimis;
(b)
le boscaí gainimh rialála intleachta saorga, ceadófar rochtain leathan chomhionann agus coinneofar suas leis an éileamh ar rannpháirtíocht; féadfaidh soláthraithe agus soláthraithe ionchasacha iarratais a chur isteach freisin i gcomhpháirtíocht le húsáideoirí gairmiúla agus le haon tríú páirtithe ábhartha eile;
c)
išsamia apribotoms bandomosioms DI reglamentavimo aplinkoms taikoma tvarka ir sąlygomis būtų kuo labiau remiamas nacionalinių kompetentingų institucijų lankstumas kurti ir naudoti savo apribotas bandomąsias DI reglamentavimo aplinkas;
(c)
na socruithe mionsonraithe le haghaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga agus na coinníollacha a bhaineann leo, a mhéid is féidir, tacaíonn siad le solúbthacht d’údaráis inniúla náisiúnta chun a mboscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus a oibriú;
d)
MVĮ ir startuoliams prieiga prie apribotų bandomųjų DI reglamentavimo aplinkų būtų suteikiama nemokamai, nedarant poveikio išimtinėms išlaidoms, kurias nacionalinės kompetentingos institucijos galėtų susigrąžinti sąžiningai ir proporcingai;
(d)
beidh an rochtain ar na boscaí gainimh rialála intleachta saorga saor in aisce do FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, gan dochar do na costais eisceachtúla a d’fhéadfadh na húdaráis inniúla náisiúnta a ghnóthú ar bhealach cothrom comhréireach;
e)
jais tiekėjams ir galimiems tiekėjams būtų sudarytos palankesnės sąlygos pasinaudojant apribotose bandomosiose DI reglamentavimo aplinkose gautais mokymosi rezultatais, vykdyti šiame reglamente nustatytas atitikties vertinimo pareigas ir savanoriškai taikyti 95 straipsnyje nurodytus elgesio kodeksus;
(e)
éascaíonn siad soláthraithe agus soláthraithe ionchasacha, trí bhíthin thorthaí foghlama na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga, agus na hoibleagáidí um measúnú comhréireachta faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu agus cur i bhfeidhm deonach na gcód iompair dá dtagraítear in Airteagal 95;
f)
apribotomis bandomosiomis DI reglamentavimo aplinkomis būtų sudarytos palankesnės sąlygos dalyvauti kitiems atitinkamiems DI ekosistemos subjektams, pavyzdžiui, notifikuotosioms įstaigoms ir standartizacijos organizacijoms, MVĮ, įskaitant startuolius, įmonėms, novatoriams, bandymų ir eksperimentavimo priemonėms, mokslinių tyrimų ir eksperimentavimo laboratorijoms, Europos skaitmeninių inovacijų centrams, kompetencijos centrams, atskiriems tyrėjams, kad būtų sudarytos sąlygos bendradarbiavimui su viešuoju bei privačiuoju sektoriais ir jis būtų palengvintas;
(f)
déanfaidh boscaí gainimh rialála intleachta saorga rannpháirtíocht gníomhaithe ábhartha eile san éiceachóras intleachta saorga a éascú, amhail comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus eagraíochtaí um chaighdeánú, FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, fiontair, nuálaithe, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, saotharlanna taighde agus turgnamhaíochta agus moil Eorpacha maidir leis an nuálaíocht dhigiteach, ionaid barr feabhais, taighdeoirí aonair, chun comhar leis an earnáil phoiblí agus phríobháideach a cheadú agus a éascú;
g)
paraiškų teikimo, atrankos, dalyvavimo ir pasitraukimo iš apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos procedūros, procesai ir administraciniai reikalavimai būtų paprasti, lengvai suprantami, aiškiai nurodyti siekiant palengvinti MVĮ, įskaitant startuolius, turinčių ribotus teisinius ir administracinius pajėgumus, dalyvavimą ir jie būtų supaprastinti visoje Sąjungoje, kad būtų išvengta susiskaidymo, o dalyvavimas valstybės narės arba Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūno sukurtoje apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje būtų abipusiai ir vienodai pripažįstamas ir turėtų vienodą teisinį poveikį visoje Sąjungoje;
(g)
beidh nósanna imeachta, próisis agus ceanglais riaracháin maidir le cur i bhfeidhm, roghnú, rannpháirtíocht agus imeacht as an mbosca gainimh rialála intleachta saorga simplí, sothuigthe agus curtha in iúl go soiléir chun rannpháirtíocht FBManna, gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, a bhfuil acmhainneachtaí teoranta dlíthiúla agus riaracháin acu a éascú agus déanfar iad a chuíchóiriú ar fud an Aontais, chun ilroinnt a sheachaint agus beidh rannpháirtíocht i mbosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunaíonn Ballstát nó an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí aitheanta go frithpháirteach agus go haonfhoirmeach agus beidh na héifeachtaí dlíthiúla céanna aici ar fud an Aontais;
h)
dalyvavimas apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje truktų laikotarpį, kuris būtų tinkamas atsižvelgiant į projekto sudėtingumą ir mastą, ir kurį nacionalinė kompetentinga institucija gali pratęsti;
(h)
beidh rannpháirtíocht sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga teoranta do thréimhse atá iomchuí do chastacht agus méid an tionscadail, a d’fhéadfadh an t-údarás inniúil náisiúnta síneadh a chur leis;
i)
apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos padėtų kurti priemones ir infrastruktūrą, skirtas DI sistemų bandymams, jų lyginamųjų parametrų nustatymui, vertinimui ir mokymuisi reglamentavimo srityje aktualių DI sistemų aspektų (pavyzdžiui, tikslumo, patvarumo ir kibernetinio saugumo) paaiškinimui, taip pat priemones, kuriomis būtų sumažinta rizika pagrindinėms teisėms, aplinkai ir visai visuomenei.
(i)
éascóidh na boscaí gainimh rialála intleachta saorga an fhorbairt ar uirlisí agus bonneagair lena ndéantar tástáil, tagarmharcáil agus measúnú ar ghnéithe de chórais intleachta saorga atá ábhartha d’fhoghlaim rialála, amhail cruinneas, stóinseacht agus cibearshlándáil chomh maith le bearta chun rioscaí do chearta bunúsacha agus don tsochaí i gcoitinne a mhaolú, agus lena dtugtar míniú ina leith.
3. Galimi tiekėjai, dalyvaujantys apribotose bandomosiose DI reglamentavimo aplinkose, visų pirma MVĮ ir startuoliai, kai aktualu, nukreipiami pasinaudoti pasirengimo diegimui paslaugomis, pavyzdžiui, patarimais dėl šio reglamento įgyvendinimo, kitomis pridėtinės vertės paslaugomis, pavyzdžiui, pagalba dėl standartizacijos dokumentų ir sertifikavimo, bandymų ir eksperimentavimo priemonių, Europos skaitmeninių inovacijų centrų ir kompetencijos centrų.
3. Díreofar soláthraithe ionchasacha sna boscaí gainimh rialála intleachta saorga, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, chuig seirbhísí réamh-úsáidte, i gcás inarb ábhartha, amhail treoir maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, chuig seirbhísí breisluacha eile amhail cabhair le doiciméid agus deimhniú um chaighdeánú, saoráidí tástála agus turgnamhaíochta, moil Eorpacha maidir leis an nuálaíocht dhigiteach agus ionaid barr feabhais.
4. Kai nacionalinės kompetentingos institucijos svarsto galimybę leisti atlikti bandymą realiomis sąlygomis, prižiūrimą pagal šį straipsnį sukurtinoje apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje, jos konkrečiai susitaria su dalyviais dėl tokio bandymo sąlygų, visų pirma dėl tinkamų apsaugos priemonių, kad būtų apsaugotos pagrindinės teisės, sveikata ir sauga. Kai tinkama, jos bendradarbiauja su kitomis nacionalinėmis kompetentingomis institucijomis, kad visoje Sąjungoje būtų užtikrinta nuosekli praktika.
4. I gcás ina bhféachann na húdaráis inniúla náisiúnta le tástáil i bhfíordhálaí a údarú a ndéantar a mhaoirsiú faoi chuimsiú bosca gainimh rialála intleachta saorga a bhunaítear faoin Airteagal seo, comhaontóidh siad go sonrach maidir le téarmaí agus coinníollacha na tástála sin agus, go háirithe maidir leis na coimircí iomchuí leis na rannpháirtithe d’fhonn cearta bunúsacha, sláinte agus sábháilteacht a chosaint. I gcás inarb iomchuí, comhoibreoidh siad le húdaráis inniúla náisiúnta eile d’fhonn cleachtais chomhsheasmhacha a áirithiú ar fud an Aontais.
59 straipsnis
Airteagal 59
Tolesnis asmens duomenų tvarkymas apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje siekiant sukurti tam tikras su viešuoju interesu susijusias DI sistemas
Próiseáil bhreise ar shonraí pearsanta chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt chun leas an phobail sa bhosca gainimh rialála intleachta saorga
1. Apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje kitais tikslais teisėtai surinkti asmens duomenys gali būti tvarkomi tik tam tikrų DI sistemų kūrimo, mokymo ir bandymo apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje tikslais, jei tenkinamos visos šios sąlygos:
1. I mbosca gainimh rialála intleachta saorga, sonraí pearsanta a bhailítear go dleathach chun críoch eile, ní fhéadfar iad a phróiseáil i mbosca gainimh rialála intleachta saorga ach amháin chun córais intleachta saorga áirithe a fhorbairt, a oiliúint agus a thástáil sa bhosca gainimh i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
a)
DI sistemas valdžios institucija arba kitas fizinis arba juridinis asmuo sukuria siekdami apsaugoti svarbų viešąjį interesą vienoje ar daugiau iš šių sričių:
(a)
déanfaidh údarás poiblí nó duine nádúrtha nó dlítheanach eile na córais intleachta saorga a fhorbairt chun leas poiblí substaintiúil a chosaint i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas:
i)
visuomenės saugumo ir visuomenės sveikatos, įskaitant ligų nustatymą, diagnozę, prevenciją, kontrolę ir gydymą, taip pat sveikatos priežiūros sistemų tobulinimo;
(i)
an tsábháilteacht phoiblí agus an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear galar a bhrath, a dhiagnóisiú, a chosc, a rialú agus a chóireáil agus córais cúraim sláinte a fheabhsú;
ii)
aukšto aplinkos apsaugos lygio užtikrinimo ir aplinkos kokybės gerinimo, biologinės įvairovės apsaugos, apsaugos nuo taršos, žaliosios pertvarkos priemonių, klimato kaitos švelninimo ir prisitaikymo prie jos priemonių;
(ii)
ardleibhéal cosanta agus feabhsaithe ar cháilíocht an chomhshaoil, cosaint na bithéagsúlachta, cosaint ar thruailliú, bearta maidir leis an aistriú glas, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin;
iii)
energetinio tvarumo;
(iii)
inbhuanaitheacht fuinnimh;
iv)
transporto sistemų ir judumo, ypatingos svarbos infrastruktūros ir tinklų saugos ir atsparumo;
(iv)
sábháilteacht agus athléimneacht na gcóras iompair agus na soghluaisteachta, an bhonneagair chriticiúil agus na ngréasán;
v)
viešojo administravimo ir viešųjų paslaugų veiksmingumo ir kokybės;
(v)
éifeachtúlacht agus cáilíocht an riaracháin phoiblí agus na seirbhísí poiblí;
b)
duomenų tvarkymas yra būtinas siekiant laikytis vieno ar daugiau iš III skyriaus 2 skirsnyje nurodytų reikalavimų, kai tų reikalavimų neįmanoma veiksmingai įvykdyti tvarkant anoniminius, sintetinius ar kitus ne asmens duomenis;
(b)
tá na sonraí a phróiseáiltear riachtanach chun ceann amháin nó níos mó de na ceanglais dá dtagraítear i Roinn 2 de Chaibidil III a chomhlíonadh i gcás nach féidir na ceanglais sin a chomhlíonadh go héifeachtach trí shonraí anaithnide, sintéiseacha nó neamhphearsanta eile a phróiseáil;
c)
taikomi veiksmingi stebėsenos mechanizmai, skirti nustatyti, ar eksperimentuojant apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje gali kilti didelė rizika duomenų subjektų teisėms ir laisvėms, kaip nurodyta Reglamento (ES) 2016/679 35 straipsnyje ir Reglamento (ES) 2018/1725 39 straipsnyje, taip pat atsako mechanizmai, skirti tai rizikai greitai sumažinti ir, prireikus, duomenų tvarkymui sustabdyti;
(c)
tá sásraí faireacháin éifeachtacha ann chun a aithint an bhféadfadh aon ardriosca do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 agus in Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2018/1725, teacht chun cinn le linn thástáil an bhosca gainimh, agus tá sásraí freagartha ann chun na rioscaí sin a mhaolú go pras agus, i gcás inar gá, deireadh a chur leis an bpróiseáil;
d)
visi apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje tvarkytini asmens duomenys saugomi funkciniu požiūriu atskirtoje, izoliuotoje ir apsaugotoje galimo tiekėjo kontroliuojamoje duomenų tvarkymo aplinkoje ir prieigą prie tų duomenų turi tik įgalioti asmenys;
(d)
aon sonraí pearsanta atá le próiseáil i gcomhthéacs an bhosca gainimh, tá siad i dtimpeallacht próiseála sonraí atá scartha ó thaobh feidhme, leithlisithe agus cosanta, ar timpeallacht í atá faoi rialú an tsoláthraí ionchasaigh agus níl rochtain ach ag daoine údaraithe ar na sonraí sin;
e)
tiekėjai iš pradžių surinktais duomenimis gali toliau dalytis tik laikydamiesi Sąjungos duomenų apsaugos teisės aktų; apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje sukurtais asmens duomenimis už tos aplinkos ribų dalytis negalima;
(e)
ní féidir le soláthraithe na sonraí a bailíodh ar dtús a chomhroinnt a thuilleadh ach amháin i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí; ní féidir aon sonraí pearsanta a chruthaítear sa bhosca gainimh a chomhroinnt lasmuigh den bhosca gainimh;
f)
dėl asmens duomenų tvarkymo apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos kontekste nepriimama jokių priemonių ar sprendimų, kurie darytų poveikį duomenų subjektams ar jų naudojimuisi teisėmis, nustatytomis Sąjungos teisės aktuose dėl asmens duomenų apsaugos;
(f)
níl bearta ná cinntí a dhéanann difear do na hábhair sonraí mar thoradh ar aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimhná ní dhéanann an phróiseáil sin difear do chur i bhfeidhm a gceart a leagtar síos i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta;
g)
visi apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos kontekste tvarkomi asmens duomenys apsaugomi tinkamomis techninėmis bei organizacinėmis priemonėmis, o pasibaigus dalyvavimui apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje arba asmens duomenų saugojimo laikotarpiui – ištrinami;
(g)
aon sonraí pearsanta a phróiseáiltear i gcomhthéacs an bhosca gainimh, beidh siad cosanta trí bhíthin bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí agus scriosfar iad nuair a bheidh deireadh leis an rannpháirtíocht sa bhosca gainimh nó nuair a bheidh deireadh le tréimhse choinneála na sonraí pearsanta;
h)
asmens duomenų tvarkymo apribotos bandomosios reglamentavimo aplinkos kontekste registracijos žurnalai saugomi visą dalyvavimo apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje laikotarpį, nebent Sąjungos arba nacionalinės teisės aktuose nustatyta kitaip;
(h)
coinnítear logaí phróiseáil na sonraí pearsanta i gcomhthéacs an bhosca gainimh ar feadh thréimhse na rannpháirtíochta sa bhosca gainimh, mura bhforáiltear a mhalairt le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta;
i)
kaip vienas iš IV priede nurodytų techninių dokumentų, kartu su bandymo rezultatais saugomas išsamus ir detalus DI sistemos mokymo, bandymo bei validavimo proceso ir loginio pagrindo aprašas;
(i)
coinneofar i dteannta a chéile tuairisc iomlán mhionsonraithe ar an bpróiseas agus an bunús le hoiliúint, tástáil agus bailíochtú an chórais intleachta saorga agus torthaí na tástála mar chuid den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV;
j)
kompetentingų institucijų svetainėje yra paskelbtas glaustas apribotoje bandomojoje reglamentavimo aplinkoje įgyvendinamo DI projekto, jo tikslų ir numatomų rezultatų aprašas; ši pareiga netaikoma neskelbtiniems operatyviniams duomenims, susijusiems su teisėsaugos, sienų kontrolės, imigracijos ar prieglobsčio institucijų veikla.
(j)
foilseofar ar shuíomh gréasáin na n-údarás inniúil achoimre ghearr ar an tionscadal intleachta saorga a forbraíodh sa bhosca gainimh, a chuspóirí agus na torthaí a bhfuiltear ag súil leo; ní chumhdófar, leis an oibleagáid seo sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn.
2. Nusikalstamų veikų prevencijos, tyrimo, nustatymo ar traukimo baudžiamojon atsakomybėn už jas arba baudžiamųjų sankcijų vykdymo tikslais, įskaitant apsaugą nuo grėsmių visuomenės saugumui ir jų prevenciją, kontroliuojant teisėsaugos institucijoms ir jų atsakomybe, asmens duomenų tvarkymas apribotose bandomosiose DI reglamentavimo aplinkose grindžiamas konkrečiu arba Sąjungos, arba valstybės narės teisės aktu ir jam taikomos visos tos pačios 1 dalyje nurodytos sąlygos.
2. Chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc, beidh próiseáil sonraí pearsanta i mboscaí gainimh rialála intleachta saorga bunaithe, faoi rialú agus faoi fhreagracht údarás forfheidhmithe dlí, ar dhlí sonrach de chuid an Aontais nó ar dhlí náisiúnta sonrach agus beidh sí faoi réir na gcoinníollacha carnacha céanna dá dtagraítear i mír 1.
3. 1 dalimi nedaromas poveikis Sąjungos ar nacionalinės teisės aktams, kuriais draudžiama tvarkyti asmens duomenis kitais tikslais, nei aiškiai nurodyta tuose teisės aktuose, taip pat Sąjungos ar nacionalinės teisės aktuose, kuriuose nustatomas asmens duomenų tvarkymo novatoriškų DI sistemų kūrimo, bandymo ar mokymo tikslais pagrindas arba kitas teisinis pagrindas, laikantis Sąjungos teisės aktų dėl asmens duomenų apsaugos.
3. Beidh mír 1 gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta a eisiann próiseáil na sonraí pearsanta chun críocha seachas iad sin a luaitear go sainráite sa dlí sin, chomh maith le dlí an Aontais agus an dlí náisiúnta lena leagtar síos an bunús le próiseáil na sonraí pearsanta, rud is gá chun córais intleachta saorga nuálacha a fhorbairt, a thástáil nó a oiliúint nó aon bhunús dlí eile, i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta.
60 straipsnis
Airteagal 60
Didelės rizikos DI sistemų bandymas realiomis sąlygomis už apribotų bandomųjų DI reglamentavimo aplinkų ribų
Córais intleachta saorga ardriosca a thástáil i bhfíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga
1. Nedarant poveikio 5 straipsnyje nustatytiems draudimams, III priede išvardytų didelės rizikos DI sistemų tiekėjai arba galimi tiekėjai, laikydamiesi šio straipsnio ir šiame straipsnyje nurodyto bandymo realiomis sąlygomis plano, gali atlikti didelės rizikos DI sistemų bandymą realiomis sąlygomis už apribotų bandomųjų DI reglamentavimo aplinkų ribų.
1. Féadfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha na gcóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III tástáil a dhéanamh ar chórais intleachta saorga ardriosca i bhfíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga, i gcomhréir leis an Airteagal seo agus leis an bplean chun tástáil a dhéanamh i bhfíordhálaí dá dtagraítear san Airteagal seo, gan dochar do na toirmisc faoi Airteagal 5.
Komisija įgyvendinimo aktais nurodo išsamius bandymo realiomis sąlygomis plano elementus. Tie įgyvendinimo aktai priimami laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, gnéithe mionsonraithe an phlean chun tástáil a dhéanamh i bhfíordhálaí a shonrú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
Šia dalimi nedaromas poveikis Sąjungos ar nacionalinės teisės aktams dėl didelės rizikos DI sistemų, susijusių su gaminiais, kuriems taikomi I priede išvardyti teisės aktai, bandymo realiomis sąlygomis.
Beidh an mhír seo gan dochar do dhlí an Aontais nó don dlí náisiúnta maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I a thástáil i bhfíordhálaí.
2. Tiekėjai arba galimi tiekėjai, patys vieni arba kartu su vienu ar daugiau diegėjų ar galimų diegėjų, III priede nurodytų didelės rizikos DI sistemų bandymą realiomis sąlygomis gali atlikti bet kuriuo metu prieš pateikdami DI sistemą rinkai arba prieš pradedant ją naudoti.
2. Féadfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha tástáil a dhéanamh ar na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III i bhfíordhálaí tráth ar bith sula gcuirfear an córas intleachta saorga ar an margadh nó sula gcuirfear i mbun seirbhíse é ar a gconlán féin nó i gcomhpháirtíocht le húsáideoir gairmiúil nó úsáideoir gairmiúil ionchasach amháin nó níos mó.
3. Didelės rizikos DI sistemų bandymas realiomis sąlygomis pagal šį straipsnį nedaro poveikio etikos aspektų vertinimui, kurio reikalaujama pagal Sąjungos ar nacionalinę teisę.
3. Beidh tástáil córas intleachta saorga ardriosca i bhfíordhálaí faoin Airteagal seo gan dochar d’aon athbhreithniú eiticiúil a cheanglaítear le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta.
4. Tiekėjai arba galimi tiekėjai bandymą realiomis sąlygomis gali atlikti tik tuo atveju, jei tenkinamos visos šios sąlygos:
4. Ní fhéadfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha an tástáil a dhéanamh i bhfíordhálaí ach amháin i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
a)
tiekėjas arba galimas tiekėjas yra parengęs bandymo realiomis sąlygomis planą ir jį yra pateikęs valstybės narės, kurioje turi būti atliekamas bandymas realiomis sąlygomis, rinkos priežiūros institucijai;
(a)
tá plean tástála i bhfíordhálaí tarraingthe suas ag an soláthraí nó ag an soláthraí ionchasach agus é curtha faoi bhráid an údaráis faireachais margaidh sa Bhallstát ina bhfuil an tástáil i bhfíordhálaí le déanamh;
b)
valstybės narės, kurioje turi būti atliekamas bandymas realiomis sąlygomis, rinkos priežiūros institucija yra patvirtinusi bandymą realiomis sąlygomis ir bandymo realiomis sąlygomis planą; jeigu rinkos priežiūros institucija per 30 dienų nepateikia atsakymo, laikoma, kad bandymas realiomis sąlygomis ir bandymo realiomis sąlygomis planas yra patvirtinti; jei nacionalinės teisės aktuose nėra numatytas tylus pritarimas, bandymui realiomis sąlygomis turi būti gautas leidimas;
(b)
tá an tástáil i bhfíordhálaí agus plean na tástála i bhfíordhálaí formheasta ag an údarás faireachais margaidh sa Bhallstát ina bhfuil an tástáil le déanamh i bhfíordhálaí; i gcás nár thug an t-údarás faireachais margaidh freagra laistigh de 30 lá, tuigfear go bhfuil an tástáil i bhfíordhálaí agus plean na tástála i bhfíordhálaí formheasta; i gcás nach ndéantar foráil sa dlí náisiúnta maidir le formheas intuigthe, leanfaidh an tástáil i bhfíordhálaí de bheith faoi réir údaraithe;
c)
tiekėjas arba galimas tiekėjas, išskyrus III priedo 1, 6 ir 7 punktuose nurodytų didelės rizikos DI sistemų teisėsaugos, migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo srityse ir didelės rizikos DI sistemų, nurodytų III priedo 2 punkte, tiekėjus ar galimus tiekėjus, bandymą realiomis sąlygomis yra užregistravęs pagal 71 straipsnio 4 dalį su Sąjungos masto unikaliu identifikaciniu numeriu ir su IX priede nurodyta informacija; III priedo 1, 6 ir 7 punktuose nurodytų didelės rizikos DI sistemų teisėsaugos, migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo srityse tiekėjas arba galimas tiekėjas bandymą realiomis sąlygomis yra užregistravęs ES duomenų bazės neviešoje dalyje pagal 49 straipsnio 4 dalies d punktą su Sąjungos masto unikaliu identifikaciniu numeriu ir su ten nurodyta informacija; didelės rizikos DI sistemų, nurodytų III priedo 2 punkte, tiekėjus ar galimus tiekėjus, bandymą realiomis sąlygomis yra užregistravęs pagal 49 straipsnio 5 dalį;
(c)
chláraigh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach, cé is moite de sholáthraithe nó soláthraithe ionchasacha córas intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an bhainistithe tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, agus na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III an tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 71(4) le huimhir aitheantais uathúil aonair uile-Aontais agus leis an bhfaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn IX; chláraigh soláthraí nó soláthraí ionchasach na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 agus 7 d’Iarscríbhinn III i réimsí fhorfheidhmiú an dlí, na himirce, an tearmainn agus an bhainistithe rialaithe teorann, an tástáil i bhfíordhálaí sa roinn shlán neamhphoiblí de bhunachar sonraí an Aontais de réir Airteagal 49(4), pointe (d), le huimhir aitheantais uathúil aonair uile-Aontais agus leis an bhfaisnéis a shonraítear ann; gur chláraigh soláthraí nó soláthraí ionchasach na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 2 d’Iarscríbhinn III an tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 49(5);
d)
tiekėjas arba galimas tiekėjas, atliekantis bandymą realiomis sąlygomis, yra įsisteigęs Sąjungoje arba bandymo realiomis sąlygomis tikslais yra paskyręs Sąjungoje įsisteigusį teisinį atstovą;
(d)
tá an soláthraí nó an soláthraí ionchasach atá ag déanamh na tástála i bhfíordhálaí bunaithe san Aontas nó tá ionadaí dlíthiúil ceaptha aige atá bunaithe san Aontas;
e)
duomenys, surinkti ir tvarkomi bandymo realiomis sąlygomis tikslais, trečiosioms valstybėms perduodami tik tuo atveju, jei įgyvendinamos tinkamos ir taikytinos apsaugos priemonės pagal Sąjungos teisę;
(e)
ní dhéanfar sonraí a bhailítear agus a phróiseáiltear chun críche tástála i bhfíordhálaí a aistriú chuig tríú tíortha ach amháin ar choinníoll go gcuirfear coimircí iomchuí is infheidhme faoi dhlí an Aontais chun feidhme;
f)
bandymas realiomis sąlygomis trunka ne ilgiau, nei būtina jo tikslams pasiekti, ir bet kuriuo atveju ne ilgiau kaip šešis mėnesius; šis laikotarpis gali būti pratęstas dar šešių mėnesių laikotarpiu, jei tiekėjas ar galimas tiekėjas apie tai iš anksto praneša rinkos priežiūros institucijai ir pateikia tokio pratęsimo poreikio paaiškinimą;
(f)
ní mhaireann an tástáil i bhfíordhálaí níos faide ná mar is gá chun a cuspóirí a bhaint amach, agus in aon chás ní mhairfidh sí níos faide ná 6 mhí, a fhéadfar a fhadú ar feadh tréimhse bhreise 6 mhí, faoi réir fógra a fháil roimh ré ón soláthraí nó soláthraí ionchasach don údarás faireachais margaidh, mar aon le míniú ar an ngá atá leis an bhfadú sin;
g)
bandymo realiomis sąlygomis subjektai, kurie yra asmenys dėl savo amžiaus, fizinės ar psichinės negalios priskiriami pažeidžiamoms grupėms, yra tinkamai apsaugoti;
(g)
tabharfar cosaint iomchuí do dhaoine is ábhar don tástáil i bhfíordhálaí ar daoine ar de ghrúpaí leochaileacha iad mar gheall ar a n-aois nó a míchumas;
h)
jeigu tiekėjas arba galimas tiekėjas bandymą realiomis sąlygomis organizuoja bendradarbiaudamas su vienu ar daugiau diegėjų arba galimų diegėjų, pastarieji yra informuoti apie visus bandymo aspektus, kurie yra aktualūs jų sprendimui dalyvauti, ir jiems yra pateikti 13 straipsnyje nurodyti atitinkami nurodymai dėl DI sistemos naudojimo; tiekėjas arba galimas tiekėjas ir diegėjas ar galimas diegėjas sudaro susitarimą, kuriame nurodomi jų vaidmenys ir atsakomybė siekiant užtikrinti, kad būtų laikomasi nuostatų dėl bandymo realiomis sąlygomis pagal šį reglamentą ir kitus taikytinus Sąjungos ir nacionalinės teisės aktus;
(h)
i gcás ina n-eagraíonn soláthraí nó soláthraí ionchasach an tástáil i bhfíordhálaí i gcomhar le húsáideoir gairmiúil ionchasach amháin nó níos mó úsáideoirí gairmiúla ionchasacha, cuireadh an t-úsáideoir gairmiúil ionchasach sin nó na húsáideoirí ionchasacha sin ar an eolas faoi gach gné den tástáil atá ábhartha dá gcinneadh a bheith rannpháirteach, agus tugadh na treoracha úsáide ábhartha dóibh chun an córas intleachta saorga a úsáid dá dtagraítear in Airteagal 13; tabharfaidh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach agus an t-úsáideoir gairmiúil nó úsáideoir gairmiúil ionchasach comhaontú i gcrích ina sonrófar a róil agus a bhfreagrachtaí d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na forálacha maidir le tástáil i bhfíordhálaí faoin Rialachán seo agus faoi dhlí infheidhme eile de chuid an Aontais agus de chuid na mBallstát;
i)
bandymo realiomis sąlygomis subjektai yra davę informuoto asmens sutikimą pagal 61 straipsnį arba, teisėsaugos atveju, kai prašant informuoto asmens sutikimo būtų užkirstas kelias DI sistemos bandymui, pats bandymas ir bandymo realiomis sąlygomis rezultatai nedaro neigiamo poveikio subjektams, o jų asmens duomenys užbaigus bandymą yra ištrinami;
(i)
tá toiliú feasach tugtha ag na daoine is ábhar don tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 61, nó i gcás fhorfheidhmiú an dlí, i gcás ina gcuirfeadh lorg toiliú feasach cosc ar thástáil an chórais intleachta saorga, ní bheidh aon éifeacht dhiúltach ag an tástáil féin ná ag toradh na tástála sna fíordhálaí ar na daoine is ábhar, agus scriosfar a sonraí pearsanta tar éis don tástáil a bheith déanta;
j)
bandymą realiomis sąlygomis tiekėjas arba galimas tiekėjas, taip pat diegėjai arba galimi diegėjai veiksmingai prižiūri, pasitelkdami asmenis, kurie turi tinkamą kvalifikaciją atitinkamoje srityje ir turi savo užduotims atlikti reikiamų gebėjimų, yra tam parengti ir turi atitinkamus įgaliojimus;
(j)
déanann an soláthraí nó an soláthraí ionchasach, mar aon le húsáideoirí gairmiúla nó úsáideoirí gairmiúla ionchasacha, maoirseacht éifeachtach ar an tástáil i bhfíordhálaí trí dhaoine atá cáilithe go cuí sa réimse ábhartha agus a bhfuil an acmhainneacht, an oiliúint agus an t-údarás is gá acu chun a gcúraimí a dhéanamh;
k)
DI sistemos sugeneruotos predikcijos, rekomendacijos ar sprendimai gali būti veiksmingai atšaukti arba į juos gali būti neatsižvelgiama.
(k)
an méid a dhéanann an córas intleachta saorga a thuar, a mholadh nó a chinneadh, is féir é sin a aisiompú go héifeachtach agus neamhaird a thabhairt air.
5. Bandymo realiomis sąlygomis subjektai arba atitinkamai jų teisėtai paskirtai atstovai, nepatirdami jokios žalos ir neprivalėdami pateikti jokio pagrindimo, gali bet kuriuo metu pasitraukti iš bandymo atšaukdami savo informuoto asmens sutikimą ir gali reikalauti, kad jų asmens duomenys būtų nedelsiant ištrinti. Informuoto asmens sutikimo atšaukimas neturi įtakos jau atliktai veiklai.
5. Féadfaidh aon duine is ábhar don tástáil i bhfíordhálaí, nó a n-ionadaí arna ainmniú de réir dlí, de réir mar is iomchuí, gan dochar dó dá dheasca agus gan aon dualgas a bheith orthu bonn cirt a thabhairt, tarraingt siar ón tástáil tráth ar bith trína dtoiliú feasach a chúlghairm agus féadfaidh siad a iarraidh go ndéanfar a sonraí pearsanta a scriosadh láithreach agus go buan. Ní dhéanfaidh tarraingt siar an toilithe fheasaigh difear do na ghníomhaíochtaí a rinneadh cheana.
6. Pagal 75 straipsnį valstybės narės savo rinkos priežiūros institucijoms suteikia įgaliojimus reikalauti, kad tiekėjai ir galimi tiekėjai pateiktų informaciją, atlikti nuotolinius neplaninius patikrinimus arba patikrinimus vietoje ir patikrinimus, kaip vyksta bandymas realiomis sąlygomis, taip pat patikrinti susijusias didelės rizikos DI sistemas. Rinkos priežiūros institucijos naudojasi tais įgaliojimais, kad užtikrintų saugų bandymų realiomis sąlygomis plėtojimą.
6. I gcomhréir le hAirteagal 75, tabharfaidh na Ballstáit dá n-údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí chun a cheangal ar sholáthraithe agus ar sholáthraithe ionchasacha faisnéis a sholáthar, cianchigireachtaí gan réamhfhógra nó cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh, agus seiceálacha a dhéanamh ar dhéanamh na tástála i bhfíordhálaí agus ar na córais intleachta saorga ardriosca ghaolmhara. Úsáidfidh na húdaráis faireachais margaidh na cumhachtaí sin chun a áirithiú go ndéanfar tástáil a fhorbairt go sábháilte i bhfíordhálaí.
7. Apie visus rimtus incidentus, nustatytus atliekant bandymą realiomis sąlygomis, pagal šio reglamento 73 straipsnį pranešama nacionalinei rinkos priežiūros institucijai. Tiekėjas arba galimas tiekėjas imasi neatidėliotinų rizikos sumažinimo priemonių arba, kai tai neįmanoma, sustabdo bandymą realiomis sąlygomis, kol tokia rizika bus sumažinta, arba kitu atveju jį nutraukia. Tiekėjas arba galimas tiekėjas nustato procedūrą, pagal kurią DI sistema būtų nedelsiant atšaukta, jei toks bandymas realiomis sąlygomis būtų nutrauktas.
7. Aon teagmhas tromchúiseach a shainaithnítear le linn na tástála i bhfíordhálaí, déanfar é a thuairisciú don údarás náisiúnta faireachais margaidh i gcomhréir le hAirteagal 73. Glacfaidh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach bearta maolaithe láithreacha nó, ina éagmais sin, cuirfidh sé an tástáil i bhfíordhálaí ar fionraí go dtí go ndéanfar an maolú sin nó cuirfidh sé deireadh léi. Bunóidh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach nós imeachta chun an córas intleachta saorga a aisghairm go pras i gcás ina ndéanfaí an tástáil i bhfíordhálaí a fhoirceannadh.
8. Tiekėjai arba galimi tiekėjai valstybės narės, kurioje turi būti atliekamas bandymas realiomis sąlygomis, nacionalinei rinkos priežiūros institucijai praneša apie bandymo realiomis sąlygomis sustabdymą arba nutraukimą ir galutinius rezultatus.
8. Má dhéantar an tástáil i bhfíordhálaí a fhoirceannadh nó a fhionraí, tabharfaidh soláthraithe nó soláthraithe ionchasacha fógra don údarás náisiúnta faireachais margaidh sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina bhfuil an tástáil le déanamh faoi sin agus faoi na torthaí deiridh.
9. Tiekėjai arba galimi tiekėjai pagal taikytinus Sąjungos ir nacionalinės teisės aktus, kuriais reglamentuojama atsakomybė, yra atsakingi už žalą, padarytą jų atliekamo bandymo realiomis sąlygomis metu.
9. Beidh an soláthraí nó an soláthraí ionchasach faoi dhliteanas faoin dlí is infheidhme de chuid an Aontais agus na mBallstát maidir le dliteanais i leith aon damáiste a dhéantar le linn a rannpháirtíochta sa tástáil i bhfíordhálaí.
61 straipsnis
Airteagal 61
Informuoto asmens sutikimas dalyvauti bandyme realiomis sąlygomis už apribotų bandomųjų DI reglamentavimo aplinkų ribų
Toiliú feasach lena bheith rannpháirteach i dtástáil i bhfíordhálaí lasmuigh de bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga
1. Bandymo realiomis sąlygomis pagal 60 straipsnį tikslais laisva valia duodamas informuoto asmens sutikimas iš subjektų turi būti gautas prieš jiems pradedant dalyvauti tokiame bandyme ir tik juos tinkamai informavus pateikiant glaustą, aiškią, aktualią ir suprantamą informaciją apie:
1. Chun críche tástála i bhfíordhálaí faoi Airteagal 60, gheofar toiliú feasach arna thabhairt faoi shaoirse ó na daoine is ábhar don tástáil sula nglacfaidh siad páirt sa tástáil sin agus tar éis dóibh a bheith curtha ar an eolas go cuí le faisnéis bheacht, shoiléir, ábhartha agus intuigthe maidir leis an méid seo a leanas:
a)
bandymo realiomis sąlygomis pobūdį ir tikslus bei galimus nepatogumus, kurie gali būti susiję su jų dalyvavimu;
(a)
cineál agus cuspóirí na tástála i bhfíordhálaí agus an mhíchaoithiúlacht a d’fhéadfadh a bheith bainteach lena rannpháirtíocht;
b)
sąlygas, kuriomis turi būti atliekamas bandymas realiomis sąlygomis, įskaitant numatomą subjekto (-ų) dalyvavimo trukmę;
(b)
na dálaí ina ndéanfar an tástáil i bhfíordhálaí, lena n-áirítear cé chomh fada a mheastar go mbeidh an duine nó na daoine is ábhar rannpháirteach inti;
c)
subjektų teises ir garantijas, susijusias su jų dalyvavimu, visų pirma jų teisę atsisakyti dalyvauti ir teisę bet kuriuo metu pasitraukti iš bandymo realiomis sąlygomis nepatiriant jokios žalos ir neprivalant pateikti pagrindimo;
(c)
a gcearta, agus na ráthaíochtaí maidir lena rannpháirtíocht, go háirithe maidir lena gceart diúltú lena bheith rannpháirteach agus an ceart tarraingt siar ón tástáil i bhfíordhálaí ag tráth ar bith gan dochar agus gan gá le húdar a thabhairt;
d)
prašymo atšaukti DI sistemos predikcijas, rekomendacijas ar sprendimus arba į juos neatsižvelgti pateikimo tvarką;
(d)
na socruithe chun a iarraidh go n-aisiompófaí an méid a dhéanann an córas intleachta saorga a thuar, a mholadh nó a chinneadh nó go ndéanfaí neamhaird de;
e)
bandymo realiomis sąlygomis visoje Sąjungoje taikomą vienintelį unikalųjį identifikacinį numerį pagal 60 straipsnio 4 dalies c punktą ir tiekėjo arba jo teisinio atstovo, iš kurio galima gauti papildomos informacijos, kontaktinius duomenis.
(e)
uimhir aitheantais aonair uathúil uile-Aontais na tástála i bhfíordhálaí i gcomhréir le hAirteagal 60(4) pointe (c) agus sonraí teagmhála an tsoláthraí nó a ionadaí dlíthiúil ónar féidir tuilleadh faisnéise a fháil.
2. Informuoto asmens sutikime turi būti nurodyta data ir jis įforminamas dokumentu, o subjektams arba jų teisiniams atstovams pateikiama šio dokumento kopija.
2. Déanfar an toiliú feasach a dhátú agus a dhoiciméadú agus tabharfar cóip do na daoine is ábhar don tástáil nó dá n-ionadaí dlíthiúil.
62 straipsnis
Airteagal 62
Tiekėjams ir diegėjams, ypač MVĮ, įskaitant startuolius, taikomos priemonės
Bearta do sholáthraithe agus d’úsáideoirí gairmiúla, go háirithe FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta
1. Valstybės narės imasi šių veiksmų:
1. Déanfaidh na Ballstáit na bearta seo a leanas:
a)
suteikia MVĮ, įskaitant startuolius, kurios Sąjungoje turi registruotą buveinę arba filialą, pirmenybę dalyvauti apribotose bandomosiose DI reglamentavimo aplinkose, jei jos tenkina tinkamumo sąlygas ir atrankos kriterijus; ši pirmenybė dalyvauti nekliudo kitoms MVĮ, įskaitant startuolius, kurios nėra šioje dalyje nurodytos įmonės, taip pat dalyvauti apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje, jei jos taip pat atitinka tinkamumo sąlygas ir atrankos kriterijus;
(a)
rochtain tosaíochta ar bhoscaí gainimh rialála intleachta saorga a sholáthar do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, a bhfuil oifig chláraithe nó brainse acu san Aontas, a mhéid a chomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin; ní chuirfidh an rochtain tosaíochta bac ar FBManna eile, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta seachas iad siúd dá dtagraítear sa mhír seo, rochtain a fháil ar bhosca gainimh rialála intleachta saorga, ar choinníoll go gcomhlíonann siad freisin na coinníollacha incháilitheachta agus na critéir roghnúcháin;
b)
organizuoja specialią informuotumo apie šio reglamento taikymą didinimo ir mokymo šia tema veiklą, specialiai pritaikytą MVĮ, įskaitant startuolius, diegėjų ir atitinkamai vietos valdžios institucijų poreikiams;
(b)
gníomhaíochtaí sonracha ardaithe feasachta agus oiliúna a eagrú maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus iad curtha in oiriúint do riachtanais na FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla;
c)
naudoja esamus specialius kanalus ir, kai tinkama, sukuria naujus kanalus ryšiams su MVĮ, įskaitant startuolius, diegėjais, kitais novatoriais ir atitinkamai vietos valdžios institucijomis, kad būtų teikiamos konsultacijos ir atsakoma į užklausas dėl šio reglamento įgyvendinimo, be kita ko, dėl dalyvavimo apribotose bandomosiose DI reglamentavimo aplinkose;
(c)
bealaí tiomnaithe atá ann cheana a úsáid agus, i gcás inarb iomchuí, cinn nua a bhunú le haghaidh cumarsáid le FBManna lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, úsáideoirí gairmiúla, nuálaithe eile agus, de réir mar is iomchuí, údaráis phoiblí áitiúla chun comhairle a chur ar fáil agus freagra a thabhairt ar fhiosrúcháin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le rannpháirtíocht i mboscaí gainimh rialála intleachta saorga;
d)
sudaro palankesnes sąlygas MVĮ ir kitiems atitinkamiems suinteresuotiesiems subjektams dalyvauti standartų rengimo procese.
(d)
rannpháirtíocht FBManna agus geallsealbhóirí ábhartha eile sa phróiseas forbartha um chaighdeánú a éascú.
2. Nustatant rinkliavas už 43 straipsnyje nurodytą atitikties vertinimą atsižvelgiama į konkrečius tiekėjų, kurie yra MVĮ, įskaitant startuolius, interesus ir poreikius; šios rinkliavos proporcingai sumažinamos atsižvelgiant į jų dydį, rinkos dydį ir kitus atitinkamus rodiklius.
2. Cuirfear leasanna sonracha agus riachtanais shonracha na soláthraithe ar FBManna iad, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, san áireamh agus táillí an mheasúnaithe comhréireachta faoi Airteagal 43 á socrú, agus na táillí sin á laghdú i gcomhréir lena méid, le méid an mhargaidh agus le táscairí ábhartha eile.
3. DI tarnyba imasi šių veiksmų:
3. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na gníomhaíochtaí seo a leanas:
a)
pateikia standartinius šablonus, skirtus sritims, kurioms taikomas šis reglamentas, kaip savo prašyme nurodė Valdyba;
(a)
teimpléid chaighdeánaithe a sholáthar le haghaidh réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, mar a shonróidh an Bord ina iarraidh;
b)
sukuria ir tvarko bendrą informacinę platformą, kurioje visiems veiklos vykdytojams visoje Sąjungoje būtų teikiama lengvai naudojama su šiuo reglamentu susijusi informacija;
(b)
ardán faisnéise aonair a fhorbairt agus a chothabháil lena soláthrófar faisnéis atá éasca le húsáid i ndáil leis an Rialachán seo do gach oibreoir ar fud an Aontais;
c)
rengia atitinkamas komunikacijos kampanijas, skirtas informuotumui apie iš šio reglamento kylančias pareigas didinti;
(c)
feachtais chumarsáide iomchuí a eagrú chun feasacht a mhúscailt maidir leis na hoibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán seo;
d)
vertina ir skatina su DI sistemomis susijusių viešųjų pirkimų procedūrų geriausios praktikos konvergenciją.
(d)
cóineasú na ndea-chleachtas i nósanna imeachta soláthair phoiblí i ndáil le córais intleachta saorga a mheas agus a chur chun cinn.
63 straipsnis
Airteagal 63
Konkretiems veiklos vykdytojams taikomos nukrypti leidžiančios nuostatos
Maoluithe d’oibreoirí sonracha
1. Labai mažos įmonės, kaip tai suprantama Rekomendacijoje 2003/361/EB, tam tikrų kokybės valdymo sistemos, kurios reikalaujama pagal šio reglamento 17 straipsnį, elementų gali laikytis supaprastintai, su sąlyga, kad jos neturi įmonių partnerių arba susijusių įmonių, kaip tai suprantama toje rekomendacijoje. Tuo tikslu Komisija parengia gaires dėl kokybės valdymo sistemos elementų, kurių gali būti laikomasi supaprastintai, atsižvelgiant į labai mažų įmonių poreikius, nedarant poveikio apsaugos lygiui ar poreikiui laikytis reikalavimų, susijusių su didelės rizikos DI sistemomis.
1. Féadfaidh micrifhiontair de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE gnéithe áirithe den chóras bainistithe cáilíochta a cheanglaítear le hAirteagal 17 den Rialachán seo a chomhlíonadh ar bhealach simplithe, ar choinníoll nach bhfuil fiontair chomhpháirtíochta ná fiontair nasctha acu de réir bhrí an Mholta sin. Chun na críche sin, forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir leis na heilimintí den chóras bainistithe cáilíochta a fhéadfar a chomhlíonadh ar bhealach simplithe i bhfianaise riachtanais na micrifhiontar, gan difear a dhéanamh don leibhéal cosanta ná don ghá atá le comhlíonadh na gceanglas i ndáil le córais intleachta saorga ardriosca.
2. Šio straipsnio 1 dalis negali būti suprantama taip, kad tie veiklos vykdytojai atleidžiami nuo kitų šiame reglamente nustatytų reikalavimų ir pareigų vykdymo, įskaitant 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 72 ir 73 straipsniuose nustatytus reikalavimus ir pareigas.
2. Ní thuigfear as mír 1 den Airteagal seo go ndíolmhaítear na hoibreoirí sin ó aon cheanglais nó oibleagáidí eile a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear iad sin a bhunaítear in Airteagail 9, 10, 11, 12, 13, 14, 15, 72 agus 73.
VII SKYRIUS
CAIBIDIL VII
VALDYMAS
RIALACHAS
1 SKIRSNIS
ROINN 1
Valdymas Sąjungos lygmeniu
Rialachas ar leibhéal an Aontais
64 straipsnis
Airteagal 64
DI tarnyba
Oifig um Intleacht Shaorga
1. Komisija per DI tarnybą plėtoja Sąjungos ekspertines žinias ir pajėgumus DI srityje.
1. Déanfaidh an Coimisiún saineolas agus cumais an Aontais a fhorbairt i réimse na hintleachta saorga tríd an Oifig um Intleacht Shaorga.
2. Valstybės narės sudaro palankesnes sąlygas vykdyti DI tarnybai pavestas užduotis, kaip nurodyta šiame reglamente.
2. Déanfaidh na Ballstáit na cúraimí a chuirtear ar an Oifig um Intleacht Shaorga a éascú, mar a léirítear sa Rialachán seo.
65 straipsnis
Airteagal 65
Europos dirbtinio intelekto valdybos įsteigimas ir struktūra
An Bord Eorpach um an Intleacht Shaorga a bhunú agus struchtúr an Bhoird sin
1. Įsteigiama Europos dirbtinio intelekto valdyba (toliau – Valdyba).
1. Bunaítear leis seo an Bord Eorpach um Intleacht Shaorga (‘an Bord’).
2. Valdybą sudaro po vieną kiekvienos valstybės narės atstovą. Stebėtojo teisėmis joje dalyvauja Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas. Valdybos posėdžiuose taip pat dalyvauja DI tarnyba, tačiau ji nedalyvauja balsuojant. Į Valdybos posėdžius kiekvienu konkrečiu atveju gali būti kviečiamos kitos nacionalinės ir Sąjungos institucijos, įstaigos ar ekspertai, jei aptariami klausimai yra jiems aktualūs.
2. Ionadaí amháin ó gach Ballstát a bheidh ar an mBord. Beidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí rannpháirteach ann mar bhreathnóir. Freastalóidh an Oifig um Intleacht Shaorga ar chruinnithe an Bhoird freisin gan páirt a ghlacadh sa vótáil. Féadfaidh an Bord cuireadh a thabhairt d’údaráis, do chomhlachtaí nó do shaineolaithe náisiúnta agus de chuid an Aontais eile freastal ar na cruinnithe ar bhonn cás ar chás, i gcás inarb ábhartha dóibh na saincheisteanna a bheidh á bplé.
3. Kiekvieną atstovą valstybė narė skiria trejų metų laikotarpiui, kuris gali būti pratęstas vieną kartą.
3. Ainmneoidh na Ballstáit a n-ionadaí ar feadh tréimhse 3 bliana, agus féadfar iad a athnuachan uair amháin.
4. Valstybės narės užtikrina, kad jų atstovai Valdyboje:
4. Áiritheoidh na Ballstáit i ndáil lena n-ionadaí ar an mBord an méid seo a leanas:
a)
savo valstybėje narėje turėtų atitinkamą kompetenciją ir įgaliojimus, kad galėtų aktyviai prisidėti prie 66 straipsnyje nurodytų Valdybos užduočių vykdymo;
(a)
go mbeidh na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí ábhartha acu ina mBallstát chun rannchuidiú ar bhealach gníomhach le baint amach chúraimí an bhoird dá dtagraítear in Airteagal 66;
b)
būtų paskirti ryšių su Valdyba palaikymo vienu bendru kontaktiniu punktu ir, kai tinkama, atsižvelgiant į valstybių narių poreikius, ryšių su suinteresuotaisiais subjektais palaikymo vienu bendru kontaktiniu punktu;
(b)
go ndéanfar iad a ainmniú mar phointe teagmhála aonair vis-à-vis an Bord agus, i gcás inarb iomchuí, agus riachtanais na mBallstát á gcur san áireamh, mar phointe teagmhála aonair do gheallsealbhóirí;
c)
būtų įgalioti palengvinti savo valstybės narės nacionalinių kompetentingų institucijų veiklos nuoseklumo ir koordinavimo užtikrinimą, kiek tai susiję su šio reglamento įgyvendinimu, be kita ko, rinktų atitinkamus duomenis ir informaciją, kad galėtų vykdyti savo užduotis Valdyboje.
(c)
go mbeidh sé de chumhacht acu an chomhsheasmhacht agus an comhordú a éascú idir na húdaráis inniúla náisiúnta ina mBallstát maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, lena n-áirítear trí shonraí agus faisnéis ábhartha a bhailiú chun a gcúraimí ar an mBord a chomhlíonadh.
5. Paskirti valstybių narių atstovai Valdybos darbo tvarkos taisykles priima dviejų trečdalių balsų dauguma. Darbo tvarkos taisyklėse visų pirma nustatoma atrankos proceso tvarka, įgaliojimų trukmė ir pirmininko užduočių specifikacijos, išsami balsavimo tvarka ir Valdybos bei jos pogrupių veiklos organizavimas.
5. Glacfaidh ionadaithe ainmnithe na mBallstát rialacha nós imeachta an Bhoird trí thromlach dhá thrian. Leagfar síos leis na rialacha nós imeachta, go háirithe, nósanna imeachta don phróiseas roghnúcháin, ré shainordú an Chathaoirligh, agus sonraíochtaí chúraimí an Chathaoirligh, socruithe mionsonraithe maidir le vótáil, agus eagrú ghníomhaíochtaí an Bhoird agus ghníomhaíochtaí a fhoghrúpaí.
6. Valdyba įsteigia du nuolatinius pogrupius, kad būtų suteikta platforma rinkos priežiūros institucijų bendradarbiavimui ir keitimuisi informacija, o notifikuojančioms institucijoms būtų pranešama apie klausimus, susijusius su atitinkamai rinkos priežiūros ir notifikuotosiomis įstaigomis.
6. Bunóidh an Bord dhá bhuan-fhoghrúpa chun ardán comhair agus malartaithe a chur ar fáil i measc na n-údarás faireachais margaidh agus na n-údarás a thugann fógra maidir le saincheisteanna a bhaineann le faireachas margaidh agus le comhlachtaí faoina dtugtar fógra faoi seach.
Nuolatinis rinkos priežiūros pogrupis turėtų veikti kaip administracinio bendradarbiavimo šio reglamento tikslais grupė, kaip tai suprantama Reglamento (ES) 2019/1020 30 straipsnyje.
Ba cheart don bhuan-fhoghrúpa um fhaireachas margaidh gníomhú mar an ngrúpa comhair riaracháin (ADCO) don Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 30 de Rialachán (AE) 2019/1020.
Valdyba atitinkamai gali sudaryti kitus nuolatinius ar laikinuosius pogrupius konkretiems klausimams nagrinėti. Kai tinkama, į tokius pogrupius arba į konkrečius tų pogrupių posėdžius stebėtojų teisėmis gali būti kviečiami 67 straipsnyje nurodyto patariamojo forumo atstovai.
Féadfaidh an Bord buan-fhoghrúpaí nó foghrúpaí sealadacha eile a bhunú de réir mar is iomchuí chun scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna sonracha. I gcás inarb iomchuí, féadfar cuireadh a thabhairt d’ionadaithe an fhóraim chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 67 chuig na foghrúpaí sin nó chuig cruinnithe sonracha de na foghrúpaí sin mar bhreathnóirí.
7. Valdybos veikla organizuojama ir ji veikia taip, kad būtų užtikrintas jos veiklos objektyvumas ir nešališkumas.
7. Déanfar an Bord a thugann fógra a eagrú agus a oibriú sa chaoi go gcoimirceofar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí.
8. Valdybai pirmininkauja vienas iš valstybių narių atstovų. DI tarnyba teikia Valdybai sekretoriato paslaugas, pirmininko prašymu sušaukia posėdžius ir parengia darbotvarkę atsižvelgdama į Valdybos užduotis pagal šį reglamentą ir jos darbo tvarkos taisykles.
8. Déanfaidh ionadaí amháin d’ionadaithe na mBallstát cathaoirleacht ar an mBord. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga rúnaíocht an Bhoird ar fáil don Bhord, tionólfaidh sí na cruinnithe arna iarraidh sin don Chathaoirleach, agus ullmhóidh sí an clár oibre i gcomhréir le cúraimí an Bhoird de bhun an Rialacháin seo agus a rialacha nós imeachta.
66 straipsnis
Airteagal 66
Valdybos užduotys
Cúraimí an Bhoird
Valdyba konsultuoja Komisiją ir valstybes nares ir joms padeda, kad būtų palengvintas nuoseklus ir veiksmingas šio reglamento taikymas. Tuo tikslu Valdyba visų pirma gali:
Tabharfaidh an Bord comhairle agus cúnamh don Choimisiún agus do na Ballstáit chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an Rialacháin seo a éascú. Chuige sin, féadfaidh an Bord go háirithe:
a)
prisidėti prie nacionalinių kompetentingų institucijų, atsakingų už šio reglamento taikymą, veiklos koordinavimo ir, bendradarbiaudama su atitinkamomis rinkos priežiūros institucijomis ir gavusi jų sutikimą, remti 74 straipsnio 11 dalyje nurodytą bendrą rinkos priežiūros institucijų veiklą;
(a)
rannchuidiú leis an gcomhordú i measc na n-údarás inniúil náisiúnta atá freagrach as cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, i gcomhar leis na húdaráis faireachais margaidh lena mbaineann agus faoina réir, tacú le gníomhaíochtaí comhpháirteacha na n-údarás faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(11);
b)
rinkti technines ir su reglamentavimu susijusias ekspertines žinias bei geriausios praktikos pavyzdžius ir jais dalytis su valstybėmis narėmis;
(b)
saineolas agus dea-chleachtais theicniúla agus rialála a bhailiú agus a chomhroinnt leis na Ballstáit;
c)
teikti konsultacijas dėl šio reglamento įgyvendinimo, visų pirma dėl bendrosios paskirties DI modeliams skirtų taisyklių vykdymo užtikrinimo;
(c)
comhairle a chur ar fáil maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe a mhéid a bhaineann le rialacha a fhorfheidhmiú maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha;
d)
prisidėti derinant valstybių narių administracinę praktiką, be kita ko, susijusią su nukrypti nuo 46 straipsnyje nurodytų atitikties vertinimo procedūrų leidžiančia nuostata, DI apribotų bandomųjų reglamentavimo aplinkų veikimu ir bandymu realiomis sąlygomis, kaip nurodyta 57, 59 ir 60 straipsniuose;
(d)
rannchuidiú le comhchuibhiú cleachtas riaracháin sna Ballstáit, lena n-áirítear maidir leis an maolú ar na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 46, feidhmiú na mboscaí gainimh rialála intleachta saorga agus na tástála i bhfíordhálaí dá dtagraítear in Airteagail 57, 59 agus 60;
e)
Komisijos prašymu arba savo iniciatyva skelbti rekomendacijas ir rašytines nuomones dėl visų aktualių klausimų, susijusių su šio reglamento įgyvendinimu ir nuosekliu bei veiksmingu jo taikymu, be kita ko:
(e)
arna iarraidh sin don Choimisiún nó ar a thionscnamh féin, moltaí agus tuairimí i scríbhinn a eisiúint maidir le haon ábhair ábhartha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus lena chur i bhfeidhm comhsheasmhach, éifeachtach, lena n-áirítear:
i)
dėl elgesio kodeksų ir praktikos kodeksų, taip pat Komisijos gairių rengimo ir taikymo pagal šį reglamentą;
(i)
maidir le cóid iompair agus cóid chleachtais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm de bhun an Rialacháin seo, chomh maith le treoirlínte an Choimisiúin;
ii)
dėl šio reglamento vertinimo ir peržiūros pagal 112 straipsnį, be kita ko, kiek tai susiję su 73 straipsnyje nurodytais pranešimais apie rimtus incidentus, ir dėl 71 straipsnyje nurodytos ES duomenų bazės veikimo, deleguotųjų arba įgyvendinimo aktų rengimo ir dėl galimo šio reglamento suderinimo su I priede išvardytais Sąjungos derinimo teisės aktais;
(ii)
meastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo de bhun Airteagal 112, lena n-áirítear maidir leis na tuarascálacha ar theagmhais thromchúiseacha dá dtagraítear in Airteagal 73, agus feidhmiú bhunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71, na gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a ullmhú, agus a mhéid a bhaineann le hailíniú féideartha an Rialacháin seo le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I;
iii)
dėl techninių specifikacijų arba esamų standartų, susijusių su III skyriaus 2 skirsnyje nustatytais reikalavimais;
(iii)
maidir le sonraíochtaí teicniúla nó caighdeáin atá ann faoi láthair i ndáil leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;
iv)
dėl 40 ir 41 straipsniuose nurodytų darniųjų standartų arba bendrųjų specifikacijų naudojimo;
(iv)
maidir le caighdeáin chomhchuibhithe nó sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 a úsáid;
v)
dėl tendencijų, pavyzdžiui, Europos pasaulinio konkurencingumo DI srityje, DI diegimo Sąjungoje ir skaitmeninių įgūdžių ugdymo;
(v)
treochtaí, amhail iomaíochas domhanda na hEorpa san intleacht shaorga, glacadh na hintleachta saorga san Aontas, agus forbairt scileanna digiteacha;
vi)
dėl tendencijų, susijusių su kintančia DI vertės grandinių tipologija, visų pirma dėl su tuo susijusių pasekmių atsakomybei;
(vi)
treochtaí maidir le tíopeolaíocht athraitheach shlabhraí luacha na hintleachta saorga, go háirithe maidir leis na himpleachtaí a eascraíonn as sin i dtéarmaí cuntasachta;
vii)
dėl galimo poreikio pagal 7 straipsnį iš dalies pakeisti III priedą ir dėl galimo poreikio laikantis 112 straipsnio galimai peržiūrėti 5 straipsnį, atsižvelgiant į atitinkamus turimus faktinius duomenis ir naujausius technologinius pokyčius;
(vii)
maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann Iarscríbhinn III a leasú i gcomhréir le hAirteagal 7, agus maidir leis an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 5 de bhun Airteagal 112, agus an fhianaise ábhartha atá ar fáil agus na forbairtí is déanaí sa teicneolaíocht á gcur san áireamh;
f)
remti Komisiją skatinant visuomenės informuotumą ir supratimą apie DI sistemų naudojimo naudą, jų riziką, su jomis susijusias apsaugos priemones ir teises bei pareigas;
(f)
tacú leis an gCoimisiún litearthacht intleachta saorga, feasacht phoiblí agus tuiscint ar na tairbhí, na rioscaí, na coimircí agus na cearta agus na hoibleagáidí i ndáil le húsáid córas intleachta saorga a chur chun cinn;
g)
sudaryti palankesnes sąlygas parengti bendrus kriterijus ir plėtoti bendrą rinkos dalyvių ir kompetentingų institucijų supratimą apie atitinkamas šiame reglamente numatytas sąvokas, be kita, prisidėti prie lyginamųjų parametrų rengimo;
(g)
an fhorbairt ar chritéir chomhchoiteanna agus comhthuiscint idir oibreoirí margaidh agus údaráis inniúla ar na coincheapa ábhartha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a éascú, lena n-áirítear trí rannchuidiú le forbairt tagarmharcanna;
h)
atitinkamai bendradarbiauti su kitomis Sąjungos institucijomis, įstaigomis, organais ir agentūromis, taip pat atitinkamomis Sąjungos ekspertų grupėmis ir tinklais, visų pirma gaminių saugos, kibernetinio saugumo, konkurencijos, skaitmeninių ir žiniasklaidos paslaugų, finansinių paslaugų, vartotojų apsaugos, duomenų ir pagrindinių teisių apsaugos srityse;
(h)
comhoibriú, de réir mar is iomchuí, le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais, chomh maith le grúpaí saineolaithe agus líonraí ábhartha de chuid an Aontais, go háirithe i réimsí na sábháilteachta táirgí, na cibearshlándála, na hiomaíochta, na seirbhísí digiteacha agus na meán, na seirbhísí airgeadais, na cosanta tomhaltóirí, na cosanta sonraí agus na gceart bunúsach;
i)
prisidėti prie veiksmingo bendradarbiavimo su trečiųjų valstybių kompetentingomis institucijomis ir tarptautinėmis organizacijomis;
(i)
rannchuidiú leis an gcomhar éifeachtach le húdaráis inniúla tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
j)
padėti nacionalinėms kompetentingoms institucijoms ir Komisijai plėtoti organizacines ir technines ekspertines žinias, reikalingas šiam reglamentui įgyvendinti, be kita ko, prisidėti vertinant valstybių narių darbuotojų, dalyvaujančių įgyvendinant šį reglamentą, mokymo poreikius;
(j)
cúnamh a thabhairt do na húdaráis inniúla náisiúnta agus don Choimisiún an saineolas eagraíochtúil agus teicniúil is gá a fhorbairt chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí rannchuidiú le measúnú a dhéanamh ar riachtanais oiliúna do bhaill foirne na mBallstát atá bainteach le cur chun feidhme an Rialacháin seo;
k)
padėti DI tarnybai remti nacionalines kompetentingas institucijas kuriant ir plėtojant DI apribotas bandomąsias reglamentavimo aplinkas ir sudaryti palankesnes sąlygas bendradarbiavimui ir dalijimuisi informacija tokiose aplinkose;
(k)
cúnamh a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga tacú le húdaráis inniúla náisiúnta chun boscaí gainimh rialála intleachta saorga a bhunú agus a fhorbairt, agus comhar agus comhroinnt faisnéise a éascú i measc boscaí gainimh rialála intleachta saorga;
l)
prisidėti prie rekomendacinių dokumentų rengimo ir teikti atitinkamas konsultacijas šiuo klausimu;
(l)
rannchuidiú le treoirdhoiciméid a fhorbairt agus comhairle ábhartha a chur ar fáil ina leith;
m)
konsultuoti Komisiją tarptautiniais su DI susijusiais klausimais;
(m)
comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir le hábhair idirnáisiúnta a bhaineann leis an intleacht shaorga;
n)
teikti nuomones Komisijai dėl kvalifikuotų perspėjimų dėl bendrosios paskirties DI modelių;
(n)
tuairimí a chur ar fáil don Choimisiún maidir leis na foláirimh cháilithe i ndáil le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha;
o)
gauti valstybių narių nuomones apie kvalifikuotus perspėjimus dėl bendrosios paskirties DI modelių ir apie nacionalinę patirtį bei praktiką DI sistemų, visų pirma sistemų, į kuriais yra integruota bendrosios paskirties DI modelių, stebėsenos ir joms taikomų reikalavimų vykdymo užtikrinimo srityse.
(o)
tuairimí a fháil ó na Ballstáit maidir le foláirimh cháilithe maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, agus maidir le taithí agus cleachtais náisiúnta i ndáil le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar chórais intleachta saorga, go háirithe córais lena gcomhtháthaítear samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha.
67 straipsnis
Airteagal 67
Patariamasis forumas
Fóram comhairleach
1. Įsteigiamas patariamasis forumas, kurio paskirtis – teikti technines ekspertines žinias ir konsultuoti Valdybą bei Komisiją ir prisidėti prie jų užduočių pagal šį reglamentą vykdymo.
1. Bunófar fóram comhairleach chun saineolas teicniúil a sholáthar agus chun comhairle a chur ar an mBord agus ar an gCoimisiún, agus chun rannchuidiú lena gcúraimí faoin Rialachán seo.
2. Patariamojo forumo nariais yra subalansuotai atrinkta suinteresuotųjų subjektų, įskaitant pramonės atstovus, startuolius, MVĮ, pilietinės visuomenės ir akademinės bendruomenės atstovus, grupė. Patariamajame forume subalansuotai atstovaujama komerciniams ir nekomerciniams interesams, o komercinių interesų kategorijoje – MVĮ ir kitoms įmonėms.
2. Beidh ballraíocht an fhóraim chomhairligh ina léiriú ar roghnú cothrom na ngeallsealbhóirí, lena n-áirítear tionscal, gnólachtaí nuathionscanta, FBManna, an tsochaí shibhialta agus an lucht léinn. Déanfar ballraíocht an fhóraim chomhairligh a chothromú maidir le leasanna tráchtála agus neamhthráchtála agus, laistigh den chatagóir leasanna tráchtála, maidir le FBManna agus gnóthais eile.
3. Komisija, laikydamasi 2 dalyje nustatytų kriterijų, skiria patariamojo forumo narius iš pripažintų ekspertinių žinių DI srityje turinčių suinteresuotųjų subjektų.
3. Ceapfaidh an Coimisiún comhaltaí an fhóraim chomhairligh, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2, as measc geallsealbhóirí a bhfuil saineolas aitheanta acu i réimse na hintleachta saorga.
4. Patariamojo forumo nariai skiriami dvejų metų kadencijai, kuri gali būti pratęsta ne ilgesniam kaip ketverių metų laikotarpiui.
4. Mairfidh téarma oifige chomhaltaí an fhóraim chomhairligh 2 bhliain, agus féadfar síneadh nach faide ná 4 bliana a chur leis.
5. Pagrindinių teisių agentūra, ENISA, Europos standartizacijos komitetas (CEN), Europos elektrotechnikos standartizacijos komitetas (CENELEC) ir Europos telekomunikacijų standartų institutas (ETSI) yra nuolatiniai patariamojo forumo nariai.
5. Beidh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, ENISA, an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN), Coiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC), agus Institiúid Eorpach na gCaighdeán Teileachumarsáide (ETSI) ina gcomhaltaí buana den fhóram comhairleach.
6. Patariamasis forumas parengia savo darbo tvarkos taisykles. Jis iš savo narių išrenka du bendrapirmininkius pagal 2 dalyje nustatytus kriterijus. Bendrapirmininkiai skiriami dvejų metų kadencijai, kuri gali būti pratęsta vieną kartą.
6. Déanfaidh an fóram comhairleach a rialacha nós imeachta a tharraingt suas. Toghfaidh sé beirt chomhchathaoirleach as measc a chomhaltaí, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i mír 2. Mairfidh téarma oifige na gcomhchathaoirleach 2 bhliain agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.
7. Patariamasis forumas rengia posėdžius bent du kartus per metus. Patariamasis forumas į savo posėdžius gali kviesti ekspertus ir kitus suinteresuotuosius subjektus.
7. Tionólfaidh an fóram comhairleach cruinnithe 2 uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh an fóram comhairleach cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus do gheallsealbhóirí eile chuig a chruinnithe.
8. Valdybos arba Komisijos prašymu patariamasis forumas gali rengti nuomones, rekomendacijas ir rašytines pastabas.
8. Féadfaidh an fóram comhairleach tuairimí, moltaí agus rannchuidithe i scríbhinn a ullmhú arna iarraidh sin don Bhord nó don Choimisiún.
9. Patariamasis forumas atitinkamai gali sudaryti nuolatinius arba laikinuosius pogrupius konkretiems su šio reglamento tikslais susijusiems klausimams nagrinėti.
9. Féadfaidh an fóram comhairleach foghrúpaí buana nó sealadacha a bhunú de réir mar is iomchuí chun ceisteanna sonracha a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a scrúdú.
10. Patariamasis forumas parengia metinę savo veiklos ataskaitą. Ši ataskaita skelbiama viešai.
10. Déanfaidh an fóram comhairleach tuarascáil bhliantúil a ullmhú maidir lena chuid gníomhaíochtaí. Cuirfear an tuarascáil sin ar fáil go poiblí.
68 straipsnis
Airteagal 68
Nepriklausomų ekspertų mokslinė komisija
Painéal eolaíoch saineolaithe neamhspleácha
1. Komisija įgyvendinimo aktu priima nuostatas dėl nepriklausomų ekspertų mokslinės komisijos (toliau – mokslinė komisija), kuriai pavesta remti vykdymo užtikrinimo veiklą pagal šį reglamentą, įsteigimo. Tas įgyvendinimo aktas priimamas laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
1. Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, forálacha maidir le painéal eolaíoch de shaineolaithe neamhspleácha (an ‘painéal eolaíochta’) a bhunú, ar painéal é a bheartaítear chun tacú leis na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
2. Mokslinę komisiją sudaro ekspertai, kuriuos Komisija atrenka remdamasi jų naujausiomis mokslinėmis ar techninėmis ekspertinėmis žiniomis DI srityje, kurių reikia 3 dalyje nustatytoms užduotims atlikti, ir kurie gali įrodyti, kad atitinka visas šias sąlygas:
2. Ar an bpainéal eolaíoch, beidh saineolaithe arna roghnú ag an gCoimisiún ar bhonn saineolas eolaíoch nó teicniúil atá cothrom le dáta i réimse na hintleachta saorga atá riachtanach le haghaidh na gcúraimí a leagtar amach i mír 3, agus beidh sé in ann a léiriú go gcomhlíonann sé na coinníollacha uile seo a leanas:
a)
turi specialių ekspertinių žinių ir kompetencijos ir mokslinių ar techninių ekspertinių žinių DI srityje;
(a)
saineolas agus inniúlacht ar leith agus saineolas eolaíoch nó teicniúil a bheith acu i réimse na hintleachta saorga;
b)
yra nepriklausomi nuo DI sistemų ar bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų;
(b)
neamhspleáchas ar aon soláthraí córas intleachta saorga nó samhlacha intleachta saorga ilchuspóireach;
c)
sugeba savo veiklą vykdyti kruopščiai, tiksliai ir objektyviai.
(c)
an cumas gníomhaíochtaí a dhéanamh go dícheallach, go cruinn agus go hoibiachtúil.
Komisija, konsultuodamasi su Valdyba, nustato ekspertų skaičių komisijoje, atsižvelgdama į būtinus poreikius, ir užtikrina teisingą lyčių ir geografinį atstovavimą.
Cinnfidh an Coimisiún, i gcomhairle leis an mBord, líon na saineolaithe ar an bpainéal i gcomhréir leis na riachtanais is gá agus áiritheoidh sé ionadaíocht chothrom inscne agus gheografach.
3. Mokslinė komisija konsultuoja ir remia DI tarnybą ir jai padeda, visų pirma vykdant šias užduotis:
3. Tabharfaidh an painéal eolaíoch comhairle agus tacaíocht don Oifig um Intleacht Shaorga, go háirithe maidir leis na cúraimí seo a leanas:
a)
remiant šio reglamento įgyvendinimą ir vykdymo užtikrinimą, kiek tai susiję su bendrosios paskirties DI modeliais ir sistemomis, visų pirma:
(a)
tacú le cur chun feidhme agus forfheidhmiú an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le samhlacha agus córais intleachta saorga ilchuspóireacha, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
i)
pagal 90 straipsnį teikia perspėjimus DI tarnybai apie galimą bendrosios paskirties DI modelių Sąjungos lygmens sisteminę riziką;
(i)
foláireamh a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga faoi rioscaí sistéamacha a d’fhéadfadh a bheith ann ar leibhéal an Aontais maidir le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, i gcomhréir le hAirteagal 90;
ii)
prisideda prie priemonių ir metodikų, skirtų bendrosios paskirties DI modelių ir sistemų pajėgumams vertinti (be kita ko, panaudojant lyginamuosius parametrus), rengimo;
(ii)
rannchuidiú le huirlisí agus modheolaíochtaí a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar chumais samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear trí thagarmharcanna;
iii)
teikia konsultacijas dėl sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių klasifikavimo;
(iii)
comhairle a sholáthar maidir le haicmiú samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo;
iv)
teikia konsultacijas dėl įvairių bendrosios paskirties DI modelių ir sistemų klasifikavimo;
(iv)
comhairle a thabhairt maidir le haicmiú samhlacha agus córas intleachta saorga ilchuspóireach;
v)
prisideda prie priemonių ir šablonų kūrimo;
(v)
rannchuidiú le huirlisí agus teimpléid a fhorbairt;
b)
rinkos priežiūros institucijų prašymu remiant jų darbą;
(b)
tacú le hobair na n-údarás faireachais margaidh, arna iarraidh sin dóibh;
c)
remiant tarpvalstybinę rinkos priežiūros veiklą, nurodytą 74 straipsnio 11 dalyje, nedarant poveikio rinkos priežiūros institucijų įgaliojimams;
(c)
tacú le gníomhaíochtaí faireachais margaidh trasteorann dá dtagraítear in Airteagal 74(11), gan dochar do chumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh;
d)
remiant DI tarnybą, jai vykdant savo pareigas pagal 81 straipsnį nustatytos Sąjungos apsaugos procedūros kontekste.
(d)
tacú leis an Oifig um Intleacht Shaorga agus a dualgais á gcomhlíonadh aici i gcomhthéacs nós imeachta cosanta an Aontais de bhun Airteagal 81.
4. Mokslinės komisijos ekspertai savo užduotis vykdo nešališkai bei objektyviai ir užtikrina informacijos ir duomenų, gautų vykdant savo užduotis ir veiklą, konfidencialumą. Vykdydami savo užduotis pagal 3 dalį, jie nesiekia gauti ir nepriima jokių nurodymų. Kiekvienas ekspertas parengia interesų deklaraciją, kuri paskelbiama viešai. DI tarnyba nustato sistemas ir procedūras, kuriomis būtų aktyviai valdomi galimi interesų konfliktai ir jiems užkertamas kelias.
4. Déanfaidh na saineolaithe ar an bpainéal eolaíoch a gcúraimí a chomhlíonadh le neamhchlaontacht agus le hoibiachtúlacht, agus áiritheoidh siad rúndacht na faisnéise agus na sonraí a gheobhaidh siad agus a gcúraimí agus a ngníomhaíochtaí á ndéanamh acu. Ní iarrfaidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó aon duine agus a gcúraimí á bhfeidhmiú acu faoi mhír 3. Dréachtóidh gach saineolaí dearbhú leasanna a chuirfear ar fáil don phobal. Bunóidh an Oifig um Intleacht Shaorga córais agus nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a d'fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú go gníomhach agus a chosc.
5. Į 1 dalyje nurodytą įgyvendinimo aktą įtraukiamos nuostatos dėl sąlygų, procedūrų ir išsamios tvarkos, pagal kurias mokslinė komisija ir jos nariai skelbia perspėjimus ir prašo DI tarnybos pagalbos mokslinės komisijos užduočių vykdymui.
5. Áireofar sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 1 forálacha maidir leis na coinníollacha, na nósanna imeachta agus na socruithe mionsonraithe don phainéal eolaíoch agus dá chomhaltaí chun foláirimh a eisiúint, agus chun cúnamh na hOifige um Intleacht Shaorga a iarraidh chun cúraimí an phainéil eolaíoch a fheidhmiú.
69 straipsnis
Airteagal 69
Valstybių narių galimybės naudotis ekspertų rezervu
Rochtain ar an díorma saineolaithe do na Ballstáit
1. Valstybės narės gali kreiptis į mokslinės komisijos ekspertus, kad jie padėtų užtikrinti veiklos pagal šį reglamentą vykdymą.
1. Féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar shaineolaithe an phainéil eolaíoch tacú lena ngníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin faoin Rialachán seo.
2. Gali būti reikalaujama, kad valstybės narės mokėtų rinkliavas už ekspertų teikiamas konsultacijas ir paramą. Rinkliavų struktūra ir dydis, taip pat atlygintinų išlaidų dydis ir struktūra nustatomi 68 straipsnio 1 dalyje nurodytame įgyvendinimo akte, atsižvelgiant į tinkamo šio reglamento įgyvendinimo tikslus, išlaidų efektyvumą ir būtinybę užtikrinti, kad visos valstybės narės galėtų veiksmingai naudotis ekspertų paslaugomis.
2. Féadfar a cheangal ar na Ballstáit táillí a íoc as comhairle agus tacaíocht a fhaightear ó na saineolaithe. Leagfar amach struchtúr agus leibhéal na dtáillí chomh maith le scála agus struchtúr na gcostas inghnóthaithe trí bhíthin an ghnímh cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 68(1), agus na cuspóirí maidir le cur chun feidhme leordhóthanach an Rialacháin seo, costéifeachtúlacht agus a riachtanaí atá sé a áirithiú go mbeidh rochtain éifeachtach do na Ballstáit uile ar shaineolaithe á gcur san áireamh.
3. Komisija sudaro palankesnes sąlygas valstybėms narėms prireikus laiku pasinaudoti ekspertų paslaugomis ir užtikrina, kad Sąjungos DI bandymų pagalbinių struktūrų pagal 84 straipsnį ir ekspertų pagal šį straipsnį vykdomos paramos veiklos derinimas būtų organizuojamas veiksmingai ir suteiktų kuo didesnės pridėtinės vertės.
3. Déanfaidh an Coimisiún rochtain thráthúil ar na saineolaithe a éascú do na Ballstáit, de réir mar is gá, agus áiritheoidh sé go ndéanfar an meascán gníomhaíochtaí tacaíochta arna ndéanamh ag tacaíocht tástála intleachta saorga an Aontais de bhun Airteagal 84 agus saineolaithe de bhun an Airteagail seo a eagrú go héifeachtúil agus go gcuirfear an breisluach is fearr is féidir ar fáil.
2 SKIRSNIS
ROINN 2
Nacionalinės kompetentingos institucijos
Údaráis inniúla náisiúnta
70 straipsnis
Airteagal 70
Nacionalinių kompetentingų institucijų ir vieno bendro kontaktinio punkto skyrimas
Ainmniú na n-údarás inniúil náisiúnta agus pointí teagmhála aonair
1. Kiekviena valstybė narė šio reglamento tikslais įsteigia arba paskiria nacionalinėmis kompetentingomis institucijomis bent vieną notifikuojančiąją instituciją ir bent vieną rinkos priežiūros instituciją. Tos nacionalinės kompetentingos institucijos naudojasi savo įgaliojimais nepriklausomai, nešališkai ir netendencingai, kad apsaugotų savo veiklos bei užduočių objektyvumą ir užtikrintų šio reglamento taikymą ir įgyvendinimą. Tų institucijų nariai susilaiko nuo bet kokių su jų pareigomis nesuderinamų veiksmų. Su sąlyga, kad laikomasi šių principų, atsižvelgiant į valstybės narės organizacinius poreikius tokią veiklą ir užduotis gali vykdyti viena ar daugiau paskirtųjų institucijų.
1. Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil náisiúnta amháin ar a laghad a thugann fógra agus údarás faireachais margaidh amháin ar a laghad chun críocha an Rialacháin seo. Feidhmeoidh na húdaráis inniúla náisiúnta sin a gcumhachtaí go neamhspleách, go neamhchlaonta agus gan laofacht chun oibiachtúlacht a ngníomhaíochtaí agus a gcúraimí a choimirciú, agus chun cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme an Rialacháin seo a áirithiú. Staonfaidh comhaltaí na n-údarás sin ó aon ghníomh nach luíonn le cineál a bhfeidhmeanna. Ar choinníoll go n-urramófar na prionsabail sin, féadfaidh údarás ainmnithe amháin nó níos mó údarás ainmnithe na gníomhaíochtaí agus na cúraimí sin a dhéanamh, i gcomhréir le riachtanais eagraíochtúla an Bhallstáit.
2. Valstybės narės praneša Komisijai notifikuojančiųjų institucijų ir rinkos priežiūros institucijų pavadinimus ir tų institucijų užduotis, taip pat visus vėlesnius jų pakeitimus. Valstybės narės ne vėliau kaip 2025 m. rugpjūčio 2 d. elektroninėmis ryšio priemonėmis viešai paskelbia informaciją apie tai, kaip galima susisiekti su kompetentingomis institucijomis ir bendrais kontaktiniais punktais. Valstybės narės šio reglamento tikslais vieną rinkos priežiūros instituciją paskiria vienu bendru kontaktiniu punktu ir praneša Komisijai to vieno bendro kontaktinio punkto pavadinimą. Komisija tokių bendrų kontaktinių punktų sąrašą paskelbia viešai.
2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún céannacht na n-údarás a thugann fógra agus na n-údarás faireachais margaidh agus cúraimí na n-údarás sin, chomh maith le haon athrú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil don phobal faoin gcaoi ar féidir dul i dteagmháil le húdaráis inniúla agus le pointí teagmhála aonair, trí mhodhanna cumarsáide leictreonaí faoin 2 Lúnasa 2025. Ainmneoidh na Ballstáit údarás faireachais margaidh chun gníomhú mar phointe teagmhála aonair don Rialachán seo, agus tabharfaidh siad fógra don Choimisiún faoi chéannacht an phointe teagmhála aonair. Cuirfidh an Coimisiún liosta de na pointí teagmhála aonair ar fáil go poiblí.
3. Valstybės narės užtikrina, kad jų nacionalinėms kompetentingoms institucijoms būtų suteikta pakankamai techninių, finansinių ir žmogiškųjų išteklių ir būtų suteikta infrastruktūra jų užduotims pagal šį reglamentą veiksmingai vykdyti. Visų pirma, nacionalinės kompetentingos institucijos turi nuolat turėti pakankamai darbuotojų, kurių kompetencija ir ekspertinės žinios apimtų išsamų DI technologijų, duomenų ir duomenų kompiuterijos, asmens duomenų apsaugos, kibernetinio saugumo, pagrindinių teisių, rizikos sveikatai ir saugai, taip pat esamų standartų bei teisinių reikalavimų išmanymą. Valstybės narės kasmet įvertina ir, prireikus, atnaujina šioje dalyje nurodytus su kompetencija ir ištekliais susijusius reikalavimus.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear acmhainní teicniúla, airgeadais agus daonna leordhóthanacha ar fáil dá n-údaráis inniúla náisiúnta, mar aon le bonneagar chun a gcúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach faoin Rialachán seo. Go háirithe, beidh líon leordhóthanach pearsanra ag na húdaráis inniúla náisiúnta a mbeidh fáil bhuan orthu agus a n-áireofar ar a n-inniúlachtaí agus ar a saineolas tuiscint dhomhain ar theicneolaíochtaí intleachta saorga, ar shonraí agus ar ríomhaireacht sonraí, ar chosaint sonraí pearsanta, ar chibearshlándáil, ar chearta bunúsacha, ar rioscaí sláinte agus sábháilteachta agus ar eolas ar na caighdeáin agus na ceanglais. Déanfaidh na Ballstáit measúnú ar bhonn bliantúil agus, má mheastar gur gá, nuashonróidh siad na ceanglais inniúlachta agus acmhainní dá dtagraítear sa mhír seo.
4. Nacionalinės kompetentingos institucijos imasi tinkamų priemonių užtikrinti tinkamam kibernetinio saugumo lygiui.
4. Déanfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta bearta iomchuí chun leibhéal leordhóthanach cibearshlándála a áirithiú.
5. Vykdydamos savo užduotis, nacionalinės kompetentingos institucijos laikosi 78 straipsnyje nustatytų konfidencialumo pareigų.
5. Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh acu, gníomhóidh na húdaráis inniúla náisiúnta i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.
6. Ne vėliau kaip 2025 m. rugpjūčio 2 d., o vėliau – kartą per dvejus metus valstybės narės praneša Komisijai apie nacionalinių kompetentingų institucijų finansinių ir žmogiškųjų išteklių būklę ir pateikia jų tinkamumo įvertinimą. Komisija šią informaciją perduoda Valdybai aptarti ir galimoms rekomendacijoms pateikti.
6. Faoin 2 Lúnasa 2025, agus uair amháin gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, tuairisceoidh na Ballstáit don Choimisiún maidir le stádas acmhainní airgeadais agus daonna na n-údarás inniúil náisiúnta, le measúnú ar a leordhóthanacht. Tarchuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis sin chuig an mBord lena plé agus le haghaidh moltaí a d’fhéadfadh a bheith ann.
7. Komisija padeda nacionalinėms kompetentingoms institucijoms keistis patirtimi.
7. Éascóidh an Coimisiún an malartú taithí idir údaráis inniúla náisiúnta.
8. Nacionalinės kompetentingos institucijos gali teikti gaires ir patarimus dėl šio reglamento įgyvendinimo, visų pirma MVĮ, įskaitant startuolius, atitinkamai atsižvelgdamos į Valdybos ir Komisijos gaires ir patarimus. Kai nacionalinės kompetentingos institucijos ketina DI sistemos atžvilgiu pateikti gairių ir patarimų srityse, kurioms taikoma kiti Sąjungos teisės aktai, atitinkamai pagal tuos Sąjungos teisės aktus konsultuojamasi su nacionalinėmis kompetentingomis institucijomis.
8. Féadfaidh údaráis inniúla náisiúnta treoir agus comhairle a sholáthar maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe do FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus treoir agus comhairle an Bhoird agus an Choimisiúin á gcur san áireamh, de réir mar is iomchuí. Nuair atá sé beartaithe ag na húdaráis inniúla náisiúnta treoir agus comhairle a thabhairt maidir le córas intleachta saorga i réimsí a chumhdaítear le dlí eile de chuid an Aontais, rachfar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla náisiúnta faoin dlí sin, de réir mar is iomchuí.
9. Kai šis reglamentas taikomas Sąjungos institucijoms, įstaigoms, organams ar agentūroms, jų priežiūros tikslu kompetentingos institucijos funkcijas vykdo Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas.
9. Nuair a thagann institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar an t-údarás inniúil chun maoirseacht a dhéanamh orthu.
VIII SKYRIUS
CAIBIDIL VIII
DIDELĖS RIZIKOS DI SISTEMŲ ES DUOMENŲ BAZĖ
BUNACHAR SONRAÍ AN AONTAIS LE HAGHAIDH CÓRAIS INTLEACHTA SAORGA ARDRIOSCA
71 straipsnis
Airteagal 71
III priede išvardytų didelės rizikos DI sistemų ES duomenų bazė
Bunachar sonraí an Aontais le haghaidh na gcóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III
1. Komisija, bendradarbiaudama su valstybėmis narėmis, sukuria ir tvarko ES duomenų bazę, kurioje saugoma šio straipsnio 2 ir 3 dalyse nurodyta informacija, susijusi su 6 straipsnio 2 dalyje nurodytomis pagal 49 ir 60 straipsnius užregistruotomis didelės rizikos DI sistemomis ir DI sistemomis, kurios pagal 6 straipsnio 3 dalį nelaikomos didelės rizikos DI sistemomis ir kurios yra užregistruotos pagal 6 straipsnio 4 dalį ir 49 straipsnį. Nustatydama tokios duomenų bazės funkcines specifikacijas, Komisija konsultuojasi su atitinkamais ekspertais, o atnaujindama tokios duomenų bazės funkcines specifikacijas – su Valdyba.
1. I gcomhar leis na Ballstáit, cuirfidh an Coimisiún bunachar sonraí an Aontais ar bun, agus déanfaidh sé é a chothabháil, ina mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo maidir leis na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2) atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagail 49 agus 60 agus córais intleachta saorga nach meastar a bheith ina n-ardriosca de bhun Airteagal 6(3) agus atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 6(4) agus Airteagal 49. Agus sonraíochtaí feidhmiúla an bhunachair sonraí sin á socrú aige, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na saineolaithe ábhartha, agus nuair a bheidh sonraíochtaí feidhmiúla an bhunachair sonraí sin á nuashonrú, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBord.
2. VIII priedo A ir B skirsniuose išvardytus duomenis į ES duomenų bazę įveda tiekėjas arba, kai taikytina, įgaliotas atstovas.
2. Déanfaidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t-ionadaí údaraithe na sonraí a liostaítear i Ranna A agus B d’Iarscríbhinn VIII a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais.
3. VIII priedo C skirsnyje išvardytus duomenis į ES duomenų bazę įveda diegėjas, kuris yra valdžios institucija, agentūra ar įstaiga arba kuris veikia jų vardu, pagal 49 straipsnio 3 ir 4 dalis.
3. Déanfaidh an t-úsáideoir gairmiúil, ar údarás poiblí, gníomhaireacht nó comhlacht poiblí é, nó a ghníomhaíonn thar ceann údaráis phoiblí, gníomhaireachta poiblí nó comhlachta phoiblí, na sonraí a liostaítear i Roinn C d’Iarscríbhinn VIII a iontráil i mbunachar sonraí an Aontais i gcomhréir le hAirteagail 49(3) agus (4).
4. Išskyrus 49 straipsnio 4 dalyje ir 60 straipsnio 4 dalies c punkte nurodytą skirsnį, su ES duomenų bazėje saugoma informacija, užregistruota pagal 49 straipsnį, turi būti galima vartotojui patogiu būdu susipažinti ir ji turi būti skelbiama viešai. Informacija turėtų būti lengvai naršoma ir kompiuterio nuskaitoma. Pagal 60 straipsnį užregistruota informacija yra prieinama tik rinkos priežiūros institucijoms ir Komisijai, išskyrus atvejus, kai galimas tiekėjas ar tiekėjas yra davęs sutikimą, kad ši informacija būtų prieinama viešai.
4. Cé is moite den roinn dá dtagraítear in Airteagal 49(4) agus in Airteagal 60(4), pointe (c), beidh an fhaisnéis atá i mbunachar sonraí an Aontais arna clárú i gcomhréir le hAirteagal 49 inrochtana agus ar fáil don phobal ar bhealach atá áisiúil don úsáideoir. Ba cheart an fhaisnéis a bheith inseolta go héasca agus inléite ag meaisín. An fhaisnéis a cláraíodh i gcomhréir le hAirteagal 60, ní bheidh sí inrochtana ach amháin d’údaráis faireachais margaidh agus don Choimisiún, mura rud é go bhfuil toiliú tugtha ag an soláthraí ionchasach nó ag an soláthraí go ndéanfaí an fhaisnéis sin a chur ar fáil don phobal freisin.
5. ES duomenų bazėje saugomi tik tie asmens duomenys, kurie yra būtini informacijai pagal šį reglamentą rinkti ir tvarkyti. Ta informacija apima fizinių asmenų, atsakingų už sistemos registravimą ir turinčių teisinius įgaliojimus atstovauti atitinkamai tiekėjui arba diegėjui, vardus bei pavardes ir kontaktinius duomenis.
5. Ní bheidh sonraí pearsanta i mbunachar sonraí an Aontais ach amháin a mhéid is gá chun faisnéis a bhailiú agus a phróiseáil i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áireofar san fhaisnéis sin ainmneacha agus sonraí teagmhála na ndaoine nádúrtha atá freagrach as an gcóras a chlárú agus a mbeidh an t-údarás dlíthiúil acu ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an tsoláthraí nó an úsáideora ghairmiúil, de réir mar is iomchuí.
6. Komisija yra ES duomenų bazės valdytoja. Ji teikia tiekėjams, galimiems tiekėjams ir diegėjams tinkamą techninę ir administracinę paramą. ES duomenų bazė turi atitikti taikomus prieinamumo reikalavimus.
6. Is é an Coimisiún a bheith ina rialaitheoir ar bhunachar sonraí an Aontais. Cuirfidh sé tacaíocht theicniúil agus riaracháin leordhóthanach ar fáil do sholáthraithe, do sholáthraithe ionchasacha agus d’úsáideoirí gairmiúla. Comhlíonfaidh bunachar sonraí an Aontais na ceanglais inrochtaineachta is infheidhme.
IX SKYRIUS
CAIBIDIL IX
STEBĖSENA PO PATEIKIMO RINKAI, DALIJIMASIS INFORMACIJA IR RINKOS PRIEŽIŪRA
FAIREACHÁN IARMHARGAIDH, COMHROINNT FAISNÉISE AGUS FAIREACHAS MARGAIDH
1 SKIRSNIS
ROINN 1
Stebėsena po pateikimo rinkai
Faireachán iarmhargaidh
72 straipsnis
Airteagal 72
Tiekėjų vykdoma stebėsena po pateikimo rinkai ir didelės rizikos DI sistemų stebėsenos po pateikimo rinkai planas
Faireachán iarmhargaidh arna dhéanamh ag soláthraithe agus plean faireacháin iarmhargaidh le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca
1. Tiekėjai nustato stebėsenos po pateikimo rinkai sistemą ir jos duomenis dokumentuoja tokiu būdu, kuris yra proporcingas DI technologijų pobūdžiui ir didelės rizikos DI sistemos keliamai rizikai.
1. Bunóidh soláthraithe córas faireacháin iarmhargaidh agus déanfaidh siad é a dhoiciméadú ar bhealach atá comhréireach le cineál na dteicneolaíochtaí intleachta saorga agus leis na rioscaí a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga ardriosca.
2. Naudojantis stebėsenos po pateikimo rinkai sistema aktyviai ir sistemingai renkami, dokumentuojami ir analizuojami atitinkami duomenys, kuriuos gali teikti diegėjai arba kurie gali būti renkami naudojantis kitais informacijos apie didelės rizikos DI sistemų veikimo efektyvumą šaltiniais visą jų gyvavimo laikotarpį ir kurie sudaro sąlygas tiekėjui įvertinti, ar DI sistemos nuolat atitinka III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus. Kai aktualu, stebėsena po pateikimo rinkai apima sąveikos su kitomis DI sistemomis analizę. Ši pareiga netaikoma diegėjų, kurie yra teisėsaugos institucijos, neskelbtiniems operatyviniams duomenims.
2. Déanfaidh an córas faireacháin iarmhargaidh sonraí ábhartha a bhailiú, a dhoiciméadú agus a anailísiú go gníomhach agus go córasach, ar sonraí iad a fhéadfaidh úsáideoirí gairmiúla a sholáthar nó a fhéadfar a bhailiú trí fhoinsí eile maidir le feidhmíocht córas intleachta saorga ardriosca ar feadh a saolré, agus lena gceadaítear don soláthraí meastóireacht a dhéanamh ar chomhlíontacht leanúnach na gcóras intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2. I gcás inarb ábhartha, áireofar le faireachán iarmhargaidh anailís ar an idirghníomhaíocht le córais intleachta saorga eile. Ní chumhdófar leis an oibleagáid sin sonraí oibríochtúla íogaire na n-úsáideoirí gairmiúla ar údaráis forfheidhmithe dlí iad.
3. Stebėsenos po pateikimo rinkai sistema grindžiama stebėsenos po pateikimo rinkai planu. Stebėsenos po pateikimo rinkai planas yra vienas iš IV priede nurodytų techninių dokumentų. Komisija ne vėliau kaip 2026 m. vasario 2 d. priima įgyvendinimo aktą, kuriame nustatomos išsamios nuostatos dėl stebėsenos po pateikimo rinkai plano šablono ir į planą įtrauktinų elementų sąrašo. Tas įgyvendinimo aktas priimamas laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
3. Beidh an córas faireacháin iarmhargaidh bunaithe ar phlean faireacháin iarmhargaidh. Beidh an plean faireacháin iarmhargaidh mar chuid den doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV. Glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena leagfar síos forálacha mionsonraithe lena mbunófar teimpléad don phlean faireacháin iarmhargaidh agus liosta na n-eilimintí atá le háireamh sa phlean faoin 2 Feabhra 2026. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
4. Didelės rizikos DI sistemų, kurioms taikomi I priedo A skirsnyje išvardyti Sąjungos derinamieji teisės aktai, atveju, jeigu pagal tuos teisės aktus stebėsenos po pateikimo rinkai sistema jau yra įdiegta, o planas jau yra parengtas, siekiant užtikrinti nuoseklumą, išvengti veiksmų dubliavimosi ir kuo labiau sumažinti papildomą naštą, tiekėjai, naudodamiesi 3 dalyje nurodytą šablonu, gali pasirinkti į pagal tuos teisės aktus jau sukurtas sistemas ir parengtus planus atitinkamai integruoti 1, 2 ir 3 dalyse apibūdintus būtinus elementus, su sąlyga, kad taip bus užtikrintas lygiavertis apsaugos lygis.
4. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás ina bhfuil córas agus plean faireacháin iarmhargaidh bunaithe cheana féin faoin reachtaíocht sin, chun comhsheasmhacht a áirithiú, dúbláil a sheachaint agus ualaí breise a íoslaghdú, beidh rogha ag soláthraithe na heilimintí is gá a ndéantar cur síos orthu i míreanna 1, 2 agus 3 a chomhtháthú, de réir mar is iomchuí, trí úsáid a bhaint as an teimpléad dá dtagraítear i mír 3 i gcórais agus i bpleananna atá ann cheana faoin reachtaíocht sin, ar choinníoll go mbainfear amach leis leibhéal coibhéiseach cosanta.
Pirma šios dalies pastraipa taip pat taikoma III priedo 5 punkte nurodytoms didelės rizikos DI sistemoms, kurias rinkai pateikė arba pradėjo naudoti finansų įstaigos, kurioms pagal Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktus taikomi reikalavimai, susiję su jų vidaus valdymu, tvarka ar procesais.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo freisin maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointe 5 d’Iarscríbhinn III a chuireann institiúidí airgeadais ar an margadh nó i mbun seirbhíse agus atá faoi réir ceanglais faoi dhlí seirbhísí airgeadais an Aontais maidir lena rialachas, a socruithe nó a bpróisis inmheánacha.
2 SKIRSNIS
ROINN 2
Dalijimasis informacija apie rimtus incidentus
Faisnéis a chomhroinnt faoi theagmhais thromchúiseacha
73 straipsnis
Airteagal 73
Pranešimas apie rimtus incidentus
Teagmhais thromchúiseacha a thuairisciú
1. DI sistemas Sąjungos rinkai pateikiantys tiekėjai valstybių narių, kuriose įvyko rimtas incidentas, rinkos priežiūros institucijoms praneša apie visus tokius incidentus.
1. Soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar mhargadh an Aontais, déanfaidh siad aon teagmhas tromchúiseach a thuairisciú d’údaráis faireachais margaidh na mBallstát inar tharla an teagmhas sin.
2. 1 dalyje nurodytas pranešimas pateikiamas iškart po to, kai tiekėjas nustato priežastinį ryšį tarp DI sistemos ir rimto incidento arba pagrįstą tokio ryšio tikimybę, ir bet kuriuo atveju ne vėliau kaip per 15 dienų po to, kai tiekėjas arba, kai taikytina, diegėjas sužino apie rimtą incidentą.
2. Déanfar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 láithreach tar éis don soláthraí nasc cúisíoch a bhunú idir an córas intleachta saorga agus an teagmhas tromchúiseach nó an dóchúlacht réasúnta go mbeidh nasc den sórt sin ann, agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 15 lá tar éis don soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, don úsáideoir gairmiúil, fáil amach faoin teagmhas tromchúiseach.
Nustatant pirmoje pastraipoje nurodytą pranešimo laikotarpį atsižvelgiama į rimto incidento sunkumą.
Cuirfear tromchúis an teagmhais thromchúisigh san áireamh sa tréimhse chun an tuairisciú dá dtagraítear sa chéad fhomhír a dhéanamh.
3. Nepaisant šio straipsnio 2 dalies, plačiai paplitusio pažeidimo arba rimto incidento, kaip apibrėžta 3 straipsnio 49 punkto b papunktyje, atveju šio straipsnio 1 dalyje nurodyta ataskaita pateikiama iškart, ir ne vėliau kaip dvi dienos nuo tada, kai tiekėjas arba, kai taikoma, diegėjas sužino apie incidentą.
3. D’ainneoin mhír 2 den Airteagal seo, i gcás sárú forleathan nó teagmhas tromchúiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (49)(b), soláthrófar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo láithreach, agus tráth nach déanaí ná 2 lá tar éis don soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, don úsáideoir gairmiúil teacht ar an eolas faoin teagmhas sin.
4. Nepaisant 2 dalies, asmens mirties atveju pranešimas pateikiamas iš karto po to, kai tiekėjas arba diegėjas nustato arba įtaria didelės rizikos DI sistemos ir rimto incidento priežastinį ryšį, tai padaroma ne vėliau kaip per 10 dienų nuo tos dienos, kai tiekėjas arba, kai taikytina, diegėjas sužino apie rimtą incidentą.
4. D’ainneoin mhír 2, i gcás bás duine, cuirfear an tuairisc ar fáil láithreach tar éis don soláthraí nó don úsáideoir gairmiúil gaolmhaireacht cúise idir an córas intleachta saorga ardriosca agus an teagmhas tromchúiseach a bhunú, nó a luaithe a bhíonn amhras air faoin teagmhas tromchúiseach, ach tráth nach déanaí ná 10 lá tar éis an dáta a thiocfaidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t-úsáideoir gairmiúil ar an eolas faoin teagmhas tromchúiseach.
5. Kai tai būtina siekiant užtikrinti, kad pranešimai būtų pateikiami laiku, tiekėjas arba, kai taikytina, diegėjas gali pateikti pradinį neišsamų pranešimą, o vėliau – išsamų pranešimą.
5. I gcás inar gá chun tuairisciú tráthúil a áirithiú, féadfaidh an soláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, an t-úsáideoir gairmiúil, tuarascáil tosaigh atá neamhiomlán a thíolacadh, agus tuarascáil iomlán a thíolacadh ina dhiaidh sin.
6. Pranešęs apie rimtą incidentą pagal 1 dalį, tiekėjas nedelsdamas atlieka būtinus tyrimus, susijusius su rimtu incidentu ir atitinkama DI sistema. Tai apima incidento rizikos vertinimą ir taisomuosius veiksmus.
6. Nuair a thuairisceofar teagmhas tromchúiseach de bhun mhír 1, déanfaidh an soláthraí, gan mhoill, na himscrúduithe is gá maidir leis an teagmhas tromchúiseach agus an córas intleachta saorga lena mbaineann. Áireofar leis sin measúnú riosca ar an teagmhas, agus beart ceartaitheach.
Atlikdamas pirmoje pastraipoje nurodytus tyrimus tiekėjas bendradarbiauja su kompetentingomis institucijomis ir, kai aktualu, su atitinkama notifikuotąja įstaiga ir, prieš tai neinformavęs kompetentingų institucijų apie tokius veiksmus, neatlieka jokių tyrimų, kurių metu atitinkama DI sistema būtų pakeista taip, kad tai galėtų turėti įtakos vėlesniam incidento priežasčių vertinimui.
Comhoibreoidh an soláthraí leis na húdaráis inniúla agus i gcás inarb ábhartha leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra lena mbaineann, le linn na n-imscrúduithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus ní dhéanfaidh sé aon imscrúdú ina n-athrófar an córas intleachta saorga lena mbaineann ar bhealach a mbeadh tionchar aige ar mheastóireacht ar bith a dhéanfaí ina dhiaidh sin maidir le cúiseanna an teagmhais, sula gcuirfidh sé na húdaráis inniúla ar an eolas faoin mbeart.
7. Gavusi pranešimą, susijusį su 3 straipsnio 49 punkto c papunktyje nurodytu rimtu incidentu, atitinkama rinkos priežiūros institucija informuoja 77 straipsnio 1 dalyje nurodytas nacionalines valdžios institucijas ar įstaigas. Siekdama palengvinti šio straipsnio 1 dalyje nustatytų pareigų vykdymą Komisija parengia specialias gaires. Tos gairės priimamos ne vėliau kaip 2025 m. rugpjūčio 2 d. ir reguliariai vertinamos.
7. Ar fhógra a fháil maidir le teagmhas tromchúiseach dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (49)(c), cuirfidh an t-údarás ábhartha faireachais margaidh na húdaráis phoiblí náisiúnta nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 77(1) ar an eolas. Forbróidh an Coimisiún treoir thiomnaithe chun comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a éascú. Eiseofar an treoir sin faoin 2 Lúnasa 2025, agus déanfar measúnú tráthrialta uirthi.
8. Rinkos priežiūros institucija per septynias dienas nuo šio straipsnio 1 dalyje nurodyto pranešimo gavimo dienos imasi tinkamų priemonių, kaip numatyta Reglamento (ES) 2019/1020 19 straipsnyje, ir laikosi tame reglamente nustatytų pranešimo procedūrų.
8. Déanfaidh an t-údarás faireachais margaidh bearta iomchuí, dá bhforáiltear in Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2019/1020, laistigh de 7 lá ón dáta a fuair sé an fógra dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus leanfaidh sé na nósanna imeachta um fhógra a thabhairt dá bhforáiltear sa Rialachán sin.
9. III priede nurodytų didelės rizikos DI sistemų, kurias rinkai pateikė arba pradėjo naudoti tiekėjai, kuriems taikomi Sąjungos teisė aktai, nustatantys pranešimo pareigas, lygiavertes nustatytoms šiame reglamente, atveju pranešama tik apie 3 straipsnio 49 punkto c papunktyje nurodytus rimtus incidentus.
9. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a chuireann soláthraithe, atá faoi réir ionstraimí reachtacha de chuid an Aontais lena leagtar síos oibleagáidí tuairiscithe atá coibhéiseach leo siúd a leagtar amach sa Rialachán seo, ar an margadh nó i mbun seirbhíse, beidh an fógra faoi theagmhais thromchúiseacha teoranta dóibh siúd dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (49)(c).
10. Didelės rizikos DI sistemų, kurios yra prietaisų saugos komponentai arba kurios pačios yra prietaisai, kurioms taikomi reglamentai (ES) 2017/745 ir (ES) 2017/746, atveju pranešama tik apie šio reglamento 3 straipsnio 49 punkto c papunktyje nurodytus rimtus incidentus ir apie juos pranešama valstybių narių, kuriose įvyko incidentas, tuo tikslu pasirinktai nacionalinei kompetentingai institucijai.
10. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca ar comhpháirteanna sábháilteachta d’fheistí iad, nó ar feistí iontu féin iad, arna gcumhdach le Rialacháin (AE) 2017/745 agus (AE) 2017/746, ní thabharfar fógra faoi theagmhais thromchúiseacha ach amháin ina gcás siúd dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (49)(c) den Rialachán seo, agus tabharfar an fógra don údarás inniúil náisiúnta arna roghnú chun na críche sin ag an mBallstát inar tharla an teagmhas.
11. Nacionalinės kompetentingos institucijos pagal Reglamento (ES) 2019/1020 20 straipsnį nedelsdamos praneša Komisijai apie kiekvieną rimtą incidentą nepriklausomai nuo to, ar jos ėmėsi veiksmų jo atžvilgiu.
11. Tabharfaidh na húdaráis inniúla náisiúnta fógra láithreach don Choimisiún faoi aon teagmhas tromchúiseach, bíodh beart déanta acu ina leith nó ná bíodh, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE) 2019/1020.
3 SKIRSNIS
ROINN 3
Vykdymo užtikrinimas
Forfheidhmiú
74 straipsnis
Airteagal 74
Sąjungos rinkoje esančių DI sistemų rinkos priežiūra ir kontrolė
Faireachas margaidh agus rialú córas intleachta saorga i margadh an Aontais
1. DI sistemoms, kurios patenka į šio reglamento taikymo sritį, taikomas Reglamentas (ES) 2019/1020. Šio reglamento veiksmingo vykdymo užtikrinimo tikslais:
1. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le córais intleachta saorga a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú go héifeachtach:
a)
visos nuorodos į ekonominės veiklos vykdytoją pagal Reglamentą (ES) 2019/1020 suprantamos kaip apimančios visus šio reglamento 2 straipsnio 1 dalyje nurodytus veiklos vykdytojus;
(a)
aon tagairt d’oibreoir eacnamaíoch faoi Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go gcuimsíonn sí na hoibreoirí uile a shainaithnítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo;
b)
visos nuorodos į gaminį pagal Reglamentą (ES) 2019/1020 suprantamos kaip apimančios visas DI sistemas, kurioms taikomas šis reglamentas.
(b)
aon tagairt do tháirge faoi Rialachán (AE) 2019/1020, tuigfear go gcuimsíonn sí gach córas intleachta saorga a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo.
2. Vykdydamos savo pareigas pranešti pagal Reglamento (ES) 2019/1020 34 straipsnio 4 dalį, rinkos priežiūros institucijos kasmet praneša Komisijai ir atitinkamoms nacionalinėms konkurencijos institucijoms visą vykdant rinkos priežiūros veiklą nustatytą informaciją, kuri gali būti svarbi konkurencijos taisykles reglamentuojančių Sąjungos teisės aktų taikymui. Jos taip pat kasmet praneša Komisijai apie tais metais vykdytos draudžiamos praktikos atvejus ir apie priemones, kurių buvo imtasi.
2. Mar chuid dá n-oibleagáidí tuairiscithe faoi Airteagal 34(4) de Rialachán (AE) 2019/1020, tuairisceoidh na húdaráis faireachais margaidh go bliantúil don Choimisiún agus do na húdaráis iomaíochta náisiúnta ábhartha aon fhaisnéis arna sainaithint le linn gníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chur i bhfeidhm dhlí an Aontais maidir le rialacha iomaíochta. Tuairisceoidh siad go bliantúil don Choimisiún freisin maidir le húsáid cleachtas toirmiscthe a tharla le linn na bliana sin agus maidir leis na bearta a rinneadh.
3. Didelės rizikos DI sistemų, susijusių su gaminiais, kuriems taikomi I priedo A skirsnyje išvardyti Sąjungos derinamieji teisės aktai, atveju šio reglamento tikslais rinkos priežiūros institucija yra pagal tuos teisės aktus paskirta institucija, atsakinga už rinkos priežiūros veiklą.
3. Maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i Roinn A d’Iarscríbhinn I, is é an t-údarás faireachais margaidh chun críocha an Rialacháin seo a bheidh ar an údarás atá freagrach as gníomhaíochtaí faireachais margaidh a ainmnítear faoi na gníomhartha dlí seo.
Nukrypstant nuo pirmos pastraipos, esant tinkamoms aplinkybėms valstybės narės gali paskirti kitą atitinkamą instituciją veikti kaip rinkos priežiūros institucija, su sąlyga, kad jos užtikrins veiklos koordinavimą su atitinkamomis sektorių rinkos priežiūros institucijomis, atsakingomis už I priede išvardytų Sąjungos derinimo teisės aktų vykdymo užtikrinimą.
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus in imthosca iomchuí, féadfaidh na Ballstáit údarás ábhartha eile a ainmniú chun gníomhú mar údarás faireachais margaidh, ar choinníoll go n-áiritheoidh siad comhordú leis na húdaráis faireachais margaidh earnálacha ábhartha atá freagrach as forfheidhmiú na ngníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn I.
4. Šio reglamento 79–83 straipsniuose nurodytos procedūros netaikomos DI sistemoms, susijusioms su gaminiais, kuriems taikomi I priedo A skirsnyje išvardyti Sąjungos derinamieji teisės aktai, kai tokiuose teisės aktuose jau numatytos procedūros, kuriomis užtikrinamas lygiavertis apsaugos lygis arba kuriomis siekiama tokio paties tikslo. Tokiais atvejais taikomos atitinkamos sektorių procedūros.
4. Na nósanna imeachta dá dtagraítear in Airteagail 79 go 83 den Rialachán seo, ní bheidh feidhm acu maidir le córais intleachta saorga a bhaineann le táirgí a chumhdaítear le reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear i roinn A d’Iarscríbhinn I, i gcás ina bhforáiltear cheana féin leis na gníomhartha dlí sin do nósanna imeachta lena n-áirithítear leibhéal coibhéiseach cosanta agus a bhfuil an cuspóir céanna acu. I gcásanna mar sin, beidh feidhm ag na nósanna imeachta earnálacha sin ina n-ionad.
5. Nedarant poveikio rinkos priežiūros institucijų įgaliojimams pagal Reglamento (ES) 2019/1020 14 straipsnį, veiksmingo šio reglamento vykdymo užtikrinimo tikslais rinkos priežiūros institucijos atitinkamai to reglamento 14 straipsnio 4 dalies d ir j punktuose nurodytais įgaliojimais gali naudotis nuotoliniu būdu.
5. Gan dochar do chumhachtaí na n-údarás faireachais margaidh faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) 2019/1020, chun forfheidhmiú éifeachtach an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh údaráis faireachais margaidh na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 14(4), pointí (d) agus (j), den Rialachán sin a fheidhmiú go cianda, de réir mar is iomchuí.
6. Didelės rizikos DI sistemų, kurias rinkai pateikia, pradeda naudoti arba naudoja finansų įstaigos, kurias reglamentuoja Sąjungos finansinių paslaugų teisės aktai, atveju šio reglamento tikslais rinkos priežiūros institucija yra atitinkama nacionalinė institucija, atsakinga už tų įstaigų finansinę priežiūrą pagal tuos teisės aktus, tiek, kiek DI sistemos pateikimas rinkai, pradėjimas naudoti arba naudojimas yra tiesiogiai susijęs su tų finansinių paslaugų teikimu.
6. I gcás córais intleachta saorga ardriosca a chuirtear ar an margadh, a chuirtear i mbun seirbhíse nó a úsáideann institiúidí airgeadais a rialáiltear le dlí seirbhísí airgeadais an Aontais, is é an t-údarás faireachais margaidh, chun críocha an Rialacháin seo, an t-údarás náisiúnta ábhartha atá freagrach as maoirseacht airgeadais na n-institiúidí sin faoin reachtaíocht sin a mhéid atá baint dhíreach ag an gcóras intleachta saorga a bheith á chur ar an margadh, á chur i mbun seirbhíse nó á úsáid le soláthar na seirbhísí airgeadais sin.
7. Nukrypstant nuo 6 dalies, atitinkamomis aplinkybėmis ir su sąlyga, kad bus užtikrinta veiklos koordinavimas, šio reglamento tikslais valstybė narė gali rinkos priežiūros institucija paskirti kitą atitinkamą instituciją.
7. De mhaolú ar mhír 6, in imthosca iomchuí, agus ar choinníoll go ndéantar an comhordú a áirithiú, féadfaidh an Ballstát údarás ábhartha eile a shainiú mar an t-údarás faireachais margaidh chun críocha an Rialacháin seo.
Nacionalinės rinkos priežiūros institucijos, prižiūrinčios reguliuojamas kredito įstaigas, reglamentuojamas pagal Direktyvą 2013/36/ES, kurios dalyvauja bendrame priežiūros mechanizme, nustatytame Reglamentu (ES) Nr. 1024/2013, turėtų nedelsdamos pateikti Europos Centriniam Bankui visą vykdant rinkos priežiūros veiklą nustatytą informaciją, kuri gali būti svarbi Europos Centrinio Banko prudencinės priežiūros užduotims, nurodytoms tame reglamente.
Údaráis náisiúnta faireachais margaidh a dhéanann maoirseacht ar institiúidí creidmheasa rialáilte arna rialáil faoi Threoir 2013/36/AE, atá rannpháirteach sa Sásra Maoirseachta Aonair (SMA) arna bhunú le Rialachán Uimh. 1024/2013, ba cheart dóibh tuairisciú, gan mhoill, don Bhanc Ceannais Eorpach aon fhaisnéis a shainaithnítear le linn a ngníomhaíochtaí faireachais margaidh a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise do chúraimí maoirseachta stuamachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh mar a shonraítear sa Rialachán sin.
8. Didelės rizikos DI sistemų, išvardytų šio reglamento III priedo 1 punkte atveju, tiek, kiek tos sistemos naudojamos teisėsaugos, sienų valdymo ir teisingumo ir demokratijos tikslais, taip pat didelės rizikos DI sistemų, išvardytų šio reglamento III priedo 6, 7 ir 8 punktuose, atveju valstybės narės šio reglamento tikslais rinkos priežiūros institucijomis paskiria kompetentingas duomenų apsaugos priežiūros institucijas pagal Reglamentą (ES) 2016/679 ar Direktyvą (ES) 2016/680 arba kitas institucijas, paskiriamos laikantis tų pačių sąlygų, kurios yra nustatytos Direktyvos (ES) 2016/680 41–44 straipsniuose. Rinkos priežiūros veikla jokiu būdu nedaro poveikio teisminių institucijų nepriklausomumui ar ja kitaip nesikišama į jų veiklą, kai jos vykdo teismines funkcijas.
8. I gcás córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointe 1 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, a mhéid a úsáidtear na córais chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, le haghaidh bainistiú teorainneacha agus ceartais agus an daonlathais agus le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca a liostaítear i bpointí 6, 7 agus 8 d’Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ainmneoidh na Ballstáit mar údaráis faireachais margaidh, chun críocha an Rialacháin seo, na húdaráis mhaoirseachta inniúla um chosaint sonraí faoi Rialachán (AE) 2016/679 nó faoi Threoir (AE) 2016/680, nó aon údarás eile arna ainmniú de bhun na gcoinníollacha céanna a leagtar síos in Airteagail 41 go 44 de Threoir (AE) 2016/680. Ní dhéanfaidh gníomhaíochtaí faireachais margaidh difear ar bhealach ar bith do neamhspleáchas na n-údarás breithiúnach ná ní chuirfidh siad isteach ar aon bhealach eile ar a ngníomhaíochtaí agus iad ag gníomhú ina gcáil bhreithiúnach.
9. Kai šis reglamentas taikomas Sąjungos institucijoms, įstaigoms, organams ar agentūroms, jų atžvilgiu rinkos priežiūros institucijos funkcijas vykdo Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas, išskyrus Europos Sąjungos Teisingumo Teismo, vykdančio savo teismines funkcijas, atvejį.
9. I gcás ina dtagann institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gníomhóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí mar a n-údarás faireachais margaidh, ach amháin i ndáil le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus í ag gníomhú ina cáil bhreithiúnach.
10. Valstybės narės sudaro palankias sąlygas koordinuoti pagal šį reglamentą paskirtų rinkos priežiūros institucijų ir kitų atitinkamų nacionalinių institucijų ar įstaigų, prižiūrinčių, kaip taikomi I priede išvardyti Sąjungos derinamieji teisės aktai ar kiti Sąjungos teisės aktai, kurie gali būti svarbūs III priede nurodytoms didelės rizikos DI sistemoms, veiklą.
10. Éascóidh na Ballstáit comhordú idir údaráis faireachais margaidh a ainmnítear faoin Rialachán seo agus údaráis nó comhlachtaí náisiúnta ábhartha eile a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó i reachtaíocht eile de chuid an Aontais, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha do na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III.
11. Rinkos priežiūros institucijos ir Komisija turi turėti galimybę pagal Reglamento (ES) 2019/1020 9 straipsnį pasiūlyti bendrą veiklą, įskaitant bendrus tyrimus, kurią vykdytų pačios rinkos priežiūros institucijos arba rinkos priežiūros institucijos kartu su Komisija ir kuria būtų siekiama skatinti atitiktį, nustatyti neatitikties atvejus, didinti informuotumą arba teikti su šiuo reglamentu susijusias gaires dėl konkrečių kategorijų didelės rizikos DI sistemų, kurios, kaip nustatyta, kelia didelę riziką dviejose ar daugiau valstybių narių. DI tarnyba padeda koordinuoti bendrus tyrimus.
11. Beidh údaráis faireachais margaidh agus an Coimisiún in ann gníomhaíochtaí comhpháirteacha a mholadh, lena n-áirítear imscrúduithe comhpháirteacha, a dhéanfaidh na húdaráis faireachais margaidh nó na húdaráis faireachais margaidh i gcomhpháirt leis an gCoimisiún, a mbeidh sé d’aidhm acu comhlíonadh a chur chun cinn, neamhchomhlíonadh a shainaithint, feasacht a mhúscailt nó treoir a thabhairt i dtaca leis an Rialachán seo a mhéid a bhaineann le catagóirí sonracha córas intleachta saorga ardriosca a gcinntear ina leith go bhfuil riosca tromchúiseach ag baint leo in dhá Bhallstát nó níos mó ná sin i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (AE) 2019/1020. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga tacaíocht chomhordúcháin ar fáil d’imscrúduithe comhpháirteacha.
12. Nedarant poveikio pagal Reglamentą (ES) 2019/1020 numatytiems įgaliojimams, kai aktualu, ir neviršijant to, kas būtina rinkos priežiūros institucijų užduotims atlikti, tiekėjai šioms institucijoms turi suteikti visapusišką prieigą prie dokumentų, taip pat didelės rizikos DI sistemų plėtojimui naudojamų mokymo, validavimo ir bandymo duomenų rinkinių, įskaitant, kai tinkama, ir taikant apsaugos priemones, taikomųjų programų sąsajas (API) arba kitas atitinkamas technines priemones ir įrankius, kurie sudaro sąlygas nuotolinei prieigai.
12. Gan dochar do na cumhachtaí dá bhforáiltear faoi Rialachán (AE) 2019/1020, agus i gcás inarb ábhartha, ach teoranta don mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, tabharfaidh soláthraithe rochtain iomlán do na húdaráis faireachais margaidh ar an doiciméadacht agus ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh i bhforbairt an chórais intleachta saorga ardriosca, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir coimircí slándála, trí chomhéadain feidhmchlár (API) nó trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí eile lenar féidir rochtain chianda a thabhairt.
13. Prieigą prie didelės rizikos DI sistemos pirminio kodo rinkos priežiūros institucijoms tiekėjai suteikia gavę jų motyvuotą prašymą ir tik tada, kai tenkinamos abi šios sąlygos:
13. Tabharfar rochtain d’údaráis faireachais margaidh ar chód foinseach an chórais intleachta saorga ardriosca ar iarraidh réasúnaithe agus ní thabharfar an rochtain sin dóibh ach amháin nuair a chomhlíontar an dá choinníoll seo a leanas:
a)
prieiga prie pirminio kodo yra būtina siekiant įvertinti didelės rizikos DI sistemos atitiktį III skyriaus 2 skirsnyje nustatytiems reikalavimams ir
(a)
tá gá le rochtain ar chód foinseach chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2; agus,
b)
nebeįmanoma atlikti kitų bandymo ir audito procedūrų ir patikrinimų, pagrįstų tiekėjo pateiktais duomenimis ir dokumentais, arba paaiškėjo, kad tokių procedūrų ir patikrinimų nepakanka.
(b)
ídíodh na nósanna imeachta tástála nó iniúchóireachta agus na fíoruithe ar fad bunaithe ar na sonraí agus an doiciméadacht arna soláthar ag an soláthraí nó léiríodh nár leor iad.
14. Visa rinkos priežiūros institucijų gauta informacija ar dokumentai tvarkomi laikantis 78 straipsnyje nustatytų konfidencialumo pareigų.
14. Aon fhaisnéis nó doiciméadacht a fhaigheann na húdaráis faireachais margaidh, caithfear léi i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.
75 straipsnis
Airteagal 75
Savitarpio pagalba, rinkos priežiūra ir bendrosios paskirties DI sistemų kontrolė
Cúnamh frithpháirteach, faireachas margaidh agus córais intleachta saorga ilchuspóireacha a rialú
1. Kai DI sistema grindžiama bendrosios paskirties DI modeliu, o modelį bei sistemą yra sukūręs tas pats tiekėjas, DI tarnyba turi įgaliojimus stebėti ir prižiūrėti, kaip tos DI sistemos atžvilgiu laikomasi šiame reglamente nustatytų pareigų. Kad galėtų vykdyti savo stebėsenos ir priežiūros užduotis, DI tarnyba turi visus rinkos priežiūros institucijos įgaliojimus, numatytus šiame skirsnyje ir Reglamente (ES) 2019/1020.
1. I gcás ina mbeidh córas intleachta saorga bunaithe ar shamhail intleachta saorga ilchuspóireach, agus is é an soláthraí céanna a fhorbraíonn an tsamhail agus an córas, beidh cumhachtaí ag an Oifig um Intleacht Shaorga faireachán agus maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga sin i dtaca le hoibleagáidí faoin Rialachán seo. Chun a cúraimí faireacháin agus maoirseachta a dhéanamh, beidh cumhachtaí uile údaráis faireachais margaidh ag an Oifig um Intleacht Shaorga dá bhforáiltear sa Roinn seo agus i Rialachán (AE) 2019/1020.
2. Jei atitinkamos rinkos priežiūros institucijos turi pakankamą pagrindą manyti, kad bendrosios paskirties DI sistemos, kurias diegėjai gali tiesiogiai naudoti bent vienai paskirčiai, kuri pagal šį reglamentą priskiriama didelės rizikos kategorijai, neatitinka šiame reglamente nustatytų reikalavimų, jos bendradarbiauja su DI tarnyba, kad atliktų atitikties vertinimus, ir atitinkamai informuoja Valdybą ir kitas rinkos priežiūros institucijas.
2. I gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag na húdaráis ábhartha faireachais margaidh chun a mheas go bhfuil córais intleachta saorga ilchuspóireacha ar féidir le húsáideoirí gairmiúla iad a úsáid go díreach chun críche amháin ar a laghad a aicmítear mar ardriosca de bhun an Rialacháin seo neamhchomhréireach leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, comhoibreoidh siad leis an Oifig um Intleacht Shaorga chun meastóireachtaí comhlíontachta a dhéanamh, agus cuirfidh siad an Bord agus údaráis eile faireachais margaidh ar an eolas dá réir sin.
3. Tais atvejais, kai rinkos priežiūros institucija negali užbaigti didelės rizikos DI sistemos tyrimo, nes negavo prieigos prie tam tikros su bendrosios paskirties DI modeliu susijusios informacijos, nors ir dėjo visas tinkamas pastangas tai informacijai gauti, ji gali pateikti DI tarnybai pagrįstą prašymą, kuriuo būtų užtikrinta prieiga prie tos informacijos. Tokiu atveju DI tarnyba nedelsdama ir bet kuriuo atveju per 30 dienų pateikia prašančiajai institucijai visą informaciją, kurią DI tarnyba laiko svarbia siekiant nustatyti, ar didelės rizikos DI sistema neatitinka reikalavimų. Rinkos priežiūros institucijos pagal šio reglamento 78 straipsnį užtikrina gautos informacijos konfidencialumą. Mutatis mutandis taikoma Reglamento (ES) 2019/1020 VI skyriuje numatyta procedūra.
3. I gcás nach mbeidh údarás faireachais margaidh in ann a imscrúdú ar an gcóras intleachta saorga ardriosca a thabhairt i gcrích toisc nach bhfuil sé in ann rochtain a fháil ar fhaisnéis áirithe a bhaineann leis an tsamhail intleachta saorga in ainneoin gach iarracht iomchuí a bheith déanta aige an fhaisnéis sin a fháil, féadfaidh sé iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid na hOifige um Intleacht Shaorga, trína ndéanfar rochtain ar an bhfaisnéis sin a fhorfheidhmiú. Sa chás sin, soláthróidh an Oifig um Intleacht Shaorga don údarás is iarratasóir gan mhoill, agus i gcás ar bith laistigh de 30 lá, aon fhaisnéis a mheasfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga a bheith ábhartha chun a shuí an bhfuil táirge neamhchomhlíontach. Déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh rúndacht na faisnéise a fhaigheann siad a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 78 den Rialachán seo. Beidh feidhm mutatis mutandis ag an nós imeachta dá bhforáiltear i gCaibidil VI de Rialachán (AE) 2019/1020.
76 straipsnis
Airteagal 76
Rinkos priežiūros institucijų vykdoma bandymo realiomis sąlygomis priežiūra
Maoirseacht arna déanamh ag na húdaráis faireachais margaidh ar thástáil i bhfíordhálaí
1. Rinkos priežiūros institucijos yra kompetentingos ir turi įgaliojimus užtikrinti, kad bandymas realiomis sąlygomis atitiktų šį reglamentą.
1. Beidh na hinniúlachtaí agus na cumhachtaí ag na húdaráis faireachais margaidh chun a áirithiú go mbeidh tástáil i bhfíordhálaí i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Kai bandymas realiomis sąlygomis atliekamas DI sistemų, kurios prižiūrimos apribotoje bandomojoje DI reglamentavimo aplinkoje pagal 58 straipsnį, atžvilgiu, rinkos priežiūros institucijos, vykdydamos apribotos bandomosios DI reglamentavimo aplinkos priežiūros funkciją, patikrina, ar laikomasi 60 straipsnio. Tos institucijos gali atitinkamai leisti, kad tiekėjas arba galimas tiekėjas bandymą realiomis sąlygomis atliktų nukrypdamas nuo 60 straipsnio 4 dalies f ir g punktuose nustatytų sąlygų.
2. I gcás ina ndéantar tástáil i bhfíordhálaí le haghaidh córais intleachta saorga a ndéantar maoirseacht orthu laistigh de bhosca gainimh intleachta saorga faoi Airteagal 58, fíoróidh na húdaráis faireachais margaidh go bhfuil Airteagal 60 á gcomhlíonadh, mar chuid dá ról maoirseachta maidir le bosca gainimh intleachta saorga. Féadfaidh na húdaráis sin, de réir mar is iomchuí, cead a thabhairt don soláthraí nó don soláthraí ionchasach an tástáil i bhfíordhálaí a dhéanamh de mhaolú ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 60(4), pointí (f) agus (g).
3. Jei galimas tiekėjas, tiekėjas arba trečioji šalis rinkos priežiūros instituciją yra informavę apie rimtą incidentą arba jei ta institucija turi kitų motyvų manyti, kad nevykdomos 60 ir 61 straipsniuose nustatytos sąlygos, ji gali atitinkamai savo teritorijoje priimti bet kurį iš šių sprendimų:
3. I gcás inar chuir an soláthraí ionchasach, an soláthraí nó aon tríú páirtí an t-údarás faireachais margaidh ar an eolas faoi theagmhas tromchúiseach nó i gcás ina mbeidh forais eile aige lena mheas nár comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagail 60 agus 61, féadfaidh sé ceachtar den dá chinneadh seo a leanas a dhéanamh ar a chríoch, de réir mar is iomchuí:
a)
sustabdyti arba nutraukti bandymą realiomis sąlygomis;
(a)
an tástáil i bhfíordhálaí a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi;
b)
reikalauti, kad tiekėjas arba galimas tiekėjas ir diegėjas arba galimas diegėjas pakeistų bet kurį bandymo realiomis sąlygomis aspektą.
(b)
a cheangal ar an soláthraí nó ar an soláthraí ionchasach agus ar an úsáideoir gairmiúil nó úsáideoir gairmiúil ionchasach aon ghné den tástáil a mhodhnú i bhfíordhálaí.
4. Jeigu rinkos priežiūros institucija yra priėmusi šio straipsnio 3 dalyje nurodytą sprendimą arba yra pareiškusi prieštaravimą, kaip tai suprantama 60 straipsnio 4 dalies b punkte, tame sprendime arba prieštaravime nurodomi motyvai ir tai, kaip tiekėjas arba galimas tiekėjas gali tą sprendimą arba prieštaravimą užginčyti.
4. I gcás ina bhfuil cinneadh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo déanta ag údarás faireachais margaidh nó ina bhfuil agóid déanta aige de réir bhrí Airteagal 60(4), pointe (b), léireofar sa chinneadh nó san agóid forais an chinnidh nó na hagóide sin agus an chaoi ar féidir leis an soláthraí nó an soláthraí ionchasach cur i gcoinne an chinnidh nó na hagóide.
5. Kai taikytina, kai rinkos priežiūros institucija priima 3 dalyje nurodytą sprendimą, ji praneša to sprendimo motyvus kitų valstybių narių, kuriose ta DI sistema buvo bandoma pagal bandymų planą, rinkos priežiūros institucijoms.
5. I gcás inarb infheidhme, ina mbeidh cinneadh dá dtagraítear i mír 3 déanta ag údarás faireachais margaidh, cuirfidh sé na forais atá leis an gcinneadh sin in iúl do na húdaráis faireachais margaidh sna Ballstáit eile ina ndearnadh an córas intleachta saorga a thástáil i gcomhréir leis an bplean tástála.
77 straipsnis
Airteagal 77
Pagrindines teises ginančių institucijų įgaliojimai
Cumhachtaí na n-údarás a chosnaíonn cearta bunúsacha
1. Nacionalinės valdžios institucijos arba įstaigos, prižiūrinčios, kaip vykdomos pareigos pagal Sąjungos teisės aktus dėl pagrindinių teisių, įskaitant teisę nebūti diskriminuojamiems, apsaugos, kai naudojamos III priede nurodytos didelės rizikos DI sistemos, arba užtikrinančios tų pareigų vykdymą, turi įgaliojimus prašyti prieigos prie visų pagal šį reglamentą parengtų ar saugomų dokumentų ir juos gauti suprantama kalba ir prieinamu formatu, kai prieiga prie tų dokumentų yra būtina jų įgaliojimams veiksmingai įgyvendinti laikantis jų jurisdikcijos ribų. Atitinkama valdžios institucija ar įstaiga apie tokį prašymą informuoja atitinkamos valstybės narės rinkos priežiūros instituciją.
1. Maidir le húdaráis phoiblí náisiúnta nó comhlachtaí poiblí náisiúnta a dhéanann maoirseacht nó forfheidhmiú ar urramú na n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais lena gcosnaítear cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun neamh-idirdhealaithe, i ndáil le húsáid na gcóras intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, beidh sé de chumhacht acu aon doiciméadacht arna cruthú nó arna coimeád ar bun faoin Rialachán seo a iarraidh agus rochtain a fháil uirthi i dteanga agus i bhformáid inrochtana nuair is gá an rochtain ar an doiciméadacht sin chun a sainorduithe a chomhlíonadh laistigh de theorainneacha a ndlínse. Cuirfidh an t-údarás poiblí nó an comhlacht poiblí ábhartha an t-údarás faireachais margaidh sa Bhallstát lena mbaineann ar an eolas faoi aon iarraidh mar sin.
2. Ne vėliau kaip 2024 m. lapkričio 2 d. kiekviena valstybė narė identifikuoja 1 dalyje nurodytas valdžios institucijas ar įstaigas ir jų sąrašą paskelbia viešai. Valstybės narės pateikia sąrašą Komisijai bei kitoms valstybėms narėms ir nuolat jį atnaujina.
2. Faoin 2 Samhain 2024, déanfaidh gach Ballstát na húdaráis phoiblí nó na comhlachtaí poiblí dá dtagraítear i mír 1 a shainaithint agus cuirfidh sé liosta ar fáil go poiblí. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoin liosta sin don Choimisiún agus do na Ballstáit eile agus coinneoidh siad an liosta cothrom le dáta.
3. Jeigu 1 dalyje nurodytų dokumentų nepakanka, kad būtų galima įsitikinti, ar buvo nesilaikyta Sąjungos teisės aktuose, kuriais saugomos pagrindinės teisės, nustatytų pareigų, 1 dalyje nurodyta valdžios institucija arba įstaiga gali pateikti rinkos priežiūros institucijai motyvuotą prašymą organizuoti didelės rizikos DI sistemos bandymą techninėmis priemonėmis. Rinkos priežiūros institucija per pagrįstą laikotarpį po prašymo pateikimo suorganizuoja bandymą glaudžiai bendradarbiaudama su prašančiąja valdžios institucija ar įstaiga.
3. I gcás nach leor an doiciméadacht dá dtagraítear i mír 1 chun a fháil amach ar tharla sárú ar oibleagáidí faoi dhlí an Aontais atá ceaptha cearta bunúsacha a chosaint, féadfaidh an t-údarás poiblí nó an comhlacht poiblí dá dtagraítear i mír 1 iarraidh réasúnaithe a chur faoi bhráid an údaráis faireachais margaidh, chun tástáil an chórais intleachta saorga ardriosca a eagrú trí mhodhanna teicniúla. Eagróidh an t-údarás faireachais margaidh an tástáil trí dhlúthbhaint leis an údarás poiblí iarrthach nó leis an gcomhlacht poiblí iarrthach laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis na hiarrata.
4. Visa informacija ar dokumentai, kuriuos šio straipsnio 1 dalyje nurodytos nacionalinės valdžios institucijos ar įstaigos gavo pagal šio straipsnio nuostatas, tvarkomi laikantis 78 straipsnyje nustatytų konfidencialumo pareigų.
4. Aon fhaisnéis nó aon doiciméadacht a gheobhaidh na húdaráis phoiblí náisiúnta nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo de bhun an Airteagail seo, déileálfar léi sin i gcomhréir leis na hoibleagáidí rúndachta a leagtar amach in Airteagal 78.
78 straipsnis
Airteagal 78
Konfidencialumas
Rúndacht
1. Komisija, rinkos priežiūros institucijos ir notifikuotosios įstaigos ir visi kiti fiziniai ar juridiniai asmenys, dalyvaujantys taikant šį reglamentą, pagal Sąjungos ar nacionalinės teisės aktus užtikrina informacijos ir duomenų, gautų vykdant jų užduotis ir veiklą, konfidencialumą, kad visų pirma būtų apsaugotos:
1. Urramóidh an Coimisiún, údaráis faireachais margaidh agus comhlachtaí faoina dtugtar fógra agus aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile a bhfuil baint aige le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, i gcomhréir le dlí an Aontais nó leis an dlí náisiúnta, rúndacht na faisnéise agus na sonraí arna bhfáil i mbun cúraimí agus gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach ina ndéanfar an méid seo a leanas a chosaint go háirithe:
a)
intelektinės nuosavybės teisės ir fizinio ar juridinio asmens konfidenciali verslo informacija ar komercinės paslaptys, įskaitant pirminį kodą, išskyrus atvejus, nurodytus Europos Parlamento ir Tarybos direktyvos (ES) 2016/943 (57) 5 straipsnyje;
(a)
cearta maoine intleachtúla, agus faisnéis rúnda ghnó nó rúin trádála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear cód foinseach, seachas sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (57);
b)
veiksmingas šio reglamento įgyvendinimas, visų pirma patikrinimų, tyrimų arba auditų tikslais;
(b)
cur chun feidhme éifeachtach an Rialacháin seo, go háirithe chun críoch cigireachtaí, imscrúduithe nó iniúchtaí;
c)
visuomenės ir nacionalinio saugumo interesai;
(c)
leas an phobail agus leasanna slándála náisiúnta;
d)
baudžiamojo ar administracinio proceso vykdymas;
(d)
seoladh imeachtaí coiriúla nó riaracháin;
e)
pagal Sąjungos arba nacionalinės teisės aktus įslaptinta informacija.
(e)
faisnéis a aicmítear de bhun dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta.
2. Institucijos, dalyvaujančios taikant šį reglamentą pagal 1 dalį, prašo tik tų duomenų, kurie yra tikrai būtini DI sistemų keliamai rizikai įvertinti ir jų įgaliojimams vykdyti laikantis šio reglamento ir Reglamento (ES) 2019/1020. Jos įdiegia tinkamas ir veiksmingas kibernetinio saugumo priemones, kad būtų apsaugotas gautos informacijos bei duomenų saugumas ir konfidencialumas, o surinktus duomenis ištrina iškart, kai tik jie yra nebereikalingi tikslui, kuriuo jie buvo gauti, pagal taikytinus Sąjungos ar nacionalinės teisės aktus.
2. Na húdaráis a bhfuil baint acu le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo de bhun mhír 1, ní iarrfaidh siad ach sonraí a bhfuil fíorghá leo chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le córais intleachta saorga agus chun a gcumhachtaí a fheidhmiú i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2019/1020. Cuirfidh siad bearta cibearshlándála leordhóthanacha agus éifeachtacha i bhfeidhm chun slándáil agus rúndacht na faisnéise agus na sonraí a fhaightear a chosaint, agus scriosfaidh siad na sonraí arna mbailiú a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh chun na críche dá bhfuarthas iad, i gcomhréir le dlí is infheidhme an Aontais nó leis an dlí náisiúnta is infheidhme.
3. Nedarant poveikio 1 ir 2 dalims, informacija, kuria konfidencialiai keičiasi nacionalinės kompetentingos institucijos tarpusavyje arba su Komisija, neatskleidžiama iš anksto nepasikonsultavus su ją pateikusia nacionaline kompetentinga institucija ir diegėju, kai III priedo 1, 6 arba 7 punkte nurodytas didelės rizikos DI sistemas naudoja teisėsaugos, sienų kontrolės, imigracijos ar prieglobsčio institucijos ir jei toks atskleidimas keltų grėsmę visuomenės ir nacionalinio saugumo interesams. Šis keitimasis informacija neapima neskelbtinų operatyvinių duomenų, susijusių su teisėsaugos, sienų kontrolės, imigracijos ar prieglobsčio institucijų veikla.
3. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2, maidir le faisnéis a mhalartaítear ar bhonn rúnda idir na húdaráis inniúla náisiúnta agus idir údaráis inniúla náisiúnta agus an Coimisiún, ní nochtfar an fhaisnéis sin gan dul i gcomhairle roimh ré leis an údarás inniúil náisiúnta tionscnaimh agus leis an úsáideoir gairmiúil nuair a úsáideann údaráis forfheidhmithe dlí, údaráis rialaithe teorann, údaráis inimirce nó údaráis tearmainn na córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, agus nuair a chuirfeadh an nochtadh sin leasanna slándála poiblí agus leasanna slándála náisiúnta i mbaol. Ní chumhdófar, leis an malartú faisnéise sin, sonraí oibríochtúla íogaire maidir le gníomhaíochtaí na n-údarás forfheidhmithe dlí, rialaithe teorann, inimirce nó tearmainn.
Kai teisėsaugos, imigracijos ar prieglobsčio institucijos yra didelės rizikos DI sistemų, nurodytų III priedo 1, 6 ar 7 punkte, tiekėjos, IV priede nurodyti techniniai dokumentai turi likti tų institucijų patalpose. Tos institucijos užtikrina, kad, pateikusios prašymą, atitinkamai 74 straipsnio 8 ir 9 dalyse nurodytos rinkos priežiūros institucijos galėtų nedelsdamos susipažinti su dokumentais arba gauti jų kopijas. Susipažinti su tais dokumentais ar jų kopijomis leidžiama tik rinkos priežiūros institucijos darbuotojams, turintiems atitinkamo lygio asmens patikimumo pažymėjimą.
Maidir le húdaráis forfheidhmithe dlí, inimirce agus tearmainn, i gcás inar soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca iad dá dtagraítear i bpointí 1, 6 nó 7 d’Iarscríbhinn III, fanfaidh an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV laistigh d’áitreabh na n-údarás sin. Áiritheoidh na húdaráis sin gur féidir leis na húdaráis faireachais margaidh dá dtagraítear in Airteagal 74(8) agus (9), de réir mar is infheidhme, rochtain a fháil ar an doiciméadacht láithreach, arna iarraidh sin dóibh, nó cóip di a fháil. Ní cheadófar ach d’fhoireann an údaráis faireachais margaidh a bhfuil an leibhéal iomchuí imréitigh slándála acu rochtain a fháil ar an doiciméadacht sin nó ar aon chóip di.
4. 1, 2 ir 3 dalimis nedaromas poveikis Komisijos, valstybių narių ir atitinkamų jų institucijų, taip pat notifikuotųjų įstaigų teisėms ir pareigoms keistis informacija ir platinti įspėjimus, be kita ko, tarpvalstybinio bendradarbiavimo kontekste, taip pat nedaro poveikio atitinkamų šalių pareigoms teikti informaciją pagal valstybių narių baudžiamąją teisę.
4. Ní dhéanfaidh míreanna 1, 2 ná 3 difear do chearta ná d’oibleagáidí an Choimisiúin, na mBallstát agus a n-údarás ábhartha, agus na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, maidir le malartú faisnéise agus scaipeadh rabhadh, lena n-áirítear i gcomhthéacs an chomhair trasteorann, ná d’oibleagáidí na bpáirtithe lena mbaineann chun faisnéis a chur ar fáil faoi dhlí coiriúil na mBallstát.
5. Komisija ir valstybės narės, kai tai būtina, laikydamosi atitinkamų tarptautinių ir prekybos susitarimų nuostatų, gali keistis konfidencialia informacija su trečiųjų valstybių, su kuriomis jos yra sudariusios dvišalius arba daugiašalius konfidencialumo susitarimus, kuriais užtikrinamas reikiamas konfidencialumo lygis, reguliavimo institucijomis.
5. Féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcás inar gá agus i gcomhréir le forálacha ábhartha comhaontuithe idirnáisiúnta agus trádála, faisnéis rúnda a mhalartú le húdaráis rialála tríú tíortha a bhfuil socruithe rúndachta déthaobhacha nó iltaobhacha tugtha i gcrích acu leo lena ráthaítear leibhéal leordhóthanach rúndachta.
79 straipsnis
Airteagal 79
Nacionalinio lygmens procedūra, taikoma riziką keliančioms DI sistemoms
Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta chun déileáil le córais intleachta saorga lena mbaineann riosca
1. Riziką keliančios DI sistemos laikomos pavojų keliančiu gaminiu, kaip apibrėžta Reglamento (ES) 2019/1020 3 straipsnio 19 punkte, tiek, kiek jos kelia riziką asmenų sveikatai ar saugai arba pagrindinėms teisėms.
1. Maidir le córais intleachta saorga lena mbaineann riosca, tuigfear iad a bheith mar ‘táirge lena mbaineann riosca’ mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe 19 de Rialachán (AE) 2019/1020 a mhéid a bhaineann rioscaí don tsláinte nó don tsábháilteacht nó do chearta bunúsacha daoine leo.
2. Jeigu valstybės narės rinkos priežiūros institucija turi pakankamo pagrindo manyti, kad DI sistema kelia 1 dalyje nurodytą riziką, ji atlieka atitinkamą DI sistemos vertinimą, kad nustatytų ar jos atžvilgiu laikomasi visų šiame reglamente nustatytų reikalavimų ir pareigų. Ypatingas dėmesys skiriamas DI sistemoms, keliančioms riziką pažeidžiamoms grupėms. Kai nustatoma rizika pagrindinėms teisėms, rinkos priežiūros institucija taip pat nedelsdama informuoja atitinkamas 77 straipsnio 1 dalyje nurodytas nacionalines valdžios institucijas ar įstaigas ir su jomis visapusiškai bendradarbiauja. Atitinkami veiklos vykdytojai prireikus bendradarbiauja su rinkos priežiūros institucija ir 77 straipsnio 1 dalyje nurodytomis kitomis nacionalinėmis valdžios institucijomis ar įstaigomis.
2. I gcás ina mbeidh cúis leormhaith ag an údarás faireachais margaidh i mBallstát lena mheas go bhfuil riosca dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ag baint le córas intleachta saorga, déanfaidh sé meastóireacht ar an gcóras intleachta saorga lena mbaineann maidir le comhlíonadh na gceanglas agus na n-oibleagáidí uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Tabharfar aird ar leith ar chórais intleachta saorga a bhfuil riosca ag baint leo do ghrúpaí leochaileacha. I gcás ina sainaithnítear rioscaí do chearta bunúsacha, cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh na húdaráis nó na comhlachtaí poiblí náisiúnta ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 77(1) ar an eolas freisin agus oibreoidh sé i gcomhar iomlán leo. Comhoibreoidh na hoibreoirí ábhartha, de réir mar is gá, leis an údarás faireachais margaidh agus leis na húdaráis nó comhlachtaí poiblí náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 77(1).
Jeigu atlikdama tą vertinimą rinkos priežiūros institucija arba, kai taikytina, rinkos priežiūros institucija, bendradarbiaudama su 77 straipsnio 1 dalyje nurodyta nacionaline valdžios institucija, nustato, kad DI sistemos atžvilgiu nesilaikoma šiame reglamente nustatytų reikalavimų ir pareigų, ji nepagrįstai nedelsdama pareikalauja, kad atitinkamas veiklos vykdytojas imtųsi visų reikiamų taisomųjų veiksmų, kad būtų užtikrinta DI sistemos atitiktis, DI sistema būtų pašalinta iš rinkos arba ji būtų atšaukta per laikotarpį, kurį rinkos priežiūros institucija gali nustatyti, ir bet kuriuo atveju per trumpesnį nei 15 darbo dienų laikotarpį arba kaip numatyta atitinkamuose Sąjungos derinamuosiuose teisės aktuose.
Más rud é, agus an measúnú sin á dhéanamh, go gcinnfidh an t-údarás faireachais margaidh, nó, i gcás inarb infheidhme, an t-údarás faireachais margaidh i gcomhar leis an údarás poiblí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 77(1), nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh sé, gan moill mhíchuí, ar an oibreoir ábhartha gach beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an córas intleachta saorga a thabhairt chun comhréireachta, an córas intleachta saorga a aistarraingt ón margadh, nó é a aisghairm laistigh de thréimhse a fhéadfaidh an t-údarás faireachais magaidh a fhorordú, agus in aon chás laistigh de 15 lá oibre, nó de réir mar a fhoráiltear i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais.
Rinkos priežiūros institucija apie tai informuoja atitinkamą notifikuotąją įstaigą. Šios dalies antroje pastraipoje nurodytoms priemonėms taikomas Reglamento (ES) 2019/1020 18 straipsnis.
Cuirfidh an t-údarás faireachais margaidh an comhlacht ábhartha faoina dtugtar fógra ar an eolas dá réir sin. Beidh feidhm ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir leis na bearta dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.
3. Jei rinkos priežiūros institucija mano, kad reikalavimų nesilaikoma ne tik jos nacionalinėje teritorijoje, ji nepagrįstai nedelsdama informuoja Komisiją ir kitas valstybes nares apie vertinimo rezultatus ir veiksmus, kurių ji nurodė imtis veiklos vykdytojui.
3. I gcás ina measann an t-údarás faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh sé ar an oibreoir a dhéanamh.
4. Veiklos vykdytojas užtikrina, kad visų reikiamų taisomųjų veiksmų būtų imtasi visų atitinkamų DI sistemų, kurias jis pateikė Sąjungos rinkai, atžvilgiu.
4. Áiritheoidh an t-oibreoir go ndéantar gach beart ceartaitheach iomchuí i leith na gcóras intleachta saorga uile lena mbaineann atá curtha ar fáil aige ar mhargadh an Aontais.
5. Jeigu per 2 dalyje nurodytą laikotarpį su DI sistema susijusios veiklos vykdytojas nesiima tinkamų taisomųjų veiksmų, rinkos priežiūros institucija imasi visų tinkamų laikinųjų priemonių, kad būtų uždraustas arba apribotas DI sistemos pateikimas jos nacionalinei rinkai arba pradėjimas naudoti, gaminys arba atskira DI sistema būtų pašalinti iš rinkos arba atšaukti. Apie tokias priemones ta institucija nepagrįstai nedelsdama praneša Komisijai ir kitoms valstybėms narėms.
5. I gcás nach ndéanfaidh oibreoir córais intleachta saorga beart ceartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2, déanfaidh an t-údarás faireachais margaidh gach beart sealadach is iomchuí chun an córas intleachta saorga a thoirmeasc nó a shrianadh óna bheith á chur ar fáil ar a mhargadh náisiúnta agus óna bheith á chur i mbun seirbhíse, chun an táirge nó an córas intleachta saorga neamhspleách a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm. Tabharfaidh an t-údarás sin fógra, gan moill mhíchuí, don Choimisiún agus do na Ballstáit eile faoi na bearta sin.
6. 5 dalyje nurodytame pranešime pateikiami visi turimi duomenys, visų pirma informacija, kurios reikia reikalavimų neatitinkančiai DI sistemai identifikuoti, DI sistemos ir vertės grandinės kilmė, įtariamo reikalavimų nesilaikymo ir keliamos rizikos pobūdis, nacionalinių priemonių, kurių imtasi, pobūdis ir trukmė, taip pat atitinkamo veiklos vykdytojo pateikti argumentai. Visų pirma rinkos priežiūros institucijos nurodo, ar reikalavimų nesilaikymas sietinas su viena ar daugiau iš šių priežasčių:
6. San fhógra dá dtagraítear i mír 5 beidh na mionsonraí uile atá ar fáil, go háirithe an fhaisnéis is gá chun an córas intleachta saorga neamhchomhlíontach a shainaithint, áit tionscnaimh an chórais intleachta saorga, an cineál neamhchomhlíontachta agus an riosca a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh agus na hargóintí a rinne an t-oibreoir ábhartha. Tabharfaidh na húdaráis faireachais margaidh le fios go háirithe ar tharla an neamhchomhlíonadh i ngeall ar aon cheann nó níos mó de na nithe seo a leanas:
a)
nesilaikoma 5 straipsnyje nurodyto su DI susijusios praktikos draudimo;
(a)
neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5;
b)
didelės rizikos DI sistema neatitinka III skyriaus 2 skirsnyje nustatytų reikalavimų;
(b)
nár chomhlíon córas intleachta saorga ardriosca na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;
c)
40 ir 41 straipsniuose nurodyti darnieji standartai arba bendrosios specifikacijos, kuriais remiantis daryta atitikties prezumpcija, turi trūkumų;
(c)
go raibh easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 lena mbronntar toimhde comhréireachta;
d)
nesilaikoma 50 straipsnio.
(d)
neamhchomhlíonadh Airteagal 50.
7. Kitos rinkos priežiūros institucijos nei procedūrą inicijavusios valstybės narės rinkos priežiūros institucija nedelsdamos informuoja Komisiją ir kitas valstybes nares apie visas priemones, kurių ėmėsi, ir pateikia visą turimą papildomą informaciją, susijusią su atitinkamai DI sistemai taikomų reikalavimų nesilaikymu, o jei nesutinka su nacionaline priemone, apie kurią pranešta, – savo prieštaravimus.
7. Maidir leis na húdaráis faireachais margaidh nach iad an t-údarás faireachais margaidh sa Bhallstát atá ag tionscnamh an nós imeachta iad, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi aon bheart arna ghlacadh agus faoi aon fhaisnéis bhreise atá acu a bhaineann le neamhchomhlíonadh an chórais intleachta saorga atá i gceist, agus, i gcás nach n-aontóidh siad leis an mbeart náisiúnta a bhfuil fógra tugtha faoi, faoina n-agóidí.
8. Jeigu per tris mėnesius nuo šio straipsnio 5 dalyje nurodyto pranešimo gavimo nei valstybės narės rinkos priežiūros institucija, nei Komisija nepareiškia prieštaravimo dėl laikinosios priemonės, kurios ėmėsi kitos valstybės narės rinkos priežiūros institucija, ta priemonė laikoma pagrįsta. Tai nedaro poveikio atitinkamo veiklos vykdytojo procesinėms teisėms pagal Reglamento (ES) 2019/1020 18 straipsnį. Tuo atveju, kai nesilaikoma šio reglamento 5 straipsnyje nurodyto su DI susijusios praktikos draudimo, šioje dalyje nurodytas trijų mėnesių laikotarpis sutrumpinamas iki 30 dienų.
8. Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a fháil, nach bhfuil aon agóid déanta ag údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit ná ag an gCoimisiún maidir le beart sealadach a ghlac údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit eile measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin. Beidh an méid sin gan dochar do chearta nós imeachta an oibreora lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020. Laghdófar an tréimhse 3 mhí dá dtagraítear sa mhír seo go 30 lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán seo.
9. Rinkos priežiūros institucijos užtikrina, kad atitinkamo gaminio arba DI sistemos atžvilgiu nepagrįstai nedelsiant būtų taikomos tinkamos ribojamosios priemonės, pavyzdžiui, gaminys arba DI sistema būtų pašalinti iš jų rinkos.
9. Áiritheoidh na húdaráis faireachais margaidh go ndéanfar bearta sriantacha iomchuí i leith an táirge nó an chórais intleachta saorga lena mbaineann, amhail an táirge nó an córas intleachta saorga a tharraingt siar óna margadh gan moill mhíchuí.
80 straipsnis
Airteagal 80
Procedūra, taikoma DI sistemoms, kurias tiekėjas pagal III priedą priskiria nedidelės rizikos sistemoms
Nós imeachta chun déileáil le córais intleachta saorga atá aicmithe ag an soláthraí mar chóras nach mbaineann ardriosca leis agus Iarscríbhinn III á cur i bhfeidhm
1. Jeigu rinkos priežiūros institucija turi pakankamą pagrindą manyti, kad DI sistema, kurią tiekėjas pagal 6 straipsnio 3 dalį priskiria nedidelės rizikos sistemoms, iš tikrųjų yra didelės rizikos sistema, rinkos priežiūros institucija atlieka atitinkamos DI sistemos vertinimą, susijusį su jos priskyrimu didelės rizikos DI sistemoms, remdamasi 6 straipsnio 3 dalyje nustatytomis sąlygomis ir Komisijos gairėmis.
1. I gcás ina mbeidh cúis leordhóthanach ag údarás faireachais margaidh lena mheas gur córas ardriosca i ndáiríre é córas intleachta saorga arna aicmiú ag an soláthraí mar chóras nach mbaineann ardriosca leis de bhun Airteagal 6(3), déanfaidh an t-údarás faireachais margaidh meastóireacht ar an gcóras intleachta saorga lena mbaineann i ndáil lena aicmiú mar chóras intleachta saorga ardriosca bunaithe ar na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 6(3) agus i dtreoirlínte an Choimisiúin.
2. Jeigu atlikdama tą vertinimą rinkos priežiūros institucija nustato, kad atitinkama DI sistema kelia didelę riziką, ji nepagrįstai nedelsdama pareikalauja, kad atitinkamas tiekėjas imtųsi visų reikiamų veiksmų, kad būtų užtikrintas tos DI sistemos atžvilgiu taikomų šiame reglamente nustatytų reikalavimų ir pareigų laikymasis, taip pat per laikotarpį, kurį rinkos priežiūros institucija gali nustatyti, būtų imtasi tinkamų taisomųjų veiksmų.
2. I gcás ina gcinnfidh an t-údarás faireachais margaidh, le linn na meastóireachta sin, gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga lena mbaineann, ceanglóidh sé gan moill mhíchuí ar an soláthraí ábhartha gach beart is gá a dhéanamh chun an córas intleachta saorga a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo, chomh maith le beart ceartaitheach iomchuí a dhéanamh laistigh de thréimhse a fhorordóidh an t-údarás faireachais margaidh.
3. Jeigu rinkos priežiūros institucija mano, kad atitinkama DI sistema naudojama ne tik jos nacionalinėje teritorijoje, ji nepagrįstai nedelsdama informuoja Komisiją ir kitas valstybes nares apie vertinimo rezultatus ir veiksmus, kurių ji nurodė imtis tiekėjui.
3. I gcás ina measann an t-údarás faireachais margaidh nach bhfuil úsáid an chórais intleachta saorga lena mbaineann srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas, gan moill mhíchuí, faoi thorthaí na meastóireachta agus faoi na gníomhaíochtaí a d’éiligh sé ar an oibreoir a dhéanamh.
4. Tiekėjas užtikrina, kad būtų imtasi visų reikiamų veiksmų, kad DI sistemos atžvilgiu būtų laikomasi šiame reglamente nustatytų reikalavimų ir pareigų. Jei atitinkamas DI sistemos tiekėjas per šio straipsnio 2 dalyje nurodytą laikotarpį neužtikrina, kad DI sistemos atžvilgiu būtų laikomasi tų reikalavimų ir pareigų, tiekėjui skiriamos baudos pagal 99 straipsnį.
4. Áiritheoidh an soláthraí go ndéanfar gach beart is gá chun an córas intleachta saorga a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais agus na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás nach ndéanfaidh soláthraí an chórais intleachta saorga lena mbaineann an córas intleachta saorga a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais agus na hoibleagáidí sin laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh an soláthraí faoi réir fíneálacha i gcomhréir le hAirteagal 99.
5. Tiekėjas užtikrina, kad visų reikiamų taisomųjų veiksmų būtų imtasi visų atitinkamų DI sistemų, kurias jis pateikė Sąjungos rinkai, atžvilgiu.
5. Áiritheoidh an soláthraí go ndéantar gach beart ceartaitheach iomchuí i leith na gcóras intleachta saorga uile lena mbaineann atá curtha ar fáil aige ar mhargadh an Aontais.
6. Jeigu per šio straipsnio 2 dalyje nurodytą laikotarpį atitinkamos DI sistemos tiekėjas nesiima tinkamų taisomųjų veiksmų, taikomos 79 straipsnio 5–9 dalys.
6. I gcás nach ndéanfaidh soláthraí an chórais intleachta saorga lena mbaineann beart ceartaitheach leordhóthanach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, beidh feidhm ag Airteagal 79(5) go (9).
7. Jeigu atlikdama vertinimą pagal šio straipsnio 1 dalį rinkos priežiūros institucija nustato, kad tiekėjas klaidingai priskyrė DI sistemą nedidelės rizikos sistemoms, kad išvengtų III skyriaus 2 skirsnio reikalavimų taikymo, tiekėjui skiriamos baudos pagal 99 straipsnį.
7. I gcás ina suífidh an t-údarás faireachais margaidh, le linn na meastóireachta de bhun mhír 1 den Airteagal seo, go ndearna an soláthraí an córas intleachta saorga a mhí-aicmiú mar chóras nach mbaineann ardriosca leis chun teacht timpeall ar chur i bhfeidhm na gceanglas i gCaibidil III, Roinn 2, beidh an soláthraí faoi réir fíneálacha i gcomhréir le hAirteagal 99.
8. Naudodamosi savo įgaliojimais stebėti, kaip taikomas šis straipsnis, rinkos priežiūros institucijos pagal Reglamento (ES) 2019/1020 11 straipsnį gali atlikti atitinkamus patikrinimus, visų pirma atsižvelgdamos į informaciją, saugomą šio reglamento 71 straipsnyje nurodytoje ES duomenų bazėje.
8. Agus a gcumhacht á feidhmiú acu chun faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, agus i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/1020, féadfaidh údaráis faireachais margaidh seiceálacha iomchuí a dhéanamh, agus faisnéis a stóráiltear i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71 den Rialachán seo á cur san áireamh go háirithe.
81 straipsnis
Airteagal 81
Sąjungos apsaugos procedūra
Nós imeachta coimirce an Aontais
1. Jeigu per tris mėnesius nuo 79 straipsnio 5 dalyje nurodyto pranešimo gavimo arba per 30 dienų tuo atveju, kai nesilaikoma 5 straipsnyje nurodyto su DI susijusios praktikos draudimo kurios nors valstybės narės rinkos priežiūros institucija pareiškia prieštaravimą dėl priemonės, kurios ėmėsi kita rinkos priežiūros institucija, arba jeigu Komisija mano, kad priemonė prieštarauja Sąjungos teisei, Komisija nepagrįstai nedelsdama pradeda konsultacijas su atitinkamos valstybės narės rinkos priežiūros institucija ir veiklos vykdytoju ar vykdytojais ir tą nacionalinę priemonę įvertina. Remdamasi to vertinimo rezultatais, Komisija per šešis mėnesius arba per 60 dienų, jei nesilaikoma 5 straipsnyje nurodyto su DI susijusios praktikos draudimo, nuo 79 straipsnio 5 dalyje nurodyto pranešimo gavimo dienos nusprendžia, ar nacionalinė priemonė yra pagrįsta, ir apie savo sprendimą praneša atitinkamos valstybės narės rinkos priežiūros institucijai. Apie tokį sprendimą Komisija taip pat informuoja visas kitas rinkos priežiūros institucijas.
1. Más rud é, laistigh de 3 mhí tar éis dóibh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 79(5) a fháil, nó laistigh de 30 lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, go ndéanfaidh údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit agóidí i gcoinne beart a rinne údarás faireachais margaidh eile, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil an beart contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan moill mhíchuí le húdarás faireachais margaidh an Bhallstáit ábhartha agus leis an oibreoir nó leis na hoibreoirí agus déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún, laistigh de 6 mhí, nó laistigh de 60 lá i gcás neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, ag tosú leis an bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 79(5), an bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta agus tabharfaidh sé fógra faoina chinneadh d’údarás faireachais margaidh an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfidh an Coimisiún gach údarás faireachais margaidh eile ar an eolas freisin faoina chinneadh.
2. Jei Komisija mano, kad priemonė, kurios ėmėsi atitinkama valstybė narė, yra pagrįsta, visos valstybės narės užtikrina, kad būtų imtasi tinkamų ribojamųjų priemonių dėl atitinkamos DI sistemos, pavyzdžiui, būtų pareikalauta nepagrįstai nedelsiant DI sistemą pašalinti iš jų rinkos, ir atitinkamai informuoja Komisiją. Jeigu Komisija nacionalinę priemonę laiko nepagrįsta, atitinkama valstybė narė priemonę atšaukia ir atitinkamai informuoja Komisiją.
2. I gcás ina measfaidh an Coimisiún go bhfuil údar leis an mbeart a rinne an Ballstát ábhartha, áiritheoidh na Ballstáit uile go ndéanfaidh siad bearta sriantacha iomchuí i ndáil leis an gcóras intleachta saorga lena mbaineann, amhail a cheangal go dtarraingeofaí siar an córas intleachta saorga óna margadh gan moill mhíchuí, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin. I gcás ina measfaidh an Coimisiún nach bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát lena mbaineann an beart a tharraingt siar agus cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
3. Jei nacionalinė priemonė laikoma pagrįsta, o DI sistemos neatitiktis siejama su darniųjų standartų arba bendrųjų specifikacijų, nurodytų šio reglamento 40 ir 41 straipsniuose, trūkumais, Komisija taiko Reglamento (ES) Nr. 1025/2012 11 straipsnyje numatytą procedūrą.
3. I gcás ina measfar go bhfuil údar leis an mbeart náisiúnta agus ina gcuirtear neamhchomhlíonadh an chórais intleachta saorga i leith easnaimh sna caighdeáin chomhchuibhithe nó sna sonraíochtaí coiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41 den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 11 de Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 i bhfeidhm.
82 straipsnis
Airteagal 82
Riziką keliančios reikalavimus atitinkančios DI sistemos
Córais intleachta saorga chomhlíontacha lena mbaineann riosca
1. Jeigu, atlikusi vertinimą pagal 79 straipsnį ir pasikonsultavusi su 77 straipsnio 1 dalyje nurodyta atitinkama nacionaline valdžios institucija, valstybės narės rinkos priežiūros institucija nustato, kad, nors didelės rizikos DI sistema atitinka šio reglamento reikalavimus, tačiau ji vis tiek kelia riziką asmenų sveikatai ar saugai, pagrindinėms teisėms arba kitiems visuomenės intereso apsaugos aspektams, ji pareikalauja, kad atitinkamas veiklos vykdytojas nepagrįstai nedelsdamas, per laikotarpį, kurį ji gali nustatyti, imtųsi visų tinkamų priemonių užtikrinti, kad atitinkama DI sistema, kai ji pateikiama rinkai ar pradedama naudoti, nebekeltų tokios rizikos.
1. Más rud é, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 79, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás poiblí náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 77(1), go gcinnfidh údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit, cé go gcomhlíonann córas intleachta saorga ardriosca an Rialachán seo, go bhfuil, dá ainneoin sin, riosca ag baint leis do shláinte nó sábháilteacht daoine, do chearta bunúsacha, nó do ghnéithe eile de chosaint an leasa phoiblí, cuirfidh sé de cheangal ar an oibreoir ábhartha gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh riosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga lena mbaineann a thuilleadh nuair a chuirfear ar an margadh é nó nuair a chuirfear i mbun seirbhíse é, gan moill mhíchuí, laistigh de thréimhse a fhéadfaidh sé a fhorordú.
2. Tiekėjas arba kitas atitinkamas veiklos vykdytojas užtikrina, kad taisomųjų veiksmų dėl visų susijusių DI sistemų, kurias jie patiekė Sąjungos rinkai, būtų imtasi per 1 dalyje nurodytos valstybės narės rinkos priežiūros institucijos nustatytą terminą.
2. Áiritheoidh an soláthraí nó an t-oibreoir ábhartha eile go ndéanfar beart ceartaitheach maidir leis na córais intleachta saorga go léir lena mbaineann a chuir sé ar fáil ar mhargadh an Aontais laistigh den amlíne arna forordú ag údarás faireachais margaidh an Bhallstáit dá dtagraítear i mír 1.
3. Valstybės narės nedelsdamos informuoja Komisiją ir kitas valstybes nares apie pagal 1 dalį padarytas išvadas. Ta informacija apima visus turimus duomenis, visų pirma nurodomi atitinkamai DI sistemai identifikuoti būtini duomenys, DI sistemos kilmė ir tiekimo grandinė, keliamos rizikos pobūdis ir nacionalinių priemonių, kurių imtasi, pobūdis ir trukmė.
3. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach maidir le cinneadh faoi mhír 1. Áireofar san fhaisnéis sin na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí is gá chun go sainaithneofaí an córas intleachta saorga lena mbaineann, áit tionscnaimh agus slabhra soláthair an chórais intleachta saorga, an cineál riosca a bhaineann leis agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh.
4. Komisija nepagrįstai nedelsdama pradeda konsultacijas su atitinkamomis valstybėmis narėmis ir atitinkamais veiklos vykdytojais ir įvertina nacionalines priemones, kurių imtasi. Remdamasi to vertinimo rezultatais Komisija nusprendžia, ar priemonė pagrįsta, ir prireikus pasiūlo kitų tinkamų priemonių.
4. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann agus leis na hoibreoirí ábhartha, gan moill mhíchuí, agus déanfaidh sé meastóireacht ar na bearta náisiúnta arna ndéanamh. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, cinnfidh an Coimisiún an bhfuil údar leis an mbeart, agus i gcás inar gá, molfaidh sé bearta iomchuí eile.
5. Apie savo sprendimą Komisija tuojau pat praneša atitinkamai valstybei narei ir atitinkamiems veiklos vykdytojams. Ji taip pat informuoja kitas valstybes nares.
5. Cuirfidh an Coimisiún a chinneadh in iúl láithreach do na Ballstáit lena mbaineann agus do na hoibreoirí ábhartha. Cuirfidh sé na Ballstáit eile ar an eolas freisin.
83 straipsnis
Airteagal 83
Oficiali neatitiktis
Neamhchomhlíonadh foirmiúil
1. Jeigu valstybės narės rinkos priežiūros institucija padaro vieną iš toliau nurodytų išvadų, ji reikalauja, kad atitinkamas tiekėjas pašalintų nustatytą neatitiktį per laikotarpį, kurį ji gali nustatyti:
1. I gcás ina ndéanann údarás faireachais margaidh de chuid Ballstáit aon cheann de na cinntí seo a leanas, cuirfidh sé de cheangal ar an soláthraí ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann, laistigh de thréimhse a fhéadfaidh sé a fhorordú:
a)
CE ženklu paženklinta pažeidžiant 48 straipsnį;
(a)
gur sárú é ar Airteagal 48 an mharcáil CE a ghreamú;
b)
nepaženklinta CE ženklu;
(b)
nár greamaíodh an mharcáil CE;
c)
neparengta 47 straipsnyje nurodyta ES atitikties deklaracija;
(c)
nár tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
d)
47 straipsnyje nurodyta ES atitikties deklaracija parengta netinkamai;
(d)
nár tarraingíodh suas i gceart an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
e)
neatlikta registracija 71 straipsnyje nurodytoje ES duomenų bazėje;
(e)
nach ndearnadh an clárú i mbunachar sonraí an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 71;
f)
kai taikytina, nepaskirtas įgaliotasis atstovas;
(f)
i gcás inarb infheidhme, nár ceapadh aon ionadaí údaraithe;
g)
nepateikta techninių dokumentų.
(g)
nach bhfuil an doiciméadacht theicniúil ar fáil.
2. Jeigu 1 dalyje nurodyta neatitiktis nepašalinama, atitinkamos valstybės narės rinkos priežiūros institucija imasi tinkamų ir proporcingų priemonių, kad būtų apribotas ar uždraustas didelės rizikos DI sistemos tiekimas rinkai arba užtikrinama, kad ji būtų nedelsiant atšaukta arba pašalinta iš rinkos.
2. I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, glacfaidh údarás faireachais margaidh an Bhallstáit lena mbaineann gach beart iomchuí agus comhréireach chun an córas intleachta saorga ardriosca a shrianadh nó a chosc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar é a aisghairm nó a aistarraingt ón margadh, gan mhoill.
84 straipsnis
Airteagal 84
Sąjungos DI bandymų pagalbinės struktūros
Struchtúir tacaíochta tástála intleachta saorga de chuid an Aontais
1. Komisija paskiria vieną ar daugiau Sąjungos DI bandymų pagalbinių struktūrų, kad būtų atliktos Reglamento (ES) 2019/1020 21 straipsnio 6 dalyje išvardytos užduotys DI srityje.
1. Ainmneoidh an Coimisiún struchtúr tacaíochta tástála intleachta saorga amháin nó níos mó de chuid an Aontais chun na cúraimí a dhéanamh a liostaítear faoi Airteagal 21(6) de Rialachán (AE) 2019/1020 i réimse na hintleachta saorga.
2. Nedarant poveikio 1 dalyje nurodytoms užduotims, Sąjungos DI bandymų pagalbinės struktūros taip pat teikia nepriklausomas technines ar mokslines konsultacijas Valdybos, Komisijos arba rinkos priežiūros institucijų prašymu.
2. Gan dochar do na cúraimí dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh struchtúir tacaíochta tástála intleachta saorga an Aontais comhairle neamhspleách theicniúil nó eolaíoch freisin arna iarraidh sin don Bhord, don Choimisiún nó d’údaráis faireachais margaidh.
4 SKIRSNIS
ROINN 4
Teisių gynimo priemonės
Leigheasanna
85 straipsnis
Airteagal 85
Teisė pateikti skundą rinkos priežiūros institucijai
Ceart chun gearán a thaisceadh le húdarás faireachais margaidh
Nedarant poveikio kitoms administracinėms ar teisminėms teisių gynimo priemonėms, bet kuris fizinis ar juridinis asmuo, turintis pagrindo manyti, kad buvo pažeistos šio reglamento nuostatos, gali atitinkamai rinkos priežiūros institucijai pateikti skundus.
Gan dochar do leigheasanna riaracháin nó breithiúnacha eile, aon duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil forais aige lena mheas gur sáraíodh forálacha an Rialacháin seo, féadfaidh sé gearáin a chur faoi bhráid an údaráis faireachais margaidh ábhartha.
Pagal Reglamentą (ES) 2019/1020 į tokius skundus atsižvelgiama rinkos priežiūros veiklos tikslu ir jie nagrinėjami laikantis rinkos priežiūros institucijų tuo tikslu nustatytų specialių procedūrų.
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/1020, cuirfear na gearáin sin san áireamh chun críche gníomhaíochtaí faireachais margaidh a dhéanamh agus láimhseálfar iad i gcomhréir leis na nósanna imeachta tiomnaithe arna mbunú chuige sin ag na húdaráis faireachais margaidh.
86 straipsnis
Airteagal 86
Teisė gauti priimtų individualių sprendimų paaiškinimą
Ceart chun míniú a fháil ar chinnteoireacht aonair
1. Bet kuris asmuo, paveiktas sprendimo, kurį diegėjas priima remdamasis III priede nurodytos didelės rizikos DI sistemos, išskyrus jo 2 punkte išvardytas sistemas, išvediniu, ir kuris tam asmeniui sukelia teisinių padarinių arba daro panašų didelį poveikį taip, kad, to asmens nuomone, tai daro neigiamą poveikį jo sveikatai, saugai ar pagrindinėms teisėms, turi teisę iš diegėjo gauti aiškius ir prasmingus paaiškinimus apie DI sistemos vaidmenį sprendimų priėmimo procedūroje ir pagrindinius priimto sprendimo elementus.
1. Aon duine dá ndéantar difear atá faoi réir cinneadh a dhéanann an t-úsáideoir gairmiúil ar bhonn an aschuir ó chóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III, cé is moite de na córais a liostaítear faoi phointe 2 di, agus a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla aige nó a dhéanann difear suntasach comhchosúil don duine sin ar bhealach a measann siad go bhfuil drochthionchar aige ar a shláinte, sábháilteacht nó cearta bunúsacha, beidh sé de cheart aige mínithe soiléire agus fiúntacha a fháil ón úsáideoir gairmiúil ar ról an chórais intleachta saorga sa nós imeachta cinnteoireachta agus ar phríomhghnéithe an chinnidh a rinneadh.
2. 1 dalis netaikoma DI sistemų, kurioms taikomos toje dalyje nustatytos pareigos išimtys ar apribojimai, kylantys iš Sąjungos ar nacionalinės teisės laikantis Sąjungos teisės, naudojimui.
2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le húsáid córas intleachta saorga dá dtagann eisceachtaí ón oibleagáid faoin mír sin, nó srianta ar an oibleagáid sin, ó dhlí an Aontais nó ón dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais.
3. Šis straipsnis taikomas tik tokiu mastu, kokiu 1 dalyje nurodyta teisė nenumatyta kitaip pagal Sąjungos teisę.
3. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin a mhéid nach bhforáiltear ar shlí eile don cheart dá dtagraítear i mír 1 faoi dhlí an Aontais.
87 straipsnis
Airteagal 87
Pranešimai apie pažeidimus ir pranešėjų apsauga
Sáruithe a thuairisciú agus daoine a dhéanann tuairisciú a chosaint
Pranešimams apie šio reglamento pažeidimus ir asmenų, pranešančių apie tokius pažeidimus, apsaugai taikoma Direktyva (ES) 2019/1937.
Beidh feidhm ag Treoir (AE) 2019/1937 maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a thuairisciú agus maidir leis na daoine a thuairiscíonn sáruithe mar sin a chosaint.
5 SKIRSNIS
ROINN 5
Bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų atžvilgiu taikoma priežiūra, tyrimas, vykdymo užtikrinimas ir stebėsena
Maoirseacht, imscrúdú, forfheidhmiú agus faireachán maidir le soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
88 straipsnis
Airteagal 88
Bendrosios paskirties DI modelių tiekėjų pareigų vykdymo užtikrinimas
Forfheidhmiú oibleagáidí sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
1. Komisija turi išimtinius įgaliojimus prižiūrėti ir užtikrinti V skyriaus vykdymą, atsižvelgiant į procedūrines garantijas pagal 94 straipsnį. Šias užduotis Komisija paveda įgyvendinti DI tarnybai, nedarant poveikio Komisijos organizaciniams įgaliojimams ir Sutartimis grindžiamam valstybių narių ir Sąjungos kompetencijos pasidalijimui.
1. Beidh cumhachtaí eisiacha ag an gCoimisiún chun Caibidil V a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú, agus na ráthaíochtaí nós imeachta faoi Airteagal 94 á gcur san áireamh. Déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme na gcúraimí sin a shannadh don Oifig um Intleacht Shaorga, gan dochar do chumhachtaí eagrúcháin an Choimisiúin ná do roinnt na n-inniúlachtaí idir na Ballstáit agus an tAontas bunaithe ar na Conarthaí.
2. Nedarant poveikio 75 straipsnio 3 daliai, rinkos priežiūros institucijos gali prašyti Komisijos naudotis šiame skirsnyje nustatytais įgaliojimais, kai tai būtina ir proporcinga siekiant padėti joms vykdyti užduotis pagal šį reglamentą.
2. Gan dochar d’Airteagal 75(3), féadfaidh údaráis faireachais margaidh a iarraidh ar an gCoimisiún na cumhachtaí a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú, i gcás inar gá agus inar comhréireach sin chun cabhrú lena gcúraimí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
89 straipsnis
Airteagal 89
Stebėsenos veiksmai
Gníomhaíochtaí faireacháin
1. DI tarnyba, siekdama vykdyti pagal šį skirsnį jai pavestas užduotis, gali imtis būtinų veiksmų, kad stebėtų, ar bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai veiksmingai įgyvendina šį reglamentą ir ar jo laikosi, be kita ko, kaip jie laikosi patvirtintų praktikos kodeksų.
1. Chun na cúraimí a shanntar di faoin Roinn seo a chur i gcrích, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga na gníomhaíochtaí is gá a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus comhlíonadh éifeachtach an Rialacháin seo arna ndéanamh ag soláthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, lena n-áirítear go bhfuil siad ag cloí leis na cóid chleachtais fhormheasta.
2. Tolesnės grandies tiekėjai turi teisę pateikti skundą dėl įtariamo šio reglamento pažeidimo. Skundas turi būti tinkamai pagrįstas ir jame nurodoma bent:
2. Beidh sé de cheart ag soláthraithe iartheachtacha gearán a thaisceadh ina líomhnaítear sárú ar an Rialachán seo. Beidh réasúnú cuí leis an ngearán agus léireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:
a)
atitinkamo bendrosios paskirties DI modelio tiekėjo kontaktinis punktas;
(a)
pointe teagmhála sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann;
b)
atitinkamų faktų aprašymas, atitinkamos šio reglamento nuostatos ir priežastis, kodėl tolesnės grandies tiekėjas mano, kad atitinkamo bendrosios paskirties DI modelio tiekėjas pažeidė šį reglamentą;
(b)
tuairisc ar na fíorais ábhartha, forálacha ábhartha an Rialacháin seo, agus an chúis a measann an soláthraí iartheachtach gur sháraigh soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann an Rialachán seo;
c)
visa kita informacija, kuri prašymą išsiuntusio tolesnės grandies tiekėjo nuomone, yra svarbi, įskaitant, kai tinkama, jo iniciatyva surinktą informaciją.
(c)
aon fhaisnéis eile a mheasann an soláthraí iartheachtach a sheol an iarraidh a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.
90 straipsnis
Airteagal 90
Mokslinės komisijos perspėjimai apie sisteminę riziką
Foláirimh ón bpainéal eolaíoch maidir le rioscaí sistéamacha
1. Mokslinė komisija DI tarnybai gali pateikti kvalifikuotą perspėjimą, jei turi pagrindo įtarti, kad:
1. Féadfaidh an painéal eolaíoch foláireamh cáilithe a thabhairt don Oifig um Intleacht Shaorga i gcás ina bhfuil cúis amhrais aige:
a)
bendrosios paskirties DI modelis Sąjungos lygmeniu kelia konkrečią nustatomą riziką arba
(a)
go mbaineann riosca nithiúil in-sainaitheanta ar leibhéal an Aontais le samhail intleachta saorga ilchuspóireach; nó,
b)
bendrosios paskirties DI modelis atitinka 51 straipsnyje nurodytas sąlygas.
(b)
go gcomhlíonann samhail intleachta saorga ilchuspóireach na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 51.
2. Gavusi tokį kvalifikuotą perspėjimą, Komisija per DI tarnybą ir informavusi Valdybą, siekdama tai įvertinti, gali pasinaudoti šiame skirsnyje nustatytais įgaliojimais. DI tarnyba informuoja Valdybą apie visas priemones pagal 91–94 straipsnius.
2. Ar fholáireamh cáilithe mar sin a fháil, féadfaidh an Coimisiún, tríd an Oifig um Intleacht Shaorga agus tar éis dó an Bord a chur ar an eolas, na cumhachtaí a leagtar síos sa Roinn seo a fheidhmiú chun an t-ábhar a mheasúnú. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga an Bord ar an eolas faoi aon bheart i gcomhréir le hAirteagail 91 go 94.
3. Kvalifikuotas perspėjimas turi būti tinkamai pagrįstas ir jame nurodoma bent:
3. Beidh réasúnú cuí leis an bhfoláireamh cáilithe agus léireofar an méid seo a leanas ar a laghad ann:
a)
atitinkamo sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelio tiekėjo kontaktinis punktas;
(a)
pointe teagmhála sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann a bhfuil riosca sistéamach ag baint leis;
b)
atitinkamų faktų aprašymas ir priežastys, dėl kurių mokslinė komisija pateikė perspėjimą;
(b)
tuairisc ar na fíorais ábhartha agus ar na cúiseanna atá leis an bhfoláireamh ón bpainéal eolaíoch;
c)
visa kita informacija, kuri, mokslinės komisijos nuomone, yra svarbi, įskaitant, kai tinkama, jos iniciatyva surinktą informaciją.
(c)
aon fhaisnéis eile a mheasann an painéal eolaíoch a bheith ábhartha, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, faisnéis arna bailiú ar a thionscnamh féin.
91 straipsnis
Airteagal 91
Įgaliojimai prašyti dokumentų ir informacijos
An chumhacht chun doiciméadacht agus faisnéis a iarraidh
1. Komisija gali paprašyti atitinkamo bendrosios paskirties DI modelio tiekėjo pateikti pagal 53 ir 55 straipsnius tiekėjo parengtus dokumentus arba bet kokią papildomą informaciją, kurios reikia siekiant įvertinti, ar tiekėjas laikosi šio reglamento.
1. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann an doiciméadacht arna tarraingt suas ag an soláthraí i gcomhréir le hAirteagail 53 agus 55 a sholáthar, nó aon fhaisnéis bhreise is gá chun measúnú a dhéanamh ar an Rialachán seo a bheith á chomhlíonadh ag an soláthraí.
2. Prieš išsiųsdama prašymą pateikti informaciją, DI tarnyba gali pradėti struktūrinį dialogą su bendrosios paskirties DI modelio tiekėju.
2. Sula seolfar an iarraidh ar fhaisnéis, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga idirphlé struchtúrtha a thionscnamh le soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí.
3. Gavusi tinkamai pagrįstą mokslinės komisijos prašymą, Komisija gali bendrosios paskirties DI modelio tiekėjui pateikti prašymą dėl informacijos, jei prieiga prie informacijos yra būtina ir proporcinga mokslinės komisijos užduotims pagal 68 straipsnio 2 dalį vykdyti.
3. Ar iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón bpainéal eolaíoch, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar fhaisnéis a eisiúint chuig soláthraí samhla intleachta saorga ilchuspóirí, i gcás ina bhfuil an rochtain ar fhaisnéis riachtanach agus comhréireach chun cúraimí an phainéil eolaíoch a chomhlíonadh faoi Airteagal 68(2).
4. Prašyme pateikti informaciją nurodomas prašymo teisinis pagrindas ir tikslas, nurodoma, kokios informacijos reikia, nustatomas laikotarpis, per kurį informacija turi būti pateikta ir nurodomos 101 straipsnyje numatytos baudos už neteisingos, neišsamios ar klaidinančios informacijos pateikimą.
4. San iarraidh ar fhaisnéis, luafar bunús dlí agus cuspóir na hiarrata, sonrófar cén fhaisnéis a theastaíonn, socrófar tréimhse ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a thabhairt, agus léireofar na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 101 as faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach a sholáthar.
5. Prašomą informaciją pateikia atitinkamo bendrosios paskirties DI modelio tiekėjas arba jo atstovas. Juridinių asmenų, bendrovių ar įmonių atveju arba tais atvejais, kai tiekėjas neturi juridinio asmens statuso, prašomą informaciją atitinkamo bendrosios paskirties DI modelio tiekėjo vardu pateikia asmenys, teisės aktais arba jo įstatais įgalioti jam atstovauti. Tinkamai įgalioti teisininkai gali teikti informaciją savo klientų vardu. Vis dėlto klientai lieka visiškai atsakingi, jei pateikta informacija yra neišsami, neteisinga ar klaidinanti.
5. Soláthróidh soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann, nó a ionadaí, an fhaisnéis a iarrtar. I gcás daoine dlítheanacha, cuideachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach ag an soláthraí, soláthróidh na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh de réir dlí nó de réir a reachta an rochtain arna hiarraidh thar ceann sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann. Féadfaidh dlíodóirí arna n-údarú go cuí chun gníomhú faisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Mar sin féin, leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má tá an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
92 straipsnis
Airteagal 92
Įgaliojimai atlikti vertinimus
An chumhacht chun meastóireachtaí a dhéanamh
1. DI tarnyba, pasikonsultavusi su Valdyba, gali atlikti atitinkamo bendrosios paskirties DI modelio vertinimus:
1. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, tar éis di dul i gcomhairle leis an mBord, meastóireachtaí a dhéanamh ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann:
a)
kad įvertintų, kaip tiekėjas vykdo pareigas pagal šį reglamentą, kai pagal 91 straipsnį surinkta informacija yra nepakankama, arba
(a)
measúnú a dhéanamh ar na hoibleagáidí faoin Rialachán seo a bheith á gcomhlíonadh ag an soláthraí, i gcás nach leor an fhaisnéis a bhailítear de bhun Airteagal 91; nó,
b)
kad ištirtų sisteminę riziką Sąjungos lygmeniu, susijusią su sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modeliais, visų pirma remiantis mokslinės komisijos kvalifikuotu perspėjimu pagal 90 straipsnio 1 dalies a punktą.
(b)
imscrúdú a dhéanamh ar rioscaí sistéamacha ar leibhéal an Aontais a bheith ag baint le samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha lena mbaineann riosca sistéamach, go háirithe tar éis foláireamh cáilithe a fháil ón bpainéal eolaíoch i gcomhréir le hAirteagal 90, pointe (a).
2. Komisija gali nuspręsti paskirti nepriklausomus ekspertus vertinimams atlikti jos vardu, įskaitant ekspertus iš mokslinės komisijos, sudarytos pagal 68 straipsnį. Šiai užduočiai atlikti paskirti nepriklausomi ekspertai turi atitikti 68 straipsnio 2 dalyje išdėstytus kriterijus.
2. Féadfaidh an Coimisiún a chinneadh saineolaithe neamhspleácha a cheapadh chun meastóireachtaí a dhéanamh thar a cheann, lena n-áirítear saineolaithe ón bpainéal eolaíoch arna bhunú de bhun Airteagal 68. Comhlíonfaidh saineolaithe neamhspleácha arna gceapadh don chúram sin na critéir a leagtar amach in Airteagal 68(2).
3. 1 dalies tikslais Komisija gali prašyti prieigos prie atitinkamo bendrosios paskirties DI modelio per API arba kitas tinkamas technines priemones ir įrankius, įskaitant pirminį kodą.
3. Chun críocha mhír 1, féadfaidh an Coimisiún rochtain ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann a iarraidh trí APInna nó trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí breise, lena n-áirítear an cód foinseach.
4. Prašyme suteikti prieigą prie informacijos nurodomas prašymo teisinis pagrindas, tikslas bei priežastys ir nustatomas laikotarpis, per kurį prieiga turi būti suteikta, taip pat nurodomos 101 straipsnyje numatytos baudos už prieigos nesuteikimą.
4. Luafar san iarraidh ar rochtain bunús dlí, cuspóir agus cúiseanna na hiarrata agus socrófar inti an tréimhse ar laistigh di nach mór rochtain a thabhairt, agus na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 101 i gcás nach dtugtar rochtain.
5. Atitinkamo bendrosios paskirties DI modelio tiekėjai arba jo atstovas suteikia prašomą informaciją. Juridinių asmenų, bendrovių ar įmonių atveju arba tais atvejais, kai tiekėjas neturi juridinio asmens statuso, prašomą prieigą atitinkamo bendrosios paskirties DI modelio tiekėjo vardu suteikia asmenys, teisės aktais arba jų nuostatais įgalioti jiems atstovauti.
5. Soláthraithe na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann nó a ionadaí, soláthróidh siad an fhaisnéis a iarrtar. I gcás daoine dlítheanacha, cuideachtaí nó gnólachtaí, nó i gcás nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach ag an soláthraí, na daoine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh siad an rochtain arna hiarraidh thar ceann sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí lena mbaineann.
6. Komisija priima įgyvendinimo aktus, kuriais nustatoma išsami vertinimų tvarka ir sąlygos, įskaitant išsamią nepriklausomų ekspertų įtraukimo tvarką ir jų atrankos procedūrą. Tie įgyvendinimo aktai priimami laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina leagfar amach na socruithe mionsonraithe agus na coinníollacha le haghaidh na meastóireachtaí, lena n-áirítear na socruithe mionsonraithe maidir le saineolaithe neamhspleácha a rannpháirtiú, agus an nós imeachta maidir lena roghnú. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
7. Prieš prašydama prieigos prie atitinkamo bendrosios paskirties DI modelio, DI tarnyba gali pradėti struktūrinį dialogą su bendrosios paskirties DI modelio tiekėju, kad surinktų daugiau informacijos apie modelio vidaus bandymus, sisteminės rizikos prevencijai skirtas vidaus apsaugos priemones ir kitas vidaus procedūras bei priemones, kurių tiekėjas ėmėsi tokiai rizikai sumažinti.
7. Sula n-iarrfar rochtain ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach lena mbaineann, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga idirphlé struchtúrtha a thionscnamh le soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí chun tuilleadh faisnéise a bhailiú maidir le tástáil inmheánach na samhla, coimircí inmheánacha chun rioscaí sistéamacha a chosc, agus nósanna imeachta agus bearta inmheánacha eile atá déanta ag an soláthraí chun na rioscaí sin a mhaolú.
93 straipsnis
Airteagal 93
Įgaliojimai prašyti imtis priemonių
An chumhacht bearta a iarraidh
1. Kai būtina ir tikslinga, Komisija gali prašyti, kad tiekėjai:
1. I gcás inar gá agus inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar sholáthraithe an méid seo a leanas a dhéanamh:
a)
imtųsi tinkamų priemonių 53 ir 54 straipsniuose nustatytoms pareigoms vykdyti;
(a)
bearta iomchuí a dhéanamh chun na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagail 53 agus 54 a chomhlíonadh;
b)
įgyvendintų rizikos mažinimo priemones, kai pagal 92 straipsnį atlikus vertinimą kyla rimtas ir pagrįstas susirūpinimas dėl sisteminės rizikos Sąjungos lygmeniu;
(b)
bearta maolaithe a chur chun feidhme, i gcás inar ann d’ábhar imní tromchúiseach agus réasúnaithe maidir le riosca sistéamach ar leibhéal an Aontais mar thoradh ar an meastóireacht a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 92;
c)
apribotų modelio tiekimą rinkai, jį pašalintų arba atšauktų.
(c)
an tsamhail a shrianadh óna cur ar fáil ar an margadh, í a tharraingt siar nó a aisghairm.
2. Prieš paprašydama imtis priemonės, DI tarnyba gali pradėti struktūrinį dialogą su bendrosios paskirties DI modelio tiekėju.
2. Sula ndéantar iarraidh ar bheart, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga idirphlé struchtúrtha a thionscnamh le soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí.
3. Jei per 2 dalyje nurodytą struktūrinį dialogą sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelio tiekėjas pasiūlo įsipareigoti įgyvendinti rizikos mažinimo priemones, kad būtų šalinama sisteminė rizika Sąjungos lygmeniu, Komisija gali priimti sprendimą, kuriuo tie įsipareigojimai taptų privalomi, ir paskelbti, kad nėra pagrindo imtis tolesnių veiksmų.
3. Más rud é, le linn an idirphlé struchtúrtha dá dtagraítear i mír 2, go dtugann soláthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí a mbaineann riosca sistéamach léi gealltanais bearta maolaithe a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar riosca sistéamach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an Coimisiún, le cinneadh, na gealltanais sin a chur de cheangal orthu agus a dhearbhú nach bhfuil aon fhorais eile ann le haghaidh gníomhaíochta.
94 straipsnis
Airteagal 94
Bendrosios paskirties DI modelio ekonominės veiklos vykdytojų procesinės teisės
Cearta nós imeachta oibreoirí eacnamaíocha na samhla intleachta saorga ilchuspóirí
Reglamento (ES) 2019/1020 18 straipsnis mutatis mutandis taikomas bendrosios paskirties DI modelio tiekėjams, nedarant poveikio konkretesnėms šiame reglamente numatytoms procesinėms teisėms.
Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le soláthraithe na samhla intleachta saorga ilchuspóirí, gan dochar do chearta nós imeachta níos sonraí dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
X SKYRIUS
CAIBIDIL X
ELGESIO KODEKSAI IR GAIRĖS
CÓID IOMPAIR AGUS TREOIRLÍNTE
95 straipsnis
Airteagal 95
Savanoriško konkrečių reikalavimų taikymo elgesio kodeksai
Cóid iompair le haghaidh cur chun feidhme deonach ceanglas sonrach
1. DI tarnyba ir valstybės narės skatina ir padeda rengti elgesio kodeksus, įskaitant susijusius valdymo mechanizmus, kuriais siekiama skatinti DI sistemoms, išskyrus didelės rizikos DI sistemas, savanoriškai taikyti kelis ar visus III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus, atsižvelgiant į turimus techninius sprendimus ir sektoriaus geriausią praktiką, kuriais sudaromos sąlygos taikyti tokius reikalavimus.
1. Déanfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit tarraingt suas cód iompair a spreagadh agus a éascú, lena n-áirítear sásraí rialachais gaolmhara, lena mbeartaítear cur i bhfeidhm deonach roinnt de na ceanglais nó na ceanglais uile a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chothú maidir le córais intleachta saorga, seachas córais intleachta saorga ardriosca, agus na réitigh theicniúla agus na dea-chleachtais tionscail atá ar fáil á gcur san áireamh, lenar féidir na ceanglais sin a chur i bhfeidhm.
2. DI tarnyba ir valstybės narės padeda rengti elgesio kodeksus, susijusius su savanorišku konkrečių reikalavimų taikymu, įskaitant diegėjų vykdomą taikymą, visoms DI sistemoms, remiantis aiškiais tikslais ir tų tikslų pasiekimui įvertinti skirtais pagrindiniais veikimo rodikliais, įskaitant, pavyzdžiui, toliau nurodytus elementus (bet jais neapsiribojant):
2. Éascóidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit tarraingt suas cód iompair maidir le cur i bhfeidhm deonach, lena n-áirítear tarraingt suas cód iompair a bheith á cur i bhfeidhm ag úsáideoirí gairmiúla, ceanglas sonrach maidir le gach córas intleachta saorga, ar bhonn cuspóirí soiléire agus príomhtháscairí feidhmíochta chun baint amach na gcuspóirí sin a thomhas, lena n-áirítear na gnéithe seo a leanas, mar shampla, ach gan a bheith teoranta dóibh:
a)
taikytini elementai, numatyti Sąjungos patikimo DI etikos gairėse;
(a)
gnéithe is infheidhme dá bhforáiltear i dTreoirlínte Eitice an Aontais le haghaidh Intleacht Shaorga Iontaofa;
b)
DI sistemų poveikio aplinkosauginiam tvarumui įvertinimas, be kita ko, kiek tai susiję su efektyviu energijos vartojimu grindžiamu programavimu ir veiksmingo DI projektavimo, mokymo ir naudojimo metodais, ir kuo didesnis to poveikio sumažinimas;
(b)
measúnú a dhéanamh ar thionchar córas intleachta saorga ar inbhuanaitheacht chomhshaoil agus é a íoslaghdú, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le clársceidealú atá tíosach ar fhuinneamh agus teicnící maidir le ceapadh, oiliúint agus úsáid na hIntleachta Saorga ar bhealach éifeachtach;
c)
raštingumo DI srityje, visų pirma asmenų, susijusių su DI kūrimu, veikimu ir naudojimu, raštingumo skatinimas;
(c)
litearthacht intleachta saorga a chur chun cinn, go háirithe litearthacht na ndaoine a bhíonn ag déileáil le forbairt, oibriú agus úsáid intleachta saorga;
d)
palankesnių sąlygų įtraukiam ir įvairove grindžiamam DI sistemų projektavimui sudarymas, be kita ko, sudarant įtraukias ir įvairove grindžiamas kūrimo grupes ir skatinant suinteresuotuosius subjektus dalyvauti tame procese;
(d)
éascú a dhéanamh ar cheapadh córas intleachta saorga le go mbeidís cuimsitheach, éagsúil, lena n-áirítear trí fhoirne forbartha cuimsitheacha, éagsúla a bhunú agus trí rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí sa phróiseas sin a chur chun cinn;
e)
neigiamo DI sistemų poveikio pažeidžiamiems asmenims ar pažeidžiamų asmenų grupėms, be kita ko, kiek tai susiję su prieinamumu asmenims su negalia, taip pat lyčių lygybei vertinimas ir prevencija.
(e)
measúnú a dhéanamh ar thionchar diúltach na gcóras intleachta saorga ar dhaoine leochaileacha nó ar ghrúpaí de dhaoine leochaileacha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus ar chomhionannas inscne, agus an tionchar diúltach sin a chosc.
3. Elgesio kodeksus gali rengti individualūs DI sistemų tiekėjai ar diegėjai arba jiems atstovaujančios organizacijos, arba ir vieni, ir kiti, be kita ko, dalyvaujant visiems suinteresuotiesiems subjektams, taip pat jiems atstovaujančioms organizacijoms, įskaitant pilietinės visuomenės organizacijas ir akademinę bendruomenę. Elgesio kodeksai gali būti taikomi vienai ar daugiau DI sistemų, atsižvelgiant į atitinkamų sistemų numatytosios paskirties panašumą.
3. Féadfaidh soláthraithe nó úsáideoirí gairmiúla aonair córas intleachta saorga, nó eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu, nó iad araon, cóid iompair a tharraingt suas, lena n-áirítear i dteannta rannpháirtíocht aon gheallsealbhóra leasmhair agus a eagraíocht ionadaíoch, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an lucht léinn. Féadfar córas intleachta saorga amháin nó níos mó a chumhdach le cóid iompair, agus aird á tabhairt ar chosúlacht na críche atá beartaithe do na córais ábhartha.
4. DI tarnyba ir valstybės narės, skatindamos ir padėdamos rengti elgesio kodeksus, atsižvelgia į konkrečius MVĮ, įskaitant startuolius, interesus ir poreikius.
4. Cuirfidh an Oifig um Intleacht Shaorga agus na Ballstáit leasanna agus riachtanais shonracha na FBManna, na gnólachtaí nuathionscanta san áireamh, agus tarraingt suas cód iompair á spreagadh agus á héascú acu.
96 straipsnis
Airteagal 96
Komisijos gairės dėl šio reglamento įgyvendinimo
Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo
1. Komisija parengia šio reglamento praktinio įgyvendinimo gaires, visų pirma dėl:
1. Forbróidh an Coimisiún treoirlínte maidir le cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo, agus go háirithe maidir leis an méid seo a leanas:
a)
8–15 straipsniuose ir 25 straipsnyje nurodytų reikalavimų taikymo ir pareigų vykdymo;
(a)
cur i bhfeidhm na gceanglas agus na n-oibleagáidí dá dtagraítear in Airteagail 8 go 15 agus in Airteagal 25;
b)
5 straipsnyje nurodytos draudžiamos praktikos;
(b)
na cleachtais a bhfuil toirmeasc orthu dá dtagraítear in Airteagal 5;
c)
nuostatų, susijusių su esminiais pakeitimais, praktinio įgyvendinimo;
(c)
cur chun feidhme praiticiúil na bhforálacha a bhaineann le modhnú substaintiúil;
d)
50 straipsnyje nustatytų skaidrumo pareigų praktinio įgyvendinimo;
(d)
cur chun feidhme praiticiúil na n-oibleagáidí trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 50;
e)
išsamios informacijos apie šio reglamento ryšį su I priede išvardytais Sąjungos derinamaisiais teisės aktais, taip pat su kitais atitinkamais Sąjungos teisės aktais, be kita ko, kiek tai susiję su jų vykdymo užtikrinimo nuoseklumu;
(e)
faisnéis mhionsonraithe faoin nasc idir an Rialachán seo agus reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, agus le dlí ábhartha eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear maidir le comhsheasmhacht a bhforfheidhmithe;
f)
3 straipsnio 1 punkte pateiktos DI sistemos apibrėžties taikymo.
(f)
cur i bhfeidhm an tsainmhínithe ar chóras intleachta saorga mar a leagtar amach in Airteagal 3, pointe (1).
Priimdama tokias gaires, Komisija ypač daug dėmesio skiria MVĮ, įskaitant startuolius, vietos valdžios institucijų ir sektorių, kuriems šio reglamento poveikis yra labiausiai tikėtinas, poreikiams.
Agus treoirlínte mar sin á n-eisiúint aige, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar riachtanais FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, riachtanais na n-údarás poiblí áitiúil agus na n-earnálacha is dóchúla a ndéanfaidh an Rialachán seo difear dóibh.
Šios dalies pirmoje pastraipoje nurodytose gairėse tinkamai atsižvelgiama į visuotinai pripažintus pažangiausius DI srities metodus, taip pat į atitinkamus darniuosius standartus ir bendrąsias specifikacijas, nurodytus 40 ir 41 straipsniuose, arba į darniuosius standartus ar technines specifikacijas, nustatytus pagal Sąjungos derinamuosius teisės aktus.
Sna treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, tabharfar aird chuí ar an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne maidir leis an intleacht shaorga, ar chaighdeáin chomhchuibhithe ábhartha agus sonraíochtaí comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagail 40 agus 41, nó ar na caighdeáin chomhchuibhithe nó na sonraíochtaí teicniúla sin a leagtar amach de bhun dhlí comhchuibhithe an Aontais.
2. Anksčiau priimtas gaires Komisija, jeigu tai laiko reikalinga, atnaujina valstybių narių arba DI tarnybos prašymu arba savo iniciatyva.
2. Arna iarraidh sin do na Ballstáit nó don Oifig um Intleacht Shaorga, nó ar a thionscnamh féin, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte a glacadh roimhe seo a thabhairt cothrom le dáta nuair a mheasfar gur gá sin.
XI SKYRIUS
CAIBIDIL XI
DELEGUOTIEJI ĮGALIOJIMAI IR KOMITETO PROCEDŪRA
TARMLIGEAN CUMHACHTA AGUS AN NÓS IMEACHTA COISTE
97 straipsnis
Airteagal 97
Įgaliojimų delegavimas
An tarmligean a fheidhmiú
1. Įgaliojimai priimti deleguotuosius aktus Komisijai suteikiami šiame straipsnyje nustatytomis sąlygomis.
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. 6 straipsnio 6 ir 7 dalyse, 7 straipsnio 1 ir 3 dalyse, 11 straipsnio 3 dalyje, 43 straipsnio 5 ir 6 dalyse, 47 straipsnio 5 dalyje, 51 straipsnio 3 dalyje, 52 straipsnio 4 dalyje ir 53 straipsnio 5 ir 6 dalyse nurodyti įgaliojimai priimti deleguotuosius aktus Komisijai suteikiami penkerių metų laikotarpiui nuo 2024 m. rugpjūčio 1 d. Likus ne mažiau kaip devyniems mėnesiams iki penkerių metų laikotarpio pabaigos Komisija parengia naudojimosi deleguotaisiais įgaliojimais ataskaitą. Deleguotieji įgaliojimai savaime pratęsiami tokios pačios trukmės laikotarpiams, išskyrus atvejus, kai Europos Parlamentas arba Taryba pareiškia prieštaravimų dėl tokio pratęsimo likus ne mažiau kaip trims mėnesiams iki kiekvieno laikotarpio pabaigos.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 6(6) agus (7), Airteagal 7(1) agus (3), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) agus (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) agus Airteagal 53(5) agus (6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 1 Lúnasa 2024. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
3. Europos Parlamentas arba Taryba gali bet kada atšaukti 6 straipsnio 6 ir 7 dalyse, 7 straipsnio 1 ir 3 dalyse, 11 straipsnio 3 dalyje, 43 straipsnio 5 ir 6 dalyse, 47 straipsnio 5 dalyje, 51 straipsnio 3 dalyje, 52 straipsnio 4 dalyje ir 53 straipsnio 5 ir 6 dalyse nurodytus deleguotuosius įgaliojimus. Sprendimu dėl įgaliojimų atšaukimo nutraukiami tame sprendime nurodyti įgaliojimai priimti deleguotuosius aktus. Jis įsigalioja kitą dieną po jo paskelbimo Europos Sąjungos oficialiajame leidinyje arba vėlesnę jame nurodytą dieną. Jis nedaro poveikio jau galiojančių deleguotųjų aktų galiojimui.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6(6) agus (7), Airteagal 7(1) agus (3), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) agus (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) agus Airteagal 53(5) agus (6) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonraítear sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Prieš priimdama deleguotąjį aktą Komisija konsultuojasi su kiekvienos valstybės narės paskirtais ekspertais vadovaudamasi 2016 m. balandžio 13 d. Tarpinstituciniame susitarime dėl geresnės teisėkūros nustatytais principais.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. Apie priimtą deleguotąjį aktą Komisija nedelsdama vienu metu praneša Europos Parlamentui ir Tarybai.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Pagal 6 straipsnio 6 arba 7 dalį, 7 straipsnio 1 arba 3 dalį, 11 straipsnio 3 dalį, 43 straipsnio 5 ir 6 dalį, 47 straipsnio 5 dalį, 51 straipsnio 3 dalį, 52 straipsnio 4 dalį arba 53 straipsnio 5 arba 6 dalį priimti deleguotieji aktai įsigalioja tik tuo atveju, jeigu per tris mėnesius nuo pranešimo Europos Parlamentui ir Tarybai apie tą aktą dienos nei Europos Parlamentas, nei Taryba nepareiškia prieštaravimų arba jeigu dar nepasibaigus šiam laikotarpiui ir Europos Parlamentas, ir Taryba praneša Komisijai, kad prieštaravimų nereikš. Europos Parlamento arba Tarybos iniciatyva šis laikotarpis pratęsiamas trimis mėnesiais.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 6(6) nó (7), Airteagal 7(1) nó (3), Airteagal 11(3), Airteagal 43(5) nó (6), Airteagal 47(5), Airteagal 51(3), Airteagal 52(4) nó Airteagal 53(5) nó (6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 3 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 3 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
98 straipsnis
Airteagal 98
Komiteto procedūra
An nós imeachta coiste
1. Komisijai padeda komitetas. Tas komitetas – tai komitetas, kaip tai suprantama Reglamente (ES) Nr. 182/2011.
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. Kai daroma nuoroda į šią dalį, taikomas Reglamento (ES) Nr. 182/2011 5 straipsnis.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
XII SKYRIUS
CAIBIDIL XII
SANKCIJOS
PIONÓIS
99 straipsnis
Airteagal 99
Sankcijos
Pionóis
1. Laikydamosi šiame reglamente nustatytų sąlygų, valstybės narės nustato taisykles dėl sankcijų ir kitų vykdymo užtikrinimo priemonių, kurios taip pat gali apimti įspėjimus ir nepinigines priemones, taikytinų už veiklos vykdytojų padarytus šio reglamento pažeidimus, ir imasi visų būtinų priemonių užtikrinti, kad jos būtų tinkamai ir veiksmingai įgyvendinamos, taip atsižvelgdamos į Komisijos pagal 96 straipsnį paskelbtas gaires. Numatytos sankcijos turi būti veiksmingos, proporcingos ir atgrasomos. Jomis visų pirma atsižvelgiama į MVĮ, įskaitant startuolius, interesus ir jų ekonominį gyvybingumą.
1. I gcomhréir leis na téarmaí agus na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo, leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis agus bearta forfheidhmiúcháin eile, lena bhféadfar rabhaidh agus bearta neamhairgeadaíochta a áireamh freisin, ar rialacha iad a bheidh infheidhme maidir le sáruithe arna ndéanamh ag oibreoirí ar an Rialachán seo, agus déanfaidh siad gach beart is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad go cuí agus go héifeachtach, agus ar an gcaoi sin na treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 96 á gcur san áireamh. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Cuirfidh siad san áireamh leasanna FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, agus a n-inmharthanacht eacnamaíoch.
2. Valstybės narės nedelsdamos ir ne vėliau kaip iki taikymo pradžios dienos praneša Komisijai apie taisykles dėl sankcijų ir kitų vykdymo užtikrinimo priemonių, nurodytų 1 dalyje, ir nedelsdamos praneša jai apie visus vėlesnius jų pakeitimus.
2. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, gan mhoill agus ar a dhéanaí faoin dáta a thiocfaidh siad i bhfeidhm, faoi na rialacha maidir le pionóis agus bearta forfheidhmiúcháin eile dá dtagraítear i mír 1, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.
3. Už 5 straipsnyje nurodytų su DI susijusios praktikos draudimų nesilaikymą skiriamos iki 35 000 000 EUR dydžio administracinės baudos arba, jei pažeidėjas yra įmonė, iki 7 % jos bendros pasaulinės praėjusių finansinių metų metinės apyvartos, atsižvelgiant į tai, kuri yra didesnė.
3. Maidir le neamhchomhlíonadh an toirmisc ar na cleachtais dá dtagraítear in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíonadh sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 35 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 7 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.
4. Iki 15 000 000 EUR dydžio administracinės baudos arba, jei pažeidėjas yra įmonė, iki 3 % jos bendros pasaulinės praėjusių finansinių metų metinės apyvartos, atsižvelgiant į tai, kuri yra didesnė, skiriamos, jei nesilaikoma kurios nors iš toliau nurodytų nuostatų, susijusių su veiklos vykdytojais ar notifikuotosiomis įstaigomis, išskyrus 5 straipsnyje išdėstytas nuostatas:
4. Maidir le neamhchomhlíontacht le haon cheann de na forálacha seo a leanas a bhaineann le hoibreoirí nó le comhlachtaí faoina dtugtar fógra, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 15 000 000 nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 3 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde:
a)
tiekėjų pareigų pagal 16 straipsnį;
(a)
oibleagáidí na soláthraithe de bhun Airteagal 16;
b)
įgaliotųjų atstovų pareigų pagal 22 straipsnį;
(b)
oibleagáidí na n-ionadaithe údaraithe de bhun Airteagal 22;
c)
importuotojų pareigų pagal 23 straipsnį;
(c)
oibleagáidí na n-allmhaireoirí de bhun Airteagal 23;
d)
platintojų pareigų pagal 24 straipsnį;
(d)
oibleagáidí na ndáileoirí de bhun Airteagal 24;
e)
diegėjų pareigų pagal 26 straipsnį;
(e)
oibleagáidí na n-úsáideoirí gairmiúla de bhun Airteagal 26;
f)
notifikuotosioms įstaigoms taikomų reikalavimų ir pareigų pagal 31 straipsnį, 33 straipsnio 1 dalį, 33 straipsnio 3 dalį, 33 straipsnio 4 dalį arba 34 straipsnį;
(f)
ceanglais agus oibleagáidí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra de bhun Airteagal 31, Airteagal 33(1), (3)agus (4) nó Airteagal 34;
g)
tiekėjams ir diegėjams taikomų skaidrumo pareigų pagal 50 straipsnį.
(g)
oibleagáidí trédhearcachta i gcás soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla de bhun Airteagal 50.
5. Už neteisingos, neišsamios ar klaidinančios informacijos pateikimą notifikuotosioms įstaigoms arba nacionalinėms kompetentingoms institucijoms atsakant į jų prašymą taikomos iki 7 500 000 EUR dydžio administracinės baudos arba, jei pažeidėjas yra įmonė – iki 1 % jos bendros pasaulinės praėjusių finansinių metų metinės apyvartos, atsižvelgiant į tai, kuri yra didesnė.
5. Maidir le soláthar faisnéise atá mícheart, neamhiomlán nó míthreorach do chomhlachtaí faoina dtugtar fógra nó d’údaráis inniúla náisiúnta mar fhreagra ar iarraidh, beidh sé faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 7 500 000, nó, más gnóthas é an ciontóir, faoi réir fíneálacha suas le 1 % dá láimhdeachas bliantúil iomlán domhanda sa bhliain airgeadais roimhe sin, cibé acu is airde.
6. MVĮ, įskaitant startuolius, atveju kiekviena šiame straipsnyje nurodyta bauda neviršija 3, 4 ir 5 dalyse nurodytų procentų arba sumos, atsižvelgiant į tai, kuri yra mažesnė.
6. I gcás FBManna, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta, déanfar gach fíneáil dá dtagraítear san Airteagal seo a uasteorannú ag na céatadáin nó an méid dá dtagraítear i míreanna 3, 4 agus 5, cibé acu is ísle.
7. Sprendžiant, ar skirti administracinę baudą, ir sprendžiant, koks turėtų būti jos dydis kiekvienu konkrečiu atveju, atitinkamai atsižvelgiama į visas reikšmingas konkrečios situacijos aplinkybes ir į šiuos dalykus:
7. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus, de réir mar is iomchuí, tabharfar aird ar an méid seo a leanas:
a)
pažeidimo pobūdį, sunkumą, trukmę ir jo pasekmes, atsižvelgiant į atitinkamos DI sistemos paskirtį, taip pat, kai tikslinga, į paveiktų asmenų skaičių ir jų patirtos žalos dydį;
(a)
cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, agus cuspóir an chórais intleachta saorga á chur san áireamh, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;
b)
tai, ar kitos rinkos priežiūros institucijos jau yra skyrusios administracines baudas tam pačiam veiklos vykdytojui už tą patį pažeidimą;
(b)
ar chuir údaráis eile faireachais margaidh fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna as an sárú céanna;
c)
tai, ar kitos institucijos jau yra skyrusios administracines baudas tam pačiam veiklos vykdytojui už kitų Sąjungos ar nacionalinės teisės aktų pažeidimus, kai tokie pažeidimai padaryti dėl tos pačios veiklos arba neveikimo, kurie yra svarbus šio reglamento pažeidimas;
(c)
ar chuir údaráis eile fíneálacha riaracháin i bhfeidhm cheana féin ar an oibreoir céanna i leith sáruithe ar dhlí eile de chuid an Aontais nó ar dhlí náisiúnta eile, nuair a bhíonn na sáruithe sin mar thoradh ar an ngníomhaíocht chéanna nó ar an neamhghníomh céanna ar sárú ábhartha ar an Rialachán seo é;
d)
pažeidimą padariusio veiklos vykdytojo dydį, metinę apyvartą ir rinkos dalį;
(d)
méid, láimhdeachas bliantúil agus sciar margaidh an oibreora a bhfuil an sárú á dhéanamh aige;
e)
kitas atsakomybę sunkinančias ar švelninančias aplinkybes, susijusias su konkrečiu atveju, pavyzdžiui, gautą finansinę naudą arba nuostolius, kurių buvo tiesiogiai ar netiesiogiai išvengta dėl pažeidimo;
(e)
aon imthoisc ghéaraitheach nó mhaolaitheach eile is infheidhme maidir le dálaí an cháis, amhail sochair airgeadais a gnóthaíodh, nó caillteanais a seachnaíodh, go díreach nó go hindíreach, as an sárú;
f)
bendradarbiavimo su nacionaline kompetentinga institucija lygį siekiant atitaisyti pažeidimą ir sumažinti galimą neigiamą jo poveikį;
(f)
méid an chomhair a bhí ann leis na húdaráis inniúla náisiúnta, chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú;
g)
veiklos vykdytojo atsakomybės laipsnį, atsižvelgiant į jo įgyvendintas technines ir organizacines priemones;
(g)
méid na freagrachta atá ar an oibreoir agus na bearta teicniúla agus eagraíochtúla a chuir sé chun feidhme á gcur san áireamh;
h)
tai, kokiu būdu nacionalinė kompetentinga institucija sužinojo apie pažeidimą, visų pirma tai, ar veiklos vykdytojas pranešė apie pažeidimą, jei taip – kokia apimtimi;
(h)
an bealach ina bhfuair na húdaráis inniúla náisiúnta eolas faoin sárú, go háirithe cibé ar chuir an t-oibreoir an sárú in iúl, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;
i)
tai, ar pažeidimas padarytas tyčia ar dėl aplaidumo;
(i)
cineál an tsáraithe a bheith déanta d'aon ghnó nó le faillí;
j)
visus veiklos vykdytojo atliktus veiksmus siekiant sumažinti asmenų, kuriems padarytas poveikis, patirtą žalą.
(j)
aon ghníomhaíocht a rinne an t-oibreoir chun dochar a d’fhulaing na daoine dá ndéantar difear a mhaolú.
8. Kiekviena valstybė narė nustato taisykles, reglamentuojančias, kokiu mastu administracinės baudos gali būti skiriamos toje valstybėje narėje įsisteigusioms valdžios institucijomis ir įstaigoms.
8. Déanfaidh gach Ballstát na rialacha a leagan síos faoi cibé an bhféadfar, agus a mhéid a fhéadfar, fíneálacha riaracháin a ghearradh ar údaráis agus ar chomhlachtaí poiblí a bunaíodh sa Bhallstát sin.
9. Priklausomai nuo valstybių narių teisinės sistemos, administracines baudas reglamentuojančios taisyklės gali būti taikomos taip, kad tose valstybėse narėse baudas atitinkamai skirtų kompetentingi nacionaliniai teismai ar kitos įstaigos. Tokių taisyklių taikymo poveikis tose valstybėse narėse turi būti lygiavertis.
9. Ag brath ar chóras dlí na mBallstát, féadfar na rialacha maidir le fíneálacha riaracháin a chur i bhfeidhm sa chaoi is go ngearrfaidh cúirteanna náisiúnta inniúla nó comhlachtaí eile na fíneálacha de réir mar is infheidhme sna Ballstáit sin. Beidh éifeacht choibhéiseach ag cur i bhfeidhm na rialacha sin sna Ballstáit sin.
10. Naudojimuisi įgaliojimais pagal šį straipsnį taikomos atitinkamos procedūrinės garantijos laikantis Sąjungos ir nacionalinės teisės, įskaitant veiksmingas teismines teisių gynimo priemones ir tinkamą procesą.
10. Maidir le cumhachtaí a bheith á bhfeidhmiú aige faoin Airteagal seo, beidh sé sin faoi réir coimircí nós imeachta iomchuí i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, lena n-áirítear leighis bhreithiúnacha éifeachtacha agus próis chuí.
11. Valstybės narės kasmet praneša Komisijai apie administracines baudas, kurias jos skyrė tais metais pagal šį straipsnį, ir apie visus susijusius ginčų nagrinėjimo ar teismo procesus.
11. Tuairisceoidh na Ballstáit, ar bhonn bliantúil, don Choimisiún faoi na fíneálacha riaracháin a d’eisigh siad le linn na bliana sin, i gcomhréir leis an Airteagal seo, agus faoi aon dlíthíocht nó imeachtaí breithiúnacha lena mbaineann.
100 straipsnis
Airteagal 100
Administracinės baudos Sąjungos institucijoms, įstaigoms, organams ir agentūroms
Fíneálacha riaracháin ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais
1. Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas gali skirti administracines baudas Sąjungos institucijoms, įstaigoms, organams ir agentūroms, kurie patenka į šio reglamento taikymo sritį. Sprendžiant, ar skirti administracinę baudą ir koks turėtų būti jos dydis kiekvienu konkrečiu atveju, deramai atsižvelgiama į visas reikšmingas konkrečios situacijos aplinkybes ir į šiuos dalykus:
1. Féadfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí fíneálacha riaracháin a ghearradh ar institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le fíneáil riaracháin a ghearradh agus cinneadh á dhéanamh maidir le méid na fíneála riaracháin i ngach cás aonair, cuirfear na himthosca ábhartha uile a bhaineann leis an gcás sonrach san áireamh agus tabharfar aird chuí ar an méid seo a leanas:
a)
pažeidimo pobūdį, sunkumą, trukmę ir jo pasekmes, atsižvelgiant į atitinkamos DI sistemos paskirtį, taip pat, kai tinkama, į asmenų, kuriems padarytas poveikis, skaičių ir jų patirtos žalos dydį;
(a)
cineál, tromaíocht agus fad an tsáraithe agus a iarmhairtí, ag cur san áireamh cuspóir an chórais intleachta saorga lena mbaineann, chomh maith le, i gcás inarb iomchuí, líon na ndaoine dá ndéantar difear agus leibhéal an damáiste a bhain dóibh;
b)
Sąjungos institucijos, įstaigos, organo ar agentūros atsakomybės laipsnį, atsižvelgiant į jų įgyvendintas technines ir organizacines priemones;
(b)
leibhéal freagrachta na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais, agus bearta teicniúla agus eagraíochtúla arna gcur chun feidhme acu á gcur san áireamh;
c)
bet kokius veiksmus, kurių ėmėsi Sąjungos institucija, įstaiga, organas ar agentūra, kad sumažintų asmenų, kuriems padarytas poveikis, patirtą žalą;
(c)
aon ghníomhaíocht a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais chun an damáiste a bhain do dhaoine ndéantar difear a mhaolú;
d)
bendradarbiavimo su Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnu lygį siekiant ištaisyti pažeidimą ir sumažinti galimą neigiamą pažeidimo poveikį, įskaitant visų priemonių, kurias Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas anksčiau nurodė taikyti atitinkamai Sąjungos institucijai, įstaigai, organui ar agentūrai dėl to paties dalyko, taikymą;
(d)
méid an chomhair leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí chun an sárú a leigheas agus chun éifeachtaí díobhálacha féideartha an tsáraithe a mhaolú, lena n-áirítear aon cheann de na bearta a d’ordaigh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí roimhe sin i gcoinne institiúid, chomhlacht, oifig nó ghníomhaireacht an Aontais lena mbaineann a chomhlíonadh, maidir leis an ábhar céanna;
e)
bet kokius anksčiau Sąjungos institucijos, įstaigos, organo ar agentūros padarytus panašius pažeidimus;
(e)
aon sárú den chineál céanna a rinne institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais roimhe;
f)
tai, kokiu būdu Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas sužinojo apie pažeidimą, visų pirma, ar Sąjungos institucija, įstaiga, organas ar agentūra pranešė apie pažeidimą, jei taip – kokia apimtimi;
(f)
an bealach ina bhfuair an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí eolas faoin sárú, go háirithe cibé acu a chuir an institiúid, an comhlacht, an oifig nó an ghníomhaireacht de chuid an Aontais an sárú in iúl nó nár chuir, agus má chuir, a mhéid a cuireadh in iúl é;
g)
Sąjungos institucijos, įstaigos, organo ar agentūros metinį biudžetą.
(g)
buiséad bliantúil na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais.
2. Už 5 straipsnyje nurodyto su DI susijusios praktikos draudimo nesilaikymą skiriamos iki 1 500 000 EUR dydžio administracinės baudos.
2. Maidir le neamhchomhlíontacht an toirmisc ar na cleachtais intleachta saorga dá dtagraítear in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 1 500 000.
3. Už DI sistemos neatitiktį bet kuriems pagal šį reglamentą nustatytiems reikalavimams ar pareigoms, išskyrus nustatytus 5 straipsnyje, skiriamos iki 750 000 EUR dydžio administracinės baudos.
3. Maidir le neamhchomhlíontacht an chórais intleachta saorga le haon cheanglas nó oibleagáid faoin Rialachán seo, seachas na ceanglais nó na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5, beidh an neamhchomhlíontacht sin faoi réir fíneálacha riaracháin suas le EUR 750 000.
4. Prieš priimdamas sprendimus pagal šį straipsnį, Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas suteikia Sąjungos institucijai, įstaigai, organui ar agentūrai, dėl kurių jis pradėjo procesą, galimybę būti išklausytiems su galimu pažeidimu susijusiais klausimais. Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas savo sprendimus grindžia tik tais elementais ir aplinkybėmis, dėl kurių atitinkamos šalys galėjo pateikti pastabų. Skundo pateikėjai, jei jų yra, turi būti įtraukti į procesą.
4. Sula ndéantar cinneadh de bhun an Airteagail seo, tabharfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí deis d’institiúid, comhlacht, oifig nó gníomhaireacht an Aontais is ábhar do na himeachtaí atá á riar ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí éisteacht a fháil ar an ní maidir leis an sárú féideartha. Ní bhunóidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a chinntí ar aon ní ach amháin ar na heilimintí agus imthosca a raibh ar chumas na bpáirtithe lena mbaineann tuairim a thabhairt ina leith. Beidh dlúthbhaint ag na gearánaigh, más ann dóibh, leis na himeachtaí.
5. Proceso metu turi būti visapusiškai gerbiama šalių teisė į gynybą. Joms turi būti suteikta teisė susipažinti su Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūno byla, atsižvelgiant į fizinių asmenų ar įmonių teisėtą interesą, kad būtų apsaugoti jų asmens duomenys ar verslo paslaptys.
5. Déanfar cearta cosanta na bpáirtithe lena mbaineann a urramú go hiomlán le linn na n-imeachtaí. Beidh siad i dteideal rochtain a fháil ar chomhad an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí, faoi réir leas dlisteanach daoine aonair nó gnólachtaí maidir lena gcuid sonraí pearsanta nó a gcuid rúin ghnó a chosaint.
6. Lėšos, surinktos skyrus šiame straipsnyje numatytas baudas, įskaitomos į Sąjungos bendrąjį biudžetą. Baudos nedaro poveikio veiksmingai Sąjungos institucijos, įstaigos, organo ar agentūros, kuriems skirta bauda, veiklai.
6. Rannchuideoidh cistí arna mbailiú trí fhíneálacha a ghearradh faoin Airteagal seo le buiséad ginearálta an Aontais. Ní dhéanfaidh na fíneálacha difear d’oibriú éifeachtach na hinstitiúide, an chomhlachta, na hoifige nó na gníomhaireachta de chuid an Aontais ar gearradh fíneáil air nó uirthi.
7. Europos duomenų apsaugos priežiūros pareigūnas kasmet praneša Komisijai apie administracines baudas, kurias jis skyrė pagal šį straipsnį, ir apie visus savo inicijuotus ginčų nagrinėjimo ar teismo procesus.
7. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ar bhonn bliantúil, fógra a thabhairt don Choimisiún faoi na fíneálacha riaracháin a d’fhorchuir sé de bhun an Airteagail seo agus faoi aon dlíthíocht nó imeachtaí breithiúnacha a thionscain sé.
101 straipsnis
Airteagal 101
Baudos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams
Fíneálacha le haghaidh sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
1. Komisija bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams gali skirti baudas, neviršijančias 3 % jų bendros pasaulinės praėjusių finansinių metų metinės apyvartos arba 15 000 000 EUR sumos, atsižvelgiant į tai, kuri yra didesnė, jei Komisija nustato, kad tiekėjas tyčia ar dėl aplaidumo:
1. Féadfaidh an Coimisiún fíneálacha nach mó ná 3 % dá láimhdeachas bliantúil domhanda iomlán sa bhliain airgeadais roimhe sin nó EUR 15 000 000, cibé acu is airde, a fhorchur ar sholáthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, i gcás ina gcinnfidh an Coimisiún go ndearna an soláthraí an méid seo a leanas d’aon ghnó nó le faillí:
a)
pažeidė atitinkamas šio reglamento nuostatas;
(a)
sháraigh sé forálacha ábhartha an Rialacháin seo;
b)
nepatenkino prašymo pateikti dokumentą arba pateikti informaciją pagal 91 straipsnį arba pateikė neteisingą, neišsamią ar klaidinančią informaciją;
(b)
níor chomhlíon sé iarraidh ar dhoiciméad nó ar fhaisnéis de bhun Airteagal 91, nó sholáthair sé faisnéis mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach;
c)
nesilaikė pagal 93 straipsnį prašomos priemonės;
(c)
níor chomhlíon sé beart a iarradh faoi Airteagal 93;
d)
nesuteikė Komisijai prieigos prie bendrosios paskirties DI modelio arba sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelio, kad būtų galima atlikti vertinimą pagal 92 straipsnį.
(d)
níor chuir sé rochtain ar fáil don Choimisiún ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach nó ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a mbaineann riosca sistéamach léi d’fhonn meastóireacht a dhéanamh de bhun Airteagal 92.
Nustatant baudos arba periodinės baudos dydį atsižvelgiama į pažeidimo pobūdį, sunkumą ir trukmę, deramai atsižvelgiant į proporcingumo ir tinkamumo principus. Komisija taip pat atsižvelgia į įsipareigojimus, prisiimtus pagal 93 straipsnio 3 dalį arba prisiimtus atitinkamuose praktikos kodeksuose pagal 56 straipsnį.
Agus méid na fíneála nó na híocaíochta pionósaí tréimhsiúla á shocrú, tabharfar aird ar chineál, tromchúis agus fad an tsáraithe, agus aird chuí á tabhairt ar phrionsabail na comhréireachta agus na hoiriúnachta. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin gealltanais a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 93(3) nó gealltanais a rinneadh i gcóid chleachtais ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 56.
2. Prieš priimdama sprendimą pagal 1 dalį, Komisija pateikia preliminarias išvadas bendrosios paskirties DI modelio tiekėjui ir suteikia jam galimybę būti išklausytam.
2. Sula nglacfaidh sé an cinneadh de bhun mhír 1, cuirfidh an Coimisiún a réamhchinntí in iúl do sholáthraí na samhla intleachta saorga ilchuspóirí agus tabharfaidh sé deis dó éisteacht a fháil.
3. Pagal šį straipsnį skiriamos baudos turi būti veiksmingos, proporcingos ir atgrasomos.
3. Beidh na fíneálacha a ghearrfar i gcomhréir leis an Airteagal seo éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
4. Informacija apie pagal šį straipsnį skirtas baudas atitinkamai perduodama ir Valdybai.
4. Cuirfear faisnéis faoi fhíneálacha a fhorchuirtear faoin Airteagal seo in iúl don Bhord freisin de réir mar is iomchuí.
5. Europos Sąjungos Teisingumo Teismas turi neribotą jurisdikciją peržiūrėti Komisijos sprendimus, kuriais pagal šį straipsnį nustatoma bauda. Jis gali panaikinti, sumažinti arba padidinti skirtą baudą.
5. Beidh dlínse neamhtheoranta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí ón gCoimisiún maidir le fíneáil a shocrú faoin Airteagal seo. Féadfaidh sí an fhíneáil a chealú, a laghdú nó a mhéadú.
6. Komisija priima įgyvendinimo aktus, kuriuose nustatoma išsami procedūrų tvarka ir procesinės garantijos, kad būtų galima priimti sprendimus pagal šio straipsnio 1 dalį. Tie įgyvendinimo aktai priimami laikantis 98 straipsnio 2 dalyje nurodytos nagrinėjimo procedūros.
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina mbeidh socruithe mionsonraithe agus coimircí nós imeachta iomchuí maidir le himeachtaí i bhfianaise na gcinntí a d’fhéadfaí a ghlacadh de bhun mhír 1 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 98(2).
XIII SKYRIUS
CAIBIDIL XIII
BAIGIAMOSIOS NUOSTATOS
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
102 straipsnis
Airteagal 102
Reglamento (EB) Nr. 300/2008 pakeitimas
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 300/2008
Reglamento (EB) Nr. 300/2008 4 straipsnio 3 dalis papildoma šia pastraipa:
In Airteagal 4(3) de Rialachán (CE) 300/2008, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
„Priimant išsamias priemones, susijusias su saugumo įrangos patvirtinimo ir naudojimo techninėmis specifikacijomis ir procedūromis, kiek tai susiję su dirbtinio intelekto sistemomis, kaip tai suprantama Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) 2024/1689 (*1), atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
‘Agus bearta mionsonraithe á nglacadh a bhaineann le sonraíochtaí teicniúla agus nósanna imeachta chun trealamh slándála i ndáil le córais intleachta saorga a cheadú agus a úsáid, de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 den Rialachán sin san áireamh.
103 straipsnis
Airteagal 103
Reglamento (ES) Nr. 167/2013 pakeitimas
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 167/2013
Reglamento (ES) Nr. 167/2013 17 straipsnio 5 dalis papildoma šia pastraipa:
In Airteagal 17 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 167/2013, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
„Priimant deleguotuosius aktus pagal pirmą pastraipą dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) 2024/1689 (*2), atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
‘Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun na chéad fhomhíre maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
104 straipsnis
Airteagal 104
Reglamento (ES) Nr. 168/2013 pakeitimas
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 168/2013
Reglamento (ES) Nr. 168/2013 22 straipsnio 5 dalis papildoma šia pastraipa:
In Airteagal 22 (5) de Rialachán (AE) Uimh. 168/2013, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
„Priimant deleguotuosius aktus pagal pirmą pastraipą dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) 2024/1689 (*3), atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
‘Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun na chéad fhomhíre maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
105 straipsnis
Airteagal 105
Direktyvos 2014/90/ES pakeitimas
Leasú ar Threoir 2014/90/AE
Direktyvos 2014/90/ES 8 straipsnis papildomas šia dalimi:
In Airteagal 8 de Threoir 2014/90/AE, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
„5. Kiek tai susiję su dirbtinio intelekto sistemomis, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) 2024/1689 (*4), vykdydama veiklą pagal 1 dalį ir priimdama technines specifikacijas ir bandymo standartus pagal 2 ir 3 dalis Komisija atsižvelgia į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
‘5. Maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4), agus a ghníomhaíochtaí á ndéanamh aige de bhun mhír 1 agus le linn dó sonraíochtaí teicniúla agus caighdeáin tástála a ghlacadh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.
106 straipsnis
Airteagal 106
Direktyvos (ES) 2016/797 pakeitimas
Leasú ar Threoir (AE) 2016/797
Direktyvos (ES) 2016/797 5 straipsnis papildomas šia dalimi:
In Airteagal 5 de Threoir (AE) 2016/797, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
„12. Priimant deleguotuosius aktus pagal 1 dalį ir įgyvendinimo aktus pagal 11 dalį dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) 2024/1689 (*5), atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
‘12. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhír 1 agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 11 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*5), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
107 straipsnis
Airteagal 107
Reglamento (ES) 2018/858 pakeitimas
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/858
Reglamento (ES) 2018/858 5 straipsnis papildomas šia dalimi:
In Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2018/858, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
„4. Priimant deleguotuosius aktus pagal 3 dalį dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) 2024/1689 (*6), atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
‘4. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhír 3 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
108 straipsnis
Airteagal 108
Reglamento (ES) 2018/1139 pakeitimai
Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 2018/1139
Reglamentas (ES) 2018/1139 iš dalies keičiamas taip:
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1139 mar a leanas:
1)
17 straipsnis papildomas šia dalimi:
(1)
in Airteagal 17, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
„3. Nedarant poveikio 2 daliai, priimant įgyvendinimo aktus pagal 1 dalį dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) 2024/1689 (*7), atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
‘3. Gan dochar do mhír 2, agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*7), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
(*7) 2024 m. birželio 13 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2024/1689, kuriuo nustatomos suderintos dirbtinio intelekto taisyklės ir iš dalies keičiami reglamentai (EB) Nr. 300/2008, (ES) Nr. 167/2013, (ES) Nr. 168/2013, (ES) 2018/858, (ES) 2018/1139 ir (ES) 2019/2144 ir direktyvos 2014/90/ES, (ES) 2016/797 ir (ES) 2020/1828) (Dirbtinio intelekto aktas) (OL L, 2024/1689, 2024 7 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).“;"
(*7) Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).’;"
2)
19 straipsnis papildomas šia dalimi:
(2)
in Airteagal 19, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
„4. Priimant deleguotuosius aktus pagal 1 ir 2 dalis dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Reglamente (ES) 2024/1689, atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.“
‘4. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’
;
;
3)
43 straipsnis papildomas šia dalimi:
(3)
in Airteagal 43, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
„4. Priimant įgyvendinimo aktus pagal 1 dalį dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Reglamente (ES) 2024/1689, atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.“
‘4. Agus gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 1 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’
;
;
4)
47 straipsnis papildomas šia dalimi:
(4)
in Airteagal 47, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
„3. Priimant deleguotuosius aktus pagal 1 ir 2 dalis dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Reglamente (ES) 2024/1689, atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.“
‘3. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’
;
;
5)
57 straipsnis papildomas šia pastraipa:
(5)
in Airteagal 57, cuirtear an fhomhír seo a leanas leis:
„Priimant tuos įgyvendinimo aktus dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Reglamente (ES) 2024/1689, atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.“
‘Agus na gníomhartha cur chun feidhme sin á nglacadh maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’
;
;
6)
58 straipsnis papildomas šia dalimi:
(6)
in Airteagal 58, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
„3. Priimant deleguotuosius aktus pagal 1 ir 2 dalis dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Reglamente (ES) 2024/1689, atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.“
‘3. Agus gníomhartha tarmligthe á nglacadh de bhun mhíreanna 1 agus 2 maidir le córais Intleachta Saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689, cuirfear san áireamh na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin.’.
109 straipsnis
Airteagal 109
Reglamento (ES) 2019/2144 pakeitimas
Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 2019/2144
Reglamento (ES) 2019/2144 11 straipsnis papildomas šia dalimi:
In Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2019/2144, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
„3. Priimant įgyvendinimo aktus pagal 2 dalį dėl dirbtinio intelekto sistemų, kurios yra saugos komponentai, kaip tai suprantama Europos Parlamento ir Tarybos reglamente (ES) 2024/1689 (*8), atsižvelgiama į to reglamento III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus.
‘3. Agus na gníomhartha cur chun feidhme á nglacadh de bhun mhír 2, maidir le córais intleachta saorga ar comhpháirteanna sábháilteachta iad de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*8), cuirfear na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, den Rialachán sin san áireamh.
110 straipsnis
Airteagal 110
Direktyvos (ES) 2020/1828 pakeitimas
Leasú ar Threoir (AE) 2020/1828
Europos Parlamento ir Tarybos direktyvos (ES) 2020/1828 (58) I priedas papildomas šiuo punktu:
Cuirtear an pointe seo a leanas le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir (AE) Uimh. 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (58):
„68.
2024 m. birželio 13 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2024/1689, kuriuo nustatomos suderintos dirbtinio intelekto taisyklės ir iš dalies keičiami reglamentai (EB) Nr. 300/2008, (ES) Nr. 167/2013, (ES) Nr. 168/2013, (ES) 2018/858, (ES) 2018/1139 ir (ES) 2019/2144 ir direktyvos 2014/90/ES, (ES) 2016/797 ir (ES) 2020/1828) (Dirbtinio intelekto aktas) (OL L, 2024/1689, 2024 7 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj).“
‘(68)
Rialachán (AE) 2024/1689 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh, 300/2008, (AE) Uimh. 167/2013, (AE) Uimh 168/2013, (AE) 2018/858, (AE) 2018/1139 agus (AE) 2019/2144 agus Treoracha 2014/90/AE, (AE) 2016/797 agus (AE) 2020/1828 (Gníomh um an Intleacht Shaorga) (IO L, 2024/1689, 12.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj)’.
111 straipsnis
Airteagal 111
Rinkai jau pateiktos ar pradėtos naudoti DI sistemos ir rinkai jau pateikti bendrosios paskirties DI modeliai
Córais intleachta saorga ardriosca a cuireadh ar an margadh nó i mbun seirbhíse cheana féin agus samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a cuireadh ar an margadh cheana féin
1. Nedarant poveikio 5 straipsnio taikymui, kaip nurodyta 113 straipsnio 3 dalies a punkte, DI sistemos, kurios yra didelės apimties IT sistemų, sukurtų X priede nurodytais teisės aktais ir pateiktų rinkai arba pradėtų naudoti anksčiau nei 2027 m. rugpjūčio 2 d., komponentai, ne vėliau kaip 2030 m. gruodžio 31 d. turi atitikti šį reglamentą.
1. Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 5 dá dtagraítear in Airteagal 113(3), pointe (a), déanfar córais intleachta saorga ar comhpháirteanna iad de na córais mhórscála TF arna mbunú leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn X a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh an 2 Lúnasa 2027 a thabhairt i gcomhréir leis an Rialachán seo faoin 31 Nollaig 2030.
Atliekant kiekvienos X priede nurodytais teisės aktais sukurtos didelės apimties IT sistemos vertinimą, kaip numatyta tuose teisės aktuose ir kai tie teisės aktai pakeičiami arba iš dalies keičiami, atsižvelgiama į šiame reglamente nustatytus reikalavimus.
Cuirfear na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo san áireamh, i gcás inarb infheidhme, sa mheastóireacht ar gach córas mórscála TF a bhunaítear leis na gníomhartha dlí a liostaítear in Iarscríbhinn X agus atá le cur i gcrích de réir mar a fhoráiltear sna gníomhartha dlí sin agus i gcás ina ndéanfar na gníomhartha dlí sin a ionadú nó a leasú.
2. Nedarant poveikio 5 straipsnio taikymui, kaip nurodyta 113 straipsnio 3 dalies a punkte, didelės rizikos DI sistemų, kurios nėra šio straipsnio 1 dalyje nurodytos sistemos ir kurios buvo pateiktos rinkai arba pradėtos naudoti anksčiau nei 2026 m. rugpjūčio 2 d., operatoriams šis reglamentas taikomas tik tuo atveju, jei nuo tos dienos tų sistemų konstrukcijos reikšmingai pasikeitė. Bet kuriuo atveju didelės rizikos DI sistemų, kurias ketina naudoti valdžios institucijos, tiekėjai ir diegėjai imasi būtinų veiksmų, kad laikytųsi šio reglamento reikalavimų ir pareigų, ne vėliau kaip 2030 m. rugpjūčio 2 d.
2. Gan dochar do chur i bhfeidhm Airteagal 5 dá dtagraítear in Airteagal 113(3), pointe (a), beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hoibreoirí córas intleachta saorga ardriosca, seachas na córais dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, a cuireadh ar an margadh nó a cuireadh i mbun seirbhíse roimh an 2 Lúnasa 2026, ach amháin más rud é, ón dáta sin ar aghaidh, go mbeidh na córais sin faoi réir athruithe suntasacha ar a ndearaí. I gcás ar bith, déanfaidh soláthraithe agus úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí na bearta is gá chun ceanglais agus oibleagáidí an Rialacháin seo a chomhlíonadh faoin 2 Lúnasa 2030.
3. Bendrosios paskirties DI modelių, kurie buvo pateikti rinkai anksčiau nei 2025 m. rugpjūčio 2 d., tiekėjai imasi būtinų veiksmų, kad įvykdytų šiame reglamente nustatytas pareigas ne vėliau kaip 2027 m. rugpjūčio 2 d.
3. Déanfaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a cuireadh ar an margadh roimh an 2 Lúnasa 2025 na bearta is gá chun na hoibleagáidí a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh faoin 2 Lúnasa 2027.
112 straipsnis
Airteagal 112
Vertinimas ir peržiūra
Meastóireacht agus athbhreithniú
1. Komisija kartą per metus po šio reglamento įsigaliojimo ir iki 97 straipsnyje nustatyto įgaliojimų delegavimo laikotarpio pabaigos įvertina poreikį iš dalies pakeisti III priede pateiktą sąrašą ir 5 straipsnyje nustatytą draudžiamos DI praktikos sąrašą. To vertinimo rezultatus Komisija pateikia Europos Parlamentui ir Tarybai.
1. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá atá le leasú a dhéanamh ar an liosta in Iarscríbhinn III agus ar an liosta de chleachtais intleachta saorga atá toirmiscthe a leagtar síos in Airteagal 5, uair sa bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus go dtí deireadh thréimhse an tarmligin cumhachta a leagtar síos in Airteagal 97. Cuirfidh an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
2. Ne vėliau kaip 2028 m. rugpjūčio 2 d., o vėliau – kas ketverius metus Komisija atlieka vertinimą ir Europos Parlamentui ir Tarybai pateikia ataskaitą dėl:
2. Faoin 2 Lúnasa 2028, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht agus tuairisceoidh sé do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an méid seo leanas:
a)
pakeitimų siekiant išplėsti esamas sričių antraštes arba į III priedą įtraukti naujas sričių antraštes poreikio;
(a)
an gá atá le leasuithe lena leathnaítear ceannteidil limistéir atá ann cheana nó lena gcuirtear ceannteidil limistéir nua le hIarscríbhinn III;
b)
50 straipsnyje pateikto DI sistemų, dėl kurių reikia papildomų skaidrumo priemonių, sąrašo pakeitimų;
(b)
leasuithe ar liosta na gcóras intleachta saorga a éilíonn bearta breise trédhearcachta in Airteagal 50;
c)
pakeitimų, kuriais didinamas priežiūros ir valdymo sistemos veiksmingumas.
(c)
leasuithe lena bhfeabhsaítear éifeachtacht an chórais maoirseachta agus rialachais.
3. Ne vėliau kaip 2029 m. rugpjūčio 2 d., o vėliau – kas ketverius metus Komisija teikia Europos Parlamentui ir Tarybai šio reglamento vertinimo ir peržiūros ataskaitą. Ataskaitoje pateikiamas vykdymo užtikrinimo struktūros ir galimo poreikio Sąjungos agentūrai pašalinti nustatytus trūkumus vertinimas. Remiantis išvadomis, su ta ataskaita, kai tikslinga, pateikiamas pasiūlymas dėl šio reglamento dalinio pakeitimo. Ataskaitos skelbiamos viešai.
3. Faoin 2 Lúnasa 2029 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar mheastóireacht agus athbhreithniú an Rialacháin seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle. Áireofar sa tuarascáil measúnú maidir le struchtúr an fhorfheidhmithe agus an gá a d’fhéadfadh a bheith le gníomhaireacht de chuid an Aontais chun aon easnaimh a sainaithníodh a réiteach. Ar bhonn na dtorthaí, beidh togra chun an Rialachán seo a leasú ag gabháil leis an tuarascáil sin i gcás inarb iomchuí. Cuirfear na tuarascálacha ar fáil go poiblí.
4. 2 dalyje nurodytose ataskaitose ypatingas dėmesys skiriamas šiems dalykams:
4. Leis na tuarascálacha dá dtagraítear i mír 2, tabharfar aird shonrach ar an méid seo a leanas:
a)
nacionalinių kompetentingų institucijų finansinių, techninių ir žmogiškųjų išteklių būklei, kad jos galėtų veiksmingai vykdyti joms pagal šį reglamentą pavestas užduotis;
(a)
stádas acmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna na n-údarás inniúil náisiúnta chun na cúraimí a shanntar dóibh faoin Rialachán seo a dhéanamh go héifeachtach;
b)
sankcijų, visų pirma 99 straipsnio 1 dalyje nurodytų administracinių baudų, kurias valstybės narės taiko už šio reglamento pažeidimus, padėčiai;
(b)
staid na bpionós, go háirithe, staid na bhfíneálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 99(1), arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit maidir le sáruithe ar an Rialachán seo;
c)
priimtiems šiam reglamentui įgyvendinti parengtiems darniesiems standartams ir bendrosioms specifikacijoms;
(c)
caighdeáin chomhchuibhithe agus sonraíochtaí coiteanna arna bhforbairt chun tacú leis an Rialachán seo a glacadh;
d)
įmonių, kurios patenka į rinką po šio reglamento taikymo pradžios datos, skaičiui ir tam, kiek iš jų yra MVĮ.
(d)
líon na ngnóthas a chuirtear ar an margadh tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus líon na ngnóthas ar FBManna iad.
5. Ne vėliau kaip 2028 m. rugpjūčio 2 d. Komisija įvertina DI tarnybos veikimą, ar jai suteikti pakankami įgaliojimai ir kompetencija, kad ji galėtų vykdyti savo užduotis, ir ar siekiant tinkamai įgyvendinti šį reglamentą ir užtikrinti jo vykdymą būtų tikslinga ir reikalinga plėsti DI tarnybą ir jos vykdymo užtikrinimo kompetenciją ir padidinti jos išteklius. Komisija vertinimo ataskaitą teikia Europos Parlamentui ir Tarybai.
5. Faoin 2 Lúnasa 2028, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhmiú na hOifige um Intleacht Shaorga, i dtaobh ar tugadh cumhachtaí agus inniúlachtaí leordhóthanacha don Oifig um Intleacht Shaorga chun a cúraimí a chomhlíonadh, agus an mbeadh sí ábhartha agus riachtanach chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go cuí chun an Oifig um Intleacht Shaorga agus a hinniúlachtaí forfheidhmiúcháin a uasghrádú agus chun a hacmhainní a mhéadú. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil maidir lena mheastóireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.
6. Ne vėliau kaip 2028 m. rugpjūčio 2 d. ir vėliau kas ketverius metus Komisija pateikia ataskaitą dėl pažangos, padarytos rengiant standartizacijos leidinius, susijusius su efektyviu energijos vartojimu grindžiamu bendrosios paskirties AI modelių kūrimu, peržiūros ir įvertina, ar reikia papildomų priemonių ar veiksmų, įskaitant privalomas priemones ar veiksmus. Ataskaita pateikiama Europos Parlamentui ir Tarybai ir skelbiama viešai.
6. Faoin 2 Lúnasa 2028 agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir leis an athbhreithniú ar an dul chun cinn ar fhorbairt spriocanna insoláthartha caighdeánaithe maidir le forbairt atá tíosach ar fhuinneamh na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha, agus measúnóidh sé an gá le bearta nó gníomhaíochtaí breise, lena n-áirítear bearta nó gníomhaíochtaí ceangailteacha. Déanfar an tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus poibleofar í.
7. Ne vėliau kaip 2028 m. rugpjūčio 2 d., o vėliau – kas trejus metus Komisija įvertina savanoriškų elgesio kodeksų poveikį ir veiksmingumą skatinant III skyriaus 2 skirsnyje nustatytų reikalavimų taikymą DI sistemoms, išskyrus didelės rizikos DI sistemas, ir galbūt kitų papildomų reikalavimų taikymą DI sistemoms, išskyrus didelės rizikos DI sistemas, be kita ko, kiek tai susiję su aplinkosauginiu tvarumu.
7. Faoin 2 Lúnasa 2028 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar thionchar agus éifeachtacht na gcód iompair deonach chun cur i bhfeidhm na gceanglas a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 le haghaidh córais intleachta saorga a chothú seachas córais intleachta saorga ardriosca, mar aon le ceanglais bhreise eile maidir le córais intleachta saorga seachas córais intleachta saorga ardriosca, más féidir, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil.
8. 1–7 dalių tikslais Valdyba, valstybės narės ir nacionalinės kompetentingos institucijos teikia Komisijai informaciją jos prašymu ir nepagrįstai nedelsdamos.
8. Chun críocha mhíreanna 1 go 7, cuirfidh an Bord, na Ballstáit agus na húdaráis inniúla náisiúnta faisnéis ar fáil don Choimisiún arna iarraidh sin dó agus gan moill mhíchuí.
9. Atlikdama 1–7 dalyse nurodytus vertinimus ir peržiūras, Komisija atsižvelgia į Valdybos, Europos Parlamento, Tarybos, taip pat kitų susijusių įstaigų ar šaltinių nuomones ir išvadas.
9. I gcur i gcrích na meastóireachtaí agus na n-athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 7, cuirfidh an Coimisiún san áireamh na seasaimh agus na cinntí ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ó chomhlachtaí nó foinsí ábhartha eile.
10. Prireikus Komisija pateikia tinkamus pasiūlymus iš dalies pakeisti šį reglamentą, visų pirma atsižvelgdama į technologinius pokyčius, DI sistemų poveikį sveikatai, saugai ir pagrindinėms teisėms ir į informacinės visuomenės pažangą.
10. Más gá, tíolacfaidh an Coimisiún tograí iomchuí chun an Rialachán seo a leasú, ag cur san áireamh go háirithe forbairtí maidir leis an teicneolaíocht, tionchar na gcóras intleachta saorga ar an tsláinte agus an tsábháilteacht, agus ar chearta bunúsacha, agus i bhfianaise staid an dul chun cinn sa tsochaí faisnéise.
11. Kad būtų galima vadovautis gairėmis atliekant šio straipsnio 1–7 dalyse nurodytus vertinimus ir peržiūras, DI tarnyba įsipareigoja parengti objektyvią ir dalyvaujamąją rizikos lygių vertinimo metodiką, grindžiamą atitinkamuose straipsniuose išdėstytais kriterijais ir naujų sistemų įtraukimu į:
11. Chun na meastóireachtaí agus na hathbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna 1 go 7 den Airteagal seo a threorú, gabhfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga uirthi féin modheolaíocht oibiachtúil agus rannpháirteach a fhorbairt chun meastóireacht a dhéanamh ar na leibhéil riosca bhunaithe ar na critéir a leagtar amach sna hAirteagail ábhartha agus córais nua a áireamh sna nithe seo a leanas:
a)
III priede nustatytą sąrašą, įskaitant esamų sričių antraščių išplėtimą arba naujų sričių antraščių įtraukimą į tą priedą,
(a)
an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn III, lena n-áirítear na ceannteidil limistéir atá ann cheana a leathnú nó ceannteidil nua limistéir a chur leis san Iarscríbhinn sin;
b)
5 straipsnyje nustatytą draudžiamos praktikos sąrašą ir
(b)
liosta na gcleachtas toirmiscthe a leagtar amach in Airteagal 5; agus
c)
DI sistemų, dėl kurių reikia papildomų skaidrumo priemonių, sąrašą pagal 50 straipsnį.
(c)
liosta na gcóras intleachta saorga a éilíonn bearta breise trédhearcachta de bhun Airteagal 50.
12. Bet kokiu šio reglamento pakeitimu pagal 10 dalį arba atitinkamais deleguotaisiais ar įgyvendinimo aktais, susijusiais su I priedo B skirsnyje išvardytais sektorių Sąjungos derinamaisiais teisės aktais, atsižvelgiama į kiekvieno sektoriaus reglamentavimo ypatumus ir esamus valdymo, atitikties vertinimo ir vykdymo užtikrinimo mechanizmus ir tose srityse įsteigtas institucijas.
12. Maidir le haon leasú ar an Rialachán seo de bhun mhír 10, nó gníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme ábhartha, a bhaineann le reachtaíocht chomhchuibhithe earnálach an Aontais a liostaítear i Roinn B d’Iarscríbhinn I, cuirfear san áireamh ann sainiúlachtaí rialála gach earnála, mar aon leis an rialachas atá ann cheana, measúnú comhréireachta agus sásraí forfheidhmithe agus údaráis arna mbunú ann.
13. Ne vėliau kaip 2031 m. rugpjūčio 2 d. Komisija atlieka šio reglamento vykdymo užtikrinimo vertinimą ir pateikia Europos Parlamentui, Tarybai ir Europos ekonomikos ir socialinių reikalų komitetui ataskaitą šiuo klausimu, atsižvelgdama į pirmuosius šio reglamento taikymo metus. Remiantis išvadomis, kai tikslinga, prie tos ataskaitos pridedamas pasiūlymas iš dalies pakeisti šį reglamentą, kiek tai susiję su vykdymo užtikrinimo struktūra ir poreikiu, kad Sąjungos agentūra pašalintų nustatytus trūkumus.
13. Faoin 2 Lúnasa 2031, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fhorfheidhmiú an Rialacháin seo agus tuairisceoidh sé faoi do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus na chéad bhlianta de chur i bhfeidhm an Rialacháin seo á gcur san áireamh aige. Ar bhonn na dtorthaí, beidh togra le haghaidh leasú ar an Rialachán seo ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, maidir le struchtúr an fhorfheidhmithe agus an gá atá le gníomhaireacht de chuid an Aontais aon easnaimh shainaitheanta a réiteach.
113 straipsnis
Airteagal 113
Įsigaliojimas ir taikymas
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Šis reglamentas įsigalioja dvidešimtą dieną po jo paskelbimo Europos Sąjungos oficialiajame leidinyje.
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Jis taikomas nuo 2026 m. rugpjūčio 2 d.
Beidh feidhm aige ón 2 Lúnasa 2026.
Tačiau:
Mar sin féin:
a)
I ir II skyriai taikomi nuo 2025 m. vasario 2 d.;
(a)
Beidh feidhm ag Caibidlí I agus II ón 2 Feabhra 2025;
b)
III skyriaus 4 skirsnis, V skyrius, VII skyrius ir XII skyrius bei 78 straipsnis taikomi nuo 2025 m. rugpjūčio 2 d., išskyrus 101 straipsnį;
(b)
Beidh feidhm ag Caibidil III Roinn 4, Caibidil V, Caibidil VII agus Caibidil XII agus Airteagal 78 ón 2 Lúnasa 2025;
c)
6 straipsnio 1 dalis ir atitinkamos šiame reglamente nustatytos pareigos taikomos nuo 2027 m. rugpjūčio 2 d.
(c)
Beidh cheart feidhm ag Airteagal 6(1) agus oibleagáidí comhfhreagracha an Rialacháin seo ón 2 Lúnasa 2027.
Šis reglamentas privalomas visas ir tiesiogiai taikomas visose valstybėse narėse.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Priimta Briuselyje 2024 m. birželio 13 d.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 13 Meitheamh 2024.
Europos Parlamento vardu
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Pirmininkė
An tUachtarán
R. METSOLA
R. METSOLA
Tarybos vardu
Thar ceann na Comhairle
Pirmininkas
An tUachtarán
M. MICHEL
M. MICHEL
(1) OL C 517, 2021 12 22, p. 56.
(1) IO C 517, 22.12.2021, lch. 56.
(2) OL C 115, 2022 3 11, p. 5.
(2) IO C 115, 11.3.2022, lch. 5.
(3) OL C 97, 2022 2 28, p. 60.
(3) IO C 97, 28.2.2022, lch. 60.
(4) 2024 m. kovo 13 d. Europos Parlamento pozicija (dar nepaskelbta Oficialiajame leidinyje) ir 2024 m. gegužės 21 d. Tarybos sprendimas.
(4) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 21 Bealtaine 2024.
(5) Europos Vadovų Taryba, Specialusis Europos Vadovų Tarybos susitikimas (2020 m. spalio 1 ir 2 d.). Išvados, EUCO 13/20, 2020 m., p. 6.
(5) An Chomhairle Eorpach, Cruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (an 1 agus an 2 Deireadh Fómhair 2020) – Conclúidí, EUCO 13/20, 2020, lch. 6.
(6) 2020 m. spalio 20 d. Europos Parlamento rezoliucija su rekomendacijomis Komisijai dėl dirbtinio intelekto, robotikos ir susijusių technologijų etinių aspektų sistemos, 2020/2012(INL).
(6) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2020 le moltaí don Choimisiún maidir le creat gnéithe eiticiúla den intleacht shaorga, den róbataic agus de theicneolaíochtaí gaolmhara, 2020/2012(INL).
(7) 2008 m. liepos 9 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (EB) Nr. 765/2008, nustatantis su gaminių prekyba susijusius akreditavimo reikalavimus ir panaikinantis Reglamentą (EEB) Nr. 339/93 (OL L 218, 2008 8 13, p. 30).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30).
(8) 2008 m. liepos 9 d. Europos Parlamento ir Tarybos sprendimas Nr. 768/2008/EB dėl bendrosios gaminių pardavimo sistemos ir panaikinantis Tarybos sprendimą 93/465/EEB (OL L 218, 2008 8 13, p. 82).
(8) Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh margú táirgí, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lch. 82).
(9) 2019 m. birželio 20 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2019/1020 dėl rinkos priežiūros ir gaminių atitikties, kuriuo iš dalies keičiama Direktyva 2004/42/EB ir reglamentai (EB) Nr. 765/2008 ir (ES) Nr. 305/2011 (OL L 169, 2019 6 25, p. 1).
(9) Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus ar chomhlíontacht táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011 (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
(10) 1985 m. liepos 25 d. Tarybos direktyva 85/374/EEB dėl valstybių narių įstatymų ir kitų teisės aktų, reglamentuojančių atsakomybę už gaminius su trūkumais, derinimo (OL L 210, 1985 8 7, p. 29).
(10) Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).
(11) 2016 m. balandžio 27 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2016/679 dėl fizinių asmenų apsaugos tvarkant asmens duomenis ir dėl laisvo tokių duomenų judėjimo ir kuriuo panaikinama Direktyva 95/46/EB (Bendrasis duomenų apsaugos reglamentas) (OL L 119, 2016 5 4, p. 1).
(11) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(12) 2018 m. spalio 23 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/1725 dėl fizinių asmenų apsaugos Sąjungos institucijoms, organams, tarnyboms ir agentūroms tvarkant asmens duomenis ir dėl laisvo tokių duomenų judėjimo, kuriuo panaikinamas Reglamentas (EB) Nr. 45/2001 ir Sprendimas Nr. 1247/2002/EB (OL L 295, 2018 11 21, p. 39).
(12) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(13) 2016 m. balandžio 27 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2016/680 dėl fizinių asmenų apsaugos kompetentingoms institucijoms tvarkant asmens duomenis nusikalstamų veikų prevencijos, tyrimo, atskleidimo ar baudžiamojo persekiojimo už jas arba bausmių vykdymo tikslais ir dėl laisvo tokių duomenų judėjimo, ir kuria panaikinamas Tarybos pamatinis sprendimas 2008/977/TVR (OL L 119, 2016 5 4, p. 89).
(13) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(14) 2002 m. liepos 12 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2002/58/EB dėl asmens duomenų tvarkymo ir privatumo apsaugos elektroninių ryšių sektoriuje (Direktyva dėl privatumo ir elektroninių ryšių) (OL L 201, 2002 7 31, p. 37).
(14) Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
(15) 2022 m. spalio 19 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2022/2065 dėl bendrosios skaitmeninių paslaugų rinkos, kuriuo iš dalies keičiama Direktyva 2000/31/EB (Skaitmeninių paslaugų aktas) (OL L 277, 2022 10 27, p. 1).
(15) Rialachán (AE) 2022/2065 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le Margadh Aonair do Sheirbhísí Digiteacha agus lena leasaítear Treoir 2000/31/CE (an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha) (IO L 277, 27.10.2022, lch. 1)
(16) 2019 m. balandžio 17 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2019/882 dėl gaminių ir paslaugų prieinamumo reikalavimų (OL L 151, 2019 6 7, p. 70).
(16) Treoir (AE) 2019/882 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 i ndáil leis na ceanglais inrochtaineachta le haghaidh táirgí agus seirbhísí (IO L 151, 7.6.2019, lch. 70).
(17) 2005 m. gegužės 11 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2005/29/EB dėl nesąžiningos įmonių komercinės veiklos vartotojų atžvilgiu vidaus rinkoje ir iš dalies keičianti Tarybos direktyvą 84/450/EEB, Europos Parlamento ir Tarybos direktyvas 97/7/EB, 98/27/EB bei 2002/65/EB ir Europos Parlamento ir Tarybos reglamentą (EB) Nr. 2006/2004 („Nesąžiningos komercinės veiklos direktyva“) (OL L 149, 2005 6 11, p. 22).
(17) Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoir 97/7/CE, Treoracha 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagothroma’) (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
(18) 2002 m. birželio 13 d. Tarybos pagrindų sprendimas 2002/584/TVR dėl Europos arešto orderio ir perdavimo tarp valstybių narių tvarkos (OL L 190, 2002 7 18, p. 1).
(18) Cinneadh Réime 2002/584/CGB ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an mbarántas gabhála Eorpach agus na nósanna imeachta um thabhairt suas idir na Ballstáit (IO L 190, 18.7.2002, lch. 1).
(19) 2022 m. gruodžio 14 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2022/2557 dėl ypatingos svarbos subjektų atsparumo, kuria panaikinama Tarybos direktyva 2008/114/EB (OL L 333, 2022 12 27, p. 164).
(19) Treoir (AE) 2022/2557 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus lena n-aisghairtear Treoir 2008/114/CE ón gComhairle (IO L 333, 27.12.2022, lch. 164).
(20) OL C 247, 2022 6 29, p. 1.
(20) IO C 247, 29.6.2022, lch. 1.
(21) 2017 m. balandžio 5 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2017/745 dėl medicinos priemonių, kuriuo iš dalies keičiama Direktyva 2001/83/EB, Reglamentas (EB) Nr. 178/2002 ir Reglamentas (EB) Nr. 1223/2009, ir kuriuo panaikinamos Tarybos direktyvos 90/385/EEB ir 93/42/EEB (OL L 117, 2017 5 5, p. 1).
(21) Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
(22) 2017 m. balandžio 5 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2017/746 dėl in vitro diagnostikos medicinos priemonių, kuriuo panaikinama Direktyva 98/79/EB ir Komisijos sprendimas 2010/227/ES (OL L 117, 2017 5 5, p. 176).
(22) Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
(23) 2006 m. gegužės 17 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2006/42/EB dėl mašinų, iš dalies keičianti Direktyvą 95/16/EB (OL L 157, 2006 6 9, p. 24).
(23) Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24).
(24) 2008 m. kovo 11 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (EB) Nr. 300/2008 dėl civilinės aviacijos saugumo bendrųjų taisyklių ir panaikinantis Reglamentą (EB) Nr. 2320/2002 (OL L 97, 2008 4 9, p. 72).
(24) Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72).
(25) 2013 m. vasario 5 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) Nr. 167/2013 dėl žemės ir miškų ūkio transporto priemonių patvirtinimo ir rinkos priežiūros (OL L 60, 2013 3 2, p. 1).
(25) Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1).
(26) 2013 m. sausio 15 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) Nr. 168/2013 dėl dviračių ir triračių transporto priemonių bei keturračių patvirtinimo ir rinkos priežiūros (OL L 60, 2013 3 2, p. 52).
(26) Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52).
(27) 2014 m. liepos 23 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2014/90/ES dėl laivų įrenginių, kuria panaikinama Tarybos direktyva 96/98/EB (OL L 257, 2014 8 28, p. 146).
(27) Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146).
(28) 2016 m. gegužės 11 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2016/797 dėl geležinkelių sistemos sąveikos Europos Sąjungoje (OL L 138, 2016 5 26, p. 44).
(28) Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44).
(29) 2018 m. gegužės 30 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/858 dėl motorinių transporto priemonių ir jų priekabų bei tokioms transporto priemonėms skirtų sistemų, komponentų ir atskirų techninių mazgų patvirtinimo ir rinkos priežiūros, kuriuo iš dalies keičiami reglamentai (EB) Nr. 715/2007 ir (EB) Nr. 595/2009 bei panaikinama Direktyva 2007/46/EB (OL L 151, 2018 6 14, p. 1).
(29) Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1).
(30) 2018 m. liepos 4 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/1139 dėl bendrųjų civilinės aviacijos taisyklių, ir kuriuo įsteigiama Europos Sąjungos aviacijos saugos agentūra, iš dalies keičiami Europos Parlamento ir Tarybos reglamentai (EB) Nr. 2111/2005, (EB) Nr. 1008/2008, (ES) Nr. 996/2010, (ES) Nr. 376/2014 ir direktyvos 2014/30/ES ir 2014/53/ES bei panaikinami Europos Parlamento ir Tarybos reglamentai (EB) Nr. 552/2004 ir (EB) Nr. 216/2008 bei Tarybos reglamentas (EEB) Nr. 3922/91 (OL L 212, 2018 8 22, p. 1).
(30) Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1).
(31) 2019 m. lapkričio 27 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2019/2144 dėl variklinių transporto priemonių, jų priekabų ir joms skirtų sistemų, sudėtinių dalių bei atskirų techninių mazgų tipo patvirtinimo reikalavimų, susijusių su jų bendrąja sauga ir transporto priemonėse esančių asmenų bei pažeidžiamų eismo dalyvių apsauga, kuriuo iš dalies keičiamas Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/858 ir panaikinami Europos Parlamento ir Tarybos reglamentai (EB) Nr. 78/2009, (EB) Nr. 79/2009 ir (EB) Nr. 661/2009 ir Komisijos reglamentai (EB) Nr. 631/2009, (ES) Nr. 406/2010, (ES) Nr. 672/2010, (ES) Nr. 1003/2010, (ES) Nr. 1005/2010, (ES) Nr. 1008/2010, (ES) Nr. 1009/2010, (ES) Nr. 19/2011, (ES) Nr. 109/2011, (ES) Nr. 458/2011, (ES) Nr. 65/2012, (ES) Nr. 130/2012, (ES) Nr. 347/2012, (ES) Nr. 351/2012, (ES) Nr. 1230/2012 ir (ES) 2015/166 (OL L 325, 2019 12 16, p. 1).
(31) Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch 1).
(32) 2009 m. liepos 13 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (EB) Nr. 810/2009, nustatantis Bendrijos vizų kodeksą (Vizų kodeksas) (OL L 243, 2009 9 15, p. 1).
(32) Rialachán (CE) Uimh. 810/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear Cód Comhphobail maidir le Víosaí (Cód Víosaí) (IO L 243, 15.9.2009, lch. 1).
(33) 2013 m. birželio 26 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2013/32/ES dėl tarptautinės apsaugos suteikimo ir panaikinimo bendros tvarkos (OL L 180, 2013 6 29, p. 60).
(33) Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na nósanna imeachta comhchoiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (IO L 180, 29.6.2013, lch. 60).
(34) 2024 m. kovo 13 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2024/900 dėl politinės reklamos skaidrumo ir atrankiojo adresavimo (OL L, 2024/900, 2024 3 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).
(34) Rialachán (AE) 2024/900 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 maidir le trédhearcacht agus spriocdhíriú fógraíochta polaitiúla (IO L, 2024/900, 20.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/900/oj).
(35) 2014 m. vasario 26 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2014/31/ES dėl valstybių narių įstatymų, susijusių su neautomatinių svarstyklių tiekimu rinkai, suderinimo (OL L 96, 2014 3 29, p. 107).
(35) Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh-uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 107).
(36) 2014 m. vasario 26 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2014/32/ES dėl valstybių narių įstatymų, susijusių su matavimo priemonių tiekimu rinkai, suderinimo (OL L 96, 2014 3 29, p. 149).
(36) Treoir 2014/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí tomhais a chur ar fáil ar an margadh (IO L 96, 29.3.2014, lch. 149).
(37) 2019 m. balandžio 17 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2019/881 dėl ENISA (Europos Sąjungos kibernetinio saugumo agentūros) ir informacinių ir ryšių technologijų kibernetinio saugumo sertifikavimo, kuriuo panaikinamas Reglamentas (ES) Nr. 526/2013 (Kibernetinio saugumo aktas) (OL L 151, 2019 6 7, p. 15).
(37) Rialachán (AE) 2019/881 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le ENISA (Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil) agus maidir le deimhniú i ndáil le cibearshlándáil theicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 526/2013 (an Gníomh um Chibearshlándáil) (IO L 151, 7.6.2019, lch. 15).
(38) 2016 m. spalio 26 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2016/2102 dėl viešojo sektoriaus institucijų interneto svetainių ir mobiliųjų programų prieinamumo (OL L 327, 2016 12 2, p. 1).
(38) Treoir (AE) 2016/2102 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin agus feidhmchlár móibíleach de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí (IO L 327, 2.12.2016, lch. 1).
(39) 2002 m. kovo 11 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2002/14/EB dėl bendros darbuotojų informavimo ir konsultavimosi su jais sistemos sukūrimo Europos bendrijoje. (OL L 80, 2002 3 23, p. 29).
(39) Treoir 2002/14/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2002 lena mbunaítear creat ginearálta maidir le fostaithe sa Chomhphobal Eorpach a chur ar an eolas agus dul i gcomhairle leo(IO L 80, 23.3.2002, lch. 29).
(40) 2019 m. balandžio 17 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2019/790 dėl autorių teisių ir gretutinių teisių bendrojoje skaitmeninėje rinkoje, kuria iš dalies keičiamos direktyvos 96/9/EB ir 2001/29/EB (OL L 130, 2019 5 17, p. 92).
(40) Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).
(41) 2012 m. spalio 25 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) Nr. 1025/2012 dėl Europos standartizacijos, kuriuo iš dalies keičiamos Tarybos direktyvos 89/686/EEB ir 93/15/EEB ir Europos Parlamento ir Tarybos direktyvos 94/9/EB, 94/25/EB, 95/16/EB, 97/23/EB, 98/34/EB, 2004/22/EB, 2007/23/EB, 2009/23/EB ir 2009/105/EB ir panaikinamas Tarybos sprendimas 87/95/EEB ir Europos Parlamento ir Tarybos sprendimas Nr. 1673/2006/EB (OL L 316, 2012 11 14, p. 12).
(41) Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 316, 14.11.2012, lch. 12).
(42) 2022 m. gegužės 30 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2022/868 dėl Europos duomenų valdymo, kuriuo iš dalies keičiamas Reglamentas (ES) 2018/1724 (Duomenų valdymo aktas) (OL L 152, 2022 6 3, p. 1).
(42) Rialachán (AE) 2022/868 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 maidir le rialachas sonraí Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724 (an Gníomh um Rialachas Sonraí) (IO L 152, 3.6.2022, lch. 1).
(43) 2023 m. gruodžio 13 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2023/2854 dėl suderintų sąžiningos prieigos prie duomenų ir jų naudojimo taisyklių, kuriuo iš dalies keičiamas Reglamentas (ES) 2017/2394 ir Direktyva (ES) 2020/1828 (Duomenų aktas) (OL L, 2023/2854, 2023 12 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj).
(43) Rialachán (AE) 2023/2854 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2023 maidir le rialacha comhchuibhithe i dtaca le rochtain chothrom ar shonraí agus úsáid chothrom sonraí agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir (AE) 2020/1828 (an Gníomh um Shonraí) (IO L, 2023/2854, 22.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2854/oj).
(44) 2003 m. gegužės 6 d. Komisijos rekomendacija dėl labai mažų, mažųjų ir vidutinio dydžio įmonių apibrėžties (OL L 124, 2003 5 20, p. 36).
(44) Moladh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú (IO L 124, 20.5.2003, lch. 36).
(45) 2024 m. sausio 24 d. Komisijos sprendimas C(2024) 390, kuriuo įsteigiama Europos dirbtinio intelekto tarnyba.
(45) Cinneadh ón gCoimisiún an 24.1.2024 lena mbunaítear an Oifig Eorpach um Intleacht Shaorga C(2024) 390.
(46) 2013 m. birželio 26 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) Nr. 575/2013 dėl riziką ribojančių reikalavimų kredito įstaigoms, kuriuo iš dalies keičiamas Reglamentas (ES) Nr. 648/2012 (OL L 176, 2013 6 27, p. 1).
(46) Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (IO L 176, 27.6.2013, lch. 1).
(47) 2008 m. balandžio 23 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2008/48/EB dėl vartojimo kredito sutarčių ir panaikinanti Tarybos direktyvą 87/102/EEB (OL L 133, 2008 5 22, p. 66).
(47) Treoir 2008/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2008 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí agus lena n-aisghairtear Treoir 87/102/CEE ón gComhairle (IO L 133, 22.5.2008, lch. 66).
(48) 2009 m. lapkričio 25 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2009/138/EB dėl draudimo ir perdraudimo veiklos pradėjimo ir jos vykdymo (Mokumas II) (OL L 335, 2009 12 17, p. 1).
(48) Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2009 maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú, (Sócmhainneacht II) (IO L 335, 17.12.2009, lch. 1).
(49) 2013 m. birželio 26 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2013/36/ES dėl galimybės verstis kredito įstaigų veikla ir dėl riziką ribojančios kredito įstaigų priežiūros, kuria iš dalies keičiama Direktyva 2002/87/EB ir panaikinamos direktyvos 2006/48/EB bei 2006/49/EB (OL L 176, 2013 6 27, p. 338).
(49) Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).
(50) 2014 m. vasario 4 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2014/17/ES dėl vartojimo kredito sutarčių dėl gyvenamosios paskirties nekilnojamojo turto, kuria iš dalies keičiamos direktyvos 2008/48/EB ir 2013/36/ES bei Reglamentas (ES) Nr. 1093/2010 (OL L 60, 2014 2 28, p. 34).
(50) Treoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí a bhaineann le maoin chónaithe dho-aistrithe agus lena leasaítear Treoracha 2008/48/CE agus 2013/36/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 (IO L 60, 28.2.2014, lch. 34).
(51) 2016 m. sausio 20 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2016/97 dėl draudimo produktų platinimo (OL L 26, 2016 2 2, p. 19).
(51) Treoir (AE) 2016/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Eanáir 2016 maidir le dáileadh árachais (IO L 26, 2.2.2016, lch. 19).
(52) 2013 m. spalio 15 d. Tarybos reglamentas (ES) Nr. 1024/2013, kuriuo Europos Centriniam Bankui pavedami specialūs uždaviniai, susiję su rizikos ribojimu pagrįstos kredito įstaigų priežiūros politika (OL L 287, 2013 10 29, p. 63).
(52) Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2013 lena dtugtar cúraimí sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le beartais a bhaineann le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa (IO L 287, 29.10.2013, lch. 63).
(53) 2023 m. gegužės 10 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2023/988 dėl bendros gaminių saugos, kuriuo iš dalies keičiami Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) Nr. 1025/2012 bei Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2020/1828 ir panaikinamos Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2001/95/EB bei Tarybos direktyva 87/357/EEB (OL L 135, 2023 5 23, p. 1).
(53) Rialachán (AE) 2023/988 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 87/357/CEE ón gComhairle (IO L 135, 23.5.2023, lch. 1).
(54) 2019 m. spalio 23 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2019/1937 dėl asmenų, pranešančių apie Sąjungos teisės pažeidimus, apsaugos (OL L 305, 2019 11 26, p. 17).
(54) Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
(55) OL L 123, 2016 5 12, p. 1.
(55) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(56) 2011 m. vasario 16 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) Nr. 182/2011, kuriuo nustatomos valstybių narių vykdomos Komisijos naudojimosi įgyvendinimo įgaliojimais kontrolės mechanizmų taisyklės ir bendrieji principai (OL L 55, 2011 2 28, p. 13).
(56) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
(57) 2016 m. birželio 8 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2016/943 dėl neatskleistos praktinės patirties ir verslo informacijos (komercinių paslapčių) apsaugos nuo neteisėto jų gavimo, naudojimo ir atskleidimo (OL L 157, 2016 6 15, p. 1).
(57) Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint ar iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lch. 1).
(58) 2020 m. lapkričio 25 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2020/1828 dėl atstovaujamųjų ieškinių siekiant apsaugoti vartotojų kolektyvinius interesus, kuria panaikinama Direktyva 2009/22/EB (OL L 409, 2020 12 4, p. 1).
(58) Treoir (AE) 2020/1828 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2020 maidir le caingne ionadaíocha chun comhleasanna tomhaltóirí a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/22/CE (IO L 409, 4.12.2020, lch. 1).
I PRIEDAS
IARSCRÍBHINN I
Sąjungos derinamųjų teisės aktų sąrašas
Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais
A skirsnis. Sąjungos derinamųjų teisės aktų sąrašas, pagrįstas naująja teisės aktų sistema
Roinn A. Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais bunaithe ar an gCreat Reachtach Nua
1.
2006 m. gegužės 17 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2006/42/EB dėl mašinų, iš dalies keičianti Direktyvą 95/16/EB (OL L 157, 2006 6 9, p. 24).
1.
Treoir 2006/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hinnealra, agus lena leasaítear Treoir 95/16/CE (IO L 157, 9.6.2006, lch. 24);
2.
2009 m. birželio 18 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2009/48/EB dėl žaislų saugos (OL L 170, 2009 6 30, p. 1).
2.
Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO L 170, 30.6.2009, lch. 1);
3.
2013 m. lapkričio 20 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2013/53/ES dėl pramoginių ir asmeninių laivų, kuria panaikinama Direktyva 94/25/EB (OL L 354, 2013 12 28, p. 90).
3.
Treoir 2013/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le hárthaí áineasa agus árthaí pearsanta uisce agus lena n-aisghairtear Treoir 94/25/CE (IO L 354, 28.12.2013, lch. 90);
4.
2014 m. vasario 26 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2014/33/ES dėl valstybių narių įstatymų, susijusių su liftais ir liftų saugos įtaisais, suderinimo (OL L 96, 2014 3 29, p. 251).
4.
Treoir 2014/33/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát i dtaca le hardaitheoirí agus le comhpháirteanna sábháilteachta le haghaidh ardaitheoirí. (IO L 96, 29.3.2014, lch. 251);
5.
2014 m. vasario 26 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2014/34/ES dėl valstybių narių įstatymų, susijusių su potencialiai sprogioje aplinkoje naudojama įranga ir apsaugos sistemomis, suderinimo (OL L 96, 2014 3 29, p. 309).
5.
Treoir 2014/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh agus córais chosanta atá ceaptha chun úsáid in atmaisféir a d’fhéadfadh bheith pléascach (IO L 96, 29.3.2014, lch. 309);
6.
2014 m. balandžio 16 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2014/53/ES dėl valstybių narių įstatymų, susijusių su radijo įrenginių tiekimu rinkai, suderinimo, kuria panaikinama Direktyva 1999/5/EB (OL L 153, 2014 5 22, p. 62).
6.
Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh raidió a chur ar fáil ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/5/CE (IO L 153, 22.5.2014, lch. 62);
7.
2014 m. gegužės 15 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2014/68/ES dėl valstybių narių įstatymų, susijusių su slėginės įrangos tiekimu rinkai, suderinimo (OL L 189, 2014 6 27, p. 164).
7.
Treoir 2014/68/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le brú-threalamh a chur ar fáil ar an margadh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 164);
8.
2016 m. kovo 9 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2016/424 dėl lynų kelio įrenginių, kuriuo panaikinama Direktyva 2000/9/EB (OL L 81, 2016 3 31, p. 1).
8.
Rialachán (AE) 2016/424 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le suiteálacha cábla-bhealaigh agus lena n-aisghairtear Treoir 2000/9/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 1);
9.
2016 m. kovo 9 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2016/425 dėl asmeninių apsaugos priemonių, kuriuo panaikinama Tarybos direktyva 89/686/EEB (OL L 81, 2016 3 31, p. 51).
9.
Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle (IO L 81, 31.3.2016, lch. 51);
10.
2016 m. kovo 9 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2016/426 dėl dujinį kurą deginančių prietaisų, kuriuo panaikinama Direktyva 2009/142/EB (OL L 81, 2016 3 31, p. 99).
10.
Rialachán (AE) 2016/426 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le fearais a dhónn breoslaí gásacha agus lena n-aisghairtear Treoir 2009/142/CE (IO L 81, 31.3.2016, lch. 99);
11.
2017 m. balandžio 5 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2017/745 dėl medicinos priemonių, kuriuo iš dalies keičiama Direktyva 2001/83/EB, Reglamentas (EB) Nr. 178/2002 ir Reglamentas (EB) Nr. 1223/2009, ir kuriuo panaikinamos Tarybos direktyvos 90/385/EEB ir 93/42/EEB (OL L 117, 2017 5 5, p. 1).
11.
Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1);
12.
2017 m. balandžio 5 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2017/746 dėl in vitro diagnostikos medicinos priemonių, kuriuo panaikinama Direktyva 98/79/EB ir Komisijos sprendimas 2010/227/ES (OL L 117, 2017 5 5, p. 176).
12.
Rialachán (AE) 2017/746 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro agus lena n-aisghairtear Treoir 98/79/CE agus Cinneadh 2010/227/AE ón gCoimisiún (IO L 117, 5.5.2017, lch. 176).
B skirsnis. Kitų Sąjungos derinamųjų teisės aktų sąrašas
Roinn B. Liosta de reachtaíocht chomhchuibhithe eile de chuid an Aontais
13.
2008 m. kovo 11 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (EB) Nr. 300/2008 dėl civilinės aviacijos saugumo bendrųjų taisyklių ir panaikinantis Reglamentą (EB) Nr. 2320/2002 (OL L 97, 2008 4 9, p. 72).
13.
Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse slándála na heitlíochta sibhialta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2320/2002 (IO L 97, 9.4.2008, lch. 72);
14.
2013 m. sausio 15 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) Nr. 168/2013 dėl dviračių ir triračių transporto priemonių bei keturračių patvirtinimo ir rinkos priežiūros (OL L 60, 2013 3 2, p. 52).
14.
Rialachán (AE) Uimh. 168/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2013 maidir le ceadú agus le faireachas margaidh ar fheithiclí dhá nó trí roth agus cuadrothair (IO L 60, 2.3.2013, lch. 52);
15.
2013 m. vasario 5 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) Nr. 167/2013 dėl žemės ir miškų ūkio transporto priemonių patvirtinimo ir rinkos priežiūros (OL L 60, 2013 3 2, p. 1).
15.
Rialachán (AE) Uimh. 167/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Feabhra 2013 maidir le formheas agus le faireachas margaidh ar fheithiclí talmhaíochta agus foraoiseachta (IO L 60, 2.3.2013, lch. 1);
16.
2014 m. liepos 23 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva 2014/90/ES dėl laivų įrenginių, kuria panaikinama Tarybos direktyva 96/98/EB (OL L 257, 2014 8 28, p. 146).
16.
Treoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí agus lena n-aisghairtear Treoir 96/98/CE ón gComhairle (IO L 257, 28.8.2014, lch. 146);
17.
2016 m. gegužės 11 d. Europos Parlamento ir Tarybos direktyva (ES) 2016/797 dėl geležinkelių sistemos sąveikos Europos Sąjungoje (OL L 138, 2016 5 26, p. 44).
17.
Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir-inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lch. 44);
18.
2018 m. gegužės 30 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/858 dėl motorinių transporto priemonių ir jų priekabų bei tokioms transporto priemonėms skirtų sistemų, komponentų ir atskirų techninių mazgų patvirtinimo ir rinkos priežiūros, kuriuo iš dalies keičiami reglamentai (EB) Nr. 715/2007 ir (EB) Nr. 595/2009 bei panaikinama Direktyva 2007/46/EB (OL L 151, 2018 6 14, p. 1).
18.
Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1);
19.
2019 m. lapkričio 27 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2019/2144 dėl variklinių transporto priemonių, jų priekabų ir joms skirtų sistemų, sudėtinių dalių bei atskirų techninių mazgų tipo patvirtinimo reikalavimų, susijusių su jų bendrąja sauga ir transporto priemonėse esančių asmenų bei pažeidžiamų eismo dalyvių apsauga, kuriuo iš dalies keičiamas Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/858 ir panaikinami Europos Parlamento ir Tarybos reglamentai (EB) Nr. 78/2009, (EB) Nr. 79/2009 ir (EB) Nr. 661/2009 ir Komisijos reglamentai (EB) Nr. 631/2009, (ES) Nr. 406/2010, (ES) Nr. 672/2010, (ES) Nr. 1003/2010, (ES) Nr. 1005/2010, (ES) Nr. 1008/2010, (ES) Nr. 1009/2010, (ES) Nr. 19/2011, (ES) Nr. 109/2011, (ES) Nr. 458/2011, (ES) Nr. 65/2012, (ES) Nr. 130/2012, (ES) Nr. 347/2012, (ES) Nr. 351/2012, (ES) Nr. 1230/2012 ir (ES) 2015/166 (OL L 325, 2019 12 16, p. 1).
19.
Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóthair, lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 78/2009, (CE) Uimh. 79/2009 agus (CE) Uimh. 661/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialacháin (CE) Uimh. 631/2009, (AE) Uimh 406/2010, (AE) Uimh. 672/2010, (AE) Uimh. 1003/2010, (AE) Uimh. 1005/2010, (AE) Uimh. 1008/2010, (AE) Uimh. 1009/2010, (AE) Uimh. 19/2011, (AE) Uimh. 109/2011, (AE) Uimh. 458/2011, (AE) Uimh. 65/2012, (AE) Uimh. 130/2012, (AE) Uimh. 347/2012, (AE) Uimh. 351/2012, (AE) Uimh. 1230/2012 agus (AE) 2015/166 ón gCoimisiún (IO L 325, 16.12.2019, lch 1.);
20.
2018 m. liepos 4 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/1139 dėl bendrųjų civilinės aviacijos taisyklių, ir kuriuo įsteigiama Europos Sąjungos aviacijos saugos agentūra, iš dalies keičiami Europos Parlamento ir Tarybos reglamentai (EB) Nr. 2111/2005, (EB) Nr. 1008/2008, (ES) Nr. 996/2010, (ES) Nr. 376/2014 ir direktyvos 2014/30/ES ir 2014/53/ES bei panaikinami Europos Parlamento ir Tarybos reglamentai (EB) Nr. 552/2004 ir (EB) Nr. 216/2008 bei Tarybos reglamentas (EEB) Nr. 3922/91 (OL L 212, 2018 8 22, p. 1), kiek tai susiję su jo 2 straipsnio 1 dalies a ir b punktuose nurodytų orlaivių projektavimu, gamyba ir pateikimu rinkai, bepiločių orlaivių, jų variklių, oro sraigtų, dalių, ir nuotolinio orlaivių valdymo įrangos atveju.
20.
Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2111/2005, Rialachán (CE) Uimh. 1008/2008, Rialachán (AE) Uimh. 996/2010, Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 agus Treoir 2014/30/AE agus Treoir 2014/53/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 552/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle (IO L 212, 22.8.2018, lch. 1), a mhéid a bhaineann le dearadh, táirgeadh agus cur ar an margadh aerárthaí dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointí (a) agus (b) de, i gcás ina mbaineann sé le haerárthaí gan foireann agus a n-innill, a liáin, a bpáirteanna agus a dtrealamh lena ndéantar cianrialú orthu.
II PRIEDAS
IARSCRÍBHINN II
5 straipsnio 1 dalies pirmos pastraipos h punkto iii papunktyje nurodytų nusikalstamų veikų sąrašas
Liosta na gcionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h)(iii)
5 straipsnio 1 dalies pirmos pastraipos h punkto iii papunktyje nurodytos nusikalstamos veikos:
Cionta coiriúla dá dtagraítear in Airteagal 5(1), an chéad fhomhír, pointe (h)(iii):
terorizmas,
sceimhlitheoireacht,
prekyba žmonėmis,
gáinneáil ar dhaoine,
seksualinis vaikų išnaudojimas ir vaikų pornografija,
teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí,
neteisėta prekyba narkotinėmis ar psichotropinėmis medžiagomis,
gáinneáil aindleathach ar dhrugaí támhshuanacha nó ar shubstaintí síceatrópacha,
neteisėta prekyba ginklais, šaudmenimis ar sprogmenimis,
gáinneáil aindleathach ar airm, muinisin nó pléascáin,
tyčinis nužudymas, sunkus sužalojimas,
dúnmharú, mórdhíobháil choirp,
neteisėta prekyba žmogaus organais ar audiniais,
trádáil aindleathach in orgáin dhaonna nó fíochán daonna,
neteisėta prekyba branduolinėmis ar radioaktyviosiomis medžiagomis,
gáinneáil aindleathach ar ábhair núicléacha nó radaighníomhacha,
žmonių grobimas, neteisėtas laisvės atėmimas ar įkaitų ėmimas,
fuadach, srianadh neamhdhlíthiúil nó gabháil giall,
Tarptautinio baudžiamojo teismo jurisdikcijai priklausantys nusikaltimai,
coireanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta,
neteisėtas orlaivių ar laivų užgrobimas,
urghabháil neamhdhleathach aerárthaí nó long,
išžaginimas,
éigniú,
nusikaltimas aplinkai,
coireacht chomhshaoil,
organizuotas ar ginkluotas apiplėšimas,
robáil eagraithe nó armtha,
sabotažas,
sabaitéireacht,
dalyvavimas nusikalstamo susivienijimo veikloje, susijusioje su viena ar keliomis pirmiau išvardytomis nusikalstamomis veikomis.
rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil atá páirteach i gceann amháin nó níos mó de na cionta a liostaítear thuas.
III PRIEDAS
IARSCRÍBHINN III
6 straipsnio 2 dalyje nurodytos didelės rizikos DI sistemos
Córais intleachta saorga ardriosca dá dtagraítear in Airteagal 6(2)
Didelės rizikos DI sistemos pagal 6 straipsnio 2 dalį yra bet kurioje iš toliau nurodytų sričių išvardytos DI sistemos.
Is iad na córais intleachta saorga ardriosca de bhun Airteagal 6(2) na córais intleachta saorga a liostaítear in aon cheann de na réimsí seo a leanas:
1.
Biometrija, jei ją leidžiama naudoti pagal atitinkamus Sąjungos ar nacionalinės teisės aktus:
1.
Bithmhéadracht a mhéid a cheadaítear í a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
a)
nuotolinio biometrinio tapatybės nustatymo sistemos.
(a)
córais cian-sainaitheanta bithmhéadraí.
Į tai neįtraukiamos DI sistemos, skirtos naudoti biometriniam sutikrinimui, kurių vienintelis tikslas – patvirtinti, kad konkretus fizinis asmuo yra tas asmuo, kuriuo jis prisistato;
Ní áireofar ann córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh fíorú bithmhéadrach arb é an t-aon chuspóir amháin atá leo a dheimhniú gur duine nádúrtha ar leith an duine a mhaíonn sé nó sí a bheith ann;
b)
DI sistemos, skirtos naudoti biometriniam kategorizavimui pagal neskelbtinus ar saugomus požymius ar ypatumus, remiantis nuspėjamais tais požymiais ar ypatumais;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh catagóiriú bithmhéadrach, de réir tréithe nó saintréithe íogaire nó cosanta atá bunaithe ar thátal na dtréithe nó na saintréithe sin;
c)
DI sistemos, skirtos naudoti emocijų atpažinimui.
(c)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun mothúcháin a aithint.
2.
Ypatingos svarbos infrastruktūra: DI sistemos, skirtos naudoti kaip saugos komponentai užtikrinant ypatingos svarbos skaitmeninės infrastruktūros, kelių eismo ar vandens, dujų, šilumos ar elektros energijos tiekimo valdymą ir veikimą.
2.
Bonneagar criticiúil: Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid mar chomhpháirteanna sábháilteachta i mbainistíocht agus oibriú an bhonneagair dhigitigh chriticiúil, tráchta bóthair nó i soláthar uisce, gáis, téimh nó leictreachais.
3.
Švietimas ir profesinis mokymas:
3.
Oideachas agus gairmoiliúint:
a)
DI sistemos, skirtos naudoti siekiant nustatyti fizinių asmenų teisę būti svarstomiems dėl priėmimo į švietimo ir profesinio mokymo įstaigas visais lygmenimis ar juos į tas įstaigas priimti arba paskirti;
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun rochtain ar institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal a chinneadh nó chun daoine nádúrtha a ligean isteach nó a shannadh chucu;
b)
DI sistemos, skirtos naudoti mokymosi rezultatams vertinti, įskaitant atvejus, kai tie rezultatai naudojami siekiant valdyti fizinių asmenų mokymosi procesą švietimo ir profesinio mokymo įstaigose visais lygmenimis;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí foghlama, lena n-áirítear nuair a úsáidtear na torthaí sin chun próiseas foghlama daoine nádúrtha a stiúradh in institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal;
c)
DI sistemos, skirtos naudoti siekiant įvertinti tinkamą švietimo, kurį asmuo gaus arba galės gauti visų lygių švietimo ir profesinio mokymo įstaigose, lygį;
(c)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar an leibhéal iomchuí oideachais a gheobhaidh duine aonair nó a mbeidh duine in ann rochtain a fháil air, i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal nó laistigh díobh;
d)
DI sistemos, skirtos naudoti siekiant stebėti ir atpažinti draudžiamą mokinių arba studentų elgesį per testus visų lygių švietimo ir profesinio mokymo įstaigose.
(d)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun faireachán a dhéanamh ar iompraíocht thoirmiscthe na mac léinn le linn tástálacha i gcomhthéacs institiúidí oideachais agus gairmoiliúna ar gach leibhéal, nó laistigh díobh, agus an iompraíocht sin a bhrath.
4.
Užimtumas, darbuotojų valdymas ir galimybė dirbti savarankiškai:
4.
Fostaíocht, bainistiú fostaithe agus rochtain ar an bhféinfhostaíocht:
a)
DI sistemos, skirtos naudoti fizinių asmenų įdarbinimui arba atrankai, visų pirma siekiant teikti tikslinius darbo skelbimus, analizuoti ir filtruoti darbo prašymus ir vertinti kandidatus;
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun daoine nádúrtha a earcú nó a roghnú, go háirithe chun fógraí poist spriocdhírithe a fhógairt, chun anailís nó scagadh a dhéanamh ar iarratais ar phoist agus chun meastóireacht a dhéanamh ar iarrthóirí;
b)
DI sistemos, skirtos naudoti priimant sprendimus, darančius poveikį darbo santykių sąlygoms, paaukštinimui arba darbo santykių nutraukimui, siekiant paskirstyti užduotis remiantis individualiu elgesiu arba asmenybės bruožais ar savybėmis arba stebėti bei įvertinti tokiuose santykiuose dalyvaujančių asmenų rezultatus ir elgesį.
(b)
Na córais intleachta saorga atá beartaithe lena húsáid chun cinntí a dhéanamh a dhéanann dochar don chaidreamh a bhaineann leis an obair, caidrimh chonarthacha a bhaineann leis an obair a chur chun cinn nó a fhoirceannadh, chun tascanna a leithdháileadh ar bhonn iompraíocht aonair nó tréithe nó saintréithe pearsanta nó chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht agus iompraíocht daoine i gcaidrimh mar sin.
5.
Galimybė gauti pagrindines privačiąsias paslaugas ir pagrindines viešąsias paslaugas ir išmokas ir naudojimasis jomis:
5.
Rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha príobháideacha agus ar sheirbhísí bunriachtanacha poiblí agus sochair phoiblí agus tairbhiú díobh:
a)
DI sistemos, skirtos naudoti valdžios institucijose arba jų vardu siekiant įvertinti fizinių asmenų tinkamumą gauti esminės viešosios paramos išmokas ir paslaugas, įskaitant sveikatos priežiūros paslaugas, taip pat siekiant suteikti, sumažinti, panaikinti arba susigrąžinti tokias išmokas;
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí nó thar ceann údaráis phoiblí chun meastóireacht a dhéanamh ar incháilitheacht daoine nádúrtha le haghaidh sochair agus seirbhísí bunriachtanacha cúnaimh phoiblí, lena n-áirítear seirbhísí cúraim sláinte, agus chun na sochair agus seirbhísí sin a dheonú, a laghdú, a chúlghairm, nó a aiséileamh;
b)
DI sistemos, skirtos naudoti siekiant įvertinti fizinių asmenų kreditingumą arba nustatyti jų kredito reitingą, išskyrus DI sistemas, naudojamas finansinio sukčiavimo atvejų aptikimo tikslu;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun meastóireacht a dhéanamh ar acmhainneacht chreidmheasa daoine nádúrtha nó chun a scór creidmheasa a bhunú, cé is moite de chórais intleachta saorga a úsáidtear chun calaois airgeadais a bhrath;
c)
DI sistemos, skirtos naudoti siekiant įvertinti su fiziniais asmenimis susijusią riziką ir kainodarą gyvybės bei sveikatos draudimo atveju;
(c)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh measúnú riosca agus praghsáil i ndáil le daoine nádúrtha i gcás árachas saoil agus árachas sláinte;
d)
DI sistemos, skirtos naudoti siekiant įvertinti ir klasifikuoti fizinių asmenų pagalbos skambučius ar teikiant arba nustatant prioritetines teiktinas skubias pirmosios pagalbos paslaugas, įskaitant policijos, ugniagesių ir medicinos pagalbos tarnybų paslaugas, taip pat skubios sveikatos priežiūros pacientų medicininio skirstymo sistemas.
(d)
Córais intleachta saorga atá beartaithe chun meastóireacht agus aicmiú a dhéanamh ar ghlaonna éigeandála ó dhaoine nádúrtha nó atá le húsáid chun seirbhísí céadfhreagartha éigeandála a sheoladh, nó mar thosaíocht i seoladh na seirbhísí sin, lena n-áirítear seirbhísí arna seoladh ag póilíní, comhraiceoirí dóiteáin agus cabhair leighis, chomh maith le córais triáise othar i réimse an chúraim sláinte éigeandála.
6.
Teisėsauga, jei jas leidžiama naudoti pagal atitinkamus Sąjungos ar nacionalinės teisės aktus:
6.
Forfheidhmiú an dlí, sa mhéid go gceadaítear iad a úsáid faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
a)
DI sistemos, skirtos naudoti teisėsaugos institucijose ar jų vardu arba Sąjungos institucijose, įstaigose, organuose ar agentūrose, siekiant padėti teisėsaugos institucijoms įvertinti riziką, kad fizinis asmuo taps nusikalstamų veikų auka, arba tai darant jų vardu;
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann chun measúnú a dhéanamh ar an riosca go mbeadh duine nádúrtha ina íospartach cionta coiriúla;
b)
DI sistemos, skirtos naudoti teisėsaugos institucijose ar jų vardu arba Sąjungos institucijose, įstaigose, organuose ar agentūrose, siekiant padėti teisėsaugos institucijoms, kaip poligrafai ar panašios priemonės;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí mar bhrathadóirí éithigh nó uirlisí comhchosúla;
c)
DI sistemos, skirtos naudoti teisėsaugos institucijose ar jų vardu arba Sąjungos institucijose, įstaigose, organuose ar agentūrose, siekiant padėti teisėsaugos institucijoms įvertinti įrodymų patikimumą tiriant nusikalstamas veikas arba vykdant baudžiamąjį persekiojimą už jas;
(c)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar an iontaofacht fianaise le linn cionta coiriúla a imscrúdú nó a ionchúiseamh;
d)
DI sistemos, skirtos naudoti teisėsaugos institucijose ar jų vardu arba Sąjungos institucijose, įstaigose, organuose ar agentūrose, siekiant padėti teisėsaugos institucijoms įvertinti fizinio asmens nusikalstamumo ar pakartotinio nusikalstamumo riziką remiantis ne tik fizinių asmenų profiliavimu, kaip nurodyta Direktyvos (ES) 2016/680 3 straipsnio 4 dalyje, arba įvertinti fizinių asmenų arba grupių asmenybės bruožus ir savybes arba ankstesnį nusikalstamą elgesį;
(d)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí chun meastóireacht a dhéanamh ar an riosca go ndéanfadh duine nádúrtha cion nó athchiontú ní ar bhonn próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 amháin, nó chun measúnú a dhéanamh ar thréithe agus saintréithe pearsantachta nó iompraíocht choiriúil daoine nádúrtha nó grúpaí san am atá thart;
e)
DI sistemos, skirtos naudoti teisėsaugos institucijose ar jų vardu arba Sąjungos institucijose, įstaigose, organuose ar agentūrose, siekiant padėti teisėsaugos institucijoms profiliuoti fizinius asmenis, kaip nurodyta Direktyvos (ES) 2016/680 3 straipsnio 4 dalyje, išaiškinant ar tiriant nusikalstamas veikas arba vykdant baudžiamąjį persekiojimą už jas.
(e)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun tacú le húdaráis forfheidhmithe dlí le haghaidh próifíliú daoine nádúrtha dá dtagraítear in Airteagal 3(4) de Threoir (AE) 2016/680 le linn cionta coiriúla a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
7.
Migracija, prieglobstis ir sienų kontrolės valdymas, jei DI sistemas leidžiama naudoti pagal atitinkamus Sąjungos ar nacionalinės teisės aktus:
7.
Bainistiú imirce, tearmainn agus rialaithe teorann, sa mhéid a cheadaítear iad a chur i bhfeidhm faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta:
a)
DI sistemos, skirtos naudoti kompetentingose valdžios institucijose arba Sąjungos institucijose, įstaigose, organuose ar agentūrose arba jų vardu kaip poligrafai ar panašios priemonės;
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí an Aontais mar bhrathadóirí éithigh nó uirlisí comhchosúla;
b)
DI sistemos, skirtos naudoti kompetentingose valdžios institucijose ar jų vardu arba Sąjungos institucijose, įstaigose, organuose ar agentūrose, siekiant įvertinti riziką, įskaitant saugumo riziką, neteisėtos migracijos riziką arba riziką sveikatai, kurią kelia fizinis asmuo, ketinantis atvykti į valstybės narės teritoriją arba į ją atvykęs;
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun measúnú a dhéanamh ar riosca, lena n-áirítear riosca slándála, riosca imirce neamhrialta, nó riosca sláinte, i gcás riosca a bhaineann le duine nádúrtha a bhfuil sé beartaithe aige teacht isteach nó atá tar éis teacht isteach i gcríoch Bhallstáit;
c)
DI sistemos, skirtos naudoti kompetentingose valdžios institucijose ar jų vardu arba Sąjungos institucijose, įstaigose, organuose ar agentūrose, siekiant padėti kompetentingoms valdžios institucijoms išnagrinėti prašymus suteikti prieglobstį, išduoti vizą ar leidimus gyventi ir susijusius skundus dėl fizinių asmenų tinkamumo prašyti suteikti tam tikrą statusą, įskaitant susijusius įrodymų patikimumo vertinimus;
(c)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chun cúnamh a thabhairt d’údaráis phoiblí inniúla chun scrúdú a dhéanamh ar iarratais ar thearmann, víosaí nó ceadanna cónaithe agus le haghaidh gearáin ghaolmhara maidir le hincháilitheacht na ndaoine nádúrtha atá ag cur isteach ar stádas, lena n-áirítear measúnuithe gaolmhara ar iontaofacht fianaise;
d)
DI sistemos, skirtos naudoti kompetentingose valdžios institucijose arba Sąjungos institucijose, įstaigose, organuose ar agentūrose arba jų vardu migracijos, prieglobsčio ar sienų kontrolės valdymo kontekste fizinių asmenų aptikimo, atpažinimo arba identifikavimo tikslu, išskyrus kelionės dokumentų tikrinimą.
(d)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údaráis phoiblí inniúla nó thar a gceann, nó ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, i gcomhthéacs bhainistiú na himirce, an tearmainn nó an rialaithe teorann, chun daoine nádúrtha a bhrath, a aithint nó a shainaithint, cé is moite d’fhíorú doiciméad taistil.
8.
Teisingumo vykdymas ir demokratiniai procesai:
8.
Próisis ceartais agus dhaonlathacha a riar:
a)
DI sistemos, skirtos naudoti teisminėse institucijose arba jų vardu, siekiant padėti teisminei institucijai tirti ir aiškinti faktus bei įstatymus ir taikyti įstatymus konkretiems faktų rinkiniams, arba skirtas naudoti panašiu būdu alternatyvaus ginčų sprendimo procese;
(a)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid ag údarás breithiúnach nó thar a gceann chun cabhrú le húdarás breithiúnach taighde agus léirmhíniú a dhéanamh ar fhíorais agus ar an dlí agus an dlí a chur i bhfeidhm maidir le tacar nithiúil fíoras nó a úsáidfear ar bhealach comhchosúil i réiteach malartach díospóide;
b)
DI sistemos, skirtos naudoti siekiant daryti įtaką rinkimų ar referendumų rezultatams arba fizinių asmenų balsavimo elgsenai, kai jie balsuoja rinkimuose ar referendumuose. Tai neapima DI sistemų, kurių išvediniai fiziniams asmenims neturi tiesioginio poveikio, pavyzdžiui, priemonių, naudojamų politinėms kampanijoms organizuoti, optimizuoti ar struktūrizuoti administraciniu ar logistiniu požiūriu.
(b)
Córais intleachta saorga atá beartaithe lena n-úsáid chun tionchar a imirt ar thoradh toghcháin nó reifrinn nó ar iompraíocht vótála daoine nádúrtha i bhfeidhmiú a vóta i dtoghcháin nó reifrinn. Ní áirítear leis sin córais intleachta saorga nach bhfuil a n-aschur neamhchosanta go díreach ar dhaoine nádúrtha, mar shampla uirlisí a úsáidtear chun feachtais pholaitiúla a eagrú, a bharrfheabhsú nó a struchtúrú ó thaobh riaracháin agus lóistíochta de.
IV PRIEDAS
IARSCRÍBHINN IV
11 straipsnio 1 dalyje nurodyti techniniai dokumentai
Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11(1)
11 straipsnio 1 dalyje nurodytuose techniniuose dokumentuose pateikiama bent ši informacija, kuri taikoma atitinkamai DI sistemai:
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 11(1), de réir mar is infheidhme maidir leis an gcóras intleachta saorga ábhartha:
1)
bendras DI sistemos aprašymas, įskaitant:
1.
tuairisc ghinearálta ar an gcóras intleachta saorga, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
a)
numatytąją paskirtį, tiekėjo pavadinimą bei sistemos versiją, atspindinčią jos ryšį su ankstesnėmis versijomis;
(a)
an chríoch atá beartaithe dó, ainm an tsoláthraí agus leagan an chórais lena léirítear an gaol atá aige le leaganacha a bhí ann roimhe sin;
b)
kai taikytina, tai, kaip DI sistema sąveikauja su aparatine arba programine įranga, be kita ko, su kitomis DI sistemomis, kurios nėra pačios DI sistemos sudedamoji dalis, arba kaip ji gali būti naudojama, kad sąveikautų su tokia įranga;
(b)
conas a idirghníomhaíonn an córas intleachta saorga, nó conas is féidir é a úsáid chun idirghníomhú, le crua-earraí nó bogearraí, lena n-áirítear le córais eile intleachta saorga, nach cuid den chóras intleachta saorga é féin, i gcás inarb infheidhme;
c)
atitinkamos programinės įrangos arba aparatinės programinės įrangos versijas ir su versijos atnaujinimais susijusius bet kokius reikalavimus;
(c)
na leaganacha de bhogearraí nó dochtearraí ábhartha agus aon cheanglais a bhaineann le nuashonruithe ar an leagan;
d)
visų DI sistemos pateikimo rinkai arba pradėjimo naudoti formų, pvz., į aparatinę įrangą instaliuotų programinės įrangos paketų, parsisiuntimų ar API, aprašymą;
(d)
an tuairisc ar na foirmeacha uile ina gcuirtear an córas intleachta saorga ar an margadh nó ina gcuirtear i mbun seirbhíse é, mar shampla pacáistí bogearraí atá leabaithe i gcrua-earraí, íoslódálacha nó APInna;
e)
aparatinės įrangos, kurią naudojant numatoma naudoti DI sistemą, aprašymą;
(e)
an tuairisc ar na crua-earraí ar a bhfuil sé beartaithe an córas intleachta saorga a rith;
f)
jeigu DI sistema yra gaminių komponentas, nuotraukas arba iliustracijas, kuriose matomi tų gaminių išorės požymiai, ženklinimas ir vidaus sandara;
(f)
i gcás ina bhfuil an córas intleachta saorga ina chomhpháirt de tháirgí, grianghraif nó léaráidí ina léirítear gnéithe seachtracha, an mharcáil agus leagan amach inmheánach na dtáirgí sin;
g)
diegėjui pateiktos naudotojo sąsajos pagrindinį aprašymą;
(g)
tuairisc bhunúsach ar an gcomhéadan úsáideora arna sholáthar don úsáideoir gairmiúil;
h)
diegėjui skirtos naudojimo instrukcijos ir, kai taikytina, diegėjui pateiktos naudotojo sąsajos pagrindinį aprašymą;
(h)
treoracha úsáide don úsáideoir gairmiúil, agus tuairisc bhunúsach ar an gcomhéadan úsáideora arna sholáthar don úsáideoir gairmiúil, i gcás inarb infheidhme;
2)
išsamus DI sistemos ir jos kūrimo proceso elementų aprašymas, įskaitant:
2.
Tuairisc mhionsonraithe ar eilimintí an chórais intleachta saorga agus ar an bpróiseas chun é a fhorbairt, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
a)
metodus ir etapus, susijusius su DI sistemos kūrimu, įskaitant, kai aktualu, iš anksto apmokytų sistemų arba įrankių, kuriuos suteikė trečiosios šalys, naudojimą ir tai, kaip tiekėjas juos panaudojo, integravo arba pakeitė;
(a)
na modhanna agus na céimeanna a rinneadh chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, dul ar iontaoibh córas agus uirlisí réamhoilte arna gcur ar fáil ag tríú páirtithe agus an chaoi a ndearna an soláthraí iad a úsáid, a chomhtháthú nó a mhodhnú;
b)
sistemos modelio specifikacijas, būtent bendrą DI sistemos ir algoritmų logiką; pagrindinius projektavimo sprendimus, įskaitant loginį pagrindą ir prielaidas, be kita ko, dėl asmenų ar asmenų grupių, kurių atžvilgiu sistema skirta naudoti; pagrindinius klasifikacijos sprendimus; tai, ką sistema siekiama optimizuoti, ir įvairių parametrų svarbą; numatomo sistemos išvedinio ir išvedinio kokybės aprašymą; sprendimus dėl bet kokių galimų kompromisų, susijusių su techniniais sprendimais, kurie buvo įgyvendinti siekiant laikytis III skyriaus 2 skirsnyje nustatytų reikalavimų;
(b)
sonraíochtaí deartha an chórais, eadhon loighic ghinearálta an chórais intleachta saorga agus na n-algartam; na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh, lena n-áirítear maidir le daoine nó grúpaí daoine ar i ndáil leo atá an córas le húsáid; na príomhroghanna aicmithe; an rud a bhfuil sé beartaithe an córas a dhearadh lena optamú, agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil; an tuairisc ar aschur ionchasach agus cáilíocht aschur an chórais; na cinntí faoi aon chomhbhabhtáil a d’fhéadfadh a bheith déanta maidir leis na réitigh theicniúla arna nglacadh chun na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chomhlíonadh;
c)
sistemos architektūros aprašymą, kuriame paaiškinama, kaip programinės įrangos komponentai remiasi vienas kitu arba kaip papildo vienas kitą ir kaip jie integruoti į visą apdorojimo procesą; kompiuterinio apdorojimo išteklius, kurie buvo naudojami DI sistemai kurti, mokyti, bandyti ir validuoti;
(c)
an tuairisc ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán; na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear chun an córas intleachta saorga a fhorbairt, chun oiliúint a chur air, é a thástáil agus a bhailíochtú;
d)
kai aktualu, duomenų reikalavimus, nustatytus duomenų lapuose, kuriuose aprašomos mokymo metodikos ir būdai, ir naudojamus mokymo duomenų rinkinius, įskaitant bendrą šių duomenų rinkinių aprašymą, informaciją apie jų kilmę, taikymo sritį ir pagrindinius ypatumus; tai, kaip duomenys buvo gauti ir atrinkti; ženklinimo procedūras (pvz., prižiūrimojo mokymosi), duomenų valymo metodikas (pvz., išskirčių nustatymas);
(d)
i gcás inarb ábhartha, na ceanglais sonraí i dtéarmaí bileoga sonraí ina gcuirtear síos ar na modheolaíochtaí agus teicnící oiliúna agus ar na tacair sonraí oiliúna a úsáidtear, lena n-áirítear tuairisc ghinearálta ar na tacair sonraí sin, faisnéis maidir lena bhfoinse, a raon feidhme agus a bpríomh-shaintréithe; an chaoi a bhfuarthas agus ar roghnaíodh na sonraí; nósanna imeachta lipéadaithe (e.g. i gcás foghlaim faoi mhaoirseacht), modheolaíochtaí glanta sonraí (e.g. asluitigh a bhrath);
e)
žmogaus atliekamos priežiūros priemonių, reikalingų pagal 14 straipsnį, vertinimą, įskaitant techninių priemonių, kurios reikalingos siekiant padėti diegėjams interpretuoti DI sistemų išvedinius pagal 13 straipsnio 3 dalies d punktą, vertinimą;
(e)
measúnú ar na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n-áirítear measúnú ar na bearta teicniúla atá riachtanach chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú, i gcomhréir le hAirteagal 13(3), pointe (d);
f)
kai taikytina, išsamų iš anksto nustatytų DI sistemos ir jos veikimo efektyvumo pakeitimų aprašymą, įskaitant visą atitinkamą informaciją, susijusią su techniniais sprendimais, įgyvendintais siekiant užtikrinti nuolatinę DI sistemos atitiktį atitinkamiems III skyriaus 2 skirsnyje išdėstytiems reikalavimams;
(f)
i gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar athruithe réamhshocraithe ar an gcóras intleachta saorga agus ar a fheidhmíocht, in éineacht leis an bhfaisnéis ábhartha uile a bhaineann leis na réitigh theicniúla a glacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an córas intleachta saorga go leanúnach na ceanglais ábhartha a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2;
g)
naudotas validavimo ir bandymo procedūras, įskaitant informaciją apie naudotus validavimo ir bandymo duomenis ir jų pagrindines charakteristikas; metriką, kuri buvo naudota tikslumui, patvarumui ir atitikčiai kitiems susijusiems reikalavimams, nustatytiems III skyriaus 2 skirsnyje, taip pat galimam diskriminaciniam poveikiui įvertinti; bandymų žurnalus ir visas bandymų ataskaitas, kuriuose nurodoma data ir kuriuos pasirašo atsakingi asmenys, taip pat atsižvelgiant į f punkte nurodytus iš anksto nustatytus pakeitimus;
(g)
na nósanna imeachta bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n-áirítear faisnéis faoi na sonraí bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh agus a bpríomh-shaintréithe; an mhéadracht a úsáidtear chun cruinneas, stóinseacht agus comhlíonadh ceanglas ábhartha eile a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a thomhas, chomh maith le tionchair a d’fhéadfadh a bheith idirdhealaitheach; logaí tástála agus na tuarascálacha tástála uile arna ndátú agus arna síniú ag na daoine freagracha, lena n-áirítear maidir le hathruithe réamhshocraithe dá dtagraítear faoi phointe (f);
h)
taikomas kibernetinio saugumo priemones;
(h)
bearta cibearshlándála curtha i bhfeidhm;
3)
išsami informacija apie DI sistemos stebėseną, veikimą ir kontrolę, visų pirma atsižvelgiant į: jos veikimo efektyvumo pajėgumus ir ribotumus, įskaitant tikslumo laipsnius konkrečių asmenų arba asmenų grupių, kurių atžvilgiu numatoma naudoti sistemą, atveju ir bendrą tikėtiną tikslumo lygį, atsižvelgiant į numatytąją paskirtį; įmanomas numatyti nepageidaujamas pasekmes ir rizikos sveikatai ir saugai, pagrindinėms teisėms ir susijusius su diskriminacija šaltinius, atsižvelgiant į DI sistemos numatytąją paskirtį; žmogaus atliekamos priežiūros priemones, reikalingas pagal 14 straipsnį, įskaitant įdiegtas technines priemones, siekiant padėti diegėjams interpretuoti DI sistemų išvedinius; kai tinkama, įvesties duomenų specifikacijas;
3.
Faisnéis mhionsonraithe i ndáil le faireachán, feidhmiú agus rialú an chórais intleachta saorga, go háirithe maidir leis an méid seo a leanas: a inniúlachtaí agus a theorainneacha maidir le feidhmíocht, lena n-áirítear na céimeanna cruinnis le haghaidh daoine sonracha nó grúpaí daoine a bhfuil sé beartaithe an córas a úsáid ina leith agus an leibhéal foriomlán cruinnis i ndáil leis an gcríoch atá beartaithe dó; na torthaí neamhbheartaithe intuartha agus na foinsí riosca don tsláinte agus sábháilteacht, do chearta bunúsacha agus d’idirdhealú i bhfianaise na críche atá beartaithe don chóras intleachta saorga; na bearta formhaoirseachta daonna atá riachtanach i gcomhréir le hAirteagal 14, lena n-áirítear na bearta teicniúla a cuireadh i bhfeidhm chun léirmhíniú na n-úsáideoirí gairmiúla ar aschur na gcóras intleachta saorga a éascú; sonraíochtaí maidir le sonraí ionchuir, de réir mar is iomchuí;
4)
konkrečios DI sistemos veikimo efektyvumo metrikos tinkamumo aprašymas;
4.
Tuairisc ar oiriúnacht na méadrachta feidhmíochta don chóras intleachta saorga sonrach;
5)
išsamus rizikos valdymo sistemos aprašymas pagal 9 straipsnį;
5.
Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras bainistíochta riosca i gcomhréir le hAirteagal 9;
6)
atitinkamų sistemos pakeitimų, padarytų tiekėjo per jos gyvavimo ciklą, aprašymas;
6.
Tuairisc ar na hathruithe ábhartha arna ndéanamh ag an soláthar ar an gcóras le linn a shaolré;
7)
darniųjų standartų, taikomų visa apimtimi ar iš dalies, kurių nuorodos buvo paskelbtos Europos Sąjungos oficialiajame leidinyje, sąrašas; jeigu tokie darnieji standartai nebuvo taikomi, išsamus sprendimų, įgyvendintų siekiant laikytis III skyriaus 2 skirsnyje nurodytų reikalavimų, aprašymas, įskaitant kitų taikomų susijusių standartų ir techninių specifikacijų sąrašą;
7.
Liosta de na caighdeáin chomhchuibhithe a chuirtear i bhfeidhm go hiomlán nó go páirteach, a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; i gcás nár cuireadh na caighdeáin chomhchuibhithe sin i bhfeidhm, tuairisc mhionsonraithe ar na réitigh a glacadh chun na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2 a chomhlíonadh, lena n-áirítear liosta de na caighdeáin agus na sonraíochtaí teicniúla ábhartha eile a cuireadh i bhfeidhm;
8)
47 straipsnyje nurodytą ES atitikties deklaracijos kopija;
8.
Cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
9)
išsamus sistemos, taikomos vertinant DI sistemos veikimo efektyvumą stebėsenos po pateikimo rinkai etape pagal 72 straipsnį, aprašymas, įskaitant 72 straipsnio 3 dalyje nurodytą stebėsenos po pateikimo rinkai planą.
9.
Tuairisc mhionsonraithe ar an gcóras atá i bhfeidhm chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht an chórais intleachta saorga sa chéim iarmhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 72, lena n-áirítear an plean faireacháin iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72(3).
V PRIEDAS
IARSCRÍBHINN V
ES atitikties deklaracija
Dearbhú comhréireachta AE
47 straipsnyje nurodytoje ES atitikties deklaracijoje pateikiama visa toliau nurodyta informacija:
Beidh sa dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47, an fhaisnéis seo uile a leanas:
1)
DI sistemos pavadinimas, tipas ir bet kuri papildoma vienareikšmiška nuoroda, sudaranti sąlygas identifikuoti DI sistemą ir užtikrinti jos atsekamumą;
1.
Ainm agus cineál an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan athbhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;
2)
tiekėjo arba, kai taikytina, jo įgaliotojo atstovo pavadinimas (vardas ir pavardė) ir adresas;
2.
Ainm agus seoladh an tsoláthraí nó, i gcás inarb infheidhme, ainm agus seoladh a ionadaí údaraithe;
3)
pareiškimas, kad 47 straipsnyje nurodytą ES atitikties deklaracija parengta tik tiekėjo atsakomybe;
3.
Ráiteas gur faoi fhreagracht aonair an tsoláthraí a eisítear an dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
4)
pareiškimas, kad DI sistema atitinka šį reglamentą ir, jei taikytina, kitus atitinkamus Sąjungos teisės aktus, pagal kuriuos numatyta išduoti 47 straipsnyje nurodytą ES atitikties deklaraciją;
4.
Ráiteas go bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis an Rialachán seo agus, más infheidhme, le haon dlí ábhartha eile de chuid an Aontais faoina bhforáiltear d’eisiúint an dearbhaithe comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
5)
tais atvejais, kai naudojant DI sistemą tvarkomi asmens duomenys, – pareiškimas, kad DI sistema atitinka reglamentus (ES) 2016/679 ir (ES) 2018/1725 bei Direktyvą (ES) 2016/680;
5.
I gcás ina mbaineann próiseáil sonraí pearsanta le córas intleachta saorga, ráiteas go bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680;
6)
nuoroda į bet kuriuos naudojamus susijusius darniuosius standartus arba bet kurią kitą bendrąją specifikaciją, atitiktis kuriems yra deklaruojama;
6.
Tagairtí d’aon chaighdeán comhchuibhithe ábhartha a úsáideadh nó d’aon sonraíocht choiteann eile lena ndearbhaítear go bhfuil sé i gcomhréir leis nó léi;
7)
kai taikytina, notifikuotosios įstaigos pavadinimas ir identifikacinis numeris, atliktos atitikties vertinimo procedūros aprašymas ir išduoto sertifikato identifikaciniai duomenys;
7.
I gcás inarb infheidhme, ainm agus uimhir aitheantais an chomhlachta faoina dtugtar fógra, tuairisc ar an nós imeachta um measúnú comhréireachta agus sainaithint an deimhnithe a eisíodh;
8)
deklaracijos parengimo vieta ir data, ją pasirašiusio asmens vardas, pavardė ir pareigos, taip pat duomenys apie tai, kieno vardu jis pasirašė, ir parašas.
8.
Ionad agus dáta eisiúna an dearbhaithe, ainm agus feidhm an duine a shínigh é, chomh maith le tásc don duine, nó thar a cheann, a shínigh an duine sin, síniú.
VI PRIEDAS
IARSCRÍBHINN VI
Vidaus kontrole pagrįsta atitikties vertinimo procedūra
Nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach
1.
1.
Vidaus kontrole pagrįsta atitikties vertinimo procedūra – tai 2, 3 ir 4 punktais pagrįsta atitikties vertinimo procedūra.
An nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar rialú inmheánach, is é sin an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar phointí 2, 3 agus 4.
2.
2.
Tiekėjas patikrina, ar nustatyta kokybės valdymo sistema atitinka 17 straipsnio reikalavimus.
Fíoraíonn an soláthraí go bhfuil an córas bainistíochta cáilíochta i gcomhréir le ceanglais Airteagal 17.
3.
3.
Tiekėjas nagrinėja techniniuose dokumentuose pateiktą informaciją, kad įvertintų DI sistemos atitiktį atitinkamiems III skyriaus 2 skirsnyje išvardytiems esminiams reikalavimams.
Déanann an soláthraí scrúdú ar an bhfaisnéis atá sa doiciméadacht theicniúil chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais bhunriachtanacha ábhartha a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2.
4.
4.
Tiekėjas taip pat patikrina, ar 72 straipsnyje nurodytas DI sistemos projektavimo ir kūrimo procesas ir DI sistemos stebėsena po pateikimo rinkai atitinka techninius dokumentus.
Fíoraíonn an soláthraí freisin go bhfuil próiseas deartha agus forbartha an chórais intleachta saorga agus a fhaireachán iarmhargaidh dá dtagraítear in Airteagal 72 comhsheasmhach leis an doiciméadacht theicniúil.
VII PRIEDAS
IARSCRÍBHINN VII
Atitiktis, grindžiama kokybės valdymo sistemos vertinimu ir techninių dokumentų vertinimu
Comhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil
1. Įvadas
1. Réamhrá
Atitiktis, grindžiama kokybės valdymo sistemos vertinimu ir techninių dokumentų vertinimu, yra atitikties vertinimo procedūra pagal 2–5 punktus.
Is í an chomhréireacht bunaithe ar mheasúnú ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus ar mheasúnú ar an doiciméadacht theicniúil an nós imeachta um measúnú comhréireachta bunaithe ar phointí 2 go 5.
2. Apžvalga
2. Forbhreathnú
Patvirtinta kokybės valdymo sistema, skirta DI sistemoms projektuoti, kurti ir bandyti pagal 17 straipsnį, nagrinėjama pagal 3 punktą ir jai taikoma 5 punkte nurodyta priežiūra. DI sistemos techniniai dokumentai nagrinėjami pagal 4 punktą.
An córas bainistíochta cáilíochta formheasta chun córais intleachta saorga a dhearadh, a fhorbairt agus a thástáil de bhun Airteagal 17, déanfar scrúdú air i gcomhréir le pointe 3 agus beidh sé faoi réir faireachais mar a shonraítear i bpointe 5. Déanfar scrúdú ar dhoiciméadacht theicniúil an chórais intleachta saorga i gcomhréir le pointe 4.
3. Kokybės valdymo sistema
3. Córas bainistíochta cáilíochta
3.1.
Tiekėjo paraiškoje nurodomas (pateikiamas):
3.1.
Cuimseofar an méid seo a leanas in iarratas an tsoláthraí:
a)
tiekėjo pavadinimas (vardas ir pavardė) ir adresas, o jei paraišką pateikia įgaliotasis atstovas – ir to atstovo pavadinimas (vardas ir pavardė) ir adresas;
(a)
ainm agus seoladh an tsoláthraí agus, más ionadaí údaraithe a thaisceann an t-iarratas, a ainm agus a sheoladh siúd freisin;
b)
DI sistemų, kurioms taikoma ta pati kokybės valdymo sistema, sąrašas;
(b)
liosta na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoin gcóras bainistíochta cáilíochta céanna;
c)
kiekvienos DI sistemos, kuriai taikoma ta pati kokybės valdymo sistema, techniniai dokumentai;
(c)
an doiciméadacht theicniúil le haghaidh gach córais intleachta saorga a chumhdaítear faoin gcóras bainistíochta cáilíochta céanna;
d)
dokumentai, susiję su kokybės valdymo sistema, kurie apima visus 17 straipsnyje išvardytus aspektus;
(d)
an doiciméadacht a bhaineann leis an gcóras bainistíochta cáilíochta lena gcumhdófar na gnéithe uile a liostaítear faoi Airteagal 17;
e)
taikomų procedūrų siekiant užtikrinti, kad kokybės valdymo sistema išliktų tinkama ir veiksminga, aprašymas;
(e)
tuairisc ar na nósanna imeachta atá i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh an córas bainistithe cáilíochta leormhaith agus éifeachtúil i gcónaí;
f)
rašytinis pareiškimas, kad tokia pati paraiška nebuvo pateikta jokiai kitai notifikuotajai įstaigai.
(f)
dearbhú i scríbhinn nach bhfuil an t-iarratas céanna taiscthe le haon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra.
3.2.
Kokybės valdymo sistemą įvertina notifikuotoji įstaiga siekdama nustatyti, ar sistema atitinka 17 straipsnyje nurodytus reikalavimus.
3.2.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra an córas bainistíochta cáilíochta a mheasúnú, agus cinnfidh sé an gcomhlíonann sé na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 17.
Apie sprendimą pranešama tiekėjui arba jo įgaliotajam atstovui.
Tabharfar fógra faoin gcinneadh don soláthraí nó dá ionadaí údaraithe.
Pranešime pateikiamos kokybės valdymo sistemos vertinimo išvados ir motyvuotas sprendimas dėl įvertinimo.
Beidh san fhógra sin conclúidí an mheasúnaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.
3.3.
Tiekėjas toliau įgyvendina ir prižiūri patvirtintą kokybės valdymo sistemą, kad ji išliktų tinkama ir veiksminga.
3.3.
Leanfaidh an soláthraí den chóras bainistíochta cáilíochta mar atá formheasta a chur chun feidhme agus a choinneáil ar bun ionas go mbeidh sé leordhóthanach agus éifeachtúil i gcónaí.
3.4.
Apie bet kokį numatytą patvirtintos kokybės valdymo sistemos arba DI sistemų, kurioms taikoma minėta kokybės valdymo sistema, sąrašo pakeitimą tiekėjas praneša notifikuotajai įstaigai.
3.4.
Tarraingeoidh an soláthraí aird an chomhlachta faoina dtugtar fógra ar aon athrú atá beartaithe ar an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta nó ar liosta na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear leis.
Notifikuotoji įstaiga išnagrinėja siūlomus pakeitimus ir nusprendžia, ar pakeista kokybės valdymo sistema ir toliau atitinka 3.2 punkte nurodytus reikalavimus, ar kokybės valdymo sistemą reikia įvertinti iš naujo.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra scrúdú ar na hathruithe atá beartaithe agus cinnfidh sé an mbeidh an córas bainistíochta cáilíochta modhnaithe in ann leanúint de na ceanglais dá dtagraítear i bpointe 3.2 a chomhlíonadh nó an mbeidh gá le hathmheasúnú.
Notifikuotoji įstaiga savo sprendimą praneša tiekėjui. Pranešime pateikiamos pakeitimų nagrinėjimo išvados ir motyvuotas sprendimas dėl įvertinimo.
Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra fógra don soláthraí maidir lena chinneadh. Beidh san fhógra sin conclúidí an scrúdaithe ar na hathruithe, agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.
4. Techninių dokumentų kontrolė.
4. Rialú ar an doiciméadacht theicniúil.
4.1.
Be 3 punkte nurodytos paraiškos, tiekėjas teikia pasirinktai notifikuotajai įstaigai paraišką, kad būtų įvertinti techniniai dokumentai, susiję su DI sistema, kurią tiekėjas ketina pateikti rinkai arba pradėti naudoti ir kuriai taikoma 3 punkte nurodyta kokybės valdymo sistema.
4.1.
I dteannta an iarratais dá dtagraítear i bpointe 3, déanfaidh soláthraí iarratas a thaisceadh lena rogha comhlachta faoina dtugtar fógra maidir le measúnú a dhéanamh ar an doiciméadacht theicniúil a bhaineann leis an gcóras intleachta saorga a bhfuil sé i gceist aige é a chur ar an margadh nó a chur i mbun seirbhíse agus a chumhdaítear leis an gcóras bainistíochta cáilíochta dá dtagraítear faoi phointe 3.
4.2.
Paraiškoje nurodoma:
4.2.
Beidh na nithe seo a leanas san iarratas:
a)
tiekėjo pavadinimas (vardas ir pavardė) ir adresas;
(a)
ainm agus seoladh an tsoláthraí;
b)
rašytinis pareiškimas, kad tokia pati paraiška nebuvo pateikta jokiai kitai notifikuotajai įstaigai;
(b)
dearbhú scríofa nár taisceadh an t-iarratas céanna le haon chomhlacht eile faoina dtugtar fógra;
c)
techniniai dokumentai, nurodyti IV priede.
(c)
an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.
4.3.
Techninius dokumentus nagrinėja notifikuotoji įstaiga. Kai aktualu ir neviršijama to, kas būtina notifikuotosios įstaigos užduotims atlikti, jai suteikiama visapusiška prieiga prie naudojamų mokymo, validavimo ir bandymo duomenų rinkinių, įskaitant, kai tinkama ir taikant apsaugos priemones, API arba kitas atitinkamas technines priemones ir įrankius, kurie sudaro sąlygas nuotolinei prieigai.
4.3.
Is é an comhlacht faoina dtugtar fógra a dhéanfaidh scrúdú ar an doiciméadacht theicniúil. I gcás inarb ábhartha agus teoranta don mhéid is gá chun a gcúraimí a chomhlíonadh, tabharfar rochtain iomlán don chomhlacht faoina dtugtar fógra ar na tacair sonraí oiliúna, bailíochtaithe agus tástála a úsáideadh, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí agus faoi réir coimircí slándála, trí API nó trí mhodhanna agus uirlisí teicniúla iomchuí eile lenar féidir rochtain chianda a thabhairt.
4.4.
Nagrinėdama techninius dokumentus notifikuotoji įstaiga gali prašyti, kad tiekėjas pateiktų papildomų įrodymų arba atliktų tolesnius bandymus ir taip sudarytų sąlygas tinkamai įvertinti DI sistemos atitiktį III skyriaus 2 skirsnyje nustatytiems reikalavimams. Visais atvejais, kai notifikuotosios įstaigos netenkina tiekėjo atlikti bandymai, notifikuotoji įstaiga, kai tinkama, pati tiesiogiai atlieka tinkamus bandymus.
4.4.
Agus an doiciméadacht theicniúil á scrúdú, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra a cheangal ar an soláthraí tuilleadh fianaise a sholáthar nó tuilleadh tástálacha a dhéanamh chun measúnú ceart a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2. I gcás nach mbeidh an comhlacht faoina dtugtar fógra sásta leis na tástálacha a dhéanann an soláthraí, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra é féin tástálacha leordhóthanacha go díreach, de réir mar is iomchuí.
4.5.
Kai būtina įvertinti didelės rizikos DI sistemos atitiktį III skyriaus 2 skirsnyje nustatytiems reikalavimams, išnaudojus visus kitus pagrįstus atitikties tikrinimo būdus ir paaiškėjus, kad jų nepakanka, ir gavus pagrįstą prašymą, notifikuotajai įstaigai taip pat suteikiama prieiga prie DI sistemos mokymo ir išmokytų modelių, įskaitant atitinkamus sistemos parametrus. Tokiai prieigai taikoma galiojanti Sąjungos teisė dėl intelektinės nuosavybės ir komercinių paslapčių apsaugos.
4.5.
I gcás inar gá chun measúnú a dhéanamh ar chomhréireacht an chórais intleachta saorga ardriosca leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, tar éis gach bealach réasúnta eile chun comhréireacht a fhíorú a bheith ídithe agus tar éis a chruthú nach bhfuil sé leordhóthanach, agus ar iarraidh réasúnaithe, tabharfar rochtain don chomhlacht faoina dtugtar fógra ar shamhlacha oiliúna agus oilte an chórais intleachta saorga, lena n-áirítear a pharaiméadair ábhartha. Beidh an rochtain sin faoi réir dhlí an Aontais atá ann cheana maidir le maoin intleachtúil agus rúin trádála a chosaint.
4.6.
Apie notifikuotosios įstaigos sprendimą pranešama tiekėjui arba jo įgaliotajam atstovui. Pranešime pateikiamos techninių dokumentų vertinimo išvados ir motyvuotas sprendimas dėl įvertinimo.
4.6.
Tabharfar fógra faoi chinneadh an chomhlachta faoina dtugtar fógra don soláthraí nó dá ionadaí údaraithe. Beidh san fhógra sin conclúidí an mheasúnaithe ar an doiciméadacht theicniúil, agus an cinneadh measúnaithe réasúnaithe.
Jeigu DI sistema atitinka III skyriaus 2 skirsnyje nustatytus reikalavimus, notifikuotoji įstaiga išduoda Sąjungos techninių dokumentų įvertinimo sertifikatą. Sertifikate nurodomas tiekėjo pavadinimas (vardas ir pavardė) ir adresas, nagrinėjimo išvados, jo galiojimo sąlygos (jei yra) ir DI sistemos identifikavimui būtini duomenys.
I gcás ina bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, eiseoidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais. Ar an deimhniú sin beidh ainm agus seoladh an tsoláthraí, conclúidí an scrúdaithe, na coinníollacha bailíochta (más ann dóibh) agus na sonraí is gá chun an córas intleachta saorga a shainaithint.
Sertifikate ir jo prieduose pateikiama visa atitinkama informacija, kad būtų sudarytos sąlygos DI sistemos atitikčiai įvertinti ir, kai taikytina, DI sistemai kontroliuoti tuo metu, kai ji naudojama.
Beidh sa deimhniú agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis gach faisnéis ábhartha chun gur féidir comhréireacht an chórais intleachta saorga a mheas, agus chun gur féidir an córas intleachta saorga a rialú agus é in úsáid, i gcás inarb infheidhme.
Jeigu DI sistema neatitinka III skyriaus 2 skirsnyje nustatytų reikalavimų, notifikuotoji įstaiga atsisako išduoti Sąjungos techninių dokumentų įvertinimo sertifikatą ir atitinkamai informuoja pareiškėją, nurodydama išsamias atsisakymo priežastis.
I gcás nach bhfuil an córas intleachta saorga i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach i gCaibidil III, Roinn 2, diúltóidh an comhlacht faoina dtugtar fógra deimhniú maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil de chuid an Aontais a eisiúint, cuirfidh sé é sin in iúl don iarratasóir agus tabharfaidh sé cúiseanna mionsonraithe lena dhiúltú.
Jeigu DI sistema neatitinka reikalavimo, susijusio su jos mokymui naudotais duomenimis, prieš pateikiant paraišką dėl naujo DI sistemos atitikties vertinimo, sistema turės būti pakartotinai mokoma. Šiuo atveju notifikuotosios įstaigos pagrįstame sprendime dėl vertinimo, kuriuo atsisakoma išduoti Sąjungos techninių dokumentų įvertinimo sertifikatą, nurodomos konkrečios aplinkybės, susijusios su duomenų, naudotų mokant DI sistemą, kokybe, visų pirma su neatitikties priežastimis.
I gcás nach gcomhlíonann an córas intleachta saorga an ceanglas a bhaineann leis na sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur air, beidh gá le hathoiliúint an chórais intleachta saorga sula ndéanfar iarratas ar mheasúnú comhréireachta nua. Sa chás sin, beidh breithnithe sonracha maidir leis na sonraí cáilíochta a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an gcóras intleachta saorga, go háirithe maidir leis na cúiseanna le neamhchomhlíonadh, i gcinneadh measúnaithe réasúnaithe an chomhlachta faoina dtugtar fógra a dhiúltaíonn deimhniú an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil a eisiúint.
4.7.
Bet kurį DI sistemos pakeitimą, kuris galėtų turėti įtakos DI sistemos atitikčiai reikalavimams arba jos numatytajai paskirčiai, įvertina Sąjungos techninių dokumentų įvertinimo sertifikatą išdavusi notifikuotoji įstaiga. Tiekėjas informuoja tokią notifikuotąją įstaigą apie savo ketinimą atlikti bet kurį iš pirmiau minėtų pakeitimų arba jeigu jis kitais būdais sužino apie tokius pakeitimus. Notifikuotoji įstaiga įvertina numatomus pakeitimus ir nusprendžia, ar dėl tų pakeitimų reikia atlikti naują atitikties vertinimą pagal 43 straipsnio 4 dalį, ar dėl jų galima išduoti Sąjungos techninių dokumentų įvertinimo sertifikato papildymą. Pastaruoju atveju notifikuotoji įstaiga įvertina pakeitimus, praneša tiekėjui apie savo sprendimą ir, jei pakeitimai patvirtinami, pateikia jam Sąjungos techninių dokumentų įvertinimo sertifikato papildymą.
4.7.
Aon athrú ar an gcóras intleachta saorga a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíontacht an chórais intleachta saorga leis na ceanglais nó don chríoch atá beartaithe dó, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra a d’eisigh an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil an t-athrú sin a mheas. Cuirfidh an soláthraí an comhlacht sin faoina dtugtar fógra ar an eolas go bhfuil sé beartaithe aige aon cheann de na hathruithe thuasluaite a thabhairt isteach, nó cuirfidh sé ar an eolas é má fhaigheann sé amach ar bhealach eile faoi na hathruithe sin a tharla. Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na hathruithe atá beartaithe a mheasúnú agus cinnfidh sé an éilítear measúnú nua comhréireachta leis na hathruithe atá beartaithe i gcomhréir le hAirteagal 43(4) nó an bhféadfaí aghaidh a thabhairt orthu trí bhíthin forlíonadh leis an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil. Sa chás deiridh, déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra measúnú ar na hathruithe, tabharfaidh sé fógra don soláthraí faoina chinneadh, agus i gcás ina bhformheasfar na hathruithe, tabharfaidh sé forlíonadh don soláthraí leis an deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil.
5. Patvirtintos kokybės valdymo sistemos priežiūra.
5. Faireachas ar an gcóras bainistíochta cáilíochta formheasta.
5.1.
Notifikuotosios įstaigos atliekamos priežiūros pagal 3 punktą tikslas – užtikrinti, kad tiekėjas tinkamai laikytųsi patvirtintos kokybės valdymo sistemos sąlygų.
5.1.
Is é is cuspóir don fhaireachas a dhéanann an comhlacht faoina dtugtar fógra dá dtagraítear i bPointe 3 a áirithiú go gcomhlíonann an soláthraí go cuí téarmaí agus coinníollacha an chórais bainistíochta cáilíochta fhormheasta.
5.2.
Vertinimo tikslais tiekėjas leidžia notifikuotajai įstaigai patekti į patalpas, kuriose kuriamos, plėtojamos ir bandomos DI sistemos. Tiekėjas su notifikuotąja įstaiga toliau dalijasi visa būtina informacija.
5.2.
Chun críoch measúnaithe, tabharfaidh an soláthraí cead don chomhlacht faoina dtugtar fógra rochtain a fháil ar an áitreabh ina bhfuil dearadh, forbairt agus tástáil na gcóras intleachta saorga á ndéanamh. Thairis sin, roinnfidh an soláthraí an fhaisnéis uile is gá leis an gcomhlacht faoina dtugtar fógra.
5.3.
Siekdama užtikrinti, kad tiekėjas nuolat taikytų kokybės valdymo sistemą, notifikuotoji įstaiga periodiškai vykdo auditą ir tiekėjui pateikia audito ataskaitas. Šių auditų kontekste notifikuotoji įstaiga gali atlikti papildomus DI sistemos, dėl kurios buvo išduotas Sąjungos techninių dokumentų įvertinimo sertifikatas, bandymus.
5.3.
Déanfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra iniúchtaí tréimhsiúla chun a áirithiú go gcoinneoidh an soláthraí an córas bainistíochta cáilíochta ar bun agus go gcuirfidh sé i bhfeidhm é, agus tabharfaidh sé tuarascáil iniúchóra don soláthraí. I gcomhthéacs na n-iniúchtaí sin, féadfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra tástálacha breise a dhéanamh ar na córais intleachta saorga ar eisíodh deimhniú de chuid an Aontais maidir le measúnú ar dhoiciméadacht theicniúil ina leith.
VIII PRIEDAS
IARSCRÍBHINN VIII
Informacija, kurią reikia pateikti užregistravus didelės rizikos DI sistemas pagal 49 straipsnį
Faisnéis atá le tíolacadh ar chlárú córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hairteagal 49
A skirsnis. Informacija, kurią didelės rizikos DI sistemų tiekėjai turi pateikti pagal 49 straipsnio 1 dalį
Roinn A — Faisnéis atá le tíolacadh ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(1)
Toliau nurodyta informacija dėl didelės rizikos DI sistemų, kurias reikia užregistruoti pagal 49 straipsnio 1 dalį, turi būti pateikiama ir paskui nuolat atnaujinama:
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(1):
1)
tiekėjo pavadinimas (vardas ir pavardė), adresas ir kontaktiniai duomenys;
1.
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;
2)
kai informaciją pateikia kitas asmuo tiekėjo vardu – to asmens (vardas ir pavardė), adresas ir kontaktiniai duomenys;
2.
I gcás ina gcuireann duine eile an fhaisnéis isteach thar ceann an tsoláthraí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine sin;
3)
kai taikytina, įgaliotojo atstovo pavadinimas (vardas ir pavardė), adresas ir kontaktiniai duomenys;
3.
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ionadaí údaraithe, i gcás inarb infheidhme;
4)
DI sistemos prekybinis pavadinimas ir bet kuri papildoma vienareikšmiška nuoroda, sudaranti sąlygas identifikuoti DI sistemą ir užtikrinti jos atsekamumą;
4.
Trádainm an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan débhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;
5)
DI sistemos numatytosios paskirties ir naudojant šią DI sistemą palaikomų komponentų bei funkcijų aprašymas;
5.
Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga agus ar na comhpháirteanna agus na feidhmeanna a dtacaítear leo tríd an gcóras intleachta saorga seo;
6)
būtiniausias glaustas sistemos naudojamos informacijos (duomenų, įvedinių) ir jos veikimo logikos aprašymas;
6.
Tuairisc bhunúsach agus ghonta ar an bhfaisnéis a úsáideann an córas (sonraí, ionchuir) agus a loighic oibriúcháin;
7)
DI sistemos statusas (pateikta rinkai arba naudojama; nebeteikiama rinkai / nebenaudojama, atšaukta);
7.
Stádas an chórais intleachta saorga (ar an margadh, nó i mbun seirbhíse; ní chuirtear ar an margadh é a thuilleadh/níl sé i mbun seirbhíse a thuilleadh, tá sé aisghairthe);
8)
notifikuotosios įstaigos išduoto sertifikato rūšis, numeris ir galiojimo pabaigos data ir, kai taikytina, tos notifikuotosios įstaigos pavadinimas arba identifikacinis numeris;
8.
Cineál, uimhir agus dáta éaga an deimhnithe arna eisiúint ag an gcomhlacht faoina dtugtar fógra agus ainm nó uimhir aitheantais an chomhlachta sin faoina dtugtar fógra, i gcás inarb infheidhme;
9)
kai taikytina, 8 punkte nurodyto sertifikato skenuota kopija;
9.
Cóip scanta den deimhniú dá dtagraítear i bpointe 8, i gcás inarb infheidhme;
10)
valstybės narės, kuriose DI sistema buvo pateikta rinkai, pradėta naudoti arba yra patiekta Sąjungoje;
10.
Aon Bhallstáit inar cuireadh an córas intleachta saorga ar an margadh, a cuireadh i mbun seirbhíse nó ar fáil san Aontas;
11)
47 straipsnyje nurodytos ES atitikties deklaracijos kopija;
11.
Cóip den dearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 47;
12)
elektroninės naudojimo instrukcijos. Ši informacija neteikiama dėl didelės rizikos DI sistemų, naudojamų teisėsaugos ar migracijos, prieglobsčio ir sienų kontrolės valdymo, kaip nurodyta III priedo 1, 6 ir 7 punktuose, srityse;
12.
Treoracha leictreonacha úsáide; ní chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil le haghaidh córais intleachta saorga ardriosca i réimsí fhorfheidhmithe an dlí nó imirce, bainistíocht tearmainn agus bainistíocht rialaithe teorann dá dtagraítear in Iarscríbhinn III, pointí 1, 6 agus 7;
13)
URL, kaip papildoma informacija (neprivaloma).
13.
URL chun tuilleadh eolais a fháil (roghnach).
B skirsnis. Informacija dėl didelės rizikos DI sistemų, kurią tiekėjai turi pateikti pagal 49 straipsnį
Roinn B — Faisnéis atá le tíolacadh ag soláthraithe córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(2)
Toliau nurodyta informacija dėl DI sistemų, kurias reikia užregistruoti pagal 49 straipsnio 2 dalį, turi būti pateikiama ir paskui nuolat atnaujinama:
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(2):
1)
tiekėjo pavadinimas (vardas ir pavardė), adresas ir kontaktiniai duomenys;
1.
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an tsoláthraí;
2)
kai informaciją pateikia kitas asmuo tiekėjo vardu – to asmens pavadinimas (vardas ir pavardė), adresas ir kontaktiniai duomenys,
2.
I gcás ina gcuireann duine eile an fhaisnéis isteach thar ceann an tsoláthraí, ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine sin;
3)
kai taikytina, įgaliotojo atstovo pavadinimas (vardas ir pavardė), adresas ir kontaktiniai duomenys;
3.
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an ionadaí údaraithe, i gcás inarb infheidhme;
4)
DI sistemos prekybinis pavadinimas ir bet kuri papildoma vienareikšmiška nuoroda, sudaranti sąlygas identifikuoti DI sistemą ir užtikrinti jos atsekamumą;
4.
Trádainm an chórais intleachta saorga agus aon tagairt bhreise gan athbhrí lenar féidir an córas intleachta saorga a shainaithint agus a rianú;
5)
DI sistemos numatytosios paskirties aprašymas;
5.
Tuairisc ar an gcríoch atá beartaithe don chóras intleachta saorga;
6)
6 straipsnio 3 dalyje nustatyta sąlyga ar sąlygos, kuriomis remiantis DI sistema laikoma ne didelės rizikos sistema;
6.
An coinníoll nó na coinníollacha faoi Airteagal 6(3) ar bunaithe air nó orthu nach meastar gur córas ardriosca é an córas intleachta saorga;
7)
trumpa pagrindų, kuriais remiantis DI sistema laikoma ne didelės rizikos sistema taikant procedūrą pagal 6 straipsnio 3 dalį, santrauka;
7.
Achoimre ghearr ar na forais ar a meastar nach bhfuil ardriosca ag baint leis an gcóras intleachta saorga agus an nós imeachta á chur i bhfeidhm faoi Airteagal 6(3);
8)
DI sistemos statusas (pateikta rinkai arba naudojama; nebeteikiama rinkai / nebenaudojama, atšaukta);
8.
Stádas an chórais intleachta saorga (ar an margadh, nó i mbun seirbhíse; ní chuirtear ar an margadh é a thuilleadh/níl sé i mbun seirbhíse a thuilleadh, tá sé aisghairithe);
9)
valstybės narės, kuriose DI sistema yra pateikta rinkai, pradedama arba yra pradėta naudoti arba tiekiama arba yra patiekta Sąjungoje.
9.
Aon Bhallstáit inar cuireadh an córas intleachta saorga ar an margadh, i mbun seirbhíse nó ar fáil san Aontas.
C skirsnis. Informacija dėl didelės rizikos DI sistemų, kurią diegėjai turi pateikti pagal 49 straipsnio 3 dalį
Roinn C — Faisnéis atá le tíolacadh ag úsáideoirí gairmiúla córas intleachta saorga ardriosca i gcomhréir le hAirteagal 49(3)
Toliau nurodyta informacija dėl didelės rizikos DI sistemų, kurias reikia užregistruoti pagal 49 straipsnio 3 dalį, turi būti pateikiama ir paskui nuolat atnaujinama:
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin maidir le córais intleachta saorga ardriosca a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 49(3):
1)
diegėjo pavadinimas (vardas ir pavardė), adresas ir kontaktiniai duomenys;
1.
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an úsáideora ghairmiúil;
2)
diegėjo vardu informaciją teikiančio asmens (vardas ir pavardė), adresas ir kontaktiniai duomenys;
2.
Ainm, seoladh agus sonraí teagmhála an duine a chuireann faisnéis isteach thar ceann an úsáideora ghairmiúil;
3)
DI sistemos ES duomenų bazėje URL, kurį pateikia jos tiekėjas;
3.
URL le haghaidh iontráil an chórais intleachta saorga i mbunachar sonraí an Aontais ag a sholáthraí;
4)
poveikio pagrindinėms teisėms vertinimo, atlikto pagal 27 straipsnį, išvadų santrauka;
4.
Achoimre ar thorthaí an mheasúnaithe tionchair ar chearta bunúsacha a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 27;
5)
jei taikytina, poveikio duomenų apsaugai vertinimo, atlikto pagal Reglamento (ES) 2016/679 35 straipsnį arba Direktyvos (ES) 2016/680 27 straipsnį, kaip nurodyta šio reglamento 26 straipsnio 8 dalyje, santrauka.
5.
Achoimre ar an measúnú tionchair ar chosaint sonraí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 nó le hAirteagal 27 de Threoir (AE) 2016/680 mar a shonraítear in Airteagal 26(8) den Rialachán seo, i gcás inarb infheidhme.
IX PRIEDAS
IARSCRÍBHINN IX
Informacija, kurią reikia pateikti registruojant III priede išvardytas didelės rizikos DI sistemas, kiek tai susiję su bandymu realiomis sąlygomis pagal 60 straipsnį
Faisnéis atá le tíolacadh ar chlárú na gcóras intleachta saorga ardriosca a liostaítear in Iarscríbhinn III i ndáil le tástáil faoi fhíordhálaí i gcomhréir le hairteagal 60
Turi būti pateikiama ir po to nuolat atnaujinama toliau nurodyta informacija, susijusi su bandymu realiomis sąlygomis, kuris turi būti užregistruotas pagal 60 straipsnį:
Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas ar fáil agus coinneofar cothrom le dáta í ina dhiaidh sin i ndáil le tástáil faoi fhíordhálaí a bheidh le clárú i gcomhréir le hAirteagal 60:
1)
visoje Sąjungoje taikomas vienintelis unikalusis bandymo realiomis sąlygomis identifikacinis numeris;
1.
Uimhir aitheantais aonair uathúil uile-Aontais na tástála faoi fhíordhálaí;
2)
tiekėjo arba galimo tiekėjo ir diegėjų, dalyvaujančių bandyme realiomis sąlygomis, pavadinimas (vardas ir pavardė) ir kontaktiniai duomenys;
2.
Ainm agus sonraí teagmhála an tsoláthraí nó an tsoláthraí ionchasaigh agus na n-úsáideoirí gairmiúla a bhfuil baint acu leis an tástáil faoi fhíordhálaí;
3)
trumpas DI sistemos bei jos numatytosios paskirties aprašymas ir kita informacija, būtina sistemai identifikuoti;
3.
Tuairisc ghairid ar an gcóras intleachta saorga, ar an gcríoch atá beartaithe dó agus ar fhaisnéis eile is gá chun an córas a shainaithint;
4)
bandymo realiomis sąlygomis plano pagrindinių charakteristikų santrauka;
4.
Achoimre ar phríomhthréithe an phlean chun tástáil a dhéanamh faoi fhíordhálaí;
5)
informacija apie bandymo realiomis sąlygomis sustabdymą arba nutraukimą.
5.
Faisnéis maidir leis an tástáil faoi fhíordhálaí a chur ar fionraí nó deireadh a chur léi.
X PRIEDAS
IARSCRÍBHINN X
Sąjungos teisėkūros procedūra priimami aktai dėl didelės apimties IT sistemų laisvės, saugumo ir teisingumo srityse
Gníomhartha reachtaíochta an Aontais maidir le córais TF ar mhórscála i réimse na Saoirse, na Slándála agus an Cheartais
1. Šengeno informacinė sistema
1. Córas Faisnéise Schengen
a)
2018 m. lapkričio 28 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/1860 dėl Šengeno informacinės sistemos naudojimo neteisėtai esančių trečiųjų šalių piliečių grąžinimui (OL L 312, 2018 12 7, p. 1);
(a)
Rialachán (AE) 2018/1860 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le húsáid Córas Faisnéise Schengen chun náisiúnaigh tríú tír atá ag fanacht go neamhdhleathach a fhilleadh (IO L 312, 7.12.2018, lch. 1).
b)
2018 m. lapkričio 28 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/1861 dėl Šengeno informacinės sistemos (SIS) sukūrimo, eksploatavimo ir naudojimo patikrinimams kertant sieną, kuriuo iš dalies keičiama Konvencija dėl Šengeno susitarimo įgyvendinimo ir iš dalies keičiamas bei panaikinamas Reglamentas (EB) Nr. 1987/2006 (OL L 312, 2018 12 7, p. 14);
(b)
Rialachán (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse na seiceálacha teorann, lena leasaítear an Coinbhinsiún lena gcuirtear Comhaontú Schengen chun feidhme, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 (IO L 312, 7.12.2018, lch. 14).
c)
2018 m. lapkričio 28 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/1862 dėl Šengeno informacinės sistemos (SIS) sukūrimo, eksploatavimo ir naudojimo policijos bendradarbiavimui ir teisminiam bendradarbiavimui baudžiamosiose bylose, kuriuo iš dalies keičiamas ir panaikinamas Tarybos sprendimas 2007/533/TVR ir panaikinamas Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (EB) Nr. 1986/2006 ir Komisijos sprendimas 2010/261/ES (OL L 312, 2018 12 7, p. 56).
(c)
Rialachán (AE) 2018/1862 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Samhain 2018 maidir le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a bhunú, a oibriú agus a úsáid i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1986/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinneadh 2010/261/AE ón gCoimisiún (IO L 312, 7.12.2018, lch. 56).
2. Vizų informacinė sistema
2. An Córas Faisnéise Víosaí
a)
2021 m. liepos 7 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2021/1133, kuriuo iš dalies keičiami reglamentai (ES) Nr. 603/2013, (ES) 2016/794, (ES) 2018/1862, (ES) 2019/816 ir (ES) 2019/818, kiek tai susiję su prieigos prie kitų ES informacinių sistemų Vizų informacinės sistemos tikslais sąlygų nustatymu (OL L 248, 2021 7 13, p. 1);
(a)
Rialachán (AE) 2021/1133 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 603/2013, (AE) 2016/794, (AE) 2018/1862, (AE) 2019/816 agus (AE) 2019/818 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha a bhunú chun rochtain a fháil ar chórais faisnéise AE eile chun críocha an Chórais Faisnéise Víosaí, (IO L 248, 13.7.2021, lch. 1).
b)
2021 m. liepos 7 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2021/1134, kuriuo iš dalies keičiami Europos Parlamento ir Tarybos reglamentai (EB) Nr. 767/2008, (EB) Nr. 810/2009, (ES) 2016/399, (ES) 2017/2226, (ES) 2018/1240, (ES) 2018/1860, (ES) 2018/1861, (ES) 2019/817 ir (ES) 2019/1896 ir panaikinami Tarybos sprendimai 2004/512/EB ir 2008/633/TVR siekiant reformuoti Vizų informacinę sistemą (OL L 248, 2021 7 13, p. 11).
(b)
Rialachán (AE) 2021/1134 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (CE) Uimh. 810/2009, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1860, (AE) 2018/1861, (AE) 2019/817 agus (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle, chun críche an Córas Faisnéise Víosaí a athchóiriú (IO L 248, 13.7.2021, lch. 11).
3. Sistema EURODAC
3. Eurodac
2024 m. gegužės 14 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamento (ES) 2024/1358 dėl biometrinių duomenų lyginimo sistemos EURODAC sukūrimo siekiant veiksmingai taikyti Europos Parlamento ir Tarybos reglamentus (ES) 2024/1315 bei (ES) 2024/1350 ir Tarybos direktyvą 2001/55/EB ir nustatyti neteisėtai esančius trečiųjų šalių piliečius ar asmenis be pilietybės ir dėl valstybių narių teisėsaugos institucijų bei Europolo teisėsaugos tikslais teikiamų prašymų palyginti duomenis su sistemos EURODAC duomenimis, kuriuo iš dalies keičiami Europos Parlamento ir Tarybos reglamentai (ES) 2018/1240 ir (ES) 2019/818 ir panaikinamas Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) Nr. 603/2013 (OL L, 2024/1358, 2024 5 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).
Rialachán (AE) 2024/1358 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le bunú ‘Eurodac’ chun sonraí bithmhéadracha a chur i gcomparáid le chéile chun Rialacháin (AE) 2024/1315 agus (AE) 2024/1350 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2001/55/CE ón gComhairle a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus chun náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát atá ag fanacht go neamhdhleathach a shainaithint, agus maidir le hiarrataí ó údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus iarrataí ó Europol ar chomparáidí a dhéanamh le sonraí Eurodac chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1240 agus (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 603/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2024/1358, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1358/oj).
4. Atvykimo ir išvykimo sistema
4. An Córas Dul Isteach/Imeachta
2017 m. lapkričio 30 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2017/2226, kuriuo sukuriama atvykimo ir išvykimo sistema (AIS), kurioje registruojami trečiųjų šalių piliečių, kertančių valstybių narių išorės sienas, atvykimo ir išvykimo bei atsisakymo leisti jiems atvykti duomenys, nustatomos prieigos prie AIS teisėsaugos tikslais sąlygos ir iš dalies keičiama Konvencija dėl Šengeno susitarimo įgyvendinimo ir reglamentai (EB) Nr. 767/2008 ir (ES) Nr. 1077/2011 (OL L 327, 2017 12 9, p. 20).
Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
5. Europos kelionių informacijos ir leidimų sistema
5. An Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil
a)
2018 m. rugsėjo 12 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/1240, kuriuo sukuriama Europos kelionių informacijos ir leidimų sistema (ETIAS) ir iš dalies keičiami reglamentai (ES) Nr. 1077/2011, (ES) Nr. 515/2014, (ES) 2016/399, (ES) 2016/1624 ir (ES) 2017/2226 (OL L 236, 2018 9 19, p. 1);
(a)
Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
b)
2018 m. rugsėjo 12 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2018/1241, kuriuo iš dalies keičiamas Reglamentas (ES) 2016/794 siekiant sukurti Europos kelionių informacijos ir leidimų sistemą (ETIAS) (OL L 236, 2018 9 19, p. 72).
(b)
Rialachán (AE) 2018/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/794 chun Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a bhunú (IO L 236, 19.9.2018, lch. 72).
6. Europos nuosprendžių registrų informacinė sistema trečiųjų šalių piliečiams ir asmenims be pilietybės
6. An Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla maidir le náisiúnaigh tríú tír agus daoine gan stát
2019 m. balandžio 17 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2019/816, kuriuo Europos nuosprendžių registrų informacinei sistemai papildyti sukuriama centralizuota valstybių narių, turinčių informacijos apie priimtus trečiųjų šalių piliečių ir asmenų be pilietybės apkaltinamuosius nuosprendžius, nustatymo sistema (ECRIS-TCN) ir kuriuo iš dalies keičiamas Reglamentas (ES) 2018/1726 (OL L 135, 2019 5 22, p. 1).
Rialachán (AE) 2019/816 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 lena mbunaítear córas láraithe leis na Ballstáit a shainaithint ag a bhfuil faisnéis faoi chiontuithe náisiúnach tríú tír agus daoine gan stát (ECRIS-TCN) chun an Córas Faisnéise Eorpach um Thaifid Choiriúla a fhorlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1726 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 1).
7. Sąveikumas
7. Idir-inoibritheacht
a)
2019 m. gegužės 20 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2019/817 dėl ES informacinių sistemų sienų ir vizų srityje sąveikumo sistemos sukūrimo, kuriuo iš dalies keičiami Europos Parlamento ir Tarybos reglamentai (EB) Nr. 767/2008, (ES) 2016/399, (ES) 2017/2226, (ES) 2018/1240, (ES) 2018/1726 ir (ES) 2018/1861 ir Tarybos sprendimai 2004/512/EB ir 2008/633/TVR (OL L 135, 2019 5 22, p. 27);
(a)
Rialachán (AE) 2019/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse na dteorainneacha agus na víosaí agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2016/399, (AE) 2017/2226, (AE) 2018/1240, (AE) 2018/1726 agus (AE) 2018/1861 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Cinntí 2004/512/CE agus 2008/633/CGB ón gComhairle (IO L 135, 22.5.2019, lch. 27).
b)
2019 m. gegužės 20 d. Europos Parlamento ir Tarybos reglamentas (ES) 2019/818 dėl ES informacinių sistemų policijos ir teisminio bendradarbiavimo, prieglobsčio ir migracijos srityje sąveikumo sistemos sukūrimo, kuriuo iš dalies keičiami reglamentai (ES) 2018/1726, (ES) 2018/1862 ir (ES) 2019/816 (OL L 135, 2019 5 22, p. 85).
(b)
Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair phóilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).
XI PRIEDAS
IARSCRÍBHINN XI
53 straipsnio 1 dalies a punkte nurodyti techniniai dokumentai: bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams skirti techniniai dokumentai
Doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) — doiciméadacht theicniúil do sholáthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
1 skirsnis
Roinn 1
Informacija, kurią turi pateikti visi bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai
Faisnéis atá le cur ar fáil ag soláthraithe uile na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha
53 straipsnio 1 dalies a punkte nurodytuose techniniuose dokumentuose pateikiama bent ši informacija atitinkamai pagal modelio dydį ir rizikos profilį:
Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (a) de réir mar is iomchuí maidir le méid agus próifíl riosca na samhla:
1)
bendras bendrosios paskirties DI sistemos aprašymas, be kita ko:
1.
Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
a)
užduotys, kurias turėtų atlikti modelis, ir DI sistemų, į kurias jis gali būti integruojamas, tipas ir pobūdis;
(a)
na cúraimí a bhfuil sé beartaithe go ndéanfaí iad leis an tsamhail agus cineál agus nádúr na gcóras intleachta saorga inar féidir í a chomhtháthú;
b)
taikytinos priimtinos naudojimo taisyklės;
(b)
na beartais úsáide inghlactha is infheidhme;
c)
išleidimo data ir platinimo būdai;
(c)
an dáta scaoilte agus na modhanna dáileacháin;
d)
architektūra ir parametrų skaičius;
(d)
an ailtireacht agus líon na bparaiméadar;
e)
įvedinių ir išvedinių būdai (pvz., tekstas, vaizdas) ir formatas;
(e)
an mhódúlacht (e.g. téacs, íomhá) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur;
f)
licencija;
(f)
an ceadúnas.
2)
išsamus 1 punkte nurodyto modelio elementų aprašymas ir atitinkama informacija apie kūrimo procesą, be kita ko, šie elementai:
2.
Tuairisc mhionsonraithe ar eilimintí na samhla dá dtagraítear i bpointe 1, agus faisnéis ábhartha faoin bpróiseas le haghaidh na forbartha, lena n-áirítear na heilimintí seo a leanas:
a)
techninės priemonės (pvz., naudojimo instrukcijos, infrastruktūra, priemonės), reikalingos bendrosios paskirties DI modeliui integruoti į DI sistemas;
(a)
na modhanna teicniúla (e.g. treoracha úsáide, bonneagar, uirlisí) is gá chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú i gcórais intleachta saorga;
b)
modelio projektavimo ir mokymo proceso rengimo specifikacijos, įskaitant mokymo metodiką ir būdus, pagrindinius projektavimo sprendimus, įskaitant loginį pagrindą ir prielaidas; jei taikytina, tai, ką modeliu siekiama optimizuoti, ir įvairių parametrų svarba;
(b)
sonraíochtaí deartha na samhla agus an phróisis oiliúna, lena n-áirítear modheolaíochtaí agus teicnící oiliúna, na roghanna deartha tábhachtacha lena n-áirítear an réasúnaíocht agus na toimhdí a rinneadh; an rud a bhfuil sé beartaithe an tsamhail a dhearadh lena optamú agus ábharthacht na bparaiméadar éagsúil, de réir mar is infheidhme;
c)
kai taikytina, informacija apie mokymui, bandymui ir validavimui naudotus duomenis, įskaitant duomenų tipą bei kilmę ir priežiūros metodikas (pvz., valymą, filtravimą ir t. t.), duomenų taškų skaičių, jų apimtį ir pagrindinius ypatumus; kai taikytina, tai, kaip buvo gauti ir atrinkti duomenys, taip pat visos kitos priemonės, skirtos aptikti duomenų šaltinių ir metodų netinkamumą nustatytinam šališkumui aptikti;
(c)
faisnéis faoi na sonraí a úsáidtear le haghaidh oiliúna, tástála agus bailíochtaithe, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear cineál agus foinse na sonraí agus na modheolaíochtaí coimeádaíochta (e.g. glanadh, scagadh etc.), líon na bpointí sonraí, a raon feidhme agus a bpríomhthréithe; an chaoi a bhfuarthas agus ar roghnaíodh na sonraí chomh maith le gach beart eile chun mí-oiriúnacht foinsí sonraí agus modhanna a bhrath chun claontachtaí in-sainaitheanta a bhrath, i gcás inarb infheidhme;
d)
kompiuterinio apdorojimo ištekliai, naudojami modeliui mokyti (pvz., slankiojo kablelio operacijų skaičius, mokymo laikas ir kita su mokymu susijusi informacija;
(d)
na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear chun oiliúint a chur ar an tsamhail (e.g. an líon oibríochtaí snámhphointe), am oiliúna, agus sonraí ábhartha eile a bhaineann leis an oiliúint;
e)
žinomas arba apskaičiuotas modelio energijos suvartojimas.
(e)
tomhaltas fuinnimh atá ar eolas nó measta maidir leis an tsamhail.
Atsižvelgiant į e punktą, kai modelio suvartojamos energijos kiekis nežinomas, energijos suvartojimas gali būti grindžiamas informacija apie naudojamus kompiuterinio apdorojimo išteklius.
Maidir le pointe (e), i gcás nach eol tomhaltas fuinnimh na samhla, féadfar an tomhaltas fuinnimh a bhunú ar fhaisnéis faoi na hacmhainní ríomhaireachtúla a úsáidtear.
2 skirsnis
Roinn 2
Papildoma informacija, kurią turi pateikti sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių tiekėjai
An fhaisnéis bhreise atá le cur ar fáil ag soláthraithe na samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a bhfuil riosca sistéamach ag baint leo
1.
Išsamus vertinimo strategijų aprašymas, įskaitant vertinimo rezultatus, remiantis viešai prieinamais vertinimo protokolais ir priemonėmis arba kitomis vertinimo metodikomis. Vertinimo strategijos apima vertinimo kriterijus, metrikas ir ribotumų nustatymo metodiką.
1.
Tuairisc mhionsonraithe ar na straitéisí meastóireachta, lena n-áirítear torthaí meastóireachta, ar bhonn na bprótacal agus na n-uirlisí meastóireachta poiblí nó ar bhonn a mhalairt de mhodheolaíochtaí meastóireachta eile. Áireofar sna straitéisí meastóireachta critéir mheastóireachta, méadrachtaí agus an mhodheolaíocht maidir le teorainneacha a shainaithint.
2.
Kai taikytina, išsamus priemonių, kurių imamasi siekiant atlikti vidaus ir (arba) išorės atsparumo kenksmingiems veiksmams bandymus (pvz., etišką įsilaužimą), modelių adaptavimo, įskaitant suderinimą ir pritaikymą, aprašymas.
2.
I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar na bearta a cuireadh i bhfeidhm chun críche tástála sáraíochta inmheánaí agus/nó seachtraí a dhéanamh (e.g. modh na foirne deirge), oiriúnuithe ar shamhail, lena n-áirítear ailíniú agus mionchoigeartú.
3.
Kai taikytina, išsamus sistemos architektūros aprašymas, kuriame paaiškinama, kaip programinės įrangos komponentai remiasi vienas kitu arba kaip papildo vienas kitą ir kaip jie integruoti į visą apdorojimo procesą.
3.
I gcás inarb infheidhme, tuairisc mhionsonraithe ar ailtireacht an chórais ina mínítear conas a thógann comhpháirteanna bogearraí ar a chéile nó conas a chuireann siad lena chéile agus conas a chomhtháthaítear iad sa phróiseáil fhoriomlán.
XII PRIEDAS
IARSCRÍBHINN XII
53 straipsnio 1 dalies b punkte nurodyta skaidrumo informacija: techniniai dokumentai, skirti bendrosios paskirties DI modelių tiekėjams, tolesnės grandies tiekėjams, kurie integruoja modelį į savo DI sistemą
Faisnéis trédhearcachta dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b) – doiciméadacht theicniúil le haghaidh soláthraithe samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha do sholáthraithe iartheachtacha a chomhtháthaíonn an tsamhail ina gcóras intleachta saorga
53 straipsnio 1 dalies b punkte nurodyta informacija yra bent ši informacija:
Beidh na rudaí seo a leanas ar a laghad san fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 53(1), pointe (b):
1)
bendras bendrosios paskirties DI sistemos aprašymas, be kita ko:
1.
Tuairisc ghinearálta ar an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
a)
užduotys, kurias turėtų atlikti modelis, ir DI sistemų, į kurias jis gali būti integruojamas, tipas ir pobūdis;
(a)
na cúraimí a bhfuil sé beartaithe leis an tsamhail iad a dhéanamh agus cineál agus nádúr na gcóras intleachta saorga inar féidir í a chomhtháthú;
b)
taikytinos priimtinos naudojimo taisyklės;
(b)
na beartais úsáide inghlactha is infheidhme;
c)
išleidimo data ir platinimo būdai;
(c)
an dáta scaoilte agus na modhanna dáileacháin;
d)
kai taikytina, tai, kaip modelis sąveikauja su aparatine arba programine įranga, kuri nėra paties modelio sudedamoji dalis, arba kaip jis gali būti naudojamas, kad sąveikautų su tokia įranga;
(d)
an chaoi a n-idirghníomhaíonn an tsamhail, nó an chaoi ar féidir í a úsáid chun idirghníomhú, le crua-earraí nó bogearraí nach cuid iad den tsamhail í féin, i gcás inarb infheidhme;
e)
kai taikytina, atitinkamos programinės įrangos, susijusios su bendrosios paskirties DI modelio naudojimu, versijos;
(e)
leaganacha de bhogearraí ábhartha i ndáil le húsáid na samhla intleachta saorga ilchuspóirí, i gcás inarb infheidhme;
f)
architektūra ir parametrų skaičius;
(f)
an ailtireacht agus líon na bparaiméadar;
g)
įvedinių ir išvedinių būdai (pvz., tekstas, vaizdas) ir formatas;
(g)
an mhódúlacht (e.g., téacs, íomhá) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur;
h)
modelio licencija.
(h)
an ceadúnas le haghaidh na samhla.
2)
modelio ir jo kūrimo proceso elementų aprašymas, be kita ko:
2.
Tuairisc ar eilimintí na samhla agus ar an bpróiseas chun í a fhorbairt, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
a)
techninės priemonės (pvz., naudojimo instrukcijos, infrastruktūra, priemonės), reikalingos bendrosios paskirties DI modeliui integruoti į DI sistemas;
(a)
na modhanna teicniúla (e.g. treoracha úsáide, bonneagar, uirlisí) is gá chun an tsamhail intleachta saorga ilchuspóireach a chomhtháthú sna córais intleachta saorga;
b)
įvedinių ir išvedinių būdai (pvz., tekstas, vaizdas ir kt.) ir formatas bei didžiausias jų dydis (pvz., konteksto lango dydis ir t. t.);
(b)
an mhódúlacht (e.g., téacs, íomhá, etc.) agus formáid na n-ionchur agus na n-aschur agus a n-uasmhéid (e.g., fad na fuinneoige comhthéacs, etc.);
c)
kai taikytina, informacija apie mokymo, bandymo ir validavimo tikslais naudotus duomenis, įskaitant duomenų tipą ir kilmę bei priežiūros metodikas.
(c)
faisnéis faoi na sonraí a úsáidtear le haghaidh oiliúna, tástála agus bailíochtaithe, i gcás inarb infheidhme, lena n-áirítear cineál agus foinse na sonraí agus na modheolaíochtaí coimeádaíochta.
XIII PRIEDAS
IARSCRÍBHINN XIII
51 straipsnyje nurodytų sisteminės rizikos bendrosios paskirties DI modelių priskyrimo nurodymo kriterijai
Critéir le haghaidh samhlacha intleachta saorga ilchuspóireacha a ainmniú a bhfuil riosca sistéamach acu dá dtagraítear in Airteagal 51
Siekdama nustatyti, ar bendrosios paskirties DI modelio pajėgumai arba poveikis yra lygiaverčiai 51 straipsnio 1 dalies a punkte nustatytiems pajėgumams arba poveikiui, Komisija atsižvelgia į šiuos kriterijus:
Chun críche a chinneadh go bhfuil cumais nó tionchar atá coibhéiseach leo sin a leagtar amach in Airteagal 51(1), pointe (a), ag samhail intleachta saorga ilchuspóireach, cuirfidh an Coimisiún na critéir seo a leanas san áireamh:
a)
modelio parametrų skaičių;
(a)
líon pharaiméadair na samhla;
b)
duomenų rinkinio kokybę ar dydį, pavyzdžiui, matuojamą žetonais;
(b)
cáilíocht nó méid an tacair sonraí, mar shampla tomhaiste trí chomharthaí;
c)
modelio mokymui naudotą bendrą skaičiuojamąją galią, matuojamą slankiojo kablelio operacijomis, arba nurodomą kitų kintamųjų deriniu, pvz., numatoma mokymo kaina, mokymui reikalingu numatomu laiku arba numatomu energijos suvartojimu mokymui;
(c)
an méid ríomha a úsáidtear le haghaidh oiliúint a chur ar an tsamhail, arna thomhas in oibríochtaí snámhphointe nó arna léiriú le meascán d’athróga eile mar shampla costas measta na hoiliúna, an t-am a mheastar a bheidh ag teastáil le haghaidh na hoiliúna, nó ídiú measta fuinnimh le haghaidh na hoiliúna;
d)
modelio įvedinių ir išvedinių būdus, pvz., iš teksto į tekstą (didieji kalbos modeliai), iš teksto į vaizdą, daugiabūviškumą ir pažangiausias ribines vertes, pagal kurias nustatomi kiekvieno būdo pajėgumai daryti didelį poveikį, ir konkretų įvedinių ir išvedinių tipą (pvz., biologines sekas);
(d)
módúlachtaí ionchuir agus aschuir na samhla, mar shampla téacs go téacs (samhlacha móra teanga), téacs go híomhá, ilmhódúlacht, agus tairseacha úrscothacha chun cumais ardtionchair a chinneadh le haghaidh gach modhúlachta, agus cineál sonrach na n-ionchur agus na n-aschur (e.g. seichimh bhitheolaíocha);
e)
modelio pajėgumų lyginamuosius parametrus ir vertinimus, be kita ko, atsižvelgiant į užduočių, atliekamų be papildomo mokymo, skaičių, gebėjimą išmokti atlikti naujas, skirtingas užduotis, jo savarankiškumo ir išplečiamumo lygį, priemones, kuriomis jis gali naudotis;
(e)
na tagarmharcanna agus meastóireachtaí ar chumais na samhla, lena n-áirítear líon na gcúraimí gan oiliúint bhreise, inoiriúnaitheacht chun cúraimí nua ar leith a fhoghlaim, leibhéal a neamhspleáchais agus a hinscálaitheachta, na huirlisí a bhfuil rochtain aici orthu;
f)
tai, ar jis daro didelį poveikį vidaus rinkai dėl jo aprėpties, kuri preziumuojama, kai modelis pateikiamas bent 10 000 Sąjungoje įsisteigusių registruotų verslo klientų;
(f)
an bhfuil tionchar mór aici ar an margadh inmheánach mar gheall ar a rochtain, rud a thoimhdeofar nuair a bheidh sí curtha ar fáil do 10 000 úsáideoir gnó cláraithe ar a laghad atá bunaithe san Aontas;
g)
registruotų galutinių naudotojų skaičių.
(g)
líon na n-úsáideoirí deiridh cláraithe.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1689/oj
ISSN 1977-0723 (electronic edition)
ISSN 1977-0839 (electronic edition)